Neamhagóid i dtaobh gníomh tarmligthe: réamhtheachtaí an druga [2- (3,4-meitiléin dé-ocsaifeinil)aicéitil]malónáit (IMDPAM) agus substaintí eile a áireamh i liosta na substaintí sceidealaithe
84k
42k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa gan aon agóidí a dhéanamh i gcoinne rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 273/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 111/2005 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le réamhtheachtaí an druga Iseapróipilidín (2-(3,4-meitiléine-ocsafheinile)aicéitil)malónáit (IMDPAM) agus substaintí eile a áireamh ar an liosta substaintí sceidealaithe(C(2024)01219 - 2024/2606(DEA))
Leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte maidir le hoiliúint faoi choinbhleacht agus ciapadh a chosc san ionad oibre agus faoi dhea-bhainistiú oifige
131k
44k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar leasuithe ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a bhaineann le hoiliúint faoi choinbhleacht agus ciapadh a chosc san ionad oibre agus faoi dhea-bhainistiú oifige (2024/2006(REG))
– ag féachaint do Rialacha 236 agus 237 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0163/2024),
1. á chinneadh a cuid Rialacha Nós Imeachta a leasú de réir mar a léirítear anseo thíos;
2. á chinneadh go dtiocfaidh na leasuithe seo i bhfeidhm an 16 Iúil 2024;
3. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh, le haghaidh faisnéise, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
An téacs atá ann
Leasú
Leasú 1 Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa Riail 10 – mír 6 – fomhír 2
Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige de chuid na Parlaiminte ná de cheann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach, más rud é nach mbeidh an dearbhú a bhaineann leis an gCód sin sínithe acu.
Ní fhéadfar Feisirí a thoghadh mar shealbhóirí oifige na Parlaiminte ná ceann dá chomhlachtaí, ná ní fhéadfar iad a cheapadh mar Rapóirtéir, ná a bheith rannpháirteach i dtoscaireacht oifigiúil nó i gcaibidlíocht idirinstitiúideach:
(a) más rud é nach bhfuil an dearbhú sínithe acu lena ndeimhnítear go bhfuil siad tiomanta an Cód sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear an oiliúint speisialaithe a d’eagraigh Parlaimint na hEorpa dóibh a chur i gcrích maidir le coinbhleacht agus ciapadh a chosc san ionad oibre agus maidir le dea-bhainistíocht oifige; nó
(b) más rud é nach bhfuil an oiliúint speisialaithe dá dtagraítear i bpointe (a) curtha i gcrích acu, de shárú ar an spriocdháta agus ar na coinníollacha a leagtar síos sa Chód sin.
Leasuithe 4 agus 10 Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa Riail 176 – mír 1 – fomhír 3
I ndáil le Riail 10 (6), ní fhéadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo ach amháin tar éis é a bheith suite gur tharla ciapadh i gcomhréir leis an nós imeachta riaracháin inmheánach maidir le ciapadh agus maidir lena chosc.
I ndáil le Riail 10 (6), maidir leisan toirmeasc ar aon chineál ciaptha shíceolaíoch nó gnéis a leagtar síos sachéad fhomhír den mhír sin, ní fhéadfaidh an tUachtarán cinneadh réasúnaithe a ghlacadh faoin Riail seo ach amháin tar éis a shuíomh gur tharla ciapadh i gcomhréir leis an nós imeachta riaracháin inmheánach is infheidhme maidir le ciapadh agus maidir lena chosc.
Leasú 6 Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa Iarscríbhinn II – pointe 5
5. I gcás inar gá, comhoibreoidh Feisirí go pras agus go hiomlán leis na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun staideanna coimhlinte nó ciaptha (síceolaíoch nó gnéasach) a láimhseáil, lena n-áirítear freagairt go pras d'aon líomhaintí maidir le ciapadh. Ba cheart d’Fheisirí páirt a ghlacadh i gcúrsaí oiliúna speisialaithe a eagraítear dóibh a phléann le coimhlint agus ciapadh a chosc san áit oibre agus le dea-bhainistiú oifige.
5. I gcás inar gá, comhoibreoidh na Feisirí i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos ag an mBiúró, atá i bhfeidhm d’fhonn staideanna coimhlinte nó ciaptha (síceolaíoch nó gnéasach) a láimhseáil, lena n-áirítear trí fhreagairt go pras d’aon líomhaintí maidir le ciapadh.
Glacfaidh feisirí, nach bhfuil sin déanta acu cheana féin, páirt i gcúrsaí oiliúna speisialaithe arna heagrú dóibh ag Parlaimint na hEorpa maidir le coimhlint agus ciapadh a chosc san áit oibre agus maidir le dea-bhainistíocht oifige. Cuirfear an oiliúint sin i gcrích laistigh den chéad sé mhí de théarma oifige an Fheisire ach amháin i gcásanna eisceachtúla cuí-réasúnaithe. Foilseofar teastais na bhFeisirí maidir le críochnú na hoiliúna sin ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte.
Agóid i dtaobh gníomh tarmligthe: Bianna Núíosacha - an sainmhíniú ar 'nana-ábhair a bhfuil innealtóireacht déanta orthu'
83k
42k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir le rialachán tarmligthe ón gCoimisiún an 14 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar ‘nana-ábhair a bhfuil innealtóireacht déanta orthu’ (C(2024)01612 – 2024/2691(DEA))
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1153 agus Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 1315/2013 (COM(2021)0812 – C9-0472/2021 – 2021/0420(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0812) agus an togra leasaithe (COM(2022)0384),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0472/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Seanad na Fraince, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Deireadh Fómhair 2021 (1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 11 Deireadh Fómhair 2022(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 9 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0147/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/1153 agus (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1679.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (COM(2022)0677 – C9-0400/2022 – 2022/0396(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0677),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0400/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2023(1),
– ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Seanad na Fraince, Teach Teachtaí na hIodáile agus Seanad na hIodáile, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Thalmhaíocht,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0319/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/40.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (athmhúnlú) (COM(2022)0542 – C9-0364/2022 – 2022/0347(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0542),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0364/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Feabhra 2023(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Iúil 2023(2),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha den teicníc um athmhúnlú maidir le ghníomhartha dlí(3),
– ag féachaint don litir dar dáta an 27 Meitheamh 2023 a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 110 agus 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0233/2023),
A. de bhrí, de réir Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(4), agus aird á tabhairt ar na moltaí ó Mheitheal Chomhairleach sheirbhísí dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (athmhúnlú)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/2881.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear ionstraim éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (COM(2022)0459 – C9-0315/2022 – 2022/0278(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0459),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 114, 21 agus 46 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0315/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2022(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 8 Feabhra 2023(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0246/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat beart a bhaineann le héigeandáil sa mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht an mhargaidh inmheánaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle (Gníomh um Éigeandálaí sa Mhargadh Inmheánach agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/ 2747.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426, (AE) 2019/1009 agus (AE) Uimh. 305/2011 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh an mheasúnaithe comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa Mhargaidh Aonair (COM(2022)0461 – C9-0314/2022 – 2022/0279(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0461),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0314/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2022(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 8 Feabhra 2023(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0244/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 305/2011, (AE) 2016/424, (AE) 2016/425, (AE) 2016/426, (AE) 2023/988 agus (AE) 2023/1230 a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh an mheasúnaithe comhréireachta, toimhde chomhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/2748.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2013/29/AE, 2014/28/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/31/AE, 2014/32/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh measúnú comhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa Mhargadh Aonair (COM(2022)0462 – C9-0313/2022 – 2022/0280(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0462),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 91 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0313/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2022(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 8 Feabhra 2023(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0245/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2000/14/CE, 2006/42/CE, 2010/35/AE, 2014/29/AE, 2014/30/AE, 2014/33/AE, 2014/34/AE, 2014/35/AE, 2014/53/AE agus 2014/68/AE a mhéid a bhaineann le nósanna imeachta éigeandála le haghaidh measúnú comhréireachta, toimhde chomhréireachta, glacadh sonraíochtaí coiteanna agus faireachas margaidh i ngeall ar éigeandáil sa mhargadh inmheánach
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/2749.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais i dtaca leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (COM(2021)0891 – C9-0473/2021 – 2021/0428(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0891),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 77(2), pointí (b) agus (e), agus d’Airteagal 79(2), pointe (c), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0473/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Bealtaine 2022(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 12 Deireadh Fómhair 2022(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0280/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. ag iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/399 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1717.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (COM(2023)0126 – C9-0034/2023 – 2023/0052(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0126),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 91(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0034/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2023(1),
– tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0396/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/413 lena n-éascaítear malartú trasteorann faisnéise faoi chionta tráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/3237.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plandaí a fhaightear trí theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 (COM(2023)0411 – C9-0238/2023 – 2023/0226(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0411),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 43(2), d’Airteagal 114 agus d’Airteagal 168(4)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0238/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Cipire agus Parlaimint na hUngáire, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 26 Deireadh Fómhair 2023(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 17 Aibreán 2024(2),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0014/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(3);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plandaí a fhaightear trí theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 agus Treoir 98/44/CE [Leasú 292]
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 43, 114 agus 168(4)(b) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Ó 2001, nuair a glacadh Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((4)), maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe (OGManna) isteach sa chomhshaol sa chomhshaol, d’fhág dul chun cinn suntasach sa bhith‑theicneolaíocht gur forbraíodh teicnící géanómaíocha nua (TGNanna), go nótáilte teicnící modhnaithe géanóim lena gcumasaítear athruithe a dhéanamh ar an ngéanóm ag suíomhanna beachta. Chuir an dul chun cinn mór san innealtóireacht ghéiniteach cheana féin leis an úsáid fhorleathan a bhaintear as roghnú marcóirchuidithe, rud a fhágann gur féidir géinte suimiúla atá i láthair sa bhithéagsúlacht a shainaithint agus a shlógadh. [Leasú 1]
(1a) D’fhéadfadh an fhéidearthacht teicnící géanómaíocha nua a phaitinniú agus torthaí a n-úsáide cur le ceannas na gcuideachtaí ilnáisiúnta síl i gcomparáid le rochtain feirmeoirí ar shíolta. I gcomhthéacs ina bhfuil monaplacht ag cuideachtaí móra cheana féin ar shíolta agus ina bhfuil méadú ag teacht ar an rialú a dhéanann siad ar acmhainní nádúrtha, bhainfeadh cás den sórt sin an tsaoirse gníomhaíochta ar fad d’fheirmeoirí trí iad a dhéanamh spleách ar chuideachtaí príobháideacha. Ar an gcúis sin, tá sé ríthábhachtach cosc a chur ar phaitinní ar na táirgí sin. [Leasú 167]
(2) Is éard is TGNanna ann grúpa éagsúil de theicnící géanómaíocha, agus is féidir gach ceann díobh a úsáid ar bhealaí éagsúla chun torthaí agus táirgí difriúla a bhaint amach. D’fhéadfadh orgánaigh eascairt astu ina bhfuil modhnuithe atá coibhéiseach leis an méid is féidir a fháil trí ghnáthmhodhanna pórúcháin nó in orgánaigh ina bhfuil modhnuithe níos casta. I measc TGNanna, tugann an só‑ghineas spriocdhírithe agus an cisgineas (lena n‑áirítear an t‑inghineas) géinmhodhnuithe gan ábhar géiniteach ó speicis neamh‑intrasnaitheneamh-intrasnaithe a ionsá (trasghineas). Is ar linn géinte na bpóraitheoirí a bhraitheann na teicnící sin, agus uirthi sin amháin, i.e. an fhaisnéis ghéiniteach iomlán atá ar fáil le haghaidh an ghnáthphórúcháin lena n‑áirítear faisnéis ghéiniteach ó speicis plandaí a bhfuil gaol i bhfad amach eatarthu agus ar féidir iad a chrosphórú le teicnící pórúcháin ardfhorbartha. Tarlaíonn modhnú/modhnuithe ar an seicheamh DNA ag suíomhanna beachtaspriocdhírithe i ngéanóm orgánaigh de thoradh teicnící só‑ghinis spriocdhírithe. De thoradh teicnící cisginis, ionsáitear, i ngéanóm orgánaigh, ábhar géiniteach atá i linn géinte na bpóraitheoirí cheana féin. Is éard is inghineas ann fothacar den chisgineas a fhágann go n‑ionsáitear sa ghéanóm cóip atheagraithe d’ábhar géiniteach atá comhdhéanta de dhá sheicheamh DNA nó níos mó atá i linn géinte na bpóraitheoirí cheana féin. [Leasú 2]
(3) Tá taighde poiblí agus príobháideach ar siúl go leanúnach ar TGNanna a úsáid a raon níos leithne de bharra agus de thréithe i gcomparáid leis na barra agus leis na tréithe sin a fhaightear trí theicnící trasghéineacha a údaraítear san Aontas nó ar bhonn domhanda ((5)). Áirítear leis sin plandaí ag a bhfuil lamháltas nó frithsheasmhacht fheabhsaithe in aghaidh galair phlandaíplandaí agus lotnaidí, plandaí ag a bhfuil lamháltas in aghaidh luibhicídí, plandaí ag a bhfuil lamháltas nó frithsheasmhacht fheabhsaithe in aghaidh éifeachtaí an athraithe aeráide agus struis chomhshaoil, éifeachtúlacht fheabhsaithe ó thaobh na gcothaitheach agus na húsáide uisce, plandaí ag a bhfuil táirgeachtaí agus frithsheasmhacht níos airde agus saintréithe cáilíochta feabhsaithe. Leis na cineálacha plandaí nua sin, in éineacht le hinfheidhmeacht measartha éasca agus tapa na dteicnící nua sin, d’fhéadfaí tairbhí a sholáthar d’fheirmeoirí, do thomhaltóirí agus don chomhshaol.Dá réir sin, tá an acmhainneacht ag TGNanna rannchuidiú le spriocanna nuálaíochta agus inbhuanaitheachta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ((6)) agus na Straitéisí ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ ((7)), na Bithéagsúlachta ((8)) agus um an Oiriúnú don Athrú Aeráide ((9)), leis an tslándáil bia dhomhanda ((10)), leis an Straitéis Bhithgheilleagair ((11)) agus le huathriail straitéiseach an Aontais ((12)). [Leasú 3]
(4) Scaoileadh réamhbheartaithe na n‑orgánach sa chomhshaol, ar orgánaigh iad a fhaightear trí TGNanna, lena n‑áirítear táirgí ina bhfuil n atá comhdhéanta de na horgánaigh sin, mar aon le bia agus beatha a tháirgtear as na horgánaigh sin a chur ar an margadh, tá sé faoi réir Threoir 2001/18/CE agus, Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003((13)) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus, i gcás an bhia agus na beatha, faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 freisin ((14)), agus tá úsáid shrianta cealla plandaí faoi réir Threoir 2009/1/CE, agus gluaiseachtaí trasteorann de phlandaí TGN faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 (‘Reachtaíocht OGM an Aontais’).
(5) Ina breithiúnas i gcás C-528/16 Confédération paysanne agus Eile(15) chinn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gurbh amhlaidh maidir le OGManna a fhaightear trí bhíthin teicnící/modhanna nua só‑ghinis a tháinig chun cinn nó ar forbraíodh a bhformhór ó glacadh an Treoir 2001/18/CE, nárbh fhéidir a mheas go raibh siad eisiata ó raon feidhme na Treorach sin.
(6) D’iarr an Chomhairle, i gCinneadh (AE) 2019/1904(16) ar an gCoimisiún staidéar a chur isteach, faoin 30 Aibreán 2021, i bhfianaise an bhreithiúnais sin maidir le stádas na dteicnící núíosacha géanómaíocha faoi dhlí an Aontais, mar aon le togra (a mbeidh measúnú tionchair ag gabháil leis), más iomchuí, ag brath ar chonclúidí an staidéir.
(7) Leis an staidéar de chuid an Choimisiúin maidir le teicnící géanómaíocha nua ((17)), thángthas ar an gconclúid nach bhfuil reachtaíocht OGM an Aontais oiriúnach chun scaoileadh réamhbheartaithe na bplandaí a fhaightear le TGNanna áirithe a rialáil, ná rialáil a dhéanamh ar tháirgí gaolmhara lena n‑áirítear bia agus beatha a chuirtear ar an margadh. Go háirithe, ba é an chonclúid ar ar thángthas sa staidéar nach bhfuil an nós imeachta um údarú ná na ceanglais maidir le measúnú riosca le haghaidh OGManna faoi reachtaíocht an Aontais maidir le OGM oiriúnaithe d’éagsúlacht na n‑orgánach agus na dtáirgí féideartha is féidir a fháil trí TGNanna áirithe, mar atá, an só‑ghineas spriocdhírithe agus an cisgineas (lena n‑áirítear an t‑inghineas), agus gur féidir leis na ceanglais sin a bheith díréireach nó neamhdhóthanach. Léirigh an staidéar gurb amhlaidh é sin go háirithe i gcás plandaí a fhaightear trí na teicnící sin, i bhfianaise an mhéid fianaise eolaíche atá ar fáil cheana féin, go háirithe maidir le sábháilteacht na bplandaí sin. Thairis sin is deacair reachtaíocht an Aontais maidir le OGM a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú le haghaidh plandaí a fhaightear trí shó‑ghineas spriocdhírithe agus trí chisgineas agus le haghaidh táirgí gaolmhara. I gcásanna áirithe, ní féidir géinmhodhnuithe a thugtar isteach leis na teicnící sin a idirdhealú le modhanna anailíse ó mhodhnuithe nádúrtha nó ó ghéinmhodhnuithe a thugtar isteach le gnáth‑theicnící pórúcháin, ach is indéanta an t‑idirdhealú i gcoitinne le haghaidh géinmhodhnuithe a thugtar isteach leis an trasghineas. Ní fabhrach í reachtaíocht an Aontais maidir le OGM d’fhorbairt táirgí tairbhiúla agus nuálacha ach oiread, ar táirgí iad a d’fhéadfadh rannchuidiú leis an inbhuanaitheacht, leis an tslándáil bia agus le hathléimneacht an tslabhra agraibhia.
(8) Dá bhrí sin, is gá creat dlíthiúil sonrach a ghlacadh le haghaidh OGManna a fhaightear trí shó‑ghineas spriocdhírithe agus cisgineas agus le haghaidh táirgí gaolmhara i gcás ina scaoiltear iad sa chomhshaol ar bhonn réamhbheartaithe nó i gcás ina gcuirtear ar an margadh iad.
(9) De réir an eolais theicniúil agus eolaíoch atá ann faoi láthair, go háirithe maidir le gnéithe sábháilteachta, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach amháin maidir le OGManna ar plandaí iad, i.e. orgánaigh sna grúpaí tacsanomaíocha Archaeplastida nó Phaeophyceae. Ba cheart go ndéanfaí athbhreithniú ar an eolas atá ar fáil faoi orgánaigh eile, amhail, seachas miocrorgánaigh, fungais náagus ainmhithe dá bhfuil an t‑eolas atá ar fáil níos teoranta., d’fhonn tionscnaimh reachtacha ina leith amach anseo Ar an gcúis chéanna, níor cheart a chumhdach leis an Rialachán seo ach plandaí a fhaightear le TGNanna áirithe: an só‑ghineas spriocdhírithe agus an cisgineas (lena n‑áirítear an t‑inghineas) (dá ngairtear ‘plandaí TGN’ anseo feasta), ach gan plandaí a fhaightear le teicnící géanómaíocha nua eile a chumhdach. Níl ábhar géiniteach ó speicis neamh‑intrasnaithe sna plandaí TGN sin. OGManna a tháirgtear trí theicnící géanómaíocha nua eile lena dtugtar ábhar géiniteach ó speiceas neamh‑intrasnaithe isteach in ábhar géiniteach orgánaigh ó (trasghineas), ba cheart gan iad a bheith faoi réir ach reachtaíocht an Aontais maidir le OGM agus faoina réir sin amháin, i bhfianaise go bhféadfadh rioscaí sonracha a bhaineann leis an trasghineas a bheith sna plandaí a bheadh ann de thoradh na dteicnící sin. Thairis sin, níl aon léiriú ann gur gá na ceanglais, atá i bhfeidhm faoi láthair i reachtaíocht an Aontais maidir le OGM le haghaidh OGManna a fhaightear trí thrasghineas, a oiriúnú faoi láthair.[Leasú 5]
(10) Agus lánaird á tabhairt ar phrionsabal an réamhchúraim, ba cheart cuspóirí reachtaíocht an Aontais maidir le OGM a bheith sa chreat dlíthiúil le haghaidh plandaí TGN freisin, chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine agus ainmhithe agus don chomhshaol agus chun dea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú le haghaidh na bplandaí agus na dtáirgí lena mbaineann, agus aghaidh á tabhairt ar shainiúlacht phlandaíplandaí TGN an tráth céanna. Leis an gcreat dlíthiúil seo, plandaí, bia agus beatha, arb iad plandaí, bia agus beatha ina bhfuil, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as plandaí TGN agus as táirgí eile ina bhfuil nó atá comhdhéanta de phlandaí TGN (‘táirgí TGN’), ba cheart forbairt agus cur na bplandaí, an bhia agus na beatha sin ar an margadh a chumasú chun rannchuidiú le cuspóirí nuálaíochta agus inbhuanaitheachta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na straitéisí ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, na Bithéagsúlachta agus um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus chun feabhas a chur ar iomaíochas earnáil agraibhia an Aontais ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda. [Leasú 6]
(11) Tá an Rialachán seo ina lex specialis maidir le reachtaíocht an Aontais maidir le OGM. Tugtar forálacha sonracha isteach leis le haghaidh plandaí TGN agus táirgí TGN. Mar sin féin, i gcás nach bhfuil aon riail shonrach sa Rialachán seo, ba cheart plandaí agus táirgí TGN (lena n‑áirítear bia agus beatha) a fhaightear díobh a bheith fós faoi réir cheanglais reachtaíocht an Aontais maidir le OGM agus na rialacha maidir le OGManna i reachtaíocht earnálach, amhail Rialachán (AE) 2017/625 maidir le rialuithe oifigiúla nó na reachtaíochta maidir le táirgí áirithe amhail ábhar atáirgthe plandaí agus foraoise. [Leasú 7]
(12) Bíonn rioscaí féideartha éagsúla i gceist le plandaí TGN, idir phróifílí riosca atá cosúil le plandaí a ndéantar iad a phórú mar is gnách agus chineálacha agus mhéideanna guaiseacha agus rioscaí a d’fhéadfadh a bheith cosúil leis na guaiseacha agus leis na rioscaí sin a bhaineann leis na plandaí a fhaightear trí thrasghineas. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha speisialta a leagan síos leis an Rialachán seo chun an measúnú riosca agus na ceanglais maidir le bainistíocht riosca a choigeartú de réir na rioscaí féideartha, nó easpa na rioscaí sin, a bhaineann le plandaí TGN agus le táirgí TGN.
(13) Ba cheart idirdhealú a dhéanamh leis an Rialachán seo idir dhá chatagóir de phlandaí TGN.
(13a) Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar phlandaí TGN a bhfuil an acmhainneacht acu leanúint ar marthain, atáirgeadh nó leathadh sa chomhshaol, laistigh nó lasmuigh de ghoirt, leis an leibhéal grinnscrúdaithe is airde i ndáil leis an tionchar atá ag na plandaí sin ar an dúlra agus ar an gcomhshaol. [Leasú 8]
(14) Plandaí TGN a d’fhéadfaí a fháil go nádúrtha nó a tháirgeadh trí ghnáth‑theicnící pórúcháin agus a sliocht a fhaightear trí ghnáth‑theicnící pórúcháinsíolrach (‘Plandaí TGN de chatagóir 1’), ba cheart iad a láimhseáil mar phlandaí a fuarthas go nádúrtha nó a táirgeadh trí ghnáth‑theicnící pórúcháin, i bhfianaise go mbíonn siad coibhéiseach agus go mbíonn a rioscaí inchomparáide, rud a bheidh ina mhaolú iomlán ar reachtaíocht an Aontais maidir le OGM agus óar cheanglais ghaolmhara maidir le OGM i reachtaíocht earnálach. Chun an deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart na critéir a leagan amach leis an Rialachán seo chun fionnadh má tá planda TGN coibhéiseach le plandaí a fhaightear go nádúrtha nó a phóraítear mar is gnáth agus nós imeachta a leagan síos le haghaidh údaráis inniúla chun comhlíonadh na gcritéar sin a fhíorú agus cinneadh a dhéanamh ina leith, sular scaoilfear nó sula gcuirfear plandaí TGN nó táirgí TGN ar an margadh. Ba cheart na critéir sin a bheith oibiachtúil agus bunaithe ar an eolaíocht. Ba cheart cineál agus fairsinge na ngéinmhodhnuithe, is féidir a fheiceáil sa dúlra nó in orgánaigh a fhaightear le gnáth‑theicnící pórúcháin, a chumhdach leis na critéir sin agus ba cheart tairseacha a áireamh leo le haghaidh idir mhéid agus líon na ngéinmhodhnuithe ar ghéanóim phlandaíplandaí TGN. Ós rud é go dtagann forbairt mhear ar an eolas teicniúil agus eolaíoch sa réimse sin, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun na critéir sin a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch a mhéid a bhaineann le cineál agus le fairsinge na ngéinmhodhnuithe is féidir a fháil sa dúlra nó tríd an ngnáthphórú. [Leasú 9]
(14a) Agus an chastacht mhór a bhaineann le géanóim plandaí á cur san áireamh, ba cheart éagsúlacht mhéid géanómaíoch na bplandaí agus a saintréithe a léiriú sna critéir chun a mheas go bhfuil planda TGN coibhéiseach le plandaí a fhaightear go nádúrtha nó a phóraítear mar is gnáth. Tá níos mó ná dhá chrómasóim homalógacha i bplandaí polaplóideacha. Laistigh den chatagóir sin de phlandaí polaplóideacha, tá 4, 6 agus 8 dtacar crómasóm ag teitreaplóideach, heicseaplóideach, agus octaplóideach faoi seach. Is gnách go mbíonn líon níos mó géinmhodhnuithe ar phlandaí polaplóideacha i gcomparáid le plandaí monaplóideacha. Ar na cúiseanna sin, ba cheart go léireodh aon teorainn ar líon iomlán na modhnuithe aonair in aghaidh an phlanda líon na dtacar crómasóm i bplanda (‘ploideacht’). [Leasú 10]
(15) Na plandaí TGN uile nach plandaí de chatagóir 1 iad (‘plandaí TGN de chatagóir 2’), ba cheart iad a bheith fós faoi réir cheanglais reachtaíocht an Aontais maidir le OGM toisc go bhfuil tacair níos casta de mhodhnuithe ar an ngéanóm acu.
(16) Níor cheart plandaí agus táirgí TGN de Chatagóir 1 a bheith faoi réir rialacha agus cheanglais reachtaíocht an Aontais maidir le OGM ná faoi fhorálacha i reachtaíocht eile an Aontais ag a bhfuil feidhm maidir le OGManna. Ar mhaithe leis an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh oibreoirí agus leis an trédhearcacht, ba cheart dearbhú maidir le stádas phlanda TGN de chatagóir 1 a fháil roimh an scaoileadh réamhbheartaithe, agus cur an phlanda ar an margadh san áireamh.
(17) Ba cheart an dearbhú sin a fháil sula scaoilfear aon phlanda TGN de chatagóir 1 ar bhonn réamhbheartaithe chun aon chríche eile seachas lena chur ar an margadh, amhail le haghaidh trialacha allamuigh atá le tarlú i gcríoch an Aontais, ós rud é go mbíonn na critéir bunaithe ar shonraí a bhíonn ar fáil roimh na trialacha allamuigh agus nach mbraitheann siad ar na trialacha allamuigh sin. I gcás nach bhfuil aon triail allamuigh le tarlú i gcríoch an Aontais, ba cheart d’oibreoirí an dearbhú sin a fháil sula gcuirfear táirge TGN de chatagóir 1 ar an margadh.
(18) Ós rud é go bhfuil na critéir, chun a mheas go bhfuil planda TGN coibhéiseach le plandaí a fhaightear go nádúrtha nó a phóraítear mar is gnáth, neamhghaolmhar leis an gcineál gníomhaíochta lena bhfágtar gur gá scaoileadh réamhbheartaithe an phlanda TGN, ba cheart dearbhú maidir le stádas phlandaplanda TGN de chatagóir 1, a dhéantar sula scaoilfear ar bhonnroimh scaoileadh réamhbheartaithe chun aon chríche eile é seachas lena chur ar an margadh i gcríoch an Aontais, ba cheart an dearbhú sin a bheith bailí freisin chun táirgí TGN gaolmhara a chur ar an margadh. I bhfianaise mhéid na neamhchinnteachta a bhíonn ann tráth na trialach allamuigh faoi cé acu a bhainfidh an táirge an margadh amach nó nach mbainfidh agus faoi rannpháirtíocht dhóchúil na n‑oibreoirín-oibreoirí beaga i scaoileadh den sórt sin, maidir leis an nós imeachta um stádas phlandaplanda TGN de chatagóir 1 a fhíorú roimh thrialacha allamuigh, ba cheart d’údaráis náisiúnta inniúla an nós imeachta sin a dhéanamh toisc gur lú an t‑ualach riaracháin a bheadh i gceist leis sin le haghaidh oibreoirí, agus ba cheart cinneadh a dhéanamh ar leibhéal an Aontais amháin i gcás ina mbeidh barúlacha ag gabháil leis an tuarascáil fíorúcháin ó údaráis náisiúnta inniúla eile. I gcás ina gcuirfear an iarraidh ar fhíorú isteach sular gcuirfear táirgí TGN ar an margadh, agus má tá agóidí réasúnaithe ag Ballstáit eile, ba cheart an nós imeachta a dhéanamh ar leibhéal an Aontaisi gcomhairle leis an gCoimisiún agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) chun éifeachtacht an nós imeachta um fhíorú agus comhsheasmhacht na ndearbhuithe maidir le stádas phlandaplanda TGN de chatagóir 1 a áirithiú. [Leasú 11]
(18a) Chun cineálacha nua a roghnú go héifeachtach a chuideoidh le hearnáil na talmhaíochta cur leis an tslándáil bia, chomh maith leis an inbhuanaitheacht, an t-oiriúnú agus an athléimneacht i dtaca le hiarmhairtí an athraithe aeráide, is gá breithniú a dhéanamh ar shainiúlacht plandaí polaplóideacha, ar plandaí iad ina bhfuil níos mó ná dhá ghéanóm. I gcás plandaí den sórt sin, ba cheart an t-uaslíon géinmhodhnuithe a cheadaítear a chur san áireamh i gcatagóir 1 TGN a bheith comhréireach le líon na ngéanóm atá iontu. [Leasú 12]
(19) Ba cheart údaráis inniúla na mBallstát, an Coimisiún agus an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) a bheith faoi réir sprioc‑amanna dochtasprioc-amanna iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar dearbhuithe maidir le stádas phlandaplanda TGN de chatagóir 1 laistigh de thréimhse réasúnach. [Leasú 13]
(20) Rud teicniúil a bhíonn i gceist le stádas phlanda TGN de chatagóir 1 a fhíorú agus ní bhíonn aon mheasúnú riosca ná aon bhreithniú maidir le bainistíocht riosca i gceist leis agus ní bhíonn sa chinneadh maidir leis an stádas ach de chineál dearbhaithe. Dá bhrí sin, i gcás ina ndéantar an nós imeachta ar leibhéal an Aontais, ba cheart na cinntí cur chun feidhme sin a ghlacadh leis an nós imeachta comhairleach, agus cúnamh teicniúil agus eolaíoch an Údaráis ag tacú leis.
(21) Cinntí a dhearbhóidh stádas phlandaplanda TGN de chatagóir 1, ba cheart uimhir aitheantais a shannadh leo don phlanda TGN lena mbaineann chun trédhearcacht agus inrianaitheacht na bplandaí sin a áirithiú nuair a liostaítear sa bhunachar sonraí iad. Ba cheart go n-áiritheofaí san fhaisnéis a liostófar faisnéis ar an teicníc/na teicnící arna húsáid/arna n-úsáid chun an tréith/na tréithe a fháil. [Leasú 14] agus chun ábhar atáirgthe plandaí a dhíorthaítear díobh a lipéadú. [Leasú 14}
(22) Ba cheart plandaí TGN de Chatagóir 1 a bheith fós faoi réir aon chreat rialála a bhfuil feidhm aige maidir le plandaí a phóraítear mar is gnáth. Mar is amhlaidh le haghaidh gnáth‑phlandaí agus gnáth‑tháirgí, beidh na plandaí TGN sin agus a dtáirgí faoi réir na reachtaíochta earnálaí is infheidhme maidir le síol agus le hábhar atáirgthe plandaí eile, bia, beatha agus táirgí eile, agus creataí cothrománacha, amhail an reachtaíocht maidir le caomhnú an dúlra agus le dliteanas comhshaoil. Maidir leis sin, bia TGN de chatagóir 1 a bhfuil comhdhéanamh nó struchtúr atá athraithe go suntasach aige agus a dhéanann difear don luach cothaitheach, meitibileacht nó leibhéal shubstaintí neamh‑inmhianaithe an bhia, measfar gur bia núíosach atá ann agus go dtagann sé faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((18)) dá réir agus déanfar measúnú riosca sa chomhthéacs sin air.
(23) Le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle ((19)) toirmeasctar úsáid OGManna agus táirgí ó OGManna agus arna ndéanamh de OGManna sa táirgeadh orgánach. Sainmhíníonn sé OGManna chun críocha an Rialacháin sin faoi threoirtrí thagairt do Threoir 2001/18/CE, lena ndéantar OGManna, a fuarthas trí na teicnící géinmhodhnaithe a liostaítear in Iarscríbhinn 1.B de Threoir 2001/18/CE, a eisiamh ón toirmeasc. Dá thoradh sin, toirmeascfartoirmiscfear plandaí TGN de chatagóir 2 sa táirgeadh orgánach. Mar sin féin, is gá stádas phlandaíplandaí TGN de chatagóir 1 a shoiléiriú chun críoch táirgeadh orgánach. TáFaoi láthair, ní mór tuilleadh breithnithe a dhéanamh ar chomhoiriúnacht úsáid na dteicnícíteicnící géanómaíocha nua ar neamhréir faoi láthair le coincheaple prionsabail an táirgthe orgánaigh atá i Rialachán (CE) 2018/848 agus le dearcadh na dtomhaltóirí ar tháirgí orgánacha.. Ba cheart, dá bhrí sin, ba cheart úsáid plandaítoirmeasc a chur ar phlandaí TGN de chatagóir 1 a thoirmeasc sa táirgeadhúsáid i dtáirgeadh orgánach, go dtí go ndéanfar a thuilleadh breithnithe freisin. [Leasú 15]
(24) Ba cheart foráil a dhéanamh chun an trédhearcacht a áirithiú a mhéid a bhaineann le húsáid cineálacha plandaí TGN de chatagóir 1, chun a áirithiú gur féidir le slabhraí táirgeachta ar mian leo fanacht saor ó TGNanna déanamh amhlaidh, agus iontaoibh an tomhaltóra a choimirciú dá réir. Plandaí TGN a fuair dearbhú maidir le stádas phlandaplanda TGN de chatagóir 1, ba cheart iad a liostú i mbunachar sonraí a bheidh ar fáil go poiblí lena n-áirítear faisnéis maidir leis an teicníc nó na teicnící a úsáidtear chun an tréith nó na tréithe a fháil. Chun an inrianaitheacht, an trédhearcacht agus an rogha a áirithiú le haghaidh oibreoirí, le linn taighde agus pórú plandaí, i gcás ina mbeidh síol á dhíol le feirmeoirí nó ábhar atáirgthe plandaí á chur ar fáil do thríú páirtithe ar aon bhealach eile, ba cheart ábhar atáirgthe plandaí de phlandaí TGN de chatagóir 1 a lipéadú mar TGN de chatagóir 1. [Leasú 16]
(25) Ba cheart plandaí TGN de chatagóir 2 a bheith fós faoi réir cheanglais reachtaíocht an Aontais maidir le OGM i bhfianaise gur gá, ar bhonn an eolais theicniúil agus eolaíoch atá ann faoi láthair, measúnú a dhéanamh ar a rioscaí. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir le rialacha speisialta chun na nósanna imeachta agus rialacha áirithe eile a leagtar síos i dTreoir 2001/18/CE agus i Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 a oiriúnú do chineál sonrach phlandaí TGN de chatagóir 2 agus do na leibhéil dhifriúla riosca a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo.
(26) Plandaí agus táirgí TGN de chatagóir 2, chun iad a scaoileadh sa chomhshaol nó a chur ar an margadh, ba cheart iad a bheith fós faoi réir toiliú nó údarú i gcomhréir le Treoir 2001/18/CE nó le Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003. Mar sin féin, i bhfianaise éagsúlacht mhór na bplandaí TGN sin, beidh an méid faisnéise lena mbeidh gá le haghaidh an mheasúnaithe riosca éagsúil ar bhonn cás ar chás. Rinne an tÚdarás, ina thuairimí eolaíocha maidir le plandaí a fhorbraítear tríd an gcisgineas agus tríd an inghineas(20) agus maidir le plandaí a fhorbraítear tríd an só‑ghineas spriocdhírithe(21), an tsolúbthacht a mholadh sna ceanglais maidir le sonraí le haghaidh an mheasúnaithe riosca ar na plandaí sin. Bunaithe ar Criteria for risk assessment of plants produced by targeted mutagenesis, cisgenesis and intragenesis [Critéir maidir le measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí a tháirgtear trí shó‑ghineas spriocdhírithe, trí chisgineas agus trí inghineas] ón Údarás ((22)), breithnithe ar stair na húsáide sábháilte, cur amach ar an gcomhshaol agus feidhm agus struchtúr an tseichimh (na seicheamh) mhodhnaithe (modhnaithe)/ionsáite, ba cheart iad a bheith ina gcúnamh chun an cineál agus méid sonraí a chinneadh a mbeidh gá leo chun an measúnú riosca ar na plandaí TGN sin a fheidhmiú. Dá bhrí sin, is gá prionsabail agus critéir ghinearálta a leagan síos maidir leis an measúnú riosca ar na plandaí sin, agus foráil a dhéanamh maidir leis an tsolúbthacht agus leis an bhféidearthacht an tráth céanna chun modheolaíochtaí measúnúcháin riosca a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch.
(27) Ceanglais maidir le hinneachar na bhfógraí um thoiliú le táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de OGManna seachas bia nó beatha agus maidir le hinneachar na n‑iarratas ar údarú chun bia agus beatha ghéinmhodhnaithe a chur ar an margadh, leagtar síos i bpíosaí difriúla reachtaíochta iad. Chun an chomhsheasmhacht a áirithiú idir na fógraí um thoiliú agus iarratais ar údarú le haghaidh tháirgí TGN de chatagóir 2, ba cheart inneachar na bhfógraí agus na n‑iarratas sin a bheith mar an gcéanna, seachas na fógraí agus na hiarratais sin a bhaineann leis an measúnú ar shábháilteacht bhia agus bheatha toisc nach mbíonn siad sin ábhartha ach amháin do bhia agus do bheatha TGN de chatagóir 2.
(28) Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh um Bia agus Beatha Géinmhodhnaithe (EURL), i gcomhar le Líonra Eorpach na Saotharlann GMO (ENGL), tháinig siad ar an gconclúid nach meastar gurb indéanta an tástáil anailíse le haghaidh na dtáirgí uile a fhaightear trí shó‑ghineas spriocdhírithe agus trí chisgineas ((23)). I gcás nach mbainfidh na modhnuithe ar an ábhar géiniteach a thugtar isteach go sonrach leis an bplanda TGN atá i gceist, ní fhágann siad gur féidir an planda TGN a idirdhealú ó ghnáthphlandaí. I gcásanna nach indéanta modh anailíse a sholáthar lena ndéantar planda TGN a bhrath, a shainaithint agus a chainníochtú, má thugann an fógróir nó an t‑iarratasóir údar cuí leis, ba cheart na módúlachtaí, chun ceanglais maidir le modh anailíse a chomhlíonadh, a oiriúnú. Ba cheart é sin a dhéanamh sna gníomhartha cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le EURL, agus cúnamh á thabhairt ag ENGL di, chun treoraíocht a ghlacadh le haghaidh iarratasóirí i dtaca leis na híoscheanglais feidhmíochta maidir le modhanna anailíse. Féadfar módúlachtaí a oiriúnú freisin um bailíochtú modhanna a fheidhmiú.
(29) Le Treoir 2001/18/CE, ceanglaítear go mbeidh plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil OGManna ann tar éis scaoileadh réamhbheartaithe na n‑orgánachn-orgánach sin nó tar éis iad a chur ar an margadh ach déantar foráil léi maidir leis an tsolúbthacht ó thaobh dhearadh an phlean de, rud lena gcuirtear an measúnú riosca comhshaoil, saintréithe an orgánaigh ghéinmhodhnaitheOGM, an úsáid a bheartaítear dó agus an timpeallacht ghlactha san áireamh. Géinmhodhnuithe i bplandaí TGN de chatagóir 2, féadfaidh idir athruithe nach gá ach measúnú riosca teoranta a dhéanamh orthu a bheith i gceist leo agus athruithe casta a fhágann gur gá anailís níos críochnúla a dhéanamh ar na rioscaí féideartha. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglais maidir le faireachán iarmhargaidh i dtaca le héifeachtaí comhshaoil phlandaíplandaí TGN de chatagóir 2 a oiriúnú i bhfianaise an mheasúnaithe riosca chomhshaoilcomhshaoil agus na taithí i dtrialacha allamuigh, i bhfianaise shaintréithe an phlanda TGN lena mbaineann, i bhfianaise shaintréithe agus scála na húsáide a bheartaítear dó, go háirithe stair úsáid shábháilte an phlanda más ann di agus saintréithe na timpeallachta glactha. Dá bhrí sin, níorI bhfianaise phrionsabal an réamhchúraim, ba cheart é a bheith de cheangal plean faireacháin um éifeachtaí comhshaoil a bheith ann mura dócha go mbainfidhina cheangal i gcónaí nuair a thugtar toiliú den chéad uair. Níor cheart é a bheith indéanta an ceanglas maidir le faireachán a tharscaoileadh ach amháin ar athnuachan an toilithe, ar choinníoll go bhfuil sé léirithe nach bhfuil rioscaí le plandaag baint leis an bplanda TGN de chatagóir 2 isar gá faireachán a dhéanamh orthu, amhail éifeachtaí gan choinneindíreacha, moillithe nó indíreachagan choinne ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol. [Leasú 17]
(30) Ar chúiseanna na comhréireachta, tar éis don chéad athnuachan a bheith déanta ar an údarú, ba cheart an t‑údarú a bheith bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta, mura gcinntear a mhalairt tráth na hathnuachana sin de réir an mheasúnaithe riosca agus ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoin bplanda TGN lena mbaineann, faoi réir a athmheasúnaithe i gcás ina mbeidh fáil ar fhaisnéis nua.
(31) Ar chúiseanna na deimhneachta dlíthiúla agus an dea‑riaracháin, níor cheart síneadh a chur leis an amlíne don Údarás chun a thuairim a thabhairt maidir le hiarratas ar údarú ach amháin i gcás inar gá faisnéis bhreise chun an measúnú ar an iarratas a dhéanamh, agus níor cheart an síneadh a bheith níos faide ná an teorainn ama dá ndearnadh foráil maidir léi i dtosach báire ach amháin más rud é go bhfuil údar cuí leis i bhfianaise chineál na sonraí nó imthosca eisceachtúla.
(32) Chun an trédhearcacht agus an fhaisnéis do thomhaltóirí a mhéadú, lipéadú táirgí TGN de chatagóir 2 mar OGM, ba cheart a cheadú d’oibreoirí an lipéadú sin a chomhlánú le faisnéis faoin tréith a dtugann an géinmhodhnú dóibh. Chun léirithe míthreoracha nó mearbhlacha a sheachaint, ba cheart moladh le haghaidh lipéadú den sórt sin a sholáthar san fhógra um thoiliú nó san iarratas ar údarú agus ba cheart é a shonrú sa toiliú nó sa chinneadh maidir le húdarú.
(33) Ba cheart dreasachtaí rialála a thairiscint d’fhógróirí nó d’iarratasóirí féideartha le haghaidh plandaí agus táirgí TGN de chatagóir 2 ina bhfuil tréithe ag a bhfuil an acmhainneacht rannchuidiú le córas agraibhia inbhuanaithe, chun forbairt phlandaí TGN de chatagóir 2 a stiúradh i dtreo na dtréithe sin. Leis na critéir sin chun na dreasachtaí sin a spreagadh, ba cheart díriú ar chatagóirí leathana tréithe ag a bhfuil an acmhainneacht rannchuidiú leis an inbhuanaitheacht (amhail iad sin atá nasctha leis an lamháltas nó leis an bhfrithsheasmhacht in aghaidh struis bhitheacha agus aibitheacha, saintréithe cothaitheacha feabhsaithe nó táirgeacht mhéadaithe) agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar an rannchuidiú leis an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe mar a shainmhínítear in [Airteagal 52(1) den Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí san Aontas(24)]. Le hinfheidhmeacht na gcritéar ar fud an Aontais, ní cheadaítear sainmhíniú níos cúinge ar thréithe chun díriú ar shaincheisteanna sonracha nó chun aghaidh a thabhairt ar shainiúlachtaí áitiúla agus réigiúnacha.
(34) Is éard ba cheart a bheith i gceist le dreasachtaí nós imeachta brostaithe um measúnú riosca a mhéid a bhaineann le hiarratais arna láimhseáil le nós imeachta iomlán láraithe (táirgí bia agus beatha) agus comhairle réamhthíolactha bhreisithe chun cuidiú le forbróirí an sainchomhad a ullmhú chun críche na measúnuithe comhshaoil agus sábháilteachta bia agus beatha, gan difear a dhéanamh do na forálacha ginearálta maidir le comhairle réamhthíolactha, fógra um staidéir agus comhairliúchán le tríú páirtithe de bhun Airteagail 32a, 32b agus 32c de Rialachán (CE) 178/2002((25)).
(35) Ba cheart dreasachtaí breise a thabhairt i gcás inar fiontar beag nó meánmhéide (FBM) é an fógróir nó an t‑iarratasóir, chun rochtain ag na fiontair sin ar na nósanna imeachta rialúcháin a chur chun cinn, chun tacú le héagsúlú fhorbróirí phlandaí TGN agus chun forbairt na speiceas agus na dtréithe barr trí TGNanna ag póraitheoirí beaga a spreagadh, trí tharscaoileadh táillí a cheadú do FBManna chun na modhanna braite a bhailíochtú agus trí chomhairle réamhthíolactha níos fairsinge lena gcumhdófar dearadh na staidéar freisin atá le déanamh chun críche an mheasúnaithe riosca.
(36) Póraítear plandaí luibhicídfhulangacha d’aon turas chun bheith fulangach ar luibhicídí, chun iad a shaothrú i gcomhcheangal le húsáid na luibhicídí sin. Más rud é nach ndéantar an saothrú sin faoi choinníollachadhálaí iomchuí, d’fhéadfadh fiailí teacht chun cinn dá thoradh sin a bheadh frithsheasmhach in aghaidh na luibhicídí sin, nó an gá cainníochtaíatá le méadú ar chainníochtaí na luibhicídí a chuirtear i bhfeidhm a mhéadúbheith mar thoradh air, gan beann ar an teicníc phórúcháin. Ar an gcúis sin, níor cheart go dtiocfadh plandaí TGN ag a bhfuil tréithe luibhicídfhulangacha a bheith incháilithe do dhreasachtaí faoin gcreat seo. Mar sin féin, níor cheart bearta sonracha eile a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir lefaoi raon feidhme plandaí TGN luibhicídfhulangacha, toisc go ndéantar na bearta sin go cothrománach sa [Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí san Aontasde chatagóir 1. [Leasú 18].
(37) Chun plandaí TGN a chumasú chun rannchuidiú le cuspóirí inbhuanaitheachta an Chomhaontaithe Ghlais agus na Straitéisí ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus na Bithéagsúlachta, ba cheart saothrú na bplandaí TGN san Aontas a éascú. Éilíonn sé sin an intuarthacht le haghaidh póraitheoirí agus feirmeoirí a mhéid a bhaineann leis an bhféidearthacht na plandaí sin a shaothrú san Aontas. Dá bhrí sin, an fhéidearthacht go bhféadfadh na Ballstáit bearta a dhéanamh lena ndéanfaí saothrú phlandaí TGN de chatagóir 2 a shrianadh nó a thoirmeasc ina chríoch uile nó i gcuid di, rud a leagtar amach in Airteagal 26b de Threoir 2001/18/CE, dhéanfadh an fhéidearthacht sin dochar do na spriocanna sin. [Leasú 239].
(38) Na rialacha speisialta a leagtar síos sa Rialachán seo a bhaineann leis an nós imeachta um údarú le haghaidh plandaí TGN de chatagóir 2, tá coinne leis go saothrófar tuilleadh plandaí TGN de chatagóir 2 san Aontas dá dtoradh i gcomparáid leis an staid go dtí seo faoi reachtaíocht an Aontais maidir le OGM atá i bhfeidhm faoi láthair. Fágann sé sin gur gá d’údaráis phoiblí na mBallstát bearta cómhaireachtála a shainiú chun leasanna tháirgeoirí gnáthphlandaí, plandaí orgánacha agus géinathraithe a chothromú agus leis sin, rogha idir cineálacha táirgthe difriúla a cheadú do tháirgeoirí, i gcomhréir le sprioc na Straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ go mbeidh 25 % den talamh talmhaíochta faoin bhfeirmeoireacht orgánach faoi 2030.
(39) Chun an sprioc a bhaint amach maidir le dea‑fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú, ba cheartagus saorghluaiseacht plandaí TGN agus táirgí gaolmhara tairbhiú den tsaorghluaiseacht earraí, ar choinníoll go gcomhlíonann siad ceanglais dhlí eileTGN ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart scaoileadh réamhbheartaithe plandaí TGN agus cur ar an margadh táirgí TGN a bheith bunaithe ar na ceanglais chomhchuibhithe agus ar na nósanna imeachta comhchuibhithe a leagtar síos sa Rialachán seo, as a dtiocfaidh glacadh cinnidh a bheadh infheidhme go haonfhoirmeach maidir le gach Ballstát. [Leasú 20]
(40) I bhfianaise úrnuacht TGNanna, beidh sé tábhachtach dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorbairt phlandaí agus táirgí TGN agus ar a láithreacht ar an margadh agusna forbartha leanúnaí atá á déanamh ar theicnící géanómaíocha nua, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar aon tionchar a bheidh ag gabháil leo ar shláinte an duine agus ainmhithe, ar an gcomhshaol agus ar an inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta. Ba cheart faisnéis a bhailiú go tráthrialta agus laistigh de 5chúig bliana tar éis ghlacadh an chéad chinneadhchinnidh lena gceadófar scaoileadh réamhbheartaithe nó margú na bplandaíplandaí TGN nó na dtáirgítáirgí TGN san Aontas, ba cheart don Choimisiún. Leis an meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo chunsin, ba cheart an dul chun cinn arna dhéanamh i dtreo infhaighteacht na bplandaíplandaí TGN nó táirgí TGN ina bhfuil na saintréithe nó na hairíonnaairíonna den sórt sin ar mhargadh an Aontais a thomhas, agus é mar aidhm an Rialachán seo a fheabhsú tuilleadh. [Leasú 21]
(41) Chun ardleibhéal cosanta sláinte agus cosanta comhshaoil a sholáthar i ndáil le plandaí TGN agus le táirgí TGN, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais a eascraíonn as an Rialachán seo ar bhealach neamh‑idirdhealaitheach maidir le táirgí de thionscnamh an Aontais agus a allmhairítear ó thríú tíortha.
(42) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach ach gur féidir iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais, chun go bhféadfaidh plandaí TGN agus táirgí TGN gluaiseacht i saorchúrsaíocht laistigh den mhargadh inmheánach, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(43) Tá forbairt ag teacht go leanúnach ar chineálacha na bplandaíplandaí TGN atá á bhforbairt agus ar an tionchar atá ag tréithe áirithe ar an inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch. Dá bhrí sin, de réir na fianaisebunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil ar na forbairtí agus ar na tionchair sin, agus prionsabal an réamhchúraim á chur san áireamh go hiomlán, ba cheart an Coimisiún a chumhachtú i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun liosta na dtréithe a oiriúnú arb iad na tréithe sin ba cheart a dhreasú nó a dhíspreagadh chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais agus na Straitéisena straitéisí ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, na Straitéise Bithéagsúlachta agus na Straitéise um an Oiriúnú don Athrú Aeráide a bhaint amach.’ [Leasú 22]
(44) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr ((26)). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(45) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún a mhéid a bhaineann leis an bhfaisnéis a cheanglaítear chun a léiriú gur planda TGN de chatagóir 1 é planda TGN, a mhéid a bhaineann leis an bhfógra um an chinneadh sin a ullmhú agus a chur i láthair, agus a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le modheolaíocht agus le faisnéis i dtaca leis na measúnuithe riosca comhshaoil ar phlandaí TGN de chatagóir 2 agus ar bhia TGN agus ar bheatha TGN, i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na critéir a leagtar síos sa Rialachán seo. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle((27)).
(45a) D’iarr Parlaimint na hEorpa ar an Aontas agus ar a Bhallstáit gan paitinní ar ábhar bitheolaíoch a dheonú agus an tsaoirse chun oibrithe agus an díolúine póraitheoirí i leith cineálacha a chosaint. Ba cheart a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán ag póraitheoirí ar ábhar géiniteach plandaí TGN, nach plandaí trasghéineacha iad de réir sainmhínithe. Is fearr is féidir rochtain ar ábhair ghéiniteacha a dhaingniú nuair a ídítear ceart na sealbhóirí paitinne i lámh an phóraitheora (díolúine póraitheora). Ós rud é nach ndéantar foráil sna forálacha reatha i ndlí na bpaitinní maidir le díolúine iomlán póraitheora iomlán, ba cheart a áirithiú nár cheart do phaitinní srian a chur ar phlandaí TGN a bheith á n-úsáid ag póraitheoirí agus ag feirmeoirí. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh plandaí TGN faoi réir reachtaíocht na bpaitinní ach ba cheart dóibh, ar mhaithe le maoin intleachtúil a chosaint, a bheith faoi réir an chórais um Chearta Comhphobail maidir le Cineálacha Plandaí (CPVR) amháin, mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle, rud a cheadaíonn an díolúine póraitheora a úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart plandaí TGN, a síolta díorthaithe, a n-ábhar plandaí, ábhar géiniteach gaolmhar amhail géinte agus seichimh ghéinte, agus tréithe plandaí a eisiamh ó inphaitinneacht. Ba cheart an t-eisiamh ó inphaitinneacht a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud na reachtaíochta. Thairis sin, chun deonú paitinní nó iarratais ar phaitinní a sheachaint idir dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cur i bhfeidhm a fhorálacha, ba cheart a áirithiú go n-eisiafar ábhar plandaí ó inphaitinneacht ó lá theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. I gcás paitinní a deonaíodh cheana féin nó atá ar feitheamh lena gcumhdaítear ábhar plandaí, ba cheart éifeachtaí na bpaitinní a theorannú tuilleadh. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt, sa staidéar atá le teacht, ar an gcaoi ar cheart aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar an bhfadhb níos leithne maidir le paitinní a dheonú, go díreach nó go hindíreach, i ndáil le hábhar plandaí in ainneoin iarrachtaí a rinneadh roimhe seo chun lúba ar lár a dhúnadh. Sa mheasúnú, ba cheart aghaidh a thabhairt go háirithe ar ról agus tionchar na bpaitinní ar rochtain na bpóraitheoirí agus na bhfeirmeoirí ar ábhar atáirgthe plandaí, ar éagsúlacht síolta agus ar phraghsanna inacmhainne, agus chomh maith leis sin ar an nuálaíocht agus go háirithe ar na deiseanna do FBManna. Ba cheart go mbeadh na tograí reachtacha iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún chun a áirithiú go ndéanfar tuilleadh coigeartuithe riachtanacha ar chreat na gceart maoine intleachtúla. [Leasú 23]
(46) Ba cheart don Choimisiún faisnéis a bhailiú go tráthrialta chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na reachtaíochta maidir le forbairt agus le hinfhaighteacht na bplandaí TGN agus na dtáirgí TGN sa mhargadh a bhaint amach, ar plandaí agus táirgí iad is féidir leo rannchuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus na straitéisí ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, na Bithéagsúlachta agus um an Oiriúnú don Athrú Aeráide agus chun eolas a sholáthar le haghaidh meastóireacht ar an reachtaíocht. Tá tacar leathan táscairí sainaitheanta(28) agus ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh orthu go tréimhsiúil. Ba cheart na táscairí a bheith ina dtacaíocht leis an bhfaireachán ar rioscaí féideartha don tsláinte nó don chomhshaol ó phlandaí TGN de chatagóir 2 agus ó tháirgí TGN gaolmhara, ar thionchar na bplandaí TGN ar an inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta mar aon leis an tionchar ar an talmhaíocht orgánach agus ar ghlacadh na dtáirgí TGN ag na tomhaltóirí. Ba cheart an chéad tuarascáil faireacháin a chur i láthair 3 bliana tar éis d’fhógra/údarú a bheith tugtha i leith na chéad táirgí, chun a áirithiú go mbeidh dóthain sonraí ar fáil tar éis chur chun feidhme iomlán na reachtaíochta nua, agus ag eatraimh thráthrialta dá éis sin. Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo 2 bhliain tar éis don chéad tuarascáil faireacháin a bheith foilsithe, chun gur féidir le tionchar na chéad táirgí, a rachaidh tríd an bhfíorú nó tríd an údarú, teacht chun cinn go hiomlán.
(47) Tagairtí áirithe d’fhorálacha reachtaíocht an Aontais maidir le OGM i Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((29)), is gá iad a leasú chun na forálacha sonracha sa reachtaíocht sin is infheidhme maidir le plandaí TGN a áireamh.
(47a) Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, an ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus Straitéisí Bithéagsúlachta an Aontais, cuirtear an fheirmeoireacht orgánach i gcroílár an aistrithe chuig córais bhia inbhuanaithe, agus é mar sprioc talamh talmhaíochta na hEorpa a leathnú faoi tháirgeadh orgánach go 25 % faoi 2030. Is aitheantas soiléir é sin do na tairbhí comhshaoil a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht orgánach, do spleáchas níos lú ar ionchuir d’fheirmeoirí, agus do sholáthar bia athléimneach agus do bhiafhlaitheas. Níor cheart don Rialachán seo dochar a dhéanamh don bhealach i dtreo aistriú chórais bhia na hEorpa chuig an bhfeirmeoireacht orgánach go 25 % faoi 2030. [Leasú 241]
(47b) Ba cheart ceanglais inrianaitheachta a bhunú le haghaidh bia agus beatha a tháirgtear ó TGNanna chun lipéadú cruinn na dtáirgí sin a éascú, i gcomhréir le ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha ghéinmhodhnaithe, chun a áirithiú go mbeidh faisnéis chruinn ar fáil d’oibreoirí agus do thomhaltóirí ionas go mbeidh siad in ann a saoirse rogha a fheidhmiú ar bhealach éifeachtach, chomh maith le rialú agus fíorú éileamh lipéadaithe a chumasú. Ba cheart na ceanglais maidir le bia agus beatha a tháirgtear ó TGNanna a bheith comhchosúil chun neamhleanúnachas faisnéise a sheachaint i gcásanna ina n-athraítear úsáid deiridh. [Leasú 243]
(48) Ós rud é go gceanglaítear gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm, ba cheart é a iarchur chun go bhféadfar na bearta sin a ghlacadh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos rialacha sonracha síos leis an Rialachán seo, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim, maidir le plandaí a fhaightear le teicnící géanómaíocha nua áirithe (‘plandaí TGN’) a scaoileadh ar bhonn réamhbheartaithe sa chomhshaol chun aon chríche eile seachas lena gcur ar an margadh agus maidir le bia agus beatha a chur ar an margadh, ar bia agus beatha iad ina bhfuil, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as na plandaí sin, agus maidir le táirgí a chur ar an margadh, seachas bia nó beatha, ar táirgí iad ina bhfuil na plandaí sin nó atá comhdhéanta díobh, lena n-áirithítear ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol. [Leasú 24]
Airteagal 2
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Rialachán maidir leis na nithe seo a leanas:
(1) plandaí TGN;
(2) bia ina bhfuil, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as plandaí TGN nó ina bhfuil comhábhair a tháirgtear as plandaí TGN;
(3) beatha ina bhfuil, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as plandaí TGN;
(4) táirgí, seachas bia agus beatha, ina bhfuil nó atá comhdhéanta de plandaí TGN.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) na sainmhínithe ar ‘orgánach’, ‘scaoileadh réamhbheartaithe’ agus ‘cur ar an margadh’ a leagtar amach i dTreoir 2001/18/CE, na sainmhínithe sin ar ‘bia’ agus ar ‘beatha’ a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, ar ‘inrianaitheacht’ a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, ar ‘planda’ a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((30)) agus ar ‘ábhar atáirgthe plandaí’ a leagtar amach [sa Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí san Aontas(31)];
(2) Ciallaíonn ‘planda TGN’ planda géinmhodhnaithe a fhaightear trí shó‑ghineasshó-ghineas spriocdhírithe nó trí chisgineas, nó teaglaim díobh, ar an gcoinníoll nach bhfuil aon ábhar géiniteach ann ar de thionscnamh lasmuigh deden linn géinte na bpóraitheoirí échun críoch gnáthphórúcháin a d’fhéadfadh a bheith ionsáite go sealadach le linn fhorbairt an phlanda TGN; [Leasú 25]
(3) ciallaíonn ‘orgánach géinmhodhnaithe’ nó ‘OGM’ orgánach géinmhodhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2001/18/CE, seachas orgánaigh a fhaightear trí theicnící an ghéinmhodhnaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I B a ghabhann le Treoir 2001/18/CE;
(4) ciallaíonn ‘só‑ghineas spriocdhírithe’ teicnící só‑ghinis a dtarlaíonn modhnú (modhnuithe) ar an seicheamh DNA dá thoradh ag suíomhanna beachtaspriocdhírithe i ngéanóm orgánaigh; [Leasú 26]
(5) ciallaíonn ‘cisgineas’ teicnící géinmhodhnaithe a dtarlaíonn dá thoradh go n‑ionsáitear, i ngéanóm orgánaigh, ábhar géiniteach atá i linn géinte na bpóraitheoirí cheana féin;
(6) ciallaíonn ‘linn géinte na bpóraitheoiríchun críoch gnáthphórúcháin’ an fhaisnéis ghéiniteach iomlán a bhíonn ar fáil i speiceas amháin agus i speicis thacsanomaíocha eile lenar féidir é a chrosphórú, lena n‑áirítear trí úsáid a bhaint as teicnící ardfhorbartha amhail tarrtháil suthanna, polaplóideacht ionduchtaithe agus crosphóruithe eachtarshuímh; [Leasú 27]
(7) ciallaíonn ‘planda TGN de chatagóir 1’ planda:
(a) a chomhlíonann na critéir choibhéise maidir le gnáthphlandaí, a leagtar amach in Iarscríbhinn I, nó
(b) planda ar sliocht é den phlanda (de phlandaí) TGN dá dtagraítear i bpointe (a), lena n‑áirítear sliocht a dhíorthaítear trí na plandaí sin a chrosphórú, ar an gcoinníoll nach bhfuil aon mhodhnú breise ann a d’fhágfadh go mbeadh sé faoi réir Threoir 2001/18/CE nó Rialachán 1829/2003;
(8) ciallaíonn ‘planda TGN de chatagóir 2’ planda TGN seachas planda TGN de chatagóir 1;
(9) ciallaíonn ‘planda TGN lena úsáid i mbia’ planda TGN a fhéadfar a úsáid mar bhia nó mar ábhar bunaidh chun bia a tháirgeadh;
(10) ciallaíonn ‘planda TGN lena úsáid i mbeatha’ planda TGN a fhéadfar a úsáid mar bheatha nó mar ábhar bunaidh chun beatha a tháirgeadh;
(11) ciallaíonn ‘a tháirgtear as planda TGN’ a bheith díorthaithe, go hiomlán nó go páirteach, ó phlanda TGN, ach gan planda TGN a bheith ann ná gan a bheith comhdhéanta de phlanda TGN;
(12) ciallaíonn ‘táirge TGN’ táirge, seachas bia agus beatha, ina bhfuil planda TGN nó atá comhdhéanta de phlanda TGN agus bia agus beatha ina bhfuil, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as planda den sórt sin;
(13) ciallaíonn ‘táirge TGN de chatagóir 1’ táirge TGN i gcás inarb amhlaidh maidir leis an bplanda TGN atá sa táirge TGN sin, go bhfuil planda TGN de chatagóir 1 ann, gurb é planda den sórt sin atá ann, nó i gcásanna an bhia nó na beatha, gurb as planda den sórt sin a tháirgtear é;
(14) ciallaíonn ‘táirge TGN de chatagóir 2’ táirge TGN i gcás inarb amhlaidh maidir leis an bplanda TGN atá sa táirge TGN sin, go bhfuil planda TGN de chatagóir 2 ann, gurb é planda den sórt sin atá ann, nó i gcásanna an bhia nó na beatha, gurb as planda den sórt sin a tháirgtear é;
(15) ciallaíonn ‘fiontar beag nó meánmhéide (FBM)’ FBM de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE2 ón gCoimisiún.
(15a) ciallaíonn ‘Cur Chuige na hAon Sláinte Amháin’ cur chuige comhtháite aontaitheach a bhfuil sé mar aidhm leis sláinte daoine, ainmhithe, plandaí agus éiceachóras a chothromú agus a bharrfheabhsú ar bhealach inbhuanaithe agus ar cur chuige é a aithníonn go bhfuil dlúthnasc idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe clóis agus fiáine, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil i gcoitinne, lena n-áirítear éiceachórais, agus go bhfuil siad idirspleách. [Leasú 28]
(15b) ciallaíonn ‘próitéin shimireach’ próitéiní arna gcruthú trí dhá ghéin nó níos mó nó codanna de ghéinte a chódaíodh ar dtús le haghaidh próitéiní ar leithligh a cheangal le chéile. [Leasú 29]
Airteagal 4
Scaoileadh réamhbheartaithe plandaí TGN chun aon chríche eile seachas lena gcur ar an margadh agus táirgí TGN a chur ar an margadh
Gan dochar do cheanglais eile de chuid dhlí an Aontais, ní ceadmhach planda TGN a scaoileadh sa chomhshaol ar bhonn réamhbheartaithe chun aon chríche eile seachas lena chur ar an margadh, agus ní ceadmhach táirge TGN a chur ar an margadh, ach amháin más rud é:
(1) gur planda TGN de chatagóir 1 atá ann agus
(a) go bhfuil cinneadh faighte ina leith lena ndearbhaítear an stádas sin i gcomhréir le hAirteagal 6 nó 7; nó
(b) gur sliochtsíolrach é de phlanda/de phlandaí dá dtagraítear i bpointe (a) ar choinníoll go bhfuil na critéir choibhéise a leagtar amach in Iarscríbhinn I fós á gcomhlíonadh; nó [Leasú 30]; nó
(2) gurb égur planda TGN de chatagóir 2 atá ann agusé an planda, agus go bhfuil toiliú deonaithe dó nó go bhfuil sé údaraithe i gcomhréir le Caibidil III. [Leasú 31]
Ní bheidh sé de chuspóir ná d’éifeacht ag cur chun feidhme, forfheidhmiú ná cur i bhfeidhm an Rialacháin seo cosc ná bac a chur ar allmhairí plandaí agus táirgí TGN ó thríú tíortha a chomhlíonann na caighdeáin chéanna a leagtar síos sa Rialachán seo. [Leasú 32]
Airteagal 4a
Eisiamh ó inphaitinneacht
Ní bheidh plandaí TGN, ábhar plandaí, codanna díobh, faisnéis ghéiniteach ná na gnéithe próisis atá iontu inphaitinnithe. [Leasú 33]
CAIBIDIL II
Plandaí TGN de chatagóir 1 agus táirgí TGN de chatagóir 1
Airteagal 5
Stádas phlandaí TGN de chatagóir 1
1. Na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le OGManna i reachtaíocht an Aontais, ní bheidh feidhm acu maidir le plandaí TGN de chatagóir 1.
2. Chun críocha Rialachán (AE) 2018/848, na rialacha a leagtar amach ina Airteagail 5 (f)in Airteagal 5 (f), (iii) agus in Airteagal 11,11 beidh feidhm acu maidir le plandaí TGN de chatagóir 1 agus maidir le táirgí a tháirgtear as nó trí na plandaí sin. [7 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil ar fhorbairt dhearcadh na dtomhaltóirí agus na dtáirgeoirí, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach. [Leasú 34]
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leasaítear na critéir choibhéise maidir le plandaí TGN le gnáthphlandaí a leagtar síos in Iarscríbhinn I, agus na rioscaí gaolmhara agus na hiarmhairtí feidhmiúla a d’fhéadfadh a bheith sa nós imeachta fíorúcháin á gcur san áireamh, chun na critéir sin a chur in oiriúint do na forbairtí eolaíocha agus teicneolaíocha is déanaí chun iad a oiriúnú don dul chun cinn teicneolaíochta agus eolaíochta a mhéid a bhaineann le cineálacha agus le fairsinge na modhnuithe is féidir tarlú go nádúrtha nó tríd an ngnáthphórú. [Leasú 35]
3a. Maidir le láithreacht aidbhinteach nó dhosheachanta go teicniúil plandaí TGN de chatagóir 1, ábhair atáirgthe nó codanna díobh i dtáirgeadh orgánach, nó i dtáirgí neamhorgánacha atá údaraithe i dtáirgeadh orgánach i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (AE) 2018/848, ní hionann í agus neamhchomhlíonadh an Rialacháin sin. [Leasú 36]
Airteagal 6
Nós imeachta fíorúcháin um stádas phlanda TGN de chatagóir 1 roimh scaoileadh réamhbheartaithe chun aon chríche eile seachas lena chur ar an margadh
1. Chun an dearbhú maidir le stádas phlandaplanda TGN de chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a) a fháil, sula dtabharfar faoi scaoileadh réamhbheartaithe phlandaplanda TGN chun aon chríche eile seachas lena chur ar an margadh, cuirfidh an duine a bheartóidh tabhairt faoin scaoileadh réamhbheartaithe iarraidh chun a fhíorú cé acu a chomhlíontar nó nachan gcomhlíontar na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar a laghad ceann amháin de na tréithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, Cuid 1, agus na critéir eisiaimh in Iarscríbhinn III, Cuid 2, (‘iarraidh ar fhíorú’). Cuirfear an iarraidh sin ar fhíorú faoi bhráid an údaráisúdarás inniúil arna ainmniúde chuid an Bhallstáit, ar údarás é atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Threoir 2001/18/CE de chuid an Bhallstáit, ar laistigh dá chríoch a bhfuil an scaoileadh le tarlú i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 agus leis an ngníomh cur chun feidhmetarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 276(11a), pointe (b). [Leasú 37]
2. I gcás ina mbeartóidh duine tabhairt faoin scaoileadh réamhbheartaithe den sórt sin go comhuaineach i mbreis agus aon Bhallstát amháin, cuirfidh an duine sin an iarraidh ar fhíorú faoi bhráid an údaráis inniúil de cheann amháin de na Ballstáit sin.
3. An iarraidh ar fhíorú dá dtagraítear i mír 1, cuirfear isteach í i gcomhréir le formáidí caighdeánacha sonraí, i gcás ina mbeidh siad ann de bhun Airteagal 39f de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, agus áireofar inti, gan dochar d’aon fhaisnéis bhreise a bhféadfadh é a bheith de cheangal a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002:
(a) ainm agus seoladh an iarrthóra;
(b) ainmníocht agus sonraíocht an phlanda TGN;
(c) tuairisc ar an tréith/natréith nó na tréithe agus ar na saintréithe a tugadh isteach nó a modhnaíodh, lena n-áirítear faisnéis ar an teicníc nó ar na teicnící a úsáideadh chun an tréith nó na tréithe a fháil agus lena n-áirítear nochtadh sheicheamh an ghéinmhodhnaithe; [Leasú 38]
(ca) aon phaitinn nó aon iarratas ar phaitinn atá ar feitheamh a chumhdaíonn planda iomlán Chatagóir 1 NGT nó cuid de; [Leasú 253]
(d) cóip de na staidéir, a rinneadh agus aon ábhar eile dá bhfuil ar fáil chun an méid seo a leanas a léiriú:
(i) gur planda TGN é an planda, lena n‑áirítear gan aon ábhar géiniteach a bheith ann ar de thionscnamh lasmuigh deden linn géinte na bpóraitheoirí échun críoch gnáthphórúcháin i gcás inar ionsádh an t‑ábhar géiniteach sin go sealadach le linn fhorbairt an phlanda, i gcomhréir leis na ceanglais faisnéise a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhmetarmligthe arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 276(11a), pointe (a); [Leasú 39]
(ii) go gcomhlíonann an planda TGN na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I, ar a laghad ceann amháin de na tréithe in Iarscríbhinn III, Cuid 1, agus na critéir eisiaimh d’Iarscríbhinn III, Cuid 2; [Leasú 40]
(da) ainmníocht an chineáil; [Leasú 41]
(e) sna cásanna dá dtagraítear i mír 2, léiriú ar na Ballstáit ina mbeartaíonn an t‑iarrthóir tabhairt faoin scaoileadh réamhbheartaithe;
(f) sainaithint ar na codanna den iarraidh ar fhíorú agus aon fhaisnéis fhorlíontach eile a iarrfaidh an t‑iarrthóir go gcaithfear léi i modh rúin, lena ngabhann réasúnú atá infhíoraithe, de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo agus Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.
4. Admhóidh an t‑údarás inniúil don iarrthóir gan moill mhíchuí go bhfuair siad an iarraidh ar fhíorú, agus an dáta a bhfuarthas í á shonrú. Cuirfidh sé an iarraidh ar fáil do na Ballstáit eile agus don Choimisiún gan moill mhíchuí.
5. Mura mbeidh san iarraidh ar fhíorú an fhaisnéis uile is gá, dearbhóidh an t‑údarás inniúil í a bheith neamh‑inghlactha laistigh de 30 lá oibre ó dháta faighte iarrata ar fhíorú. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an t‑iarrthóir, na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi neamh‑inghlacthacht na hiarrata ar fhíorú agus soláthróidh na cúiseanna lena chinneadh.
6. Mura measfar an iarraidh ar fhíorú a bheith neamh‑inghlactha i gcomhréir le mír 5, fíoróidh an t‑údarás inniúil cé acu a chomhlíonann nó nachnáisiúnta an gcomhlíonann an planda TGN na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus ullmhóidh sé tuarascáil fíorúcháin laistigh de 30 lá oibre ó dháta faighte iarrata ar fhíorú. Féadfaidh an t-údarás inniúil, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘EFSA’) agus an tuarascáil fíorúcháin á hullmhú aige. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an tuarascáil fíorúcháin ar fáil do na Ballstáit eile agus don Choimisiún gan moill mhíchuí. [Leasú 42]
7. Féadfaidh na Ballstáit eile agus an Coimisiún barúlacha a thabhairt faoin tuarascáilagóidí réasúnaithe a dhéanamh i gcoinne na tuarascála fíorúcháin, a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn I, laistigh de 20 lá ó dháta faighte na tuarascála sin.ón dáta a fhaightear an tuarascáil sin. Ní dhéanfar tagairt sna hagóidí réasúnaithe sin ach amháin do na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II agus beidh réasúnú eolaíoch san áireamh iontu. [Leasú 43]
8. In éagmais aon bharúilagóidí eolaíocha réasúnaithe ó Bhallstát ná ón gCoimisiún, laistigh de 10 lá oibre ó dháta dhul in éag an sprioc‑amaden sprioc-am dá dtagraítear i mír 7, déanfaidh an t‑údarást-údarás inniúil náisiúnta a d’ullmhaigh an tuarascáil fíorúcháin cinneadh lena ndearbhófar cé acu is planda TGN de chatagóir 1 é an planda TGN nó nach é. Tarchuirfidh séan t-údarás inniúil náisiúnta an cinneadh gan moill mhíchuílaistigh de 10 lá oibre chuig an iarrthóir, chuig na Ballstáit eile agus chuig an gCoimisiún. [Leasú 311]
9. I gcásanna ina dtabharfaidh Ballstát eile nó an Coimisiún barúilagóid réasúnaithe faoin sprioc‑amsprioc-am dá dtagraítear i mír 7, cuirfidh an t‑údarást-údarás inniúil a d’ullmhaigh an tuarascáil fíorúcháin an bharúil (na barúlacha) ar aghaidh chuig an gCoimisiúnna hagóidí réasúnaithe ar fáil go poiblí gan moill mhíchuí. [Leasú 45]
10. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’), dréachtchinneadh a ullmhú lena ndearbhófar cé acu isan planda TGN de chatagóir 1 é an planda TGN nó nach é laistigh de 45 lá oibre ó dháta faighte na barúla (na mbarúlacha), agus an méid is deireanaí atá luaite á churn-agóidí réasúnaithe, agus na hagóidí sin á gcur san áireamh. Glacfar an cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28(2). [Leasú 46]
11. Déanfaidh an Coimisiún an achoimre ar na cinntí dá dtagraítear i míreanna 8 agus 10 a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 7
Nós imeachta fíorúcháin um stádas phlanda TGN de chatagóir 1 roimh tháirgí TGN a chur ar an margadh
1. I gcás nach mbeidh dearbhú maidir le stádas phlanda TGN de chatagóir 1 dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a), déanta cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 6, chun dearbhú den sórt sin a fháil sula gcuirfear táirge TGN ar an margadh, cuirfidh an duine a bheartóidh an táirge a chur ar an margadh iarraidh ar fhíorú faoi bhráid an Údaráis i gcomhréir le mír 2 agus leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (b).
2. An iarraidh ar fhíorú dá dtagraítear i mír 1, cuirfear faoi bhráid an Údaráis í i gcomhréir le formáidí caighdeánacha sonraí, i gcás ina mbeidh siad ann de bhun Airteagal 39f de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, agus áireofar inti, gan dochar d’aon fhaisnéis bhreise a bhféadfadh é a bheith de cheangal a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002:
(a) ainm agus seoladh an iarrthóra;
(b) ainmníocht agus sonraíocht an phlanda TGN;
(ba) ainmníocht an chineáil; [Leasú 48]
(c) tuairisc ar an tréith/na tréithe agus ar na saintréithe a tugadh isteach nó a modhnaíodh lena n-áirítear faisnéis maidir leis an teicníc nó na teicnící a úsáideadh chun an tréith nó na tréithe a bhaint amach agus maidir le nochtadh sheicheamh an ghéinmhodhnaithe; [Leasú 49]
(d) cóip de na staidéir, a rinneadh agus aon ábhar eile dá bhfuil ar fáil chun an méid seo a leanas a léiriú:
(i) gur planda TGN é an planda, lena n‑áirítear gan aon ábhar géiniteach a bheith ann ar de thionscnamh lasmuigh de linn géinte na bpóraitheoirí é i gcás inar ionsádh an t‑ábhar géiniteach sin go sealadach le linn fhorbairt an phlanda, i gcomhréir leis na ceanglais faisnéise a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (a);
(ii) go gcomhlíonann an planda TGN na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
(da) plean faireacháin le haghaidh éifeachtaí comhshaoil; [Leasú 260]
(e) sainaithint ar na codanna den iarraidh ar fhíorú agus aon fhaisnéis fhorlíontach eile a iarrfaidh an t‑iarrthóir go gcaithfear léi i modh rúin, lena ngabhann réasúnú atá infhíoraithe, de bhun Airteagal 11 den Rialachán seo agus Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.
3. Admhóidh an t‑Údarás don iarrthóir gan moill mhíchuí go bhfuair siad an iarraidh ar fhíorú, agus an dáta a bhfuarthas í á shonrú. Cuirfidh sé an iarraidh ar fhíorú ar fáil do na Ballstáit agus don Choimisiún gan moill mhíchuí agus cuirfidh sé an iarraidh ar fhíorú, faisnéis tacaíochta ábhartha agus aon fhaisnéis fhorlíontach arna soláthar ag an iarrthóir ar fáil go poiblí, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, tar éis aon fhaisnéis arna sainaithint mar fhaisnéis rúnda a fhágáil ar lár i gcomhréir le hAirteagal 39 go hAirteagal 39e de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus le hAirteagal 11 den Rialachán seo.
4. Mura mbeidh san iarraidh ar fhíorú an fhaisnéis uile is gá, dearbhóidh an tÚdarás í a bheith neamh‑inghlactha laistigh de 30 lá oibre ó dháta faighte iarrata ar fhíorú. Cuirfidh an tÚdarás an t‑iarrthóir, na Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas faoi neamh‑inghlacthacht na hiarrata ar fhíorú agus soláthróidh na cúiseanna lena chinneadh.
5. Mura measfar an iarraidh ar fhíorú a bheith neamh‑inghlactha i gcomhréir le mír 4, tabharfaidh an tÚdarás a ráiteas maidir le cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an planda TGN na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn I laistigh de 30 lá oibre ó dháta faighte iarrata ar fhíorú. Cuirfidh an tÚdarás an ráiteas ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit. Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhréir le hAirteagal 38(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, a thuairim a chur ar fáil don phobal, tar éis aon fhaisnéis arna haithint mar fhaisnéis rúnda a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 39 go hAirteagal 39e de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Airteagal 11 den Rialachán seo.
6. Ullmhóidh an Coimisiún dréachtchinneadh lena ndearbhófar cé acu is planda TGN de chatagóir 1 é an planda TGN nó nach é laistigh de 30 lá oibre ó dháta faighte an ráitis ón Údarás, agus an méid is deireanaí atá luaite á chur san áireamh. Glacfar an cinneadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28(2).
7. Foilseoidh an Coimisiún achoimre ar an gcinneadhan cinneadh deiridh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus foilseoidh sé, ar leathanach gréasáin tiomnaithe a bheidh ar fáil go poiblí, a dhréachtchinneadh agus na hagóidí réasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 6. [Leasú 50]
Airteagal 8
Córas malartaithe faisnéise idir na Ballstáit, an Coimisiún agus an tÚdarás
Bunóidh agus coinneoidh an Coimisiún córas leictreonach ar bun lenar féidir iarrataí ar fhíorú a chur isteach i gcomhréir le hAirteagail 6 agus 7 agus faisnéis faoin Teideal seo a mhalartú.
Airteagal 9
Bunachar sonraí na gcinntí lena ndearbhaítear stádas phlanda TGN de chatagóir 1
1. Bunóidh agus coinneoidh an Coimisiún bunachar sonraí ar bun lena liostófar na cinntí lena ndearbhófar stádas phlanda TGN de chatagóir 1 arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(8) agus (10) agus le hAirteagal 7(6).
Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa bhunachar sonraí:
(a) ainm agus seoladh an iarrthóra;
(b) ainmníocht agus sonraíocht an phlanda TGN de chatagóir 1; [Leasú 51]
(ba) ainmníocht an chineáil; [Leasú 52]
(c) tuairisc achoimrithe ar an teicníc/na teicnící a úsáideadh chun an géinmhodhnú a fháil;
(d) tuairisc ar an tréith/na tréithe agus ar na saintréithe a tugadh isteach nó a modhnaíodh;
(e) uimhir aitheantais, agus
(ea) má sholáthraítear iad, tuairim nó ráiteas EFSA, dá dtagraítear in Airteagal 6(10) agus in Airteagal 7(5); agus [Leasú 53]
(f) an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 6(8) nó (10), agus in Airteagal 7(6), de réir mar is iomchuí.
2. Cuirfear an bunachar sonraí ar fáil go poiblí, agus i bhformáid ar líne. [Leasú 54]
Airteagal 10
Lipéadú ábhar atáirgthe plandaí TGN de chatagóir 1, lena n‑áirítear ábhar pórúcháin
Maidir le plandaí TGN de chatagóir 1, táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de phlanda/phlandaí TGN de chatagóir 1 agus ábhar atáirgthe plandaí, lena n‑áirítearn-áirítear ábhar chun críoch pórúcháin agus eolaíochta, ina bhfuil nó atá comhdhéanta de phlanda/phlandaí TGN de chatagóir 1 agus a chuirtear ar fáil do thríú páirtithe, cibé acu is ar íocaíocht nó saor in aisce é, beidh lipéad air lena léireofar na focail ‘TGN cat 1’ [TGN de chatagóir 1], agusTeicnící Géanómaíocha Nua. I gcás ábhair atáirgthe plandaí, beidh uimhir aitheantais an phlanda/naphlanda TGN/na bplandaí TGN dá díorthaíodh é ina dhiaidh. [Leasú 264]
Soláthrófar inrianaitheacht iomchuí bunaithe ar dhoiciméid le haghaidh TGNanna trí fhaisnéis a tharchur agus a choinneáil lena sonraítear táirgí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de phlandaí agus táirge TGN, agus na cóid uathúla le haghaidh na TGNanna sin, ag gach céim dá gcur ar an margadh. [Leasú 265]
Airteagal 11
Rúndacht
1. Féadfaidh an t‑iarrthóir dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 iarraidh a chur faoi bhráid údarás inniúil an Bhallstáit nó an Údaráis, de réir mar is iomchuí, go gcaithfear le codanna áirithe den fhaisnéis a chuirfear isteach faoin Teideal seo i modh rúin, lena ngabhann réasúnú atá infhíoraithe, i gcomhréir le míreanna 3 agus 6.
2. Déanfaidh an t‑údarás inniúil nó an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, measúnú ar an iarraidh ar rúndacht dá dtagraítear i mír 1.
3. Ní fhéadfaidh an t‑údarás inniúil, nó an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, a cheadú go gcaithfí i modh rúin leis na míreanna faisnéise seo a leanas, ar thabhairt údair infhíoraithe dó sin, i gcás ina dtaispeánfaidh an t‑iarrthóir go bhféadfadh nochtadh na faisnéise sin dochar nár bheag a dhéanamh dá leasanna:
(a) míreanna faisnéise dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 39(2) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
(b) faisnéis faoin seicheamh DNA; agus
(c) patrúin phórúcháin agus straitéisí pórúcháin.
4. Déanfaidh an t‑údarás inniúil nó an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an iarrthóir, cinneadh maidir leis an bhfaisnéis a bhfuiltear le caitheamh léi i modh rúin agus cuirfidh an t‑iarrthóir ar an eolas faoina chinneadh.
5. Déanfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an tÚdarás na bearta is gá lena áirithiú nach ndéanfar faisnéis rúnda a dtabharfar fógra fúithi nó a mhalartófar faoin gCaibidil seo ar fáil go poiblí.
6. Beidh feidhm freisin, mutatis mutandis, ag forálacha ábhartha d’Airteagal 39e agus d’Airteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.
7. I gcás ina dtarraingeoidh an t‑iarrthóir an iarraidh ar fhíorú siar, urramóidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an tÚdarás, an rúndacht mar a cheadaigh an t‑údarás inniúil nó an tÚdarás í i gcomhréir leis an Airteagal seo. I gcás ina dtarraingeofar an iarraidh ar fhíorú siar sula mbeidh cinneadh déanta ag an údarás inniúil nó ag an Údarás faoin iarraidh ábhartha ar rúndacht, ní chuirfidh na Ballstáit, an Coimisiún, ná an tÚdarás, an fhaisnéis a bhfuil rúndacht iarrtha ina leith, ar fáil go poiblí.
Airteagal 11a
An cinneadh a tharraingt siar
Má léiríonn torthaí an fhaireacháin go bhfuil riosca ann don tsláinte nó don chomhshaol, nó má thacaíonn sonraí eolaíocha nua leis an hipitéis sin, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 6(8) nó an ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(5) a tharraingt siar. Ní mór an cinneadh maidir le tarraingt siar a sheoladh tríd an bpost cláraithe chuig tairbhí an chinnidh, agus beidh 15 lá aige chun barúlacha a thabhairt. Sa chás sin, beidh toirmeasc ar phlanda TGN nó ar tháirge TGN a mhargú ón lá tar éis an dáta a fhaightear an litir chláraithe. [Leasú 266]
CAIBIDIL III
Plandaí TGN de chatagóir 2 agus táirgí TGN de chatagóir 2
Airteagal 12
Stádas phlandaí TGN de chatagóir 2 agus tháirgí TGN de chatagóir 2
Na rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le OGManna i reachtaíocht an Aontais a mhéid nach bhfuil siad ina maolú ar an Rialachán seo, beidh feidhm acu maidir le plandaí TGN de chatagóir 2 agus le táirgí TGN de chatagóir 2.
ROINN 1
Scaoileadh réamhbheartaithe plandaí TGN de chatagóir 2 chun aon chríche eile seachas lena gcur ar an margadh
Airteagal 13
Inneachar an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 6 de Threoir 2001/18/CE
A mhéid a bhaineann le scaoileadh réamhbheartaithe phlanda TGN de chatagóir 2 chun aon chríche eile seachas lena chur ar an margadh, áireofar san fhógra dá dtagraítear in Airteagal 6(1) de Threoir 2001/18/CE:
(a) ainm agus seoladh an fhógróra;
(b) cóip de na staidéir, a rinneadh agus aon ábhar eile dá bhfuil ar fáil chun a léiriú gur planda TGN é an planda, lena n‑áirítear gan aon ábhar géiniteach a bheith ann ar de thionscnamh lasmuigh de linn géinte na bpóraitheoirí é i gcás inar ionsádh ábhar géiniteach den sórt sin go sealadach le linn fhorbairt an phlanda, i gcomhréir leis na ceanglais faisnéise a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (a);
(c) sainchomhad teicniúil lena soláthrófar an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn II agus is gá chun an measúnú riosca comhshaoil a dhéanamh ar scaoileadh réamhbheartaithe planda TGN nó theaglaim phlandaí TGN:
(i) faisnéis ghinearálta lena n‑áirítear faisnéis ar phearsanra agus ar oiliúint;
(ii) faisnéis a bhaineann le planda (plandaí) TGN de chatagóir 2;
(iii) faisnéis a bhaineann leis na coinníollacha i dtaca leis an scaoileadh saor agus leis an timpeallacht ghlactha fhéideartha;
(iv) faisnéis faoi na hidirghníomhaíochtaí idir planda (plandaí) TGN de chatagóir 2 agus an comhshaol;
(v) plean chun faireachán a dhéanamh chun éifeachtaí phlanda (phlandaí) TGN de chatagóir 2 ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol a shainaithint;
(vi) i gcás inarb ábhartha, faisnéis faoin rialú, modhanna feabhsúcháin, pleananna cóireála dramhaíola agus práinnfhreagartha;
(vii) sainaithint ar na codanna den iarraidh ar fhíorú agus aon fhaisnéis fhorlíontach eile a iarrfaidh an t‑iarrthóir go gcaithfear léi i modh rúin, lena ngabhann réasúnú atá infhíoraithe, de bhun Airteagal 25 de Threoir 2001/18;
(viii) achoimre ar an sainchomhad;
(d) an measúnú riosca don comhshaoil a rinneadh i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na critéir a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II agus leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (c).
ROINN 2
Táirgí TGN de chatagóir 2 seachas bia nó beatha a chur ar an margadh
Airteagal 14
Inneachar an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 13 de Threoir 2001/18/CE
1. A mhéid a bhaineann le táirgí TGN de chatagóir 2 seachas bia agus beatha a chur ar an margadh, san fhógra dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Threoir 2001/18/CE, gan dochar d’aon fhaisnéis bhreise a bhféadfadh é a bheith de cheangal a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, beidh an méid seo a leanas:
(a) ainm agus seoladh an fhógróra agus a ionadaí atá bunaithe san Aontas (mura mbeidh an fógróir bunaithe san Aontas);
(b) ainmníocht agus sonraíocht phlanda TGN de chatagóir 2;
(c) raon feidhme an fhógra:
(i) saothrú;
(ii) úsáidí eile (a bheidh le sonrú san fhógra);
(d) cóip de na staidéir, a rinneadh agus aon ábhar eile dá bhfuil ar fáil chun a léiriú gur planda TGN é an planda, lena n‑áirítear gan aon ábhar géiniteach a bheith ann ar de thionscnamh lasmuigh de linn géinte na bpóraitheoirí é i gcás inar ionsádh ábhar géiniteach den sórt sin go sealadach le linn fhorbairt an phlanda, i gcomhréir leis na ceanglais faisnéise a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (a);
(e) an measúnú riosca comhshaoil a rinneadh i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na critéir a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II agus leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (c);
(f) na coinníollacha maidir leis an táirge a chur ar an margadh, lena n‑áirítear coinníollacha sonracha úsáide agus láimhseála;
(g) maidir le hAirteagal 15(4) de Threoir 2001/18/CE, tréimhse atá beartaithe don toiliú, ar tréimhse í nár cheart a bheith níos faide ná 10 mbliana;
(h) i gcás inarb iomchuí, plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE, lena n‑áirítear togra maidir le ré an phlean faireacháin; d’fhéadfadh an tréimhse ama sin a bheith difriúil leis an tréimhse atá beartaithe don toiliú. Más rud é, bunaithe ar thorthaí aon scaoilte a fógraíodh i gcomhréir le Roinn 1, i ndáil le torthaí an mheasúnaithe riosca comhshaoil, saintréithe an phlanda TGN, saintréithe agus scála a úsáide ionchasaí agus saintréithe na timpeallachta glactha, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (d), go measann an fógróir nach bhfuil gá le plean faireacháin maidir leis an bplanda TGN, féadfaidh an fógróir a mholadh gan plean faireacháin a chur isteach;
(i) togra le haghaidh lipéadú a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos i bpointe A.8. d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir 2001/18/CE, Airteagal 4(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 agus Airteagal 23 den Rialachán seo;
(j) ainmneacha tráchtála beartaithe na dtáirgí agus ainmneacha na bplandaí de chatagóir 2 TGN atá iontu, agus togra le haghaidh aitheantóir uathúil do phlanda de chatagóir 2 TGN, arna bhforbairt i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún ((32)). Tar éis an toilithe, ba cheart aon ainmneacha tráchtála nua a thabhairt don údarás inniúil;
(k) tuairisc ar an gcaoi a bhfuil sé beartaithe an táirge a úsáid. Aibhseofar difríochtaí in úsáid nó i mbainistiú an táirge sin i gcomparáid le táirgí comhchosúla atá neamh‑ghéinmhodhnaithe;
(l) modhanna samplála (lena n‑áirítear tagairtí do mhodhanna samplála oifigiúla nó caighdeánaithe atá ann cheana), brath, sainaithint agus cainníochtú an phlanda TGN. I gcásanna nach féidir modh anailíseach a sholáthar a bhraitheann, a shainaithníonn agus a chainníochtaíonn, má thugann an fógróir údar cuí leis, déanfar na rialacha mionsonraithe maidir le ceanglais modha anailíse a chomhlíonadh a oiriúnú mar a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (e) agus sa chomhairle dá dtagraítear in Airteagal 29(2);
(m) samplaí den phlanda TGN de chatagóir 2 agus a samplaí rialaithe, agus faisnéis faoin áit ar féidir rochtain a fháil ar an ábhar tagartha;
(n) i gcás inarb infheidhme, an fhaisnéis atá le soláthar chun Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch a chomhlíonadh;
(o) sainaithint ar na codanna den iarratas agus aon fhaisnéis fhorlíontach eile a n‑iarrfaidh iarratasóir go gcaithfear léi i modh rúin, lena ngabhfaidh réasúnú atá infhíoraithe, de bhun Airteagal 25 de Threoir 2001/18/CE agus Airteagal 39 go hAirteagal 39e de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
(p) achoimre ar an sainchomhad i bhfoirm chaighdeánaithe.
2. Áireoidh an fógróir san fhógra seo faisnéis maidir le sonraí nó torthaí ó scaoileadh an phlanda céanna TGN de chatagóir 2 nó ó scaoileadh an comhcheangal céanna de phlandaí TGN de chatagóir 2 ar thug an fógróir fógra fúthu roimhe sin nó atá ann faoi láthair agus/nó a rinne an fógróir laistigh nó lasmuigh den Aontas.
3. An t‑údarás inniúil a ullmhaíonn an tuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 14 de Threoir 2001/18/CE scrúdóidh sé an fógra maidir le comhlíonadh míreanna 1 agus 2.
Airteagal 15
Forálacha sonracha maidir le faireachán
Sa toiliú i scríbhinn dá dtagraítear in Airteagal 19 de Threoir 2001/18/CE sonrófar ceanglais faireacháin, mar a thuairiscítear in Airteagal 19(3) pointe (f), nó dearbhófar ann nach bhfuil gá le faireachán. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17(2), pointe (b) de Threoir 2001/18/CE mura gceanglaítear faireachán a dhéanamh leis an toiliú.
Airteagal 16
Lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 23
Ina theannta Airteagal 19(3) de Threoir 2001/18/CE, sonrófar an lipéadú sa toiliú i scríbhinn i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo. [Leasú 56]
Airteagal 17
Fad bhailíocht an toilithe tar éis na hathnuachana
1. Beidh an toiliú a dheonaítear faoi Chuid C de Threoir 2001/18/CE, tar éis na chéad athnuachana i gcomhréir le hAirteagal 17 de Threoir 2001/18/CE, bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta, mura bhforáiltear leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 17(6) nó (8) gur athnuachan ar feadh tréimhse theoranta é, ar fhorais a bhfuil údar leo bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe riosca a rinneadh de bhun an Rialacháin seo agus ar thaithí na húsáide, lena n‑áirítear torthaí an fhaireacháin, má shonraítear amhlaidh sa toiliú.
2. Ní bheidh feidhm ag an abairt dheireanach in Airteagal 17(6) agus (8) de Threoir 2001/18/CE.
2a. Má léiríonn torthaí an fhaireacháin go bhfuil riosca ann don tsláinte nó don chomhshaol, nó má thacaíonn sonraí eolaíocha nua leis an hipitéis sin, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh a tharraingt siar. Ní mór an cinneadh maidir le tarraingt siar a sheoladh tríd an bpost cláraithe chuig tairbhí an chinnidh, agus beidh 15 lá aige chun barúlacha a thabhairt. Sa chás sin, beidh toirmeasc ar phlanda TGN nó ar tháirge TGN a mhargú ón lá tar éis an dáta a fhaightear an litir chláraithe. [Leasú 268]
ROINN 3
Plandaí de chatagóir 2 TGN le haghaidh úsáid bia nó beatha agus catagóir 2 bia agus beatha TGN a chur ar an margadh
Airteagal 18
Raon feidhme
Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a) plandaí de chatagóir 2 TGN atá ceaptha lena n‑úsáid mar bhia nó le haghaidh beatha;
(b) bia ina bhfuil, atá comhdhéanta de nó a tháirgtear as plandaí de chatagóir 2 TGN nó ina bhfuil comhábhair a tháirgtear ó phlandaí de chatagóir 2 TGN (‘bia de chatagóir 2’);
(c) beatha ina bhfuil plandaí de chatagóir 2 TGN (‘beatha TGN de chatagóir 2’) nó a tháirgtear as na plandaí sin.
Airteagal 19
Forálacha sonracha maidir leis an iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 5 agus in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003
1. De mhaolú ar Airteagal 5(3), pointe (e), agus Airteagal 17(3), pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, agus gan dochar d’aon fhaisnéis bhreise a d’fhéadfadh a bheith de dhíth i gcomhréir le hAirteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, beidh cóip de na staidéir, lena n‑áirítear, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, staidéir neamhspleácha, staidéir phiarmheasúnaithe a rinneadh agus aon ábhar eile atá ar fáil, ag gabháil le hiarratas ar údarú do phlanda de chatagóir 2 TGN le haghaidh bia nó beatha, nó do chatagóir 2, bia nó beatha TGN, lena n‑áirítear, staidéir neamhspleácha a ndearnadh athbhreithniú piaraí orthu, agus aon ábhar eile atá ar fáil chun an méid seo a leanas a léiriú:
(a) gur planda TGN é an planda, lena n‑áirítear gan aon ábhar géiniteach a bheith ann ar de thionscnamh lasmuigh de linn géinte na bpóraitheoirí é i gcás inar ionsádh an t‑ábhar géiniteach sin go sealadach le linn fhorbairt an phlanda, i gcomhréir leis na ceanglais faisnéise a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (a);
(b) comhlíonann an bia nó an bheatha na critéir dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó in Airteagal 16(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, faoi seach, bunaithe ar mheasúnú sábháilteachta ar an mbia nó ar an mbeatha a dhéantar i gcomhréir leis na prionsabail agus na critéir a leagtar síos i gCuid 1 agus i gCuid 3 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (c).
2. De mhaolú ar Airteagal 5(3), pointe (i), agus Airteagal 17(3), pointe (i), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, beidh ag gabháil le hiarratas ar údarú modhanna samplála (lena n‑áirítear tagairtí do mhodhanna samplála oifigiúla nó caighdeánaithe atá ann cheana), brath, sainaithint agus cainníochtú an phlanda TGN agus, i gcás inarb infheidhme, chun an planda TGN a bhrath agus a shainaithint i mbia nó i mbeatha TGN.
I gcásanna nach bhfuil sé indéanta modh anailíseach a sholáthar a bhraitheann, a shainaithníonn agus a chainníochtaíonn, má thugann an t‑iarratasóir údar cuí leis nó má thugann Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 i gcrích é le linn an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 20(4), déanfar na rialacha mionsonraithe maidir le ceanglais modha anailíseacha a chomhlíonadh a oiriúnú mar a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (e) agus sa treoraíocht dá dtagraítear in Airteagal 29(2);
3. De mhaolú ar Airteagal 5(5) agus ar Airteagal 17(5) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcás plandaí TGN de chatagóir 2 nó bia nó beatha ina bhfuil plandaí TGN de chatagóir 2 nó atá comhdhéanta díobh, beidh an méid seo a leanas ag gabháil leis an iarratas freisin:
(a) an measúnú riosca comhshaoil a rinneadh i gcomhréir leis na prionsabail agus leis na critéir a leagtar amach i gCodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II agus leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (c);
(b) i gcás inarb iomchuí, plean faireacháin maidir le héifeachtaí comhshaoil i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir 2001/18/CE, lena n‑áirítear togra maidir le ré an phlean faireacháin. D’fhéadfadh an ré sin a bheith difriúil ó fhad an údaraithe. Más rud é, bunaithe ar thorthaí aon scaoilte a fógraíodh i gcomhréir le Roinn 1, torthaí an mheasúnaithe riosca comhshaoil, saintréithe an phlanda TGN, saintréithe agus scála a úsáide ionchais agus saintréithe na timpeallachta glactha, go measann an t‑iarratasóir, i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 27, pointe (d), go bhfuil plean faireacháin riachtanach maidir leis an bplanda TGN, féadfaidh an t‑iarratasóir a mholadh gan plean faireacháin a chur isteach.
4. Beidh togra maidir le lipéadú san iarratas freisin i gcomhréir le hAirteagal 23.
Airteagal 20
Forálacha sonracha maidir le tuairim an Údaráis
1. De mhaolú ar Airteagal 6(1) agus (2) agus Airteagal 18(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, tabharfaidh an tÚdarás tuairim uaidh maidir leis an iarratas ar údarú dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo laistigh de sé mhí ón tráth a bhfaighfear iarratas bailí.
I gcás ina measfaidh an tÚdarás nó údarás inniúil an Bhallstáit a dhéanfaidh an measúnú riosca comhshaoil nó an measúnú sábháilteachta ar an mbia nó ar an mbeatha de bhun Airteagal 6(3), pointí (b) agus (c) agus Airteagal 18(3), pointí (b) agus (c) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 go bhfuil gá le faisnéis bhreise, iarrfaidh an tÚdarás, nó an t‑údarás inniúil náisiúnta tríd an Údarás, ar an iarratasóir an fhaisnéis sin a chur isteach laistigh de theorainn ama shonraithe. Sa chás sin, déanfar an tréimhse 6 mhí a fhadú go ceann na tréimhse bhreise. Ní rachaidh an síneadh sin thar sé mhí ar an iomlán ach amháin i gcás go mbeidh call leis mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.
2. I dteannta na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 6(3) agus in Airteagal 18(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, fíoróidh an tÚdarás an bhfuil na sonraí agus na doiciméid uile a chuir an t‑iarratasóir isteach i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo.
3. De mhaolú ar Airteagal 6(3), pointe (d), agus Airteagal 18(3), pointe (d), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, cuirfidh an tÚdarás na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán seo agus in Airteagal 5(3), pointe (j), agus Airteagal 17(3), pointe (j) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ar aghaidh chuig saotharlann tagartha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
4. Déanfaidh saotharlann tagartha an Aontais tástáil agus bailíochtú ar an modh braite, sainaitheantasainaitheantais agus cainníochtaithe arna mholadhatá molta ag an iarratasóir a thástáil agus a bhailíochtú i gcomhréir le hAirteagal 19(2) nó déanfaidh sí measúnú i dtaobh an bhfuil údar maith leis an bhfaisnéis a chuireann an t‑iarratasóir ar fáil chun módúlachtaí. Má thugann an t-iarratasóir údar le rialacha mionsonraithe oiriúnaithe a chur i bhfeidhm chun ceanglais an mhodha braite dá dtagraítear sa mhír sin a chomhlíonadh, déanfaidh saotharlann tagartha an Aontais a taighde agus a hanailísí féin chun an neamh-indéantacht maíte a dheimhniú. Sa chás sin, spreagfar cinneadh shaotharlann tagartha an Aontais agus cuirfear ar fáil don phobal é. [Leasú 228]
5. De mhaolú ar Airteagal 6(5), pointe (f), agus Airteagal 18(5), pointe (f), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, i gcás tuairim i bhfabhar an bia nó an bheatha a údarú, áireofar sa tuairim freisin:
(a) an modh braite, arna bhailíochtú ag saotharlann tagartha an Aontais, lena n‑áirítear sampláil, agus, i gcás inarb infheidhme, sainaithint agus cainníochtú an phlanda TGN agus brath agus sainaithint an phlanda TGN i mbia nó i mbeatha TGN, agus bonn cirt le haon oiriúnú ar an modh sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 19(2), fomhír 2;
(b) tásc ar an áit ar féidir rochtain a fháil ar ábhar tagartha iomchuí.
6. I dteannta na sonraí a luaitear in Airteagal 6(5), pointe (d) agus Airteagal 18(5), pointe (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, áireofar sa tuairim freisin togra maidir le lipéadú i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo.
Airteagal 21
Fad bhailíocht an údaraithe tar éis athnuachana
De mhaolú ar Airteagal 11(1) agus Airteagal 23(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, tar éis na chéad athnuachana, beidh an t‑údarú bailí ar feadh tréimhse neamhtheoranta, ach amháin má chinneann an Coimisiún an t‑údarú a athnuachan go ceann tréimhse teoranta, ar fhorais a bhfuil údar leo bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe riosca a rinneadh de bhun an Rialacháin seo agus ar thaithí ar úsáid, lena n‑áirítear torthaí faireacháin, má shonraítear amhlaidh san údarú.
Déanfaidh saotharlann tagartha an Aontais an modh braite, sainaitheantais agus cainníochtaithe atá molta ag an iarratasóir a thástáil agus a bhailíochtú i gcomhréir le hAirteagal 19(2). Má thugann an t-iarratasóir údar le rialacha mionsonraithe oiriúnaithe a chur i bhfeidhm chun ceanglais an mhodha braite a chomhlíonadh, déanfaidh saotharlann tagartha an Aontais a taighde agus a hanailísí féin chun an neamh-indéantacht maíte a dheimhniú. Sa chás sin, spreagfar cinneadh shaotharlann tagartha an Aontais agus cuirfear ar fáil don phobal é. [Leasú 270]
ROINN 4
Forálacha coiteanna maidir le plandaí TGN de chatagóir 2 agus táirgí TGN de chatagóir 2
Airteagal 22
Dreasachtaí do phlandaí TGN de chatagóir 2 agus do tháirgí TGN de chatagóir 2 ina bhfuil tréithe atá ábhartha don inbhuanaitheacht
1. Beidh feidhm ag na dreasachtaí san Airteagal seo maidir le plandaí TGN de chatagóir 2 agus maidir le táirgí TGN de chatagóir 2 , i gcás ina bhfuil ceann amháin ar a laghad de thréithe beartaithe an phlanda TGN a thugtar tríd an ngéinmhodhnú le fáil i gCuid 1 d’Iarscríbhinn IIIin Airteagal 51(1) de Rialachán (AE/...)(33) agus nach bhfuil aon tréith aige dá dtagraítear i gCuid 2 den Iarscríbhinn sin. [Leasú 57]
2. Beidh feidhm ag na dreasachtaí seo a leanas maidir le hiarratais ar údarú a chuirfear isteach i gcomhréir le hAirteagail 5 nó 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 i gcomhar le hAirteagal 19:
(a) de mhaolú ar Airteagal 20(1), fo‑alt (1) den Rialachán seo, tabharfaidh an tÚdarás a thuairim maidir leis an iarratas laistigh de 4 mhí ón iarratas bailí a fháil, mura rud é go n‑éilíonn castacht an táirge go gcuirfear i bhfeidhm an teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 20(1). Féadfar an teorainn ama a fhadú faoi na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 20(1), fo‑alt (2);
(b) i gcás inar FBM an t‑iarratasóir, beidh sé díolmhaithe ó na ranníocaíochtaí airgeadais a íoc le Saotharlann Tagartha an Aontais agus leis an Líonra Eorpach de Shaotharlanna OGM dá dtagraítear in Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
3. Beidh feidhm ag an gcomhairle réamhthíolactha seo a leanas chun críocha an mheasúnaithe riosca arna dhéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn II, de bhreis ar Airteagal 32a de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, roimh fhógraí a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2001/18/CE i gcomhar le hAirteagal 14 agus maidir le hiarratais ar údarú arna dtíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 nó le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 i gcomhar le hAirteagal 19:
(a) soláthróidh foireann an Údaráis, arna iarraidh sin d’iarratasóir nó fógróir ionchasach, comhairle maidir le hipitéisí riosca sochreidte a shainaithin an t‑iarratasóir nó an fógróir féideartha bunaithe ar airíonna planda, táirge nó planda nó táirge hipitéiseach, ar gá aghaidh a thabhairt orthu tríd an bhfaisnéis faoi Chuid 2 agus Cuid 3 d’Iarscríbhinn II a sholáthar. Ní chumhdófar leis an gcomhairle, áfach, dearadh na staidéar chun aghaidh a thabhairt ar na hipitéisí riosca;
(b) i gcás inar FBM an t‑iarratasóir nó an fógróir ionchasach, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Údarás faoin gcaoi a bhfuil sé beartaithe aige aghaidh a thabhairt ar na hipitéisí riosca sochreidte dá dtagraítear i bpointe (a) a shainaithin sé bunaithe ar airíonna planda, táirge nó planda nó táirge hipitéiseach, lena n‑áirítear dearadh na staidéar a bhfuil sé i gceist aige a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i gCuid 2 agus i gCuid 3 d’Iarscríbhinn II. Cuirfidh an tÚdarás comhairle ar fáil maidir leis an bhfaisnéis ar tugadh fógra fúithi, lena n‑áirítear maidir le dearadh na staidéar.
4. Comhlíonfaidh an chomhairle réamhthíolactha dá dtagraítear i mír 3 na ceanglais seo a leanas:
(a) beidh sé gan dochar d’aon mheasúnú ina dhiaidh sin ar iarratais nó fógraí ó Phainéal ar Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe an Údaráis, agus beidh sé neamhcheangailteach maidir leis an measúnú sin. Ní bheidh baint ag foireann an Údaráis a chuireann an chomhairle ar fáil in aon obair ullmhúcháin eolaíoch nó teicniúil a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an iarratas nó leis an bhfógra is ábhar don chomhairle;
(b) maidir le fógraí féideartha i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2001/18/CE i gcomhar le hAirteagal 14 agus maidir le hiarratais a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi Airteagal 5 nó faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 i gcomhar le hAirteagal 19 maidir le planda de chatagóir 2 TGN atá le húsáid mar shíolta nó mar ábhar atáirgthe plandaí eile, cuirfidh an tÚdarás an chomhairle réamhiarratais ar fáil in éineacht, nó i ndlúthchomhar le húdarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil an fógra nó an t‑iarratas le cur isteach chuige;
(c) déanfaidh an tÚdarás achoimre ar an gcomhairle réamhthíolactha a phoibliú gan mhoill a luaithe a mheasfar iarratas nó fógra a bheith bailí. Beidh feidhm mutatis mutandisag Airteagail 38(1a);
(d) féadfaidh iarratasóirí nó fógróirí féideartha a léiríonn gur FBM iad an chomhairle réamhthíolactha dá dtagraítear i mír 3, pointe (a), a iarraidh ag pointí éagsúla ama.
5. Cuirfear aon iarraidh ar dhreasachtaí faoi bhráid an Údaráis tráth a n‑iarrfar an chomhairle dá dtagraítear i mír 3 nó an t‑iarratas dá dtagraítear in Airteagal 5 nó in Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 i gcomhar le hAirteagal 19, agus beidh an fhaisnéis seo a leanas ag gabháil leis:
(a) an fhaisnéis is gá chun a shuíomh go gcomhlíonann an tréith bheartaithe nó na tréithe beartaithe a thugtar tríd an ngéinmhodhnú ar phlanda TGN de chatagóir 2 na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1;
(b) i gcás inarb infheidhme, is í FBM an fhaisnéis is gá chun an t‑iarratasóir nó an fógróir (féideartha) a léiriú;
(c) chun críche mhír 3, faisnéis faoi na gnéithe a liostaítear i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a mhéid is féidir í a sholáthar cheana féin agus aon fhaisnéis ábhartha eile.
6. Beidh feidhm ag Airteagal 26 de Threoir 2001/18/CE agus ag Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 maidir le faisnéis a chuirfear faoi bhráid an Údaráis faoin Airteagal seo, de réir mar is iomchuí.
7. Leagfaidh an tÚdarás síos na socruithe praiticiúla chun míreanna (3) go (6) a chur chun feidhme.
8. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leasaítear na liostaí tréithe de phlandaí TGN a leagtar síos in Iarscríbhinn III chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch agus d’fhianaise nua a bhaineann le tionchar na dtréithe sin ar inbhuanaitheacht, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
(a) cuirfidh an Coimisiún san áireamh faireachán ar thionchair an Rialacháin seo i gcomhréir le hAirteagal 30(3);
(b) déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an litríocht eolaíoch atá cothrom le dáta ar thionchar na saintréithe atá in Iarscríbhinn III ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch na saintréithe atá beartaithe aige a chur leis an liosta in Iarscríbhinn III nó a scriosadh ón liosta sin;
(c) i gcás inarb infheidhme, cuirfidh an Coimisiún san áireamh torthaí an fhaireacháin a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 14, pointe (h), nó Airteagal 19(3), ar phlandaí TGN lena n‑iompraítear an tréith nó na tréithe a thugtar trína ngéinmhodhnú.
Airteagal 23
Lipéadú ar tháirgí údaraithe TGN de chatagóir 2
I dteannta na gceanglas maidir le lipéadú dá dtagraítear in Airteagal 21 de Threoir 2001/18/CE, in Airteagail 12, 13, 24 agus 25 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, agus in Airteagal 4(6) go (7) de Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003, agus gan dochar do na ceanglais faoi reachtaíocht eile de chuid an Aontais, féadfar an tréith/na tréithe a thugtar tríd an ngéinmhodhnú a lua ar lipéadú táirgí údaraithe TGN de chatagóir 2, mar a shonraítear sa toiliú nó san údarú de bhun Ranna 2 nó 3 de Chaibidil III den Rialachán seo.
Airteagal 24
Bearta chun láithreacht neamhbheartaithe phlandaí TGN de chatagóir 2 a sheachaint
Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun láithreacht neamhbheartaithe plandaí de chatagóir 2 TGN a sheachaint i dtáirgí nach bhfuil faoi réir Threoir 2001/18 ná Rialachán 1829/2003.
Airteagal 25
Saothrú
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 26b de Threoir 2001/18/CE maidir le plandaí TGN de chatagóir 2.
CAIBIDIL IV
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 26
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(3), in Airteagal 6(11a) agus in Airteagal 22(8) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. [Leasú 59]
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), in Airteagal 6(11a) agus in agus Airteagal 22(8) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta isníos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 60]
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr((34)).
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(3), Airteagal 6(11a) agus Airteagal 22(8) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 61]
Airteagal 27
Gníomhartha cur chun feidhme
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) an fhaisnéis atá de dhíth chun a léiriú gur planda TGN é planda; [Leasú 62]
(b) na hiarrataí ar fhíorú dá dtagraítear in Airteagail 6 agus 7 a ullmhú agus a thíolacadh; [Leasú 63]
(c) an mhodheolaíocht agus na ceanglais faisnéise chun measúnú riosca comhshaoil a dhéanamh ar phlandaí de chatagóir 2 TGN agus na measúnuithe sábháilteachta ar bhia agus beatha TGN de chatagóir 2, i gcomhréir leis na prionsabail agus na critéir atá leagtha síos in Iarscríbhinn II;
(d) Airteagail 14 agus 19 a chur i bhfeidhm, lena n‑áirítear rialacha a bhaineann le hullmhú agus tíolacadh an fhógra nó an iarratais;
(e) módúlachtaí oiriúnaithe chun na ceanglais maidir le modh anailíse dá dtagraítear in Airteagal 14(1), pointe (l) agus in Airteagal 19(2) a chomhlíonadh.
Sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i bpointe (a) go (d), rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an Údarás. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28(3).
Airteagal 28
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh an coiste arna chur ar bun le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 182/2011.
3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 29
Treoraíocht
1. Roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, foilseoidh an tÚdarás treoraíocht mhionsonraithe chun cabhrú leis an bhfógróir nó leis an iarratasóir na fógraí agus an t‑iarratas dá dtagraítear i gCaibidlí II agus III a ullmhú agus a chur i láthair agus le hIarscríbhinn II a chur chun feidhme.
2. Roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, foilseoidh Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh um Bia agus Beatha Géinmhodhnaithe a bunaíodh de bhun Airteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, le cúnamh ón Líonra Eorpach na Saotharlanna GMO, treoraíocht mhionsonraithe chun cabhrú leis an bhfógróir nó leis an iarratasóir ar chur i bhfeidhm Airteagal 14(1), pointe (l), agus Airteagal 19(2).
Airteagal 30
Faireachán, tuairisciú agus meastóireacht
1. Tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis an chéad chinneadh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 6(8) nó (10) nó le hAirteagal 7(6) nó i gcomhréir le Roinn 2 nó le Roinn 3 de Chaibidil III, cibé acu is luaithe, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin seo ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.
2. Tabharfar aghaidhSainaithneofar sa tuarascáil freisin ar aon saincheist eiticiúil a tháiniga bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus le sláinte an chomhshaoil, sláinte an duine agus sláinte ainmhithe, athruithe ar chleachtais agranamaíocha chomh maith le saincheisteanna socheacnamaíocha agus eiticiúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus an Rialachán seo á churle cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus tabharfar aghaidh ar na saincheisteanna sin inti. [Leasú 64]
3. Chun críochcríche an tuairiscithe dá dtagraítear i mír 1, bunóidh an Coimisiún, faoin [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, tar éis dul i gcomhairle le húdaráis inniúla na mBallstát i gcomhréir le Treoir 2001/18/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo, bunaithe ar tháscairí, lena n-áirítear na héifeachtaí beartaithe agus neamhbheartaithe agus na héifeachtaí córasacha ar an gcomhshaol, ar an mbithéagsúlacht agus ar éiceachórais. Sonrófar ann an ghníomhaíocht a dhéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit le linn dóibh na sonraí agus fianaise eile a bhailiú agus a anailísiú. [Leasú 65]
4. Tráth nach luaithe ná 2 bhliain tar éis an chéad tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 a bheith foilsithe, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar chur chun feidhme an Rialacháin seo agus ar an tionchar atá aige ar shláinte an duine agus sláinte ainmhithe, an comhshaol, faisnéis do thomhaltóirí, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch, chomhshaoil agus shóisialta.
5. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le príomhthorthaí na meastóireachta dá dtagraítear i mír 4 a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus do Choiste na Réigiún.
5a. Faoi mhí an Mheithimh 2025, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún maidir le ról agus tionchar na bpaitinní ar rochtain na bpóraitheoirí agus na bhfeirmeoirí ar ábhar éagsúil atáirgthe plandaí, agus an tionchar ar an nuálaíocht agus, go háirithe, ar dheiseanna do FBManna. Déanfar measúnú sa tuarascáil ar cibé an bhfuil gá le tuilleadh forálacha dlíthiúla sa bhreis orthu sin dá bhforáiltear in Airteagal 4a agus in Airteagal 33a den Rialachán seo. I gcás inarb iomchuí chun rochtain na bpóraitheoirí agus na bhfeirmeoirí ar ábhar atáirgthe plandaí, ar éagsúlacht síolta agus ar phraghsanna inacmhainne a áirithiú, beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil chun aghaidh a thabhairt ar choigeartuithe riachtanacha breise sa chreat um chearta maoine intleachtúla. [Leasú 66]
5b. Faoi 2024, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún ina ndéanfar meastóireacht ar shainiúlachtaí agus ar riachtanais earnálacha eile nach gcumhdaítear faoin reachtaíocht seo, amhail miocrorgánaigh, lena n-áirítear togra le haghaidh gníomhaíochtaí beartais breise. [Leasú 67]
5c. Gach 4 bliana, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na critéir choibhéise atá leagtha síos in Iarscríbhinn I agus, i gcás inar gá, tabharfaidh sé cothrom le dáta iad trí ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(3). [Leasú 68]
Airteagal 31
Tagairtí i reachtaíocht eile an Aontais
A mhéid a bhaineann le plandaí TGN de chatagóir 2, forléireofar tagairtí i reachtaíocht eile an Aontais d’Iarscríbhinn II nó Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2001/18/CE mar thagairtí do Chodanna 1 agus 2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 32
Athbhreithniú riaracháin
I gcás aon chinneadh a dhéantar de bhua na gcumhachtaí a bhronntar ar an Údarás leis an Rialachán seo, nó aon mhainneachtain na cumhachtaí sin a fheidhmiú, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh nó ar an mainneachtain sin ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát nó d’aon duine ar bhain an cinneadh nó an mhainneachtain sin leis go díreach agus go leithleach.
Chuige sin déanfar iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 2 mhí ón lá a cuireadh an páirtí lena mbaineann ar an eolas faoin ngníomh nó an neamhghníomh i dtrácht.
Ullmhóidh an Coimisiún dréachtchinneadh laistigh de 2 mhí lena gceanglófar ar an Údarás, más iomchuí, a chinneadh a tharraingt siar nó an neamhghníomh uaidh a leigheas.
Airteagal 33
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/625
Leasaítear Airteagal 23 de Rialachán (AE) 2017/625 mar a leanas:
(1) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(ii):"
‘(ii) OGManna do tháirgeadh bia agus beatha a shaothrú agus an plean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (e) de Threoir 2001/18/CE, in Airteagal 5(5), pointe (b), agus Airteagal 17(5), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, agus in Airteagail 14(1), pointe (h) agus 19(3), pointe (b) de Rialachán [tagairt don Rialachán sin] a chur i bhfeidhm i gceart;;’
"
(2) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"
‘(b) OGManna do tháirgeadh bia agus beatha a shaothrú agus an plean faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 13(2), pointe (e) de Threoir 2001/18/CE, in Airteagal 5(5), pointe (b), agus Airteagal 17(5), pointe (b), de Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, agus in Airteagail 14(1), pointe (h) agus 19(3), pointe (b) de Rialachán [tagairt don Rialachán sin] a chur i bhfeidhm i gceart;.’
(1) Leasaítear Airteagal 4 de Threoir 98/44/CE maidir le cosaint dlí aireagán bith-theicneolaíoch mar a leanas:
(a) I mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:"
‘(c)Plandaí TGN, ábhar plandaí, codanna díobh, faisnéis ghéiniteach agus gnéithe próisis atá iontu, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) .../... [I.O. cuir isteach uimhir an Rialacháin];
(d)
plandaí, ábhar plandaí, codanna díobh, faisnéis ghéiniteach agus gnéithe próisis atá iontu is féidir a chur ar fáil trí theicnící atá eisiata ó raon feidhme Threoir 2001/18/CE mar a liostaítear in Iarscríbhinn I B a ghabhann leis an treoir sin.’
"
(b) cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:"
‘4.Beidh mír 2 agus mír 3 gan dochar do na heisiaimh ó inphaitinneacht a chumhdaítear i mír 1.’
"
(2) In Airteagal 8, uirtear na míreanna seo a leanas leis:"
‘3.De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, ní bheidh táirge planda, a chodanna nó a chomhpháirteanna géiniteacha inphaitinnithe má fhaightear iad trí phróiseas teicniúil inphaitinnithe nach féidir a idirdhealú ó tháirgí plandaí nó ó chodanna géiniteacha nó ó chomhábhair de tháirgí plandaí is féidir a fháil trí phróiseas atá bitheolaíoch go bunúsach.’
"
(3) In Airteagal 9, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:"
‘2.De mhaolú ar mhír 1, táirge planda ina bhfuil faisnéis ghéiniteach nó arb í atá ann faisnéis ghéiniteach a fhaightear trí phróiseas teicniúil inphaitinne, ní bheidh sé inphaitinnithe mura féidir é a idirdhealú ó tháirgí plandaí ina bhfuil an fhaisnéis ghéiniteach chéanna nó arb í atá inti an fhaisnéis ghéiniteach chéanna a fuarthas trí phróiseas atá bitheolaíoch go bunúsach.
3. De mhaolú ar an gcéad mhír, ní bhainfidh an chosaint a thugtar le paitinn do tháirge ina bhfuil faisnéis ghéiniteach nó atá déanta de le hábhar plandaí ina bhfuil an táirge ionchorpraithe agus ina bhfuil an fhaisnéis ghéiniteach agus ina bhfeidhmíonn sí de réir a feidhme, ach nach féidir é a idirdhealú ó ábhar plandaí a fuarthas nó is féidir a fháil trí phróiseas atá bitheolaíoch go bunúsach.
4. Ní bhainfidh an chosaint a thugtar le paitinn do tháirge ina bhfuil faisnéis ghéiniteach nó atá déanta de le hábhar plandaí ina bhfuil an táirge ionchorpraithe agus ina bhfuil an fhaisnéis ghéiniteach agus ina bhfeidhmíonn sí de réir a feidhme, ach nach féidir é a idirdhealú ó ábhar plandaí a fuarthas nó is féidir a fháil trí phróiseas atá bitheolaíoch go bunúsach.’ [Leasuithe 69, 201cp, 230/rev1 agus 291cp3]
"
Airteagal 34
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh feidhm aige ón [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh feidhm ag Airteagal 4a agus ag Airteagal 33a ó dháta a theacht i bhfeidhm. [Leasú 70]
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN I
Critéir maidir le coibhéis plandaí TGN le gnáthphlandaí
Meastar planda TGN a bheith coibhéiseach le gnáthphlandaí i gcás ina mbíonn sé difriúil ón bplanda is faighteoir/tuismitheoir faoi 20 géinmhodhnú ar a mhéad de na cineálachamá chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas dá dtagraítear i bpointí 1 go 5, in aon seicheamh DNA a chomhroinneann cosúlacht seichimh leis an suíomh spriocdhírithe is féidir a thuar le huirlisí bithfhaisnéisíochta.agus 1a: [Leasú 71]
(1) Ní mó líon na géinmhodhnuithe seo a leanas, ar féidir iad a chumasc lena chéile, ná 3 cinn in aghaidh aon seichimh phróitéin-chódaithe agus é a chur san áireamh go n-eisiatar sócháin in iontróin agus seichimh rialaitheacha ón teorainn sin:
(a) 20 núicléitíd ar a mhéad a ionadú nó a ionsá;
(b) líon ar bith núicléitídí a scriosadh; [Leasú 72]
(1a) Ní chruthaíonn na géinmhodhnuithe seo a leanas, ar féidir iad a chumasc lena chéile, próitéin chiméarach nach bhfuil i speicis ón linn géinte chun críoch pórúcháin agus nach gcuireann isteach ar ghéin inginiúil;
(a) seichimh DNA leanúnacha atá sa linn géinte chun críoch pórúcháin a ionsá;
(b) seichimh DNA leanúnacha atá sa linn géinte chun críoch pórúcháin a chur in ionad seichimh DNA inginiúla;
(c) seichimh DNA inginiúla leanúnacha atá sa linn géinte chun críoch pórúcháin a inbhéartú nó trasghluaiseacht a dhéanamh orthu. [Leasú 73]
(2) líon ar bith núicléitídí a scriosadh; [Leasú 74]
(3) ar choinníoll nach gcuireann an géinmhodhnú isteach ar ghéin inginiúil:
(a) seicheamh DNA tadhlach atá ann i linn géinte an phóraitheora a ionsá ar bhealach spriocdhírithe;
(b) seicheamh DNA tadhlach atá ann i linn géinte an phóraitheora a chur in ionad seichimh DNA inginiúil ar bhealach spriocdhírithe; [Leasú 75]
(4) seicheamh ina bhfuil líon ar bith núicléitídí a inbhéartú ar bhealach spriocdhírithe; [Leasú 76]
(5) aon mhodhnú spriocdhírithe eile ar aon mhéid, ar choinníoll go dtarlaíonn na seichimh DNA a eascraíonn as cheana féin (d’fhéadfadh modhnuithe a bheith i gceist mar a ghlactar leis sin faoi phointí (1) agus/nó (2)) i speiceas ó linn géinte na bpóraitheoirí.[Leasú 77]
IARSCRÍBHINN II
Measúnú riosca ar phlandaí TGN de chatagóir 2 agus ar bhia agus beatha TGN de chatagóir 2
Le Cuid 1 den Iarscríbhinn seo, tugtar tuairisc ar na prionsabail ghinearálta atá le leanúint chun an measúnú riosca comhshaoil a dhéanamh ar phlandaí TGN de chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 13, pointí (c) agus (d), Airteagal 14(1), pointe (e), agus Airteagal 19(3), pointe (a), agus chun an measúnú sábháilteachta a dhéanamh ar bhia agus beatha TGN de chatagóir 2 dá dtagraítear in Airteagal 19(1), pointe (b). Le Cuid 2, tugtar tuairisc ar fhaisnéis shonrach chun an measúnú riosca comhshaoil a dhéanamh ar phlandaí TGN de chatagóir 2, agus le Cuid 3, tugtar tuairisc ar fhaisnéis shonrach chun an measúnú sábháilteachta a dhéanamh ar bhia agus beatha TGN de chatagóir 2.
Cuid 1 – Prionsabail ghinearálta agus faisnéis
Déanfar an measúnú riosca comhshaoil i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2001/18/CE.
Maidir le cineál agus méid na faisnéise a mbeidh gá léi chun an measúnú riosca comhshaoil a dhéanamh ar phlandaí TGN de chatagóir 2 a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2001/18/CE agus chun an measúnú sábháilteachta bia agus beatha a dhéanamh ar bhia agus beatha TGN de chatagóir 2, is amhlaidh a dhéanfar iad a oiriúnú dá bpróifíl riosca. Áirítear na nithe seo a leanas ar na tosca atá le breithniú:
(a) saintréithe an phlanda TGN, go háirithe an tréith nó na tréithe a tugadh isteach, feidhm an tseichimh nó na seicheamh géanóim a modhnaíodh nó a ionsádh, agus feidhm aon ghéin a gcuirtear isteach uirthi trí chisghéin nó páirteanna de chisghéin a ionsá;
(aa) saintréithe an phlanda is faighteoir amhail ailléirgineacht, acmhainneacht i leith an tsreafa géine, acmhainneacht i leith fiailí, feidhm éiceolaíoch; [Leasú 78]
(b) taithí roimh ré ar chaitheamh plandaí comhchosúla nó a dtáirgí;
(c) taithí roimh ré ar shaothrú an speicis chéanna plandaí nó ar shaothrú an speicis plandaí a léiríonn tréithe comhchosúla nó inar modhnaíodh nó ionsádh seichimh ghéanóim chomhchosúla nó inar cuireadh isteach orthu;
(d) scála agus coinníollacha an scaoilte;
(e) na coinníollacha úsáide atá beartaithe don phlanda TGN.
Beidh na nithe seo a leanas san áireamh sa mheasúnú riosca comhshaoil ar phlandaí TGN de chatagóir 2 agus sa mheasúnú riosca ar bhia TGN agus beatha TGN de chatagóir 2:
(a) sainaithint agus saintréithriú guaise;
(b) measúnú nochta;
(c) saintréithriú riosca.
Beidh gá leis an bhfaisnéis seo a leanas i gcónaí:
(a) sainaithint agus saintréithriú guaise
(i) faisnéis a bhaineann leis an bplanda is faighteoir nó, i gcás inarb iomchuí, na plandaí is tuismitheoirí;
(ii) saintréithriú móilíneach.
Soláthrófar an fhaisnéis trí shonraí atá le fáil cheana féin ó litríocht eolaíoch nó foinsí eile a thiomsú nó trí shonraí eolaíocha a ghiniúint i gcás inar gá trí staidéir thurgnamhacha nó bhithfhaisnéisíochta iomchuí a dhéanamh.
(b) measúnú risíochta
Soláthrófar faisnéis maidir leis an dóchúlacht go dtarlódh gach éifeacht dhíobhálach fhéideartha arna sainaithint. Déanfar meastóireacht air sin agus saintréithe na timpeallachta nó na dtimpeallachtaí is faighteoir, an fheidhm atá beartaithe, an ról cothaithe, an leibhéal úsáide a bhfuil coinne leis don bhia agus don bheatha san Aontas agus raon feidhme an iarratais ar údarú á gcur san áireamh, de réir mar is ábhartha.
(c) saintréithriú riosca
Bunóidh an t‑iarratasóir a shaintréithriú riosca do phlandaí TGN agus do bhianna agus beatha TGN ar fhaisnéis ó shainaithint guaise, saintréithriú guaise agus measúnú ar nochtadh. Déanfar an riosca a shaintréithiú, i gcás gach éifeachta díobhálaí a d’fhéadfadh a bheith ann, tríd an dóchúlacht go dtarlódh an éifeacht dhíobhálach agus méid na héifeachta sin a chur le chéile, chun meastachán cainníochtúil nó leathchainníochtúil ar an riosca a sholáthar. I gcás inarb ábhartha, tabharfar tuairisc ar an éiginnteacht a bhaineann le gach riosca a shainaithnítear.
Ní bheidh gá le haon fhaisnéis maidir le sainaithint agus saintréithriú guaise a shonraítear faoi Chodanna 2 agus 3 ach amháin más rud é go mbíonn saintréithe sonracha agus úsáid bheartaithe phlanda TGN de chatagóir 2 nó bhia nó bheatha TGN de chatagóir 2 ina gcúis le hipitéis shochreidte riosca ar féidir aghaidh a thabhairt uirthi trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a shonraítear.
Cuid 2 – Faisnéis shonrach chun an measúnú riosca comhshaoil a dhéanamh ar phlandaí TGN de chatagóir 2 i ndáil le sainaithint agus saintréithriú guaise
(1) Anailís ar shaintréithe agranamaíocha, feinitíopacha agus comhdhéanaimh
(2) Marthanacht agus ionracht
(3) Aistriú féideartha géinte
(4) Idirghníomhaíochtaí an phlanda TGN le spriocorgánaigh
(5) Idirghníomhaíochtaí an phlanda TGN le horgánaigh nach spriocorgánaigh iad
(6) Tionchair na dteicnící sonracha saothraithe, bainistíochta agus buainte
(6a) Tionchair ar shaothrú orgánach [Leasú 79]
(7) Éifeachtaí ar phróisis bhith‑gheoiceimiceacha
(8) Éifeachtaí ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe
(8a) Éifeachtaí ar chosaint agus ar chaomhnú na bithéagsúlachta [Leasú 80]
Cuid 3 – Faisnéis shonrach chun an measúnú sábháilteachta a dhéanamh ar bhia agus beatha TGN de chatagóir 2 i ndáil le sainaithint agus saintréithriú guaise
(1) Anailís ar shaintréithe agranamaíocha, feinitíopacha agus comhdhéanaimh
(2) Tocsaineolaíocht
(3) Ailléirgineacht
(4) Measúnú cothaitheach
IARSCRÍBHINN III
Tréithe dá dtagraítear in Airteagal 6 agus in Airteagal 22 [Leasú 81]22
Cuid 1
Tréithe lena dtugtar údar leis na dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 22:
(1) táirgeacht, lena n‑áirítearn-áirítear cobhsaíocht táirgeachta agus táirgeacht faoi dhálaí ionchuir ísil, ar choinníoll go rannchuidíonn na tréithe sin freisin le pointe (2), (3) nó (4) den Iarscríbhinn seo; [Leasú 82]
(2) lamháltas/frithsheasmhacht in aghaidh struis bhitheacha, lena n‑áirítear galair plandaí ar néimeatóidí, fungais, baictéir, víris agus lotnaidí eile is cúis leo;
(3) lamháltas/frithsheasmhacht in aghaidh struis aibitheacha, lena n‑áirítear na struis sin a chruthaítear nó a ghéaraítear de thoradh an athraithe aeráide;
(4) úsáid níos éifeachtúla acmhainní, amhail uisce agus cothaithigh;
(5) saintréithe lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht na stórála, na próiseála agus an dáilte;
(6) saintréithe cáilíochta nó cothaitheacha feabhsaithe;
(7) gá laghdaithe le hionchuir sheachtracha, amhail táirgí cosanta plandaí agus leasacháin, mura dtagann sé salach ar Iarscríbhinn III, cuid 2. [Leasú 83]
Cuid 2
Tréithe gan cur i bhfeidhm na ndreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 22 a áireamh: frithsheasmhacht in aghaidh luibhicídí.
Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).
Léargais agus réitigh a eascraíonn as tionscadail taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag an Aontas i leith straitéisí pórúcháin plandaí, féadfaidh siad cuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le brath, an inrianaitheacht agus an bharántúlacht a áirithiú, agus an nuálaíocht a chur chun cinn i réimse na dteicnící géanómaíocha nua. Cistíodh breis agus 1 000 tionscadal faoin Seachtú Clár Réime agus faoin gclár comharba Fís 2020, agus infheistíocht de bhreis agus 3 bhilliún Euro i gceist. Tá tacaíocht ó Fhís Eorpach do thionscadail taighde chomhoibríocha maidir le straitéisí pórúcháin plandaí ar siúl go leanúnach freisin, SWD(2021) 92.
Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European, Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, The European Green Deal [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’], COM/2019/640 final.
Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European, Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally friendly food system [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol’], COM/2020/381 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol, COM/2020/380 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a Climate‑Resilient Europe – the New EU Strategy on Adaptation to Climate Change [An Eoraip a fhorbairt sa tslí go mbeidh sí athléimneach – Straitéis Nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide] COM(2021) 82 final
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal An tSlándáil bia a choimirciú agus athléimneacht na gcóras bia a neartú, COM (2022) 133 final; Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO), 2022, Gene editing and agrifood systems [An modhnú géanóim agus córais agraibhia], an Róimh, ISBN 978-92-5-137417-7.
An Coimisiún Eorpach, Ard‑Stiúrthóireacht an Taighde agus na Nuálaíochta, A sustainable bioeconomy for Europe – Strengthening the connection between economy, society and the environment: [Bithgheilleagar inbhuanaithe don Eoraip – An ceangal idir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a neartú]: straitéis bithgheilleagair nuashonraithe, Oifig na bhFoilseachán, 2018, https://data.europa.eu/doi/10.2777/792130.
Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, Trade Policy Review – An Open, Sustainable and Assertive Trade Policy [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála – Beartas Trádála Oscailte, Inbhuanaithe agus Teanntásach] COM(2021)66 final.
Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus inrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear as orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lch. 24).
Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1).
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 25 Iúil 2018, Confédération paysanne agus Eile v Premier ministre agus Ministre de l’agriculture, de l’agroalimentaire et de la forêt, C-528/16, ECLI:EU:C:2018:583.
Cinneadh (AE) 2019/1904 ón gComhairle an 8 Samhain 2019 lenar iarradh ar an gCoimisiún staidéar a chur isteach i bhfianaise an bhreithiúnais ón gCúirt Bhreithiúnais i gCás C-528/16 maidir le stádas na dteicnící núíosacha géanómaíocha faoi dhlí an Aontais, mar aon le togra, más iomchuí, i bhfianaise thorthaí an staidéir (IO L 293, 14.11.2019, lch. 103).
Study on the status of new genomic techniques under Union law and in light of the Court of Justice ruling in Case C-528/16 [Staidéar maidir le stádas na dteicnící géanómaíocha nua faoi dhlí an Aontais agus i bhfianaise an rialaithe ón gCúirt Bhreithiúnais i gCás C-528/16], SWD(2021) 92 final.
Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).
Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA ar Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), Mullins E, Bresson J-L, Dalmay T, Dewhurst IC, Epstein MM, Firbank LG, Guerche P, Hejatko J, Moreno FJ, Naegeli H, Nogué F, Sánchez Serrano JJ, Savoini G, Veromann E, Veronesi F, Casacuberta, J, Fernandez Dumont A, Gennaro A, Lenzi, P, Lewandowska A, Munoz Guajardo IP, Papadopoulou N agus Rostoks N, 2022. Tuairim eolaíoch a thabhairt cothrom le dáta maidir le plandaí a forbraíodh trí chisgineas agus inghineas. Iris EFSA 2022;20(10):7621, lch. 33 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7621.
Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA ar Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), Naegeli H, Bresson J-L, Dalmay T, Dewhurst IC, Epstein MM, Firbank LG, Guerche P, Hejatko J, Moreno FJ, Mullins E, Nogué F, Sánchez Serrano JJ, Savoini G, Veromann E, Veronesi F, Casacuberta J, Gennaro A, Paraskevopoulos K, Raffaello T agus Rostoks N, 2020. Infheidhmeacht Thuairim EFSA maidir le núicléis láthairstiúrtha chineál 3 maidir le measúnú sábháilteachta a dhéanamh ar phlandaí a fhorbraítear agus núicléis láthairstiúrtha de chineál 1 agus 2 agus só‑ghineas olaganúicléitíd‑stiúrtha á n‑úsáid. Iris EFSA 2020;18(11):6299, lch. 14 https://doi. org/10.2903/j.efsa.2020.6299.
Painéal OGM EFSA (Painéal EFSA ar Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe), Mullins E, Bresson J-L, Dalmay T, Dewhurst IC, Epstein MM, Firbank LG, Guerche P, Hejatko J, Moreno FJ, Naegeli H, Nogué F, Rostoks N, Sánchez Serrano JJ, Savoini G, Veromann E, Veronesi F, Fernandez A, Gennaro A, Papadopoulou N, Raffaello T agus Schoonjans R, 2022. Ráiteas maidir leis na critéir chun measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí arna dtáirgeadh trí shó‑ghineas spriocdhírithe, cisgineas agus inghineas. Iris EFSA 2022;20(10):7618, lch. 12 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2022.7618.
Líonra Eorpach na Saotharlann GMO (ENGL), Detection of food and feed plant products obtained by new mutagenesis techniques [Táirgí planda bia agus beatha a fhaightear trí theicnící só‑ghinis nua a bhrath], 26 Márta 2019 (JRC116289); An 13 Meitheamh 2023 (JRC133689; EUR 31521 EN)
Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 031, 1.2.2002, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh 228/2013, (AE) Uimh 652/2014 agus (AE) Uimh 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).
Rialachán (CE) Uimh. 65/2004 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2004 lena mbunaítear córas chun aitheantóirí uathúla d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe a fhorbairt agus a shannadh (IO L 10, 16.1.2004, lch. 5).
Treoir 98/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 1998 maidir le cosaint dlí aireagán bith-theicneolaíoch (IO L 213, 30.7.1998, lch. 13).
Luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíochta réitigh a chistiú (SRMR3)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú (COM(2023)0226 – C9-0139/2023 – 2023/0111(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0226),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0139/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Iúil 2023(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2023(2),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0155/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a chistiú(3)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(4),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(5),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid a leanas:
(1) Bunaíodh creat réitigh an Aontais le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (‘institiúidí’) tar éis na géarchéime airgeadais domhanda 2008-2009 agus de dhroim dhoiciméad an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais dar teideal ‘Príomhthréithe Córas Éifeachtach Imréitigh d’Institiúidí Airgeadais’(6) arna fhormhuiniú go hidirnáisiúnta. Is éard atá i gcreat réitigh an Aontais Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8). Tá feidhm ag an dá ghníomh maidir le hinstitiúidí atá bunaithe san Aontas, agus maidir le haon eintiteas eile a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin nó an Rialacháin sin (‘eintitis’). Is é is aidhm do chreat réitigh an Aontais déileáil ar bhealach ordúil le teip institiúidí agus eintiteas trí fheidhmeanna criticiúla institiúidí agus eintiteas a chaomhnú agus trí bhagairtí ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, agus trí thaisceoirí agus cistí poiblí a chosaint san am céanna. Ina theannta sin, tá sé beartaithe le creat réitigh an Aontais forbairt an mhargaidh inmheánaigh sa bhaincéireacht a chothú trí chóras comhchuibhithe a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna trasteorann ar bhealach comhordaithe agus trí shaincheisteanna cothroime iomaíochta a sheachaint.
(1a) Faoi láthair, is ar dhá cholún, eadhon, an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) agus an Sásra Réitigh Aonair (SRA), de na trí cholún a beartaíodh dó atá an t-aontas baincéireachta bunaithe. Is é sin, tá sé neamhiomlán, toisc nach ann dá thríú colún, an Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT). Is cuid dhílis d’aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus den chobhsaíocht airgeadais é an t-aontas baincéireachta a chur i gcrích, go háirithe trí mhaolú ar rioscaí an ‘fháinne fí’, mar a thugtar air, a eascraíonn as an nasc idir na bainc agus fiachas ceannasach.
(2) Roinnt blianta ó cuireadh chun feidhme é, ní thugann creat réitigh an Aontais mar is infheidhme faoi láthair an toradh a bhí beartaithe i ndáil le cuid de na cuspóirí sin. Go háirithe, cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag institiúidí agus ag eintitis i dtreo inréiteachta agus go bhfuil acmhainní suntasacha tiomnaithe acu chuige sin, go háirithe tríd an acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin a mhéadú agus trí shocruithe maoinithe réitigh a líonadh, is annamh a bhaintear leas as creat réitigh an Aontais. Ina ionad sin, tugtar aghaidh ar theipeanna institiúidí agus eintiteas beag agus meánmhéide áirithe trí bhearta náisiúnta neamh-chomhchuibhithe den chuid is mó. Ar an drochuair, is airgead cáiníocóirí a úsáidtear fós seachas líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal, lena n-áirítear socruithe um maoiniú réitigh. Is cosúil go n-eascraíonn an staid sin as dreasachtaí neamhleora. Eascraíonn na dreasachtaí neamhleora sin as an idirghníomhú idir creat réitigh an Aontais agus na rialacha náisiúnta, rud a fhágann nach ndéantar an lánrogha leathan sa mheasúnú ar leas an phobail a fheidhmiú i gcónaí ar bhealach a léiríonn an chaoi ar beartaíodh feidhm a bheith ag creat réitigh an Aontais. San am céanna, is beag úsáid a baineadh as creat réitigh an Aontais mar gheall ar na rioscaí caillteanais a iompar atá ann do thaisceoirí institiúidí arna gcistiú ó thaiscí d’fhonn a áirithiú gur féidir leis na hinstitiúidí sin rochtain a fháil ar chistiú seachtrach le linn réitigh, go háirithe in éagmais dliteanais intarrthála eile. Ar deireadh, ós rud é nach bhfuil na rialacha maidir le rochtain ar chistiú i gcás nach bhfuil faoi réiteach chomh dian céanna leis na rialacha le linn réitigh, bíonn drogall ann creat réitigh an Aontais a chur i bhfeidhm agus baintear leas as réitigh eile ina n-úsáidtear airgead cáiníocóirí go minic in ionad acmhainní dílse na hinstitiúide nó an eintitis nó líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal. Cruthaítear rioscaí ilroinnte leis an staid sin, an riosca nach iad na torthaí is fearr a bhainfear amach le linn teipeanna institiúidí agus eintiteas a bhainistiú, go háirithe i gcás institiúidí agus eintitis bheaga agus mheánmhéide, agus na deischostais de bharr acmhainní airgeadais nár úsáideadh. Is den riachtanas a áirithiú dá bhrí sin go ndéanfar creat réitigh an Aontais a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí agus a áirithiú gur féidir é a chur i bhfeidhm nuair is chun leas an phobail é sin, lena n-áirítear i gcás institiúidí beaga agus meánmhéide ▌.
(3) De bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, na Ballstáit a bhfuil dlúthchomhar bunaithe acu idir an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus na húdaráis inniúla náisiúnta faoi seach, measfar gur Ballstáit rannpháirteacha iad chun críocha an Rialacháin sin. Mar sin féin, níl aon mhionsonraí i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 maidir leis an bpróiseas chun tús a chur leis an dlúthchomhar maidir le cúraimí a bhaineann le réiteach. Is iomchuí, dá bhrí sin, na mionsonraí sin a leagan síos.
(4) Bíonn éagsúlacht ag baint le déine agus leibhéal mionsonraithe na hoibre pleanála réitigh sin i dtaca le fochuideachtaí nár aithníodh mar eintitis réitigh ag brath ar mhéid agus ar phróifíl riosca na n-institiúidí agus na n-eintiteas lena mbaineann, ar fheidhmeanna criticiúla a bheith i láthair agus ar an straitéis réitigh grúpa. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh ar chumas an Bhoird Réitigh Aonair (an ‘Bord’) na tosca sin mheas le linn dó na bearta a bheidh le déanamh i leith fochuideachtaí den sórt sin a shonrú agus cur chuige simplithe a leanúint i gcás inarb iomchuí.
(5) Maidir le hinstitiúidí nó eintitis atá á bhfoirceannadh faoin dlí náisiúnta, tar éis cinneadh a bheith déanta go bhfuil siad i mbéal teipthe nó gur dóigh dóibh teip agus tar éis don Bhord teacht ar chonclúid nach ar mhaithe le leas an phobail é iad a réiteach, beidh siad ag imeacht ón margadh ar deireadh. Tugann an méid sin le tuiscint nach bhfuil gá le plean le haghaidh gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh i gcás teipe, is cuma an ndearna an t-údarás inniúil údarú na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann a tharraingt siar cheana. Is amhlaidh atá i gcás institiúid iarmharach faoi réiteach tar éis na sócmhainní, cearta, agus dliteanais a aistriú i gcomhthéacs straitéis aistrithe. Is iomchuí a shonrú, dá bhrí sin, nach gá pleananna réitigh a ghlacadh sna cásanna sin.
(6) Féadfaidh an Bord toirmeasc a chur ar dháileacháin áirithe faoi láthair i gcás institiúid nó eintiteas nach gcomhlíonann an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a mheastar é sa bhreis ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (‘ICDI’). Mar sin féin, chun deimhneacht dhlíthiúil agus ailíniú leis na nósanna imeachta atá ann cheana maidir le cur chun feidhme cinntí Boird a áirithiú, ní mór sonrú níos soiléire a dhéanamh ar róil na n-údarás a bhfuil baint acu leis an bpróiseas chun dáileacháin a thoirmeasc. Is iomchuí, dá bhrí sin, a leagan síos gur cheart don Bhord treoir a dhíriú chuig an údarás réitigh náisiúnta chun dáileacháin den sórt sin a thoirmeasc, agus ba cheart don údarás sin cinneadh an Bhoird a chur chun feidhme. Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí a cheangal ar institiúid nó ar eintiteas ICDI a chomhlíonadh ar bhonn atá éagsúil leis an mbonn ar a gceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas sin an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh. Cruthaíonn an staid sin éiginnteachtaí maidir leis na coinníollacha faoina bhfeidhmeofar cumhachtaí an Bhoird chun dáileacháin a thoirmeasc agus maidir leis an Uasmhéid Indáilte a bhaineann le ICDI a ríomh. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos gur cheart don Bhord, sna cásanna sin, treorú do na húdaráis réitigh náisiúnta dáileacháin áirithe a thoirmeasc bunaithe ar an meastachán ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte a eascraíonn as Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún(9). Chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart don Bhord an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta a chur in iúl don institiúid nó don eintiteas, agus ba cheart di nó dó an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta sin a nochtadh go poiblí ansin.
(7) Le Treoir 2014/59/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, leagtar síos cumhachtaí atá le feidhmiú ag údaráis réitigh, agus ní áirítear cuid díobh sin i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. Sa Sásra Réitigh Aonair, is féidir an méid sin a bheith ina chúis éiginnteachta i dtaobh cé a fheidhmeoidh na cumhachtaí sin agus na coinníollacha faoina bhfeidhmeofar iad. Dá bhrí sin, is gá a shonrú mar ba cheart d’údaráis réitigh náisiúnta cumhachtaí áirithe a fheidhmiú, nach leagtar amach ach amháin i dTreoir 2014/59/AE, i ndáil le heintitis agus grúpaí a thagann faoi fhreagracht dhíreach an Bhoird. Sna cásanna sin, ba cheart go bhféadfadh an Bord, i gcás ina measann sé gur gá, treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí sin a fheidhmiú. Go háirithe, ba cheart go bhféadfadh an Bord treoir a thabhairt d’údaráis réitigh náisiúnta a cheangal ar institiúid nó ar eintiteas taifid mhionsonraithe a choinneáil de na conarthaí airgeadais ar páirtí iontu an institiúid nó an t-eintiteas, nó an chumhacht a chur i bhfeidhm roinnt oibleagáidí airgeadais a chur ar fionraí de bhun Airteagal 33a de Threoir 2014/59/AE. Mar sin féin, ós rud é nach gceanglaítear leis na ceadanna chun laghdú a dhéanamh ar ionstraimí dliteanas incháilithe a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10), atá infheidhme freisin maidir le hinstitiúidí agus eintitis agus dliteanais atá faoi réir ICDI, go gcuirfear reachtaíocht náisiúnta i bhfeidhm, ba cheart go bhféadfadh an Bord na ceadanna sin a thabhairt d’institiúidí nó d’eintitis go díreach, gan iallach a bheith air treorú do na húdaráis réitigh náisiúnta an chumhacht sin a fheidhmiú.
(8) Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) agus Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), cuireadh chun feidhme i ndlí an Aontais ‘Bileog Téarmaí na hAcmhainneachta Ionsúcháin Caillteanais Iomláine (TLAC)’ arna foilsiú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 9 Samhain 2015 (‘caighdeán TLAC’), le haghaidh bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, dá dtagraítear i ndlí an Aontais mar institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIIanna). Le Rialachán (AE) 2019/877 agus le Treoir (AE) 2019/879, 'leasaíodh an ICDI a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. Is gá na forálacha i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 maidir le ICDI a ailíniú le cur chun feidhme chaighdeán TLAC do G-SIInna i dtaca le dliteanais áirithe a d’fhéadfaí a úsáid chun an chuid den ICDI a chomhlíonadh ar cheart í a chomhlíonadh le cistí dílse agus le dliteanais fho-ordaithe eile. Go háirithe, ba cheart dliteanais a rangaítear pari passu le dliteanais eisiata áirithe a chuimsiú i gcistí dílse agus in ionstraimí incháilithe fo-ordaithe na n-eintiteas réitigh i gcás nach mó méid na ndliteanas eisiata sin ar chlár comhardaithe an eintitis réitigh ná 5 % de mhéid chistí dílse agus dhliteanais incháilithe an eintitis réitigh agus nach n-eascraíonn aon rioscaí a bhaineann leis an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ as an gcuimsiú sin.
(9) Tá na rialacha maidir leis an ICDI a chinneadh dírithe den chuid is mó ar leibhéal iomchuí an ICDI a shocrú agus toimhde ann gurb í an uirlis tarrthála inmheánaí an straitéis réitigh tosaíochta. Mar sin féin, le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ceadaítear don Bhord uirlisí réitigh eile a úsáid, eadhon, na huirlisí réitigh sin a bhraitheann ar aistriú ghnó na hinstitiúide faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig droichead-institiúid. Dá bhrí sin, i gcás ina mbeartaítear sa phlean réitigh úsáid a bhaint as an uirlis díolacháin gnó nó as an uirlis droichead-institiúide▌, go neamhspleách nó in éineacht le huirlisí réitigh eile, ba cheart don Bhord leibhéal ICDI an eintitis réitigh lena mbaineann a chinneadh ar bhonn shainiúlachtaí na n-uirlisí réitigh sin agus ar bhonn na riachtanas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin éagsúla atá i gceist leis na huirlisí sin.
(10) Is é leibhéal an ICDI d’eintitis réitigh, suim mhéid na gcaillteanas ionchasach le linn réitigh agus méid an athchaipitliúcháin lena gcumasaítear don eintiteas réitigh a choinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh i gcónaí, agus a ghníomhaíochtaí a shaothrú ar feadh tréimhse iomchuí. Le straitéisí réitigh tosaíochta áirithe, go háirithe an uirlis díolacháin gnó, aistrítear sócmhainní, cearta agus dliteanais chuig faighteoir▌. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag na cuspóirí arna saothrú ag an gcomhpháirt athchaipitliúcháin a mhéid céanna agus a bheadh feidhm acu i gcás straitéis tarrthála inmheánaí bainc oscailte, toisc nach gceanglófar ar an mBord a áirithiú go ndéanfaidh an t-eintiteas réitigh comhlíonadh a cheanglas cistí dílse a athbhunú tar éis na gníomhaíochta réitigh. Mar sin féin, meastar go sáróidh na caillteanais sna cásanna sin ceanglais cistí dílse an eintitis réitigh. Dá bhrí sin, is iomchuí a leagan síos go leanfaidh leibhéal ICDI na n-eintiteas réitigh sin de mhéid athchaipitliúcháin a chur san áireamh, méid a choigeartófar ar bhealach a bheidh i gcomhréir leis an straitéis réitigh.
(11) I gcás ina mbeartaítear sa straitéis réitigh uirlisí réitigh seachas tarrtháil inmheánach go heisiach a úsáid, is gnách go mbeidh riachtanais athchaipitliúcháin an eintitis lena mbaineann níos lú tar éis réitigh ná mar a bheadh i gcás tarrtháil inmheánach bainc oscailte. I gcás den sórt sin i dtaca le ICDI a chalabrú, ba cheart an ghné sin a chur san áireamh agus an ceanglas athchaipitliúcháin á mheas. Dá bhrí sin, agus coigeartú á dhéanamh aige ar leibhéal an ICDI d'eintitis réitigh, a bhfuil sé beartaithe ina bplean réitigh go mbainfear úsáid as an uirlis díolacháin gnó nó as an uirlis droichead-institiúide▌, go neamhspleách nó in éineacht le huirlisí réitigh eile, ba cheart don Bhord gnéithe na n-uirlisí sin a chur san áireamh, lena n-áirítear imlíne ionchasach an aistrithe chuig an gceannaitheoir príobháideach nó chuig an droichead-institiúid, na cineálacha ionstraimí a bheidh le haistriú, luach ionchasach agus indíoltacht na n-ionstraimí sin, agus dearadh na straitéise réitigh tosaíochta, lena n-áirítear úsáid chomhlántach na huirlise deighilte sócmhainní. Ós rud é go gcaithfidh an t-údarás réitigh cinneadh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás ar aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as cistí ón scéim ráthaithe taiscí le linn réitigh agus ós rud é nach féidir glacadh leis go gcinnfear amhlaidh ex ante, níor cheart don Bhord an ranníocaíocht fhéideartha ón scéim ráthaithe taiscí a chur san áireamh (le linn réitigh agus leibhéal ICDI á chalabrú. Leis an gcur chuige sin, laghdaítear freisin ar dhóchúlacht an bhaoil mhorálta trína áirithiú nach nglacann eintitis leis roimh ré go n-úsáidfear cistí ón scéim ráthaithe taiscí faoi seach chun an sprioc 8 % d’iomlán na ndliteanas agus na gcistí dílse a bhaint amach.
▌
(13) De bhun Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle(14), tá BCE inniúil ar chúraimí maoirseachta a dhéanamh i ndáil le luath-idirghabháil. Is gá na rioscaí a eascraíonn as trasuí éagsúil na mbeart luath-idirghabhála i ndlíthe náisiúnta i dTreoir 2014/59/AE a laghdú agus éascaíocht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach na gcumhachtaí atá ag BCE chun bearta luath-idirghabhála a dhéanamh. Cruthaíodh na bearta luath-idirghabhála sin chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla meathlú staid airgeadais agus eacnamaíoch institiúide nó eintitis a leigheas agus an riosca agus an tionchar ó réiteach féideartha a laghdú a mhéid is féidir. Mar sin féin, mar gheall ar easpa cinnteachta maidir leis na truicir chun na bearta luath-idirghabhála sin a chur i bhfeidhm agus forluí páirteach le bearta maoirseachta, is annamh a úsáideadh bearta luath-idirghabhála. Ba cheart, dá bhrí sin, forálacha Threoir 2014/59/AE maidir le bearta luath-idirghabhála a léiriú i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, rud a áiritheoidh uirlis dlí aonair atá infheidhme go díreach do BCE, agus ba cheart na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála sin a shimpliú agus a shonrú tuilleadh. Chun deireadh a chur le héiginnteachtaí maidir leis na coinníollacha agus leis an uainiú chun an comhlacht bainistíochta a bhaint agus riarthóirí sealadacha a cheapadh, ba cheart na bearta sin a shonrú go sainráite mar bhearta luath-idirghabhála agus ba cheart a gcur i bhfeidhm a bheith faoi réir na dtruicear céanna. San am céanna, ba cheart a cheangal ar BCE na bearta iomchuí a roghnú chun aghaidh a thabhairt ar chás sonrach i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Chun a chur ar a chumas do BCE rioscaí clú nó rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid nó teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh, ba cheart do BCE measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm, ní hamháin ar bhonn táscairí cainníochtúla, lena n-áirítear ceanglais chaipitil nó leachtachta, leibhéal giarála, iasachtaí neamhthuillmheacha nó comhchruinniú neamhchosaintí, ach ar bhonn truicir cháilíochtúla freisin.
(14) Is gá a áirithiú go mbeidh ar chumas an Bhoird ullmhú le haghaidh réiteach féideartha institiúide nó eintitis. Dá bhrí sin, ba cheart do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha an Bord a chur ar an eolas faoi mheathlú staid airgeadais institiúide nó eintitis luath go leor, agus ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag an mBord chun bearta ullmhúcháin a chur chun feidhme. Rud atá tábhachtach, chun a chur ar a chumas don Bhord freagairt chomh tapa agus is féidir do mheathlú staid institiúide nó eintitis, níor cheart cur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála a bheith ina choinníoll chun go ndéanfaidh an Bord socruithe maidir le margú na hinstitiúide nó an eintitis nó maidir le faisnéis a iarraidh chun an plean réitigh a nuashonrú agus an luacháil a ullmhú. Chun freagairt chomhsheasmhach, chomhordaithe, éifeachtach agus thráthúil ar mheathlú staid airgeadais institiúide nó eintitis a áirithiú agus chun ullmhú i gceart le haghaidh réiteach féideartha, is den riachtanas feabhas a chur ar an idirghníomhaíocht agus ar an gcomhordú idir BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta agus an Bord. A luaithe a chomhlíonann institiúid nó eintiteas na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm, ba cheart do BCE, do na húdaráis inniúla náisiúnta agus don Bhord a malartuithe faisnéise a mhéadú, lena n-áirítear faisnéis shealadach, agus faireachán a dhéanamh go comhpháirteach ar staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis.
(14a) I gcás ina n-éileoidh an Bord an fhaisnéis is gá chun pleananna réitigh a thabhairt cothrom le dáta, chun ullmhú le haghaidh réiteach féideartha eintitis nó chun luacháil a dhéanamh, ba cheart do BCE nó do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha an fhaisnéis sin a sholáthar don Bhord a mhéid atá sí ar fáil dóibh. I gcás nach bhfuil an faisnéis ábhartha ar fáil cheana féin do BCE ná do na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, ba cheart don Bhord agus do BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha comhoibriú agus comhordú chun an fhaisnéis a mheasann an Bord go bhfuil gá léi a bhailiú. I gcomhthéacs an chomhordaithe sin, ba cheart do na húdaráis an fhaisnéis a bhfuil gá léi a bhailiú agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na comhréireachta.
(15) Is den riachtanas gníomhaíocht thráthúil agus luath-chomhordú a áirithiú idir an Bord agus BCE, nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha, maidir le grúpaí trasteorann nach bhfuil chomh suntasach i gcás ina bhfuil institiúid nó eintiteas fós ina ghnóthas leantach ach go bhfuil riosca ábhartha ann go dteipfidh ar an institiúid nó an eintiteas sin. Dá bhrí sin, ba cheart do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha fógra a thabhairt don Bhord a luaithe is féidir faoi riosca den sórt sin. Ba cheart na cúiseanna leis an measúnú ó BCE nó ón údarás inniúil náisiúnta ábhartha a bheith san fhógra sin, agus forléargas ar na bearta malartacha ón earnáil phríobháideach, an ghníomhaíocht mhaoirseachta nó na bearta luath-idirghabhála atá ar fáil chun teip na hinstitiúide nó an eintitis a chosc laistigh de thréimhse réasúnta. Le luathfhógra den sórt sin, níor cheart dochar a dhéanamh do na nósanna imeachta chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach á gcomhlíonadh. An réamhfhógra a thabharfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha don Bhord maidir le riosca ábhartha go bhfuil institiúid nó eintiteas ag teip nó gur dóigh di nó dó teip, níor cheart é sin a bheith ina choinníoll le haghaidh cinnidh ina dhiaidh sin go bhfuil institiúid nó eintiteas ag teip i ndáiríre nó gur dóigh di nó dó teip. Thairis sin, má mheastar ag céim níos déanaí go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip agus nach bhfuil aon réiteach malartach ann chun teip den sórt sin a chosc laistigh de thréimhse réasúnta, ní mór don Bhord cinneadh a dhéanamh cibé an ndéanfar gníomhaíocht réitigh. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh tráthúlacht an chinnidh gníomhaíocht réitigh a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid nó le heintiteas a bheith buntábhachtach ó thaobh an straitéis réitigh a chur chun feidhme go rathúil, go háirithe toisc gur féidir le hidirghabháil níos luaithe san institiúid nó san eintiteas rannchuidiú le leibhéil leordhóthanacha acmhainneachta ionsúcháin caillteanais agus leachtachta a áirithiú chun an straitéis sin a chur i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, a chur ar a chumas don Bhord measúnú a dhéanamh, i ndlúthchomhar le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta ábhartha, ar cad is tréimhse réasúnta ann chun bearta malartacha a chur chun feidhme chun teip na hinstitiúide nó an eintitis a sheachaint. Agus an measúnú sin á dhéanamh ba cheart a chur san áireamh freisin nach mór é a bheith ar chumas an údaráis réitigh i gcónaí agus ar chumas an eintitis lena mbaineann an straitéis réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach sa chás gurb í a theastaíonn sa deireadh ach gan cosc a chur ar bhearta malartacha a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an scála ama dá bhforáiltear do na bearta malartacha de chineál a d’fhágfadh nach gcuirfear éifeachtacht chur chun feidhme féideartha na straitéise réitigh i mbaol. Chun toradh tráthúil a áirithiú agus chun a chur ar a chumas don Bhord ullmhú go cuí do réiteach féideartha na hinstitiúide nó an eintitis, ba cheart don Bhord agus do BCE, nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha, teacht le chéile go rialta, agus ba cheart don Bhord cinneadh a dhéanamh maidir le minicíocht na gcruinnithe sin agus imthosca an cháis á gcur san áireamh.
(16) Chun sáruithe ábhartha ar cheanglais stuamachta a chumhdach, is gá sonrú breise a dhéanamh ar na coinníollacha lena gcinntear go bhfuil máthairghnóthais, lena n-áirítear cuideachtaí sealbhaíochta, i mbéal teipthe nó gur dóigh dóibh teip. Ba cheart sárú na gceanglas sin arna dhéanamh ag máthairghnóthas a bheith ábhartha i gcás ina bhfuil cineál agus méid an tsáraithe sin inchurtha le sárú a thabharfadh údar cuí don údarás inniúil an t-údarú a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2013/36/AE dá mba institiúid chreidmheasa a rinne é.
(17) Tá sé i gceist go bhféadfar an creat réitigh a chur i bhfeidhm maidir le haon institiúid nó eintiteas a mbeidh measúnú dearfach ar leas an phobail ag baint léi nó leis, gan beann ar mhéid agus samhail ghnó na hinstitiúide nó an eintitis. Chun an toradh sin a áirithiú, ba cheart na critéir chun an measúnú ar leas an phobail a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid nó eintiteas atá ag teip a shonrú. Sa mhéid sin, is gá a shoiléiriú, agus sin ag brath ar na himthosca sonracha, gur féidir feidhmeanna áirithe de chuid na hinstitiúide nó an eintitis a mheas mar fheidhmeanna criticiúla dá mbeadh tionchar ag scor na bhfeidhmeanna sin ar chobhsaíocht airgeadais nó ar sheirbhísí criticiúla ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe i gcás inarb é an margadh geografach ábhartha a chinneann inionadaitheacht na bhfeidhmeanna criticiúla.
(18) Ba cheart go léireodh an measúnú ar cibé an bhfuil réiteach institiúide nó eintitis chun leasa an phobail, gur fearr an chosaint atá ag taisceoirí nuair a bhaintear úsáid níos éifeachtúla as cistí scéimeanna ráthaithe taiscí agus nuair a íoslaghdaítear na caillteanais maidir leis na cistí sin. Dá bhrí sin, sa mheasúnú ar leas an phobail, ba cheart a mheas gurbh fhearr mar a bhainfí amach an cuspóir réitigh na taisceoirí a chosaint le linn réitigh dá mbeadh sé níos costasaí don scéim ráthaithe taiscí an dócmhainneacht a roghnú.
(19) Sa mheasúnú i dtaobh an bhfuil réiteach institiúide nó eintitis chun leasa an phobail, ba cheart a léiriú freisin, a mhéid is féidir, an difríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú arna sholáthar trí líontáin sábhála arna gcistiú ag an earnáil (socruithe maoinithe réitigh nó scéimeanna ráthaithe taiscí) agus, ar an taobh eile, cistiú arna sholáthar ag na Ballstáit ó airgead cáiníocóirí. Is mó de riosca baoil mhorálta agus is lú de dhreasacht chun glacadh le smacht an mhargaidh a bhaineann leis an gcistiú a chuireann na Ballstáit ar fáil, agus níor cheart é a bheith san áireamh ach in imthosca urghnácha. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ar an gcuspóir an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, ba cheart don Bhord cistiú a fháil trí na socruithe maoinithe réitigh nó tríd an scéim ráthaithe taiscí, ar fearr é ná cistiú trí mhéid comhionann acmhainní ó bhuiséad na mBallstát.
(19a) I gcás ina dtugann creataí náisiúnta dócmhainneachta agus réitigh an toradh céanna go bunúsach ó thaobh cuspóirí an chreata a bhaint amach, ba cheart tús áite a thabhairt don rogha lena n-íoslaghdaítear an riosca do cháiníocóirí agus don gheilleagar. Leis an gcur chuige sin, áiritheofar gníomhaíocht stuama fhreagrach, a bheidh ailínithe leis an sprioc uileghabhálach leasanna na gcáiníocóirí agus an chobhsaíocht eacnamaíoch i gcoitinne a chosaint.
(19b) Níor cheart tacaíocht airgeadais urghnách arna chistiú ag cáiniocóirí a dheonú d’institiúidí airgeadais, más féidir in aon chor, ach amháin chun suaitheadh tromchúiseach de chineál urghnách agus sistéamach sa gheilleagar a leigheas, ós rud é go leagtar ualach suntasach ar an airgeadas poiblí leis agus go gcuirtear isteach ar chothrom na Féinne sa mhargadh inmheánach.
(20) Chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí réitigh ar an mbealach is éifeachtaí, ba cheart go measfadh toradh an mheasúnaithe ar leas an phobail an dtabharfadh foirceannadh na hinstitiúide nó an eintitis atá i mbéal teipthe, faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, toradh níos éifeachtaí ná réiteach, ó thaobh ghnóthú na gcuspóirí réitigh de, seachas go dtabharfadh sé an toradh céanna is a thabharfadh réiteach.
(21) I bhfianaise na taithí a fuarthas agus Treoir 2014/59/AE, Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus Treoir 2014/49/AE á gcur chun feidhme, is gá sonrú breise a dhéanamh ar na coinníollacha faoinar féidir bearta de chineál réamhchúraim a cháilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a dheonú go heisceachtúil. Chun saobhadh iomaíochta a thagann as difríochtaí i gcineál scéimeanna ráthaithe taiscí san Aontas a íoslaghdú, ba cheart, ar bhonn eisceachtúil, idirghabhálacha na scéimeanna sin a cheadú i gcomhthéacs bearta coisctheacha lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 2014/49/AE agus a cháilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i gcás nach gcomhlíonann an institiúid is tairbhí nó an t-eintiteas is tairbhí aon cheann de na coinníollacha maidir lena mheas go bhfuil sí nó sé i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar bearta réamhchúraim luath go leor. Faoi láthair tá breithniú BCE maidir le hinstitiúid nó eintiteas a bheith sócmhainneach, chun críocha an athchaipitlithe réamhchúraim, bunaithe ar mheasúnú réamhbhreathnaitheach don 12 mhí ina dhiaidh sin ar cibé an féidir leis an institiúid nó leis an eintiteas na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i Rialachán (AE) 2019/2033, agus an ceanglas cistí dílse breise a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE nó i dTreoir (AE) 2019/2034, a chomhlíonadh. Ba cheart an cleachtas sin a leagan síos i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. Ina theannta sin, maidir le bearta chun faoiseamh a sholáthar i leith sócmhainní bearnaithe, lena n-áirítear meáin bhainistíochta sócmhainní nó scéimeanna ráthaíochta sócmhainní, is féidir leo a bheith éifeachtach agus éifeachtúil chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna anás airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann d’institiúidí agus d’eintitis agus chun a dteip a chosc agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís a bheith ina mbearta réamhchúraim ábhartha. Ba cheart a shonrú, dá bhrí sin, go bhféadfadh bearta réamhchúraim den sórt sin a bheith i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe.
(22) Chun smacht an mhargaidh a chaomhnú, cistí poiblí a chosaint agus saobhadh iomaíochta a sheachaint, ba cheart bearta réamhchúraim a bheith ina n-eisceacht i gcónaí agus níor cheart iad a chur i bhfeidhm ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar shuaití tromchúiseacha sa mhargadh nó chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, go háirithe i gcás géarchéim shistéamach. Thairis sin, níor cheart bearta réamhchúraim a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanais thabhaithe nó ar chaillteanais is dóigh a thabhófar. Is athbhreithniú ar cháilíocht sócmhainní ó BCE, ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15) nó ó údaráis inniúla náisiúnta an ionstraim is iontaofa chun caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint. Ba cheart do BCE agus do na húdaráis inniúla náisiúnta athbhreithniú den sórt sin a úsáid chun caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint más féidir athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ba cheart do BCE agus do na húdaráis inniúla náisiúnta caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint ar an mbealach is iontaofa is féidir faoi na himthosca atá ann faoi láthair, bunaithe ar chigireachtaí ar an láthair i gcás inarb iomchuí.
(23) Is é is aidhm d’athchaipitliú réamhchúraim tacaíocht a thabhairt d’institiúidí agus d’eintitis inmharthana a shainaithnítear gur dócha go mbeidh deacrachtaí sealadacha acu sula i bhfad agus chun nach rachaidh a gcás in olcas a thuilleadh. Ionas nach ndeonófar fóirdheontais phoiblí do ghnólachtaí atá neamhbhrabúsach cheana féin nuair a dheonaítear an tacaíocht, níor cheart bearta réamhchúraim a dheonaítear i bhfoirm éadáil ionstraimí cistí dílse nó ionstraimí caipitil eile nó trí bhearta sócmhainní bearnaithe a bheith níos mó ná an méid is gá chun easnaimh chaipitil a chumhdach mar a sainaithníodh i gcás díobhálach tástáil struis nó i bhfreachnamh coibhéiseach. Chun a áirithiú go scoirfear den mhaoiniú poiblí ar deireadh, ba cheart na bearta réamhchúraim sin a theorannú ó thaobh ama de freisin agus ba cheart amlíne shoiléir a bheith iontu chun iad a fhoirceannadh (▌‘straitéis chun imeacht ón mbeart tacaíochta’). Níor cheart ionstraimí suthaine, lena n-áirítear caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, a úsáid ach amháin in imthosca eisceachtúla agus ba cheart iad a bheith faoi réir teorainneacha cainníochtúla áirithe toisc nach bhfuil siad oiriúnach, de bharr a gcineáil, chun coinníoll na tréimhse sealadaí a chomhlíonadh.
(24) Ba cheart bearta réamhchúraim a theorannú don mhéid a bheadh de dhíth ar an institiúid nó ar an eintiteas chun a sócmhainneacht a chaomhnú i gcás díobhálach mar a chinntear i dtástáil struis nó i bhfreachnamh coibhéiseach. I gcás bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, ba cheart an institiúid nó an t-eintiteas is faighteoir a bheith in ann an méid sin a úsáid chun caillteanais ar na sócmhainní aistrithe a chumhdach nó i gcomhcheangal le héadáil ionstraimí caipitil, ar choinníoll nach sárófar méid foriomlán an easnaimh arna shainaithint. Is gá a áirithiú freisin go gcomhlíonfaidh bearta réamhchúraim den sórt sin i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe na rialacha agus na cleachtais is fearr atá ann cheana maidir le Státchabhair, go n-athbhunóidh siad inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide nó an eintitis, go mbeidh státchabhair teoranta don mhéid is lú is gá agus go seachnófar saobhadh ar an iomaíocht. Ar na cúiseanna sin, ba cheart do na húdaráis lena mbaineann, i gcás bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, an treoraíocht shonrach a chur san áireamh, lena n-áirítear Treoirphlean AMC(16) agus an Teachtaireacht maidir le Dul i nGleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha(17). Ba cheart na bearta réamhchúraim sin i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe a bheith faoi réir choinníoll sáraitheach na tréimhse sealadaí i gcónaí. Le ráthaíochtaí poiblí a dheonaítear ar feadh tréimhse shonraithe i ndáil le sócmhainní bearnaithe na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann, meastar go n-áiritheofar gur fearr a chomhlíonfar coinníoll na tréimhse sealadaí ná sa chás ina n-aistreofaí na sócmhainní sin chuig eintiteas a fhaigheann tacaíocht phoiblí. Chun a áirithiú maidir le hinstitiúidí a fhaigheann tacaíocht phoiblí, go gcomlíonfaidh siad téarmaí an bhirt tacaíochta, ba cheart go n-iarrfadh BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta plean feabhsúcháin ar institiúidí ar theip orthu a ngealltanais a chomhlíonadh. I gcás ina mbeidh BCE nó údarás inniúil náisiúnta den tuairim nach bhféadfar inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide a bhaint amach leis na bearta sa phlean feabhsúcháin nó i gcás inar theip ar an institiúid an plean feabhsúcháin a chomhlíonadh, ba cheart go ndéanfadh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha measúnú féachaint an bhfuil an institiúid i mbéal teipthe nó ar dóigh di teip, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.
(25) Tá sé tábhachtach a áirithiú go ndéanfaidh an Bord gníomhaíocht réitigh thapa agus thráthúil i gcás ina mbeidh baint ag deonú Státchabhrach nó cabhrach ón gCiste leis an ngníomhaíocht sin. Is gá, dá bhrí sin, a chur ar a chumas don Bhord an scéim réitigh lena mbaineann a ghlacadh sula ndéanfaidh an Coimisiún measúnú féachaint an bhfuil an chabhair sin comhoiriúnach leis an margadh inmheánach. Mar sin féin, chun dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú i gcás den sórt sin, ba cheart scéimeanna réitigh lena ndeonaítear státchabhair nó cabhair ón gCiste a bheith faoi réir fhormheas na cabhrach sin ag an gCoimisiún ar deireadh thiar. Chun a chur ar a chumas don Choimisiún a mheas, a luaithe is indéanta, an bhfuil an chabhair ón gCiste comhoiriúnach leis an margadh aonair, agus chun sreabhadh rianúil faisnéise a áirithiú, is gá a leagan síos freisin gur cheart don Bhord agus don Choimisiún an fhaisnéis uile is gá maidir le húsáid fhéideartha na cabhrach ón gCiste a chomhroinnt go pras agus foráil a dhéanamh maidir le rialacha sonracha i dtaobh cathain ba cheart don Bhord faisnéis a sholáthar don Choimisiún agus cén fhaisnéis ba cheart dó a sholáthar chun bonn eolais a chur faoin measúnú a dhéanfaidh an Coimisiún ar chomhoiriúnacht na cabhrach ón gCiste.
(26) An nós imeachta lena rialaítear dul i mbun réitigh agus an nós imeachta lena rialaítear an cinneadh na cumhachtaí díluachála agus comhshó a chur i bhfeidhm, tá siad cosúil le chéile. Is iomchuí, dá bhrí sin, cúraimí an Bhoird agus cúraimí BCE nó an údaráis inniúil náisiúnta faoi seach a ailíniú, de réir mar is ábhartha, nuair a dhéanann siad measúnú, ar thaobh amháin, i dtaca le cibé an bhfuil na coinníollacha ann chun na cumhachtaí díluachála agus comhshó a chur i bhfeidhm, agus, ar an taobh eile, nuair a dhéanann siad measúnú ar na coinníollacha chun scéim réitigh a ghlacadh.
(27) D’fhéadfadh sé go mbeadh gníomhaíocht réitigh le cur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh atá ina cheann ar ghrúpa réitigh, agus an tráth céanna, go mbeadh cumhachtaí díluachála agus comhshó le cur i bhfeidhm maidir le heintiteas eile de chuid an ghrúpa céanna. Maidir le hidirthuilleamaíochtaí idir eintitis den sórt sin, lena n-áirítear ceanglais chaipitil chomhdhlúite atá ann agus a bheidh le hathbhunú agus an gá le sásraí caillteanais réamhtheachtacha agus sásraí caipitil iartheachtacha a ghníomhachtú, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach measúnú a dhéanamh ar na riachtanais ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin le haghaidh gach eintiteas ar leithligh, agus a chinneadh ar an gcaoi sin na méideanna is gá a dhíluacháil agus a chomhshó le haghaidh gach eintitis. Ba cheart, dá bhrí sin, an nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na cumhachta chun ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe a dhíluacháil agus a chomhshó sna cásanna sin a shonrú, agus ba cheart don Bhord idirthuilleamaíochtaí den sórt sin a chur san áireamh. Chuige sin, i gcás ina gcomhlíonfaidh eintiteas amháin na coinníollacha maidir leis an gcumhacht díluachála agus comhshó a chur i bhfeidhm agus ina gcomhlíonfaidh eintiteas eile laistigh den ghrúpa céanna na coinníollacha maidir le réiteach san am céanna, ba cheart don Bhord scéim réitigh a ghlacadh lena gcumhdófar an dá eintiteas.
(28) Chun deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, agus i bhfianaise ábharthacht fhéideartha na ndliteanas a d’fhéadfadh teacht as teagmhais neamhchinnte amach anseo, lena n-áirítear toradh dlíthíochtaí atá ar feitheamh tráth an réitigh, is gá a leagan síos cén láimhseáil ba cheart a thabhairt do na dliteanais sin chun an uirlis tarrthála inmheánaí a chur i bhfeidhm. Maidir leis sin, is iad na treoirphrionsabail dá bhforáiltear sna rialacha cuntasaíochta, agus go háirithe sna rialacha cuntasaíochta a leagtar síos i gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 37 arna nglacadh le Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún(18), ar cheart bheith ina dtreoirphrionsabail. Ar an mbonn sin, ba cheart do na húdaráis réitigh idirdhealú a dhéanamh idir forálacha agus dliteanais theagmhasacha. Is éard is forálacha ann, dliteanais a bhaineann le heis-sreabhadh dóchúil cistí agus ar féidir meastóireacht iontaofa a dhéanamh orthu. Ní aithnítear dliteanais theagmhasacha mar dhliteanais chuntasaíochta mar go mbaineann siad le hoibleagáid nach féidir a mheas mar oibleagáid dhóchúil tráth an mheastacháin nó nach féidir a mheas go hiontaofa.
(29) Ós rud é gur dliteanais chuntasaíochta iad forálacha, ba cheart a shonrú go gcaithfear leis na forálacha sin ar an gcaoi chéanna le dliteanais eile. Ba cheart na forálacha sin a bheith intarrthála, seachas i gcás ina gcomhlíonann siad ceann de na critéir shonracha lena n-eisiamh ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí. I bhfianaise ábharthacht fhéideartha na bhforálacha sin le linn réitigh agus chun cinnteacht a áirithiú maidir le cur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí, ba cheart a shonrú gur cuid de na dliteanais intarrthála iad forálacha agus, dá réir sin, go bhfuil feidhm ag an uirlis tarrthála inmheánaí maidir leo.
(30) De réir phrionsabail na cuntasaíochta, ní féidir dliteanais theagmhasacha a aithint mar dhliteanais agus níor cheart, dá bhrí sin, iad a bheith intarrthála. Is gá a áirithiú, áfach, maidir le dliteanas teagmhasach a d’eascródh as teagmhas atá neamhdhóchúil nó nach féidir a mheas go hiontaofa tráth an réitigh nach ndéanann sé dochar d’éifeachtacht na straitéise réitigh agus go háirithe d’éifeachtacht na huirlise tarrthála inmheánaí. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart don luachálaí, mar chuid den luacháil chun críoch réitigh, measúnú a dhéanamh ar dhliteanais theagmhasacha a áirítear i gclár comhardaithe na hinstitiúide nó an eintitis faoi réiteach agus luach féideartha na ndliteanas sin a chainníochtú de réir chumas an luachálaí. Chun a áirithiú gur féidir leis an institiúid nó leis an eintiteas, tar éis an phróisis réitigh, muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú ar feadh tréimhse ama iomchuí, ba cheart don luachálaí an luach féideartha sin a chur san áireamh nuair a bhunófar an méid faoinar gá dliteanais intarrthála a dhíluacháil nó a chomhshó chun cóimheasa caipitil na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú. Go háirithe, ba cheart don údarás réitigh a chumhachtaí comhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais intarrthála a mhéid is gá chun a áirithiú gur leor athchaipitliú na hinstitiúide faoi réiteach chun caillteanais fhéideartha a chumhdach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar dhliteanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar theagmhas neamhdhóchúil. Agus measúnú á dhéanamh ar mhéid na díluachála nó an chomhshó, ba cheart don údarás réitigh breithniú cúramach a dhéanamh ar thionchar an chaillteanais fhéideartha ar an institiúid faoi réiteach bunaithe ar roinnt tosca, lena n-áirítear an dóchúlacht go dtiocfaidh ann don teagmhas, an creat ama dá theacht ann agus méid an dliteanais theagmhasaigh.
(31) I gcúinsí áirithe, tar éis don Chiste Réitigh Aonair ranníocaíocht suas le huasmhéid 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó an eintitis, lena n-áirítear cistí dílse, a chur ar fáil, féadfaidh an Bord foinsí breise cistiúcháin a úsáid chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt dá ngníomhaíocht réitigh. Ba cheart a shonrú níos soiléire cé na himthosca ina bhféadfaidh an Ciste Réitigh Aonair tacaíocht bhreise a sholáthar i gcás ina ndearnadh gach dliteanas ag a bhfuil rangú tosaíochta níos ísle ná taiscí, nach n-eisiatar go héigeantach nó go discréideach ón tarrtháil inmheánach, a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-iomláine.
(32) Braitheann rath an réitigh ar rochtain thráthúil a bheith ag an mBord ar fhaisnéis ábhartha ó na hinstitiúidí agus ó na heintitis a thagann faoi fhreagracht an Bhoird agus ó institiúidí agus údaráis phoiblí. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go bhféadfadh an Bord rochtain a fháil ar fhaisnéis staidrimh a bhailigh BCE faoina fheidhm bhainc cheannais, de bhreis ar an bhfaisnéis atá ar fáil do BCE mar mhaoirseoir faoi chuimsiú Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013. De bhun Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle(19), ba cheart don Bhord cosaint fhisiceach agus loighciúil ar fhaisnéis staidrimh rúnda a áirithiú agus ba cheart dó údarú chuig BCE a cheangal i gcás an tarchuir bhreise a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun cúraimí an Bhoird a fhorfheidhmiú. Ós rud é go bhféadfadh gá a bheith le faisnéis a bhaineann le líon na gcustaiméirí arb é institiúid nó eintiteas an t-aon chomhpháirtí baincéireachta amháin nó an príomh-chomhpháirtí baincéireachta atá acu, ar faisnéis í atá i seilbh na sásraí uathoibrithe láraithe arna mbunú de bhun Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20), ba cheart go bhféadfadh an Bord an fhaisnéis sin a fháil ar bhonn cás ar chás. Ba cheart uainiú beacht rochtain indíreach an Bhoird ar fhaisnéis a shonrú freisin. Go háirithe, nuair atá an fhaisnéis ábhartha ar fáil d’institiúid nó d’údarás a bhfuil oibleagáid uirthi nó air comhoibriú leis an mBord nuair a iarrann an Bord faisnéis, ba cheart don institiúid nó don údarás sin an fhaisnéis sin a sholáthar don Bhord. Más rud é, an tráth sin, nach mbeidh an fhaisnéis ar fáil, is cuma cén chúis nach bhfuil sí ar fáil, ba cheart go bhféadfadh an Bord an fhaisnéis sin a fháil ón duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil an fhaisnéis sin aige trí na húdaráis náisiúnta réitigh nó go díreach, tar éis dó na húdaráis réitigh náisiúnta sin a chur ar an eolas faoin méid sin. Ba cheart don Bhord a bheith in ann freisin an nós imeachta a shonrú, faoinar cheart dó faisnéis a fháil ó eintitis airgeadais, agus an fhoirm ina ndéanfar sin, chun a áirithiú gurb í an fhaisnéis sin is oiriúnaí dá riachtanais, lena n-áirítear seomraí sonraí fíorúla. Ina theannta sin, chun an comhar is leithne is féidir a áirithiú leis na heintitis uile a bhfuil seans ann go bhféadfadh sonraí a bheith ina seilbh atá ábhartha don Bhord, agus atá riachtanach chun na cúraimí a thugtar dó a chomhlíonadh, agus chun dúbláil iarrataí chuig institiúidí agus eintitis a sheachaint, ba cheart go n-áireofaí comhaltaí an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais, na SRTanna ábhartha, an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach, na nÚdarás Maoirseachta Eorpach agus an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh leis na hinstitiúidí agus na húdaráis phoiblí uile ar cheart don Bhord a bheith in ann comhoibriú leo, infhaighteacht faisnéise a sheiceáil agus faisnéis a mhalartú leo. Ar deireadh, chun idirghabháil thráthúil na socruithe airgeadais atá ar conradh don Chiste Réitigh Aonair a áirithiú, i gcás inar gá, ba cheart don Bhord an Coimisiún agus BCE a chur ar an eolas a luaithe a mheasann sé go bhféadfadh sé a bheith riachtanach socruithe airgeadais den sórt sin a ghníomhachtú agus gach faisnéis is gá a sholáthar don Choimisiún agus do BCE chun a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil leis na socruithe airgeadais sin.
(33) Foráiltear le hAirteagal 86(1) de Threoir 2014/59/AE nach bhfuil gnáthimeachtaí dócmhainneachta maidir le hinstitiúidí agus eintitis faoi raon feidhme na Treorach sin le tosú ach amháin ar thionscnamh an údaráis réitigh agus nach ndéanfar cinneadh lena gcuirtear institiúid nó eintiteas i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta ach amháin le toiliú an údaráis réitigh. Ní léirítear an fhoráil sin i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. I gcomhréir le roinnt na gcúraimí a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ba cheart do na húdaráis réitigh náisiúnta dul i gcomhairle leis an mBord sula ngníomhóidh siad i gcomhréir le hAirteagal 86(1) de Threoir 2014/59/AE le haghaidh institiúidí agus eintitis atá faoi fhreagracht dhíreach an Bhoird.
(34) Is ionann na critéir roghnúcháin do phost Leas-Chathaoirleach an Bhoird agus na critéir maidir leis an gCathaoirleach agus comhaltaí lánaimseartha eile an Bhoird a roghnú. Is iomchuí, dá bhrí sin, na cearta vótála céanna a thabhairt do Leas-Chathaoirleach an Bhoird agus atá ag an gCathaoirleach agus ag comhaltaí lánaimseartha an Bhoird.
▌
(36) Chun go bhféadfaidh an Bord réamh-mheasúnú a dhéanamh ina sheisiún iomlánach ar an dréachtbhuiséad sula dtíolacfaidh an Cathaoirleach a dhréacht críochnaitheach, ba cheart síneadh a chur leis an tréimhse faoina bhféadfaidh an Cathaoirleach togra tosaigh a chur ar aghaidh le haghaidh bhuiséad bliantúil an Bhoird.
(37) Tar éis na tréimhse tosaigh ina ndéantar an Ciste Réitigh Aonair dá dtagraítear in Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a thiomargadh, d’fhéadfadh laghduithe beaga faoi bhun a spriocleibhéil teacht ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dó, go háirithe mar thoradh ar mhéadú ar thaiscí cumhdaithe. Is dócha, dá bhrí sin, gur beag méid na ranníocaíochtaí ex-ante is dócha a ghlaofar sna cúinsí sin. D’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, sna blianta romhainn amach, nach mbeadh méid na ranníocaíochtaí ex ante sin i gcomhréir a thuilleadh leis an gcostas a bhaineann leis na ranníocaíochtaí sin a bhailiú. Dá bhrí sin, ba cheart go bhféadfadh an Bord bailiú na ranníocaíochtaí ex ante a chur siar ar feadh suas le trí bliana go dtí go sroichfidh an méid atá le bailiú méid atá comhréireach le costas an phróisis bailithe, ar choinníoll nach ndéanfaidh iarchur den sórt sin difear ábhartha do chumas an Bhoird an Ciste Réitigh Aonair a úsáid.
(38) Tá gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe ar cheann de chomhpháirteanna na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil don Chiste Réitigh Aonair. Is gá, dá bhrí sin, na cúinsí a shonrú ina bhféadfar na gealltanais íocaíochta sin a ghlaoch, agus an nós imeachta is infheidhme nuair a bheidh na gealltanais á bhfoirceannadh i gcás ina scoirfidh institiúid nó eintiteas de bheith faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc leis an gCiste Réitigh Aonair. Ina theannta sin, chun níos mó trédhearcachta agus cinnteachta a sholáthar maidir le sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí ex ante atá le tiomsú, ba cheart don Bhord an sciar sin a chinneadh ar bhonn bliantúil, faoi réir na dteorainneacha is infheidhme.
(39) Uasmhéid bliantúil na ranníocaíochtaí ex post urghnácha leis an gCiste Réitigh Aonair a cheadaítear a ghlaoch, tá sé teoranta faoi láthair do thrí oiread na ranníocaíochtaí ex ante. Tar éis na tréimhse tiomargtha tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, beidh na ranníocaíochtaí ex ante sin ag brath, i gcúinsí eile seachas úsáid an Chiste Réitigh Aonair, ar athruithe ar leibhéal na dtaiscí cumhdaithe amháin, agus is dócha dá bhrí sin go n-éireoidh siad beag. Dá mbunófaí uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post urghnácha ar ranníocaíochtaí ex ante, d’fhéadfaí an-teoranin a chur leis an deis atá ag an gCiste Réitigh Aonair ranníocaíochtaí ex post a thiomsú, agus ar an gcaoi sin a chumas gníomhaíochta a laghdú. Chun an toradh sin a sheachaint, ba cheart teorainn dhifriúil a leagan síos agus ba cheart uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post úrghnácha a cheadaítear glaoch orthu a shocrú ag trí oiread an ochtú cuid de spriocleibhéal an Chiste.
(40) Is féidir an Ciste Réitigh Aonair a úsáid chun tacú le cur i bhfeidhm na huirlise díolacháin gnó nó na huirlise droichead-institiúide, sa chaoi go n-aistrítear tacar sócmhainní, ceart agus dliteanas de chuid na hinstitiúide faoi réiteach chuig faighteoir. Sa chás sin, féadfaidh an Bord éileamh a bheith aige in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí nó an eintitis iarmharaigh ina fhoirceannadh ina dhiaidh sin faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. D’fhéadfadh sin tarlú i gcás ina n-úsáidtear an Ciste Réitigh Aonair i ndáil le caillteanais a d’iompródh creidiúnaithe murach sin, lena n-áirítear i bhfoirm ráthaíochtaí do shócmhainní agus do dhliteanais, nó i bhfoirm chumhdach na difríochta idir na sócmhainní agus na dliteanais a aistríodh. Chun a áirithiú go ndéanfaidh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a fhágtar ar lár san institiúid iarmharach nó san eintiteas iarmharach caillteanais na hinstitiúide faoi réiteach a ionsú go héifeachtach agus feabhas a chur ar an bhféidearthacht aisíocaíochtaí i gcás dócmhainneachta a dhéanamh leis an mBord, ba cheart go dtairbheodh na héilimh sin de chuid an Bhoird in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí nó an eintitis iarmharaigh, agus éilimh a eascraíonn as speansais réasúnta arna dtabhú go hiomchuí ag an mBord, den rangú tosaíochta céanna i gcás dócmhainneachta agus a bheadh ag rangú éilimh na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh i ngach Ballstát rannpháirteach, ar cheart é a bheith níos airde ná rangú tosaíochta taiscí agus scéimeanna ráthaithe taiscí. Ós rud é gurb é is aidhm don chúiteamh a íoctar le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe ón gCiste Réitigh Aonair mar gheall ar sháruithe ar an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ torthaí na gníomhaíochta réitigh a chúiteamh, níor cheart éilimh de chuid an Bhoird a bheith ag eascairt as an gcúiteamh sin.
(41) Ós rud é go bhfuil roinnt d’fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a bhaineann leis an ról a d’fhéadfadh a bheith ag scéimeanna ráthaithe taiscí le linn réitigh cosúil leo siúd atá i dTreoir 2014/59/AE, ba cheart na leasuithe a rinneadh ar na forálacha sin i dTreoir 2014/59/AE le [OP cuir isteach uimhir na treorach lena leasaítear Treoir 2014/59/AE] a léiriú i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.
(42) Bíonn ríthábhacht le trédhearcacht chun sláine an mhargaidh, smacht an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí a áirithiú. Chun a áirithiú go mbeidh an Bord in ann iarrachtaí ar mhaithe le trédhearcacht bhreise a chothú agus páirt a ghlacadh iontu, ba cheart cead a bheith ag an mBord faisnéis a nochtadh a eascraíonn as anailísí, measúnuithe agus cinntí dá chuid féin, lena n-áirítear a mheasúnuithe inréiteachta, i gcás nach ndéanfadh an nochtadh sin dochar do chosaint leas an phobail a mhéid a bhaineann le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch agus i gcás ina bhfuil leas sáraitheach poiblí sa nochtadh.
(43) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a leasú dá réir.
(44) Chun comhsheasmhacht a áirithiú, ba cheart na leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 atá comhchosúil leis na leasuithe ar Threoir 2014/59/AE le ... [OP, cuir isteach uimhir na treorach lena leasaítear Treoir 2014/59/AE] a chur i bhfeidhm ón dáta céanna leis an dáta le haghaidh thrasuí... [OP, cuir isteach uimhir na treorach lena leasaítear Treoir 2014/59/AE], is é sin ... [OP cuir isteach an dáta = 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Níl aon chúis, áfach, le moill a chur ar chur i bhfeidhm na leasuithe sin ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a bhaineann go heisiach le feidhmiú an tSásra Réitigh Aonair. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na leasuithe sin ón … [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 1 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
(45) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon, éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chreata téarnaimh agus réitigh d’institiúidí agus d’eintitis a fheabhsú, i ngeall ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta do shláine an mhargaidh aonair agus gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, trí leasuithe ar rialacha a socraíodh cheana ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 806/2014
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 mar a leanas:
(1) Leasaítear Airteagal 3(1) mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (24a):"
‘(24a) ciallaíonn ‘eintiteas réitigh’ duine dlítheanach atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach, atá sonraithe ag an mBord nó ag an údarás réitigh náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 8 den Rialachán seo, mar eintiteas a bhforáiltear do ghníomhaíocht réitigh ina leith sa phlean réitigh;’;
"
(b) cuirtear na pointí (24d) agus (24e) a leanas isteach:"
‘(24d) ciallaíonn ‘G-SII neamh-AE’ G-SII neamh-AE mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (134), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(24e)
ciallaíonn ‘eintiteas G-SII’ eintiteas G-SII mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (136), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;’;
"
(c) cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (49):"
‘(49) ciallaíonn ‘dliteanais intarrthála’ na dliteanais, lena n-áirítear na dliteanais sin as a n-eascraíonn forálacha cuntasaíochta, agus na hionstraimí caipitil nach gcáilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromais Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Leibhéal 2 de chuid eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 agus nach n-eisiatar ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí de bhun Airteagal 27(3);’;
"
(2) in Airteagal 4, cuirtear an mhír 1a a leanas isteach:"
‘1a. Cuirfidh na Ballstáit an Bord ar an eolas a luaithe is féidir maidir lena n-iarraidh ar dhlúthchomhar a dhéanamh le BCE de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
Tar éis fógra a thabhairt de bhun Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus sula mbunófar dlúthchomhar, soláthróidh na Ballstáit gach faisnéis faoi na heintitis agus na grúpaí atá bunaithe ar a gcríoch a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil ón mBord chun ullmhú do na cúraimí a thugtar dó leis an Rialachán seo agus leis an gComhaontú.’;
"
(3) leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:
(a) i mír 3, an ceathrú fomhír, cuirtear an méid a leanas isteach in ionad na chéad abairte:"
‘Nuair a bheidh na cúraimí dá dtagraítear sa mhír seo á bhfeidhmiú, cuirfidh na húdaráis réitigh náisiúnta forálacha ábhartha an Rialacháin seo i bhfeidhm. Aon tagairtí don Bhord in Airteagal 5(2), Airteagal 6(5), Airteagail 8(6), (8), (12), agus (13), Airteagal 10(1) go (10), Airteagal 10a, Airteagail 11 go 14, Airteagal 15(1), (2) agus (3), Airteagal 16, Airteagal 18(1), (1a), (2) agus (6), Airteagal 20, Airteagal 21(1) go (7), an dara fomhír d'Airteagal 21(8), an dara fomhír, Airteagal 21(9) agus (10), Airteagal 22(1), (3) agus (6), Airteagail 23 agus 24, Airteagal 25(3), Airteagal 27(1) go (15), Airteagal 27(16), an dara fomhír, an dara habairt, an tríú fomhír, agus an ceathrú fomhír, an chéad, an tríú agus an ceathrú habairt agus Airteagal 32, léifear iad mar thagairtí do na húdaráis réitigh náisiúnta maidir le grúpaí agus eintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.’;
"
(b) leasaítear mír 5 mar a leanas:
(i) cuirtear na focail ‘Airteagal 12(3)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 12(2)’;
(ii) cuirtear isteach an fhomhír a leanas:"
‘Tar éis éifeacht a bheith ag an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit rannpháirteacha a chinneadh go ndéanfar an fhreagracht as feidhmiú na gcúraimí a bhaineann le heintitis agus grúpaí atá bunaithe ar a gcríoch, seachas iad siúd dá dtagraítear i mír 2, a chur ar ais chuig na húdaráis réitigh náisiúnta, agus sa chás sin ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír a thuilleadh. Déanfaidh na Ballstáit a bhfuil rún acu an rogha sin a úsáid fógra a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún ina taobh. Gabhfaidh éifeacht leis an bhfógra sin ó lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.’;
"
(4) leasaítear Airteagal 8 mar a leanas:
(a) i mír 2, cuirtear isteach an fhomhír a leanas:"
‘Féadfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10(8) de Threoir 2014/59/AE a fheidhmiú. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29 den Rialachán seo.’;
"
(aa) i mír 9, leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:
(i) cuirtear an pointe a leanas isteach:"
‘(aa) i gcás inarb infheidhme, cur síos mionsonraithe ar na cúiseanna lena chinneadh go mbeidh institiúid le cáiliú mar eintiteas leachtaithe, lena n-áirítear míniú ar an gcaoi ar tháinig an t-údarás réitigh ar an gconclúid go bhfuil feidhmeanna criticiúila in easnamh ar an institiúid;’;
"
(ii) cuirtear an pointe a leanas isteach:"
‘(ja) cur síos ar an gcaoi a ndéanfadh na straitéisí réitigh éagsúla na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 14 a bhaint amach ar an mbealach ab fhearr;’;
"
(iii) cuirtear an pointe a leanas isteach:"
‘(pa) liosta mionsonraithe agus cainníochtaithe de thaiscí cumhdaithe agus de thaiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicrifhiontair agus ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide.’;
"
(b) i mír 10, cuirtear na fomhíreanna a leanas léi:"
‘Féadfaidh sainaithint na mbeart atá le déanamh maidir leis na fochuideachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), nach eintitis réitigh iad, a bheith faoi réir cur chuige simplithe ag an mBord, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh náisiúnta ábhartha, agus mura mbeadh tionchar diúltach ag an gcur chuige sin ar inréiteacht an ghrúpa, agus méid na fochuideachta, a próifíl riosca, an easpa feidhmeanna criticiúla agus an straitéis réitigh grúpa á gcur san áireamh.
Is é plean réitigh an ghrúpa a chinnfidh an gcáilíonn eintitis laistigh de ghrúpa réitigh, seachas an t-eintiteas réitigh, mar eintitis le leachtú. Gan dochar do thosca eile a bhféadfadh an Bord a mheas ina dtosca ábhartha, ní cháileoidh eintitis a sholáthraíonn feidhmeanna criticiúla mar eintitis le leachtú.’;
"
(ba) i mír 11, cuirtear an pointe a leanas isteach:"
‘(-aa) ina mbeidh cur síos mionsonraithe ar na cúiseanna lena chinneadh go ndéanfar grúpeintiteas a cháiliú mar eintiteas leachtaithe, lena n-áirítear míniú ar an gcaoi ar tháinig an t-údarás réitigh ar an gconclúid go bhfuil feidhmeanna criticiúla in easnamh ar an institiúid, agus mar a rinneadh an cóimheas idir a neamhchosaint iomlán ar riosca agus a ioncam oibriúcháin i neamhchosaint iomlán an ghrúpa ar riosca agus ioncam oibriúcháin an ghrúpa, agus cóimheas giarála an ghrúpeintitis i gcomhthéacs an ghrúpa, a chur san áireamh;’;
"
(c) cuirtear an mhír a leanas leis:"
‘14. Ní ghlacfaidh an Bord pleananna réitigh le haghaidh na n-eintiteas agus na ngrúpaí dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 22(5) nó i gcás inar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta i dtaca leis an eintiteas nó leis an ngrúpa ▌i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de bhun Airteagal 32b de Threoir 2014/59/AE.’;
"
(5) leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(a) i mír 4, an ceathrú fomhír, cuirtear na focail ‘an tríú fomhír’ in ionad na bhfocal ‘an chéad fhomhír’;
(b) i mír 7, cuirtear na focail ‘díreoidh sé í ar an eintiteas nó máthairghnóthas’ in ionad na bhfocal ‘díreoidh sé í ar an institiúid nó máthairghnóthas’ agus cuirtear na focail ‘an tionchar ar shamhail ghnó an eintitis nó an ghrúpa’ in ionad na bhfocal ‘an tionchar ar shamhail ghnó na hinstitiúide’;
(c) leasaítear mír 10 mar a leanas:
(i) sa dara fomhír, cuirtear na focail ‘eintiteas lena mbaineann’ in ionad na bhfocal ‘an institiúid’;
(ii) sa tríú fomhír, cuirtear an focal ‘eintiteas’ in ionad an fhocail ‘institiúid’;
(iii) cuirtear isteach an fhomhír a leanas:"
‘Má laghdaítear nó má chuirtear deireadh leis na baic ar inréiteacht go héifeachtach leis na bearta a mhol an t-eintiteas lena mbaineann, déanfaidh an Bord cinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle le BCE nó leis an údarás inniúil náisiúnta ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, leis an údarás macrastuamachta ainmnithe. Léireofar sa chinneadh sin go laghdófar nó go gcuirfear deireadh leis na baic ar inréiteacht go héifeachtach leis na bearta a mholtar agus tabharfar treoir do na húdaráis réitigh náisiúnta ceangal a chur ar an institiúid, an máthairghnóthas, nó aon fhochuideachta de chuid an ghrúpa lena mbaineann, na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme.’;
"
(d) cuirtear an mhír a leanas leis:"
‘13a. Foilseoidh an t-údarás réitigh, i ndeireadh gach timthriall pleanála réitigh, liosta anaithnidithe ina léirítear i bhfoirm chomhiomlánaithe aon bhaic shubstainteacha ar an inréiteacht a sainaithníodh agus gníomhaíochtaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt orthu. Beidh feidhm ag na forálacha maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 88. ’;
"
(6) Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:"
‘1. I gcás ina mbeidh an ceanglas maoláin chomhcheangailte á chomhlíonadh ag eintiteas agus an ceanglas sin á mheas sa bhreis ar gach ceann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 141a(1), pointí (a), (b) agus (c) de Threoir 2013/36/AE, ach ní dhéanann sé an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh nuair a dhéantar é a mheas sa bhreis ar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo, agus é sin á ríomh i gcomhréir le hAirteagal 12a(2), pointe (a) den Rialachán seo, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo, beidh de chumhacht ag an mBord ordú a thabhairt don údarás réitigh náisiúnta toirmeasc a chur ar eintiteas, níos mó ná an t-uasmhéid indáilte a bhaineann leis an íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanas incháilithe (‘M-MDA’), arna ríomh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, a dháileadh, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí a leanas:’;
"
(b) cuirtear isteach an mhír 7 a leanas:"
‘7. I gcás nach bhfuil eintiteas faoi réir an cheanglais maoláin chomhcheangailte ar an mbonn céanna ar a gceanglaítear air na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12d agus 12e a chomhlíonadh, cuirfidh an Bord míreanna 1 go 6 den Airteagal seo i bhfeidhm ar bhonn an mheastacháin ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún*. Beidh feidhm ag an gceathrú mír d’Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE.
Déanfaidh an Bord an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh sa chinneadh lena gcinntear na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 12d agus 12e den Rialachán seo. Cuirfidh an t-eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta ar fáil go poiblí in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 45i(3) de Threoir 2014/59/AE.
______________________________
* Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin de bhun na Treorach réamhráite (IO L 241, 8.7.2021, lch. 1).’;
"
(7) in Airteagal 12, cuirtear an mhír 8 a leanas isteach:"
‘8. Beidh an Bord freagrach as na ceadanna dá dtagraítear in Airteagail 77(2) agus 78a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a dheonú do na heintitis dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Díreoidh an Bord a chinneadh chuig an eintiteas lena mbaineann.’;
"
(8) in Airteagal 12a, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Áiritheoidh an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta go gcomhlíonfaidh na heintitis dá dtagraítear in Airteagail 12(1) agus (3), gach tráth, na ceanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás ina gceanglaítear sin i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 12b go 12i faoi mar a chinn an Bord ina leith.’;
"
(9) Leasaítear Airteagal 12c mar a leanas:
(a) i mír 4 agus i mír 5, cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad an fhocail ‘G-SIIanna’;
(b) i mír 7, san fhoclaíocht réamhráiteach, cuirtear na focail ‘mír 4’ in ionad na bhfocal ‘mír 3’, agus cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad an fhocail ‘G-SIIanna’;
(c) leasaítear mír 8 mar a leanas:
(i) sa chéad fhomhír, cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad na bhfocal ‘G-SIIanna’;
(ii) sa dara fomhír, pointe (c), cuirtear na focail ‘eintiteas G-SII’ in ionad an fhocail ‘G-SII’;
(d) cuirtear an mhír 10 a leanas leis:"
‘10. Féadfaidh an Bord cead a thabhairt d’eintitis réitigh na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 7 a chomhlíonadh trí chistí dílse nó dliteanais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a úsáid nuair a chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha a leanas:
(a)
i gcás eintitis ar eintitis G-SII iad nó eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 12a(4) nó (5), níor laghdaigh an Bord an ceanglas dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, de bhun na chéad fhomhíre den mhír sin;
(b)
na dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 72b(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, comhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b(4), pointí (b) go (e), den Rialachán sin.’;
"
(10) in Airteagal 12a, mír 3, an t-ochtú fomhír, agus mír 6, an t-ochtú fomhír, cuirtear na focail ‘feidhmeanna criticiúla’ in ionad na bhfocal ‘feidhmeanna eacnamaíocha criticiúla’;
(11) cuirtear an tAirteagal a leanas isteach:"
‘Airteagal 12da
Cinneadh an íoscheanglais le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe le haghaidh straitéisí aistrithe▌
1. Agus Airteagal 12d á chur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh a bhfuil sé beartaithe go príomha ina straitéis réitigh tosaíochta, go neamhspleách nó in éineacht le huirlisí réitigh eile, úsáid a bhaint as an uirlis díolta gnó nó as an uirlis droichead-institiúide▌, socróidh an Bord▌an méid athchaipitliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 12d(3) ar bhealach comhréireach ar bhonn na gcritéar a leanas, de réir mar is ábhartha:
(a)
méid, samhail ghnó, samhail chistiúcháin agus próifíl riosca an eintitis réitigh nó, de réir mar is ábhartha, méid na coda den eintiteas réitigh atá faoi réir na huirlise díolta gnó nó na huirlise droichead-institiúide;
(b)
na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais atá le haistriú chuig faighteoir mar a shainaithnítear sa phlean réitigh, agus an méid a leanas á chur san áireamh:
(i)
croílínte gnó agus feidhmeanna criticiúla an eintitis réitigh;
(ii)
na dliteanais atá eisiata ón tarrtháil inmheánach de bhun Airteagal 27(3);
(iii)
na coimircí dá dtagraítear in Airteagail 73 go 80 de Threoir 2014/59/AE;
(iiia)
na ceanglais cistí dílse ionchasacha le haghaidh aon uirlis droichead-institiúide a theastódh chun imeacht ón margadh an eintitis réitigh a chur chun feidhme, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an droichead-institiúid Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Treoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE, de réir mar is infheidhme;
(iiib)
éileamh ionchasach an fhaighteora go mbeidh an t-idirbheart neodrach ó thaobh caipitil de i ndáil leis na ceanglais is infheidhme maidir leis an eintiteas éadála;
(c)
luach ionchasach agus indíoltacht ionchasach scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, shócmhainní, chearta nó dhliteanais an eintitis réitigh dá dtagraítear i bpointe (b), agus an méid a leanas á chur san áireamh:
(i)
aon bhaic ábhartha ar inréiteacht, arna sainaithint ag an údarás réitigh, a bhaineann ▌le cur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó nó na huirlise droichead-institiúide;
(ii)
na caillteanais a eascraíonn as na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais atá fágtha san institiúid iarmharach;
(iia)
timpeallacht mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith díobhálach tráth an réitigh;
(d)
cibé an bhfuil sé beartaithe sa straitéis réitigh tosaíochta scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile arna n-eisiúint ag an eintiteas réitigh, nó sócmhainní, cearta agus dliteanais uile an eintitis réitigh, nó cuid díobh, a aistriú;
(e)
cibé an bhfuil sé beartaithe sa straitéis réitigh tosaíochta an uirlis deighilte sócmhainní a chur i bhfeidhm.
▌
3. Ní bheidh de thoradh ar mhír 1 a chur i bhfeidhm méid atá níos mó ná an méid a bheidh mar thoradh ar Airteagal 12d(3) a chur i bhfeidhm nó méid atá níos lú ná 13,5% den neamhchosaint iomlán ar riosca, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus níos lú na 5% de neamhchosaint iomlán an eintitis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar riosca, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 429 agus 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.’;
"
(12) in Airteagal 12e(1), cuirtear na focail ‘eintiteas G-SII’ in ionad na bhfocal ‘G-SII nó cuid de G-SII’;
(13) leasaítear Airteagal 12g mar a leanas:
(a) leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i) cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Féadfaidh an Bord, tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear BCE, a chinneadh an ceanglas a leagtar síos san Airteagal sin a chur i bhfeidhm maidir le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b) agus maidir le hinstitiúid airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (c), ar fochuideachta d'’eintiteas réitigh é ach nach eintiteas réitigh ann féin é.’;
"
(ii) sa tríú fomhír, cuirtear na focail ‘an chéad fhomhír agus an dara fomhír’ in ionad na bhfocal ‘an chéad fhomhír’;
(b) cuirtear an mhír 4 seo a leanas isteach:"
‘4. I gcás, i gcomhréir leis an straitéis réitigh dhomhanda, nach eintitis réitigh iad fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas, nó máthairghnóthas de chuid an Aontais agus a fho-institiúidí, agus i gcás ina gcomhaontaíonn comhaltaí an choláiste réitigh Eorpaigh leis an straitéis sin, i gcás ina mbunaítear iad de bhun Airteagal 89 de Threoir 2014/59/AE, comhlíonfaidh fochuideachtaí atá bunaithe san Aontas nó, ar bhonn comhdhlúite, an máthairghnóthas de chuid an Aontais, ceanglas Airteagal 12a(1) trí na hionstraimí dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo a eisiúint d’aon cheann díobh a leanas:
(a)
a máthairghnóthas deiridh atá bunaithe i dtríú tír;
(b)
fochuideachtaí an mháthairghnóthais deiridh sin atá bunaithe sa tríú tír chéanna;
(c)
eintitis eile faoi na coinníollacha a leagtar amach i mír 2, pointí (a)(i) agus (b)(ii), den Airteagal seo.’;
"
(14) leasaítear Airteagal 12k mar a leanas:
(a) ▌ cuirtear an mír seo a leanasisteach:"
‘1a. De mhaolú ar Airteagal 12a(1), cinnfidh an Bord idirthréimhsí iomchuí d’eintitis chun na ceanglais in Airteagail 12f nó 12g a chomhlíonadh, nó na ceanglais a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 12c(4), (5) nó (7), de réir mar is iomchuí, i gcás ina mbeidh institiúidí nó eintitis faoi réir na gceanglas sin tar éis theacht i bhfeidhm an [Rialacháin leasaithigh seo]. Is é an spriocdháta d'eintitis na ceanglais in Airteagail 12f nó 12g nó na ceanglais a eascraionn as cur i bhfeidhm Airteagal 12c(4) (5) nó (7) a chomhlíonadh an ... [ceithre bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
Cinnfidh an Bord spriocleibhéil idirmheánacha do na ceanglais in Airteagail 12f nó 12g nó do na ceanglais a eascraíonn as cur i bhfeidhm Airteagal 12c(4) (5) nó (7), mar is iomchuí, a dhéanfaidh eintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh faoin ... [dhá bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Leis na spriocleibhéil idirmheánacha, áiritheofar méadú líneach de ghnáth ar na cistí dílse agus ar na dliteanais incháilithe i dtreo an cheanglais.
Féadfaidh an Bord idirthréimhse a leagan síos a dtiocfaidh deireadh léi tar éis ... [ceithre bliana ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo] i gcás ina mbeidh údar cuí léi agus nuair is iomchuí ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 7, agus an méid a leanas á chur san áireamh:
(a)
forbairt staid airgeadais an eintitis;
(b)
go bhféadfadh an t-eintiteas a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais in Airteagail 12f nó 12g nó ceanglas a eascraionn as cur i bhfeidhm Airteagal 12c(4), (5) nó (7), laistigh de thréimhse ama réasúnta; agus
(c)
cibé an féidir leis an eintiteas dliteanais nach gcomhlíonann a thuilleadh na critéir incháilitheachta nó aibíochta a ionadú, agus mura féidir, cibé an éagumas leithleach nó suaitheadh uile-mhargaidh is cúis leis.’;
"
(b) i mír 3, pointe (a), cuirtear na focail ‘an Bord’ in ionad na bhfocal ‘an Bord nó an t-údarás réitigh náisiúnta’;
(c) i mír 4, cuirtear na focail ‘G-SII nó G-SII neamh-AE’ in ionad an fhocail ‘G-SII’;
(d) i míreanna 5 agus 6, cuirtear na focail ‘an Bord’ in ionad na bhfocal ‘an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh’;
(15) cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 13:"
‘Airteagal 13
Bearta luath-idirghabhála
1. Déanfaidh BCE bearta luath-idirghabhála a bhreithniú gan moill mhíchuí agus, más iomchuí iad a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíonann eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) aon cheann de na coinníollacha a leanas:
(a)
comhlíonann an t-eintiteas na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 102 de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 16(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 agus tá feidhm ag ceachtar díobh a leanas:
(i)
ní dhearna an t-eintiteas na gníomhaíochtaí ceartaitheacha arna gceangal ag BCE, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 nó in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2019/2034;
(ii)
measann BCE nach leor gníomhaíochtaí feabhais seachas bearta luath-idirghabhála chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna▌ ;
(b)
tá na ceanglais a leagtar síos i dTeideal II de Threoir 2014/65/AE, in Airteagail 3 go 7, 14 go 17, nó 24, 25 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, nó in Airteagail 12f nó 12g den Rialachán seo á sárú ag an eintiteas, nó is dócha go sáróidh sé iad sna 12 mhí tar éis mheasúnú BCE.
I gcás ina dtiocfaidh meath suntasach ar dhálaí, nó ina dtiocfaidh imthosca díobhálacha chun cinn nó ina bhfaighfear faisnéis nua faoi eintiteas, féadfaidh BCE a chinneadh go gcomhlíonfar an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(ii), gan gníomhaíochtaí feabhais eile a bheith déanta roimhe sin, lena n-áirítear feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), déanfaidh BCE, nó, de réir mar is iomchuí, an t-údarás inniúil faoi Threoir 2014/65/AE, nó an Bord, an t-údarás inniúil náisiúnta a chur ar an eolas gan mhoill faoin sárú nó faoin sárú dóchúil.
2. Chun críocha mhír 1, áireofar an méid a leanas sna bearta luath-idirghabhála:
(a)
an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta an eintitis ceachtar de na nithe a leanas a dhéanamh:
(i)
ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh a chur chun feidhme;
(ii)
an plean téarnaimh a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) de Threoir 2014/59/AE i gcás nach ionann na himthosca ba chúis leis an luath-idirghabháil agus na toimhdí a leagtar amach sa phlean téarnaimh tosaigh agus chun ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh nuashonraithe a chur chun feidhme laistigh de thréimhse shonrach;
(b)
an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta an eintitis cruinniú de scairshealbhóirí an eintitis a thionól, nó mura gcomhlíonann an comhlacht bainistíochta an ceanglas sin, an cruinniú a thionól go díreach, agus sa dá chás an clár a shocrú agus a cheangal go mbreithneofar cinntí áirithe lena nglacadh ag na scairshealbhóirí;
(c)
an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta an eintitis plean gníomhaíochta a tharraingt suas, i gcomhréir leis an bplean téarnaimh i gcás inarb infheidhme, le haghaidh idirbheartaíocht maidir le hathstruchtúrú fiachais le cuid dá chreidiúnaithe nó lena chreidiúnaithe go léir;
(d)
an ceanglas struchtúr dlíthiúil na hinstitiúide a athrú;
(e)
an ceanglas bainistíocht shinsearach nó comhlacht bainistíochta an eintitis a bhaint nó a ionadú ina hiomlaine nó ina iomláine nó maidir le daoine aonair, i gcomhréir le hAirteagal 13a;
(f)
riarthóir sealadach amháin nó níos mó a cheapadh don eintiteas, i gcomhréir le hAirteagal 13b.
(fa)
an ceanglas go ndéanfaidh comhlacht bainistíochta an eintitis plean a tharraingt suas a bhféadfaidh an t-eintiteas a chur chun feidhme i gcás ina gcinneann an comhlacht corparáideach ábhartha foirceannadh deonach an eintitis a thionscnamh.
3. Roghnóidh BCE na bearta luath-idirghabhála iomchuí agus tráthúla bunaithe ar a bhfuil comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, ag féachaint do thromchúis an tsáraithe nó an tsáraithe dhóchúil agus do luas an mheathlaithe ar staid airgeadais an eintitis, i measc faisnéis ábhartha eile.
4. I gcás gach ceann de na bearta dá dtagraítear i mír 2, socróidh BCE sprioc-am is iomchuí chun an beart sin a chríochnú agus a chuirfidh ar a chumas do BCE a éifeachtúlacht a mheas.
Déanfar an beart a mheas go díreach tar éis an spriocdháta a bheith istigh agus déanfar an mheastóireacht a chomhroinnt leis na húdarás réitigh náisiúnta ábhartha. I gcás ina dtagtar ar an gconclúid sa mheastóireacht nach ndearnadh na bearta a chur chun feidhme go hiomlán agus nach bhfuil siad éifeachtach, déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha neasúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (a), tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord agus leis an údarás réitigh náisiúnta ábhartha.
5. I gcás ina n-áireoidh grúpa eintitis a bunaíodh i mBallstáit rannpháirteacha agus i mBallstáit neamh-rannpháirteacha araon, déanfaidh BCE ionadaíocht ar údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, chun críoch comhchomhairle agus comhair leis na Ballstáit neamh-rannpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 30 de Threoir 2014/59/AE.
I gcás ina n-áireoidh grúpa eintitis a bunaiodh i mBallstáit rannpháirteacha agus fochuideachtaí a bunaíodh i mBallstáit neamh-rannpháirteacha, nó brainsí suntasacha díobh atá lonnaithe i mBallstáit neamh-rannpháirteacha, déanfaidh BCE aon chinneadh nó beart dá dtagraítear in Airteagail 13 go 13c atá ábhartha don ghrúpa, a chur in iúl go tráthúil d’údaráis inniúla nó d’údaráis réitigh na mBallstát neamh-rannpháirteach, de réir mar is iomchuí.’;
"
(16) cuirtear na hAirteagail 13a, 13b agus 13c a leanas isteach:"
‘Airteagal 13a
An bhainistíocht shinsearach nó an comhlacht bainistíochta a athsholáthar
Chun críocha Airteagal 13(2), pointe (e), déanfar an bhainistíocht shinsearach nua nó an comhlacht bainistíochta nua, nó comhaltaí aonair de na comhlachtaí sin, a cheapadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus beidh siad faoi réir fhormheas BCE.
Airteagal 13b
Riarthóir sealadach
1. Chun críocha Airteagal 13(2), pointe (f), féadfaidh BCE, bunaithe ar a bhfuil comhréireach sna himthosca, aon riarthóir sealadach ar bith a cheapadh chun ceachtar de na nithe a leanas a dhéanamh:
(a)
teacht in ionad chomhlacht bainistíochta an eintitis ar bhonn sealadach;
(b)
oibriú go sealadach le comhlacht bainistíochta an eintitis.
Sonróidh BCE a rogha faoi phointí (a) nó (b) tráth a cheapfar an riarthóir sealadach.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), déanfaidh BCE sonrú breise, tráth a cheapfar an riarthóir sealadach, ar ról, ar dhualgais agus ar chumhachtaí an riarthóra shealadaigh sin agus ar aon cheanglais ar chomhlacht bainistíochta an eintitis i dtaca le dul i gcomhairle leis an riarthóir sealadach nó toiliú an riarthóra shealadaigh a fháil sula ndéanfaidh siad cinntí nó gníomhaíochtaí sonracha.
Déanfaidh BCE ceapadh aon riarthóra shealadaigh a phoibliú, ach amháin i gcás nach bhfuil an chumhacht ag an riarthóir sealadach chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas nó cinntí a dhéanamh thar a cheann.
Comhlíonfaidh aon riarthóir sealadach na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91(1), (2) agus (8) de Threoir 2013/36/AE. Beidh measúnú BCE ar cibé a gcomhlíonann an riarthóir sealadach na ceanglais sin ina dhlúthchuid den chinneadh an riarthóir sealadach sin a cheapadh.
2. Sonróidh BCE cumhachtaí an riarthóra shealadaigh tráth a cheapacháin bunaithe ar a mhéid is comhréireach sna himthosca. Féadfaidh cuid de chumhachtaí chomhlacht bainistíochta an eintitis faoi reachtanna an eintitis agus faoin dlí náisiúnta, nó iad go léir, a bheith san áireamh leis na cumhachtaí sin, lena n-áirítear an chumhacht chun roinnt feidhmeanna riaracháin de chuid chomhlacht bainistíochta an eintitis, nó iad go léir, a fheidhmiú. Beidh cumhachtaí an riarthóra shealadaigh maidir leis an eintiteas i gcomhréir leis an dlí cuideachtaí is infheidhme. Féadfaidh BCE na cumhachtaí sin a choigeartú i gcás athrú ar imthosca.
3. Sonróidh BCE ról agus feidhmeanna an riarthóra shealadaigh tráth an cheapacháin. D’fhéadfadh an méid a leanas go léir a bheith san áireamh sa ról agus sna feidhmeanna sin:
(a)
staid airgeadais an eintitis a fhionnadh;
(b)
gnó nó cuid de ghnó an eintitis a bhainistiú chun a staid airgeadais a chaomhnú nó a athbhunú;
(c)
bearta a dhéanamh chun bainistíocht fhónta stuama ghnó an eintitis a athbhunú.
Sonróidh BCE aon teorainneacha le ról agus feidhmeanna an riarthóra shealadaigh tráth a cheapacháin.
4. Beidh an chumhacht eisiach ag BCE chun aon riarthóir sealadach a cheapadh agus a chur as oifig. Féadfaidh BCE riarthóir sealadach a chur as oifig ag am ar bith agus ar chúis ar bith. Féadfaidh BCE téarmaí ceapacháin an riarthóra shealadaigh a athrú ag am ar bith faoi réir an Airteagail seo.
5. Féadfaidh BCE a cheangal ar an riarthóir sealadach toiliú a fháil roimh ré ó BCE le haghaidh gníomhartha áirithe. Sonróidh BCE aon cheanglas den sórt sin agus tráth a cheapfar an riarthóir sealadach nó tráth a dhéantar aon athrú ar théarmaí ceapacháin an riarthóra shealadaigh.
In aon chás, ní fhéadfaidh an riarthóir sealadach an chumhacht a fheidhmiú chun cruinniú ginearálta de scairshealbhóirí an eintitis a thionól agus clár an chruinnithe sin a shocrú, gan réamhthoiliú BCE.
6. Arna iarraidh sin do BCE, déanfaidh an riarthóir sealadach tuarascálacha a tharraingt suas maidir le staid airgeadais an eintitis agus maidir leis na gníomhartha a rinneadh le linn thréimhse a cheapacháin, ag eatraimh arna socrú ag BCE, uair amháin ar a laghad, tar éis don chéad sé mhí a bheith istigh, agus ag deireadh a shainordaithe in aon chás.
7. Ceapfar an riarthóir sealadach ar feadh bliain amháin ar a mhéad. Féadfar an tréimhse sin a athnuachan go heisceachtúil uair amháin i gcás ina bhfuil na coinníollacha maidir leis an riarthóir sealadach a cheapadh á gcomhlíonadh i gcónaí. Cinnfidh BCE na coinníollacha sin agus tabharfaidh sé údar le haon athnuachan ar cheapadh an riarthóra shealadaigh chuig na scairshealbhóirí.
8. Faoi réir an Airteagail seo, ní dhéanfaidh ceapadh riarthóra shealadaigh dochar do chearta na scairshealbhóirí a leagtar síos i ndlí an Aontais nó le dlí náisiúnta na gcuideachtaí.
9. Ní mheasfar gur scáthstiúrthóir nó stiúrthóir de facto faoin dlí náisiúnta é aon riarthóir sealadach arna cheapadh de bhun mhíreanna 1 go 8 den Airteagail seo.
Airteagal 13c
Ullmhú don réiteach
1. Maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b), agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm, tabharfaidh BCE nó údaráis inniúla náisiúnta fógra don Bhord gan mhoill maidir le haon cheann de na nithe a leanas:
(a)
aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 nó in Airteagal 104(1) de Threoir 2013/36/AE a cheanglaíonn siad ar eintiteas nó ar ghrúpa a dhéanamh arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar mheathlú ar staid an eintitis nó an ghrúpa sin;
(b)
i gcás ina léiríonn gníomhaíocht mhaoirseachta go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(1) den Rialachán seo nó in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/59/AE á gcomhlíonadh i ndáil le heintiteas nó grúpa, an measúnú go bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh, gan beann ar aon bheart luath-idirghabhála;
(c)
cur i bhfeidhm aon cheann de na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 13 den Rialachán seo nó in Airteagal 27 de Threoir 2014/59/AE.
Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon fhógra a bheidh faighte aige de bhun na chéad fhomhíre.
Déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha dlúthfhaireachán, i ndlúthchomhar leis an mBord, ar staid na n-eintiteas agus na ngrúpaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ar a mhéid a chomhlíonann siad na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar mheathlú ar staid na n-eintiteas agus na ngrúpaí sin, agus na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c).
2. Tabharfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha fógra don Bhord a luaithe is féidir i gcás ina measann sé go bhfuil riosca ábhartha ann go mbeadh feidhm le ceann amháin nó níos mó de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4) i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), nó le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b), agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm. Beidh an méid a leanas san fhógra sin:
(a)
na cúiseanna leis an bhfógra a thabhairt;
(b)
forléargas ar na bearta lena gcuirfí cosc ar theip an eintitis laistigh de thréimhse ama réasúnta, an tionchar a mheastar a bheidh acu ar an eintiteas a mhéid a bhaineann leis na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4) agus an tréimhse ama ionchasach leis chun na bearta sin a chur chun feidhme.
Tar éis dó an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, déanfaidh an Bord measúnú, i ndlúthchomhar le BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, ar cad is tréimhse réasúnta ann chun críoch measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b), agus an méid a leanas á chur san áireamh: luas an mheathlaithe ar dhálaí an eintitis, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an gcóras airgeadais, ar chosaint taisceoirí agus ar chaomhnú cistí cliant, an baol go méadófar ar na costais fhoriomlána do chustaiméirí agus don gheilleagar le próiseas fadálach, an gá leis an straitéis réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus aon bhreithnithe ábhartha eile. Cuirfidh an Bord an measúnú sin in iúl do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha a luaithe is féidir.
Tar éis an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha, i ndlúthchomhar leis an mBord, faireachán ar staid an eintitis, ar chur chun feidhme aon bheart ábhartha laistigh den tréimhse ama ionchasach agus ar aon fhorbairtí ábhartha eile. Chun na críche sin, tiocfaidh an Bord agus BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha le chéile go rialta, agus an mhinicíocht á socrú ag an mBord agus imthosca an cháis á gcur san áireamh. Déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha agus an Bord aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar dá chéile gan mhoill.
Tabharfaidh an Bord fógra don Choimisiún faoi aon fhaisnéis a bheidh faighte aige de bhun na chéad fhomhíre.
3. An fhaisnéis go léir a iarrfaidh an Bord ar BCE, ar faisnéis í atá riachtanach le haghaidh an mhéid a leanas, tabharfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha dó í:
(a)
an plean réitigh a nuashonrú agus ullmhú le haghaidh réiteach féideartha eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin;
(b)
an luacháil dá dtagraítear in Airteagal 20(1) go (15) a dhéanamh.
I gcás nach bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil cheana féin do BCE nó na húdaráis inniúla náisiúnta, déanfaidh an Bord agus BCE agus na húdaráis inniúla náisiúnta sin comhoibriú agus comhordú chun an fhaisnéis sin a fháil. Chun na críche sin, beidh sé de chumhacht ag BCE agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta a cheangal ar an eintiteas an fhaisnéis sin a sholáthar, lena n-áirítear trí chigireachtaí ar an láthair, agus an fhaisnéis sin a sholáthar don Bhord.
4. Beidh sé de chumhacht ag an mBord margú a dhéanamh do cheannaitheoirí ionchasacha, nó socruithe a dhéanamh don mhargú sin, don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), nó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus in Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun na forálacha sin a chur i bhfeidhm nó ina gceanglaítear ar an eintiteas é sin a dhéanamh, chun na gcríoch a leanas:
(a)
ullmhú do réiteach an eintitis sin, faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear in Airteagal 39(2) de Threoir 2014/59/AE agus na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 88 den Rialachán seo;
(b)
eolas a thabhairt don mheasúnú a dhéanfaidh an Bord faoin gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 18(1), pointe (b) den Rialachán seo.
4a. I gcás ina gcinnfidh an Bord, i bhfeidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i mír 4, an t-eintiteas lena mbaineann a mhargú go díreach le ceannaitheoirí ionchasacha, tabharfaidh sé aird chuí ar imthosca an cháis agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag feidhmiú na cumhachta sin ar sheasamh foriomlán an eintitis.
5. Chun críocha mhír 4, beidh de chumhacht ag an mBord an méid a leanas a dhéanamh:
(a)
a iarraidh ar an eintiteas lena mbaineann ardán digiteach a chur ar bun chun an fhaisnéis a chomhroinnt ar den riachtanas é chun an t-eintiteas sin a mhargú le ceannaitheoirí ionchasacha nó le comhairleoirí agus luachálaithe atá fostaithe ag an mBord;
(b)
a cheangal ar an údarás réitigh náisiúnta ábhartha réamhscéim réitigh a dhréachtú don eintiteas lena mbaineann.
I gcás ina bhfeidhmíonn an Bord a chumhacht faoin gcéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 88.
6. Cinneadh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 13(1) den Rialachán seo nó in Airteagal 27(1) de Threoir 2014/59/AE á gcomhlíonadh agus nach gá bearta luath-idirghabhála a ghlacadh roimh ré ionas go bhféadfaidh an Bord ullmhú do réiteach an eintitis nó chun na cumhachtaí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo a fheidhmiú.
7. Déanfaidh an Bord an Coimisiún, BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha agus na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha a chur ar an eolas maidir le haon ghníomh a dhéantar de bhun mhíreanna 4 agus 5 gan mhoill.
8. Comhoibreoidh BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta, an Bord agus na húdaráis réitigh náisiúnta ábhartha go dlúth le chéile:
(a)
agus breithniú á dhéanamh ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a) a dhéanamh arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar mheathlú ar staid eintitis agus grúpa, agus ar na bearta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c);
(b)
agus breithniú á dhéanamh ar aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5;
(c)
le linn chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) den fhomhír seo.
Áiritheoidh BCE, na húdaráis inniúla náisiúnta, an Bord agus na húdaráis náisiúnta réitigh ábhartha go mbeidh na bearta agus na gníomhaíochtaí sin comhsheasmhach, comhordaithe agus éifeachtach.’;
"
(17) In Airteagal 14(2), cuirtear an méid a leanas in ionad phointí (c) agus (d):"
‘(c) cistí poiblí a chosaint tríd an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, go háirithe nuair is ó bhuiséad Ballstáit a sholáthraítear í;
(d)
taiscí cumhdaithe agus, a mhéid is féidir, an chuid neamhchumhdaithe de thaiscí incháilithe daoine nádúrtha agus micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide a chosaint, agus infheisteoirí a chumhdaítear le Treoir 97/9/CE a chosaint;’;
"
(18) in Airteagal 16, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:"
‘2. Déanfaidh an Bord gníomhaíocht réitigh i ndáil le máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(1).
Chun na gcríoch sin, measfar go bhfuil máthairghnóthas dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (b), i mbéal teipthe nó gur dóigh dó teip in aon cheann de na himthosca a leanas:
(a)
comhlíonann an máthairghnóthas ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 18(4), pointí (b), (c) nó (d);
(b)
sáraíonn an máthairghnóthas go hábhartha, nó tá eilimintí oibiachtúla ann a léiríonn go sáróidh an máthairghnóthas, sula i bhfad, na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó sna forálacha náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2013/36/AE.’;
"
(19) leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1, 1a, 2 agus 3:"
‘1. Déanfaidh an Bord scéim réitigh a ghlacadh de bhun mhír 6 i ndáil leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus leis na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5) i gcás ina mbeidh na coinníollacha do chur i bhfeidhm na forálacha sin comhlíonta, ach sin nuair a chinnfidh sé, ina sheisiún feidhmiúcháin, tar éis dó teachtaireacht a fháil de bhun an dara fomhír nó ar a thionscnamh féin, go mbeidh na coinníollacha a leanas ar fad comlíonta:
(a)
tá an t-eintiteas i mbéal teipthe nó is dóigh dó teip;
(b)
▌níl aon ionchas réasúnta ann maidir le haon bheart malartach ón earnáil phríobháideach lena n-áirítear bearta ó SCI, gníomhaíocht mhaoirseachta, bearta luath-idirghabhála, nó díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanas incháilithe, dá dtagraítear in Airteagal 21(1), a dhéanfaí i leith an eintitis, go gcuirfí cosc ar theip an eintitis ▌nóar theip dhóchúil an eintitis laistigh de thréimhse réasúnta ama;
(c)
is gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail de bhun mhír 5.
Is é BCE a dhéanfaidh an measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), i gcás na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (a), nó is é an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha a dhéanfaidh é i gcás na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 7(2), pointe (b), Airteagal 7(3), an dara fomhír, Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5), tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord. Ní fhéadfaidh an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, measúnú den sórt sin a dhéanamh ach amháin tar éis dó a chur in iúl do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha go bhfuil rún aige measúnú den sórt sin a dhéanamh agus sa chás amháin nach ndéanann BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha féin measúnú den sórt sin laistigh de thrí lá féilire tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil. Déanfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha, gan mhoill, aon fhaisnéis ábhartha a iarrann an Bord a sholáthar don Bhord chun eolas a thabhairt dá mheasúnú, sula gcuirfidh an Bord in iúl dó, nó ina dhiaidh sin, an rún atá aige an measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a).
I gcás ina measfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha go bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), comhlíonta i ndáil le heintiteas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh siad an measúnú sin in iúl don Choimisiún agus don Bhord gan mhoill.
Is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin dó agus i ndlúthchomhar leis an údarás inniúil, a dhéanfaidh an measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), tar éis dó dul i gcomhairle, gan mhoill, le húdarás ainmnithe de chuid na Scéime ráthaithe taiscí, agus i gcás inarb iomchuí, le Scéim cosanta institiúideach a bhfuil an institiúid ina comhalta di. Áireofar sa chomhairliúchán leis an SCI go mbreithneoidh an SCI an bhfuil bearta ar fáil a d’fhéadfadh cosc a chur le teip na hinstitiúide laistigh de thréimhse ama réasúnta. Aon fhaisnéis ábhartha a iarrann an Bord ar BCE, tabharfaidh BCE nó an t-údarás náisiúnta inniúil ábhartha don Bhord í gan mhoill chun eolas a dhéanamh dá mheasúnú. Féadfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha a chur in iúl don Bhord freisin go measann sé go bhfuil an coinníoll a leagtar síos sa chéad fhomhír, pointe (b), comhlíonta.
1a. Déanfaidh an Bord scéim réitigh a ghlacadh i gcomhréir le mír 1 i ndáil le comhlacht lárnach agus na hinstitiúidí creidmheasa uile atá cleamhnaithe go buan leis ar cuid den ghrúpa réitigh céanna iad, i gcás ina gcomhlíonfaidh an comhlacht lárnach agus na hinstitiúidí creidmheasa uile atá cleamhnaithe go buan leis, nó an grúpa réitigh lena mbaineann siad, na coinníollacha ina n-iomláine a leagtar síos sa chéad fhomhír de mhír 1, agus sa chás sin amháin.
2. Gan dochar do chásanna ina bhfuil cinneadh déanta ag BCE cúraimí maoirseachta díreacha a fheidhmiú a bhaineann le hinstitiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 6(5), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, i gcás teachtaireacht a fháil de bhun mhír 1 maidir le heintiteas nó grúpa dá dtagraítear in Airteagal 7(3), cuirfidh an Bord a mheasúnú dá dtagraítear i mír 1, an ceathrú fomhír, in iúl do BCE nó don údarás inniúil náisiúnta ábhartha gan aon mhoill.
3. Beart a bheith glactha roimhe seo de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013, Airteagal 27 de Threoir 2014/59/AE, Airteagal 13 den Rialachán seo nó Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, ní coinníoll a bheidh ann maidir le gníomhaíocht réitigh a ghlacadh.’;
"
(b) leasaítear mír 4 mar a leanas:
(i) sa chéad fhomhír, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (d):"
‘(d) tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas i gcás ina ndeonaítear tacaíocht den sórt sin i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 18a(1)’;
"
(ii) scriostar an dara agus an tríú fomhír;
(c) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 5:"
‘5. Chun críocha mhír 1, pointe (c), caithfear le gníomhaíocht réitigh mar ghníomhaíocht atá chun leasa an phobail más gá an ghníomhaíocht réitigh sin a dhéanamh chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 14 a bhaint amach agus i gcás ina bhfuil sí comhréireach leis sin agus nach mbainfí amach na cuspóirí réitigh sin ar bhonn níos éifeachtúla tríd an institiúid a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Toimhdeofar nach bhfuil gníomhaíocht réitigh ar mhaithe le leas an phobail chun críocha mhír 1, pointe (c) den Airteagal seo i gcás inar chinn an t-údarás réitigh oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid, de bhun Airteagal 4. Beidh an toimhde infhrisnéise agus ní bheidh feidhm léi i gcás ina measúnaíonn an t-údarás réitigh go mbeadh ceann amháin nó níos mó de chuspóirí an réitigh i mbaol dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Agus an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dhéanamh aige, déanfaidh an Bord, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dó tráth an mheasúnaithe sin, gach tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách▌atá le deonú don eintiteas a luacháil agus a chur i gcomparáid, i gcás réitigh agus i gcás foirceannadh araon i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.’;
Chun críocha an dara fomhír den mhír seo, déanfaidh na Ballstáit rannpháirteacha, scéimeanna ráthaithe taiscí agus, i gcás inar gá, an t-údarás ainmnithe arna shainmhíniú in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE an Bord a choinneáil ar an eolas maidir le haon réamhbhearta, lena n-áirítear aon teagmhálacha réamhfhógra leis an gCoimisiún, chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 18a(1), pointí (c) agus (d), den Rialachán seo a dheonú.
"
(d) i mír 7, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a tharchuirfidh an Bord an scéim réitigh, formhuineoidh an Coimisiún an scéim réitigh nó cuirfidh sé ina haghaidh, maidir le gnéithe lánroghnacha na scéime réitigh sna cásanna nach gcumhdaítear sa tríú fomhír den mhír seo nó maidir leis an úsáid atá beartaithe a bhaint as Státchabhair nó as cabhair ón gCiste nach meastar a bheith comhoiriúnach leis an margadh inmheánach.’;
"
(e) cuirtear isteach na míreanna a leanas:"
‘11. I gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) agus (b), féadfaidh an Bord treoir a thabhairt do na húdaráis réitigh náisiúnta na cumhachtaí a fheidhmiú faoin dlí náisiúnta lena dtrasuitear Airteagal 33a de Threoir 2014/59/AE, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa dlí náisiúnta. Déanfaidh na húdaráis réitigh náisiúnta treoracha an Bhoird a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 29.
11a. Chun cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, tabharfaidh an Bord treoir do na húdaráis réitigh náisiúnta agus cuirfidh sé treoracha ar fáil dóibh maidir leis na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear in Airteagal 32(5a) de Threoir 2014/59/AE a chur i bhfeidhm.’
"
(20) cuirtear an tAirteagal 18a a leanas isteach:"
‘Airteagal 18a
Tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách
1. Ní fhéadfar tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách lasmuigh de ghníomhaíocht réitigh a dheonú d’eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 ar bhonn eisceachtúil ach amháin i gceann amháin de na cásanna a leanas agus ar choinníoll go gcomhlíonann an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách na coinníollacha agus na ceanglais a bhunaítear i gcreat Státchabhrach an Aontais:
(a)
chun suaitheadh tromchúiseach de chineál eisceachtúil nó sistéamach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin ann in aon cheann de na foirmeacha a leanas:
(i)
ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag bainc cheannais i gcomhréir le coinníollacha na mbanc ceannais;
(ii)
ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe;
(iii)
ionstraimí cistí dílse seachas ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó ionstraimí caipitil eile a fháil, nó bearta sócmhainní lagaithe a úsáid ar phraghsanna, ar fhad, agus ar théarmaí nach dtugann buntáiste míchuí don institiúid nó don eintiteas lena mbaineann, ar choinníoll nach ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4), pointí (a), (b) nó (c), nó in Airteagal 21(1) tráth a ndeonaítear an tacaíocht phoiblí.
(b)
i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm idirghabháil chostéifeachtach ó scéim ráthaithe taiscí ▌i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 11a agus 11b de Threoir 2014/49/AE, ar choinníoll nach ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 18(4);
(c)
i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm idirghabháil chostéifeachtach ó scéim ráthaithe taiscí i gcomhthéacs institiúid creidmheasa a fhoirceannadh de bhun Airteagal 32b de Threoir 2014/59/AE agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE;
(d)
i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm Státchabhrach de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE arna deonú i gcomhthéacs fhoirceannadh na hinstitiúide nó an eintitis de bhun Airteagal 32b de Threoir 2014/59/AE, seachas an tacaíocht arna deonú ag scéim ráthaithe taiscí de bhun Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE.
2. Comhlíonfaidh na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na coinníollacha a leanas ar fad:
(a)
tá na bearta teoranta d’eintitis shócmhainneacha, mar a dhearbhaigh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha;
(b)
is bearta réamhchúraim agus sealadacha iad agus tá siad bunaithe ar straitéis▌réamhshainithe chun imeacht ón mbeart tacaíochta arna formheas ag BCE nó ag an údarás inniúil náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear dáta foirceanta, dáta díolacháin nó sceideal aisíocaíochta a shonraítear go soiléir le haghaidh aon cheann de na bearta arna soláthar; ní nochtfar an fhaisnéis sin go ceann bliain amháin tar éis an straitéis chun imeacht ón mbeart tacaíochta a thabhairt i gcrích, nó tar éis an plean feabhsúcháin a chur chun feidhme, nó tar éis an mheasúnaithe faoin seachtú fomhír den mhír seo;
(c)
go bhfuil na bearta comhréireach chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh a leigheas nó chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú;
(d)
ní úsáidtear na bearta mar fhritháireamh ar chaillteanais arna dtabhú ag an eintiteas nó ar dóigh dó a thabhú as seo go ceann dhá mhí dhéag.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), measfar eintiteas a bheith sócmhainneach i gcás inar tháinig BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha ar an gconclúid nár sáraíodh, nó nach dócha go sárófar sa chéad dá mhí dhéag eile, bunaithe ar ionchais reatha, aon cheanglais dá dtagraítear in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE, Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034 nó na ceanglais ábhartha is infheidhme faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha na caillteanais atá tabhaithe ag an eintiteas nó is dócha a thabhóidh sé a chainníochtú. Bunófar an cainníochtú sin, ar a laghad, ar athbhreithnithe ar cháilíocht sócmhainní arna ndéanamh ag BCE, ÚBE nó na húdaráis náisiúnta, nó, i gcás inarb iomchuí, ar chigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an údarás inniúil. I gcás nach féidir na freachnaimh sin a dhéanamh in am cuí, féadfaidh an t-údarás inniúil a mheastóireacht a bhunú ar chlár comhardaithe na hinstitiúide, ar choinníoll go gcomhlíonann an clár comhardaithe na rialacha agus na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, arna ndeimhniú ag iniúchóir seachtrach neamhspleách ▌. Déanfaidh an t-údarás inniúil a dhícheall chun a áirithiú go mbunaítear an cainníochtú ar luach margaidh shócmhainní agus dhliteanais na hinstitiúide nó an eintitis agus mhíreanna na hinstitiúide nó an eintitis atá lasmuigh den chlár comhardaithe.
Beidh na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(iii), teoranta do bhearta a ndearna BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta measúnú orthu de réir mar is gá chun sócmhainneacht an eintitis a áirithiú trí aghaidh a thabhairt ar a easnamh caipitil a bunaíodh i gcás díobhálach tástálacha struis náisiúnta, tástálacha struis de chuid an Aontais nó tástálacha struis ar fud an tsásra aonair maoirseachta, nó freachnaimh choibhéiseacha arna ndéanamh ag BCE, ÚBE nó na húdaráis náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, arna ndeimhniú ag BCE nó ag an údarás inniúil ábhartha.
De mhaolú ar mhír 1, pointe (a)(iii), ceadófar, ar bhonn eisceachtúil, ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a fháil i gcás gurb amhlaidh, toisc cineál an easnaimh arna shainaithint, nach bhfágfadh fáil aon ionstraime cistí dílse eile nó aon ionstraime caipitil eile go mbeadh an t-eintiteas lena mbaineann in ann aghaidh a thabhairt ar a easnamh caipitil arna bhunú sa chás díobhálach sa tástáil struis ábhartha nó sa fhreachnamh coibhéiseach. Ní bheidh méid na n-ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1 a fuarthas níos mó ná 2 % de mhéid iomlán neamhchosaint na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann ar riosca, méid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás nach ndéanfar aon cheann de na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a fhuascailt, a aisíoc ná a fhoirceannadh ar shlí eile i gcomhréir le téarmaí na▌ straitéise chun imeacht ón mbeart tacaíochta a bhunaítear tráth a dheonaítear beart den sórt sin, iarrfaidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha ar an institiúid nó ar an eintiteas plean feabhsúcháin aon uaire a thíolacadh. Tabharfar cur síos sa phlean feabhsúcháin ar na céimeanna a bheidh le glacadh chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta, inmharthanacht na hinstitiúide nó an eintitis san fhadtéarma agus a cumas nó a chumas an méid a soláthraíodh a aisíoc a chaomhnú nó a athbhunú, chomh maith leis an tréimhse ama a bhaineann leis.
I gcás nach n-aithníonn BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha go bhfuil an plean feabhsúcháin aon uaire inchreidte nó indéanta, nó i gcás ina dteipeann ar an institiúid nó ar an eintiteas an plean feabhsúcháin a chomhlíonadh, déanfar measúnú i gcomhréir le hAirteagal 18 i dtaobh an bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó ar dócha di nó dó teip.
2a. Cuirfidh BCE nó an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha an Bord ar an eolas faoina mheasúnú i dtaobh an gcomhlíontar na coinníollacha dá dtagraítear i mír 2, pointí (a), (b) agus (d), maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b), agus in Airteagal 7(5);
"
(21) leasaítear Airteagal 19 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 1:"
‘1. Más rud é gurb é atá i ngníomhaíocht réitigh Státchabhair a dheonú de bhun Airteagal 107(1) CFAE, nó cabhair ón gCiste i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, ní thiocfaidh an scéim réitigh dá dtagraítear in Airteagal 18(6) den Rialachán seo i bhfeidhm go dtí go mbeidh cinneadh dearfach nó cinneadh coinníollach glactha ag an gCoimisiún, nó cinneadh gan agóid a dhéanamh, maidir le comhoiriúnacht úsáid na cabhrach sin don mhargadh inmheánach. Ag cur san áireamh a riachtanaí atá sé go ndéanfadh an Bord an scéim réitigh a fhorfheidhmiú go tráthúil, déanfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir lena chomhoiriúnaí atá úsáid Státchabhrach nó cabhrach ón gCiste leis an margadh inmheánach ar a dhéanaí nuair a fhormhuineoidh sé an scéim réitigh nó nuair a chuirfidh sé ina haghaidh de bhun Airteagal 18(7), an dara fomhír, nó nuair a rachaidh an tréimhse 24 uair an chloig dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d'Airteagal 18(7) in éag, cibé acu is túisce. Mura ndéantar cinneadh den sórt sin laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a tharchuirfidh an Bord an scéim réitigh, measfar an scéim réitigh a bheith údaraithe ag an gCoimisiún agus tiocfaidh sí i bhfeidhm i gcomhréir leis an gcúigiú fomhír d’Airteagal 18(7).
Agus na cúraimí a thugtar dóibh le hAirteagal 18 den Rialachán seo á ndéanamh acu, beidh socruithe struchtúracha i bhfeidhm ag institiúidí an Aontais lena n-áiritheofar neamhspleáchas oibríochtúil agus lena seachnófar coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh teacht chun cinn idir na feidhmeanna a chuirtear de chúram orthu na cúraimí sin a dhéanamh agus feidhmeanna eile agus poibleoidh siad, ar bhealach iomchuí, an fhaisnéis ábhartha uile maidir lena n-eagrúchán inmheánach i ndáil leis sin.’;
"
(b) cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 3:"
‘3. A luaithe a mheasfaidh an Bord go bhféadfadh sé gur gá an Ciste a úsáid, rachaidh sé i dteagmháil go neamhfhoirmiúil, go pras, agus ar mhodh rúnda leis an gCoimisiún chun an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as an gCiste a phlé, lena n-áirítear gnéithe dlíthiúla agus eacnamaíocha a bhaineann lena úsáid. A luaithe a bheidh an Bord sách cinnte go mbeidh úsáid na cabhrach ón gCiste i gceist leis an scéim réitigh atá beartaithe, tabharfaidh an Bord fógra foirmiúil don Choimisiún maidir leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as an gCiste. Beidh san fhógra sin an fhaisnéis go léir is gá don Choimisiún chun a mheasúnuithe a dhéanamh de bhun na míre seo, agus atá ina sheilbh ag an mBord nó atá de chumhacht ag an mBord a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo.
A luaithe a fhaightear an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfaidh an Coimisiún measúnú an ndéanfadh úsáid an Chiste iomaíocht a shaobhadh nó saobhadh iomaíochta a bhagairt, trí fhabhar a thabhairt don tairbhí nó d’aon ghnóthas eile ionas, sa mhéid go ndéanfadh sé difear don trádáil idir na Ballstáit, go mbeadh sé ar neamhréir leis an margadh inmheánach. Cuirfidh an Coimisiún i bhfeidhm maidir le húsáid an Chiste na critéir a bunaíodh do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair mar a chumhdaítear in Airteagal 107 CFAE. Tabharfaidh an Bord don Choimisiún an fhaisnéis atá ina sheilbh, nó faisnéis a bhfuil sé de chumhacht ag an mBord a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus a mheasfaidh an Coimisiún a bheith riachtanach chun an measúnú sin a dhéanamh.
Agus a mheasúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún, beidh sé faoi threoir ag na rialacháin ábhartha uile a ghlactar faoi Airteagal 109 CFAE, ag na teachtaireachtaí, treoraíochtaí agus bearta ábhartha uile a bheidh glactha ag an gCoimisiún i gcur i bhfeidhm rialacha na gConarthaí a bhaineann le Státchabhair de réir mar a bheidh i bhfeidhm nuair a bheidh an measúnú le déanamh. Déanfar na bearta sin a chur i bhfeidhm amhail agus gur tagairtí don Bhord a bhí sna tagairtí don Bhallstát atá freagrach as fógra a thabhairt i dtaobh na cabhrach, agus déanfar aon mhodhnuithe eile is gá.
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir lena chomhoiriúnaí atá úsáid an Chiste don mhargadh inmheánach, agus díreoidh sé an cinneadh sin chuig an mBord agus chuig údaráis réitigh náisiúnta an Bhallstáit nó na mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an cinneadh sin a bheith ag brath ar choinníollacha, ar ghealltanais nó ar ghnóthais i leith an tairbhí agus cuirfear san áireamh ann an gá atá le gníomhaíocht réitigh ag an mBord a chur i gcrích go tráthúil.
Féadfar oibleagáidí ar an mBord, ar na húdaráis réitigh náisiúnta sna Ballstáit rannpháirteacha nó ar na Ballstáit lena mbaineann nó ar an tairbhí, de réir mar is infheidhme agus a mhéid a thagann na hoibleagáidí sin faoina sainchúraimí faoi seach, a leagan síos sa chinneadh sin freisin chun go gcumasófar faireachán ar chomhlíonadh an chinnidh. D'fhéadfadh ceanglais maidir le hiontaobhaí nó le duine neamhspleách eile a cheapadh chun cabhrú leis an bhfaireachán a bheith ar áireamh sna ceanglais sin. Féadfaidh iontaobhaí nó duine neamhspleách eile na feidhmeanna sin a d’fhéadfadh a bheith sonraithe sa chinneadh ón gCoimisiún a chomhlíonadh.
Déanfar aon chinneadh de bhun na míre seo a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh diúltach a eisiúint, agus é dírithe chuig an mBord, i gcás ina gcinnfidh sé nach mbeadh úsáid bheartaithe an Chiste comhoiriúnach leis an margadh inmheánach agus nach féidir é a chur chun feidhme san fhoirm atá beartaithe ag an mBord. Ar chinneadh den sórt sin a fháil, athbhreithneoidh an Bord a scéim réitigh agus ullmhóidh sé scéim réitigh athbhreithnithe.’;
"
(c) cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 10:"
‘10. De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh d’aon toil, ar iarratas a fháil ó Bhallstát nó ón mBord, laistigh de 7 lá tar éis an t-iarratas sin a bheith déanta, go measfar úsáid an Chiste a bheith comhoiriúnach don mhargadh inmheánach má fhágann imthosca eisceachtúla gur cinneadh cóir é sin. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an gcás mura bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle laistigh de na 7 lá sin.’;
"
(22) leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 1:"
‘1. Sula gcinnfear an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach, nó na coinníollacha maidir le díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 21(1) comhlíonta, áiritheoidh an Bord go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí, lena n-áirítear an Bord agus an t-údarás réitigh náisiúnta, agus ar an eintiteas lena mbaineann luacháil chothrom, stuama agus réalaíoch ar shócmhainní agus dliteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2.’;
"
(b) cuirtear isteach an mhír 8a a leanas:"
‘8a. I gcás inar gá chun bonn eolais a thabhairt do na cinntí dá dtagraítear i mír 5, pointí (c) agus (d), comhlánóidh an luachálaí an fhaisnéis i mír 7, pointe (c), le meastachán ar luach na sócmhainní agus na ndliteanas lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha agus sócmhainní.’;
"
(c) i mír 18, cuirtear an pointe (d) a leanas isteach:"
‘(d) agus na caillteanais a thabhódh an scéim ráthaithe taiscí dá bhfoirceannfaí an institiúid faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta á gcinneadh, na critéir agus an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11e de Threoir 2014/49/AE agus in aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Airteagail sin a chur i bhfeidhm.’;
"
(23) leasaítear Airteagal 21 mar a leanas:
(a) leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i) leasaítear an chéad fhomhír mar a leanas:
— cuirtear an méid a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:"
‘1. Déanfaidh an Bord, ag gníomhú dó faoin nós imeachta arna leagan síos in Airteagal 18, an chumhacht a fheidhmiú chun ionstraimí caipitil, agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear i mír 7a, a dhíluacháil nó a chomhshó i ndáil leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus in Airteagal 7(5), i gcás ina mbeidh na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin á gcomhlíonadh, ach ní dhéanfaidh sé an méid sin ach amháin, ar theachtaireacht a bheith faighte aige de bhun an dara fomhír nó ar a thionscnamh féin, nuair a chinnfidh sé, ina sheisiún feidhmiúcháin, go gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leanas:’;
"
— cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (e):"
‘(e) go n-éileoidh an t-eintiteas nó an grúpa tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, ach amháin i gcás ina ndeonaítear an tacaíocht sin i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 18a(1).’;
"
(ii) cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Is é BCE a dhéanfaidh an measúnú ar na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (d), i gcás eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a), nó is é an t-údarás inniúil náisiúnta ábhartha a dhéanfaidh é i gcás eintitis dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(b), (4)(b) agus (5), agus is é an Bord, ina sheisiún feidhmiúcháin, i gcomhréir le leithdháileadh na gcúraimí de bhun an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(1) agus (2) a dhéanfaidh é.’;
"
(b) scriostar mír 2;
(c) i mír 3, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):"
‘(b) ag féachaint d’uainiú, don ghá atá ann na cumhachtaí díluachála agus comhshó nó an straitéis réitigh don ghrúpa réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus d’imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht, lena n-áirítear bearta malartacha ón earnáil phríobháideach, gníomhaíocht mhaoirseachta nó bearta luath-idirghabhála, seachas díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha, agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i mír 7a, cosc ar theip an eintitis nó an ghrúpa sin laistigh de thréimhse réasúnta.’;
"
(d) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 9:"
‘9. I gcás ina gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1 maidir le heintiteas dá dtagraítear sa mhír sin, agus ina gcomhlíonfar na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 18(1) freisin maidir leis an eintiteas sin nó le heintiteas ar cuid den ghrúpa céanna é, beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 18(6), (7) agus (8).’;
"
(24) leasaítear Airteagal 27 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 7:"
‘7. Ní fhéadfaidh an Ciste ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 6 a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leanas go léir:
(a)
go ndearna scairshealbhóirí, sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus sealbhóirí dliteanas intarrthála eile ranníocaíocht de mhéid nach lú ná 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, le hionsúchán caillteanais agus athchaipitliú, arna tomhas i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) go (15), trí laghdú, díluacháil, nó comhshó de bhun Airteagal 48(1) de Threoir 2014/59/AE agus Airteagal 21(10) den Rialachán seo, agus go ndearna an scéim ráthaithe taiscí amhlaidh de bhun Airteagal 79 den Rialachán seo agus Airteagal 109 de Threoir 2014/59/AE i gcás inarb ábhartha;
(b)
nach mó an ranníocaíocht ón gCiste ná 5 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) go (15).’;
"
▌
(c) i mír 13, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Leis an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bunófar an méid faoinar gá dliteanais intarrthála a dhíluacháil nó a chomhshó:
(a)
chun cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú, nó, i gcás inarb infheidhme, cóimheas na droichead-institiúide a bhunú, agus aon ranníocaíocht chaipitil ón gCiste de bhun Airteagal 76(1), pointe (d) á cur san áireamh;
(b)
muinín margaidh leordhóthanach a chothú san institiúid faoi réiteach nó sa droichead-institiúid, agus an gá atá le dliteanais theagmhasacha a chumhdach á chur san áireamh, agus a chur ar a cumas don institiúid faoi réiteach leanúint de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh ar feadh bliain amháin ar a laghad, agus leanúint de na gníomhaíochtaí a bhfuil sí údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó Treoir 2014/65/AE.’;
"
(25) leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad an teidil:"
‘Oibleagáid comhoibriú agus malartú faisnéise’;
"
(b) cuirtear isteach míreanna 2a, 2b agus 2c mar a leanas:"
‘2a. Comhoibreoidh an Bord, BERS, ÚBE, ESMA agus ÚEÁPC go dlúth le chéile agus soláthróidh siad dá chéile an fhaisnéis uile is gá chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh.
2b. Comhoibreoidh BCE agus comhaltaí eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) go dlúth leis an mBord agus soláthróidh siad dó an fhaisnéis uile is gá chun cúraimí an Bhoird a chomhlíonadh, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú acu i gcomhréir lena reacht. Beidh feidhm ag Airteagal 88(6) maidir leis na malartuithe lena mbaineann.
2c. Comhoibreoidh na húdaráis ainmnithe dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE go dlúth leis an mBord. Soláthróidh na húdarás ainmnithe agus an Bord dá chéile an fhaisnéis uile is gá lena gcuid cúraimí faoi seach a fheidhmiú.’;
"
(c) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:"
‘6. Féachfaidh an Bord le comhoibriú go dlúth le haon saoráid cúnaimh airgeadais phoiblí, lena n-áirítear an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), go háirithe sna cásanna a leanas:
(a)
sna himthosca urghnácha dá dtagraítear in Airteagal 27(9) agus i gcás inar dheonaigh saoráid den sórt sin cúnamh airgeadais díreach nó indíreach, nó inar dóigh dó í a dheonú, d’eintitis atá bunaithe i mBallstát rannpháirteach;
(b)
i gcás ina mbeidh socrú airgeadais déanta ag an mBord le haghaidh an Chiste de bhun Airteagal 74.’;
"
(d) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 7:"
‘7. I gcás inar gá sin, tabharfaidh an Bord meabhrán tuisceana i gcrích le BCE agus comhaltaí eile de CEBC, na húdaráis réitigh náisiúnta agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta ina mbeidh tuairisc i dtéarmaí ginearálta ar an gcaoi a ndéanfaidh siad comhar faoi mhíreanna 2, 2a, 2b agus 4 den Airteagal seo agus faoi Airteagal 74, an dara fomhír, i bhfeidhmiú a gcuid cúraimí faoi seach faoi dhlí an Aontais. Athbhreithneofar an meabhrán sin go tráthrialta agus déanfar é a fhoilsiú faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil.’;
"
(26) cuirtear an tAirteagal a leanas isteach:"
‘Airteagal 30a
Faisnéis atá i seilbh sásra uathoibrithe láraithe
1. Soláthróidh na húdaráis a oibríonn na sásraí uathoibrithe láraithe arna mbunú le hAirteagal 32a de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** faisnéis don Bhord, arna iarraidh sin dó, a bhaineann le líon na gcustaiméirí arb é eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 2 an t-aon chomhpháirtí baincéireachta nó an príomh-chomhpháirtí baincéireachta atá acu.
2. Ní iarrfaidh an Bord an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ach amháin ar bhonn cás ar chás agus nuair is gá chun a chúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
3. Féadfaidh an Bord an fhaisnéis a fhaightear de bhun na chéad mhíre a roinnt leis na húdaráis náisiúnta réitigh i gcomhthéacs chomhlíonadh a gcúraimí faoi seach faoin Rialachán seo.
______________________________
** Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
"
(27) leasaítear Airteagal 31▌mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad an tríú fomhír:"
‘Déanfar comhar maidir le comhroinnt faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Airteagal 13(1) de Threoir 2014/59/AE, gan dochar do Chaibidil 5 den teideal seo. Faoina chuimsiú sin agus chun críocha pleananna réitigh a mheas:
(a)
féadfaidh an Bord a iarraidh ar na húdaráis réitigh náisiúnta an fhaisnéis uile is gá, atá faighte acu, a chur faoi bhráid an Bhoird
(b)
déanfaidh an Bord, arna iarraidh sin d’údarás réitigh náisiúnta Ballstáit rannpháirtigh, aon fhaisnéis is gá chun cúraimí an údaráis sin, faoin Rialachán seo, a chomhlionadh, a chur ar fáil don údarás sin.’
"
(b) cuirtear an mhír a leanas leis:"
‘3. Maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2), agus maidir leis na heintitis agus na grúpaí dá dtagraítear in Airteagal 7(4), pointe (b) agus Airteagal 7(5) i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha maidir leis na forálacha sin a chur i bhfeidhm, rachaidh na húdaráis réitigh náisiúnta i gcomhairle leis an mBord sula ngníomhóidh siad faoi Airteagal 86 de Threoir 2014/59/AE.’;
"
(28) in Airteagal 32(1), cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"
‘I gcás ina mbeidh i ngrúpa eintitis atá bunaithe i mBallstáit rannpháirteacha agus i mBallstáit neamh-rannpháirteacha nó i dtríú tíortha chomh maith, gan dochar d’aon fhormheas ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún atá ina cheangal de réir an Rialacháin seo, déanfaidh an Bord ionadaíocht d’údarás réitigh náisiúnta na mBallstát rannpháirteach, chun críoch comhchomhairle agus comhair le Ballstáit neamh-rannpháirteacha nó tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagail 7, 8, 12, 13, 16, 18, 45h, 55, agus 88 go 92 de Threoir 2014/59/AE.’;
"
(29) leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:"
‘Féadfaidh an Bord, agus lánúsáid á baint aige as an bhfaisnéis ar fad atá ar fáil cheana féin do BCE, lena n-áirítear faisnéis arna bailiú ag comhaltaí CEBC i gcomhréir lena reacht, nó an fhaisnéis uile atá ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta, do BERS, do ÚBE, do ESMA nó do ÚEÁPC, a cheangal ar na daoine dlítheanacha nó nádúrtha a leanas, trí na húdaráis náisiúnta réitigh nó go díreach, tar éis dóibh na húdaráis sin a chur ar an eolas, an fhaisnéis uile is gá a sholáthar dó, i gcomhréir leis an nós imeachta arna iarraidh ag an mBord agus san fhoirm a iarrann an Bord, chun a chúraimí a fheidhmiú:’;
"
(b) cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:"
‘5. Féadfaidh an Bord, BCE, comhaltaí CEBC, na húdaráis inniúla náisiúnta, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC agus na húdaráis réitigh náisiúnta meabhráin tuisceana a tharraingt suas ina leagfar amach nós imeachta lena rialaítear malartú faisnéise. Ní mheasfar gur sárú ar cheanglais maidir le rúndacht ghairmiúil a bheidh i malartú faisnéise idir an Bord, BCE, agus comhalta eile CEBC, na húdaráis inniúla náisiúnta, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC agus na húdaráis réitigh náisiúnta.
6. Comhoibreoidh údaráis inniúla náisiúnta, BCE, comhaltaí CEBC, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC, agus na húdaráis náisiúnta réitigh leis an mBord chun a fhíorú an bhfuil cuid den fhaisnéis nó an fhaisnéis ar fad a iarradh ar fáil cheana féin tráth a dhéantar an iarraidh. I gcás ina mbeidh faisnéis den sórt sin ar fáil, cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta, BCE agus comhaltaí eile CEBC, BERS, ÚBE, ESMA, ÚEÁPC, nó na n-údarás réitigh náisiúnta an fhaisnéis sin ar fáil don Bhord.’;
"
(30) in Airteagal 43(1), cuirtear isteach an pointe (aa) a leanas:"
‘(aa) an Leas-Chathaoirleach arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 56;’;
"
(30a) leasaítear Airteagal 45 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad an teidil:"
‘Trédhearcacht agus cuntasacht’;
"
(b) cuirtear an mhír a leanas isteach:"
‘3a. Foilseoidh an Bord a chuid beartas, treoirlínte, treoracha ginearálta, nótaí treorach agus doiciméad inmheánach oibre maidir le cúrsaí réitigh i gcoitinne agus maidir leis na cleachtais agus na modheolaíochtaí réitigh a bheidh le cur i bhfeidhm laistigh den Sásra Réitigh Aonair, a fhad agus nach mbeidh nochtadh ábhair rúnda i gceist leis an bhfoilsiú sin.’
"
(31) in Airteagal 50(1), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (n):"
‘(n) Oifigeach Cuntasaíochta agus Iniúchóir Inmheánach a cheapadh, faoi réir na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, a mbeidh neamhspleáchas feidhmeach acu agus a ndualgais á ndéanamh acu;’;
"
(31a) in Airteagal 50(1), cuirtear an pointe a leanas leis:"
‘(qa) a áirithiú go dtéitear i gcomhairle leis na húdaráis réitigh náisiúnta maidir leis na treoirlínte, na treoracha ginearálta, na beartais nó na nótaí treorach lena mbunaítear beartais réitigh, cleachtais nó modheolaíochtaí réitigh a rannchuideoidh na húdaráis réitigh náisiúnta sin lena gcur chun feidhme.’;
"
(32) leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad abairte:"
‘Ina sheisiún feidhmiúcháin, comhdhéanfar an Bord den Chathaoirleach, den Leaschathaoirleach agus de na ceithre chomhalta eile dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b).’;
"
(b) i mír 5, cuirtear na focail ‘Airteagal 43(1), pointí (a), (aa) agus (b)’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 43(1)(a) agus (b)’.;
(33) in Airteagal 55, cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:"
‘1. Más rud é agus eintiteas aonair nó grúpa nach bhfuil bunaithe ach in aon Bhallstát rannpháirteach amháin á bhreithniú, nach féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 53(1) agus (3) teacht ar chomhaontú comhpháirteach trí chomhthoil laistigh den sprioc-am arna leagan síos ag an gCathaoirleach, glacfaidh an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b), cinneadh trí thromlach simplí.
2. Más rud é agus grúpa trasteorann á bhreithniú, nach féidir leis na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 53(1) agus (4) teacht ar chomhaontú comhpháirteach trí chomhthoil laistigh den sprioc-am arna leagan síos ag an gCathaoirleach, glacfaidh an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b) cinneadh trí thromlach simplí.’;
"
(34) leasaítear Airteagal 56 mar a leanas:
(a) i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (d):"
‘(d) réamh-dhréachtbhuiséad agus dréachtbhuiséad an Bhoird a chur ar bun i gcomhréir le hAirteagal 61 agus buiséad an Bhoird a chur chun feidhme, i gcomhréir le hAirteagal 63;’;
"
(b) i mír 5, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"
Beidh téarma oifige 5 bliana ag an gCathaoirleach, ag an Leas-Chathaoirleach agus ag na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b). ▌
Ní bheidh duine a d’fhóin ▌mar Chathaoirleach, mar Leas-Chathaoirleach nó mar chomhalta dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b), incháilithe lena cheapadh chuig aon cheann den dá phost eile.’;
"
(c) ▌cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:
▌"
‘6. Tar éis dó an Bord a éisteacht, ina sheisiún iomlánach, soláthróidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa gearrliosta iarrthóirí atá cothrom ó thaobh inscne de do phoist an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoin ngearrliosta. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa éisteachtaí na n-iarrthóirí atá ar an ngearrliosta sin a stiúradh. I gcomhréir leis an toradh i bParlaimint na hEorpa, déanfaidh an Coimisiún togra i gcomhair cheapachán an Chathaoirligh, an Leas-Chathaoirligh agus na gcomhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa lena fhormheas. Tar éis an togra sin a bheith formheasta, glacfaidh an Chomhairle cinneadh cur chun feidhme maidir leis an gCathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1)(b) a cheapadh. Is le tromlach cáilithe a ghníomhóidh an Chomhairle.’;
"
▌
(e) i mír 7, cuirtear an méid a leanas in ionad na habairte deiridh:"
‘Fanfaidh an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach agus na comhaltaí dá dtagraítear in Airteagal 43(1), pointe (b) in oifig go dtí go gceapfar a gcomharbaí agus go rachaidh siad i mbun a gcuid dualgas i gcomhréir leis an gcinneadh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo.’;
"
(ea) scriostar mír 8.
(35) Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 61:"
'Airteagal 61
An buiséad a chur ar bun
1. Faoin 31 Márta gach bliain, tarraingeoidh an Cathaoirleach suas réamh-dhréachtbhuiséad de chuid an Bhoird, lena n-áirítear ráiteas ar na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas an Bhoird don bhliain dar gcionn, mar aon le plean bunaíochta, don bhliain ina dhiaidh agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird é ina sheisiún iomlánach.
Déanfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach, i gcás inar gá, réamh-dhréachtbhuiséad an Bhoird a choigeartú mar aon leis an dréachtphlean bunaíochta.
2. Ar bhonn an réamh-dhréachtbhuiséid arna ghlacadh ag an mBord ina sheisiún iomlánach, tarraingeoidh an Cathaoirleach suas dréachtbhuiséad an Bhoird agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird é ina sheisiún iomlánach lena ghlacadh.
Faoin 30 Samhain gach bliain, déanfaidh an Bord ina sheisiún iomlánach, an dréachtbhuiséad a thíolaic an Cathaoirleach a choigeartú, i gcás inar ghá sin, agus buiséad críochnaitheach an Bhoird a ghlacadh in éineacht leis an bplean bunaíochta.';
"
(35a) in Airteagal 62, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:"
‘3. Is ar an mBord ina sheisiún iomlánach a bheidh an fhreagracht as caighdeáin rialaithe inmheánaigh a ghlacadh agus córais rialaithe inmheánaigh agus nósanna imeachta a chur ar bun a bheidh oiriúnach do chúraimí an iniúchóra inmheánaigh a fheidhmiú.’
"
(36) in Airteagal 69, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 4:"
‘4. Más rud é, tar éis na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1, go dtiteann na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi bhun an spriocleibhéil a shonraítear sa mhír sin, déanfar ranníocaíochtaí tráthrialta arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 70 a chruinniú go dtí go sroichfear an spriocleibhéal. Feadfaidh an Bord bailiú na ranníocaíochtaí tráthrialta a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 70 ar feadh suas le trí bliana chun a áirithiú go sroichfidh an méid a bheidh le bailiú méid atá comhréireach le costais an phróisis bailithe, ar choinníoll nach ndéanfaidh iarchur den sórt sin difear ábhartha do chumas an Bhoird an Ciste a úsáid de bhun Roinn 3. Tar éis an spriocleibhéal a bhaint amach den chéad uair agus i gcás inar laghdaíodh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ina dhiaidh sin go méid is lú ná dhá thrian den spriocleibhéal, socrófar na ranníocaíochtaí sin ar leibhéal lena bhféadfar an spriocleibhéal a bhaint amach laistigh de 4 bliana.’;
"
(37) leasaítear Airteagal 70 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 3:"
‘3. Sna hacmhainní airgeadais atá ar fáil a chuirfear i gcuntas chun an spriocleibhéal a shonraítear in Airteagal 69 a bhaint amach, féadfar gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a áireamh atá cumhdaithe go hiomlán le comhthaobhacht de shócmhainní ísealriosca gan bac ó aon chearta tríú páirtí atá ar shaordhiúscairt agus sannta lena húsáid go heisiach ag an mBord chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 76(1). Ní rachaidh sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe thar 30 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí arna gcruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo. Laistigh den teorainn sin, cinnfidh an Bord go bliantúil sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí atá le cruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo.’;
"
(b) cuirtear an mhír 3a a leanas isteach:"
‘3a. Glaofaidh an Bord ar na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ndéanamh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nuair is gá an Ciste a úsáid de bhun Airteagal 76.
I gcás ina scoirfidh institiúid nó eintiteas de bheith faoi raon feidhme Airteagal 2 agus nach mbeidh sí nó sé faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc a thuilleadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, glaofaidh an Bord ar na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ndéanamh de bhun mhír 3 agus atá fós dlite. Má dhéantar an ranníocaíocht atá nasctha leis an ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe a íoc go cuí tráth an chéad ghlao, cuirfidh an Bord an gealltanas ar ceal agus tabharfaidh sé an chomhthaobhacht ar ais. Mura n-íocfar an ranníocaíocht go cuí tráth an chéad ghlao, urghabhfaidh an Bord an chomhthaobhacht agus cuirfidh sé an gealltanas ar ceal.’;
"
(38) in Airteagal 71(1), cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
Ní rachaidh méid iomlán na ranníocaíochtaí ex-post urghnácha in aghaidh na bliana thar thrí oiread 12.5 % den spriocleibhéal.’;
"
(39) in Airteagal 74, cuirtear isteach an mhír a leanas:"
‘Cuirfidh an Bord an Coimisiún agus BCE ar an eolas a luaithe a mheasfaidh sé gur gá socruithe airgeadais atá ar conradh don Chiste a ghníomhachtú i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus soláthróidh sé don Choimisiún agus do BCE an fhaisnéis go léir is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh i ndáil leis na socruithe airgeadais sin.’;
"
(40) leasaítear Airteagal 76 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:"
‘3. I gcás ina gcinnfidh an Bord gur dócha go mbeidh de thoradh ar úsáid an Chiste chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, go gcuirfear cuid de chaillteanais eintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 ar aghaidh chuig an gCiste, beidh feidhm ag na prionsabail a rialaíonn úsáid an Chiste a leagtar amach in Airteagal 27.’;
"
(b) cuirtear isteach na míreanna 5 agus 6 a leanas:"
‘5. I gcás ina n-úsáidfear na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 22(2), pointe (a) nó (b), gan ach cuid de shócmhainní, de chearta nó de dhliteanais na hinstitiúide faoi réiteach a aistriú, beidh éileamh ag an mBord in aghaidh an eintitis iarmharaigh ar aon chostas agus caillteanas a thabhóidh an Ciste mar thoradh ar aon ranníocaíochtaí a rinneadh le réiteach de bhun mhír 1 agus mhír 2 den Airteagal seo maidir le caillteanais a d’iompródh creidiúnaithe murach sin.
6. Beidh an rangú tosaíochta céanna ag éilimh an Bhoird dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 22(6), i ngach Ballstát rannpháirteach, agus a bheidh ag éilimh na socruithe náisiúnta um maoiniú réitigh i ndlí náisiúnta an Bhallstáit sin lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta de bhun Airteagal 108(9) de Threoir 2014/59/AE.’;
"
(41) leasaítear Airteagal 79 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:"
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit rannpháirteacha, nuair a dhéanfaidh an Bord gníomhaíocht réitigh maidir le hinstitiúid chreidmheasa, ar choinníoll go n-áiritheofar leis an ngníomhaíocht sin go mbeidh rochtain i gcónaí ar a dtaiscí ag taisceoirí taiscí atá faoi chumhdach agus ag daoine nádúrtha agus ag micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhfuil taiscí incháilithe ina seilbh acu, chun cosc a chur ar iompar caillteanas ag na taisceoirí sin, go rannchuideoidh an scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil an institiúid chreidmheasa sin cleamhnaithe chun na gcríoch agus faoi na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 109 de Threoir 2014/59/AE.
2. Cinnfidh an Bord, i ndlúthchomhar leis an scéim ráthaithe taiscí, méid ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí i gcomhréir le mír 1, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an scéim ráthaithe taiscí, agus i gcás inar gá leis an údarás ainmnithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE, maidir leis an gcostas measta a bhaineann le taisceoirí a aisíoc de bhun Airteagal 11e de Threoir 2014/49/AE agus i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán seo.
3. Tabharfaidh an Bord fógra faoina chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír don údarás ainmnithe de réir bhrí Airteagal 2(1), pointe (18), de Threoir 2014/49/AE agus don scéim ráthaithe taiscí a bhfuil an institiúid cleamhnaithe léi. Cuirfidh an scéim ráthaithe taiscí an cinneadh sin chun feidhme gan mhoill.’;
"
(b) i mír 5, scriostar an tríú agus an ceathrú fomhír;
(41a) cuirtear na hairteagail a leanas isteach:"
‘Airteagal 79a
At tuairisciú ar leachtacht le linn réitigh
Faoin 31 Nollaig 2024 tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar cheist na leachtachta le linn réitigh:
Scrudófar sa tuarascáil an é uirlis a bheith ar iarraidh ón mbosca uirlisí réitigh is cúis inter alia le heasnamh sealadach leachtachta tar éis institiúid a athchaipitliú le linn réitigh agus scrúdófar na bealaí is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh leachtachta shealadacha, agus na cleachtais i ndlínsí eile á gcur san áireamh. Cuirfear roghanna beartais nithiúla i láthair sa tuarascáil.
Airteagal 79b
Faoin 31 Nollaig 2026, i gcomhthéacs na pléití ar an aontas baincéireachta a atosú, tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar éifeachtúlacht agus raon feidhme an tsásra aistrithe caillteanais inmheánaigh laistigh de ghrúpaí réitigh a eascraíonn as an gcreat bainistíochta géarchéime a athchóiriú.
Go háirithe, déanfar machnamh sa tuarascáil ar raon feidhme an réitigh, a mhéid a chomhlíontar na spriocanna ICDI inmheánacha, coinníollacha chun rochtain a fháil ar na líontáin sábháilteachta arna gcistiú ag an tionscal, go háirithe an Ciste.’;
"
(42) in Airteagal 85(3), cuirtear na focail ‘arna nglacadh faoi’ in ionad na bhfocal ‘dá dtagraítear in’;
(43) in Airteagal 88, cuirtear an mhír 7 a leanas leis:"
‘7. Leis an Airteagal seo, ní chuirfear cosc ar an mBord a anailísí nó a mheasúnuithe a nochtadh, lena n-áirítear nuair atá siad bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 2 nó ag údaráis eile dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo, nuair a mheasann an Bord nach mbainfeadh an nochtadh an bonn de chosaint leas an phobail a mhéid a bhaineann le beartas airgeadais, airgeadaíochta nó eacnamaíoch agus go bhfuil leas an phobail sa nochtadh a sháraíonn aon leasanna eile dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. Measfar nochtadh den sórt sin a bheith déanta ag an mBord i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Rialachán seo chun críocha mhír 1 den Airteagal seo.’.
"
(43a) in Airteagal 94(1), cuirtear isteach an pointe a leanas:"
‘(aa) an t-idirghníomhú idir an creat atá cheana ann agus an Scéim Eorpach Árachais Taiscí a chur ar bun.
"
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón … [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 1, pointe (1)(a), pointí (2) agus (3), pointe (4)(a), pointe (5)(a), (b) agus (c)(i) agus (ii), pointe (6)(a), pointe (7), pointe (13)(a)(i) agus (b), pointe (14)(a), (b) agus (d), pointe (19)(d) agus (e), pointe (21), pointe (23)(a)(i), an chéad fhleasc, (b) agus (d), pointí (25) go (35), agus pointí (39), (42) agus (43), ón... [Oifig na bhfoilseachán cuir isteach an dáta = 1 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
* Tá na hathruithe ar fud an téacs mar thoradh ar leasú 1 a ghlacadh. Tá téacs nua nó téacs atá curtha in ionad téacs eile aibhsithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.
Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat le haghaidh institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta a théarnamh agus a réiteach agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE and 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin de bhun na Treorach réamhráite (IO L 241, 8.7.2021, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 150, 7.6.2019, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 150, 7.6.2019, lch. 226).
Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296).
Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
Rialachán (CE) Uimh 1126 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le bailiú faisnéise staidrimh ag an mBanc Ceannais Eorpach (IO L 318, 27.11.1998, lch. 8).
Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73).
Bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíochta réitigh a mhaoiniú (BRRD3)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a mhaoiniú (COM(2023)0227 – C9-0135/2023 – 2023/0112(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0227),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0135/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Iúil 2023(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2023(2),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0153/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/59/AE a mhéid a bhaineann le bearta luath-idirghabhála, coinníollacha maidir le réiteach agus gníomhaíocht réitigh a mhaoiniú(3)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(4),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(5),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid a leanas:
(1) Bunaíodh creat réitigh an Aontais le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (‘institiúidí’) tar éis na géarchéime airgeadais domhanda 2008-2009 agus de dhroim dhoiciméad an Bhoird um Chobhsaíocht Airgeadais dar teideal ‘Príomhthréithe Córas Éifeachtach Imréitigh d’Institiúidí Airgeadais(6)’ arna bhformhuiniú go hidirnáisiúnta. Is éard atá i gcreat réitigh an Aontais Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8). Tá feidhm ag an dá ghníomh sin maidir le hinstitiúidí a bhunaítear san Aontas, agus maidir le haon eintiteas eile a thagann faoi raon feidhme na Treorach nó an Rialacháin sin (‘eintitis’). Is é is aidhm do chreat réitigh an Aontais déileáil ar bhealach ordúil le teip institiúidí agus eintiteas trí fheidhmeanna criticiúla institiúidí agus eintiteas a chaomhnú agus trí bhagairtí ar chobhsaíocht airgeadais a sheachaint, agus trí thaisceoirí agus cistí poiblí a chosaint san am céanna. Ina theannta sin, tá sé beartaithe le creat réitigh an Aontais forbairt an mhargaidh inmheánaigh sa bhaincéireacht a chothú trí chóras comhchuibhithe a chruthú chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna trasteorann ar bhealach comhordaithe agus trí shaincheisteanna maidir le saobhadh na hiomaíochta agus rioscaí na córa neamh-chomhionainne a sheachaint.
(2) Roinnt blianta tar éis é a chur chun feidhme, níl creat réitigh an Aontais mar is infheidhme faoi láthair ag soláthar de réir mar a beartaíodh i ndáil le cuid de na cuspóirí sin. Go háirithe, cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ag institiúidí agus ag eintitis i dtreo inréiteachta agus go bhfuil acmhainní suntasacha tiomnaithe acu chuige sin, go háirithe tríd an acmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin a mhéadú agus trí shocruithe maoinithe réitigh a líonadh, is annamh a bhaintear leas as creat réitigh an Aontais. Ina ionad sin, is amhlaidh a thugtar aghaidh ar theipeanna institiúidí agus eintiteas beag agus meánmhéide áirithe trí bhearta náisiúnta neamh-chomhchuibhithe den chuid is mó. Ar an drochuair, is airgead cáiníocóirí a úsáidtear fós seachas líontáin sábhála arna gcistiú ag an tionscal, lena n-áirítear socruithe maoinithe réitigh. Is cosúil gur as dreasachtaí neamhleora a eascraíonn an staid sin. Eascraíonn na dreasachtaí neamhleora sin as an idirghníomhú idir creat réitigh an Aontais agus na rialacha náisiúnta, rud a fhágann nach ndéantar an lánrogha leathan sa mheasúnú ar leas an phobail a fheidhmiú i gcónaí ar bhealach a léiríonn mar a beartaíodh feidhm a bheith ag creat réitigh an Aontais. San am céanna, is beag úsáid a baineadh as creat réitigh an Aontais mar gheall ar na rioscaí go mbeadh ar thaisceoirí na n-institiúidí arna gcistiú ó thaiscí caillteanais a iompar chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag na hinstitiúidí sin ar chistiú seachtrach i gcás réitigh, go háirithe in éagmais dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu. Ar deireadh, ós rud é nach mbíonn na rialacha maidir le rochtain ar chistiú i gcás nach bhfuil faoi réiteach chomh dian céanna leis na rialacha i gcás réitigh, bíonn claonadh ann bealaí eile a thriail de rogha ar chreat réitigh an Aontais a chur i bhfeidhm, agus is airgead cáiníocóirí a úsáidtear go minic in ionad acmhainní dílse na hinstitiúide agus an eintitis nó líontán sábhála arna gcistiú ag an tionscal. Cruthaíonn an staid sin, ar a seal, rioscaí ilroinnte, rioscaí maidir le torthaí fo-optamacha i ndáil le teipeanna institiúidí agus eintiteas a bhainistiú, go háirithe i gcás institiúidí agus eintitis atá beag nó ar mheánmhéid, agus deischostais ó acmhainní airgeadais nár úsáideadh. Is gá, dá bhrí sin, a áirithiú go gcuirfear creat réitigh an Aontais i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí agus níos comhleanúnaí agus gur féidir é a chur i bhfeidhm nuair a bheidh sé sin le leas an phobail, lena n-áirítear i gcás institiúidí beaga agus meánmhéide áirithe▌.
(2a) Is é an cuspóir atá le Treoir 2014/59/AE a athbhreithniú coimirce níos fearr a dhéanamh ar airgead na gcáiníocóirí a chosaint ar bhealach níos fearr agus sásraí sistéamacha nua a bhunú le haghaidh institiúidí agus eintiteas nach gcumhdaítear leis an gcreat réitigh atá cheana ann. Tá an creat sin ceaptha an t-ualach eacnamaíoch ar an tsochaí a chiorrú trí na costais ghinearálta a bhaineann le teipeanna bainc a laghdú. Ba cheart úsáid airgead na gcáiníocóirí a laghdú go suntasach, agus creat nua á thabhairt isteach, chun a áirithiú go mbainfear úsáid níos minice agus níos éifeachtaí as an socrú um maoiniú réitigh.
(3) Tá éagsúlacht idir déine agus leibhéal mionsonraithe na hoibre pleanála réitigh sin a theastaíonn maidir le fochuideachtaí nár aithníodh mar eintitis réitigh ach sin ag brath ar mhéid agus ar phróifíl riosca na n-institiúidí agus na n-eintiteas lena mbaineann, ar fheidhmeanna criticiúla a bheith ann agus ar an straitéis réitigh grúpa. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na húdaráis réitigh in ann na tosca sin a mheas agus na bearta atá le déanamh i leith fochuideachtaí den sórt sin á sonrú acu agus cur chuige simplithe a leanúint i gcás inarb iomchuí.
(3a) Ceann de phríomhchuspóirí na Treorach leasaithí seo is ea cur chuige nuashonraithe a thabhairt isteach agus údaráis a údarú chun teip fhéideartha roinnt banc nó grúpa banc a láimhseáil go héifeachtach. Ba cheart trédhearcacht agus intuarthacht a chur chun cinn leis an gcur chuige sin, agus na drochiarmhairtí eacnamaíocha a íoslaghdú. Tá an cur chuige sin ailínithe le prionsabal uileghabhálach na tarrthála inmheánaí i dTreoir 2014/59/AE, agus an fhéidearthacht phraiticiúil déileáil le teip banc meánmhéide á coimeád freisin.
(4) Maidir le hinstitiúid nó eintiteas atá á fhoirceannadh faoin dlí náisiúnta, tar éis cinneadh a dhéanamh go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip agus an t-údarás réitigh tagtha ar an gconclúid nach bhfuil sé le leas an phobail an institiúid nó an t-eintiteas a réiteach, is institiúid nó eintiteas é ansin atá ag dul i dtreo imeacht ón margadh sa deireadh. Tugann an méid sin le fios nach bhfuil gá le plean le haghaidh na ngníomhaíochtaí atá le déanamh i gcás teipe, gan beann ar údarú na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann a bheith tarraingthe siar cheana féin ag an údarás inniúil. Is amhlaidh atá i gcás institiúid iarmharach faoi réiteach tar éis na sócmhainní, cearta agus dliteanais a bheith aistrithe i gcomhthéacs straitéis aistrithe. Is iomchuí a shonrú, dá bhrí sin, nach gá pleananna réitigh a ghlacadh sna cásanna sin.
(5) Faoi láthair, féadfaidh údaráis réitigh toirmeasc a chur ar dháileacháin áirithe i gcás nach gcomhlíonann institiúid nó eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte nuair a bhreithnítear í nó é de bhreis ar an íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe (‘ICDI’). Mar sin féin, i gcásanna áirithe, d’fhéadfaí a cheangal ar institiúid nó ar eintiteas ICDI a chomhlíonadh ar bhonn atá éagsúil leis an mbonn ar a gceanglaítear ar an institiúid nó ar an eintiteas sin an ceanglas maoláin chomhcheangailte a chomhlíonadh. Cruthaíonn an staid sin éiginnteachtaí maidir leis na coinníollacha maidir le feidhmiú cumhachtaí na n-údarás réitigh chun dáileacháin a thoirmeasc agus maidir leis an Uasmhéid Indáilte a bhaineann le ICDI a ríomh. Dá bhrí sin, ba cheart a leagan síos gur cheart d’údaráis réitigh, sna cásanna sin, an chumhacht a fheidhmiú chun dáileacháin áirithe a thoirmeasc bunaithe ar an meastachán ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte a eascraíonn as Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún(9). Chun trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart d’údaráis réitigh an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta a chur in iúl don institiúid nó don eintiteas, agus ba cheart an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta sin a nochtadh don phobal ansin.
(6) Cruthaíodh bearta luath-idirghabhála chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla an meathlú ar staid airgeadais agus eacnamaíche institiúide nó eintitis a leigheas agus an riosca agus an tionchar a bhainfeadh le réiteach féideartha a laghdú a mhéid is féidir. Mar sin féin, mar gheall ar easpa cinnteachta maidir leis na truicir chun na bearta luath-idirghabhála sin a chur i bhfeidhm agus forluí páirteach le bearta maoirseachta, is annamh a úsáideadh bearta luath-idirghabhála. Ba cheart, dá bhrí sin, na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála sin a shimpliú agus a shonrú tuilleadh. Chun deireadh a chur le héiginnteachtaí maidir leis na coinníollacha agus leis an uainiú chun an comhlacht bainistíochta a bhaint agus riarthóirí sealadacha a cheapadh, ba cheart na bearta sin a shainaithint go sainráite mar bhearta luath-idirghabhála agus ba cheart a gcur i bhfeidhm a bheith faoi réir na dtruicear céanna. San am céanna, ba cheart a cheangal ar údaráis réitigh na bearta iomchuí a roghnú chun aghaidh a thabhairt ar chás sonrach i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Chun é a chur ar a gcumas d’údaráis réitigh rioscaí clú nó rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid nó teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide a chur san áireamh, ba cheart d’údaráis réitigh measúnú a dhéanamh ar na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm, ní hamháin ar bhonn táscairí cainníochtúla, mar shampla ceanglais chaipitil nó leachtachta, leibhéal giarála, iasachtaí neamhthuillmheacha nó comhchruinniú neamhchosaintí, ach ar bhonn truicir cháilíochtúla freisin.
(7) Chun deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú, ba cheart deireadh a chur leis na bearta luath-idirghabhála a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE a fhorluíonn na cumhachtaí atá ann cheana faoin gcreat stuamachta a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10) agus i dTreoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11). Ina theannta sin, is gá a áirithiú go mbeidh údaráis réitigh in ann ullmhú le haghaidh réiteach féideartha institiúide nó eintitis. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás inniúil na húdaráis réitigh a chur ar an eolas faoin meathlú ar staid airgeadais institiúide nó eintitis luath go leor, agus ba cheart go mbeadh na cumhachtaí is gá ag na húdaráis réitigh chun bearta ullmhúcháin a chur chun feidhme. Rud atá tábhachtach, chun é a chur ar a gcumas d’údaráis réitigh freagairt chomh tapa agus is féidir do mheathlú ar staid institiúide nó eintitis, níor cheart cur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála a bheith ina choinníoll don údarás réitigh socruithe a dhéanamh maidir le margú na hinstitiúide nó an eintitis nó faisnéis a iarraidh chun an plean réitigh a uasdátú agus an luacháil a ullmhú. Chun freagairt chomhsheasmhach, chomhordaithe, éifeachtach agus thráthúil a áirithiú ar an meathlú ar staid airgeadais institiúide nó eintitis agus chun ullmhú i gceart do réiteach féideartha, is gá feabhas a chur ar an idirghníomhaíocht agus ar an gcomhordú idir na húdaráis inniúla agus údaráis réitigh. A luaithe a chomhlíonann institiúid nó eintiteas na coinníollacha chun bearta luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm, ba cheart do na húdaráis inniúla agus d’údaráis réitigh a malartuithe faisnéise a mhéadú, lena n-áirítear faisnéis shealadach, agus faireachán a dhéanamh go comhpháirteach ar staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis.
(8) Is den riachtanas gníomhaíocht thráthúil agus luath-chomhordú a áirithiú idir an t-údarás inniúil agus an t-údarás réitigh nuair is gnóthas leantach fós í institiúid nó eintiteas, ach riosca ábhartha a bheith ann go bhféadfadh sé go dteipfidh ar an institiúid nó ar an eintiteas sin. Dá bhrí sin, ba cheart don údarás inniúil fógra a thabhairt don údarás réitigh a luaithe is féidir faoi riosca den sórt sin. San fhógra sin, ba cheart na cúiseanna a thabhairt le measúnú an údaráis inniúil mar aon le forléargas ar bhearta malartacha na hearnála príobháidí, ar an ngníomhaíocht mhaoirseachta nó bearta luath-idirghabhála atá ar fáil chun teip na hinstitiúide nó an eintitis a chosc laistigh de thréimhse réasúnta. Le luathfhógra den sórt sin, níor cheart dochar a dhéanamh do na nósanna imeachta chun a chinneadh an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach á gcomhlíonadh. An réamhfhógra a thabharfaidh an t-údarás inniúil don údarás réitigh go bhfuil riosca ábhartha ann go bhfuil institiúid nó eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip, níor cheart é sin a bheith ina choinníoll le haghaidh cinnidh ina dhiaidh sin go bhfuil institiúid nó eintiteas i mbéal teipthe go hiarbhír nó gur dóigh di nó dó teip. Thairis sin, má mheastar ag céim níos déanaí go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip agus nach bhfuil aon réitigh mhalartacha ann chun teip den sórt sin a chosc laistigh de thréimhse réasúnta, ní mór don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh féachaint ar cheart gníomhaíocht réitigh a dhéanamh. I gcás den sórt sin, d’fhéadfadh tráthúlacht an chinnidh gníomhaíocht réitigh a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid nó le heintiteas a bheith bunriachtanach chun go mbeidh rath ar chur chun feidhme na straitéise réitigh, go háirithe toisc go bhféadfadh idirghabháil níos luaithe san institiúid nó san eintiteas rannchuidiú le leibhéil leordhóthanacha acmhainneachta ionsúcháin caillteanais agus leachtachta a áirithiú chun an straitéis sin a chur i bhfeidhm. Is iomchuí, dá bhrí sin, a chur ar a chumas don údarás réitigh measúnú a dhéanamh, i ndlúthchomhar leis an údarás inniúil, ar cad is tréimhse réasúnta ann chun bearta malartacha a chur chun feidhme chun teip na hinstitiúide nó an eintitis a sheachaint. Agus an measúnú sin á dhéanamh ba cheart a chur san áireamh freisin nach mór é a bheith ar chumas an údaráis réitigh i gcónaí agus an eintitis lena mbaineann an straitéis réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach sa chás gurb í sin a theastóidh sa deireadh ach gan cosc a chur ar bhearta malartacha a dhéanamh. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an scála ama dá bhforáiltear do na bearta malartacha de chineál a d’fhágfadh nach gcuirfear éifeachtacht chur chun feidhme féideartha na straitéise réitigh i mbaol. Chun toradh tráthúil a áirithiú agus chun a chur ar a chumas don údarás réitigh ullmhú go cuí do réiteach féideartha na hinstitiúide nó an eintitis, ba cheart don údarás réitigh agus don údarás inniúil cruinniú a thionól go tráthrialta, agus ba cheart don údarás réitigh cinneadh a dhéanamh maidir le minicíocht na gcruinnithe sin agus imthosca an cháis á gcur san áireamh.
(9) Tá sé beartaithe go bhféadfar an creat réitigh a chur i bhfeidhm maidir le haon institiúid nó eintiteas a d’fhéadfadh a bheith ann, gan beann ar a mhéid agus ar a shamhail ghnó, mura leor na huirlisí atá ar fáil faoin dlí náisiúnta chun a theip a bhainistiú. Chun an toradh sin a áirithiú, ba cheart na critéir chun an measúnú ar leas an phobail a chur i bhfeidhm maidir le hinstitiúid nó eintiteas atá ag teip a shonrú. Ina leith sin, is gá a shoiléiriú, agus sin ag brath ar na himthosca sonracha, gur féidir feidhmeanna áirithe de chuid na hinstitiúide nó an eintitis a mheas mar fheidhmeanna criticiúla fiú amháin dá mbeadh tionchar ag scor na bhfeidhmeanna sin ar chobhsaíocht airgeadais nó ar sheirbhísí criticiúla ar an leibhéal réigiúnach ▌,go háirithe nuair is é an margadh geografach ábhartha a chinntíonn inionadaitheacht na bhfeidhmeanna criticiúla.
(9a) Chun a áirithiú gur féidir measúnú an tionchair ar an leibhéal réigiúnach a bhunú ar shonraí atá ar fáil ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais, ba cheart leibhéal réigiúnach a thuiscint i dtaca le haonaid chríche leibhéal 1 nó leibhéal 2 d’aicmiú comhchoitenn na n-aonad críche maidir le staidreamh (leibhéal NUTS 1 nó 2) laistigh de bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12).
(10) Sa mheasúnú i dtaobh an bhfuil réiteach institiúide nó eintitis chun leasa an phobail, ba cheart a léiriú go bhfuil cosaint níos fearr ag taisceoirí nuair a bhaintear úsáid níos éifeachtúla as cistí scéimeanna ráthaithe taiscí (‘SRT’) agus nuair a íoslaghdaítear na caillteanais do na cistí sin. Dá bhrí sin, sa mheasúnú ar leas an phobail, ba cheart a mheas gurbh fhearr a bhainfí amach an cuspóir réitigh maidir le taisceoirí a chosaint i gcás réitigh dá mbeadh sé níos costasaí don scéim ráthaithe taiscí an dócmhainneacht a roghnú.
(10a) I gcás ina mbaineann creataí náisiúnta dócmhainneachta agus réitigh cuspóirí an chreata amach go héifeachtach ar bhealach inchomparáide, ba cheart tús áite a thabhairt don rogha lena n-íoslaghdaítear an riosca do cháiníocóirí agus don gheilleagar. Leis an gcur chuige sin, áirithítear gníomhaíocht stuama fhreagrach, atá ailínithe leis an sprioc uileghabhálach chun leasanna na gcáiníocóirí agus an chobhsaíocht eacnamaíoch níos leithne araon a chosaint.
(11) Sa mheasúnú i dtaobh an bhfuil réiteach institiúide nó eintitis chun leasa an phobail, ba cheart a léiriú freisin, a mhéid is féidir, an difríocht idir, ar thaobh amháin, cistiú arna sholáthar trí líontáin sábhála arna gcistiú ag an earnáil (socruithe maoinithe réitigh nó SRTanna) agus, ar an taobh eile, cistiú arna sholáthar ag na Ballstáit ó airgead cáiníocóirí. Baineann riosca níos airde de bhaol morálta agus dreasacht níos ísle maidir le smacht margaidh le cistiú arna chur ar fáil ag na Ballstáit. Dá bhrí sin, agus measúnú á dhéanamh ar an gcuspóir an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, ba cheart go bhfaigheadh an t-údarás réitigh gurbh fhearr cistiú a fháil trí na socruithe maoinithe réitigh nó tríd an SRT, agus níor cheart cistiú trí mhéid comhionann acmhainní ó bhuiséad na mBallstát a bheith san áireamh ach amháin faoi imthosca eisceachtúla.
(11a) Níor cheart tacaíocht airgeadais urghnách arna cistiú ag cáiníocóirí a dheonú d’institiúidí agus d’eintitis, má dheonaítear in aon chor í, ach amháin chun suaitheadh tromchúiseach de chineál eisceachtúil agus sistéamach sa gheilleagar a leigheas, ós rud é go leagann sí ualach suntasach ar an airgeadas poiblí agus go gcuireann sí isteach ar chothrom na Féinne sa mhargadh inmheánach.
(12) Chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí réitigh ar an mbealach is éifeachtaí, níor cheart toradh an mheasúnaithe ar leas an phobail a bheith diúltach ach amháin i gcás ina bhféadfaí na cuspóirí réitigh a ghnóthú ar bhealach níos éifeachtaí, agus ní hamháin a mhéid céanna a bheadh i gceist le réiteach, tríd an institiúid nó an t-eintiteas atá ag teip a fhoirceannadh de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
(12a) Agus cinneadh á dhéanamh idir réiteach agus leachtú, ba cheart tosaíocht a thabhairt don rogha is lú costas foriomlán. Ba cheart costais éagsúla a chur i gcuntas sa mheasúnú sin, lena n-áirítear na costais sin a bhaineann le híocaíochtaí amach arna ndéanamh ag scéim ráthaithe taiscí, amhail an fad ama a theastaíonn chun sócmhainní a aisghabháil agus an t-ioncam a chaillfear le linn an phróisis. I gcásanna ina léirítear próifílí costais comhchosúla leis na roghanna réitigh agus leachtaithe araon, ba cheart tús áite a thabhairt don rogha a mbaineann níos lú rioscaí comhlachaithe léi don gheilleagar, lena gcuimsítear airgeadas poiblí agus an tionchar ar chobhsaíocht an gheilleagair.
(13) I gcás nach ndéantar institiúid nó eintiteas atá i mbéal teipthe a chur faoi réiteach, ba cheart é a fhoirceannadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá ar fáil faoin dlí náisiúnta. D’fhéadfadh nósanna imeachta den sórt sin a bheith an-éagsúil ó Bhallstát go Ballstát. Cé gurb iomchuí solúbthacht leordhóthanach a cheadú chun úsáid a bhaint as na nósanna imeachta náisiúnta atá ann cheana, ba cheart gnéithe áirithe a shoiléiriú chun a áirithiú go n-imeoidh na hinstitiúidí nó na heintitis lena mbaineann ón margadh.
(14) Ba cheart a áirithiú go dtionscnóidh an t-údarás riaracháin nó breithiúnach náisiúnta ábhartha nós imeachta go pras faoin dlí náisiúnta i gcás ina meastar go bhfuil institiúid nó eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip agus nach gcuirtear faoi réiteach é. I gcás ina bhfuil leachtú deonach na hinstitiúide nó an eintitis ar chinneadh ó scairshealbhóirí ar fáil faoin dlí náisiúnta, ba cheart an rogha sin a bheith ar fáil i gcónaí. Mar sin féin, ba cheart a áirithiú, in éagmais gníomhaíocht mhear ó na scairshealbhóirí, go ndéanfaidh an t-údarás náisiúnta riaracháin nó breithiúnach ábhartha gníomhaíocht.
(15) Ba cheart a leagan síos freisin gurb é toradh deiridh na nósanna imeachta sin go n-imeoidh an institiúid nó an t-eintiteas atá i mbéal teipthe ón margadh nó go gcuirfear deireadh lena ghníomhaíochtaí baincéireachta. Ag brath ar an dlí náisiúnta, is féidir an cuspóir sin a ghnóthú ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear an institiúid nó an t-eintiteas nó codanna de a dhíol, sócmhainní sonracha nó dliteanais shonracha a dhíol, clabhsúr a chur lena ghníomhaíochtaí baincéireachta, lena n-áirítear íocaíochtaí agus glacadh taiscí, de réir a chéile, nó iad a fhoirceannadh d’fhonn a shócmhainní a dhíol de réir a chéile chun na creidiúnaithe dá ndéantar difear a aisíoc. Mar sin féin, chun intuarthacht na nósanna imeachta a fheabhsú, ba cheart an toradh sin a bhaint amach laistigh de thréimhse ama réasúnta.
(16) Ba cheart a thabhairt de chumhacht do na húdaráis inniúla údarú institiúide nó eintitis a tharraingt siar ar an mbonn go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip agus nár cuireadh faoi réiteach í nó é. Ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann an t-údarú a tharraingt siar chun tacú leis an gcuspóir an institiúid nó an t-eintiteas a fhoirceannadh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, go háirithe i gcásanna nach féidir na nósanna imeachta atá ar fáil faoin dlí náisiúnta a thionscnamh tráth a chinntear go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip, lena n-áirítear na cásanna nach bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas dócmhainneach i gclár comhardaithe go fóill. Chun a áirithiú thairis sin gur féidir an cuspóir a ghnóthú, is é sin an institiúid nó an t-eintiteas a fhoirceannadh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh tarraingt siar an údaraithe ag an údarás inniúil san áireamh freisin sna coinníollacha féideartha faoina dtionscnófar ceann amháin ar a laghad de na nósanna imeachta atá ar fáil faoin dlí náisiúnta agus a mbeidh feidhm leis maidir le hinstitiúidí nó eintitis atá i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip ach nach gcuirtear faoi réiteach iad.
(17) I bhfianaise na taithí a fuarthas agus Treoir 2014/59/AE, Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) á gcur chun feidhme, is gá na coinníollacha a shonrú tuilleadh faoinar féidir bearta de chineál coisctheach réamhchúraim a cháilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a dheonú go heisceachtúil. Chun íoslaghdú ar an saobhadh iomaíochta a thagann as difríochtaí i gcineál na SRTanna san Aontas, ba cheart, ar bhonn eisceachtúil, idirghabhálacha ó SRTanna a cheadú i gcomhthéacs bearta coisctheacha lena gcomhlíontar Treoir 2014/49/AE agus a cháilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i gcás nach gcomhlíonann an institiúid is tairbhí nó an t-eintiteas is tairbhí aon cheann de na coinníollacha maidir lena mheas go bhfuil siad i mbéal teipthe nó gur dóigh dóibh teip. Ba cheart a áirithiú go ndéanfar bearta réamhchúraim luath go leor. Faoi láthair bunaítear breithniú an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE) maidir le hinstitiúid nó eintiteas a bheith sócmhainneach, chun críocha an athchaipitlithe réamhchúraim, ar mheasúnú réamhbhreathnaitheach don 12 mhí ina dhiaidh sin féachaint ar féidir nó nach féidir leis an institiúid nó leis an eintiteas na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14) nó i Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15), agus an ceanglas cistí dílse breise a leagtar síos i dTreoir 2013/36/AE nó i dTreoir (AE) 2019/2034, a chomhlíonadh. Ba cheart an cleachtas sin a leagan síos i dTreoir 2014/59/AE. Ina theannta sin, maidir le bearta chun faoiseamh a sholáthar i leith sócmhainní bearnaithe, lena n-áirítear meáin bhainistíochta sócmhainní nó scéimeanna ráthaíochta sócmhainní, is féidir leo a bheith éifeachtach agus éifeachtúil chun aghaidh a thabhairt ar chúiseanna anás airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann d’institiúidí agus d’eintitis agus chun a dteip a chosc agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaidís a bheith ina mbearta réamhchúraim ábhartha. Ba cheart a shonrú, dá bhrí sin, go bhféadfadh bearta réamhchúraim den sórt sin a bheith i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe.
(18) Chun smacht margaidh a chaomhnú, cistí poiblí a chosaint agus saobhadh iomaíochta a sheachaint, ba cheart bearta réamhchúraim a fhágáil mar eisceacht agus níor cheart iad a chur i bhfeidhm ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ina bhfuil suaitheadh tromchúiseach sa mhargadh nó chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú go háirithe i gcás géarchéim shistéamach. Thairis sin, níor cheart bearta réamhchúraim a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar chaillteanais thabhaithe nó ar chaillteanais is dóigh a thabhófar. Is athbhreithniú ar cháilíocht sócmhainní ag BCE, ag an Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach) (ÚBE), a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) nó ag údaráis inniúla náisiúnta an ionstraim is iontaofa chun caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint. Ba cheart d’údaráis inniúla agus do na húdaráis inniúla náisiúnta athbhreithniú den sórt sin a úsáid chun caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint i gcás inar féidir athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh laistigh de thréimhse ama réasúnta. I gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ba cheart d’údaráis inniúla caillteanais thabhaithe nó caillteanais is dóigh a thabhófar a shainaithint ar an mbealach is iontaofa is féidir faoi na himthosca atá ann faoi láthair, bunaithe ar chigireachtaí ar an láthair i gcás inarb iomchuí.
(19) Is é is aidhm d’athchaipitliú réamhchúraim tacaíocht a thabhairt d’institiúidí agus d’eintitis inmharthana a shainaithnítear gur dócha go mbeidh deacrachtaí sealadacha acu go luath amach anseo agus chun nach rachaidh a gcás in olcas a thuilleadh. Ionas nach ndeonófar fóirdheontais phoiblí do ghnólachtaí atá neamhbhrabúsach cheana féin nuair a dheonaítear an tacaíocht, níor cheart do bhearta réamhchúraim a dheonaítear i bhfoirm éadáil ionstraimí cistí dílse nó ionstraimí caipitil eile nó trí bhearta sócmhainní bearnaithe a bheith níos mó ná an méid is gá chun easnaimh chaipitil a chumhdach mar a sonraíodh i gcás díobhálach de thástáil struis nó de fhreachnamh coibhéiseach. Chun a áirithiú go scoirfear den mhaoiniú poiblí ar deireadh, ba cheart na bearta réamhchúraim sin a theorannú ó thaobh ama de agus ba cheart amlíne shoiléir a bheith iontu chun iad a fhoirceannadh (straitéis(▌chun imeacht ón mbeart tacaíochta). Níor cheart ionstraimí suthaine, lena n-áirítear caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1, a úsáid ach amháin in imthosca eisceachtúla agus níor cheart iad a bheith faoi réir teorainneacha cainníochtúla áirithe toisc nach bhfuil siad oiriúnach, de bharr a gcineáil, chun coinníoll na tréimhse sealadaí a chomhlíonadh.
(20) Ba cheart bearta réamhchúraim a theorannú don mhéid a bheadh de dhíth ar an institiúid nó ar an eintiteas chun a sócmhainneacht a choinneáil ar bun i gcás díobhálach mar a chinntear i dtástáil struis nó i bhfreachnamh coibhéiseach é. I gcás bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, ba cheart an institiúid nó an t-eintiteas is faighteoir a bheith in ann an méid sin a úsáid chun caillteanais ar na sócmhainní aistrithe a chumhdach nó i gcomhcheangal le héadáil ionstraimí caipitil, ar choinníoll nach sárófar méid foriomlán an easnaimh arna shainaithint. Is gá a áirithiú freisin go gcomhlíonfaidh bearta réamhchúraim den sórt sin i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe na rialacha agus na cleachtais is fearr atá ann cheana maidir le Státchabhair, go n-athbhunóidh siad inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide nó an eintitis, go mbeidh státchabhair teoranta don mhéid is lú is gá agus go seachnófar saobhadh ar an iomaíocht. Ar na cúiseanna sin, ba cheart do na húdaráis lena mbaineann, i gcás bearta réamhchúraim i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, an treoraíocht shonrach a chur san áireamh, lena n-áirítear Treoirphlean AMC(17) agus an Teachtaireacht maidir le Dul i nGleic le hIasachtaí Neamhthuillmheacha(18). Na bearta réamhchúraim sin, i bhfoirm bearta sócmhainní bearnaithe, ba cheart iad a bheith faoi réir coinníoll sáraitheach ama i gcónaí. Le ráthaíochtaí poiblí a dheonaítear ar feadh tréimhse shonraithe i ndáil le sócmhainní bearnaithe na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann, meastar go n-áiritheofar go gcomhlíonfar an coinníoll ama ar bhealach níos fearr ná sa chás ina n-aistreofaí sócmhainní den sórt sin chuig eintiteas a fhaigheann tacaíocht phoiblí. Chun a áirithiú maidir le hinstitiúidí a fhaigheann tacaíocht go gcomhlíonann siad téarmaí an bhirt tacaíochta, ba cheart do na húdaráis inniúla plean feabhsúcháin a iarraidh ar na hinstitiúidí ar theip orthu a gceangaltais díomhaoine a chomhlíonadh. I gcas ina bhfuil údarás inniúil den tuairim nach n-éireoidh leis na bearta sa phlean feabhsúcháin marthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide a ghnóthú nó i gcás inar theip ar an institiúid an plean feabhsúcháin a chomhlíonadh, ba cheart do na húdaráis ábhartha measúnú a dhéanamh féachaint an bhfuil an institiúid i mbéal teipthe nó ar dóigh di teip, i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2014/59/AE.
(21) Chun sáruithe ábhartha ar cheanglais stuamachta a chumhdach, is gá na coinníollacha a shonrú a thuilleadh chun a chinneadh go bhfuil cuideachtaí sealbhaíochta i mbéal teipthe nó ar dóigh dóibh teip. Ba cheart sárú ábhartha a bheith déanta ag cuideachta sealbhaíochta ar na ceanglais sin i gcás ina bhfuil cineál agus méid an tsáraithe sin inchomparáide le sárú a thabharfadh údar cuí don údarás inniúil an t-údarú a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2013/36/AE dá mba institiúid chreidmheasa a dhéanfadh é.
(22) D’fhéadfadh sé go mbeadh cumhachtaí ag na Ballstáit, faoina ndlíthe náisiúnta, oibleagáidí íocaíochta nó seachadta a chur ar fionraí, oibleagáidí a bhféadfadh taiscí incháilithe a bheith san áireamh iontu. I gcás nach mbeidh baint dhíreach ag fionraí na n-oibleagáidí íocaíochta nó seachadta le cúinsí airgeadais na hinstitiúide creidmheasa, ní fhéadfar nach mbeidh taiscí ar fáil chun críocha Threoir 2014/49/AE. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh taisceoirí in ann rochtain a fháil ar a gcuid taiscí ar feadh i bhfad. Chun iontaoibh agus muinín na dtaisceoirí in earnáil na baincéireachta a chothabháil agus cobhsaíocht airgeadais a chothabháil, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar shuim iomchuí laethúil óna dtaiscí, chun an costas maireachtála a chumhdach, go háirithe, i gcás nach mbeadh rochtain ar a dtaiscí mar gheall ar íocaíochtaí a bheith curtha ar fionraí ar chúiseanna eile seachas as a leanann eisíocaíocht le taisceoir. Ba cheart go leanfadh nós imeachta den sórt sin de bheith eisceachtúil, agus ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar mhéideanna laethúla iomchuí.
(23) Chun an deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, agus i bhfianaise ábharthacht fhéideartha na ndliteanas a d’fhéadfadh teacht as teagmhais neamhchinnte amach anseo, lena n-áirítear toradh dlíthíochtaí atá ar feitheamh tráth an réitigh, is gá a leagan síos mar ba cheart na dliteanais sin a láimhseáil chun an uirlis tarrthála inmheánaí a chur i bhfeidhm. Maidir leis sin, na treoirphrionsabail dá bhforáiltear sna rialacha cuntasaíochta, agus go háirithe na rialacha cuntasaíochta a leagtar síos i gCaighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 37 faoi mar a glacadh iad i Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 ón gCoimisiún(19), ba cheart glacadh leo siúd mar na treoirphrionsabail. Ar an mbonn sin, ba cheart do na húdaráis réitigh idirdhealú a dhéanamh idir soláthairtí agus dliteanais theagmhasacha. Is dliteanais iad soláthairtí a bhaineann le heis-sreabhadh dóchúil cistí, dliteanais is féidir a mheas go hiontaofa. Ní aithnítear dliteanais theagmhasacha mar dhliteanais chuntasaíochta mar go mbaineann siad le hoibleagáid nach féidir a mheas mar oibleagáid dhóchúil tráth an mheastacháin nó nach féidir a mheas go hiontaofa.
(24) Ós rud é gur dliteanais chuntasaíochta iad na soláthairtí, ba cheart a shonrú go gcaithfear leis na forálacha sin ar an gcaoi chéanna a láimhseáiltear dliteanais eile. Ba cheart bheith in ann tarrtháil inmheánach a thabhairt ar fhorálacha den sórt sin, ach amháin má chomhlíonann siad ceann de na critéir shonracha lena n-eisiamh ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí. I bhfianaise ábharthacht fhéideartha na bhforálacha sin i gcás réitigh agus chun cinnteacht a áirithiú i gcur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí, ba cheart a shonrú gur cuid de na dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu iad na forálacha agus, mar thoradh air sin, go bhfuil feidhm ag an uirlis tarrthála inmheánaí maidir leo. Ba cheart a áirithiú freisin, tar éis chur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí, go gcaithfear leis na dliteanais sin agus le haon oibleagáidí nó éilimh a eascraíonn astu mar dhliteanais a urscaoileadh chun gach críche. Tá an méid sin ábhartha go háirithe maidir le dliteanais agus oibleagáidí a eascraíonn as éilimh bhreithiúnacha in aghaidh na hinstitiúide faoi réiteach.
(25) De réir phrionsabail na cuntasaíochta, ní féidir dliteanais theagmhasacha a aithint mar dhliteanais agus níor cheart, dá bhrí sin, gur féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu. Is gá a áirithiú, áfach, nach ndéanfaidh dliteanas teagmhasach a d’eascródh as teagmhas atá neamhdhóchúil nó nach féidir a mheas go hiontaofa tráth an réitigh dochar d’éifeachtacht na straitéise réitigh agus go háirithe d’éifeachtacht na huirlise ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt uirthi. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart don luachálaí, mar chuid den luacháil chun críoch réitigh, measúnú a dhéanamh ar dhliteanais theagmhasacha a áirítear i gclár comhardaithe na hinstitiúide faoi réiteach agus luach féideartha na ndliteanas sin a chainníochtú de réir chumas an luachálaí. Chun a áirithiú gur féidir leis an institiúid nó leis an eintiteas, tar éis an phróisis réitigh, muinín mhargaidh leordhóthanach a chothú ar feadh tréimhse iomchuí ama, ba cheart don luachálaí an luach ionchasach sin a chur san áireamh nuair a bheidh an méid á shuíomh faoinar gá dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a dhíluacháil nó a chomhshó chun cóimheasa caipitil na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú. Go háirithe, ba cheart don údarás réitigh a chumhachtaí comhshó a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a mhéid is gá chun a áirithiú gur leor athchaipitliú na hinstitiúide faoi réiteach chun caillteanais a chumhdach a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar dhliteanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar theagmhas neamhdhóchúil. Agus measúnú á dhéanamh ar an méid atá le díluacháil nó le comhshó, ba cheart don údarás réitigh breithniú cúramach a dhéanamh ar thionchar an chaillteanais a d’fhéadfadh a bheith ann ar an institiúid faoi réiteach bunaithe ar roinnt tosca, lena n-áirítear an dóchúlacht go dtiocfaidh an teagmhas chun cinn, an creat ama dá theacht chun cinn agus méid an dliteanais theagmhasaigh.
(26) I gcúinsí áirithe, tar éis don socrú um maoiniú réitigh ranníocaíocht suas le huasmhéid 5 % de dhliteanais iomlána na hinstitiúide nó an eintitis, lena n-áirítear cistí dílse, a chur ar fáil, féadfaidh na húdaráis réitigh foinsí breise cistiúcháin a úsáid chun tuilleadh tacaíochta a thabhairt dá ngníomhaíocht réitigh. Ba cheart é a shonrú ar bhealach níos soiléire maidir leis na himthosca ina bhféadfaidh an socrú um maoiniú réitigh tacaíocht bhreise a sholáthar i gcás ina ndearnadh gach dliteanas ag a bhfuil rangú tosaíochta níos ísle ná taiscí, nach n-eisiatar go héigeantach nó go discréideach ón tarrtháil inmheánach a dhíluacháil nó a chomhshó ina n-iomláine.
(27) Le Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20), Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21) agus Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22), cuireadh chun feidhme san Aontas ‘Bileog Téarmaí na hAcmhainneachta Ionsúcháin Caillteanais Iomláine (TLAC)’ arna foilsiú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais an 9 Samhain 2015 (‘caighdeán TLAC’), le haghaidh bainc a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo, dá dtagraítear i ndlí an Aontais mar institiúidí a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo (G-SIIanna). Le Rialachán (AE) 2019/877 agus le Treoir (AE) 2019/879, 'leasaíodh an ICDI a leagtar síos i dTreoir 2014/59/AE agus i Rialachán (AE) Uimh. 806/2014. Is gá na forálacha i dTreoir 2014/59/AE maidir le ICDI a ailíniú le cur chun feidhme chaighdeán TLAC do G-SIInna maidir le dliteanais áirithe a d’fhéadfaí a úsáid chun an chuid den ICDI a chomhlíonadh ar cheart í a chomhlíonadh le cistí dílse agus le dliteanais fho-ordaithe eile. Go háirithe, ba cheart dliteanais a rangaítear pari passu le dliteanais eisiata áirithe a áireamh i gcistí dílse agus in ionstraimí incháilithe fo-ordaithe na n-eintiteas réitigh i gcás nach mó méid na ndliteanas eisiata sin ar chlár comhardaithe an eintitis réitigh ná 5 % de mhéid chistí dílse agus dhliteanais incháilithe an eintitis réitigh agus nach n-eascraíonn aon riosca a bhaineann leis an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ ón gcuimsiú sin.
(28) Tá na rialacha maidir leis an ICDI a chinneadh dírithe den chuid is mó ar leibhéal iomchuí an ICDI a shocrú agus glacadh leis gurb í an uirlis tarrthála inmheánaí an straitéis réitigh tosaíochta. Mar sin féin, le Treoir 2014/59/AE, ceadaítear d’údaráis réitigh uirlisí réitigh eile a úsáid, is é sin le rá, iad siúd atá ag brath ar aistriú ghnó na hinstitiúide faoi réiteach chuig ceannaitheoir príobháideach nó chuig droichead-institiúid. Dá bhrí sin, i gcás ina mbeartaítear sa phlean réitigh úsáid a bhaint as an uirlis díolta gnó nó as an uirlis droichead-institiúide▌, go neamhspleách nó in éineacht le huirlisí réitigh eile. ba cheart do na húdaráis réitigh leibhéal ICDI an eintitis réitigh lena mbaineann a chinneadh ar bhonn shainiúlachtaí na n-uirlisí réitigh sin agus ar bhonn na riachtanas ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin éagsúla atá i gceist leis na huirlisí sin.
(29) Suim mhéid na gcaillteanas a bhfuil coinne leo i gcás réitigh agus an méid athchaipitliúcháin lenar féidir leis an eintiteas réitigh leanúint dá choinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh, agus a chur ar a chumas leanúint dá ghníomhaíochtaí a shaothrú ar feadh na tréimhse iomchuí, sin é leibhéal an ICDI d’eintitis réitigh. Le straitéisí réitigh tosaíochta áirithe, go háirithe an uirlis díolta gnó, déantar sócmhainní, cearta agus dliteanais a aistriú chuig faighteoir▌. Sna cásanna sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm ag na cuspóirí arna saothrú ag an gcomhpháirt athchaipitliúcháin a mhéid céanna toisc nach mbeidh ceangal ar an údarás réitigh a áirithiú go ndéanfaidh an t-eintiteas réitigh a cheanglais cistí dílse a chomhlíonadh arís tar éis gníomhaíocht réitigh. Mar sin féin, meastar go sáróidh na caillteanais sna cásanna sin ceanglais cistí dílse an eintitis réitigh. Dá bhrí sin, is iomchuí a leagan síos go leanfaidh leibhéal ICDI na n-eintiteas réitigh sin de mhéid athchaipitliúcháin a chur san áireamh, méid a choigeartófar ar bhealach atá i gcomhréir leis an straitéis réitigh.
(30) I gcás ina bhfuil sé beartaithe sa straitéis réitigh uirlisí réitigh seachas tarrtháil inmheánach a úsáid go heisiach, is gnách go mbeidh riachtanais athchaipitliúcháin an eintitis lena mbaineann níos lú tar éis réitigh ná mar a bheadh i gcás tarrtháil inmheánach bainc oscailte. I gcás den sórt sin i dtaca le ICDI a chalabrú, ba cheart an ghné sin a chur san áireamh agus an ceanglas athchaipitliúcháin á mheas. Dá bhrí sin, agus coigeartú á dhéanamh aige ar leibhéal an ICDI d’eintitis réitigh, a bhfuil sé beartaithe ina bplean réitigh go mbainfear úsáid as an uirlis díolta gnó nó as an uirlis droichead-institiúide▌, go neamhspleách nó in éineacht le huirlisi reitigh eile, ba cheart do na húdaráis réitigh gnéithe na n-uirlisí sin a chur san áireamh, lena n-áirítear imlíne ionchasach an aistrithe chuig an gceannaitheoir príobháideach nó chuig an droichead-institiúid, na cineálacha ionstraimí a bheidh le haistriú, luach ionchasach agus indíoltacht na n-ionstraimí sin, agus dearadh na straitéise réitigh tosaíochta, lena n-áirítear úsáid chomhlántach na huirlise deighilte sócmhainní. Ós rud é go gcaithfidh an t-údarás réitigh cinneadh a dhéanamh ar bhonn cás ar chás ar aon úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as cistí ón SRT i gcás réitigh agus ós rud é nach féidir glacadh leis an gcinneadh sin go cinnte ex ante, níor cheart do na húdaráis réitigh ranníocaíocht fhéideartha an SRT a chur san áireamh i gcás réitigh agus leibhéal an ICDI á chalabrú.
▌
(32) Tá idirghníomhaíochtaí idir an creat réitigh agus an creat maidir le drochúsáid mhargaidh. Go háirithe, cé go bhféadfadh gníomhaíochtaí a dhéantar mar ullmhúchán don réiteach cáiliú mar fhaisnéis ón taobh istigh faoi Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23), tá an riosca ann go gcuirfeadh a nochtadh anabaí an próiseas réitigh i mbaol. Is féidir le hinstitiúidí atá faoi réiteach bearta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin trí mhoill a iarraidh ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh faoi Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh na dreasachtaí cearta i láthair i gcónaí tráth an ullmhúcháin don réiteach ionas gur féidir leis an institiúid faoi réiteach tabhairt faoi iarraidh den sórt sin a dhéanamh. Chun cásanna den sórt sin a sheachaint, ba cheart an chumhacht a bheith ag na húdaráis réitigh moill a iarraidh go díreach ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 thar ceann institiúide faoi réiteach.
(33) Chun éascaíocht a dhéanamh do phleanáil réitigh, do mheasúnú a dhéanamh ar inréiteacht agus d’fheidhmiú na cumhachta chun aghaidh a thabhairt ar bhaic ar inréiteacht nó chun deireadh a chur leo chomh maith le malartú faisnéise a chothú, ba cheart d’údarás réitigh institiúide a bhfuil brainsí suntasacha aici i mBallstáit eile coláiste réitigh a bhunú agus cathaoirleacht a dhéanamh air.
(34) Tar éis na tréimhse tosaigh ina ndéantar na socruithe um maoiniú réitigh dá dtagraítear in Airteagal 102(1) de Threoir (AE) 2014/59 a bhunú, d’fhéadfadh laghduithe beaga faoi bhun a spriocleibhéil teacht ar a n-acmhainní airgeadais faoi seach atá ar fáil dóibh, go háirithe mar thoradh ar mhéadú ar thaiscí cumhdaithe. Is dócha, dá bhrí sin, gur beag méid na ranníocaíochtaí ex-ante is dócha a ghlaofar sna cúinsí sin. D’fhéadfadh sé, dá bhrí sin, sna blianta romhainn amach, nach mbeadh méid na ranníocaíochtaí ex ante sin i gcomhréir a thuilleadh leis an gcostas a bhaineann leis na ranníocaíochtaí sin a bhailiú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh na húdaráis réitigh in ann bailiú na ranníocaíochtaí ex ante a chur siar ar feadh suas le trí bliana go dtí go sroichfidh an méid atá le bailiú méid atá comhréireach le costas an phróisis bailiúcháin, ar choinníoll nach ndéanfaidh iarchur den sórt sin difear ábhartha do chumas na n-údarás réitigh socruithe um maoiniú réitigh a úsáid.
(35) Tá gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe ar cheann de chomhpháirteanna na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil do shocruithe um maoiniú réitigh. Is gá, dá bhrí sin, na cúinsí a shonrú ina bhféadfar na gealltanais íocaíochta sin a ghlaoch, agus an nós imeachta is infheidhme nuair a bheidh na gealltanais á bhfoirceannadh i gcás ina scoirfidh institiúid nó eintiteas de bheith faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc le socrú um maoiniú réitigh. Ina theannta sin, chun níos mó trédhearcachta agus cinnteachta a sholáthar maidir le sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí ex ante atá le tiomsú, ba cheart don Bhord an sciar sin a chinneadh ar bhonn bliantúil, faoi réir na dteorainneacha is infheidhme.
(36) Uasmhéid bliantúil na ranníocaíochtaí ex post urghnácha le socruithe um maoiniú réitigh a cheadaítear a ghlaoch, tá sé teoranta faoi láthair do thrí oiread na ranníocaíochtaí ex ante. Tar éis na tréimhse tiomargtha tosaigh dá dtagraítear in Airteagal 102(1) de Threoir 2014/59/AE, ní bheidh na ranníocaíochtaí ex ante sin ag brath ach amháin, i gcúinsí eile seachas úsáid na socruithe um maoiniú réitigh a úsáid, ar athruithe ar leibhéal na dtaiscí cumhdaithe agus is dócha, dá bhrí sin, go n-éireoidh siad beag. Dá mbunófaí uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post urghnácha ar ranníocaíochtaí ex ante, d’fhéadfaí teorainn mhór a chur leis an deis atá ag na socruithe um maoiniú réitigh ranníocaíochtaí ex post a thiomsú, agus ar an gcaoi sin a gcumas gníomhaíochta a laghdú. Chun an toradh sin a sheachaint, ba cheart teorainn dhifriúil a leagan síos agus ba cheart uasmhéid na ranníocaíochtaí ex post úrghnácha a cheadaítear glaoch orthu a shocrú ag trí oiread an ochtú cuid de spriocleibhéal an tsocraithe um maoiniú réitigh lena mbaineann.
(37) Le Treoir 2014/59/AE, rinneadh comhchuibhiú i bpáirt ar rangú taiscí faoi dhlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta. Rinneadh foráil leis na rialacha sin maidir le rangú trí leibhéal na dtaiscí, ina raibh an rangú tosaíochta is airde ag taiscí cumhdaithe, agus ina dhiaidh sin taiscí incháilithe daoine nádúrtha agus micrifhiontair, fiontar beag agus meánmhéide atá os cionn an leibhéil chumhdaigh. Maidir leis na taiscí eile atá fágtha, i.e. taiscí corparáidí móra a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh agus taiscí nach bhfuil incháilithe le haghaidh aisíocaíochta ag an SRT, ceanglaíodh rangú tosaíochta níos ísle a bheith acu, ach níor comhchuibhíodh a n-ionad ar shlí eile. Ar deireadh, bhain éilimh SRTanna tairbhe as an rangú tosaíochta céanna agus a bhí ag taiscí cumhdaithe. Mar sin féin, níor chruthaigh sé sin gurb é an réiteach is fearr le haghaidh cosaint taisceoirí. Chruthaigh comhchuibhiú páirteach difríochtaí sa chaoi a gcaitear leis na taisceoirí atá fágtha ar fud na mBallstát, go háirithe ós rud é go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mBallstát a bhfuil cinneadh déanta acu tosaíocht dhlíthiúil a thabhairt do na taiscí atá fágtha. Chruthaigh na difríochtaí sin deacrachtaí freisin agus cinneadh á dhéanamh maidir le frithfhíorasach dócmhainneachta do ghrúpaí trasteorann le linn na luachálacha réitigh. Thairis sin, ▌bhí sé d’acmhainn ag an rangú trí chiseal ar éilimh taisceoirí fadhbanna a chruthú maidir le comhlíonadh an phrionsabail ‘gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as’, go háirithe i gcás ina ndearnadh na taiscí nach raibh a dtosaíocht comhchuibhithe le Treoir 2014/59/AE a rangú ar an leibhéal céanna le héilimh shinsearacha. Ar deireadh, mar gheall ar an rangú ardtosaíochta a tugadh do na SRTanna, níorbh fhéidir na modhanna maoiniúcháin a bhí ar fáil do na scéimeanna sin a úsáid ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí le linn idirghabhálacha seachas íoc amach taiscí faoi chumhdach i gcás dócmhainneachta, is é sin le rá i gcomhthéacs réitigh, bearta malartacha dócmhainneachta nó bearta coisctheacha. Ní bhraitheann cosaint taiscí faoi chumhdach ar rangú tosaíochta éilimh an SRT ach áirithítear í ina ionad sin trí na heisiaimh éigeantacha ón tarrtháil inmheánach i gcás réitigh agus trí aisíocaíocht phras ón SRT i gcás nach mbeidh taiscí ar fáil. Dá bhrí sin, ba cheart rangú na dtaiscí in ordlathas reatha na n-éileamh a leasú.
(37a) Ní hamháin go bhfeabhsaítear inrochtaineacht SRT agus an ciste réitigh aonair leis an modhnú ar rangú creidiúnaithe seachas le tacaíocht phoiblí a úsáid, ach is amhlaidh a réitítear an tslí freisin do réitigh a bheidh níos éifeachtaí ó thaobh airgeadais de maidir le hinstitiúidí airgeadais a réiteach. Ba cheart, ina dhiaidh sin, go laghdófaí na costais do cháiníocóirí agus go gcuirfí úsáid éifeachtúil uirlisí éagsúla chun cinn atá in éiceachóras airgeadais an Aontais cheana féin.
(38) Ba cheart comhchuibhiú iomlán a dhéanamh ar rangú ▌na dtaiscí trí chur chuige dhá leibhéal a chur chun feidhme ▌faoina ▌dtairbheodh taiscí daoine nádúrtha agus micrifhiontar agus fiontar beag agus meánmhéide de rangú tosaíochta níos airde ná taiscí incháilithe fiontar mór agus rialtas lárnach agus réigiúnach. Ceapadh an cur chuige cisealta sin chun cosaint fheabhsaithe a chur ar fáil do réimse leathan taisceoirí, rud a léiríonn saintréithe uathúla a dtaiscí, agus an deis chun réiteach a chruthú d’eintitis nach gcumhdaítear leis an gcreat reatha. San am céanna, ba cheart úsáid na scéimeanna ráthaithe taiscí i gcas réitigh, i ndócmhainneacht agus i mbearta coisctheacha a bheith fós faoi réir chomhlíonadh na coinníollachta ábhartha, go háirithe an ‘tástáil ar an gcostas is lú’ mar a thugtar air.
▌
(41) Maidir leis na hathruithe ar rangú tosaíochta▌, ní bheadh tionchar diúltach acu ar an gcosaint a thugtar do thaiscí faoi chumhdach i gcás teipe, ós rud é go leanfaí den chosaint sin a ráthú trí thaiscí cumhdaithe a eisiamh go héigeantach ó ghlacadh le caillteanas i gcás réitigh agus, ar deireadh, tríd an íocaíocht amach arna soláthar ag an SRT i gcás nach mbeadh taiscí ar fáil.
(42) Is féidir socruithe um maoiniú aonair a úsáid chun tacú le cur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó nó na huirlise droichead-institiúide, sa chaoi go n-aistrítear tacar sócmhainní, ceart agus dliteanas de chuid na hinstitiúide faoi réiteach chuig faighteoir. Sa chás sin, féadfaidh an socrú um maoiniú réitigh éileamh a bheith aige in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí nó an eintitis iarmharaigh ina fhoirceannadh ina dhiaidh sin faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta. D’fhéadfadh sin tarlú i gcás ina n-úsáidtear an socrú um maoiniú réitigh i ndáil le caillteanais a d’iompródh creidiúnaithe murach sin, lena n-áirítear i bhfoirm ráthaíochtaí do shócmhainní agus do dhliteanais, nó i bhfoirm chumhdach na difríochta idir na sócmhainní agus na dliteanais arna n-aistriú. Chun a áirithiú go ndéanfaidh na scairshealbhóirí agus na creidiúnaithe a bheidh fágtha ar lár san institiúid iarmharach nó san eintiteas iarmharach caillteanais na hinstitiúide faoi réiteach a iompar go héifeachtach agus feabhas a chur ar an bhféidearthacht aisíocaíochtaí i gcás dócmhainneachta a dhéanamh ar an líontán sábhála a bhaineann go sonrach le réiteach, ba cheart na héilimh sin sa socrú um maoiniú réitigh in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí nó an eintitis iarmharaigh, agus éilimh a eascraíonn as speansais réasúnacha arna dtabhú i gceart, a rangú i gcás dócmhainneachta os cionn éilimh taiscí agus SRT. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an gcúiteamh a íoctar le scairshealbhóirí agus le creidiúnaithe trí shocruithe um maoiniú réitigh i ngeall ar sháruithe ar an bprionsabal ‘gan creidiúnaí ar bith níos measa as’ torthaí na gníomhaíochta réitigh a chúiteamh, níor cheart éilimh na socruithe sin a bheith ag éirí as an gcúiteamh sin.
(43) Chun solúbthacht leordhóthanach a áirithiú agus chun idirghabhálacha SRT a éascú chun tacú le húsáid na n-uirlisí réitigh, ▌i gcás inar gá chun cosc a chur ar thaisceoirí caillteanais a fhulaingt, ba cheart gnéithe áirithe d’úsáid SRT i gcás réitigh a shonrú. Go háirithe, is gá a shonrú gur féidir an SRT a úsáid chun tacú le hidirbhearta aistrithe lena n-áirítear taiscí, lena n-áirítear taiscí incháilithe thar an leibhéal cumhdaigh arna soláthar ag an SRT, agus taiscí atá eisiata ó aisíocaíocht ó SRT, i gcásanna áirithe agus faoi choinníollacha soiléire. Ba cheart ranníocaíocht an SRT a bheith dírithe ar an easnamh i luach na sócmhainní arna n-aistriú chuig ceannaitheoir nó droichead-institiúid a chumhdach i gcomparáid le luach na dtaiscí aistrithe. I gcás ina n-éileoidh an ceannaitheoir ranníocaíocht mar chuid den idirbheart chun a neodracht chaipitil a áirithiú agus chun comhlíonadh cheanglais chaipitil an cheannaitheora a chaomhnú, ba cheart go mbeadh cead ag an SRT rannchuidiú chuige sin freisin. Ba cheart tacaíocht an SRT don ghníomhaíocht réitigh a bheith i bhfoirm airgid thirim nó foirmeacha eile, mar atá ráthaíochtaí nó comhaontuithe roinnte caillteanais a d’fhéadfadh tionchar na tacaíochta ar na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ag an SRT a íoslaghdú agus, san am céanna, d’fhéadfadh sé ligean do ranníocaíocht an SRT a chuspóirí a chomhlíonadh.
(44) Ba cheart ranníocaíocht an SRT i gcás réitigh a bheith faoi réir teorainneacha áirithe. Ar an gcéad dul síos, ba cheart go n-áireofaí nach sáróidh aon chaillteanas a d’fhéadfadh SRT a fhulaingt mar thoradh ar idirghabháil i gcás réitigh an caillteanas a sheasfadh SRT i gcás dócmhainneachta, dá n-íocfadh sé amach le taisceoirí faoi chumhdach agus dá ndéanfadh sé a n-éilimh a ionadú thar shócmhainní na hinstitiúide. Ba cheart an méid sin a chinneadh ar bhonn na tástála is lú costas, i gcomhréir leis na critéir agus leis an modheolaíocht a leagtar amach i dTreoir 2014/49/AE, agus na tosca ábhartha uile á gcur i gcuntas, lena n-áirítear amluach an airgid chomh maith le moilleanna ar ghnóthú cistí in imeachtaí dócmhainneachta. Na critéir agus an mhodheolaíocht sin, ba cheart iad a úsáid freisin agus cinneadh á dhéanamh faoin dóigh a gcaithfí leis an SRT i gcás ina dtionscnódh an institiúid gnáthimeachtaí dócmhainneachta agus an luacháil ex-post á déanamh aici chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh an phrionsabail ‘gan creidiúnaí ar bith a bheith níos measa as’ agus chun aon chúiteamh atá dlite don SRT a chinneadh. Ar an dara dul síos, maidir le méid ranníocaíocht an SRT arb é is aidhm di an difríocht idir na sócmhainní agus na dliteanais atá le haistriú chuig ceannaitheoir nó chuig droichead-institiúid a chumhdach, níor cheart é a bheith níos mó ná an difríocht idir na sócmhainní aistrithe agus na taiscí agus na dliteanais arna n-aistriú ag a bhfuil an rangú dócmhainneachta céanna nó tosaíocht níos airde ná na taiscí sin. D’áiritheodh an méid sin nach n-úsáidfaí ranníocaíocht an SRT ach amháin ar mhaithe le forchur caillteanais ar thaisceoirí a sheachaint, i gcás inarb iomchuí, agus ní ar mhaithe le cosaint creidiúnaithe atá rangaithe níos ísle ná taiscí i gcás dócmhainneachta. Mar sin féin, maidir le suim ranníocaíocht an SRT chun an difríocht idir sócmhainní agus dliteanais a chumhdach le ranníocaíocht an SRT le cistí dílse an eintitis is faighteoir, níor cheart í a bheith níos mó ná an costas a bhaineann le taisceoirí faoi chumhdach a aisíoc arna ríomh faoin tástáil ar an gcostas is lú.
(45) Ba cheart a shonrú nach bhféadfaidh an SRT ranníocaíocht a dhéanamh le haistriú dliteanas seachas taiscí cumhdaithe i gcomhthéacs réitigh ach amháin má chinneann an t-údarás réitigh nach féidir tarrtháil inmheánach a dhéanamh ar thaiscí seachas taiscí cumhdaithe, ná a fhágáil san institiúid iarmharach faoi réiteach a dhéanfar a fhoirceannadh. Go háirithe, ba cheart cead a bheith ag an údarás réitigh leithdháileadh caillteanas ar na taiscí sin a sheachaint i gcás inar gá an eisiamh sin agus i gcás ina bhfuil sí comhréireach chun comhleanúnachas feidhmeanna criticiúla agus croílínte gnó a chaomhnú agus chun tógálacht fhorleathan agus éagobhsaíocht airgeadais a sheachaint, rudaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar an Aontais nó i ngeilleagar Ballstáit. Ba cheart feidhm a bheith ag na cúiseanna céanna maidir le dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a chur san áireamh san aistriú chuig ceannaitheoir nó chuig droichead-institiúid a bhfuil tosaíocht acu atá níos ísle ná rangú taiscí. Sa chás sin, níor cheart go dtacódh ranníocaíocht an SRT le haistriú na ndliteanas sin ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu. Más gá aon tacaíocht airgeadais d’aistriú na ndliteanas sin ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu, ba cheart an tacaíocht sin a sholáthar leis an socrú um maoiniú réitigh.
(46) I bhfianaise na féidearthachta SRT a úsáid i gcás réitigh, is gá a shonrú tuilleadh cén chaoi ar féidir ranníocaíocht an SRT a chur san áireamh chun na ceanglais maidir le rochtain a fháil ar shocruithe um maoiniú réitigh a ríomh. Más méid cothrom le 8 % ar a laghad de dhliteanais iomlána na hinstitiúide lena n-áirítear cistí dílse is ea an ranníocaíocht a dhéanann scairshealbhóirí agus creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach trí laghduithe, díluacháil nó comhshó a ndliteanais, méid arna suimiú leis an ranníocaíocht a rinne an SRT, ba cheart go mbeadh an institiúid ina ann rochtain a fháil ar an socrú um maoiniú réitigh chun cistiú breise a fháil, i gcás inar gá chun a áirithiú réiteach éifeachtach i gcomhréir leis na cuspóirí réitigh. Má chomhlíontar na coinníollacha sin, ba cheart ranníocaíocht an SRT a theorannú don mhéid is gá chun rochtain ar an socrú um maoiniú réitigh a chumasú, mura sáraítear an teorainn 5% de dhliteanais iomlána lena n-áirítear cistí dílse leis an méid a ranníoctar ón socrú um maoiniú réitigh, agus sa chás sin ba cheart go rannchuideodh an SRT go comhréireach leis an méid de bhreis. Chun a áirithiú go leanfar den réiteach a mhaoiniú go príomha le hacmhainní inmheánacha na hinstitiúide agus chun saobhadh iomaíochta a íoslaghdú, níor cheart an deis a bheith ann úsáid a bhaint as ranníocaíocht an SRT chun rochtain ar shocruithe um maoiniú réitigh a áirithiú ach amháin ag institiúidí nach ndéanann an plean réitigh nó an plean réitigh grúpa foráil maidir lena bhfoirceannadh ar bhealach ordúil i gcás teipe, ós rud é gur socraíodh ICDI arna chinneadh ag na húdaráis réitigh do na hinstitiúidí sin ar leibhéal lena n-áirítear na méideanna ionsúcháin caillteanais agus na méideanna athchaipitliúcháin araon. Níor cheart go mbeadh an fhéidearthacht ar fáil chun an ranníocaíocht ón SRT a úsáid chun rochtain ar shocruithe maoinithe réitigh a áirithiú ach amháin d’institiúidí a bhfuil íostaifead acu ar chomhlíonadh na gceanglas ICDI.
(47) I bhfianaise ról ÚBE maidir le cóineasú chleachtais na n-údarás a chur chun cinn, ba cheart do ÚBE faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhearadh agus ar chur chun feidhme na measúnuithe inréiteachta ar institiúidí agus ar ghrúpaí agus ar ghníomhaíochtaí agus ar ullmhúcháin na n-údarás réitigh chun cur chun feidhme éifeachtach na n-uirlisí agus na gcumhachtaí réitigh a áirithiú. Sna tuarascálacha sin, ba cheart do ÚBE measúnú a dhéanamh freisin ar leibhéal trédhearcachta na mbeart arna ndéanamh ag údaráis réitigh i leith páirtithe leasmhara seachtracha ábhartha agus ar mhéid a rannchuidithe le hullmhacht réitigh agus inréiteacht na n-institiúidí. Ina theannta sin, ba cheart do ÚBE tuairisciú ar na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit chun infheisteoirí miondíola a chosaint maidir leis an méid a bhaineann le hionstraimí fiachais atá incháilithe don ICDI de bhun Threoir 2014/59/AE, agus comparáid agus measúnú á dhéanamh ar aon tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar oibríochtaí trasteorann. Ba cheart raon feidhme na gcaighdeán teicniúil rialála atá ann cheana maidir le meastachán a dhéanamh ar na ceanglais cistí dílse breise agus ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte le haghaidh eintitis réitigh a leathnú chun eintitis a chumhdach nár sainaithníodh mar eintitis réitigh a chur san áireamh, i gcás nár socraíodh na ceanglais sin ar an mbonn céanna leis an ICDI. Sa tuarascáil bhliantúil ar ICDI, ba cheart do ÚBE measúnú a dhéanamh freisin ar chur chun feidhme beartais na n-údarás réitigh ar na rialacha nua maidir le calabrú ICDI le haghaidh straitéisí aistrithe. I gcomhthéacs chúraimí ÚBE chun rannchuidiú le córas comhleanúnach comhordaithe bainistithe géarchéime agus réitigh géarchéime a áirithiú san Aontas, ba cheart do ÚBE freachnaimh ionsamhlaithe géarchéime a chomhordú agus a mhaoirsiú. Ba cheart a chumhdach leis na hionsamhlúcháin sin an comhordú agus an comhar idir údaráis inniúla, údaráis réitigh agus SRTanna le linn mheathlú staid airgeadais na n-institiúidí agus na n-eintiteas, tástáil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an bhosca uirlisí sa phleanáil téarnaimh agus réitigh, sa luath-idirghabháil, agus sa réiteach ar bhealach iomlánaíoch. Leis na freachnaimh sin, ba cheart breithniú a dhéanamh go háirithe ar an ngné thrasteorann san idirghníomhaíocht idir na húdaráis ábhartha agus ar chur i bhfeidhm na n-uirlisí agus na gcumhachtaí atá ar fáil. I gcás inarb ábhartha, ba cheart glacadh agus cur chun feidhme scéimeanna réitigh laistigh den Aontas Baincéireachta a chuimsiú sna freachnaimh ionsamhlaithe géarchéime, de bhun Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.
(48) Tá measúnú tionchair ardcháilíochta ríthábhachtach chun tograí reachtacha fónta atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt, agus tá fíricí agus fianaise ríthábhachtach chun bonn eolais a chur faoi na cinntí a dhéantar le linn an nós imeachta reachtaigh. Ar an gcúis sin, ba cheart d’údaráis réitigh, d’údaráis inniúla, don Bhord Réitigh Aonair, do BCE agus do chomhaltaí eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais agus ÚBE, an fhaisnéis go léir a theastaíonn uaidh dá chúraimí a bhaineann le forbairt beartais a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, lena n-áirítear measúnuithe tionchair a ullmhú agus tograí reachtacha a ullmhú agus a chaibidliú.
(49) Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/59/AE a leasú dá réir.
(50) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo, is e sin éifeachtacht agus éifeachtúlacht an chreata téarnaimh agus réitigh d’institiúidí agus d’eintitis a fheabhsú, a bhaint amach go leordhóthanach i ngeall ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta do shláine an mhargaidh aonair agus, trí rialacha atá socraithe cheana ar leibhéal an Aontais a leasú, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/59/AE
Leasaítear Treoir 2014/59/AE mar a leanas:
(1) Leasaítear Airteagal 2(1) mar a leanas:
(a) cuirtear an pointe (29a) a leanas isteach:"
‘(29a) ciallaíonn ‘beart malartach ón earnáil phríobháideach’ aon tacaíocht nach gcáilíonn mar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;’;
"
(b) cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (35):"
‘(35) ciallaíonn ‘feidhmeanna criticiúla’ gníomhaíochtaí, seirbhísí nó oibríochtaí ar dóigh go bhfágfaidh a scor i mBallstát amháin nó níos mó go gcuirfear isteach ar sheirbhísí atá riachtanach don gheilleagar réadach nó go gcuirfear isteach ar chobhsaíocht airgeadais, ar an leibhéal náisiúnta nó, i gcás inarbh ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach i ngeall ar mhéid, ar sciar den mhargadh, ar idircheangailteacht sheachtrach agus inmheánach, ar chastacht nó ar ghníomhaíochtaí trasteorann institiúide nó grúpa, le haird ar leith d’inmhalartaitheacht na ngníomhaíochtaí, na seirbhísí nó na n-oibríochtaí sin;’; Chun críocha an phointe sin, déanfar an leibhéal réigiúanch a mheasúnú faoi threoir an aonaid críche a chomhfhreagraíonn do leibhéal 1 d’Aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (leibhéal NUTS 1) faoi bhrí Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* nó do leibhéal NUTS 2 i gcás ina dtugtar le fios gurb ionann cur isteach suntasach ar sheirbhísí ag leibhéal NUTS 2 agus riosca géarchéime sistéamaí ag an leibhéal náisiúnta’;
_____________
* Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d'aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
"
(c) cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (71):"
‘(71) ciallaíonn ‘dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu’ na dliteanais, lena n-áirítear na dliteanais sin as a n-eascraíonn forálacha cuntasaíochta, agus na hionstraimí caipitil nach gcáilíonn mar ionstraimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, ionstraimí Breise Leibhéal 1 nó ionstraimí Leibhéal 2 de chuid institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), agus nach n-eisiatar ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí de bhun Airteagal 44(2);’;
"
(d) cuirtear na pointí (83d) agus (83e) a leanas isteach:"
‘(83d) ciallaíonn ‘G-SII neamh-AE’ G-SII neamh-AE mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (134), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;
(83e)
ciallaíonn ‘eintiteas G-SII’ eintiteas G-SII mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (136), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;’;
"
(e) cuirtear an pointe (93a) a leanas isteach:"
‘(93a) ciallaíonn ‘taisce’, chun críocha Airteagail 108 agus 109, taisce mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (3), de Threoir 2014/49/AE;’;
"
(2) in Airteagal 5, cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 2, 3 agus 4:"
‘2. Áiritheoidh údaráis inniúla go nuashonróidh na hinstitiúidí a bpleananna téarnaimh go bliantúil ar a laghad, nó tar éis dóibh struchtúr dlíthiúil nó eagraíochtúil na hinstitiúide nó staid ghnó nó staid airgeadais na hinstitiúide a athrú, ar athrú é a bhféadfadh tionchar ábhartha a bheith aige ar an bplean téarnaimh nó a d’fágfadh gur ghá athrú ábhartha a dhéanamh ar an bplean sin. Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal ar institiúidí a gcuid pleananna téarnaimh a nuashonrú níos minice.
In éagmais athruithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír le linn na 12 mhí tar éis an nuashonraithe is déanaí ar an bplean téarnaimh, féadfaidh na húdaráis inniúla an oibleagáid maidir leis an bplean téarnaimh a thabhairt cothrom le dáta a tharscaoileadh go heisceachtúil go dtí an tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin. Ní dheonófar tarscaoileadh den sórt sin ar feadh níos mó ná dhá thréimhse 12 mhí as a chéile.
3. Níor cheart glacadh leis sna pleananna téarnaimh go mbeidh rochtain nó fáil ar aon cheann de na nithe a leanas:
(a)
tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách;
(b)
cúnamh leachtachta éigeandála ó thaobh an bhainc ceannais de;
(c)
cúnamh leachtachta ó thaobh an bhainc ceannais de a sholáthraítear faoi théarmaí neamhchaighdeánacha maidir le soláthar urrúis chomhthaobhaigh, le haibíocht nó le rátaí úis.
4. Áireofar leis na pleananna téarnaimh, i gcás inarb infheidhme, anailís ar conas agus cathain a fhéadfaidh institiúid iarratas a chur isteach, sna coinníollacha a dtugtar aghaidh orthu sa phlean, chun saoráidí an bhainc ceannais a úsáid, saoráidí nach n-eisiatar ó raon feidhme an phlean téarnaimh de bhun mhír 3 agus déanfar na hacmhainní sin a mbeifí ag súil leis go gcáileoidís mar chomhthaobhacht a shainaithint iontu.’;
"
(3) in Airteagal 6, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 5:"
‘5. Má mheasann an t-údarás inniúil go bhfuil easnaimh ábhartha sa phlean téarnaimh, nó baic ábhartha ar a chur chun feidhme, cuirfidh sé a thuairim in iúl don institiúid nó don mháthairghnóthas agus cuirfidh sé de cheangal ar an institiúid plean athbhreithnithe a chur isteach, laistigh de 3 mhí, a bhféadfaí é a shíneadh ar feadh aon mhí amháin le formheas na n-údarás, lena léireofar conas a thugtar aghaidh ar na heasnaimh nó na baic sin.’;
"
(4) in Airteagal 8(2), cuirtear an méid a leanas in ionad an tríú fomhír:"
‘Féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás inniúil, cabhrú leis na húdaráis inniúla teacht ar chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(5) ▌Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(a) leasaítear mír 7 mar a leanas:
(i) cuirtear isteach an pointe a leanas:"
‘(aa) i gcás inarb infheidhme, cur síos mionsonraithe ar na cúiseanna lena chinneadh go bhfuil institiúid le cáiliú mar eintiteas le leachtú, lena n-áirítear míniú ar an tslí ar tháinig an t-údarás réitigh ar an gconclúid go bhfuil feidhmeanna criticiúla in easnamh ar an institiúid;’;
"
(ii) cuirtear isteach an pointe a leanas:"
‘(ja) cur síos ar an mbealach is fearr chun na cuspóirí réitigh a leagtar amach in Airteagal 31 a bhaint amach leis na straitéisí réitigh éagsúla;’;
"
(iii) cuirtear isteach an pointe a leanas: "
‘(pa) liosta mionsonraithe agus cainníochtaithe de thaiscí faoi chumhdach agus de thaiscí inchailithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicrifhiontair agus ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide;’;
"
(b) cuirtear isteach an mhír 8a a leanas:"
‘8a. Ní ghlacfaidh údaráis réitigh pleananna réitigh i gcás inar cuireadh tús le himeachtaí dócmhainneachta i dtaca le heintiteas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de bhun Airteagal 32b nó i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 37(6).’;
"
(c) i mír 9, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Cuirfidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála athbhreithnithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].’;
"
(6) Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear isteach an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír a leanas:"
‘Féadfaidh sainaithint na mbeart atá le déanamh maidir leis na fochuideachtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), nach eintitis réitigh iad, a bheith faoi réir cur chuige simplithe ag na húdaráis réitigh mura bhfuil tionchar diúltach ag an gcur chuige sin ar inréiteacht an ghrúpa, agus méid na fochuideachta, a próifíl riosca, an easpa feidhmeanna criticiúla agus an straitéis réitigh grúpa á gcur san áireamh.’;
Is é plean réitigh an ghrúpa a chinnfidh an gcáilíonn eintitis laistigh de ghrúpa réitigh, seachas san eintiteas réitigh, mar eintitis le leachtú. Gan dochar do thosca eile a bhféadfadh na húdaráis réitigh a mheas ina dtosca ábhartha, ní cháileoidh eintitis a sholáthraíonn feidhmeanna criticiúla mar eintitis le leachtú.’;
"
(aa) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:"
‘2. Déanfar plean réitigh an ghrúpa a tharraingt suas ar bhonn na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 10 agus ar bhonn na faisnéise arna soláthar de bhun Airteagal 11.’
"
(ab) i mír 3, cuirtear an pointe a leanas isteach:"
‘(-aa) ina mbeidh cur síos mionsonraithe ar na cúiseanna lena chinneadh go ndéanfar grúpeintiteas dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d), a cháiliú mar eintiteas leachtaithe, lena n-áirítear míniú ar an gcaoi ar tháinig an t-údarás réitigh ar an gconclúid go bhfuil easpa feidhmeanna criticiúla in eanamh ar an institiúid, agus mar a rinneadh an cóimheas idir a neamhchosaint iomlán ar riosca agus a ioncam oibriúcháin i neamhchosaint iomlán an ghrúpa ar riosca agus ioncam oibriúcháin an ghrúpa, agus cóimheas giarála an ghrúpeintitis i gcomhthéacs an ghrúpa, a chur san áireamh;’;
"
(b) cuirtear isteach an mhír 5a a leanas:"
‘5a. Ní ghlacfaidh údaráis réitigh pleananna réitigh i gcás inar tionscnaíodh imeachtaí dócmhainneachta i dtaca le heintiteas ▌i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de bhun Airteagal 32b nó i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 37(6).’;
"
(7) in Airteagal 13(4), cuirtear an méid a leanas in ionad an cheathrú fomhír:"
‘Féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás réitigh náisiúnta, cuidiú leis na húdaráis réitigh náisiúnta cinneadh comhpháirteach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(8) in Airteagal 15, cuirtear an mhír 5 a leanas isteach:"
‘5. Déanfaidh ÚBE faireachán ar bheartais inmheánacha a tharraingt suas agus ar chur chun feidhme na measúnuithe inréiteachta ar institiúidí nó ar ghrúpaí dá bhforáiltear san Airteagal seo agus in Airteagal 16 arna ndéanamh ag údaráis réitigh. Cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na cleachtais atá ann cheana maidir le measúnuithe inréiteachta agus éagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud na mBallstát faoin ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme aon mholadh a leagtar amach sa tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
Beidh ar a laghad an méid a leanas sa tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
measúnú ar na modheolaíochtaí a d’fhorbair na húdaráis réitigh chun measúnuithe inréiteachta a dhéanamh, lena n-áirítear réimsí dibhéirseachta a d’fhéadfadh a bheith ar fud na mBallstát a shainaithint;
(b)
measúnú ar na cumais tástála a theastaíonn ó na húdaráis réitigh chun cur chun feidhme éifeachtach na straitéise réitigh a áirithiú;
(c)
an leibhéal trédhearcachta i leith na ngeallsealbhóirí ábhartha maidir leis na modheolaíochtaí arna bhforbairt ag údaráis réitigh chun measúnuithe inréiteachta agus toradh na measúnuithe sin a dhéanamh.’;
"
(9) in Airteagal 16a, cuirtear an mhír 7 a leanas leis:"
‘7. I gcás nach bhfuil eintiteas faoi réir an cheanglais maoláin chomhcheangailte ar an mbonn céanna ar a gceanglaítear air na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 45c agus 45d a chomhlíonadh, cuirfidh na húdaráis réitigh míreanna 1 go 6 den Airteagal seo i bhfeidhm ar bhonn an mheastacháin ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte arna ríomh i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún*. Beidh feidhm ag an gceathrú mír d’Airteagal 128 de Threoir 2013/36/AE.
Déanfaidh an t-údarás réitigh an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta dá dtagraítear sa chéad fhomhír a áireamh sa chinneadh lena gcinntear na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 45c agus 45d den Treoir seo. Cuirfidh an t-eintiteas an ceanglas maoláin chomhcheangailte measta ar fáil go poiblí in éineacht leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 45i(3).
______________________________
* Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin de bhun na Treorach réamhráite (IO L 241, 8.7.2021, lch. 1).;’
"
(10) Leasaítear Airteagal 17▌ mar a leanas:
(a) i mír 4, cuirtear an tríú fomhír a leanas isteach:"
‘Má dhéanann na bearta a mhol an t-eintiteas lena mbaineann na baic ar inréiteacht a laghdú nó a bhaint go héifeachtach, déanfaidh an t-údarás réitigh cinneadh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil. Léireofar sa chinneadh sin go laghdófar nó go gcuirfear deireadh leis na baic ar inréiteacht go héifeachtach leis na bearta a mholtar agus go gceanglófar ar an eintiteas na bearta atá beartaithe a chur chun feidhme.’;
"
(b) cuirtear an pointe a leanas leis:"
‘8a. Foilseoidh an t-údarás réitigh, i ndeireadh gach timthrialla pleanála réitigh, liosta anaithnidithe ina gcuirfear i láthair i bhfoirm chomhiomlánaithe aon bhaic shubstainteacha ar an inréiteacht a sainaithníodh agus gníomhaíochtaí ábhartha chun aghaidh a thabhairt orthu. Beidh feidhm leis na forálacha rúndachta a leagtar síos in Airteagal 84 den Treoir seo. ’;
"
(11) Leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 4:"
‘4. Cuirfidh údarás réitigh leibhéal an ghrúpa in iúl aon bheart a mhol an máthairghnóthas de chuid an Aontais don mhaoirseoir comhdhlúthaithe, do ÚBE, d’údaráis réitigh na bhfochuideachtaí agus d’údaráis réitigh na ndlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite a mhéid is ábhartha don bhrainse suntasach atá i gceist. Déanfaidh an t-údarás réitigh ar leibhéal an ghrúpa agus údaráis réitigh na bhfochuideachtaí, ar dhul i gcomhairle dóibh leis na húdaráis inniúla agus le húdaráis réitigh dlínsí ina bhfuil brainsí suntasacha suite, déanfaidh siad a bhfuil ar a gcumas chun cinneadh comhpháirteach a dhéanamh laistigh den choláiste réitigh i ndáil le baic shubstainteacha a shainaithint, agus, más gá, leis an measúnú ar bhearta arna moladh ag an máthairghnóthas de chuid an Aontais agus leis na bearta arna gceangal ag na húdaráis chun aghaidh a thabhairt ar na baic nó deireadh a chur leo, agus sa mheasúnú sin cuirfear tionchar féideartha na mbeart sna Ballstáit uile ina n-oibríonn an grúpa san áireamh.’;
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 9:"
‘9. Mura dtiocfar ar chinneadh comhpháirteach maidir le haon bhearta a dhéanamh dá dtagraítear in Airteagal 17(5), pointe (g), (h) nó (k), féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás réitigh i gcomhréir le míreanna 6, 6a nó 7 den Airteagal seo, cabhrú leis na húdaráis réitigh teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(12) Cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagail 27 agus 28:"
‘Airteagal 27
Bearta luath-idirghabhála
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh údaráis inniúla bearta luath-idirghabhála a mheas gan mhoill mhíchuí agus, más iomchuí, iad a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíonann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) aon cheann de na coinníollacha a leanas:
(a)
comhlíonann an institiúid nó an t-eintiteas na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 102 de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 38 de Threoir (AE) 2019/2034, nó chinn an t-údarás inniúil maidir leis na socruithe, na straitéisí, na próisis agus na sásraí a chuireann an institiúid nó an t-eintiteas chun feidhme agus na cistí dílse agus an leachtacht atá i seilbh na hinstitiúide nó an eintitis sin, nach ndéanann siad bainistiú agus cumhdach fónta ar a rioscaí, agus, mar sin tá feidhm ag ceachtar díobh a leanas:
(i)
ní dhearna an institiúid nó an t-eintiteas na gníomhaíochtaí ceartaitheacha arna gceangal ag an údarás inniúil, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE, nó in Airteagal in Airteagal 49 de Threoir (AE) 2019/2034;
(ii)
measann an t-údarás inniúil nach leor gníomhaíochtaí ceartaitheacha seachas bearta luath-idirghabhála chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna▌;
(b)
tá na ceanglais a leagtar síos i dTeideal II de Threoir 2014/65/AE, in Airteagail 3 go 7, in Airteagail 14 go 17, nó in Airteagail 24, 25 agus 26 de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, nó in Airteagail 45e nó 45f den Treoir seo á sárú ag an institiúid nó ag an eintiteas, nó is dóigh dó iad a shárú sna 12 mhí tar éis mheasúnú an údaráis inniúil.
I gcás meath suntasach ar choinníollacha, nó imthosca diana ag teacht chun cinn nó ina bhfaightear faisnéis nua faoi eintiteas, féadfaidh an t-údarás inniúil a chinneadh go gcomhlíonfar an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a)(ii), gan gníomhaíochtaí ceartaitheacha eile a dhéanamh roimhe sin, lena n-áirítear feidhmiú na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 104 de Threoir 2013/36/AE nó in Airteagal 39 de Threoir 2019/2034/AE.
Chun críocha na chéad fhómhíre, pointe (b), den mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla faoi Threoir 2014/65/AE nó faoi Rialachán (AE) Uimh. 600/2014, nó, de réir mar is iomchuí, go ndéanfaidh an t-údarás réitigh an t-údarás inniúil a chur ar an eolas gan mhoill faoin sárú nó faoin sárú dóchúil.
1a. Chun críocha mhír 1, ar na bearta luath-idirghabhála beidh an méid a leanas:
(a)
an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), ceachtar de na nithe a leanas a dhéanamh:
(i)
ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh a chur chun feidhme;
(ii)
an plean téarnaimh a nuashonrú i gcomhréir le hAirteagal 5(2) i gcás nach ionann na himthosca ba chúis leis an luath-idirghabháil agus na toimhdí a leagadh amach sa phlean téarnaimh tosaigh agus ceann amháin nó níos mó de na socruithe nó de na bearta a leagtar amach sa phlean téarnaimh nuashonraithe a chur chun feidhme laistigh de thréimhse shonrach;
(b)
an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) cruinniú de scairshealbhóirí na hinstitiúide nó an eintitis a thionól, nó mura gcomhlíonann an comhlacht bainistíochta an ceanglas sin, cruinniú de scairshealbhóirí na hinstitiúide nó an eintitis a thionól go díreach, agus sa dá chás an clár a shocrú agus a cheangal go mbreithneofar cinntí áirithe lena nglacadh ag na scairshealbhóirí;
(c)
an ceanglas atá ar chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), plean gníomhaíochta a tharraingt suas, i gcomhréir leis an bplean téarnaimh i gcás inarb infheidhme, le haghaidh idirbheartaíocht maidir le hathstruchtúrú fiachais le cuid dá chreidiúnaithe nó lena chreidiúnaithe go léir;
(d)
an ceanglas struchtúr dlíthiúil na hinstitiúide a athrú;
(e)
an ceanglas bainistíocht shinsearach nó comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), a chur as oifig ina n-iomláine nó a ionadú maidir le daoine aonair, i gcomhréir le hAirteagal 28;
(f)
riarthóir sealadach amháin nó níos mó a cheapadh don institiúid nó don eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), i gcomhréir le hAirteagal 29.
(fa)
an ceanglas go ndéanfaidh comhlacht bainistíochta an eintitis plean a tharraingt suas a bhféadfaidh an t-eintiteas a chur chun feidhme i gcás ina gcinneann comhlacht corparáideach an eintitis foirceannadh deonach an eintitis a thionscnamh.
2. Roghnóidh na húdaráis inniúla na bearta luath-idirghabhála is iomchuí agus is tráthúil bunaithe ar a bhfuil comhréireach leis na cuspóirí atá á saothrú, ag féachaint do thromchúis an tsáraithe nó an tsáraithe dhóchúil agus do luas an mheathlaithe ar staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), i measc faisnéis ábhartha eile.
3. I gcás gach ceann de na bearta dá dtagraítear i mír 1a, socróidh na húdaráis inniúla spriocdháta is iomchuí chun an beart sin a chríochnú agus lena gcuirfear ar a chumas don údarás inniúil meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtúlacht.
Déanfar an beart a mheas go díreach i ndiaidh an spriocdháta a bheith istigh agus déanfar an mheastóireacht a chomhroinnt leis an údarás réitigh. I gcás ina dtagtar ar an gconclúid sa mheastóireacht nach ndearnadh na bearta a chur chun feidhme go hiomlán agus nach bhfuil siad éifeachtach, déanfaidh an t-údarás inniúil neasúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (a), tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh.
4. Déanfaidh ÚBE, faoin ... [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a eisiúint chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na dtruicear le haghaidh úsáid na mbeart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur chun cinn.
Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 28
An bhainistíocht shinsearach nó an comhlacht bainistíochta a ionadú
Chun críocha Airteagal 27(1a), pointe (e), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an bhainistíocht shinsearach nua nó an comhlacht bainistíochta nua, nó comhaltaí aonair de na comhlachtaí sin, a cheapadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta agus beidh siad faoi réir fhormheas nó thoiliú an údaráis inniúil.’;
"
(13) Leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1, 2 agus 3:"
‘1. Chun críocha Airteagal 27(1a), pointe (f), áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis inniúla, bunaithe ar a bhfuil comhréireach sna himthosca, aon riarthóir sealadach a cheapadh chun ceachtar de na nithe a leanas a dhéanamh:
(a)
comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) a ionadú;
(b)
oibriú go sealadach le comhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d).
Sonróidh an t-údarás inniúil a rogha faoi phointí (a) nó (b) tráth a cheapfar an riarthóir sealadach.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), sonróidh an t-údarás inniúil freisin, tráth a cheapfar an riarthóir sealadach, ról, dualgais agus cumhachtaí an riarthóra shealadaigh sin agus aon cheanglais ar chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis i dtaca le dul i gcomhairle leis an riarthóir sealadach nó toiliú an riarthóra shealadaigh a fháil sula ndéanfaidh sé cinntí nó gníomhaíochtaí sonracha.
Ceanglóidh na Ballstáit ar an údarás inniúil ceapachán aon riarthóra shealadaigh a phoibliú, ach amháin i gcás nach bhfuil sé de chumhacht ag an riarthóir sealadach ionadaíocht a dhéanamh ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) nó cinntí a dhéanamh thar a cheann.
Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh aon riarthóir sealadach na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 91(1), (2) agus (8) de Threoir 2013/36/AE a chomhlíonadh. An measúnú a dhéanfaidh na húdaráis inniúla ar cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an riarthóir sealadach na ceanglais sin, beidh sé ina dhlúthchuid den chinneadh an riarthóir sealadach sin a cheapadh.
2. Sonróidh an t-údarás inniúil cumhachtaí an riarthóra shealadaigh tráth a cheaptha bunaithe ar a mhéid is comhréireach sna himthosca. Féadfaidh cuid de chumhachtaí chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), faoi reachtanna na hinstitiúide nó an eintitis agus faoin dlí náisiúnta, nó iad go léir, a bheith san áireamh sna cumhachtaí sin, lena n-áirítear an chumhacht chun roinnt feidhmeanna riaracháin de chuid chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide nó an eintitis, nó iad go léir, a fheidhmiú. Beidh cumhachtaí an riarthóra shealadaigh maidir leis an institiúid nó an eintiteas i gcomhréir leis an dlí cuideachtaí is infheidhme. Féadfaidh an t-údarás inniúil na cumhachtaí sin a choigeartú i gcás athrú ar imthosca;
3. Sonróidh an t-údarás inniúil ról agus feidhmeanna an riarthóra shealadaigh tráth an cheapacháin. D’fhéadfadh an méid a leanas a bheith san áireamh sna róil agus sna feidhmeanna sin:
(a)
staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) a fhionnadh;
(b)
gnó nó cuid de ghnó na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) a bhainistiú chun a staid airgeadais a chaomhnú nó a athbhunú;
(c)
bearta a dhéanamh chun bainistíocht fhónta stuama ghnó na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) a athbhunú.
Sonróidh an t-údarás inniúil aon teorainneacha le ról agus feidhmeanna an riarthóra shealadaigh tráth a cheapacháin.’;
"
(b) i mír 5, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘In aon chás, féadfaidh an riarthóir sealadach cumhacht a fheidhmiú chun cruinniú ginearálta de scairshealbhóirí na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) a chomóradh agus clár an chruinnithe sin a shocrú, ach toiliú an údaráis inniúil a fháil roimh ré.’;
"
(c) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:"
‘6. Arna iarraidh sin don údarás inniúil, déanfaidh an riarthóir sealadach tuarascálacha a tharraingt suas maidir le staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) agus na gníomhartha a rinneadh le linn thréimhse a cheapacháin, ag eatraimh arna socrú ag an údarás inniúil, uair amháin ar a laghad tar éis an chéad sé mhí a bheith istigh, agus i gcás ar bith ag deireadh a shainordaithe.’;
"
(ca) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 7:"
‘7. Ceapfar an riarthóir sealadach ar feadh bliain amháin ar a mhéad. Féadfar an tréimhse sin a athnuachan ar bhonn eisceachtúil uair amháin i gcás ina gcomhlíontar i gcónaí na coinníollacha chun an riarthóir sealadach a cheapadh. Beidh an t-údarás inniúil freagrach as cinneadh a dhéanamh an gcomhlíontar na coinníollacha sin agus as údar maith leis an gcinneadh a thabhairt do na scairshealbhóirí.’;
"
(14) Leasaítear Airteagal 30 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad an teidil:"
‘Bearta luath-idirghabhála a chomhordú i ndáil le grúpaí’;
"
(b) cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 go 4:"
‘1. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha maidir le bearta luath-idirghabhála a fhorchur faoi Airteagal 27 i ndáil le máthairghnóthas de chuid an Aontais, tabharfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe fógra do ÚBE agus rachaidh sé i gcomhairle leis na húdaráis inniúla eile laistigh den choláiste maoirseachta sula gcinnfidh sé beart luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm.
2. Tar éis an fhógra agus an chomhairliúcháin dá dtagraítear i mír 1, cinnfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an gcuirfidh sé bearta luath-idirghabhála i bhfeidhm faoi Airteagal 27 i ndáil leis an máthairghnóthas ábhartha de chuid an Aontais, agus tionchar na mbeart sin ar na grúpeintitis i mBallstáit eile á chur san áireamh. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an cinneadh in iúl do ÚBE agus do na húdaráis inniúla eile laistigh den choláiste maoirseachta.
3. I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha chun luathbhearta idirghabhála a fhorchur faoi Airteagal 27 i leith fochuideachta de mháthairghnóthas de chuid an Aontais, tabharfaidh an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar bhonn aonair, a bhfuil sé i gceist aige an beart a dhéanamh i gcomhréir leis na hAirteagail sin, fógra do ÚBE agus rachaidh sé i gcomhairle leis an maoirseoir comhdhlúthaithe.
Tar éis dó an fógra a fháil féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe measúnú a dhéanamh ar an tionchar dóchúil a bheidh ag bearta luath-idirghabhála faoi Airteagal 27 ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), i gceist, ar an ngrúpa nó ar ghrúpeintitis i mBallstáit eile. Cuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe an measúnú sin chuig an údarás inniúil laistigh de 3 lá.
Tar éis an fhógra agus an chomhairliúcháin sin, cinnfidh an t-údarás inniúil an gcuirfidh sé beart luath-idirghabhála i bhfeidhm. Tabharfar aird chuí ar mheasúnú ar bith de chuid an mhaoirseora comhdhlúthaithe agus an cinneadh sin á dhéanamh. Cuirfidh an t-údarás inniúil an cinneadh in iúl do ÚBE, don mhaoirseoir comhdhlúthaithe agus do na húdaráis inniúla eile laistigh den choláiste maoirseachta.
4. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag níos mó ná údarás inniúil amháin beart luath-idirghabhála faoi Airteagal 27 a chur i bhfeidhm ar níos mó ná institiúid nó eintiteas amháin dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), sa ghrúpa céanna, déanfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla ábhartha eile measúnú maidir le cibé an oiriúnaí an riarthóir sealadach céanna a cheapadh do na heintitis uile lena mbaineann nó comhordú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart luath-idirghabhála eile ar níos mó ná institiúid nó eintiteas amháin chun réitigh a éascú lena ndéanfaí staid airgeadais na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann a athbhunú. Beidh an measúnú i bhfoirm cinneadh comhpháirteach idir an maoirseoir comhdhlúthaithe agus na húdaráis inniúla ábhartha eile. Tiocfar ar an gcinneadh comhpháirteach laistigh de 5 lá ó dháta an fhógra dá dtagraítear i mír 1. Déanfar an cinneadh comhpháirteach a réasúnú agus a leagan amach i ndoiciméad, a chuirfidh an maoirseoir comhdhlúthaithe ar fáil do mháthairghnóthas an Aontais.
Féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás inniúil, cabhrú leis na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 31 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Mura ndéantar cinneadh comhpháirteach laistigh de 5 lá féadfaidh an maoirseoir comhdhlúthaithe agus údaráis inniúla na bhfochuideachtaí cinntí aonair a dhéanamh maidir le riarthóir sealadach a cheapadh do na hinstitiúidí nó na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), as a bhfuil siad freagrach agus maidir leis na bearta eile luath-idirghabhála a chur i bhfeidhm.’;
"
(c) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 6:"
‘6. Féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás inniúil ar bith, cuidiú leis na húdaráis inniúla a bhfuil beartaithe acu ceann amháin nó níos mó de na bearta in Airteagal 27(1a), pointe (a), den Treoir seo a chur i bhfeidhm maidir le pointí (4), (10), (11) agus (19) de Roinn A den Iarscríbhinn leis an Treoir seo, in Airteagal 27(1a), pointe (c), den Treoir seo nó in Airteagal 27(1a), pointe (d), den Treoir seo chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(15) cuirtear an tAirteagal 30a a leanas isteach:"
‘Airteagal 30a
Ullmhú don réiteach
1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do na húdaráis réitigh gan mhoill faoi aon cheann de na nithe a leanas:
(a)
aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 104(1) de Threoir 2013/36/AE, a cheanglaíonn siad ar institiúid nó ar eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), den Treoir seo a dhéanamh arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar an meathlú ar staid institiúide, eintitis nó ghrúpa;
(b)
i gcás ina léiríonn gníomhaíocht mhaoirseachta go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 27(1) den Treoir seo maidir le hinstitiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), den Treoir seo, an measúnú go gcomhlíontar na coinníollacha sin, beag beann ar aon bheart luath-idirghabhála;
(c)
cur i bhfeidhm aon cheann de na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 27.
Déanfaidh údaráis inniúla dlúthfhaireachán, i ndlúthchomhar leis na húdaráis réitigh, ar staid na hinstitiúide nó an eintitis agus ar a gcomhlíontacht maidir leis na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar mheathlú ar staid na hinstitiúide nó an eintitis sin agus leis ar na bearta luath-idirghabhála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c).
2. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do na húdaráis réitigh a luaithe is féidir i gcás ina measfaidh siad go bhfuil riosca ábhartha ann go mbeadh feidhm ag ceann amháin nó níos mó de na himthosca in Airteagal 32(4) maidir le hinstitiúid nó le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d). Beidh an méid a leanas san fhógra sin:
(a)
na cúiseanna leis an bhfógra á thabhairt;
(b)
forléargas ar na bearta lena gcuirfí cosc ar theip na hinstitiúide nó an eintitis laistigh de thréimhse ama réasúnta, an tionchar a mheastar a bheadh acu ar an institiúid nó ar an eintiteas a mhéid a bhaineann leis na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 32(4) agus an t-achar ama a bhfuil coinne leis chun na bearta sin a chur chun feidhme.
Tar éis dó an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, déanfaidh na húdaráis réitigh measúnú, i ndlúthchomhar le húdaráis inniúla, ar cad is tréimhse réasúnta ann chun measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (b), agus aird á tabhairt ar luas an mheathlaithe ar dhálaí na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an gcóras airgeadais, ar chosaint taisceoirí agus ar chaomhnú cistí cliant, ar an mbaol go méadófar ar na costais fhoriomlána do chustaiméirí agus don gheilleagar le próiseas fadálach, ar an ngá leis an straitéis réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus ar aon bhreithnithe ábhartha eile. Cuirfidh na húdaráis réitigh an measúnú sin in iúl do na húdaráis inniúla a luaithe is féidir.
Tar éis an fógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír a fháil, déanfaidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh, i ndlúthchomhar le chéile, faireachán ar staid na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), ar chur chun feidhme aon bheart ábhartha laistigh den tréimhse ama a mheastar a bheidh acu agus ar aon fhorbairtí ábhartha eile. Chun na críche sin, tiocfaidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla le chéile go rialta, ar mhinicíocht arna socrú ag na húdaráis réitigh agus imthosca an cháis á gcur san áireamh. Cuirfidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh aon fhaisnéis ábhartha ar fáil dá chéile gan mhoill.
3. Soláthróidh na húdaráis inniúla do na húdaráis réitigh an fhaisnéis uile a iarrfaidh na húdaráis réitigh, faisnéis is gá le haghaidh gach ceann díobh a leanas:
(a)
an plean réitigh a thabhairt cothrom le dáta agus ullmhú do réiteach féideartha na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d);
(b)
an luacháil dá dtagraítear in Airteagal 36 a dhéanamh.
I gcás nach bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil cheana féin do na húdaráis inniúla, comhoibreoidh na húdaráis réitigh agus na húdaráis inniúla le chéile agus comhordóidh siad chun an fhaisnéis sin a fháil. Chun na críche sin, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla a cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), i bpointí (b), (c) nó (d), an fhaisnéis sin a sholáthar, lena n-áirítear trí chigireachtaí ar an láthair, agus an fhaisnéis sin a sholáthar do na húdaráis réitigh.
4. Áireofar ar chumhachtaí na n-údarás réitigh an chumhacht chun an an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) a mhargú le ceannaitheoirí ionchasacha, nó socruithe a dhéanamh maidir leis an margú sin le ceannaitheoirí ionchasacha, nó a chur de cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas déanamh amhlaidh, chun na gcríoch a leanas:
(a)
ullmhú le haghaidh réiteach na hinstitiúide nó an eintitis sin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 39(2) agus na bhforálacha rúndachta a leagtar síos in Airteagal 84;
(b)
eolas a dhéanamh don mheasúnú a dhéanfaidh an t-údarás réitigh ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (b).
4a. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh, agus an chumhacht dá dtagraítear i mír 4 á feidhmiú aige, margú go díreach le ceannaitheoirí ionchasacha, tabharfaidh sé aird chuí ar imthosca an cháis agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag feidhmiú na cumhachta sin ar sheasamh foriomlán an eintitis.
5. Chun críocha mhír 4, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis réitigh a iarraidh ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), ardán digiteach a chur ar bun chun an fhaisnéis riachtanach a chomhroinnt chun an institiúid nó an t-eintiteas sin a mhargú le ceannaitheoirí ionchasacha nó le comhairleoirí agus luachálaithe a bheidh fostaithe ag an údarás réitigh. Sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 84(1), pointe (e).
6. Maidir leis an gcinneadh go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 27(1) agus maidir le bearta luath-idirghabhála a ghlacadh roimh ré, ní bheidh na coinníollacha sin riachtanach chun go n-ullmhóidh na húdaráis réitigh do réiteach na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), nó chun an chumhacht dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 den Airteagal seo a fheidhmiú.
7. Cuirfidh na húdaráis réitigh na húdaráis inniúla ar an eolas gan mhoill faoi aon ghníomhaíocht a dhéanfar de bhun mhíreanna 4 agus 5.
8. Áiritheoidh na Ballstáit go n-oibreoidh na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh i ndlúthchomhar le chéile:
(a)
agus breithniú á dhéanamh acu na bearta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a) den Airteagal seo, arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar mheathlú ar staid institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) a dhéanamh, agus na bearta dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (c) den Airteagal seo a dhéanamh;
(b)
agus breithniú á dhéanamh acu aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5 a dhéanamh;
(c)
le linn chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den fhomhír seo.
Áiritheoidh na húdaráis inniúla agus na údaráis réitigh go mbeidh na bearta agus na gníomhaíochtaí sin comhsheasmhach, comhordaithe agus éifeachtach.’;
"
(16) In Airteagal 31(2), cuirtear an méid a leanas in ionad phointí (c) agus (d):"
‘(c) cistí poiblí a chosaint tríd an spleáchas ar thacaíocht airgeadais phoiblí urghnách a íoslaghdú, go háirithe nuair is ó bhuiséad Ballstáit a sholáthraítear í;
(d)
taiscí cumhdaithe agus, a mhéid is féidir, an chuid neamhchumhdaithe de thaiscí incháilithe daoine nádúrtha agus micrifhiontar agus fiontair beag agus meánmhéide a chosaint, agus infheisteoirí a chumhdaítear le Treoir 97/9/CE a chosaint;’;
"
(17) Leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:"
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil le hinstitiúid i gcás ina gcinnfidh na húdaráis réitigh, ar theachtaireacht a fháil de bhun mhír 2 nó ar a dtionscnamh féin de bhun an nós imeachta a leagtar síos i mír 2, go bhfuil gach ceann de na coinníollacha a leanas á gcomhlíonadh:
(a)
tá an institiúid i mbéal teipthe nó is dóigh di teip;
(b)
▌níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon bheart malartach ón earnáil phríobháideach lena n-áirítear bearta ó SCI, aon ghníomhaíocht mhaoirseachta, aon bheart luath-idirghabhála, nó aon díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanas incháilithe, dá dtagraítear in Airteagal 59(2), a dhéanfaí i leith na hinstitiúide, cosc ar theip na hinstitiúide nó▌ar theip dhóchúil na hinstitiúide laistigh de thréimhse réasúnta ama;
(c)
is gá gníomhaíocht réitigh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail de bhun mhír 5.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás réitigh.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh, i dteannta an údaráis inniúil, go bhféadfaidh an t-údarás réitigh measúnú a dhéanamh ar an gcoinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás inniúil, i gcás ina bhfuil na huirlisí riachtanacha, lena n-áirítear, go háirithe, rochtain leordhóthanach ar an bhfaisnéis ábhartha, ag na húdaráis réitigh faoin dlí náisiúnta chun measúnú den sórt sin a dhéanamh. I gcás den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an t-údarás inniúil don údarás réitigh gan mhoill aon fhaisnéis ábhartha a iarrfaidh an t-údarás réitigh chun a mheasúnú a dhéanamh, sula gcuirfidh an t-údarás réitigh an t-údarás inniúil ar an eolas faoin rún atá aige an measúnú sin a dhéanamh, nó ina dhiaidh sin.
Is é an t-údarás réitigh, i ndlúthchomhar leis an údarás inniúil, a dhéanfaidh an measúnú ar an gcoinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás ainmnithe de chuid na Scéime ráthaithe taiscí, agus i gcás inarb iomchuí, le Scéim cosanta institiúideach a bhfuil an institiúid ina comhalta di, gan mhoill. Áireofar sa chomhairliúchán leis an SCI go mbreithneoidh an SCI an bhfuil bearta ar fáil a d’fhéadfadh cosc a chur le teip na hinstitiúide laistigh de thréimhse ama réasúnta. Cuirfidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis ábhartha ar fáil gan mhoill don údarás réitigh arna iarraidh sin don údarás réitigh chun eolas a dhéanamh dá mheasúnú. Féadfaidh an t-údarás inniúil a chur in iúl don údarás réitigh freisin go measann sé go bhfuil an coinníoll a leagtar síos i mír 1, pointe (b), á chomhlíonadh.’;
"
(b) leasaítear mír 4 mar a leanas:
(i) sa chéad fhomhír, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (d):"
‘(d) tá gá le tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách seachas i gcás ina ndeonaítear tacaíocht den sórt sin i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 32c;
(ii)
scriostar na fomhíreanna ón dara go dtí an cúigiú fomhír;
(c)
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:
‘5. Chun críocha mhír 1, pointe (c), caithfear le gníomhaíocht réitigh mar ghníomhaíocht atá chun leasa an phobail más gá an ghníomhaíocht sin a dhéanamh chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 31 a bhaint amach agus i gcás ina bhfuil sí comhréireach leis sin agus nach mbainfí amach na cuspóirí réitigh sin ar bhonn níos éifeachtúla tríd an institiúid a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Ní mheasfar gníomhaíocht réitigh a bheith ar mhaithe le leas an phobail chun críocha mhír 1, pointe (c), den Airteagal seo i gcás inar chinn an t-údarás réitigh oibleagáidí simplithe a chur i bhfeidhm ar institiúid de bhun Airteagal 4. Beifear in ann an toimhde a fhrisnéis áfach agus ní bheidh feidhm leis i gcás ina measfaidh an t-údarás réitigh go gcuirfí ceann amháin nó níos mó de chuspóirí an réitigh i mbaol dá ndéánfaí an institiúid a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta.
Áiritheoidh na Ballstáit, sa chás ina bhfuil an measúnú dá dtagraítear sa chéad fhomhír á dhéanamh ag an údarás réitigh, go ndéanfaidh sé, bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh ar fáil dó tráth an mheasúnaithe sin, gach tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách ▌a bheidh le deonú don institiúid a mheas agus a chur i gcomparáid, i gcomhthéacs réitigh agus i gcomhthéacs foirceannadh freisin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.’;
5a. Rannchuideoidh ÚBE le faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an mheasúnaithe ar mhaithe le leas an phobail dá dtagraítear i mír 5 agus le cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach an mheasúnaithe sin a chur chun cinn.
Faoin ... [dhá bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], cuirfidh ÚBE tuarascáil ar fáil maidir le raon feidhme agus cur i bhfeidhm mhír 5 ar fud an Aontais. Déanfar an tuarascáil sin a chomhroinnt leis an gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar a éifeachtaí a bheidh na bearta a leagtar amach i mír 5 agus ar a dtionchar ar chothrom na Féinne.
Bunaithe ar thorthaí na tuarascála, d’fhéadfadh ÚBE caighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt arb é a gcuspóir cleachtais a choinbhéirsiú agus cothrom na Féinne a bhaint amach i measc na mBallstát faoin ... [dhá bhliain ó dháta chur i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. ’
"
(18) cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagail 32a agus 32b:"
‘Airteagal 32a
Coinníollacha réitigh maidir le comhlacht lárnach agus institiúidí creidmheasa atá buanchleamhnaithe le comhlacht lárnach
Áiritheoidh na Ballstáit▌nach nglacfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil le comhlacht lárnach agus maidir leis na hinstitiúidí creidmheasa uile atá cleamhnaithe go buan leis ar cuid den ghrúpa réitigh céanna iad ach amháin i gcás ina gcomhlíonfaidh an comhlacht lárnach agus na hinstitiúidí creidmheasa uile atá cleamhnaithe go buan leis, nó an grúpa réitigh lena mbaineann siad, na coinníollacha ina n-iomláine arna suí in Airteagal 32(1).
Airteagal 32b
Imeachtaí i leith institiúidí agus eintitis nach bhfuil faoi réir gníomhaíocht réitigh
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcinnfidh údarás réitigh go gcomhlíonann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1), pointí (a) agus (b), ach nach gcomhlíonann siad an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 32(1), pointe (c), go mbeidh sé de chumhacht ag an údarás náisiúnta riaracháin nó breithiúnach ábhartha an nós imeachta a thionscnamh gan mhoill chun an institiúid nó an t-eintiteas a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go n-imeoidh institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), a dhéanfar a fhoirceannadh ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, ón margadh nó go ndéanfaidh siad a ngníomhaíochtaí baincéireachta a fhoirceannadh laistigh de thréimhse ama réasúnta.
3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-áiritheoidh údarás réitigh go gcomhlíonann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), na coinníollacha in Airteagal 32(1), pointí (a) agus (b), ach nach gcomhlíonann siad an coinníoll in Airteagal 32(1), pointe (c), beidh an cinneadh go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas ag teip nó gur dóigh di nó dó teip de bhun Airteagal 32(1), pointe (a), ina choinníoll faoina ndéanfaidh an t-údarás inniúil an t-údarú a tharraingt siar de bhun Airteagal 18 de Threoir 2013/36/AE.
4. Áiritheoidh na Ballstáit gur leor údarú na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) a tharraingt siar chun go mbeidh údarás náisiúnta riaracháin nó breithiúnach ábhartha in ann an nós imeachta chun an institiúid nó an t-eintiteas a fhoirceannadh a thionscnamh gan mhoill ar bhealach ordúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.’:
"
(19) cuirtear isteach an Airteagal 32c a leanas:"
‘Airteagal 32c
Tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách
1. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách lasmuigh de ghníomhaíocht réitigh a dheonú d’institiúid nó d’eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) ach amháin i gceann amháin de na cásanna a leanas agus ar choinníoll go gcomhlíonann an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách na coinníollacha agus na ceanglais a bhunaítear i gcreat Státchabhrach an Aontais:
(a)
chun suaitheadh tromchúiseach de chineál eisceachtúil nó sistéamach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas agus chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách sin ann in aon cheann de na foirmeacha a leanas:
(i)
ráthaíocht Stáit chun tacaíocht a thabhairt do shaoráidí leachtachta arna gcur ar fáil ag bainc cheannais i gcomhréir le coinníollacha na mbanc ceannais;
(ii)
ráthaíocht Stáit maidir le dliteanais nua-eisithe;
(iii)
ionstraimí cistí dílse seachas ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó ionstraimí caipitil eile a fháil, nó bearta sócmhainní lagaithe a úsáid ar phraghsanna, ar feadh ré, agus ar théarmaí eile nach dtugann buntáiste míchuí don institiúid nó don eintiteas lena mbaineann, ar choinníoll nach ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 32(4), pointí (a), (b) nó (c), ná na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 59(3) tráth a ndeonaítear an tacaíocht phoiblí;
(b)
i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm idirghabháil chostéifeachtach ó scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 11a agus 11b de Threoir 2014/49/AE, ar choinníoll nach ann d’aon cheann de na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 32(4);
(c)
i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm idirghabháil chostéifeachtach ó scéim ráthaithe taiscí i gcomhthéacs institiúid creidmheasa a fhoirceannadh de bhun Airteagal 32b agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE;
(d)
i gcás ina mbeidh an tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách i bhfoirm Státchabhrach de réir bhrí Airteagal 107(1) CFAE arna deonú i gcomhthéacs fhoirceannadh na hinstitiúide nó an eintitis de bhun Airteagal 32b den Treoir seo, seachas an tacaíocht arna deonú ag scéim ráthaithe taiscí de bhun Airteagal 11(5) de Threoir 2014/49/AE.
2. Comhlíonfaidh na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na coinníollacha a leanas ar fad:
(a)
tá na bearta teoranta d’institiúidí sócmhainneacha nó d’eintitis sócmhainneacha, mar atá deimhnithe ag an údarás inniúil;
(b)
is bearta réamhchúraim agus sealadacha iad agus tá siad bunaithe ar straitéis ▌réamhshainithe chun imeacht ón mbeart tacaíochta arna fhormheas ag an údarás inniúil, lena n-áirítear dáta foirceanta, dáta díola nó sceideal aisíocaíochta a shonraítear go soiléir le haghaidh aon cheann de na bearta dá bhforáiltear; ní nochtfar an fhaisnéis sin go dtí go mbeidh bliain amháin istigh tar éis an straitéis chun imeacht ón mbeart tacaíochta a thabhairt i gcrích, nó an plean feabhsúcháin a chur chun feidhme, nó an mheasúnaithe faoin seachtú fomhír den mhír seo;
(c)
is bearta comhréireacha iad chun iarmhairtí an tsuaite thromchúisigh a leigheas nó chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú;
(d)
ní úsáidtear na bearta mar fhritháireamh ar chaillteanais arna dtabhú ag an institiúid nó ag an eintiteas nó ar dóigh di nó dó a thabhú as seo go ceann dhá mhí dhéag.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (a), measfar institiúid nó eintiteas a bheith sócmhainneach i gcás ina gcinnfidh an t-údarás inniúil nár tharla aon sárú, nó nár dóigh dó tarlú sna 12 mhí ina dhiaidh sin, bunaithe ar ionchais reatha, ar aon cheann de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 92(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE, Airteagal 11(1) de Rialachán (AE) 2019/2033, Airteagal 40 de Threoir (AE) 2019/2034 nó ar na ceanglais ábhartha is infheidhme faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha na caillteanais atá tabhaithe ag an institiúid nó ag an eintiteas nó is dóigh di nó dó a thabhú a chainníochtú. Beidh an cainníochtú sin bunaithe, ar a laghad, ar athbhreithithe ar cháilíocht sócmhainní arna ndéanamh ag BCE, ÚBE nó údaráis náisiúnta, nó, i gcás inarb iomchuí, ar chigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an údarás inniúil. I gcás nach féidir na freachnaimh sin a dhéanamh in am cuí, féadfaidh an t-údarás inniúil a mheastóireacht a bhunú ar chlár comhardaithe na hinstitiúide nó an eintitis, ar choinníoll go gcomhlíonann an clár comhardaithe na rialacha agus na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme, arna ndeimhniú ag iniúchóir seachtrach neamhspleách. Déanfaidh an t-údarás inniúil a dhícheall chun a áirithiú go mbunaítear an cainníochtú ar luach margaidh shócmhainní agus dhliteanais na hinstitiúide nó an eintitis agus mhíreanna na hinstitiúide nó an eintitis atá lasmuigh den chlár comhardaithe.
Beidh na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(iii), teoranta do bhearta a ndearna an t-údarás inniúil measúnú orthu de réir mar is gá chun sócmhainneacht na hinstitiúide nó an eintitis a urrú trí aghaidh a thabhairt ar a easnamh caipitil arna shuí i gcás díobhálach tástálacha struis náisiúnta, tástálacha struis de chuid an Aontais nó tástálacha struis ar fud an tsásra aonair maoirseachta, nó freachnaimh choibhéiseacha arna seoladh ag an mBanc Ceannais Eorpach, ÚBE nó údaráis náisiúnta, i gcás inarb infheidhme, arna ndeimhniú ag an údarás inniúil.
De mhaolú ar mhír 1, pointe (a)(iii), ceadófar, ar bhonn eisceachtúil, ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a fháil i gcás inarb amhlaidh, toisc cineál an easnaimh arna shainaithint, nach bhfágfadh fáil aon ionstraime cistí dílse eile nó aon ionstraime caipitil eile go mbeadh an institiúid nó an t-eintiteas lena mbaineann in ann aghaidh a thabhairt ar a easnamh caipitil arna shuí sa chás díobhálach sa tástáil struis ábhartha nó sa fhreachnamh coibhéiseach. Ní bheidh méid na n-ionstraimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 a fuarthas níos mó ná 2 % de mhéid iomlán na hinstitiúide nó an eintitis lena mbaineann atá neamhchosanta ar riosca, méid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
I gcás nach ndéanfar aon cheann de na bearta tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a fhuascailt, a aisíoc nó a fhoirceannadh ar shlí eile i gcomhréir le téarmaí na straitéise▌chun imeacht ón mbeart tacaíochta a bunaíodh tráth a deonaíodh beart den sórt sin, iarrfaidh an t-údarás inniúil ar an institiúid nó ar an eintiteas plean feabhsúcháin aon uaire a chur faoina bhráid. Tabharfar cuntas sa phlean feabhsúcháin ar na céimeanna a bheidh le leanúint chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta agus marthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide nó an eintitis a choinneáil ar bun nó a athbhunú, agus ar acmhainneacht na hinstitiúide nó an eintitis an méid dár foráladh a aisíoc, mar aon leis an tréimhse ama a ghabhann leis.
I gcás nach n-aithníonn an t-údarás inniúil go bhfuil an plean feabhsúcháin aon uaire inchreidte nó indéanta, nó i gcás ina dteipeann ar an institiúid nó ar an eintiteas an plean feabhsúcháin a chomhlíonadh, déanfar measúnú i gcomhréir le hAirteagal 32 i dtaobh an bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó ar dóigh di nó dó teip.
3. Déanfaidh ÚBE, faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], treoirlínte a eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 maidir leis an gcineál tástálacha, athbhreithnithe nó freachnamh dá dtagraítear i mír 2, an ceathrú fomhír, as a bhféadfadh na bearta tacaíochta teacht, bearta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(iii).’;
"
(20) in Airteagal 33, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:"
‘2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh i ndáil le heintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) nó (d), i gcás ina gcomhlíonann an t-eintiteas sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(1).
Chun na gcríoch sin, measfar go bhfuil eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (c) nó (d), i mbéal teipthe nó gur dóigh dó teip in aon cheann de na himthosca a leanas:
(a)
comhlíonann an t-eintiteas ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 32(4), pointí (b), (c) nó (d);
(b)
sáraíonn an t-eintiteas go hábhartha, nó tá eilimintí oibiachtúla ann a léiríonn go sáróidh an t-eintiteas go hábhartha, sula i bhfad, na ceanglais is infheidhme a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 nó i dTreoir 2013/36/AE.’;
"
(21) Leasaítear Airteagal 33a mar a leanas:
(a) i mír 8, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"
‘Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis réitigh scéala chuig an institiúid nó chuig an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), agus chuig na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 83(2), pointí (a) go (h), gan mhoill tráth a mbeidh a gcumhacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á feidhmiú acu, tar éis cinneadh a bheith déanta go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas i mbéal teipthe nó gur dóigh di nó dó teip de bhun Airteagal 32(1), pointe (a), agus sula nglacfar an cinneadh réitigh.’;
"
(b) i mír 9, cuirtear isteach an dara fomhír a leanas:"
‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfeidhmeofar na cumhachtaí sin i leith taiscí incháilithe agus nach measfar nach bhfuil na taiscí sin ar fáil chun críocha Threoir 2014/49/AE, go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar mhéid iomchuí laethúil ó na taiscí sin.’;
"
(22) leasaítear Airteagal 35 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh na húdaráis réitigh bainisteoir speisialta a cheapadh in ionad chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide faoi réiteach nó na droichead-institiúide nó chun oibriú i gcomhar leis. Déanfaidh na húdaráis réitigh ceapachán an bhainisteora speisialta a phoibliú. Áiritheoidh na húdaráis réitigh go mbeidh na cáilíochtaí, an cumas agus an t-eolas ag an mbainisteoir speisialta chun a chuid/a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 91 de Threoir 2013/36/AE maidir le bainisteoirí speisialta a cheapadh.’;
"
(b) i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad abairte:"
‘Beidh cumhachtaí uile scairshealbhóirí agus chomhlacht bainistíochta na hinstitiúide faoi réiteach nó na droichead-institiúide ag an mbainisteoir speisialta.’;
"
(c) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 5:"
‘5. Éileoidh na Ballstáit go dtarraingeoidh an bainisteoir speisialta tuarascálacha suas don údarás réitigh a cheap é/í maidir le staid eacnamaíoch agus staid airgeadais na hinstitiúide faoi réiteach nó na droichead-institiúide agus maidir leis na gníomhartha a rinneadh agus a chuid/cuid dualgas á gcomhlíonadh aige/aici, ag eatraimh rialta arna socrú ag an údarás réitigh agus ag tús agus deireadh a shainordaithe/sainordaithe.’;
"
(23) leasaítear Airteagal 36 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad abairte de mhír 1:"
‘1. Sula gcinnfear an bhfuil na coinníollacha maidir le réiteach, nó na coinníollacha maidir le díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 59 á gcomhlíonadh, áiritheoidh na húdaráis réitigh go ndéanfaidh duine atá neamhspleách ar aon údarás poiblí, lena n-áirítear ar an údarás réitigh agus ar an institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), go ndéanfaidh sé luacháil chothrom, stuama agus réalaíoch ar shócmhainní agus dliteanais na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d).’;
"
(b) cuirtear isteach an mhír 7a a leanas:"
‘7a. I gcás inar gá chun bonn eolais a thabhairt leis na cinntí dá dtagraítear i mír 4, pointí (c) agus (d), comhlánóidh an luachálaí an fhaisnéis i mír 6, pointe (c), le meastachán ar luach na sócmhainní agus na ndliteanas lasmuigh den chlár comhardaithe, lena n-áirítear dliteanais theagmhasacha agus sócmhainní teagmhasacha.’;
"
(24) in Airteagal 37, cuirtear an mhír 11 a leanas isteach:"
‘11. Déanfaidh ÚBE faireachán ar ghníomhaíochtaí agus ar ullmhú na n-údarás réitigh chun cur chun feidhme éifeachtach na n-uirlisí réitigh agus na gcumhachtaí réitigh a áirithiú i gcás réitigh. Cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le staid reatha na gcleachtas atá ann cheana agus éagsúlachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud na mBallstát faoin ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme aon mholadh a leagtar amach sa tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
Beidh ar a laghad an méid a leanas sa tuairisc dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
na socruithe atá i bhfeidhm chun an uirlis tarrthála inmheánaí a chur chun feidhme agus an leibhéal rannpháirtíochta le bonneagair an mhargaidh airgeadais agus le húdaráis tríú tír, i gcás inarb ábhartha;
(b)
na socruithe atá i bhfeidhm chun úsáid uirlisí réitigh eile a oibríochtú;
(c)
an leibhéal trédhearcachta i leith geallsealbhóirí ábhartha maidir leis na socruithe dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).’;
"
(25) leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad na habairte réamhráití:"
‘Chun éifeacht a thabhairt don uirlis droichead-institiúide agus ag féachaint don ghá le feidhmeanna criticiúla a choinneáil ar bun sa droichead-institiúid nó chun aon cheann de na cuspóirí réitigh a shaothrú, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh de chumhacht ag na húdaráis réitigh an méid a leanas go léir a aistriú chuig droichead-institiúid:’;
"
(b) i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Níor cheart go gcuirfí isteach ar chumas an údaráis réitigh an droichead-institiúid a rialú tríd an uirlis tarrthála inmheánaí a chur i bhfeidhm don chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 43(2), pointe (b). I gcás ina gceadaítear, le cur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí, caipiteal na droichead-institiúide a sholáthar go hiomlán trí dhliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a chomhshó ina scaireanna nó ina gcineálacha eile ionstraimí caipitil, féadfar an ceanglas go bhfuil an droichead-institiúid faoi úinéireacht iomlán nó pháirteach údaráis phoiblí amháin nó níos mó a tharscaoileadh.’;
"
(26) in Airteagal 42(5), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):"
‘(b) go bhfuil gá le haistriú den sórt sin chun feidhmiú iomchuí na hinstitiúide faoi réiteach nó na droichead-institiúide nó na feithicle bainistíochta féin a áirithiú; nó’;
"
(27) leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an uirlis tarrthála inmheánaí a chur i bhfeidhm maidir le dliteanais uile institiúide nó eintitis, lena n-áirítear iad siúd arb astu a n-éiríonn foráil cuntasaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), nach ndéantar a eisiamh ó raon feidhme na huirlise tarrthála inmheánaí de bhun mhíreanna 2 nó 3 den Airteagal seo.’;
"
(b) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 5:"
'5. Féadfaidh an socrú um maoiniú réitigh ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 4 a dhéanamh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leanas go léir:
(a)
go ndearna scairshealbhóirí agus sealbhóirí ionstraimí eile úinéireachta, sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus sealbhóirí dliteanais eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu ranníocaíocht de mhéid nach lú ná 8 % de na dliteanais iomlána, lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, le hionsúchán caillteanais agus athchaipitliú, arna tomhas i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 36, trí laghdú, díluacháil, nó comhshó de bhun Airteagal 48(1) agus Airteagal 60(1), agus tríd an scéim ráthaithe taiscí de bhun Airteagal 109 i gcas inarb ábhartha;
(b)
nach mó an ranníocaíocht ón socrú maoiniúcháin réitigh ná 5 % d’iomlán na ndliteanas, lena n-áirítear cistí dílse na hinstitiúide faoi réiteach, arna tomhas i gcomhréir leis an luacháil dá bhforáiltear in Airteagal 36.’;
"
▌
(28) ▌ leasaítear Airteagal 44a mar a leanas:
(a) cuirtear isteach na míreanna a leanas:"
‘6a. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le hinstitiúid creidmheasa a eisíonn ionstraimí incháilithe a cháilíonn mar ionstraimí ATI, Leibhéal 2 nó dliteanais incháilithe nach bhféadfaidh sí na hionstraimí sin a dhíol le taisceoir atá ann cheana féin san institiúid creidmheasa sin agus a cháilíonn mar chliant miondíola, mar a shainmhínítear in Airteagal 49(1), pointe (11), de Threoir 2014/65/AE, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), den Airteagal seo agus ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leanas araon tráth an cheannaigh:
(a)
ní infheistíonn an taisceoir a cháilíonn mar chliant miondíola méid comhiomlán ar mó é ná 10 % dá phunann ionstraimí airgeadais in ionstraimí dá dtagraítear sa mhír seo;
(b)
is fiú EUR 30 000, ar a laghad, méid na hinfheistíochta tosaigh a infheistítear in ionstraim amháin nó níos mó dá dtagraítear sa mhír seo.
Áiritheoidh an institiúid creidmheasa go gcomhlíonfar na coinníollacha faoi phointí (a) agus (b) den mhír seo tráth an cheannaigh, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an gcliant miondíola i gcomhréir le mír 3.
6b. Maidir le hionstraimí incháilithe dá dtagraítear i mír 6a a dhíol an institiúid creidmheasa eisiúna lena taisceoirí a cháilíonn mar infheisteoirí miondíola gan na coinníollacha a leagtar síos sa mhír sin a chomhlíonadh, ní chuirfear sna áireamh iad i gcomhair na gceanglas faoi Airteagal 45e nó 45f a fhad a bheidh na hionstraimí sin á sealbhú ag an taisceoir lenar díoladh iad
6c. Déanfaidh na húdaráis réitigh, mar chuid den mheasúnú inréiteachta i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16, faireachán bliantúil ar bhonn grúpasonrach agus institiúidsonrach ar a mhéid atá ionstraimí incháilithe i dtaca le ICDI á sealbhú ag infheisteoirí miondíola agus tuairisceoidh siad na torthaí don ÚBE uair sa bhliain ar a laghad. ’;
"
(b) cuirtear na míreanna seo a leanas leis:"
‘7a. Ní cheanglófar ar na Ballstáit míreanna 6a agus 6b den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le hionstraimí dá dtagraítear i mír 61 a eisíodh roimh … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].
8. Faoin ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo. Déanfar comparáid sa tuarascáil sin idir na bearta arna nglacadh ag na Ballstáit https://edoc.sog-prodoc.com/edoc/img/nextErr.pngchun an tAirteagal seo a chomhlíonadh, déanfar anailís ar a éifeachtaí atá siad maidir le hinfheisteoirí miondíola a chosaint agus déanfar measúnú ar a dtionchar ar oibríochtaí trasteorann.
Ar bhonn na tuarascála sin, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh chun an Treoir seo a leasú.’;
"
(29) in Airteagal 45, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh institiúidí agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d), i gcónaí, na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe i gcás ina gceanglóidh an t-údarás réitigh amhlaidh agus faoi mar a chinnfidh an t-údarás réitigh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le hAirteagail 45a go 45i.’;
"
(30) leasaítear Airteagal 45b mar a leanas:
(a) i míreanna 4, 5 agus 7, cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad an fhocail ‘G-SIIanna’;
(b) leasaítear mír 8 mar a leanas:
(i) sa chéad fhomhír, cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad an fhocail ‘G-SIIanna’;
(ii) sa dara fomhír, pointe (c), cuirtear na focail ‘eintiteas G-SII’ in ionad an fhocail ‘G-SII’;
(iii) sa cheathrú fomhír, cuirtear na focail ‘eintitis G-SII’ in ionad an fhocail ‘G-SIIanna’;
(c) cuirtear an mhír 10 a leanas leis:"
‘10. Féadfaidh na húdaráis réitigh cead a thabhairt d’eintitis réitigh na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 4, 5 agus 7 a chomhlíonadh trí chistí dílse nó dliteanais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a úsáid nuair a chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha a leanas:
(a)
i gcás eintitis ar eintitis G-SII iad nó eintitis réitigh atá faoi réir Airteagal 45c(5) nó (6), níor laghdaigh an t-údarás réitigh an ceanglas dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, de bhun na chéad fhomhíre den mhír sin;
(b)
na dliteanais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nach gcomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 72b(2), pointe (d), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, comhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 72b(4), pointí (b) go (e), den Rialachán sin.’;
"
(31) leasaítear Airteagal 45c mar a leanas:
(a) i mír 3, an t-ochtú fomhír, cuirtear na focail ‘feidhmeanna criticiúla’ in ionad na bhfocal ‘feidhmeanna eacnamaíocha criticiúla’;
(b) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 4:"
‘4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ina sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun meastachán a dhéanamh ar an gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE agus ar an gceanglas maoláin chomhcheangailte le haghaidh an mhéid a leanas:
(a)
eintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh, i gcás nach bhfuil an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin faoi Threoir 2013/36/AE;
(b)
eintitis nach eintitis réitigh iad féin, i gcás nach bhfuil an t-eintiteas faoi réir na gceanglas sin faoi Threoir 2013/36/AE ar an mbonn céanna leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 45f den Treoir seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(c) i mír 7, an t-ochtú fomhír, cuirtear na focail ‘feidhmeanna criticiúla’ in ionad na bhfocal ‘feidhmeanna eacnamaíocha criticiúla’;
(32) cuirtear isteach an tAirteagal 45ca a leanas:"
‘Airteagal 45ca
An t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe a chinneadh le haghaidh straitéisí aistrithe▌
1. Agus Airteagal 45c á chur i bhfeidhm maidir le heintiteas réitigh a bhfuil sé beartaithe go príomha ina straitéis réitigh tosaíochta, go neamhspleách nó in éineacht le huirlisí réitigh eile,▌úsáid a bhaint as an uirlis díolta gnó nó as an uirlis droichead-institiúide▌, socróidh an t-údarás réitigh an méid athchaipitliúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 45c(3) ar bhealach comhréireach ar bhonn na gcritéar a leanas, de réir mar is ábhartha:
(a)
▌méid, samhail ghnó, samhail chistiúcháin agus próifíl riosca an eintitis réitigh nó, de réir mar is ábhartha, méid na coda den eintiteas réitigh atá faoi réir na huirlise díolta gnó nó na huirlise droichead-institiúide;
(b)
na scaireanna, na hionstraimí úinéireachta eile, na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais atá le haistriú chuig faighteoir mar a shainaithnítear sa phlean réitigh, agus an méid a leanas á chur san áireamh:
(i)
croílínte gnó agus feidhmeanna criticiúla an eintitis réitigh;
(ii)
na dliteanais atá eisiata ón tarrtháil inmheánach de bhun Airteagal 44(2);
(iii)
na coimircí dá dtagraítear in Airteagail 73 go 80;
(iiia)
na ceanglais cistí dílse ionchasacha le haghaidh aon uirlis droichead-institiúide a theastódh chun imeacht ón margadh an eintitis réitigh a chur chun feidhme, chun a áirithiú go gcomlíonfaidh an droichead-institiúid Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, Treoir 2013/36/AE agus Treoir 2014/65/AE, de réir mar is infheidhme;
(iiib)
an t-éileamh ionchasach ón bhfaighteoir go mbeidh an t-idirbheart neodrach ó thaobh caipitil de maidir leis na ceanglais is infheidhme maidir leis an eintiteas éadála;
(c)
luach ionchasach agus indíoltacht scaireanna, ionstraimí úinéireachta eile, sócmhainní, cearta nó dliteanais an eintitis réitigh dá dtagraítear i bpointe (b), agus an méid a leanas á chur san áireamh:
(i)
aon bhac ábhartha ar inréiteacht, arna shainaithint ag an údarás réitigh, a bhaineann go díreach le cur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó nó na huirlise droichead-institiúide;
(ii)
na caillteanais a eascraíonn as na sócmhainní, na cearta nó na dliteanais atá fágtha san institiúid iarmharach;
(iia)
timpeallacht mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith codarsnach tráth an réitigh;
(d)
cibé an bhfuil sé beartaithe sa straitéis réitigh tosaíochta scaireanna nó ionstraimí úinéireachta eile arna n-eisiúint ag an eintiteas réitigh, nó sócmhainní, cearta agus dliteanais uile an eintitis réitigh, nó cuid díobh, a aistriú;
(e)
cibé an bhfuil sé beartaithe sa straitéis réitigh tosaíochta an uirlis deighilte sócmhainní a chur i bhfeidhm.
▌
3. Ní bheidh de thoradh ar mhír 1 a chur i bhfeidhm méid atá níos mó ná an méid a bheidh mar thoradh ar Airteagal 45c(3) a chur i bhfeidhm nó méid atá níos lú ná 13,5% den neamhchosaint iomlán ar riosca, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, agus níos lú na 5% de neamhchosaint iomlán an eintitis ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ar riosca, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagail 429 agus 429a de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.’;
"
(33) in Airteagal 45d(1), cuirtear an méid a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:"
‘Beidh an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 45(1) d’eintiteas réitigh ar eintiteas G-SII é comhdhéanta de na nithe a leanas:’;
"
(34) in Airteagal 45f(1), cuirtear an méid a leanas in ionad an tríú fomhír:"
‘De mhaolú ar an gcéad agus an dara fomhír den mhír seo, déanfaidh máthairghnóthais de chuid an Aontais nach eintitis réitigh iad féin ach ar fochuideachtaí de chuid eintitis tríú tír iad, na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 45c agus 45d a chomhlíonadh ar bhonn comhdhlúite.’;
"
(35) leasaítear Airteagal 45l mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):"
‘(a) an chaoi ar cuireadh chun feidhme, ar an leibhéal náisiúnta, an ceanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 45e nó Airteagal 45f, lena n-áirítear Airteagal 45ca, agus, go háirithe, féachaint an raibh dibhéirseachtaí sna leibhéil a leagadh síos d’eintitis inchomparáide ar fud na mBallstát;’
"
(b) i mír 3, an dara fomhír, cuirtear isteach an abairt a leanas:"
‘Scoirfidh an oibleagáid dá dtagraítear i mír 2 d’fheidhm a bheith aici tar éis don dara tuarascáil a bheith tíolactha.’;
"
(35a) in Airteagal 45m, cuirtear an mhír a leanas isteach:"
‘1a. De mhaolú ar Airteagal 45(1), cinnfidh na húdaráis réitigh idirthréimhsí iomchuí d'institiúidí nó d'eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d) chun na ceanglais in Airteagail 45e nó 45f nó na ceanglais in Airteagal 45b(4), (5) nó (7), a chomhlíonadh, i gcás ina mbeidh institiúidí nó eintitis faoi réir na gceanglas sin de thoradh theacht i bhfeidhm ... [na Treorach leasaithí seo]. Is é an spriocdháta do na hinstitiúidí agus na heintitis na ceanglais in Airteagail 45e nó 45f a chomhlíonadh, nó na ceanglais de thoradh chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), (5) nó (7) a chomhlíonadh .... [ceithre bliana ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].
Cinnfidh an t-údarás réitigh spriocleibhéil idirmheánacha do na ceanglais in Airteagail 45e nó 45f, nó do na ceanglais de thoradh chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), (5) nó (7), de réir mar is iomchuí, a ndéanfaidh institiúidí nó eintitis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíoandh faoin ... [dhá bhliain ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. Áiritheoidh na spriocleibhéil idirmheánacha, mar riail ghinearálta, méadú líneach ar na cistí dílse agus ar na dliteanais incháilithe i dtreo an cheanglais.
Féadfaidh an t-údarás réitigh idirthréimhse a leagan síos a dtiocfaidh deireadh léi tar éis ... [ceithre bliana ó dháta chur i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] i gcás ina mbeidh údar cuí léi agus nuair is iomchuí ar bhonn na gcritéar dá dtagraítear i mír 7, agus an méid a leanas á chur san áireamh:
(a)
forbairt staid airgeadais an eintitis;
(b)
an t-ionchas go bhféadfaidh an t-eintiteas a áirithiú go gcomhlíonfar laistigh de thréimhse ama réasúnta na ceanglais in Airteagal 45e nó 45f nó ceanglas de thoradh chur i bhfeidhm Airteagal 45b(4), (5) nó (7); agus
(c)
cibé an féidir leis an eintiteas dliteanais nach gcomhlíonann a thuilleadh na critéir incháilitheachta ná aibíochta a ionadú, agus mura féidir, cibé an éagumas leithleach nó suaitheadh uile-mhargaidh is cúis leis.
"
(36) in Airteagal 45m, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 4:"
‘4. Ní bheidh feidhm ag na ceanglais dá dtagraítear in Airteagail 45b(4) agus (7) agus in Airteagail 45c(5) agus (6), mar is infheidhme, laistigh den tréimhse trí bliana tar éis an dáta a ndearnadh an t-eintiteas réitigh nó an grúpa a bhfuil an t-eintiteas réitigh mar chuid de a shainaithint mar G-SII nó mar G-SII neamh-AE, nó má tharlaíonn go dtosaíonn an t-eintiteas réitigh a bheith sa staid dá dtagraítear in Airteagal 45c(5) nó (6).’;
"
(37) in Airteagal 46(2), cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"
‘Leis an measúnú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, suífear an méid faoinar gá dliteanais ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu a dhíluacháil nó a chomhshó:
(a)
chun cóimheas caipitil Ghnáthchothromas Leibhéal 1 na hinstitiúide faoi réiteach a athbhunú, nó, i gcás inarb infheidhme, cóimheas na droichead-institiúide a shuí, agus aon ranníocaíocht chaipitil ón socrú um maoiniú réitigh a rinneadh de bhun Airteagal 101(1), pointe (d) den Treoir seo a chur san áireamh;
(b)
chun muinín margaidh leordhóthanach a chothú san institiúid faoi réiteach nó sa droichead-institiúid, agus aon dliteanas teagmhasach a chur san áireamh, agus a chur ar a cumas don institiúid faoi réiteach leanúint de na coinníollacha maidir le húdarú a chomhlíonadh, ar feadh bliain amháin ar a laghad, agus na gníomhaíochtaí a dhéanamh i gcónaí a bhfuil sé údaraithe ina leith faoi Threoir 2013/36/AE nó faoi Threoir 2014/65/AE.’;
"
(38) in Airteagal 47(1), cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b)(i):"
‘(i) ionstraimí caipitil ábhartha agus dliteanais incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 59 arna n-eisiúint ag an institiúid de bhun na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 59(2); nó’;
"
(39) leasaítear Airteagal 52 mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an fhomhír a leanas léi:"
‘In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an t-údarás réitigh síneadh míosa eile a chur leis an spriocdháta aon mhí amháin chun an plean atheagraithe gnó a chur isteach.’;
"
(b) i mír 5, cuirtear an fhomhír a leanas léi:"
‘Féadfaidh an t-údarás réitigh a cheangal ar an institiúid nó ar an eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), eilimintí breise a chur san áireamh sa phlean atheagraithe gnó.’;
"
(40) in Airteagal 53, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:"
‘3. I gcás ina laghdaíonn údarás réitigh go nialas príomhshuim dliteanais, nó an méid amuigh atá fós le híoc i leith dliteanais, lena n-áirítear dliteanas as a n-eascraíonn foráil cuntasaíochta, trí bhíthin na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 63(1), pointe (e), caithfear leis an dliteanas sin agus le haon oibleagáidí nó éilimh a eascraíonn maidir leis an dliteanas, nár tabhaíodh tráth a feidhmíodh an chumhacht, mar dhliteanas urscaoilte chun na gcríoch uile agus ní bheidh sé inchruthaithe in aon imeachtaí eile ina dhiaidh sin maidir leis an institiúid faoi réiteach nó aon eintiteas comharba in aon fhoirceannadh ina dhiaidh sin.’;
"
(41) leasaítear Airteagal 55 mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):"
‘(b) nach taisce an dliteanas dá dtagraítear in Airteagal 108(1), pointí (a) nó (b)’;
"
(b) i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad an cúigiú fomhír agus an séú fomhír:"
‘I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh, i gcomhthéacs an mheasúnaithe ar inréiteacht institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), i gcomhréir le hAirteagail 15 agus 16, nó tráth ar bith eile, gurb amhlaidh laistigh d’aicme dliteanas lena gcuimsítear dliteanais incháilithe, gur mó líon na ndliteanas nach gcuimsítear leo an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, mar aon leis na dliteanais a eisiatar ó chur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí i gcomhréir le hAirteagal 44(2) nó ar dócha go n-eisiafar iad i gcomhréir le hAirteagal 44(3), gur mó é ná 10 % den aicme sin, déanfaidh sé measúnú láithreach ar thionchar an fhíorais áirithe sin ar inréiteacht na hinstitiúide nó an eintitis sin, lena n-áirítear an tionchar ar an inréiteacht a eascraíonn as riosca coimircí an chreidiúnaí dá bhforáiltear in Airteagal 73 a shárú agus cumhachtaí díluachála agus comhshó á gcur i bhfeidhm ar dhliteanais incháilithe.
I gcás ina gcinnfidh an t-údarás réitigh, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chúigiú fomhír den mhír seo, i dtaobh na ndliteanas nach gcuimsítear leo an téarma conarthach dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go gcruthaíonn siad bac substaintiúil ar inréiteacht, déánfaidh sé na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagal 17 a chur i bhfeidhm mar is iomchuí chun fáil réidh leis an mbac sin ar an inréiteacht.’;
"
(c) cuirtear an mhír a leanas isteach:"
‘2a. Cuirfidh institiúidí agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d), tuarascáil faoi bhráid an údaráis réitigh ar bhonn bliantúil ar an méid a leanas:
(a)
méideanna iomlána gan íoc i gcás na ndliteanas go léir a rialaítear faoi dhlí tríú tír;
(b)
i dtaca leis na míreanna dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b):
(i)
a gcomhdhéanamh, lena n-áirítear a bpróifíl aibíochta,
(ii)
a rangú de réir gnáthimeachtaí dócmhainneachta;
(iii)
cibé an eisiatar an dliteanas faoi Airteagal 44(2);
(iv)
cibé an gcuimsítear sna forálacha conarthacha an téarma a cheanglaítear de réir mhír 1;
(v)
i gcás ina ndearnadh cinneadh go bhfuil sé neamhphraiticiúil de réir dlí nó ar shlí eile an t-aitheantas conarthach ar an gclásal tarrthála inmheánaí a chuimsiú i gcomhréir le mír 2, catagóir an dliteanais de bhun mhír 7.
I gcás inar cuid de ghrúpa réitigh iad institiúidí agus eintitis, is é an t-eintiteas réitigh a bhaineann leis an ngrúpa réitigh a dhéanfaidh an tuarascáil, a mhéid a cheanglaítear le mír 1, an dara agus an tríú fomhír.’;
"
(d) cuirtear an mhír a leanas leis:"
‘8a. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun nósanna imeachta agus aonfhoirmeacha agus teimpléid a shonrú le haghaidh na tuairisceoireachta d’údaráis réitigh dá dtagraítear i mír 2a.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [bliain amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(42) leasaítear Airteagal 59 mar a leanas:
(a) i mír 3, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (e):"
‘(e) go n-éileoidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d); tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách, ach amháin i gcás ina ndeonaítear an tacaíocht sin i gceann de na foirmeacha dá dtagraítear in Airteagal 32c.’;
"
(b) i mír 4, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (b):"
‘(b) ag féachaint d’uainiú, don ghá atá ann na cumhachtaí díluachála agus comhshó nó an straitéis réitigh don ghrúpa réitigh a chur chun feidhme go héifeachtach agus d’imthosca ábhartha eile, níl aon ionchas réasúnach ann go gcuirfeadh aon ghníomhaíocht, lena n-áirítear bearta malartacha ón earnáil phríobháideach, gníomhaíocht mhaoirseachta nó bearta luath-idirghabhála, seachas díluacháil nó comhshó ionstraimí caipitil, agus dliteanas incháilithe dá dtagraítear i mír 1a, cosc ar theip na hinstitiúide nó an eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), nó an ghrúpa sin laistigh de thréimhse réasúnta.’;
"
(43) leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:
(a) leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i) cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (m):"
‘(m) an chumhacht chun a cheangal ar an údarás inniúil faighteoir sealúchais cháilithigh a mheas ar mhodh tráthúil de mhaolú ar na teorainneacha ama a leagtar síos in Airteagal 22 de Threoir 2013/36/AE agus Airteagal 12 de Threoir 2014/65/AE;’;
"
(ii) cuirtear isteach an pointe (n) a leanas:"
‘(n) an chumhacht chun iarrataí a dhéanamh de bhun Airteagal 17(5) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 thar ceann na hinstitiúide faoi réiteach.’;
"
(b) i mír 2, cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (a):"
‘(a) faoi réir Airteagal 3(6) agus Airteagal 85(1), ceanglais maidir le formheas nó toiliú a fháil ó aon duine poiblí nó príobháideach, lena n-áirítear scairshealbhóirí nó creidiúnaithe na hinstitiúide faoi réiteach agus na húdaráis inniúla chun críocha Airteagail 22 go 27 de Threoir 2013/36/AE;’;
"
(44) cuirtear an méid a leanas in ionad Airteagal 71a(3):"
‘3. Beidh feidhm ag mír 1 maidir le haon chonradh airgeadais a chomhlíonann an méid a leanas:
(a)
cruthaíonn an conradh oibleagáid nua nó leasaíonn sé go suntasach oibleagáid atá ann cheana tar éis theacht i bhfeidhm na bhforálacha arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta chun an tAirteagal seo a thrasuí;’
(b)
foráiltear leis an gconradh d’fheidhmiú ceart foirceanta amháin nó níos mó, nó d’fheidhmiú cearta chun leasanna urrúis a fhorfheidhmiú a mbeadh feidhm ag Airteagail 33a, 68, 69, 70 nó 71 ina leith dá mbeadh an conradh airgeadais á rialú ag dlíthe Ballstáit.’;
"
(45) cuirtear fomhír (d) a leanas le hAirteagal 74(3):"
‘(d) agus na caillteanais a thabhódh an scéim ráthaithe taiscí dá bhfoirceannfaí an institiúid faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta á gcinneadh, na critéir agus an mhodheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 11e de Threoir 2014/49/AE agus in aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun an Airteagail sin a chur i bhfeidhm.’;
"
(45a) in Airteagal 84, cuirtear isteach an mhír a leanas:"
‘6a. Ní choiscfidh an tAirteagal seo malartú faisnéise idir údaráis réitigh agus údaráis chánach sa Bhallstát céanna a mhéid a leagtar an malartú sin síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit sin. I gcás ina dtiocfaidh an fhaisnéis sin ó Bhallstát eile, ní nochtfar í ach le toiliú sainráite an údaráis ábhartha a rinne í a nochtadh.’;
"
(46) in Airteagal 88, cuirtear an mhír 6a a leanas isteach:"
‘6a. Chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagail 10(1), 15(1) agus 17(1) a éascú agus chun aon fhaisnéis ábhartha a mhalartú, déanfaidh údarás réitigh institiúide a bhfuil brainsí suntasacha aici i mBallstáit eile coláiste réitigh a bhunú agus déanfaidh sé cathaoirleacht air.
Cinnfidh údarás réitigh na hinstitiúide dá dtagraítear sa chéad fhomhír cé na húdaráis a bheidh rannpháirteach i gcruinniú nó i ngníomhaíocht de chuid an choláiste réitigh, agus ábharthacht na gníomhaíochta a bheidh le pleanáil, nó le comhordú, do na húdaráis sin á cur san áireamh, go háirithe an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar chobhsaíocht an chórais airgeadais sna Ballstáit lena mbaineann agus na cúraimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Coinneoidh údarás réitigh na hinstitiúide dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhaltaí uile an choláiste réitigh go hiomlán ar an eolas, roimh ré, faoi eagrú na gcruinnithe sin, faoi na príomh-shaincheisteanna a bheidh le plé agus faoi na gníomhaíochtaí a bheidh le breithniú. Ina theannta sin, coinneoidh údarás réitigh na hinstitiúide dá dtagraítear sa chéad fhomhír comhaltaí uile an choláiste go hiomlán ar an eolas, go tráthúil, faoi na gníomhaíochtaí a rinneadh sna cruinnithe sin nó faoi na bearta a rinneadh.’;
"
(46a) in Airteagal 90, cuirtear an mhír a leanas isteach:"
‘4a. Ní choiscfidh Airteagal 84 malartú faisnéise idir údaráis réitigh agus údaráis chánach sa Bhallstát céanna a mhéid a leagtar an malartú sin síos i ndlí náisiúnta an Bhallstáit sin. I gcás ina dtiocfaidh an fhaisnéis sin ó Bhallstát eile, ní nochtfar í ach le toiliú sainráite an údaráis ábhartha a rinne í a nochtadh.’;
"
(47) leasaítear Airteagal 91 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. I gcás ina gcinneann údarás réitigh go gcomhlíonann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), ar fochuideachta i ngrúpa í nó é, na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 32 nó 33, tabharfaidh an t-údarás sin fógra gan mhoill don údarás réitigh ar ghrúpleibhéal, murab ionann é, don mhaoirseoir comhdhlúthaithe, agus do chomhaltaí an choláiste réitigh le haghaidh an ghrúpa i gceist maidir leis an bhfaisnéis a leanas:
(a)
an cinneadh go gcomhlíonann an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointí (a) agus (b), nó in Airteagal 33(1) nó (2) de réir mar is infheidhme, nó na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 33(4);
(b)
toradh an mheasúnaithe ar an gcoinníoll dá dtagraítear in Airteagal 32(1), pointe (c);
(c)
na gníomhaíochtaí réitigh nó na bearta dócmhainneachta a mheasann an t-údarás réitigh a bheith iomchuí don institiúid nó don eintiteas sin.
Féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur san áireamh sna fógraí a cuireadh in iúl de bhun Airteagal 81(3) do na seolaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.’;
"
(b) i mír 7, cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh teacht ar chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(48) in Airteagal 92(3), cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Féadfaidh ÚBE, ar iarratas ó údarás réitigh, cuidiú leis na húdaráis réitigh teacht ar chinneadh comhpháirteach i gcomhréir le hAirteagal 31(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(49) in Airteagal 97, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 4:"
‘4. Déanfaidh na húdaráis réitigh socruithe comhair neamhcheangailteacha a thabhairt i gcrích leis na húdaráis ábhartha tríú tír dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás inarb iomchuí. Beidh na socruithe sin i gcomhréir le socrú réime ÚBE.
Déanfaidh na húdaráis inniúla socruithe comhair neamhcheangailteacha a thabhairt i gcrích leis na húdaráis ábhartha tríú tír dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo i gcás inarb iomchuí. Beidh na socruithe sin i gcomhréir le socrú réime ÚBE agus áiritheofar leo go mbeidh an fhaisnéis a nochtar do na húdaráis tríú tír faoi réir ráthaíochta go gcomhlíonfar ceanglais maidir le rúndacht ghairmiúil a bheidh coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 84.’
"
(50) in Airteagal 98, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad na habairte réamhráití:"
‘Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis réitigh agus na haireachtaí inniúla faisnéis rúnda a mhalartú, lena n-áirítear pleananna téarnaimh, le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leanas go léir:’;
"
(b) cuirtear an dara agus an tríú fomhír a leanas leis:"
‘Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis ábhartha tríú tír ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha a leanas:
(a)
maidir le faisnéis a bhaineann le téarnamh agus le réiteach, na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír;
(b)
maidir le faisnéis eile atá ar fáil do na húdaráis inniúla, na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 55 de Threoir 2013/36/AE.
Chun críocha an dara fomhír, san fhaisnéis a bhaineann le téarnamh agus le réiteach, beidh an fhaisnéis uile a bhaineann go díreach le cúraimí na n-údarás inniúil faoin Treoir seo, go háirithe pleanáil téarnaimh agus pleananna téarnaimh, bearta luath-idirghabhála agus malartuithe le húdaráis réitigh maidir le pleanáil réitigh, pleananna réitigh agus gníomhaíocht réitigh.’;
"
(51) in Airteagal 101, cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 2:"
‘2. I gcás ina gcinneann an t-údarás réitigh, gur dócha go mbeidh mar thoradh ar úsáid an tsocraithe um maoiniú réitigh chun na gcríoch sin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go gcuirfear cuid de chaillteanais institiúide nó eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) ar aghaidh chuig an socrú um maoiniú réitigh, beidh feidhm ag na prionsabail lena rialaítear úsáid an tsocraithe um maoiniú réitigh a leagtar amach in Airteagal 44.’;
"
(52) in Airteagal 102(3), cuirtear an méid a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"
‘Más rud é, tar éis na tréimhse tosaigh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go laghdaítear na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi bhun an spriocleibhéil a shonraítear sa mhír sin, atosófar na ranníocaíochtaí rialta a chruinnítear i gcomhréir le hAirteagal 103 go dti go sroichfear an spriocleibhéal. Feadfaidh na húdaráis réitigh tiomsú na ranníocaíochtaí tráthrialta a chur siar i gcomhréir le hAirteagal 103 ar feadh suas le trí bliana i gcás ina sroichfidh an méid atá le tiomsú méid atá comhréireach le costais an phróisis tiomsaithe, ar choinníoll nach ndéanfaidh iarchur den sórt sin difear ábhartha do chumas an údaráis réitigh na socruithe um maoiniú réitigh a úsáid de bhun Airteagal 101. Tar éis an spriocleibhéal a bhaint amach den chéad uair agus i gcás inar laghdaíodh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil ina dhiaidh sin go méid is lú ná dhá thrian den spriocleibhéal, socrófar na ranníocaíochtaí sin ar leibhéal lena gceadaítear an spriocleibhéal a bhaint amach laistigh de 4 bliana.’;
"
(53) leasaítear Airteagal 103 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 3:"
3. Féadfar gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a áireamh leis na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus le cur san áireamh chun an spriocleibhéal a shonraítear in Airteagal 102 a bhaint amach, ar gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe iad a ráthaítear go hiomlán le comhthaobhacht de shócmhainní ísealriosca gan bac ó aon chearta tríú páirtí, faoi réir ag na húdaráis réitigh agus arna gcur i leataobh le haghaidh úsáid eisiach na n-údarás sin chun na gcríoch a shonraítear in Airteagal 101(1). Ní rachaidh sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe thar 30 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí arna gcruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo. Laistigh den teorainn sin, cinnfidh an t-údarás réitigh go bliantúil sciar na ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe i méid iomlán na ranníocaíochtaí a bheidh le cruinniú i gcomhréir leis an Airteagal seo.’;
"
(b) cuirtear an mhír 3a a leanas isteach:"
‘3a. Glaofaidh an t-údarás réitigh ar na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ndéanamh de bhun mhír 3 den Airteagal seo nuair is gá socruithe um maoiniú réitigh a úsáid de bhun Airteagal 101.
I gcás ina scoirfidh eintiteas de bheith faoi raon feidhme Airteagal 1 agus nach mbeidh sé faoi réir na hoibleagáide ranníocaíochtaí a íoc a thuilleadh i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, glaofaidh an t-údarás réitigh ar na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe arna ndéanamh de bhun mhír 3 agus atá fós dlite. Má dhéantar an ranníocaíocht atá nasctha leis an ngealltanas íocaíochta neamh-inchúlghairthe a íoc go cuí tráth an chéad ghlao, cuirfidh an t-údarás réitigh an gealltanas ar ceal agus tabharfaidh sé an chomhthaobhacht ar ais. Mura n-íocfar an ranníocaíocht go cuí tráth an chéad ghlao, urghabhfaidh an t-údarás réitigh an chomhthaobhacht agus cuirfidh sé an gealltanas ar ceal.’;
"
(54) In Airteagal 104(1), cuirtear an méid a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Ní rachaidh ranníocaíochtaí ex-post urghnácha thar 12.5 % den spriocleibhéal faoina trí, leibhéal a shonraítear in Airteagal 102.’;
"
(55) leasaítear Airteagal 108 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit, ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta:
(a)
go mbeidh an rangú tosaíochta céanna, arb airde é ná an rangú a sholáthraítear do mhaímh na ngnáthchreidiúnaithe neamhurraithe, ag an méid a leanas:
(i)
taiscí a eisiatar ó chumhdach faoi Airteagal 5 de Threoir 2014/49/AE;
(ii)
an chuid sin de thaiscí incháilithe ó eintitis dhlíthiúla nach micreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide iad a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE;
(iii)
an chuid sin de thaiscí incháilithe rialtais lárnacha agus réigiúnacha a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE;
(iv)
an chuid sin de thaiscí ó eintitis dhlíthiúla nach micreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide iad a bheadh incháilithe murach go ndearnadh iad trí bhrainsí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas d’institiúidí a bunaíodh laistigh den Aontas, rud a sháraíonn an leibhéal cumhdaigh dá bhforáiltear in Airteagal 6 de Threoir 2014/49/AE;
(b)
go mbeidh an rangú tosaíochta céanna, arb airde é ná an rangú dá bhforáiltear faoi phointe (a) ag an méid a leanas:
(i)
taiscí cumhdaithe;
(ii)
scéimeanna ráthaithe taiscí maidir lena n-éileamh faoi Airteagal 9(2) de Threoir 2014/49/AE;
(iii)
taiscí incháilithe seachas na taiscí sin dá dtagraítear i bpointí (a)(ii) agus (iii); agus
(iv)
taiscí a bheadh incháilithe mar thaiscí murach go ndearnadh iad trí bhrainsí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas d’institiúidí a bunaíodh laistigh den Aontas, seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a)(iv).’;
"
(b) cuirtear isteach na míreanna 8 agus 9 a leanas:"
‘8. I gcás nach ndéantar ach cuid de shócmhainní, de chearta nó de dhliteanais na hinstitiúide faoi réiteach a aistriú leis na huirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 37(3), pointe (a) nó (b), beidh éileamh ag an socrú um maoiniú réitigh in aghaidh na hinstitiúide iarmharaí nó an eintitis iarmharaigh dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d), ar aon chostas agus caillteanas arna thabhú ag an socrú um maoiniú réitigh mar thoradh ar aon ranníocaíochtaí a rinneadh leis an réiteach de bhun Airteagal 101(1) maidir le caillteanais a d’fhulaingeodh creidiúnaithe murach sin.
9. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rangú tosaíochta ag éilimh an tsocraithe um maoiniú réitigh dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo agus in Airteagal 37(7) ina ndlíthe náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta, rangú tosaíochta a bheidh níos airde ná an rangú a chuirtear ar fáil le haghaidh éilimh taiscí agus scéimeanna ráthaithe taiscí de bhun mhír 1 den Airteagal seo.’;
"
(56) leasaítear Airteagal 109 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:"
'1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh na húdaráis réitigh gníomhaíocht réitigh maidir le hinstitiúid chreidmheasa, agus ar choinníoll go n-áiritheofar leis an ngníomhaíocht sin go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar a dtaiscí i gcónaí, ▌go ranníocfaidh an scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil an institiúid chreidmheasa sin cleamhnaithe na méideanna seo a leanas:
(a)
i gcás ina gcuirfear an uirlis tarrthála inmheánaí i bhfeidhm, go neamhspleách nó i gcomhcheangal leis an uirlis deighilte sócmhainní, an méid faoina ndéanfaí taiscí cumhdaithe a dhíluacháil nó a chomhshó chun na caillteanais a ionsú agus an institiúid faoi réiteach a athchaipitliú de bhun Airteagal 46(1), dá gcuirfí taiscí cumhdaithe san áireamh faoi raon feidhme na tarrthála inmheánaí;
(b)
i gcás ina gcuirfear an uirlis díolta gnó nó an uirlis droichead-institiúide i bhfeidhm, go neamhspleách nó i gcomhcheangal le huirlisí réitigh eile:
(i)
an méid is gá chun an difríocht a chumhdach idir luach na dtaiscí faoi chumhdach agus na ndliteanas ag a bhfuil an rangú céanna nó tosaíocht níos airde ná taiscí agus luach shócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach atá le haistriú chuig faighteoir; agus
(ii)
i gcás inarb ábhartha, méid is gá chun neodracht chaipitil an fhaighteora a áirithiú tar éis an aistrithe.
Sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i gcás ina n-áireofar san aistriú chuig an bhfaighteoir taiscí nach taiscí faoi chumhdach ná dliteanais eile iad ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu agus ina measfaidh an t-údarás réitigh go bhfuil feidhm ag na himthosca dá dtagraítear in Airteagal 44(3) maidir leis na taiscí nó na dliteanais sin, ranníocfaidh an scéim ráthaithe taiscí an méid a leanas:
(a)
an méid is gá chun an difríocht a chumhdach idir luach na dtaiscí, lena n-áirítear taiscí nach bhfuil cumhdaithe, agus luach na ndliteanas ag a bhfuil an rangú tosaíochta céanna nó rangú níos airde ná taiscí agus luach shócmhainní na hinstitiúide faoi réiteach atá le haistriú chuig faighteoir; agus
(b)
i gcás inarb ábhartha, méid is gá chun neodracht chaipitil an aistrithe a áirithiú don fhaighteoir.
Áiritheoidh na Ballstáit, a luaithe a bheidh ranníocaíocht déanta ag an scéim ráthaithe taiscí sna cásanna dá dtagraítear sa dara fomhír, go staonfaidh an institiúid faoi réiteach ó gheallta a fháil i ngnóthais eile chomh maith le dáileacháin maidir le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 nó íocaíochtaí ar ionstraimí Breise Leibhéal 1, nó ó ghníomhaíochtaí eile a bhféadfadh eis-sreabhadh cistí a bheith mar thoradh orthu.
I ngach cás, ní bheidh costas ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí níos mó ná an costas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc arna ríomh leis an scéim ráthaithe taiscí faoi Airteagal 11e de Threoir 2014/49/AE.
I gcás ina gcinntear le luacháil faoi Airteagal 74 gur mhó costas ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí leis an réiteach ná na caillteanais a thabhódh sí dá ndéanfaí an institiúid a fhoirceannadh faoi ghnáthimeachtaí dócmhainneachta, beidh an scéim ráthaithe taiscí i dteideal íocaíocht na difríochta ón socrú um maoiniú réitigh i gcomhréir le hAirteagal 75.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh an t-údarás réitigh méid ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí i gcomhréir le mír 1 tar éis dó dul i gcomhairle leis an scéim ráthaithe taiscí maidir leis an gcostas measta a bhaineann le taisceoirí a aisíoc de bhun Airteagal 11e de Threoir 2014/49/AE agus i gcomhréir leis na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo.
Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra faoina chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír don scéim ráthaithe taiscí lena bhfuil an institiúid cleamhnaithe. Cuirfidh an scéim ráthaithe taiscí an cinneadh sin chun feidhme gan mhoill.’;
"
(b) cuirtear na míreanna 2a agus 2b a leanas isteach:"
‘2a. I gcás ina n-úsáidfear cistí na scéime ráthaithe taiscí i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), chun rannchuidiú le hathchaipitliú na hinstitiúide faoi réiteach, áiritheoidh na Ballstáit go n-aistreoidh an scéim ráthaithe taiscí a sealúchais scaireanna nó ionstraimí caipitil eile san institiúid faoi réiteach chuig an earnáil phríobháideach a luaithe is féidir de réir na gcúinsí tráchtála agus airgeadais.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí na scaireanna agus na hionstraimí caipitil eile dá dtagraítear sa chéad fhomhír a mhargú go hoscailte agus go trédhearcach, agus nach dtugann an díol bréagléiriú orthu nó nach ndéanann sé idirdhealú idir ceannaitheoirí ionchasacha. Is ar théarmaí tráchtála a dhéanfar aon díol den sórt sin.
2b. Áireofar ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí de bhun mhír 1, an dara fomhír, faoi chomhair na dtairseach a leagtar síos in Airteagal 44(5), pointe (a), agus in Airteagal 44(8), pointe (a).
I gcás ina bhfágfaidh úsáid na scéime ráthaithe taiscí de bhun mhír 1, an dara fomhír, mar aon leis an rannchuidiú le hionsú caillteanais agus le hathchaipitliú a dhéanfaidh na scairshealbhóirí agus sealbhóirí ionstraimí úinéireachta eile, sealbhóirí ionstraimí caipitil ábhartha agus sealbhóirí dliteanas eile ar féidir tarrtháil inmheánach a thabhairt orthu, gur féidir an socrú um maoiniú réitigh a úsáid, beidh ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí teoranta don mhéid is gá chun na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 44(5), pointe (a) agus in Airteagal 44(8), pointe (a) a chomhlíonadh. Tar éis ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí, úsáidfear an socrú um maoiniú réitigh i gcomhréir leis na prionsabail lena rialaítear úsáid an tsocraithe um maoiniú réitigh a leagtar amach in Airteagail 44 agus 101.
De mhaolú ar an teorannú ar ranníocaíochtaí ón scéim ráthaithe taiscí faoin dara fomhír den mhír seo, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha faoi Airteagal 44(7), ceanglófar ranníocaíocht bhreise ón scéim ráthaithe taiscí. Beidh an ranníocaíocht sin cothrom leis an méid a ranníoc an socrú um maoiniú réitigh os cionn na teorann 5% a sonraíodh in Airteagal 44(5), pointe (b), arna iolrú faoi sciar na dtaiscí faoi chumhdach mar chuid de dhliteanais iomlána faoi raon feidhme an aistrithe.
Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an gcéad agus ag an dara fomhír maidir le hinstitiúidí a chomlíonann ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leanas:
(a)
sainaithníodh gur eintiteas leachtaithe an institiúid sa phlean réitigh grúpa nó sa phlean réitigh.’;
(b)
sháraigh an institiúid a sprioc ICDI idirmheánach nó dheiridh, de réir mar is iomchuí, i gceithre ráithe laistigh de cheithre bliana a chriochnaigh 6 mhí roimh an gcinneadh maidir le bheith i mbéal teipthe nó ar dóigh di teip de bhun Airteagal 32(1), pointe (a). Ní chuirtear san áireamh leis an tréimhse ceithre bliana an dá ráithe chomhleanúnacha díreach roimh an gcinneadh sin maidir le bheith i mbéal teipthe nó gur dóigh di teip.
"
(c) scriostar mír 3;
(d) i mír 5, scriostar an dara agus an tríú fomhír;
(57) in Airteagal 111(1), cuirtear an pointe (e) a leanas leis:"
‘(e) nach ndearnadh an t-íoscheanglas maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 45e nó 45f a chomhlíonadh.’;
"
(58) leasaítear Airteagal 128 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid a leanas in ionad an teidil:"
‘Comhar agus malartú faisnéise idir institiúidí agus údaráis’;
"
(b) cuirtear an mhír a leanas leis:"
‘Déanfaidh na húdaráis réitigh, na húdaráis inniúla, ÚBE, an Bord Réitigh Aonair, BCE agus comhaltaí eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais aon fhaisnéis is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh a bhaineann le forbairt beartais, lena n-áirítear measúnuithe tionchair a dhéanamh, tograí reachtacha a ullmhú agus a bheith rannpháirteach sa phróiseas reachtach, a sholáthar don Choimisiún, arna iarraidh sin dó agus laistigh den tréimhse shonraithe. Beidh an Coimisiún agus foireann an Choimisiúin faoi réir na gceanglas maidir le rúndacht ghairmiúil a leagtar síos in Airteagal 88 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* maidir leis an bhfaisnéis a fhaightear.’;
______________________________
* Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
"
(59) cuirtear an tAirteagal 128a a leanas isteach:"
‘Airteagal 128a
Ionsamhlúcháin bainistithe géarchéime
1. Comhordóidh ÚBE freachnaimh rialta ar fud an Aontais chun tástáil a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach seo, Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus Threoir 2014/49/AE i gcásanna trasteorann maidir le gach ceann de na gnéithe a leanas:
(a)
comhar na n-údarás inniúil le linn na pleanála téarnaimh;
(b)
comhar i measc na n-údarás réitigh agus na n-údarás inniúil roimh theip agus le linn réiteach na n-institiúidí airgeadais, lena n-áirítear maidir le cur chun feidhme scéimeanna réitigh arna nglacadh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014.
2. Cuirfidh ÚBE tuarascáil i dtoll a chéile ina leagfar amach príomhthorthaí agus príomhchonclúidí na bhfreachnamh. Cuirfear an tuarascáil ar fáil don phobal.’.
"
Airteagal 2
Trasuí
1. Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 1 lá tar éis dháta trasuite na Treorach leasaithí seo].
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach chun tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhoralacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh in …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
* Tá na hathruithe ar fud an téacs mar thoradh ar leasú 1 a ghlacadh. Tá téacs nua nó téacs atá curtha in ionad téacs eile aibhsithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.
Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lch. 190).
Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2014 lena mbunaítear rialacha aonfhoirmeacha agus nós imeachta aonfhoirmeach maidir le réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe faoi chuimsiú Sásra Réitigh Aonair agus Ciste Réitigh Aonair agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 225, 30.7.2014, lch. 1).
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1118 ón gCoimisiún an 26 Márta 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an mhodheolaíocht atá le húsáid ag údaráis réitigh chun an ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 104a de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus an ceanglas maoláin chomhcheangailte a mheas i dtaca le heintitis réitigh ar leibhéal comhdhlúite an ghrúpa réitigh i gcás nach mbíonn an grúpa réitigh faoi réir na gceanglas sin de bhun na Treorach réamhráite (IO L 241, 8.7.2021, lch. 1).
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2006/48/CE agus 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le maoirseacht stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoracha 2002/87/CE, 2009/65/CE, 2011/61/AE, 2013/36/AE, 2014/59/AE agus 2014/65/AE (IO L 314, 5.12.2019, lch. 64).
Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaíochta taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 575/2013, (AE) Uimh. 600/2014 agus (AE) Uimh. 806/2014 (IO L 314, 5.12.2019, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
Rialachán (CE) Uimh 1126/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena nglactar caighdeáin áirithe idirnáisiúnta chuntasaíochta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 320, 29.11.2008, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/876 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann leis an gcóimheas giarála, leis an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí, leis na ceanglais maidir le cistí dílse agus dliteanais incháilithe, leis an bpriacal creidmheasa contrapháirtí, leis an bpriacal margaidh, leis na risíochtaí ar chontrapháirtithe lárnacha, leis na risíochtaí ar ghnóthais chomhinfheistíochta, leis na risíochtaí móra, leis na ceanglais tuairiscithe agus nochta, agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (OJ L 150, 7.6.2019, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/877 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 a mhéid a bhaineann le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta (IO L 150, 7.6.2019, lch. 226).
Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296).
Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1).
Raon feidhme maidir le taiscí a chosaint, an úsáid a bhaintear as cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann, agus trédhearcacht (DGSD2)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme árachais taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann agus trédhearcacht (COM(2023)0228 – C9-0133/2023 – 2023/0115(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0228),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0133/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 5 Iúil 2023(1),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0154/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/49/AE a mhéid a bhaineann le raon feidhme árachais taiscí, úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí, comhar trasteorann agus trédhearcacht(2)
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(5),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) I gcomhréir le hAirteagal 19(5) agus (6) de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6), rinne an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm agus raon feidhme na Treorach sin agus tháinig ar an gconclúid gur comhlíonadh, den chuid is mó, an cuspóir atá aici maidir le taisceoirí san Aontas a chumhdach trí scéimeanna ráthaithe taiscí a bhunú. Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid freisin, áfach, gur gá aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá fágtha i gcumhdach taisceoirí agus feidhmiú scéimeanna ráthaithe taiscí a fheabhsú, agus na rialacha maidir le hidirghabhálacha ag scéimeanna ráthaithe taiscí seachas imeachtaí íocaíochta amach a chomhchuibhiú.
(1a) Faoi láthair, níl an t-aontas baincéireachta bunaithe ach ar dhá cholún dá chuid atá beartaithe, eadhon, an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) agus an Sásra Réitigh Aonair (SRA). Dá bhrí sin, tá sé neamhiomlán i gcónaí, toisc nach ann dá thríú colún, an Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT). Tá sé beartaithe leis an athbhreithniú leanúnach ar chreat bainistithe géarchéime agus árachais taiscí an Aontais an bealach a réiteach chun an t-aontas baincéireachta a thabhairt chun críche rud a rabhthas ag súil leis le tamall fada, lena n-áirítear SEÁT a bhunú. Is cuid dhílis den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus den chobhsaíocht airgeadais é comhlánú an aontais baincéireachta, go háirithe trí mhaolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le ‘fáinne fí’, mar a thugtar air, a thagann chun cinn mar thoradh ar an nasc idir na bainc agus fiachas ceannasach.
(1b) Chun aistriú rianúil chuig cur i gcrích an aontais baincéireachta a áirithiú, is gá na feidhmeanna is féidir le DGSanna a chomhlíonadh a chomhchuibhiú. Dá bhrí sin, ba cheart líon na lánrogha faoin dlí náisiúnta a áirítear i dTreoir 2014/49/AE a theorannú agus ba cheart do gach DGS a bheith in ann bearta réitigh, bearta coisctheacha agus bearta malartacha eile ar eisiocaíocht taisceoirí a mhaoiniú.
(1c) Ba cheart, le creat bainistithe géarchéime an Aontais, go n-áiritheofaí i gcónaí nach ndéantar caillteanais a shóisialú agus nach n-úsáidtear acmhainní cáiníocóirí chun cabhrú le hinstitiúidí creidmheasa atá i gcruachás nó chun iad a tharrtháil.
(2) Mura gcomhlíontar na hoibleagáidí chun ranníocaíochtaí a íoc le scéimeanna ráthaithe taiscí nó chun faisnéis a sholáthar do thaisceoirí agus scéimeanna ráthaithe taiscí, d’fhéadfadh sé dochar a dhéanamh don chuspóir go gcumhdófar taisceoirí. Is féidir le scéimeanna ráthaithe taiscí, nó údaráis ainmnithe i gcás inarb ábhartha, smachtbhannaí airgid a chur i bhfeidhm as ranníocaíochtaí a íoc go déanach. Tá sé tábhachtach feabhas a chur ar an gcomhordú idir scéimeanna ráthaithe taiscí, údaráis ainmnithe agus údaráis inniúla chun gníomhaíochtaí forfheidhmithe a dhéanamh in aghaidh institiúid creidmheasa nach gcomhlíonann a hoibleagáidí. Cé go ndéantar cur i bhfeidhm beart maoirseachta agus forfheidhmithe ag na húdaráis inniúla in aghaidh institiúidí creidmheasa a rialáil faoi dhlíthe náisiúnta agus faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7), is gá a áirithiú go gcuirfidh údaráis ainmnithe na húdaráis inniúla ar an eolas in am trátha maidir le haon sárú ar oibleagáidí institiúidí creidmheasa faoi rialacha árachais taiscí.
(3) Chun tacú le cleachtais DGSanna a chóineasú tuilleadh agus chun cúnamh a thabhairt do DGSanna a n-athléimneacht a thástáil, ba cheart don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) dréachtchaighdeáin rialála a fhorbairt maidir le tástálacha struis a dhéanamh ar chórais DGSanna.
(4) De bhun Airteagal 5(1), pointe (d), de Threoir 2014/49/AE, tá taiscí institiúidí airgeadais áirithe, lena n-áirítear gnólachtaí infheistíochta, eisiata ó chumhdach le scéim ráthaithe taiscí. Ba cheart, áfach, cosaint a thabhairt, faoi réir coinníollacha áirithe, do na cistí a fhaigheann na hinstitiúidí airgeadais sin óna gcliaint agus a thaisceann siad in institiúid creidmheasa thar ceann a gcliant, i bhfeidhmiú na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
(5) Is amhlaidh an raon taisceoirí atá cumhdaithe faoi láthair ag aisíocaíocht ó scéim ráthaithe taiscí toisc go bhfuiltear ag iarraidh infheisteoirí aonair a chumhdach, ach meastar nach bhfuil gá ag cliaint ghairmiúla le cumhdach den sórt sin. Ar an gcúis sin, eisiadh údaráis phoiblí ón gcumhdach. Ní féidir a mheas, áfach, gur cliaint ghairmiúla iad formhór na n-údarás poiblí (ar a n-áirítear scoileanna agus ospidéil i roinnt Ballstát). Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go bhféadfaidh taiscí na n-infheisteoirí aonair uile, lena n-áirítear údaráis phoiblí, tairbhiú den chumhdach a chuireann scéim ráthaithe taiscí ar fáil.
(6) D’fhéadfadh taiscí móra a bheith ann go sealadach de bharr taiscí a leanann as teagmhais áirithe, lena n-áirítear idirbhearta réadmhaoine a bhaineann le réadmhaoin chónaithe phríobháideach nó sochair árachais áirithe a bheith á n-íoc amach. Ar an gcúis sin, le hAirteagal 6(2) de Threoir 2014/49/AE cuirtear oibleagáid faoi láthair ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar taiscí os cionn EUR 100 000 a leanann as na teagmhais sin a chosaint ar feadh 3 mhí ar a laghad, ach tráth nach faide ná 12 mhí ón uair a chuirtear an méid chun sochair nó ón uair a thagann taiscí den sórt sin chun bheith inaistrithe de réir an dlí. Chun cumhdach taisceoirí san Aontas a chomhchuibhiú agus chun an chastacht riaracháin agus an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann le raon feidhme an árachais le haghaidh taiscí den sórt sin a laghdú, is gá a gcumhdach a ailíniú le híosmhéid EUR 500000 ar a laghad agus uasmhéid EUR 2500000 ar feadh tréimhse chomhchuibhithe 6 mhí, sa bhreis ar an leibhéal cumhdaigh EUR 100000. Tar éis do na Ballstáit iad a thrasuí, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na méideanna atá faoi chumhdach, d’fhonn a chinneadh ar cheart an t-uasmhéid a laghdú, ag cur san áireamh an bhfuil na méideanna a chumhdaítear comhréireach agus go n-áirithítear cothrom iomaíochta ar fud an Aontais.
(7) Le linn idirbheart réadmhaoine, is féidir na cistí a tharchur trí chuntais éagsúla sula ndéanfar an t-idirbheart iarbhír a shocrú. Dá bhrí sin, chun taisceoirí atá ag déanamh idirbhearta réadmhaoine a chumhdach ar bhealach aonchineálach, ba cheart cumhdach iarmhéideanna arda sealadacha a chur i bhfeidhm maidir leis an teacht isteach ó dhíolachán chomh maith leis na cistí arna dtaisceadh chun réadmhaoin chónaithe phríobháideach a cheannach laistigh de thréimhse ghearrthéarmach réamhshainithe.
(8) Chun eisíocaíocht thráthúil an mhéid atá le haisíoc ag scéim ráthaithe taiscí a áirithiú, agus chun na rialacha riaracháin agus ríomha a shimpliú, ba cheart an chumhacht lánroghnach chun dliteanais dhlite a chur san áireamh agus an méid in-aisíoctha á ríomh a bhaint.
(9) Is gá acmhainneachtaí oibríochtúla scéimeanna ráthaithe taiscí a bharrfheabhsú agus a n-ualach riaracháin a laghdú. Ar an gcúis sin, ba cheart a leagan síos, a mhéid a bhaineann le sainaithint taisceoirí atá i dteideal taiscí i gcuntais tairbhithe nó a mhéid a bhaineann le measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil taisceoirí incháilithe do choimircí iarmhéideanna arda sealadacha, go bhfuil an fhreagracht fós ar na taisceoirí agus na sealbhóirí cuntais a dteidlíocht a léiriú trína mbíthin féin.
(10) D’fhéadfadh taiscí áirithe a bheith faoi réir tréimhse aisíocaíochta níos faide toisc go gceanglaítear ar scéimeanna ráthaithe taiscí an t-éileamh ar aisíocaíocht a fhíorú lena n-aghaidh. Chun na rialacha a chomhchuibhiú ar fud an Aontais, ba cheart an tréimhse aisíocaíochta a theorannú do 20 lá oibre tar éis an doiciméadacht ábhartha a fháil.
(11) D’fhéadfadh sé gur mó an costas riaracháin ná na sochair don taisceoir a bhaineann le bheith ag aisíoc méideanna beaga i gcuntais dhíomhaoine. Is gá a shonrú, dá bhrí sin, nár cheart oibleagáid a bheith ar scéimeanna ráthaithe taiscí céimeanna gníomhacha a dhéanamh chun taiscí arna sealbhú i gcuntais den sórt sin a aisíoc, ar taiscí iad faoi bhun tairseacha áirithe ba cheart a shocrú ar an leibhéal náisiúnta. An ceart atá ag taisceoirí méid den sórt sin a éileamh, áfach, ba cheart é a chaomhnú. Ina theannta sin, i gcás ina mbeidh cuntais ghníomhacha eile ag an taisceoir céanna freisin, ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí an méid sin a áireamh agus an méid atá le haisíoc á ríomh.
(12) Tá modhanna éagsúla ag scéimeanna ráthaithe taiscí chun taisceoirí a aisíoc, idir íocaíochtaí amach agus aistrithe leictreonacha. Chun inrianaitheacht an phróisis aisíocaíochta ó scéimeanna ráthaithe taiscí a áirithiú, áfach, agus chun fanacht i gcomhréir le cuspóirí chreat an Aontais maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críoch sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, is é aisíocaíochtaí le taisceoirí trí bhíthin aistrithe creidmheasa an modh réamhshocraithe íocaíochta amach ba cheart a bheith ann i gcás inar mó an aisíocaíocht ná EUR 10 000.
(13) Tá institiúidí airgeadais eisiata ó árachas taiscí. Institiúidí airgeadais áirithe, áfach, lena n-áirítear institiúidí ríomh-airgid, institiúidí íocaíochta agus gnólachtaí infheistíochta, déanann siad na cistí a fhaightear óna gcliaint a thaisceadh freisin i gcuntais bhainc, ar bhonn sealadach go minic, chun oibleagáidí maidir le coimirciú a chomhlíonadh i gcomhréir leis an reachtaíocht earnála, lena n-áirítear Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(8), Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(9) agus Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(10). Ina fhianaise go bhfuil ról na n-institiúidí airgeadais sin ag dul i méid, ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí na taiscí sin a chumhdach ar choinníoll go mbeidh na cliaint sin sainaitheanta nó in-sainaitheanta.
(14) Ní heol i gcónaí do chliaint institiúidí airgeadais cén institiúid creidmheasa atá roghnaithe ag an institiúid airgeadais chun a gcistí a thaisceadh inti. Dá bhrí sin, níor cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí taiscí den sórt sin a chomhiomlánú le taisce a d’fhéadfadh a bheith ag na cliaint chéanna san institiúid creidmheasa chéanna ar chuir an institiúid airgeadais a dtaiscí faoina cúram. D’fhéadfadh sé nach eol d’institiúidí creidmheasa cé na cliaint atá i dteideal na suime arna sealbhú sna cuntais cliant, nó nach mbeidh siad in ann sonraí aonair maidir leis na cliaint sin a sheiceáil nó a thaifeadadh. ▌
(15) Agus taisceoirí á n-aisíoc, d’fhéadfadh scéimeanna ráthaithe taiscí teacht ar chásanna is cúis le hábhair imní maidir leis an sciúradh airgid. Ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí dá bhrí sin an íocaíocht amach le taisceoir a choinneáil siar i gcás ina dtabharfar fógra dóibh gur chuir aonad faisnéise airgeadais cuntas bainc nó cuntas íocaíochta ar fionraí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac.
(16) Foráiltear le hAirteagal 9 de Threoir 2014/49/AE, i gcás ina ndéanfaidh scéim ráthaithe taiscí íocaíochtaí i gcomhthéacs imeachtaí réitigh, gur cheart éileamh a bheith ag an scéim ráthaithe taiscí in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa lena mbaineann ar mhéid atá cothrom lena híocaíochtaí agus gur cheart an t-éileamh sin a rangú pari passu le taiscí faoi chumhdach. Ní dhéantar idirdhealú leis an bhforáil sin idir ranníocaíocht scéime ráthaithe taiscí i gcás ina n-úsáidfear uirlis tarrthála inmheánaí bhanc-oscailte, agus an ranníocaíocht a dhéanann scéim ráthaithe taiscí le maoiniú straitéise aistrithe (uirlis díolta gnó nó uirlis droichead-institiúide) agus leachtú an eintitis iarmharaigh dá éis. Chun soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le héileamh a bheith ag scéim ráthaithe taiscí agus maidir le méid an éilimh sin i gcásanna éagsúla, is gá a shonrú, i gcás ina ndéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí ranníocaíocht chun tacú le cur i bhfeidhm na huirlise díolta gnó nó na huirlise droichead-institiúide, nó bearta malartacha, lena ndéantar tacar sócmhainní, ceart agus dliteanas, lena n-áirítear taiscí, de chuid na hinstitiúide creidmheasa a aistriú chuig faighteoir, gur cheart éileamh a bheith ag an scéim ráthaithe taiscí sin in aghaidh an eintitis iarmharaigh ina imeachtaí foirceanta ina dhiaidh sin faoin dlí náisiúnta. Chun a áirithiú go ndéanfaidh páirtithe leasmhara agus creidiúnaithe na hinstitiúide creidmheasa a bheidh fágtha san eintiteas iarmharach caillteanais na hinstitiúide creidmheasa sin a ionsú go héifeachtach agus chun feabhas a chur ar an bhféidearthacht go ndéanfaí aisíocaíochtaí i gcás dócmhainneachta leis an scéim ráthaithe taiscí, ba cheart an rangú céanna a bheith ag éileamh na scéime ráthaithe taiscí agus atá ag taiscí faoi chumhdach. I gcás ina gcuirfear an uirlis tarrthála inmheánaí bhanc‑oscailte i bhfeidhm (i.e. leanann an institiúid creidmheasa dá hoibríochtaí), ranníocann an scéim ráthaithe taiscí an méid a ndéanfaí taiscí faoi chumhdach a dhíluacháil nó a chomhshó dá réir chun na caillteanais san institiúid creidmheasa sin a ionsú, dá mbeadh taiscí faoi chumhdach faoi raon feidhme na tarrthála inmheánaí. Dá bhrí sin, níor cheart éileamh in aghaidh na hinstitiúide faoi réiteach a ghiniúint de dheasca ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí, óir dhíothódh sé sin an chríoch ar chuici a rinne an scéim ráthaithe taiscí an ranníocaíocht.
(17) Chun a áirithiú go ndéanfar cleachtais scéimeanna ráthaithe taiscí agus deimhneacht dhlíthiúil a chóineasú ionas go n-éileoidh taisceoirí a dtaiscí, agus chun go seachnófar bacainní oibríochtúla roimh scéimeanna ráthaithe taiscí, tá sé tábhachtach tréimhse atá fada go leordhóthanach a leagan amach ina mbeidh taisceoirí in ann aisíocaíocht a dtaiscí a éileamh, sna cásanna sin nach mbeidh taisceoirí aisíoctha ag an scéim ráthaithe taiscí laistigh de na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagal 8 de Threoir 2014/49/AE i gcás íocaíochta amach.
(18) De bhun Airteagal 10(2) de Threoir 2014/49/AE, tá ar na Ballstáit a áirithiú go sroichfidh an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí, faoin 3 Iúil 2024, spriocleibhéal 0.8 % de mhéid thaiscí a comhaltaí, ar taiscí faoi chumhdach iad. Chun measúnú oibiachtúil a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann scéimeanna ráthaithe taiscí an ceanglas sin, ba cheart tréimhse thagartha shoiléir a shocrú chun an méid taiscí faoi chumhdach agus an acmhainn airgeadais atá ar fáil do na scéimeanna ráthaithe taiscí a chinneadh. I bhfianaise leathnú an raoin feidhme d’úsáid scéimeanna ráthaithe taiscí, ba cheart leordhóthanacht an spriocleibhéil 0.8 % a bheith faoi réir dlúthfhaireacháin agus dlúthmheasúnaithe.
(19) Chun athléimneacht scéimeanna ráthaithe taiscí a áirithiú, ba cheart a gcistí a bheith díorthaithe ó ranníocaíochtaí cobhsaí neamh-inchúlghairthe. Foinsí áirithe cistiúcháin do scéimeanna ráthaithe taiscí, lena n-áirítear iasachtaí agus aisghabhálacha a bhfuil coinne leo, bíonn siad ró-theagmhasach chun go gcuirfear san áireamh iad mar ranníocaíochtaí chun spriocleibhéal na scéime ráthaithe taiscí a bhaint amach. Chun coinníollacha scéimeanna ráthaithe taiscí maidir le comhlíonadh a spriocleibhéil a chomhchuibhiú agus chun a áirithiú go mbeidh an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí maoinithe ag ranníocaíochtaí ón tionscal, ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir cistí a cháilíonn chun an spriocleibhéal a bhaint amach agus cistí a mheastar a bheith ina bhfoinsí comhlántacha maoiniúcháin. Is féidir eis-sreafaí cistí scéime ráthaithe taiscí, lena n-áirítear aisíocaíochtaí iasachta intuartha, a phleanáil agus a chur san áireamh i ranníocaíochtaí tráthrialta ó chomhaltaí scéime ráthaithe taiscí, agus níor cheart an acmhainn airgeadais atá ar fáil a laghdú faoi bhun an spriocleibhéil dá ndeasca. Is gá a shonrú dá bhrí sin, tar éis an spriocleibhéal a bheith bainte amach den chéad uair, nár cheart tréimhse athshlánaithe 4 bliana a spreagadh ach amháin de dheasca easnamh acmhainne airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí de thoradh idirghabháil ag scéim ráthaithe taiscí (íocaíocht amach, nó bearta coisctheacha, réitigh nó malartacha). I gcás, tar éis idirghabháil DGS den sórt sin, inar laghdaíodh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi bhun aon trian, ba cheart tréimhse athshlánaithe a bheith cothrom le dhá bhliain. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach a áirithiú, ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar an mhodheolaíocht lena ríomhfaidh na scéimeanna ráthaithe taiscí an spriocleibhéal.
(20) Ba cheart an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a bheith inúsáidte láithreach chun dul i ngleic le teagmhais íocaíochta amach nó idirghabhálacha tobanna eile. I bhfianaise cleachtais éagsúla ar fud an Aontais, is iomchuí ceanglais a leagan síos maidir le straitéis infheistíochta cistí scéimeanna ráthaithe taiscí chun maolú a dhéanamh ar aon tionchar diúltach ar chumas scéime ráthaithe taiscí a shainordú a chomhlíonadh. I gcás nach mbeidh scéim ráthaithe taiscí inniúil chun an straitéis infheistíochta a shocrú, ba cheart don údarás nó don chomhlacht nó eintiteas sa Bhallstát atá freagrach as an straitéis infheistíochta a shocrú na prionsabail maidir le héagsúlú agus infheistíochtaí i sócmhainní ísealriosca agus leachtacha a urramú freisin nuair a bheidh an straitéis infheistíochta sin á socrú. Chun neamhspleáchas oibríochtúil iomlán agus solúbthacht na scéime ráthaithe taiscí a chaomhnú i dtéarmaí rochtana ar a cistí, i gcás ina ndéanfar cistí scéime ráthaithe taiscí a thaisceadh leis an státchiste, ba cheart na cistí sin a chur in áirithe agus a thaisceadh i gcuntas leithscartha.
(21) An rogha chun an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a mhéadú trí ranníocaíochtaí éigeantacha arna n-íoc ag ball-institiúidí le scéimeanna atá ann cheana, ar scéimeanna ranníocaíochtaí éigeantacha iad arna mbunú ag Ballstát chun na costais a bhaineann le riosca sistéamach a chumhdach, níor úsáideadh riamh í agus dá bhrí sin ba cheart í a bhaint.
(22) Is gá cumhdach taisceoirí a fheabhsú, agus an tráth céanna an gá atá le díolachán práinne sócmhainní scéime ráthaithe taiscí a sheachaint agus teorainn a chur leis na héifeachtaí comh-thimthriallacha diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ar an tionscal baincéireachta mar gheall ar bhailiú ranníocaíochtaí urghnácha. Ba cheart a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí, dá bhrí sin, socruithe cistiúcháin malartacha a úsáid a chuireann ar a gcumas dóibh cistiú gearrthéarmach a fháil tráth ar bith ó fhoinsí seachas ranníocaíochtaí, lena n-áirítear sula n-úsáidfidh siad an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh agus cistí arna mbailiú trí ranníocaíochtaí urghnácha. Ós rud é gur cheart d’institiúidí creidmheasa, go príomha, an costas a bhaineann le maoiniú scéimeanna ráthaithe taiscí a íoc agus gurb iadsan ba cheart a bheith freagrach as, níor cheart socruithe cistiúcháin malartacha ó chistí poiblí a cheadú.
(23) Chun éagsúlú leormhaith infheistíochta cistí scéimeanna ráthaithe taiscí agus cleachtais chóineasaithe a áirithiú, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun treoraíocht a sholáthar ina leith sin do scéimeanna ráthaithe taiscí.
(24) Cé gurb é an príomhról atá ag scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí faoi chumhdach a aisíoc, d’fhéadfadh idirghabhálacha lasmuigh de chásanna íocaíochta amach a bheith níos costéifeachtaí do scéimeanna ráthaithe taiscí agus rochtain gan bhriseadh ar thaiscí a áirithiú trí straitéisí aistrithe a éascú. D’fhéadfaí a cheangal ar scéimeanna ráthaithe taiscí rannchuidiú le réiteach institiúidí creidmheasa. Ina theannta sin, i roinnt Ballstát, féadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí bearta coisctheacha a mhaoiniú chun marthanacht fhadtéarmach institiúidí creidmheasa a athbhunú, nó bearta malartacha a mhaoiniú i gcás dócmhainneachta. Cé gur féidir le bearta coisctheacha agus malartacha den sórt sin feabhas suntasach a chur ar árachas taiscí, is gá na bearta sin a chur faoi réir coimircí leordhóthanacha, lena n-áirítear i bhfoirm tástála íoschostais comhchuibhithe, chun cothroime iomaíochta agus éifeachtacht agus costéifeachtúlacht na mbeart sin a áirithiú. Níor cheart coimircí den sórt sin a chur i bhfeidhm ach maidir le hidirghabhálacha arna maoiniú leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a rialáiltear faoin Treoir seo.
(24a) Tá sé ríthábhachtach go mbeadh aon rannpháirtíocht scéime ráthaithe taiscí in aon chás ag díriú ar éifeachtacht costais agus ar thrédhearcacht. Tá an cur chuige sin ríthábhachtach chun saobhadh ar an gcothrom iomaíochta a sheachaint agus chun a áirithiú nach dtabharfar aon bhuntáistí éagóracha do rannpháirtithe sonracha sa mhargadh. Is bunphrionsabail iad an trédhearcacht agus an chostéifeachtúlacht a thacaíonn le sláine agus feidhmiú cothrom scéim ráthaithe taiscí.
(25) Bearta chun teip institiúide creidmheasa a chosc trí idirghabhálacha atá luath go leordhóthanach, is féidir ról éifeachtach a bheith acu sin i measc raon na n-uirlisí bainistithe géarchéime chun muinín taisceoirí agus cobhsaíocht airgeadais a choinneáil ar bun. D’fhéadfadh na bearta sin a bheith de chineálacha éagsúla - bearta tacaíochta caipitil trí ionstraimí cistí dílse (lena n-áirítear ionstraimí Gnáthchothromais Leibhéal 1) nó ionstraimí caipitil eile, ráthaíochtaí nó iasachtaí. Bhain scéimeanna ráthaithe taiscí leas ilchineálach as na bearta sin. Chun a áirithiú go mbeidh an raon uirlisí bainistithe géarchéime ann agus go mbeifear in ann leas a bhaint as bearta coisctheacha ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gcreat réitigh agus leis na rialacha maidir le státchabhair, is gá an t-uainiú agus na coinníollacha maidir lena gcur i bhfeidhm a shonrú. Ní iomchuí bearta coisctheacha chun caillteanais arna dtabhú a ionsú i gcás ina mbeidh an institiúid creidmheasa i mbéal teipe cheana féin nó ar dóigh di teip agus ba cheart iad a úsáid go luath chun meathlú staid airgeadais an bhainc a sheachaint. Ba cheart d’údaráis ainmnithe a fhíorú dá bhrí sin cé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le hidirghabháil den sórt sin ag scéim ráthaithe taiscí. Ar deireadh, na coinníollacha sin maidir leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéim ráthaithe taiscí a úsáid, ba cheart iad a bheith gan dochar don mheasúnú a dhéanfaidh an t-údarás inniúil ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann SCI na critéir a leagtar síos in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11).
(26) Chun a áirithiú go mbainfidh bearta coisctheacha a gcuspóir amach, ba cheart a cheangal ar institiúidí creidmheasa nóta a thíolacadh don údarás inniúil ina leagfar amach na bearta a gheallann siad a dhéanamh. ▌Is éard ba cheart a bheith sa nóta na heilimintí uile lena bhféachtar le heis‑sreabhadh cistí a chosc agus staid chaipitil agus staid leachtachta na hinstitiúide creidmheasa a neartú, rud a chuirfidh ar a cumas don institiúid creidmheasa na ceanglais ábhartha stuamachta agus rialála eile a chomhlíonadh ar bhonn réamhbhreathnaitheach. Is éard ba cheart a bheith sa nóta sin, dá bhrí sin, bearta tiomsaithe caipitil, lena n-áirítear rialacha maidir le heisiúint ceart, comhshó deonach ar ionstraimí fofhiachais, cleachtaí bainistíochta dliteanais, díolacháin sócmhainní a ghineann caipiteal, urrúsúchán punann, agus coinneáil tuillimh, lena n-áirítear bannaí ar dhíbhinní agus bannaí ar leasanna a fháil i ngnóthais. Ina theannta sin, ba cheart go sonrófaí sa nóta easnamh caipitil tosaigh na hinstitiúide creidmheasa, na bearta tiomsaithe caipitil a cuireadh chun feidhme agus na coimircí a cuireadh i bhfeidhm chun eis-sreabhadh na gcistí a chosc. Ar an gcúis chéanna, le linn chur chun feidhme na mbeart atáthar ag brath a dhéanamh sa nóta, ba cheart d’institiúidí creidmheasa a staideanna leachtachta a neartú freisin agus staonadh ó chleachtais tráchtála ionsaitheacha, agus ó leithdháileadh dibhinní nó luach saothar athraitheach nó ó bheith ag athcheannach scaireanna dílse nó ag ceannach ionstraimí caipitil hibrideacha céadrogha. Ba cheart straitéis scoir a bheith sa nóta sin freisin i dtaca le haon bheart tacaíochta a fhaightear. Laistigh de thréimhse ama réasúnta, ba cheart don institiúid creidmheasa plean atheagrúcháin gnó a sholáthar don údarás inniúil chun inmharthanacht fhadtéarmach a áirithiú. Ba cheart bearta coisctheacha a dheonaítear d’institiúid chreidmheasa a chur ar fionraí i gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an plean atheagrúcháin gnó inchreidte agus indéanta chun inmharthanacht fhadtéarmach a áirithiú. I gcás inar comhalta de IPS dá dtagraítear in Airteagal 1(2) pointe (c) í an institiúid creidmheasa, ba cheart don IPS an plean atheagrúcháin gnó a fhormheas, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil. I gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta leis an bplean atheagrúcháin gnó, ba cheart dó bearta iomchuí a chur chun feidhme chun a áirithiú go ndéanfar inmharthanacht fhadtéarmach a áirithiú. Is iad na húdaráis inniúla agus na húdaráis réitigh is fearr atá in ann measúnú a dhéanamh ar ábharthacht agus inchreidteacht na mbeart atá beartaithe sa phlean atheagrúcháin gnó. Chun a áirithiú go mbeidh údaráis ainmnithe na scéime ráthaithe taiscí, a n-iarrann an institiúid creidmheasa uirthi beart coisctheach a mhaoiniú, in ann a mheasúnú go gcomhlíontar na coinníollacha uile maidir le bearta coisctheacha, ba cheart do na húdaráis inniúla dul i gcomhar leis na húdaráis ainmnithe. Chun cur chuige comhsheasmhach i leith chur i bhfeidhm beart coisctheach a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’institiúidí creidmheasa plean atheagrucháin gnó den sórt sin a dhréachtú.
(26a) Chun an baol morálta a mhaolú, i gcás inarb iomchuí, ba cheart don institiúid creidmheasa a fhaigheann tacaíocht ó scéimeanna ráthaithe taiscí i bhfoirm bearta coisctheacha, a scairshealbhóirí, a creidiúnaithe nó an grúpa gnó lena mbaineann sí rannchuidiú leis an athstruchtúrú óna n-acmhainní féin agus ba cheart dóibh luach saothair leordhóthanach a sholáthar don bheart coisctheach a dheonaíonn an scéim ráthaithe taiscí.
(27) Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa a fhaigheann tacaíocht ó scéimeanna ráthaithe taiscí i bhfoirm bearta coisctheacha a ngealltanais, ba cheart do na húdaráis inniúla plean feabhsúcháin a iarraidh ar institiúidí creidmheasa nár chomhlíon a ngealltanais, an méid a ranníocadh faoi na bearta coisctheacha a aisíoc nó an straitéis scoir a chomhlíonadh. I gcás ina bhfuil údarás inniúil den tuairim nach bhfuil na bearta sa phlean feabhsúcháin in ann inmharthanacht fhadtéarmach na hinstitiúide creidmheasa a bhaint amach, níor cheart don scéim ráthaithe taiscí aon tacaíocht choisctheach bhreise a thabhairt don institiúid chreidmheasa agus ba cheart do na húdaráis ábhartha measúnú a dhéanamh an bhfuil an institiúid ag cliseadh nó an dócha go gclisfidh uirthi, de bhun Airteagal 32 de Threoir 2014/59/AE. Ba cheart feidhm a bheith ag na hiarmhairtí céanna i gcásanna ina mainníonn an institiúid chreidmheasa an plean feabhsúcháin a chomhlíonadh. Chun cur chuige comhsheasmhach i leith chur i bhfeidhm beart coisctheach a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt d’institiúidí creidmheasa plean feabhsúcháin den sórt sin a dhréachtú.
(28) Chun éifeachtaí díobhálacha ar iomaíocht agus ar an margadh inmheánach a sheachaint, is gá a leagan síos, sa chás go ndéanfar bearta malartacha i gcás dócmhainneachta, gur cheart do chomhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht d’institiúid creidmheasa i gcomhthéacs imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta (leachtaitheoir, faighteoir, riarthóir nó eile) socruithe a dhéanamh chun gnó na hinstitiúide creidmheasa nó cuid de a mhargú i bpróiseas oscailte trédhearcach neamh-idirdhealaitheach, agus féachaint leis an bpraghas díola a uasmhéadú, a mhéid is féidir. An institiúid creidmheasa nó aon idirghabhálaí a ghníomhaíonn thar ceann na hinstitiúide creidmheasa, ba cheart dó rialacha a chur i bhfeidhm atá oiriúnach chun sócmhainní, cearta agus dliteanais atá le haistriú chuig ceannaitheoirí ionchasacha a mhargú. In aon chás, ba cheart úsáid acmhainní Stáit fanacht faoi réir na rialacha ábhartha maidir le Státchabhair faoin gConradh, i gcás inarb infheidhme.
(29) Ós rud é go bhfuil sé de phríomhaidhm ag scéimeanna ráthaithe taiscí taiscí faoi chumhdach a chosaint, níor cheart a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí ach idirghabhálacha seachas íocaíochtaí amach a mhaoiniú i gcás ina mbeidh na hidirghabhálacha sin níos saoire ná íocaíochtaí amach. De dhroim taithí le cur i bhfeidhm na rialacha sin (‘tástáil íoschostais’) is léir roinnt laigí a bheith ann, toisc nach mionsonraítear leis an gcreat atá i bhfeidhm faoi láthair conas costas na n-idirghabhálacha sin ná costas na híocaíochta amach a chinneadh. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na tástála íoschostais a áirithiú ar fud an Aontais, is gá ríomh na gcostas sin a shonrú. An tráth céanna, is gá coinníollacha ródhiana a sheachaint a d’fhágfadh go bunúsach nárbh fhéidir cistí scéimeanna ráthaithe taiscí a úsáid le haghaidh idirghabhálacha eile seachas íocaíocht amach. Nuair a bheidh an measúnú íoschostais á dhéanamh, ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí a fhíorú ar dtús gur lú an costas a bhaineann leis an mbeart roghnaithe a mhaoiniú ná an costas a bhaineann le taiscí faoi chumhdach a aisíoc. Ba cheart an t-amluach airgid a chur san áireamh sa mhodheolaíocht le haghaidh an mheasúnaithe íoschostais.
(30) D’fhéadfadh leachtú a bheith ina phróiseas fada a mbraitheann a éifeachtúlacht ar an éifeachtúlacht bhreithiúnach náisiúnta, córais dócmhainneachta, saintréithe bainc aonair agus imthosca na teipe. I gcás idirghabhálacha ag scéim ráthaithe taiscí mar chuid de bhearta malartacha, ba cheart an tástáil íoschostais a bheith ag brath ar luacháil shócmhainní agus dhliteanais na hinstitiúide creidmheasa, a leagtar síos in Airteagal 36(1) de Threoir 2014/59/AE, agus ar an meastachán a leagtar síos in Airteagal 36(8) den Treoir sin. D’fhéadfadh meastóireacht bheacht ar aisghabhálacha leachtaithe a bheith dúshlánach, áfach, i gcomhthéacs na tástála íoschostais le haghaidh bearta coisctheacha, a tharlaíonn i bhfad sula ndéantar aon leachtú intuartha, más fíor. Dá bhrí sin, ba cheart an cás frithfhíorasach i dtaca leis an tástáil íoschostais le haghaidh bearta coisctheacha a choigeartú dá réir, agus in aon chás, ba cheart na haisghabhálacha a bhfuil coinne leo a theorannú do mhéid réasúnta bunaithe ar aisghabhálacha i dteagmhais íocaíochta amach roimhe seo.
(31) Ba cheart do na húdaráis ainmnithe meastachán a dhéanamh ar chostas an bhirt don scéim ráthaithe taiscí, lena n-áirítear tar éis aisíocaíocht iasachta, instealladh caipitil nó úsáid ráthaíochta, glan ó thuilleamh, ó chostais oibriúcháin agus ó chaillteanais ionchasacha a bhfuil coinne leo, in aghaidh cás frithfhíorasach bunaithe ar chaillteanas deiridh hipitéiseach ag deireadh na n-imeachtaí dócmhainneachta, inar cheart aisghabhálacha ón scéim ráthaithe taiscí a chur san áireamh mar chuid d’imeachtaí leachtaithe bainc. Ina theannta sin, ba cheart a chur san áireamh sa tuarascáil fhrithfhíorasach an costas a d’fhéadfadh a bheith ar an scéim ráthaithe taiscí mar gheall ar éagobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais, lena n-áirítear an gá atá le cistí breise a úsáid, laistigh de shainordú an scéim ráthaithe taiscí, chun taisceoirí agus cobhsaíocht airgeadais a chosaint, agus chun tógálacht a chosc. Chun léargas cóir agus níos cuimsithí ar an gcostas iarbhír a bhaineann le haisíocaíocht taisceoirí a thabhairt, ba cheart costais a bhaineann go hindíreach le haisíocaíocht taisceoirí a chur san áireamh sa mheastachán ar an gcaillteanas a thabhaítear mar gheall ar thaiscí faoi chumhdach a aisíoc. Ba cheart a áireamh ar na costais sin ▌an costas a d’íocfadh an scéim ráthaithe taiscí, b’fhéidir, mar gheall ar leas a bhaint as maoiniú malartach. Chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach na tástála íoschostais a áirithiú, ba cheart do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt maidir leis an modheolaíocht chun costas idirghabhálacha éagsúla scéime ráthaithe taiscí a ríomh. Chun a áirithiú go mbeidh modheolaíocht an mheasúnaithe íoschostais comhsheasmhach le sainordú reachtúil nó conarthach na scéime ráthaithe taiscí▌, ba cheart do ÚBE ▌dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ▌.
(32) Chun cumhdach comhchuibhithe taisceoirí a fheabhsú agus freagrachtaí ar fud an Aontais faoi seach a shonrú, is í scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile ba cheart a áirithiú go ndéanfar íocaíochtaí amach le taisceoirí atá lonnaithe i mBallstáit ina nglacann na hinstitiúidí creidmheasa, ar comhaltaí den scéim ráthaithe taiscí iad, le taiscí agus cistí in-aisíoctha eile trí sheirbhísí taiscí a chur ar fáil ar bhonn trasteorann gan bheith bunaithe sa Bhallstát óstach. Chun oibríochtaí íocaíochta amach agus soláthar faisnéise do thaisceoirí a éascú, ba cheart a cheadú do scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile oibriú mar phointe teagmhála do thaisceoirí ag institiúidí creidmheasa a fheidhmíonn an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar.
(33) Tá an comhar idir scéimeanna ráthaithe taiscí ar fud an Aontais ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar taisceoirí a aisíoc ar bhealach gasta costéifeachtúil i gcás ina ndéanfaidh institiúidí creidmheasa seirbhísí baincéireachta trí bhrainsí i mBallstáit eile. I bhfianaise dul chun cinn teicneolaíochta a chuireann úsáid aistrithe trasteorann agus sainaitheanta cianda chun cinn, ba cheart a cheadú do scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile aisíocaíochtaí a dhéanamh go díreach le taisceoirí ag brainsí atá lonnaithe i mBallstát eile, ar choinníoll go mbeidh an t-ualach riaracháin agus na costais níos lú ná a bheidís dá ndéanfadh scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit óstaigh an aisíocaíocht. Ba cheart an tsolúbthacht sin a bheith ina comhlánú ar an sásra comhair atá ann faoi láthair, lena gceanglaítear ar scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit óstaigh taisceoirí i mbrainsí a aisíoc thar ceann scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile. Chun muinín taisceoirí a chaomhnú sa Bhallstát baile agus sa Bhallstát óstach araon, ba cheart do ÚBE treoirlínte a eisiúint chun cúnamh a thabhairt do scéimeanna ráthaithe taiscí an comhar sin a dhéanamh, inter alia trí liosta coinníollacha a mholadh faoina bhféadfadh scéim ráthaithe taiscí de chuid an Bhallstáit baile cinneadh a dhéanamh maidir le taisceoirí ag brainsí atá lonnaithe sa Bhallstát óstach a aisíoc.
(34) Féadfaidh institiúidí creidmheasa a gcleamhnacht le scéim ráthaithe taiscí a athrú toisc go n-aistríonn siad a gceanncheathrú chuig Ballstát eile nó toisc go dtiontaíonn siad a bhfochuideachta ina brainse nó vice versa. Le hAirteagal 14(3) de Threoir 2014/49/AE, ceanglaítear go ndéanfar na ranníocaíochtaí a d’íoc an institiúid creidmheasa sin le linn an 12 mhí roimh an t-aistriú a aistriú chuig an scéim ráthaithe taiscí eile go comhréireach leis an méid taiscí faoi chumhdach a aistrítear. Chun a áirithiú nach mbeidh an t-aistriú ranníocaíochtaí chuig an scéim ráthaithe taiscí fála ag brath ar rialacha náisiúnta éagsúla maidir le sonrascadh nó dáta íocaíochta iarbhír na ranníocaíochtaí, ba cheart don scéim ráthaithe taiscí tionscnaimh an méid atá le haistriú a ríomh ar bhonn na ndliteanas a d’fhéadfadh a bheith ar an scéim ráthaithe taiscí is faighteoir mar thoradh ar an aistriú. Ba cheart don ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun sonrú a dhéanamh ar an modheolaíocht chun an méid atá le haistriú a ríomh chun tionchar neodrach an aistrithe ar staid airgeadais an scéim ráthaithe taiscí is faighteoir agus an scéim ráthaithe taiscí tionscnaimh araon a áirithiú i gcoibhneas leis na rioscaí a chumhdaíonn siad.
(35) Is gá a áirithiú go gcumhdófar taisceoirí go comhionann ar fud an Aontais, rud nach féidir a ráthú go hiomlán le córas measúnaithe coibhéise um chumhdach taisceoirí i dtríú tíortha. Ar an gcúis sin, ba cheart do bhrainsí an Aontais d’institiúid creidmheasa a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír dul isteach i scéim ráthaithe taiscí sa Bhallstát ina nglacann siad le taiscí. D’áiritheofaí leis an gceanglas sin freisin comhsheasmhacht le Treoracha 2013/36/AE agus 2014/59/AE a fhéachann le creataí stuamachta agus réitigh níos láidir a thabhairt isteach maidir le grúpaí tríú tíortha a sholáthraíonn seirbhísí baincéireachta san Aontas. Os a choinne sin, ba cheart gan scéimeanna ráthaithe taiscí a bheith neamhchosanta ar rioscaí eacnamaíocha agus airgeadais tríú tíortha. Dá bhrí sin, níor cheart taiscí a chumhdach i mbrainsí arna mbunú i dtríú tíortha ag institiúidí creidmheasa an Aontais.
(36) Nochtadh caighdeánaithe tráthrialta faisnéise, is rud é a fheabhsaíonn feasacht taisceoirí maidir le hárachas taiscí. Chun ceanglais maidir le nochtadh a ailíniú le forbairtí teicneolaíochta, ba cheart na bealaí nua cumarsáide digití lena n-idirghníomhaíonn institiúidí creidmheasa le taisceoirí a chur san áireamh sna ceanglais sin. Ba cheart faisnéis aonchineálach shoiléir a bheith á fáil ag taisceoirí lena mínítear a n-árachas taiscí, agus teorainn a chur leis an ualach riaracháin gaolmhar ar institiúidí creidmheasa nó scéimeanna ráthaithe taiscí. Ba cheart a shainordú do ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt lena sonrófar, ar thaobh amháin, inneachar agus formáid na bileoige faisnéise do thaisceoirí chun taisceoirí a chur ar an eolas ar bhonn bliantúil agus, ar an taobh eile, an fhaisnéis teimpléid a cheanglaítear ar scéimeanna ráthaithe taiscí nó ar institiúidí creidmheasa a chur in iúl do thaisceoirí i gcásanna sonracha, lena n-áirítear cumaisc institiúidí creidmheasa, an cinneadh nach bhfuil taiscí le fáil, nó aisíocaíocht taiscí cistí cliant.
(37) D’fhéadfadh cumasc institiúide creidmheasa nó tiontú fochuideachta ina brainse nó vice versa difear a dhéanamh do phríomhghnéithe an chumhdaigh taisceoirí. Ionas nach mbeidh drochthionchair ar thaisceoirí a mbeadh taiscí acu sa dá bhanc cumaisc agus a mbeadh a n-éileamh ar árachas taiscí laghdaithe mar gheall ar athruithe cleamhnachta le scéim ráthaithe taiscí, ba cheart na taisceoirí uile a chur ar an eolas maidir leis na hathruithe sin agus ba cheart an ceart a bheith acu a gcistí a tharraingt siar gan phionós suas le méid atá cothrom leis an méid árachais taiscí a cailleadh.
(38) Chun cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú, tógálacht a sheachaint agus é a chur ar a gcumas do thaisceoirí a gcearta chun taiscí a éileamh a fheidhmiú i gcás inarb infheidhme, ba cheart d’údaráis ainmnithe, scéimeanna ráthaithe taiscí agus institiúidí creidmheasa lena mbaineann taisceoirí a chur ar an eolas maidir le taiscí gan bheith ar fáil.
(39) Chun trédhearcacht a mhéadú do thaisceoirí agus láidreacht airgeadais agus iontaoibh a chur chun cinn i measc scéimeanna ráthaithe taiscí nuair a bheidh a sainordú á chomhlíonadh acu, ba cheart feabhas a chur ar na ceanglais tuairiscithe atá i bhfeidhm faoi láthair. Agus forbairt á déanamh ar na ceanglais atá i bhfeidhm faoi láthair lena gcuirtear ar a gcumas do scéimeanna ráthaithe taiscí an fhaisnéis uile is gá chun íocaíocht amach a ullmhú a iarraidh ar a mball-institiúidí, ba cheart scéimeanna ráthaithe taiscí a bheith in ann an fhaisnéis is gá chun íocaíocht amach a ullmhú i gcomhthéacs comhair trasteorann a iarraidh freisin. Arna iarraidh sin ag scéim ráthaithe taiscí, ba cheart a cheangal ar bhall-institiúidí faisnéis ghinearálta a sholáthar maidir le haon ghnó trasteorann ábhartha i mBallstáit eile. Ar an gcaoi chéanna, chun raon oiriúnach faisnéise a sholáthar do ÚBE maidir leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do na scéimeanna ráthaithe taiscí agus maidir le húsáid na hacmhainne sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh scéimeanna ráthaithe taiscí ÚBE ar an eolas ar bhonn bliantúil maidir leis an méid taiscí faoi chumhdach agus an acmhainn airgeadais atá ar fáil, agus fógra a thabhairt do ÚBE faoi na himthosca ba chúis le cistí scéime ráthaithe taiscí a úsáid le haghaidh íocaíochtaí amach nó bearta eile. Ar deireadh, chun léiriú a dhéanamh ar an ról neartaithe atá ag scéimeanna ráthaithe taiscí i mbainistíocht géarchéime banc lena bhféachtar le húsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí i gcás réitigh a éascú, ba cheart an ceart a bheith ag scéimeanna ráthaithe taiscí an achoimre a fháil ar phleananna réitigh institiúidí creidmheasa ar bhonn bliantúil maidir lena n-ullmhacht ghinearálta a mhéadú chun na cistí a chur ar fáil.
(40) Leis na caighdeáin theicniúla i seirbhísí airgeadais ba cheart comhchuibhiú comhsheasmhach agus cumhdach leordhóthanach taisceoirí a éascú ar fud an Aontais. Mar chomhlacht a bhfuil saineolas thar a bheith speisialaithe aige, bheadh sé éifeachtúil agus iomchuí forbairt dréachtchaighdeán teicniúil rialála agus cur chun feidhme nach bhfuil baint ag roghanna beartais leo a chur ar iontaoibh ÚBE, lena nglacadh ag an gCoimisiún.
(41) Ba cheart don Choimisiún, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis sa Treoir seo, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 290 CFAE, i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) chun na nithe seo a leanas a shonrú: (a) na mionsonraí teicniúla a bhaineann le cliaint de chuid institiúidí airgeadais a shainaithint chun taiscí cistí cliant a íoc amach, na critéir maidir le haisíocaíocht leis an sealbhóir cuntais chun sochair gach cliaint nó leis an gcliant go díreach, agus na rialacha chun éilimh iomadúla ar íocaíochtaí amach leis an tairbhí céanna a sheachaint; (b) an mhodheolaíocht le haghaidh na tástála íoschostais, agus (c) an mhodheolaíocht le haghaidh ríomh na hacmhainne airgeadais atá ar fáil a cháilíonn don spriocleibhéal.
(42) Ba cheart don Choimisiún, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis sa Treoir seo, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag ÚBE a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe de bhun Airteagal 291 CFAE, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 chun na nithe seo a leanas a shonrú: (a) inneachar agus formáid na bileoige faisnéise do thaisceoirí, an teimpléad le haghaidh faisnéis ba cheart do scéimeanna ráthaithe taiscí nó institiúidí creidmheasa a chur in iúl do thaisceoirí; (b) na nósanna imeachta atá le leanúint ag institiúidí creidmheasa i gcás ina soláthróidh siad faisnéis dá scéim ráthaithe taiscí, agus ag scéimeanna ráthaithe taiscí agus údaráis ainmnithe i gcás ina soláthróidh siad faisnéis do ÚBE, agus na teimpléid chun an fhaisnéis sin a sholáthar.
(43) Dá bhrí sin, ba cheart Treoir 2014/49/AE a leasú dá réir.
(44) Brainsí d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach agus nach comhaltaí de scéim ráthaithe taiscí arna bhunú san Aontas iad, chun a cheadú dóibh dul isteach i scéim ráthaithe taiscí de chuid an Aontais, ba cheart tréimhse leordhóthanach ama a thabhairt do na brainsí sin chun na céimeanna is gá a dhéanamh chun an ceanglas sin a chomhlíonadh.
(45) Le Treoir 2014/49/AE, ceadaítear do na Ballstáit SCI a aithint mar scéim ráthaithe taiscí má chomhlíonann sé na critéir a leagtar síos in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus má chomhlíonann sé Treoir 2014/49/AE. Chun samhail shonrach ghnó na IPSanna sin a chur san áireamh, go háirithe ábharthacht na bhfeidhmeanna atá i gcroílár a sainordaithe, a fheidhmíonn siad sa bhreis ar na cinn a chumhdaítear leis an Treoir seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir leis an deis a bheith ag na Ballstáit cead a thabhairt do SCIanna leanúint de na feidhmeanna sin a dhéanamh. Ina theannta sin, chun a ndóthain ama a thabhairt dóibh oiriúnú do na forálacha nua, go háirithe na coimircí chun bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm, ba cheart idirthréimhse trí bliana a dheonú do SCIanna. ▌ Chun cothrom iomaíochta a áirithiú agus ardleibhéal cosanta a chaomhnú do thaisceoirí, ba cheart na feidhmeanna agus na cúraimí a dhéantar sa bhreis ar na cinn a chumhdaítear leis an Treoir seo a mhaoiniú trí mhodhanna airgeadais breise, anuas ar an spriocleibhéal. Ba cheart do SCInna ciste leithscartha a fhorbairt ar mhaithe le feidhmeanna eile SCI seachas na feidhmeanna a chumhdaítear leis an Treoir seo mar a comhaontaíodh idir an Banc Ceannais Eorpach, an t-údarás inniúil náisiúnta agus na SCInna ábhartha.
(46) Chun a cheadú do scéimeanna ráthaithe taiscí agus údaráis ainmnithe an acmhainn oibríochtúil is gá a chur i dtoll a chéile chun na rialacha nua maidir le húsáid beart coisctheach a chur i bhfeidhm, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm iarchurtha na rialacha nua sin.
(47) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach go leormhaith, is iad sin cumhdach aonfhoirmeach taisceoirí san Aontas a áirithiú, mar gheall ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le cineálacha éagsúla cur chuige náisiúnta do shláine an mhargaidh aonair ach gur féidir iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, trí na rialacha a leagtar síos cheana a leasú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2014/49/AE
Leasaítear Treoir 2014/49/AE mar seo a leanas:
(1) Leasaítear Airteagal 1 mar seo a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:"
‘1. Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha agus nósanna imeachta a bhaineann le bunú agus feidhmiú scéimeanna ráthaithe taiscí, cumhdach agus aisíoc taiscí, agus úsáid cistí scéimeanna ráthaithe taiscí le haghaidh bearta lena bhféachtar lena áirithiú go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar a dtaiscí.’;
"
(b) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):"
‘(d) institiúidí creidmheasa, agus brainsí d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach, atá cleamhnaithe leis na scéimeanna dá dtagraítear i bpointí (a), (b) nó (c) den mhír seo.’;
"
(2) in Airteagal 2, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(a) i bpointe (3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:"
‘(3) ciallaíonn ‘taisce’ iarmhéid creidmheasa a leanann as cistí arna bhfágáil i gcuntas nó as staideanna sealadacha atá mar thoradh ar ghnáth-idirbhearta baincéireachta a dhéanann institiúidí creidmheasa i ngnáthchúrsa a ngnó, agus a cheanglaítear ar institiúid creidmheasa a aisíoc faoi na coinníollacha dlíthiúla agus conarthacha is infheidhme, lena n-áirítear taisce téarma shocraithe agus taisce choigiltis, ach gan iarmhéid creidmheasa a áireamh inarb amhlaidh an méid seo a leanas:’;
"
(b) i bpointe (13), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:"
‘(13) ciallaíonn ‘ceangaltas íocaíochta’ oibleagáid chomhthaobhaithe go hiomlán agus neamh-inchúlghairthe ar institiúid creidmheasa méid airgeadaíochta a íoc le scéim ráthaithe taiscí nuair a iarrann an scéim ráthaithe taiscí sin é, agus i gcás inarb amhlaidh an méid seo a leanas maidir leis an gcomhthaobhacht:
"
(c) cuirtear pointí (19) go (23) seo a leanas leis:"
(19) ciallaíonn ‘údarás réitithe’ údarás réitithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (18) de Threoir 2014/59/AE;
(20)
ciallaíonn ‘taiscí cistí cliant’ cistí a dhéanann sealbhóirí cuntais, ar institiúidí airgeadais iad mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (26), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a thaisceadh i gcúrsa a ngnó in institiúid creidmheasa do chuntas a gcliant;
(21)
ciallaíonn ‘creat Státchabhair an Aontais’ an creat a bhunaítear le hAirteagail 107, 108 agus 109 CFAE agus rialacháin agus gach gníomh de chuid an Aontais, lena n-áirítear treoirlínte, teachtaireachtaí agus fógraí, a dhéantar nó a ghlactar de bhun Airteagal 108(4) nó Airteagal 109 CFAE;
(22)
ciallaíonn ‘sciúradh airgid’ sciúradh airgid mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1) de [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final] *’;
(23)
ciallaíonn ‘maoiniú na sceimhlitheoireachta’ maoiniú na sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final]. **’;
"
(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mír 3:"
‘3. Scaireanna i gcumainn foirgníochta na hÉireann, cé is moite díobh sin ar de chineál caipitil iad a chumhdaítear le hAirteagal 5(1), pointe (b), láimhseálfar leo mar thaiscí.’;
____________________________________________
* [Cuir isteach tagairt iomlán – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final].
** [Cuir isteach tagairt iomlán – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final].
"
(3) Leasaítear Airteagal 4 mar seo a leanas:
(-a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:"
‘2. Féadfar scéim chonarthach dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 1(2) den Treoir seo a aithint go hoifigiúil mar scéim ráthaithe taiscí má chomhlíonann sí an Treoir seo.
Féadfar SCI a aithint go hoifigiúil mar scéim ráthaithe taiscí má chomhlíonann sí na critéir a leagtar síos in Airteagal 113(7) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus má chomhlíonann sí an Treoir seo.
Áiritheoidh na Ballstáit, faoin... [36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh SCI a aithnítear mar scéim ráthaithe taiscí de bhun na míre seo na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus atá faoi réir spriocleibhéil i gcomhréir le hAirteagal 10(2) den Treoir seo a leithscaradh ó na modhanna airgeadais breise chun sainorduithe a chomhlíonadh seachas na cinn sin a rialaítear faoin Treoir seo.”;
"
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:"
‘4. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach gcomhlíonfaidh institiúid creidmheasa a hoibleagáidí mar chomhalta de scéim ráthaithe taiscí, go dtabharfaidh an scéim ráthaithe taiscí sin fógra ina thaobh don údarás ainmnithe agus d’údarás inniúil na hinstitiúide creidmheasa sin.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás inniúil, i gcomhar leis an údarás ainmnithe, gach beart iomchuí go pras, lena n-áirítear, i gcás inar gá, pionóis a fhorchur, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an institiúid creidmheasa lena mbaineann a hoibleagáidí mar chomhalta de scéim ráthaithe taiscí. ▌
Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ag institiúidí creidmheasa ar na hoibleagáidí atá orthu mar chomhalta de scéim ráthaithe taiscí. Beidh na pionóis éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.’;
"
(b) cuirtear mír 4a seo a leanas isteach:"
‘4a. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach n-íocfaidh institiúid creidmheasa na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11(4) laistigh den tráthchlár a shonraíonn an scéim ráthaithe taiscí, go ndéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí sin ráta úis reachtúil a ghearradh, ar feadh thréimhse na moille, ar an méid atá dlite.’;
"
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 5 agus 6:"
‘5. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an scéim ráthaithe taiscí an t-údarás ainmnithe ar an eolas i gcás nach n-éireoidh leis na bearta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 4a comhlíontacht na hinstitiúide creidmheasa a athbhunú. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás ainmnithe measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an institiúid na coinníollacha maidir lena leanúint de bheith ina comhalta den scéim ráthaithe taiscí go fóill agus cuirfidh siad an t-údarás inniúil ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe sin.
6. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh an t-údarú a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 18 de Threoir 2013/36/AE, go scoirfidh an institiúid creidmheasa de bheith ina comhalta den scéim ráthaithe taiscí. Áiritheoidh na Ballstáit go leanfaidh taiscí a shealbhaítear ar an dáta a scoir institiúid creidmheasa de bheith ina comhalta den scéim ráthaithe taiscí sin de bheith cumhdaithe ag an scéim ráthaithe taiscí sin ar feadh sé mhí ar a mhéad.”;
"
(ca) I mír 7, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:"
‘Beidh na cumhachtaí forfheidhmiúcháin is gá ag na húdaráis ainmnithe, lena n-áirítear cumhachtaí chun pionóis nó bearta riaracháin eile a fhorchur, chun sáruithe ar an Treoir seo ag scéim ráthaithe taiscí a leigheas.’;
"
(d) scriostar mír 8;
(e) cuirtear mír 13 seo a leanas leis:"
‘13. ▌ Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála maidir le raon feidhme, inneachar agus nósanna imeachta na dtástála struis dá dtagraítear i mír 10.
Cuirfidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [24 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(4) Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:
(a) leasaítear mír 1 mar a leanas:
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:"
‘1. Beidh an méid seo a leanas eisiata ó aon aisíocaíocht ag scéim ráthaithe taiscí:’
"
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"
‘(c) taiscí a eascraíonn as idirbhearta a ndearnadh ciontú coiriúil i sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta i gceangal leo;’;
"
▌
(iv) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):"
‘(f) taiscí nár sainaithníodh riamh a sealbhóir de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) … [cuir isteach tagairt ghearr – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final], i gcás nach bhfuil na taiscí sin le fáil, seachas i gcás ina n-iarrfaidh sealbhóir íocaíocht amach agus ina gcruthóidh sé nó sí nárbh é a ghníomhaíocht/a gníomhaíocht féin ba chúis leis an easpa sainaitheanta;’;
"
(v) scriostar pointe (j);
(va) cuirtear an pointe seo a leanas leis:"
‘(ka) taiscí ó dhaoine nó ó eintitis dhlíthiúla atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe arna nglacadh ag an Aontas.’;
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:"
‘2. De mhaolú ar mhír 1, pointe (i), féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh go mbeidh taiscí arna sealbhú ag pleananna pinsin phearsanta agus pleananna pinsin ceirde de chuid fiontair bheaga agus mheánmhéide san áireamh suas leis an leibhéal cumhdaigh a leagtar síos in Airteagal 6(1).’;
"
(5) Leasaítear Airteagal 6 mar seo a leanas:
(a) leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:"
‘De bhreis ar mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar na taiscí seo a leanas ar a laghad go dtí suim EUR 500000 agus uasmhéid de EUR 2500000 ar feadh 6 mhí tar éis an méid sin a chreidiúnú nó ón tráth a mbeidh na taiscí sin inaistrithe go dleathach:’;
"
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"
‘(a) taiscí a eascraíonn as idirbhearta eastáit réadaigh a bhaineann le maoin chónaithe phríobháideacha agus taiscí atá beartaithe le haghaidh na n-idirbheart sin, ar choinníoll go dtabharfaidh duine nádúrtha na hidirbhearta sin i gcrích laistigh de thréimhse ceithre mhí, agus ar choinníoll gur féidir leis an duine nádúrtha sin doiciméid a sholáthar lena gcruthaítear an t-idirbheart sin;’;
"
(iia) cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:"
‘Faoin ... [36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na méideanna atá faoi chumhdach dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus arna dtrasuí ag na Ballstáit, d’fhonn a chinneadh ar cheart an t-uasmhéid dá dtagraítear san fhomhír sin a laghdú, ag cur san áireamh an bhfuil na méideanna atá faoi chumhdach comhréireach agus go n-áirithítear cothrom iomaíochta ar fud an Aontais. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach.’;
"
(b) cuirtear mír 2a seo a leanas isteach:"
‘2a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhforlíonfar an leibhéal cumhdaigh a leagtar síos i mír 1 leis an leibhéal cumhdaigh a leagtar síos i mír 2.’
"
(6) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:
(a) scriostar mír 5;
(aa) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:"
‘6. Áiritheoidh na Ballstáit go dtuairisceoidh institiúidí creidmheasa dá scéimeanna ráthaithe taiscí, uair sa bhliain ar a laghad, méid comhiomlánaithe na dtaiscí incháilithe. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí a iarraidh ar institiúidí creidmheasa tráth ar bith iad a chur ar an eolas faoi mhéid comhiomlánaithe taiscí incháilithe gach taisceora.’;
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:"
‘7. Áiritheoidh na Ballstáit go n-aisíocfaidh na scéimeanna ráthaithe taiscí ús ar thaiscí arna fhabhrú go dtí an dáta a dhéanfaidh údarás riaracháin ábhartha cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(a), nó a thabharfaidh údarás breithiúnach rialú dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(b), ach nár cuireadh chun sochair nó chun dochair ar an dáta sin. Ní shárófar an leibhéal cumhdaigh a leagtar síos in Airteagal 6(1) nó, sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2), an leibhéal cumhdaigh a leagtar síos sa mhír sin.
I gcás ina sáraíonn rátaí úis ar thaiscí áirithe go suntasach ráta úis an mhargaidh atá i réim, de réir mar a chinntear é agus bunaithe ar shonraí trédhearcacha atá ar fáil go poiblí, beidh sé de chumhacht ag an scéim ráthaithe taiscí an t-ús aisíoctha a choigeartú chun ráta úis an mhargaidh atá i réim a léiriú tráth an chinnidh arna dhéanamh ag an údarás riaracháin ábhartha nó tráth rialú an údaráis bhreithiúnaigh. Déanfar an coigeartú sin chun baol morálta a chosc. Bunófar ar bhealach trédhearcach na critéir agus an mhodheolaíocht chun ‘sárú suntasach’ a shainiú agus don choigeartú, i gcomhréir leis na treoirlínte arna bhforbairt ag ÚBE agus faoi réir fhormheas an údaráis inniúil.’;
"
(7) cuirtear Airteagal 7a seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 7a.
An dualgas cruthúnais maidir le hincháilitheacht taiscí agus teidlíocht ina leith
Áiritheoidh na Ballstáit, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus Airteagal 7(3), go gcruthóidh taisceoir nó, i gcás inarb iomchuí, sealbhóir cuntais go gcomhlíonann na taiscí lena mbaineann coinníollacha Airteagal 6(2), nó an teidlíocht i leith na dtaiscí sna himthosca dá dtagraítear in Airteagal 7(3).’;
"
(8) Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:
(-a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:"
‘1. Áiritheoidh scéimeanna ráthaithe taiscí go mbeidh an méid inaisíoctha ar fáil a luaithe is féidir agus ar aon chuma laistigh de sheacht lá oibre ón dáta a ndéanfaidh údarás riaracháin ábhartha cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(a), nó déanfaidh údarás breithiúnach rialú dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(b).’;
"
(-aa) scriostar mír 2;
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:"
‘3. De mhaolú ar mhír 1, ceadóidh na Ballstáit do scéimeanna ráthaithe taiscí tréimhse níos faide a chur i bhfeidhm chun na taiscí dá dtagraítear in Airteagal 6(2), Airteagal 7(3) agus Airteagal 8b a aisíoc, ar tréimhse í nach rachaidh thar 20 lá oibre ón dáta a fuair na scéimeanna ráthaithe taiscí sin an doiciméadacht iomlán a d’iarr siad ó thaisceoir nó, i gcás inarb iomchuí, ó shealbhóir cuntais, chun na héilimh a scrúdú agus chun a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha aisíocaíochta. Maidir leis na taiscí dá dtagraítear in Airteagal 6(2) agus Airteagal 7(3), i gcás nach bhfuil scéimeanna ráthaithe taiscí in ann an méid inaisíoctha a chur ar fáil laistigh de sheacht lá oibre, áiritheoidh siad go mbeidh rochtain ag taisceoirí ar mhéid iomchuí dá dtaiscí cumhdaithe chun an costas maireachtála a chumhdach laistigh de chúig lá oibre tar éis dóibh iarraidh ar an méid sin a dhéanamh.’;
"
(aa) scriostar mír 4;
(b) leasaítear mír 5 mar a leanas:
(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"
‘(c) de mhaolú ar mhír 9, ní dhearnadh aon idirbheart a bhaineann leis an taisce le linn na 24 mhí anuas (cuntas díomhaoin atá ann), seachas i gcás ina bhfuil taiscí ag taisceoir freisin i gcuntas eile nach cuntas díomhaoin atá ann’;
"
(ii) scriostar pointe (d);
(c) scriostar mír 8;
(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:"
‘9. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach ndearnadh aon idirbheart a bhaineann leis an taisce le linn na 24 mhí anuas, go bhféadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí tairseach a leagan síos maidir leis na costais riaracháin a thabhódh na scéimeanna ráthaithe taiscí sin agus íocaíocht den sórt sin á déanamh. Ní bheidh oibleagáid ar scéimeanna ráthaithe taiscí céimeanna gníomhacha a dhéanamh chun taisceoirí a aisíoc faoi bhun na tairsí sin. Áiritheoidh na Ballstáit go n-aisíocfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí faoi bhun na tairsí sin i gcás ina n-iarrfaidh na taisceoirí sin amhlaidh.’;
"
(9) cuirtear Airteagal 8a, 8b agus 8c seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 8a.
Taiscí ar mó iad ná EUR 10 000 a aisíoc
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar mó na méideanna atá le haisíoc ná EUR 10 000, go n-aisíocfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí trí bhíthin aistrithe creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
‘Airteagal 8b
Taiscí cistí cliant a chumhdach
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar taiscí cistí cliant leis na scéimeanna ráthaithe taiscí i gcás inarb infheidhme na nithe seo a leanas uile:
(a)
cuirtear taiscí den sórt sin faoina gcúram thar ceann cliant agus go heisiach dóibh ar cliaint iad atá incháilithe do chumhdach i gcomhréir le hAirteagal 5(1) agus do chuntas na gcliant sin;
(b)
déantar taiscí den sórt sin chun cistí cliant a leithscaradh i gcomhréir le ceanglais choimirce a leagtar síos i ndlí an Aontais lena rialáiltear gníomhaíochtaí na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d);
(c)
tá na cliaint dá dtagraítear i bpointe (a) sainaitheanta nó in-sainaitheanta, faoi fhreagracht deiridh an eintitis a shealbhaíonn an cuntas thar ceann cliant, roimh an dáta a dhéanfaidh údarás riaracháin ábhartha cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(a) nó sula ndéanfaidh údarás breithiúnach rialú dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(b).
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhm ag an leibhéal cumhdaigh dá dtagraítear in Airteagal 6(1) maidir le gach ceann de na cliaint a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, pointe (c), den Airteagal seo. De mhaolú ar Airteagal 7(1), i gcás ina mbeidh an méid in-aisíoctha á chinneadh le haghaidh cliant aonair, ní chuirfidh an scéim ráthaithe taiscí na taiscí ciste comhiomláin a chuireann an cliant sin faoi chúram na hinstitiúide creidmheasa céanna san áireamh.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar aisíocaíocht taiscí arna gcumhdach de chuid scéimeanna ráthaithe taiscí a aisíoc go díreach leis an gcliant.
4. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
na mionsonraí teicniúla a bhaineann le sainaithint cliant le haghaidh na haisíocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 8;
▌
(c)
na rialacha chun éilimh iomadúla ar íocaíochtaí amach leis an tairbhí céanna a sheachaint.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt, cuirfidh ÚBE na nithe seo a leanas uile san áireamh:
(a)
sainiúlachtaí shamhail ghnó na gcineálacha éagsúla institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d);
(b)
ceanglais shonracha dhlí an Aontais is infheidhme lena rialáiltear gníomhaíochtaí na n-institiúidí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointe (d), maidir le cistí cliant a láimhseáil.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
Airteagal 8c
Aisíocaíochtaí a chur ar fionraí i gcás ábhair imní maidir leis an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta
1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás ainmnithe an scéim ráthaithe taiscí ar an eolas laistigh de 24 uair an chloig ón tráth a gheobhaidh an t-údarás ainmnithe an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 48(4) an [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 - COM(2021) 423 final] maidir le toradh na mbeart díchill chuí custaiméara dá dtagraítear in Airteagal 15(4) de Rialachán (AE) … [cuir isteach tagairt gearr – togra le haghaidh Rialachán maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac - COM/2021/420 final]. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis a mhalartófar idir na t-údarás ainmnithe agus an scéim ráthaithe taiscí teoranta don fhaisnéis a bhfuil fíorghá léi chun go bhfeidhmeoidh an scéim ráthaithe taiscí a cúraimí agus a freagrachtaí faoin Treoir seo agus go n-urramóidh an malartú faisnéise sin na ceanglais a leagtar síos i dTreoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh scéimeanna ráthaithe taiscí an aisíocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8(1) ar fionraí i gcás ina mbeidh taisceoir, nó aon duine atá i dteideal suimeanna arna sealbhú ina chuntas, cúisithe i gcion a eascraíonn as an sciúradh airgid nó as maoiniú na sceimhlitheoireachta, nó a bhaineann leis an sciúradh airgid nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta, go dtí go dtabharfar breithiúnas na cúirte.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh scéimeanna ráthaithe taiscí an aisíocaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8(1) ar fionraí ar feadh an fhaid chéanna a leagtar síos in Airteagal 20 de [cuir isteach tagairt ghearr – togra le haghaidh Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 - COM(2021) 423 final] i gcás ina dtabharfaidh an tAonad um Fhaisnéis Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir (AE) [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 - COM(2021) 423 final] fógra dóibh gur chinn an tAonad idirbheart a chur ar fionraí nó toiliú le dul ar aghaidh le hidirbheart den sórt sin a choinneáil siar, nó cuntas bainc nó íocaíochta a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 20(1) nó (2) de Threoir (AE) [cuir isteach tagairt – togra le haghaidh Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 - COM(2021) 423 final].
4. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh scéimeanna ráthaithe taiscí faoi dhliteanas i leith aon bheart a dhéantar i gcomhréir le treoracha an Aonaid um Fhaisnéis Airgeadais. Is chun críocha na Treorach seo amháin a úsáidfidh scéimeanna ráthaithe taiscí aon fhaisnéis a fhaightear ón Aonad um Fhaisnéis Airgeadais.
____________________________________________
* Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214).
** Treoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí (IO L 77, 27.3.1996, lch. 20).’;
"
(10) in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:"
‘2. Gan dochar do chearta a d’fhéadfadh a bheith acu faoin dlí náisiúnta, beidh an ceart seachaíochta ag scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanann íocaíochtaí faoi ráthaíocht laistigh de chreat náisiúnta maidir le cearta taisceoirí in imeachtaí foirceanta nó atheagrúcháin ar mhéid atá cothrom leis na híocaíochtaí a rinne na scéimeanna ráthaithe taiscí le taisceoirí. Scéimeanna ráthaithe taiscí a dhéanann ranníocaíocht i gcomhthéacs na n-uirlisí réitigh dá dtagraítear in Airteagal 37(3), pointe (a) nó (b), de Threoir 2014/59/AE, nó i gcomhthéacs beart a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 11(5) den Treoir seo, beidh éileamh acu in aghaidh na hinstitiúide creidmheasa iarmharaí i dtaca le haon chaillteanas a thabhaítear de thoradh aon ranníocaíocht a dhéantar le réiteach de bhun Airteagal 109 de Threoir 2014/59/AE nó leis an aistriú a rinneadh de bhun Airteagal 11(5) den Treoir seo do mhéid atá cothrom lena ranníocaíocht ar choinníoll go bhfoirceanntar an institiúid creidmheasa iarmharach. ▌ Rangófar an t-éileamh sin ar an leibhéal céanna le taiscí arna gcumhdach faoin dlí náisiúnta lena rialaítear gnáthimeachtaí dócmhainneachta.
3. Áiritheoidh na Ballstáit maidir le taisceoirí nár aisíoc nó nár admhaigh an scéim ráthaithe taiscí a dtaiscí faoi na sprioc-amanna a leagtar síos in Airteagal 8(1) agus (3), go mbeidh siad in ann aisíocaíocht a dtaiscí a éileamh laistigh de thréimhse 5 bliana.’;
"
(11) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:
(a) leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i) cuirtear na fomhíreanna seo a leanas isteach tar éis na chéad fomhíre:"
‘I gcás ríomh an spriocleibhéil dá dtagraítear sa chéad fhomhír, is éard a bheidh sa tréimhse thagartha an tréimhse idir an 31 Nollaig roimh an dáta faoina bhfuil an spriocleibhéal le baint amach agus an dáta sin.
Agus cinneadh á dhéanamh acu ar bhain an scéim ráthaithe taiscí an spriocleibhéal sin amach, ní chuirfidh na Ballstáit san áireamh ach na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a ranníocann comhaltaí don scéim ráthaithe taiscú go díreach, nó a aisghabhadh ó na comhaltaí sin, glan ó tháillí agus muirir riaracháin. Áireofar leis na hacmhainní airgeadais sin atá ar fáil ioncam ó infheistíocht ó chistí arna ranníoc ag comhaltaí leis an scéim ráthaithe taiscí, ach ní áireofar orthu aisíocaíochtaí nach n-éilíonn taisceoirí incháilithe le linn nósanna imeachta íocaíochta amach, aon dliteanais fiachais atá dlite ag an scéim ráthaithe taiscí, lena n-áirítear iasachtaí ó scéimeanna ráthaithe taiscí eile agus socruithe malartacha cistiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(9). Déileálfar le hiasacht gan íoc le scéim ráthaithe taiscí eile faoi Airteagal 12 mar shócmhainn de chuid an scéim ráthaithe taiscí a sholáthair an iasacht agus féadfar í a áireamh mar chuid de spriocleibhéal na scéime ráthaithe taiscí sin.’;
"
(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fhomhír:"
‘I gcás inarb amhlaidh, tar éis don spriocleibhéal dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith bainte amach den chéad uair, go mbeidh an acmhainn airgeadais ar fáil, i ndiaidh eisíocaíocht cistí scéime ráthaithe taiscí i gcomhréir le hAirteagal 8(1), agus Airteagal 11(2), (3) agus (5), laghdaithe chuig méid is lú ná dhá thrian den spriocleibhéal, socróidh scéimeanna ráthaithe taiscí an ranníocaíocht thráthrialta ar leibhéal a thabharfaidh deis dóibh an spriocleibhéal a bhaint amach laistigh de 4 bliana.
‘I gcás inarb amhlaidh, tar éis don spriocleibhéal dá dtagraítear sa chéad fhomhír a bheith bainte amach den chéad uair, go mbeidh an acmhainn airgeadais ar fáil, i ndiaidh eisíocaíocht cistí scéime ráthaithe taiscí i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus Airteagal 11(2), (3) agus (5), laghdaithe faoi níos lú ná trian den spriocleibhéal, socróidh scéimeanna ráthaithe taiscí an ranníocaíocht thráthrialta ar leibhéal a thabharfaidh deis dóibh an spriocleibhéal a bhaint amach laistigh de dhá bhliain.’;
"
(iia) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an chúigiú fomhír:"
‘Féadfaidh na Ballstáit síneadh ceithre bliana ar a mhéad a chur leis an tréimhse tosaigh dá dtagraítear sa chéad fhomhír má rinne an scéim ráthaithe taiscí eisíocaíochtaí carnacha de bhreis ar 0.8 % de thaiscí cumhdaithe chun taisceoirí a aisíoc.’;
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:"
‘3. Féadfar ceangaltais íocaíochta a áireamh san acmhainn airgeadais atá ar fáil a chuireann an scéim ráthaithe taiscí san áireamh chun an spriocleibhéal dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach, iníoctha laistigh de 48 uair an chloig nuair a iarrann an scéime ráthaithe taiscí sin. An sciar iomlán de cheangaltais íocaíochta den sórt sin, ní bheidh sé níos mó ná 30 % den mhéid iomlán acmhainne airgeadais atá ar fáil a thiomsaítear i gcomhréir le mír 2.
Eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir le ceangaltais íocaíochta lena leagtar síos critéir maidir le hinghlacthacht na gceangaltas sin;’
"
(c) scriostar mír 4;
(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 7:"
‘7. Áiritheoidh na Ballstáit go leagfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí, údaráis ainmnithe nó údaráis inniúla an straitéis infheistíochta síos maidir leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí, agus go gcomhlíonfaidh an straitéis infheistíochta prionsabal an éagsúlaithe agus infheistíochtaí i sócmhainní ísealriosca agus leachtacha.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh an straitéis infheistíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo na prionsabail a leagtar síos in Airteagail 4, 8 agus 10 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/451 ón gCoimisiún*.
_______________
* Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/451 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2015 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus critéir ghinearálta maidir leis an straitéis infheistíochta agus rialacha maidir leis an gCiste Réitigh Aonair a riar (IO L 79, 30.3.2016, lch. 2).’;
"
(e) cuirtear mír 7a seo a leanas isteach:"
‘7a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí a n-acmhainní airgeadais uile atá ar fáil nó cuid díobh a chur lena mbanc ceannais náisiúnta nó lena státchiste náisiúnta, ar choinníoll gur cinneadh costéifeachtach é don scéim ráthaithe taiscí agus go gcoinneofar na hacmhainní airgeadais sin atá ar fáil i gcuntas leithscartha agus go mbeidh siad ar fáil go héasca lena n-úsáid ag an scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir le hAirteagail 11 agus 12.';
"
(ea) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:"
‘9. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh socruithe cistiúcháin malartacha leordhóthanacha i bhfeidhm ag scéimeanna ráthaithe taiscí chun go mbeidh siad in ann cistiú gearrthéarmach a fháil chun éilimh i gcoinne na scéimeanna ráthaithe taiscí sin a íoc. Áiritheoidh na Ballstáit nach maoineofar socruithe cistiúcháin malartacha scéimeanna ráthaithe taiscí trí chistí poiblí.’;
"
(f) scriostar mír 10;
(g) cuirtear isteach míreanna 11, 12 agus 13 seo a leanas:"
‘11. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí, i gcomhthéacs na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(1), (2), (3) agus (5), úsáid a bhaint as na cistí ar de thionscnamh na socruithe cistiúcháin malartacha dá dtagraítear in Airteagal 10(9) iad, sula n-úsáidfidh siad an acmhainn airgeadais atá ar fáil agus sula mbaileoidh siad na ranníocaíochtaí urghnácha dá dtagraítear in Airteagal 10(8). ▌
12. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
an mhodheolaíocht le haghaidh ríomh na hacmhainne airgeadais atá ar fáil a cháilíonn don spriocleibhéal dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear teorannú na hacmhainne airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí agus na catagóirí acmhainne airgeadais atá ar fáil a dhíorthaítear ó chistí ranníoctha;
(b)
mionsonraí an phróisis chun an spriocleibhéal dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach tar éis do scéim ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil di a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 11.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 24 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
13. Faoin... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 24 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] forbróidh ÚBE treoirlínte chun cúnamh a thabhairt do scéimeanna ráthaithe taiscí maidir le héagsúlú na hacmhainne airgeadais atá ar fáil dóibh agus maidir leis an gcaoi a bhféadfadh scéimeanna ráthaithe taiscí infheistíocht a dhéanamh i sócmhainní ísealriosca is infheidhme maidir leis an acmhainn airgeadais atá ar fáil do scéimeanna ráthaithe taiscí.’;
"
(12) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:"
‘Airteagal 11
Úsáid cistí
1. Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfidh scéimeanna ráthaithe taiscí na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dá dtagraítear in Airteagal 10 go príomha chun aisíocaíochtaí le taisceoirí a dhaingniú i gcomhréir le hAirteagal 8.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfidh scéimeanna ráthaithe taiscí an acmhainn airgeadais atá ar fáil dóibh chun réiteach institiúidí creidmheasa a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 109 de Threoir 2014/59/AE. Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh údaráis réitigh an méid atá scéim ráthaithe taiscí le ranníoc le maoiniú réitigh institiúidí creidmheasa, tar éis do na húdaráis réitigh sin dul i gcomhairle leis an scéim ráthaithe taiscí maidir le torthaí na tástála íoschostais dá dtagraítear in Airteagal 11e den Treoir seo. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfreagróidh scéimeanna ráthaithe taiscí, gan mhoill, don chomhairliúchán sin.
3. Ceadóidh na Ballstáit do scéimeanna ráthaithe taiscí na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a úsáid le haghaidh bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11a chun tairbhe institiúide creidmheasa i gcás ina mbeidh feidhm ag gach ceann de na nithe seo a leanas:
(a)
níor cinneadh go bhfuil ag cliseadh ar an institiúid creidmheasa nó gur dócha go gclisfidh uirthi, de bhun Airteagal 32(4) de Threoir 2014/59/AE;
(b)
dheimhnigh an scéim ráthaithe taiscí nach mó costas an bhirt ná an costas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc mar a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 11e;
(c)
comhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagail 11a agus 11b.
4. I gcás ina n-úsáidfear acmhainní airgeadais atá ar fáil le haghaidh bearta coisctheacha nó bearta malartacha dá dtagraítear i mír 3 agus i mír 5, cuirfidh na hinstitiúidí creidmheasa cleamhnaithe na hacmhainní a úsáidtear le haghaidh na mbeart sin ar fáil gan mhoill don scéim ráthaithe taiscí, i gcás inar gá i bhfoirm ranníocaíochtaí urghnácha, i gcás ina mbeidh feidhm ag aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
is gá taisceoirí a aisíoc nó idirghabháil a dhéanamh i gcás réitigh agus is ionann acmhainní airgeadais na scéime ráthaithe taiscí atá ar fáil agus níos lú ná dhá thrian den spriocleibhéal;
(b)
go dtiteann acmhainní airgeadais na scéime ráthaithe taiscí atá ar fáil faoi bhun 40 % den spriocleibhéal tar éis bearta coisctheacha a mhaoiniú, mura rud é go bhforáiltear le sceideal aisíocaíochta na hinstitiúide nó na n-institiúidí dá ndeonaítear bearta coisctheacha go n-aisíocfaidh na hinstitiúidí sin laistigh de 12 mhí, as a dtiocfaidh go mbeidh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil os cionn 40 % den spriocleibhéal.
5. I gcás ina ndéantar institiúid chreidmheasa a fhoirceannadh i gcomhréir le hAirteagal 32b de Threoir 2014/59/AE d’fhonn imeacht as an margadh nó deireadh a chur lena gníomhaíocht baincéireachta, ceadóidh na Ballstáit do scéimeanna ráthaithe taiscí na hacmhainní airgeadais atá ar fáil a úsáid le haghaidh bearta malartacha chun rochtain taisceoirí ar a dtaiscí a chaomhnú, lena n-áirítear aistriú sócmhainní agus dliteanas agus aistriú leabhair taisce, i gcás ina mbeidh feidhm ag an méid seo a leanas ar fad:
(a)
deimhníonn an scéim ráthaithe taiscí nach sáraíonn costas an bhirt an costas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 11e den Treoir seo;
(b)
▌go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 11d den Treoir seo;
(c)
i gcás ina bhfuil an beart i bhfoirm aistriú sócmhainní nó dliteanas, áirítear leis an aistriú dliteanais atá i bhfoirm ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(i)
taiscí cumhdaithe;
(ii)
taiscí incháilithe ó dhaoine nádúrtha agus ó mhicrifhiontair, ó fhiontair bheaga agus ó fhiontair mheánmhéide;
(iii)
taiscí a bheadh ina dtaiscí incháilithe ó dhaoine nadúrtha agus ó mhicreaghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide murach gur taisceadh iad trí bhrainsí a bhí suite lasmuigh den Aontas d’institiúidí atá suite laistigh den Aontas.
(iv)
aon dliteanais a rangaíodh níos sinsearaí ná taiscí cumhdaithe in ordlathas náisiúnta na gcreidiúnaithe maidir le héilimh i gcás dócmhainneachta.’;
"
(13) cuirtear Airteagal 11a go 11e seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 11a.
Bearta coisctheacha
1. ▌Áiritheoidh na Ballstáit go n-úsáidfidh scéimeanna ráthaithe taiscí na hacmhainní airgeadais atá ar fáil le haghaidh na mbeart coisctheach dá dtagraítear in Airteagal 11(3), ar choinníoll go gcomhlíonfar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gabhann nóta, ina bhfuil bearta dá dtagraítear in Airteagal 11b, le hiarraidh institiúide creidmheasa ar mhaoiniú na mbeart coisctheach sin;
(b)
chuaigh an institiúid creidmheasa i gcomhairle leis an údarás inniúil maidir leis na bearta atáthar ag brath a dhéanamh sa nóta dá dtagraítear in Airteagal 11b;
(c)
tá úsáid beart coisctheach ag an scéim ráthaithe taiscí nasctha le coinníollacha arna bhforchur ar an institiúid creidmheasa a dtacaítear léi, arb é atá i gceist leo, ar a laghad, faireachán riosca níos déine ar an institiúid creidmheasa, a mbeidh socruithe rialachais ag gabháil leis lena n-éascaítear faireachán den sórt sin, cearta fíorúcháin níos fearr don scéim ráthaithe taiscí agus tuairisciú níos minice do na húdaráis inniúla;
(d)
tá úsáid na mbeart coisctheach ag an scéim ráthaithe taiscí coinníollach ar rochtain éifeachtach na dtaisceoirí ar thaiscí faoi chumhdach;
(e)
tá na hinstitiúidí creidmheasa cleamhnaithe in ann na ranníocaíochtaí urghnácha a íoc i gcomhréir le hAirteagal 11(4);
(f)
comhlíonann an institiúid creidmheasa a hoibleagáidí faoin Treoir seo, níor deonaíodh tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách di cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 32c(1), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE le cúig bliana anuas agus tá an sceideal aisíocaíochta comhlíonta go hiomlán aici nó tá aon tacaíocht airgeadais phoiblí urghnách nó aon bheart coisctheach roimhe sin aisíoctha aici;
(fa)
nach n-úsáidtear na bearta coisctheacha chun caillteanais atá tabhaithe ag an institiúid chreidmheasa nó ag an eintiteas creidmheasa, nó ar dócha go dtabhófar iad go luath amach anseo, a fhritháireamh, mura rud é go mbeidh suaitheadh sa chobhsaíocht airgeadais mar thoradh ar easpa an bhirt sin.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh córais faireacháin agus nósanna imeachta cinnteoireachta i bhfeidhm ag scéimeanna ráthaithe taiscí atá iomchuí do na bearta coisctheacha a roghnú agus a chur chun feidhme agus d’fhaireachán a dhéanamh ar rioscaí cleamhnaithe.
3. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí bearta coisctheacha a chur chun feidhme ach amháin i gcás ina mbeidh sé dearbhaithe ag an údarás ainmnithe gur comhlíonadh na coinníollacha uile a leagtar síos i mír 1. Tabharfaidh an t-údarás ainmnithe fógra don údarás inniúil agus don údarás réitigh.
I gcás ina mbaineann an institiúid is tairbhí le SCI dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c), cinnfidh an IPS sin, bunaithe ar thorthaí na tástála costais is lú dá dtagraítear in Airteagal 11e, méid na modhanna airgeadais atá ar fáil le haghaidh bearta coisctheacha a dtabharfar fógra ina leith don údarás ainmnithe.
4. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfidh an scéim ráthaithe taiscí na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dó le haghaidh bearta tacaíochta caipitil, lena n-áirítear athchaipitliú, bearta lagaithe sócmhainní agus ráthaíochtaí sócmhainní, ach amháin i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha faoi Airteagal 11b.
Áiritheoidh na Ballstáit go n-aistreoidh an scéim ráthaithe taiscí a shealúchais scaireanna nó ionstraimí caipitil eile san institiúid creidmheasa a fhaigheann tacaíocht a luaithe is féidir sin sna himthosca tráchtála agus airgeadais.
4a. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (c):
(b)
na córais faireacháin agus na nósanna imeachta chinnteoireachta atá le bheith i bhfeidhm ag scéimeanna ráthaithe taiscí i gcomhréir le mír 2;
(c)
agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11b, módúlachtaí an chomhair idir na húdaráis réitigh, na húdaráis ainmnithe agus na húdaráis inniúla faoi mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo á gcur san áireamh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
‘Airteagal 11b
Ceanglais maidir le bearta coisctheacha a mhaoiniú
1. Áiritheoidh na Ballstáit go dtíolacfaidh institiúidí creidmheasa a iarrann ar scéim ráthaithe taiscí bearta coisctheacha a mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 11(3) don údarás inniúil nóta ina bhfuil bearta a gheallann na hinstitiúidí creidmheasa sin a ghabháil de láimh chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta is infheidhme a áirithiú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
2. Leis an nóta dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach gníomhaíochtaí chun an riosca go dtiocfaidh meathlú ar fhóntacht airgeadais staid chaipitil agus staid leachtachta na hinstitiúide creidmheasa a mhaolú agus na staideanna sin a neartú.
2a. I gcás ina n-úsáidtear acmhainní airgeadais na scéime ráthaithe taiscí le haghaidh bearta coisctheacha i gcomhréir le hAirteagal 11(3) den Treoir seo, ceanglóidh an t-údarás inniúil ar an institiúid creidmheasa is tairbhí nuashonrú a dhéanamh, de réir mar is infheidhme, ar an bplean téarnaimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (32), de Threoir 2014/59/AE nó ar an bplean téarnaimh grúpa mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (33), den Treoir sin. Treoróidh an t-údarás inniúil an institiúid creidmheasa dá dtugtar tacaíocht chun na bearta dá dtagraítear in Airteagal 6(6), an tríú fomhír, de Threoir 2014/59/AE a chur chun feidhme i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha faoi Airteagal 6(6) den Treoir sin.
3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás beart tacaíochta caipitil faoi mhír 1, nach gcumhdóidh na hacmhainní airgeadais atá ar fáil de chuid scéim ráthaithe tacaíochta ach an t-easnamh caipitil atá ann faoi láthair ar bhonn na n-eilimintí seo a leanas, mar a léirítear sa nóta:
(a)
an t-easnamh caipitil tosaigh mar a shainaithnítear i dtástáil struis de chuid an Aontais, athbhreithniú ar cháilíocht sócmhainní nó cleachtadh coibhéiseach, nó le linn an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta, mar a dheimhnigh an t-údarás inniúil;
(b)
bearta tiomsaithe caipitil atá le cur chun feidhme laistigh de shé mhí tar éis an plean atheagrúcháin gnó a chur isteach;
(c)
coimircí lena gcuirtear cosc ar eis-sreabha cistí, lena n-áirítear na bearta dá dtagraítear i mír 5;
(d)
i gcás inarb iomchuí, ranníocaíochtaí ó scairshealbhóirí agus ó shealbhóirí fofhiachais na hinstitiúide creidmheasa dá dtugtar tacaíocht.
Agus an t-easnamh caipitil á chinneadh, féadfaidh an scéim ráthaithe taiscí aon mheasúnú réamhbhreathnaitheach ar leordhóthanacht caipitil a chur san áireamh freisin, lena n-áirítear an plean caomhnaithe caipitil dá dtagraítear in Airteagal 142 de Threoir 2013/36/AE.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina bhfuil institiúid creidmheasa ina comhalta de SCI dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c), go gcinnfear an t-easnamh caipitil le SCI.
Agus an t-easnamh caipitil á chinneadh, tabharfaidh an scéim ráthaithe taiscí fógra don údarás inniúil.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhforáiltear sa nóta dá dtagraítear i mír 1 do straitéis scoir ó na bearta coisctheacha, lena n-áirítear sceideal aisíocaíochta atá sonraithe go soiléir ag an institiúid creidmheasa d’aon chistí inaisíoctha a fuarthas mar chuid de na bearta coisctheacha. Ní nochtfar an fhaisnéis sin go dtí bliain amháin tar éis an straitéis scoir a thabhairt i gcrích maidir le cur chun feidhme an phlean feabhsúcháin nó tabhairt i gcrích an mheasúnaithe faoi Airteagal 11c(3).
5. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-íocfar aon díbhinní, aischeannach scaireanna ná luach saothair inathraithe amach agus nach dtabharfaidh an institiúid creidmheasa dá dtugtar tacaíocht aon ghealltanas neamh-inchúlghairthe díbhinní, aischeannach scaireanna ná luach saothair inathraithe a íoc amach. Féadfaidh an t-údarás inniúil an toirmeasc sin a shrianadh go páirteach ar bhonn eisceachtúil i gcás ina suíonn an institiúid creidmheasa chun sástachta an údaráis inniúil go bhfuil sí faoi cheangal dlí na díbhinní a íoc amach. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfanfaidh na srianta faoin mír seo i bhfeidhm, go dtí go mbeidh an scéim ráthaithe taiscí aisíoctha ag an institiúid creidmheasa a fhaigheann tacaíocht, agus go n-úsáidfear an méid céanna le haghaidh na mbeart coisctheach.
5a. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an institiúid creidmheasa is tairbhí plean atheagrúcháin gnó faoi bhráid an údaráis inniúil laistigh de shé mhí ón tacaíocht airgeadais tosaigh a sholáthar. I gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an plean atheagrúcháin gnó inchreidte agus indéanta chun inmharthanacht fhadtéarmach a áirithiú, cuirfear na bearta coisctheacha i leith na hinstitiúide creidmheasa lena mbaineann ar fionraí, agus cuirfidh an t-údarás inniúil bearta iomchuí chun feidhme chun a áirithiú go mbeidh inmharthanacht fhadtéarmach urraithe.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás ina mbaineann institiúid creidmheasa le SCI dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c), déanfaidh SCI an plean atheagrúcháin gnó a fhormheas, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás inniúil.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na bearta atá beartaithe sa phlean atheagrúcháin gnó dá dtagraítear i mír 5a comhoiriúnach le plean athstruchtúraithe na hinstitiúide creidmheasa arna cheangal ag an gCoimisiún, i gcomhréir le creat Státchabhrach an Aontais.
6a. Soláthróidh an t-údarás inniúil an plean atheagrúcháin gnó don údarás réitigh. Féadfaidh an t-údarás réitigh an plean atheagrúcháin gnó a scrúdú d’fhonn aon ghníomhaíochtaí a shainaithint a bhféadfadh tionchar díobhálach a bheith acu ar inréititheacht na hinstitiúide agus féadfaidh sé moltaí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil maidir leis na hábhair sin. Cuirfidh an t-údarás réitigh a mheasúnú agus a mholtaí in iúl laistigh den tréimhse ama a shocróidh an t-údarás inniúil.
'Airteagal 11c
Plean feabhsúcháin
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás nach gcomhlíonann an institiúid creidmheasa na gealltanais a leagtar amach sa nóta dá dtagraítear in Airteagal 11b(1), nó sa phlean atheagrúcháin gnó dá dtagraítear in Airteagal 11b(5ú), an chéad fhomhír, nó i gcás ina mainníonn sí an méid a ranníocadh faoi na bearta coisctheacha a aisíoc tráth a haibíochta nó an straitéis scoir faoi Airteagal 11b(4) a chomhlíonadh, go gcuirfidh an scéim ráthaithe taiscí an t-údarás inniúil ar an eolas faoi sin gan mhoill.
2. Sa chás dá dtagraítear i mír 1, áiritheoidh na Ballstáit go n-iarrfaidh an t-údarás inniúil ar an institiúid creidmheasa plean feabhsúcháin aonuaire a chur faoi bhráid an údaráis ainmnithe agus an scéim ráthaithe taiscí ina ndéanfar cur síos ar na bearta a dhéanfaidh an institiúid creidmheasa chun comhlíonadh na gceanglas maoirseachta a áirithiú, chun a inmharthanacht fhadtéarmach a áirithiú agus chun an méid cuí arna ranníoc ag an scéim ráthaithe taiscí leis an mbeart coisctheach a aisíoc, chomh maith leis an tráthchlár gaolmhar. Rachaidh an t-údarás ainmnithe agus an scéim ráthaithe taiscí i gcomhairle leis an údarás inniúil maidir leis na bearta atá beartaithe sa phlean feabhsúcháin.
3. I gcás nach bhfuil an t-údarás inniúil sásta go bhfuil an plean feabhsúcháin inchreidte nó indéanta nó i gcás ina mainneoidh na hinstitiúidí creidmheasa an plean feabhsúcháin a chomhlíonadh, ní dhéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí aon bhearta coisctheacha breise a dheonú don institiúid creidmheasa sin agus déanfaidh na húdaráis ábhartha measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an institiúid ag cliseadh nó ar dócha go gclisfidh uirthi, i gcomhréir le hAirteagal 32 de Threoir 2014/59/AE.
4. Faoin... [Oifig na bhFoilseachán — cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] eiseoidh ÚBE treoirlínte ina leagfar síos eilimintí den phlean atheagrúcháin gnó a ghabhann leis na bearta coisctheacha dá dtagraítear in Airteagal 11b (3) go (5a) agus an plean feabhsúcháin dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.
‘Airteagal 11d
▌Bearta malartacha
1. Cumasóidh na Ballstáit cistí na scéime ráthaithe taiscí a úsáid le haghaidh na mbeart malartach dá dtagraítear in Airteagal 11(5). Áiritheoidh na Ballstáit, nuair a mhaoiníonn scéimeanna ráthaithe taiscí na bearta sin, go ndéanfaidh na hinstitiúidí creidmheasa na bearta sin a mhargú, nó go ndéanfaidh siad socruithe maidir le margú na sócmhainní, na gceart agus na ndliteanas sin a bhfuil sé beartaithe ag na hinstitiúidí creidmheasa sin iad a aistriú. Gan dochar do chreat Státchabhair an Aontais, comhlíonfaidh an margú sin na nithe seo a leanas uile:
(a)
tá an margú oscailte trédhearcach agus ní thugtar bréigléiriú leis ar na sócmhainní, na cearta agus na dliteanais atá le haistriú.
(b)
níl an margú i bhfabhar ceannaitheoirí ionchasacha, ná ní dhéantar idirdhealú eatarthu leis, agus ní thugtar aon bhuntáiste do cheannaitheoir ionchasach leis;
(c)
tá an margú saor ó aon choinbhleacht leasa;
(d)
cuirtear san áireamh sa mhargú an gá le réiteach gasta a chur chun feidhme ina gcuirtear san áireamh an sprioc-am a leagtar síos in Airteagal 3(2), an dara fomhír, maidir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(a);
(e)
leis an margú, féachtar le praghas díola na sócmhainní, na gceart agus na ndliteanas lena mbaineann a uasmhéadú, a mhéid is féidir.
1a. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-úsáidtear an scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir le hAirteagal 11(5) maidir le hinstitiúid chreidmheasa, agus ar choinníoll go n-áiritheofar leis an mbeart sin go leanfaidh daoine nádúrtha agus micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide de rochtain a bheith acu ar a dtaiscí, chun cosc a chur orthu caillteanais a iompar, go ranníocfaidh an scéim ráthaithe taiscí a bhfuil an institiúid chreidmheasa sin cleamhnaithe léi na méideanna seo a leanas:
(i)
an méid is gá chun an difríocht idir luach na dtaiscí faoi chumhdach agus luach na ndliteanas a bhfuil an rangú tosaíochta céanna nó níos airde acu, agus luach iomlán na sócmhainní atá le haistriú chuig faighteoir a chumhdach; agus
(ii)
i gcás inarb ábhartha, an méid is gá chun neodracht chaipitil an fhaighteora a áirithiú tar éis an aistrithe.
'Airteagal 11e
Tástáil íoschostais
1. I gcás ina mbeidh breithniú á dhéanamh ar úsáid cistí scéime ráthaithe taiscí le haghaidh na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) nó (5), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí comparáid idir na nithe seo a leanas:
(a)
an costas measta ar an scéim ráthaithe taiscí as na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) nó (5) a mhaoiniú;
(b)
an costas measta a bhaineann le taisceoirí a aisíoc i gcomhréir le hAirteagal 8(1).
2. Chun an chomparáid dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)
chun meastachán a dhéanamh ar na costais dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), déanfaidh an scéim ráthaithe taiscí an tuilleamh agus na speansais oibríochtúla lena bhfuil coinne agus na caillteanais ionchasacha a bhaineann leis an mbeart a chur san áireamh;
(b)
i gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(2) agus (5), beidh an meastachán a dhéanfaidh an scéim ráthaithe taiscí ar an gcostas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc, dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), bunaithe ar luacháil shócmhainní agus dhliteanais na hinstitiúide creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 36(1) de Threoir 2014/59/AE agus ar an meastachán dá dtagraítear in Airteagal 36(8) den Treoir sin;
(c)
i gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) agus (5), agus meastachán á dhéanamh ar chostas taisceoirí a aisíoc, dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), cuirfidh an scéim ráthaithe taiscí san áireamh cóimheas ionchais na n-aisghabhálacha, an costas breise cistiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann don scéim ráthaithe taiscíagus an costas a d’fhéadfadh a bheith ar an scéim ráthaithe taiscí mar gheall ar éagobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear an gá atá le cistí breise a úsáid, laistigh de shainordú scéime ráthaithe taiscí, chun taisceoirí agus cobhsaíocht airgeadais a chosaint, agus chun tógálacht a chosc;
(d)
i gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(3), i gcás ina mbeidh meastachán á dhéanamh ar an gcostas a bhaineann le taisceoirí a aisíoc, déanfaidh an scéim ráthaithe taiscí an cóimheas measta aisghabhálacha arna ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht dá dtagraítear i mír 5, pointe b, a iolrú faoi 85 %.
3. An méid a úsáidtear chun réiteach institiúidí creidmheasa a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 11(2), le haghaidh na mbeart coisctheach dá dtagraítear in Airteagal 11(3), nó le haghaidh na mbeart malartach dá dtagraítear in Airteagal 11(5), áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh sé níos mó ná an méid taiscí faoi chumhdach ag an institiúid creidmheasa.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla agus réitigh an fhaisnéis uile is gá le haghaidh na comparáide dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar don scéim ráthaithe taiscí. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh an t-údarás réitigh don scéim ráthaithe taiscí an costas measta a bhainfidh le ranníocaíocht na scéime ráthaithe taiscí le réiteach institiúide creidmheasa dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
4a. A luaithe is féidir tar éis bearta malartacha a dhéanamh, áiritheoidh na Ballstáit go roinnfidh an scéim ráthaithe taiscí achoimre ar chroíghnéithe an ríomha arna dhéanamh de bhun an Airteagail seo leis an údarás inniúil, leis an údarás réitigh agus leis an údarás ainmnithe. Is éard a bheidh san achoimre sin go háirithe an glanráta aisghabhála a dhíorthaítear ó chostas measta taisceoirí a aisíoc don scéim ráthaithe taiscí agus údar leathan leis na toimhdí foluiteacha gaolmhara.
5. Agus na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 36(16) de Threoir 2014/59/AE á gcur san áireamh, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
an mhodheolaíocht chun an costas measta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a ríomh, lena gcuirfear san áireamh gnéithe sonracha an bhirt lena mbaineann;
(b)
an mhodheolaíocht chun ríomh a dhéanamh ar an gcostas measta a bhaineann le taisceoirí a aisíoc dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), lena n-áirítear na haisghabhálacha ionchasacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), an costas breise cistiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann don scéim ráthaithe taiscí agus an costas a d’fhéadfadh a bheith ar an scéim ráthaithe taiscí mar gheall ar éagobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a d’fhéadfadh a bheith ann, lena n-áirítear an gá atá le cistí breise a úsáid, laistigh de shainordú na scéime ráthaithe taiscí, chun taisceoirí agus cobhsaíocht airgeadais a chosaint, agus chun tógálacht a chosc;
(c)
an bealach lena gcuirfear san áireamh, sna modheolaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c), i gcás inarb ábhartha, an t-athrú ar luach airgid mar gheall ar thuilleamh a d’fhéadfaí a fhabhrú le himeacht ama.
Chun an costas breise a d’fhéadfadh a bheith ann don scéim ráthaithe taiscí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a ríomh, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh sa mhodheolaíocht:
(a)
na costais riaracháin a bhaineann leis an bpróiseas aisíocaíochta;
(b)
na costais riaracháin a bhaineann le ranníocaíochtaí a thobhach de bhun Airteagal 10(8) i gcás ina mbeadh gá leis na ranníocaíochtaí sin chun na taisceoirí a aisíoc, agus na costais a bhaineann le socruithe malartacha cistiúcháin a shlógadh de bhun Airteagal 10(9) dá ndéanfaí na socruithe sin a shlógadh.
Chun costas measta na dtaisceoirí a aisíoc dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), a ríomh, i gcás bearta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) nó (5), cuirfear san áireamh sa mhodheolaíocht dá dtagraítear i bpointe (b) éifeachtaí thógálachta, rioscaí eacnamaíocha agus airgeadais agus aon damáistí do chlú an chórais baincéireachta, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an trádmharc comhpháirteach a chosaint, agus tábhacht na mbeart coisctheach do shainordú reachtúil nó conarthach na scéime ráthaithe taiscí, lena n-áirítear SCI dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (c).
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ...[Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(13a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13:"
‘1. Beidh na ranníocaíochtaí le scéimeanna ráthaithe taiscí dá dtagraítear in Airteagal 10 bunaithe ar mhéid na dtaiscí cumhdaithe agus ar mhéid an riosca arna thabhú ag comhaltaí ábhartha aon scéime ráthaithe taiscí aonair.
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le ranníocaíochtaí níos ísle d’earnálacha ísealriosca d’institiúidí creidmheasa atá cleamhnaithe le scéim ráthaithe taiscí agus a rialaítear faoin dlí náisiúnta.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go n-íocann comhaltaí SCI ranníocaíochtaí níos ísle leis an scéime ráthaithe taiscí.
Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt don chomhlacht lárnach agus do na hinstitiúidí creidmheasa uile atá cleamhnaithe go buan leis an gcomhlacht lárnach dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a bheith faoi réir ina iomláine an ualaithe priacal a chinntear don chomhlacht lárnach agus dá institiúidí cleamhnaithe ar bhonn comhdhlúite.
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go n-íocfaidh institiúidí creidmheasa ranníocaíocht íosta, gan beann ar mhéid a dtaiscí cumhdaithe.
2. Féadfaidh scéimeanna ráthaithe taiscí a modhanna rioscabhunaithe féin a úsáid chun ranníocaíochtaí rioscabhunaithe a gcomhaltaí a chinneadh agus a ríomh. Beidh ríomh na ranníocaíochtaí i gcomhréir le riosca na gcomhaltaí agus tabharfar aird chuí ar phróifílí riosca na samhlacha gnó éagsúla. Féadfaidh na modhanna sin taobh na sócmhainní den chlár comhardaithe agus táscairí riosca, amhail leordhóthanacht caipitil, cáilíocht sócmhainní agus leachtacht a chur san áireamh freisin.
Déanfaidh an t-údarás inniúil gach modh a fhormheas i gcomhar leis an údarás ainmnithe. Cuirfear ÚBE ar an eolas faoi na modhanna a formheasadh.
3. D’fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach na Treorach seo a áirithiú, forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun modhanna a shonrú chun na ranníocaíochtaí le scéimeanna ráthaithe taiscí a ríomh i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin … [12 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].
Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(14) Leasaítear Airteagal 14 mar seo a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:"
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdófar le scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí ag brainsí arna mbunú ag a mball-institiúidí creidmheasa i mBallstáit eile agus taisceoirí atá lonnaithe i mBallstáit eile ina bhfeidhmíonn a mball-institiúidí creidmheasa an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar dá dtagraítear i dTeideal V, Caibidil 3, de Threoir 2013/36/AE.’;
"
(b) I mír 2, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:"
‘De mhaolú ar an gcéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh scéim ráthaithe taiscí de chuid an Bhallstáit baile cinneadh a dhéanamh taisceoirí a aisíoc go díreach ag brainsí, i gcás inarb infheidhme na nithe seo a leanas uile:
(i)
tá ualach riaracháin agus costas na haisíocaíochta sin níos lú ná aisíocaíocht a dhéanfadh scéim ráthaithe taiscí de chuid an Bhallstáit baile;
(ii)
áirithíonn scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile nach mbeidh na taisceoirí níos measa as ná mar a bheidís i gcás ina ndéanfaí an aisíocaíocht i gcomhréir leis an gcéad fhomhír
(iia)
déantar an aisíocaíocht san airgeadra céanna a dhéanfaí dá ndéanfaí an aisíocaíocht i gcomhréir leis an gcéad fhomhír.’;
"
(c) cuirtear míreanna 2a agus 2b seo a leanas isteach:"
‘2a. Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh scéim ráthaithe taiscí de Bhallstát óstach, faoi réir comhaontú le scéim ráthaithe taiscí de Bhallstát baile, gníomhú mar an bpointe teagmhála do thaisceoirí ag institiúidí creidmheasa a fheidhmíonn an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar dá dtagraítear i dTeideal V, Caibidil 3, de Threoir 2013/36/AE, agus go n-aisíocfar í as na costais a thabhaítear.
2b. Sna cásanna dá dtagraítear i míreanna 2 agus 2a, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhaontú i bhfeidhm ag scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit baile agus scéim ráthaithe taiscí an Bhallstáit óstaigh lena mbaineann maidir le téarmaí agus coinníollacha íocaíochta amach, lena n-áirítear maidir le cúiteamh as aon chostas a thabhaítear, an pointe teagmhála do thaisceoirí, an amlíne agus an modh íocaíochta. Cuirfidh scém ráthaithe taiscí de chuid Ballstáit baile faisnéis ar fáil do scém ráthaithe taiscí an Bhallstáit óstaigh maidir le líon na dtaisceoirí, méid na dtaiscí cumhdaithe agus athruithe ábhartha a d’fhéadfadh a bheith ann orthu.’;
"
(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:"
‘3. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina scoirfidh institiúid chreidmheasa de bheith ina comhalta de scém ráthaithe taiscí agus ina rachaidh sí isteach i scém ráthaithe taiscí de chuid Ballstáit eile, nó i gcás ina n-aistreofar cuid de ghníomhaíochtaí na hinstitiúide creidmheasa chuig scém ráthaithe taiscí de chuid Ballstáit eile, go n-aistreoidh an scém ráthaithe taiscí tionscnaimh chuig an scém ráthaithe taiscí is faighteoir méid a léiríonn na dliteanais fhéideartha bhreise atá le seasamh ag an scém ráthaithe taiscí is faighteoir mar thoradh ar an aistriú, agus tionchar an aistrithe ar staid airgeadais an scém ráthaithe taiscí is faighteoir agus an scém ráthaithe taiscí tionscnaimh araon i gcoibhneas leis na rioscaí a chumhdaíonn siad á gcur san áireamh. ▌
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an mhodheolaíocht a shonrú chun an méid atá le haistriú a ríomh chun a áirithiú go mbeidh tionchar neodrach ag an aistriú ar staid airgeadais an dá scéim ráthaithe taiscí i gcomparáid leis na rioscaí a chumhdaíonn siad.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo].
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.’;
"
(e) cuirtear mír 3a seo a leanas isteach:"
‘3a. Chun críocha mhír 3, áiritheoidh na Ballstáit go n-aistreoidh an scéim ráthaithe taiscí tionscnaimh an méid dá dtagraítear sa mhír sin laistigh de 1 mhí amháin ó athraítear ballraíocht le scéim ráthaithe taiscí.’;
"
(f) cuirtear mír 9 seo a leanas leis:"
‘9. Faoin ... [24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], eiseoidh ÚBE treoirlínte maidir leis na róil faoi seach atá ag scéimeanna ráthaithe taiscí baile agus óstacha dá dtagraítear i mír 2, lena n-áirítear liosta de na himthosca agus de na coinníollacha faoina ndéanfaidh scéim ráthaithe taiscí de chuid an Bhallstáit baile taisceoirí a aisíoc i mbrainsí atá lonnaithe i mBallstát eile mar a leagtar síos sa tríú fomhír de mhír 2.’;
"
(15) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:"
‘Airteagal 15
Brainsí d’institiúidí creidmheasa atá bunaithe i dtríú tíortha
Ceanglóidh na Ballstáit ar bhrainsí d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach acu dul isteach i scéim ráthaithe taiscí laistigh dá gcríoch sula gceadóidh siad do na brainsí sin glacadh le taiscí incháilithe sna Ballstáit sin.
Áiritheoidh na Ballstáit go rannchuideoidh na brainsí sin leis an scéim ráthaithe taiscí i gcomhréir le hAirteagal 13.’;
"
(16) cuirtear Airteagal 15a seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 15a.
Ball-institiúidí creidmheasa a bhfuil brainsí i dtríú tíortha acu
Áiritheoidh na Ballstáit go gcumhdóidh scéimeanna ráthaithe taiscí taisceoirí ag brainsí arna mbunú i dtríú tíortha ag a mball-institiúidí creidmheasa, seachas i gcás ina n-ardóidh na scéimeanna ráthaithe taiscí sin, faoi réir fhormheas an údaráis ainmnithe, ranníocaíochtaí comhfhreagracha ó na hinstitiúidí creidmheasa lena mbaineann.’;
Eiseoidh ÚBE treoirlínte, ina sonrófar na himthosca inar cheart d’údaráis ainmnithe cumhdach taisceoirí a fhormheas, ag brainsí arna mbunú i dtríú tíortha ag institiúidí creidmheasa is comhaltaí de chuid scéimeanna ráthaithe taiscí.';
"
(17) Leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:"
‘1. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis ar fáil do thaisceoirí iarbhír agus beartaitheacha a theastaíonn ó na taisceoirí sin chun na scéimeanna ráthaithe taiscí a bhfuil an institiúid chreidmheasa agus a brainsí ina gcomhaltaí laistigh den Aontas a shainaithint. Déanfaidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis sin a sholáthar i bhfoirm bileoige faisnéise arna hullmhú i bhformáid as ar féidir sonraí a bhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán maidir le pointe rochtana aonair Eorpach]***.
_______________________________________________
*** Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ll mm bb lena mbunaítear pointe rochtana aonair Eorpach lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis ábhartha atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus le hinbhuanaitheacht.’;
"
(b) cuirtear mír 1a seo a leanas isteach:"
‘1a. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na nithe seo a leanas uile sa bhileog faisnéise dá dtagraítear i mír 1:
(i)
bunfhaisnéis maidir le cumhdach taiscí;
(ii)
sonraí teagmhála na hinstitiúide creidmheasa mar chéad phointe teagmhála le haghaidh faisnéis maidir le hinneachar na bileoige faisnéise;
(iii)
an leibhéal cumhdaigh do thaiscí dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus 6(2) in EUR nó, i gcás inarb ábhartha, in airgeadra eile;
(iv)
eisiaimh is infheidhme ó chumhdach scéime ráthaithe taiscí;
(v)
teorainn an chumhdaigh i ndáil le comhchuntais;
(vi)
an tréimhse aisíocaíochta i gcás theip na hinstitiúide creidmheasa;
(vii)
an t-airgeadra aisíocaíochta;
(viii)
sainaithint na scéime ráthaithe taiscí atá freagrach as taisce a chumhdach, lena n-áirítear tagairt dá suíomh gréasáin.’;
"
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:"
‘2. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh institiúidí creidmheasa an bhileog faisnéise dá dtagraítear i mír 1 sula ndéanfaidh siad conradh maidir le glacadh taiscí agus, ina dhiaidh sin, gach uair a dhéantar aon athrú ar an bhfaisnéis a sholáthraítear. Admhóidh taisceoirí go bhfuarthas an bhileog faisnéise sin, ach amháin má chuirtear an fhaisnéis ar fáil go poiblí.’;
"
(d) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"
‘Áiritheoidh na Ballstáit go ndeimhneoidh institiúidí creidmheasa ar ráitis chuntais a dtaisceoirí gur taiscí incháilithe iad na taiscí, lena n-áirítear tagairt don bhileog faisnéise dá dtagraítear i mír 1.’;
"
(e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:"
‘4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ar fáil sa teanga a comhaontaíodh idir an taisceoir agus an institiúid creidmheasa nuair a osclaíodh an cuntas nó i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil an brainse bunaithe.’;
"
(f) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 6 agus 7:"
‘6. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina gcumascfar institiúidí creidmheasa, i gcás ina dtiontófar fochuideachtaí institiúide creidmheasa ina mbrainsí, nó i gcás oibríochtaí comhchosúla, go dtabharfaidh institiúidí creidmheasa fógra faoi sin dá dtaisceoirí 1 mhí amháin ar a laghad sula mbeidh éifeacht dlí leis an oibríocht sin, seachas má cheadaíonn an t-údarás inniúil sprioc-am níos giorra ar fhorais rúndachta tráchtála nó cobhsaíochta airgeadais. Míneofar san fhógra sin tionchar na hoibríochta ar an gcumhdach taisceoirí.
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfaidh an cumhdach taisceoirí laghdaithe difear, de dheasca oibríochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, do thaisceoirí a bhfuil taiscí sna hinstitiúidí creidmheasa sin acu, go dtabharfaidh na hinstitiúidí creidmheasa lena mbaineann fógra do na taisceoirí sin go bhféadfaidh siad a dtaiscí incháilithe a tharraingt siar nó a aistriú chuig institiúid creidmheasa eile, lena n-áirítear an t-ús fabhraithe agus na sochair uile, gan aon phionós a bheith orthu suas le méid atá cothrom leis an gcumhdach a chailltear dá dtaiscí laistigh de 3 mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
7. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh institiúidí creidmheasa a scoirfidh de bheith ina gcomhaltaí de scéim ráthaithe taiscí fógra dá dtaisceoirí faoi sin 1 mhí amháin ar a laghad roimh an scor sin. Áireofar san fhaisnéis sin míniú ar thionchar an scoir ar chumhdach taisceoirí. Áiritheoidh na Ballstáit gur féidir le taisceoirí institiúide creidmheasa nach bhfuil ina comhalta den scéim ráthaithe taiscí a thuilleadh a dtaiscí a aistriú chuig ball-institiúid eile den scéim ráthaithe taiscí céanna gan aon chostais aistrithe a sheasamh.’;
"
(g) cuirtear mír 7a seo a leanas isteach:"
‘7a. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis ainmnithe, scéimeanna ráthaithe taiscí agus institiúidí creidmheasa lena mbaineann in iúl do thaisceoirí, lena n-áirítear trí fhoilseachán ar a suíomhanna gréasáin, go ndearna údarás breithiúnach ábhartha cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(a), nó gur thug údarás breithiúnach rialú dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8)(b).’;
"
(h) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:"
‘8. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-úsáidfidh taisceoir an bhaincéireacht idirlín, go soláthróidh institiúidí creidmheasa an fhaisnéis is gá a sholáthar dá dtaisceoirí faoin Treoir seo trí mheán leictreonach seachas má iarrann taisceoir an fhaisnéis sin a fháil ar páipéar.’;
"
(i) cuirtear mír 9 seo a leanas leis:"
‘9. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
inneachar agus formáid na bileoige faisnéise dá dtagraítear i mír 1a;
(b)
an nós imeachta atá le leanúint maidir le soláthar, agus inneachar, na faisnéise atá le soláthar sa chumarsáid a dhéanann údaráis ainmnithe, scéimeanna ráthaithe taiscí nó institiúidí creidmheasa le taisceoirí, sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 8b agus 8c agus i míreanna 6, 7 agus 7a den Airteagal seo.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [Oifig na bhFoilseachán - cuir isteach an dáta = 12 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(18) cuirtear Airteagal 16a seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 16a.
Malartú faisnéise idir institiúidí creidmheasa agus scéimeanna ráthaithe taiscí, agus tuairisciú ag údaráis
1. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh scéimeanna ráthaithe taiscí, uair sa bhliain ar a laghad agus tráth ar bith arna iarraidh sin, óna n-institiúidí creidmheasa cleamhnaithe an fhaisnéis go léir is gá chun ullmhú d’aisíocaíocht taisceoirí, i gcomhréir leis an gceanglas aitheantais a leagtar síos in Airteagal 5(4), lena n-áirítear an fhaisnéis chun críocha Airteagal 8(5) agus Airteagal 8b agus Airteagal 8c.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go soláthróidh institiúidí creidmheasa faisnéis faoi na nithe seo a leanas ar a laghad uair sa bhliain agus tráth ar bith arna iarraidh sin ag an scéim ráthaithe taiscí a bhfuil siad ina mball de:
(a)
taisceoirí ag brainsí de chuid na n-institiúidí creidmheasa sin;
(b)
taisceoirí ar faighteoirí iad de sheirbhísí arna soláthar ag ball-institiúidí ar bhonn na saoirse chun seirbhísí a sholáthar.
Léireofar san fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) na Ballstáit ina bhfuil na brainsí nó na taisceoirí sin lonnaithe.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh scéimeanna ráthaithe taiscí, faoin 31 Márta gach bliain, ÚBE ar an eolas faoin méid taiscí faoi chumhdach ina mBallstát an 31 Nollaig den bhliain roimhe sin. Faoin dáta céanna, tuairisceoidh scéimeanna ráthaithe taiscí do ÚBE freisin méid na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil dóibh, lena n-áirítear sciar na n-acmhainní a fuarthas ar iasacht, gealltanais íocaíochta agus an amlíne chun an spriocleibhéal a bhaint amach tar éis eisíocaíocht chistí scéime ráthaithe taiscí dá dtagraítear in Airteagal 10(2).
4. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na húdaráis ainmnithe fógra do ÚBE agus BRA, gan moill mhíchuí, faoi na nithe seo a leanas uile:
(a)
an cinneadh nach bhfuil taiscí ar fáil de bhun imthosca dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (8);
(b)
cé acu a cuireadh nó nár cuireadh aon cheann de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) agus (5) i bhfeidhm agus an méid cistí a úsáideadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus Airteagal 11(2), (3) agus (5), agus, i gcás inarb infheidhme agus a luaithe a bheidh siad ar fáil, an méid cistí a aisghabhadh, an costas a leanann astu don scéim ráthaithe taiscí agus fad an phróisis aisghabhála;
(c)
infhaighteacht agus úsáid socruithe cistiúcháin malartacha dá dtagraítear in Airteagal 10(3);
(d)
aon scéim ráthaithe taiscí a scoir de bheith ag oibriú nó aon scéim ráthaithe taiscí nua a bunaíodh, lena n-áirítear de thoradh cumaisc agus de bharr gur thosaigh scéim ráthaithe taiscí ag oibriú ar bhonn trasteorann.
Beidh achoimre ina dtabharfar tuairisc ar na nithe seo a leanas uile san fhógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
staid tosaigh na hinstitiúide creidmheasa;
(b)
na bearta ar úsáideadh cistí na scéime ráthaithe taiscí ina leith, lena n-áirítear na hionstraimí sonracha a úsáideadh le haghaidh na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(2), (3) agus (5);
(c)
an méid acmhainne airgeadais atá ar fáil a bhfuil coinne lena úsáid.
5. Foilseoidh ÚBE an fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 agus an achoimre dá dtagraítear i mír 4 gan moill mhíchuí.
6. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh údaráis réitigh na n-institiúidí creidmheasa ar comhalta iad de scéimeanna ráthaithe taiscí achoimre ar phríomhghnéithe na bpleananna réitigh dá dtagraítear in Airteagal 10(7), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE a sholáthar ar bhonn bliantúil don scéim ráthaithe taiscí sin.
7. Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun go sonrófar na nósanna imeachta a bheidh le leanúint nuair a bheidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 á soláthar, na teimpléid chun an fhaisnéis sin a sholáthar, agus chun go sonrófar inneachar na faisnéise sin tuilleadh, agus na cineálacha taisceoirí á gcur san áireamh.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin …. [Oifig na bhFoilseachán - cuir isteach an dáta = 12 mhí i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.’;
"
(19) Scriostar Iarscríbhinn I.
Airteagal 2
Forálacha idirthréimhseacha
1. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le brainsí d’institiúidí creidmheasa a bhfuil a gceannoifig lasmuigh den Aontas Eorpach acu agus a ghlacann le taiscí incháilithe i mBallstát an ... [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm], agus nach comhaltaí de scéim ráthaithe taiscí iad an dáta sin, go rachaidh siad isteach i scéim ráthaithe taiscí atá ag oibriú laistigh dá gcríocha faoin [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 3 mhí tar éis dó theacht i bhfeidhm]. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 1(15) maidir leis na brainsí sin go dtí an [Oifig na bhFoilseachán cuir isteach an dáta = 3 mhí tar éis dó theacht i bhfeidhm].
2. De mhaolú ar Airteagal 11(3) de Threoir 2014/49/AE, arna leasú leis an Treoir seo, agus Airteagail 11a, 11b, 11c agus 11e i ndáil le bearta coisctheacha, go dtí an [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], féadfaidh na Ballstáit a cheadú do SCI dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c), na forálacha náisiúnta lena gcuirtear Airteagal 11(3) de Threoir 2014/49/AE chun feidhme a chomhlíonadh mar is infheidhme an [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Airteagal 3
Trasuí
1. Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón … [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Na forálacha is gá chun Airteagal 11(3), arna leasú leis an Treoir seo, agus Airteagail 11a, 11b, 11c agus 11e i ndáil le bearta coisctheacha a chomhlíonadh, áfach, cuirfidh siad i bhfeidhm iad ón ... [Oifig na bhFoilseachán – cuir isteach an dáta = 36 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 5
Seolaithe
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh in …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
* Tá na hathruithe ar fud an téacs mar thoradh ar leasú 1 a ghlacadh. Tá téacs nua nó téacs atá curtha in ionad téacs eile aibhsithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.
Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lch. 149).
Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht na n-institiúidí creidmheasa agus ar mhaoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
Treoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le dul i mbun an ghnó a ghabhann le hinstitiúidí airgid leictreonaigh agus leanúint den ghnó sin agus maoirseacht stuamachta a dhéanamh air lena leasaítear Treoir 2005/60/CE agus Treoir 2006/48/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/46/CE (IO L 267, 10.10.2009, lch. 7).
Treoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/64/EC( IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).
Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173 12.6.2014, lch. 349).
Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
Dícheall cuí maidir le hinbhuanaitheacht chorparáideach
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le Dícheall Cuí maidir le hInbhuanaitheacht Chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (COM(2022)0071 – C9-0050/2022 – 2022/0051(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0071),
– ag féachaint d'Airteagal 294(2), d'Airteagal 50(1). Airteagal 50(2), pointe (g), agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0050/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Iúil 2022(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0184/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 d’fhonn go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dícheall cuí i dtaca le hinbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 agus Rialachán (AE) 2023/2859
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/1760.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin (COM(2021)0762 – C9-0454/2021 – 2021/0414(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0762),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 153(2), pointe (b), i gcomhar le hAirteagal 153(1), pointe (b), agus Airteagal 16(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa(C9-0454/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 29 Meitheamh 2022(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 11 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0301/2022),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/2831.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte (COM(2022)0197 – C9-0167/2022 – 2022/0140(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0197),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 16 agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0167/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Meán Fómhair 2022(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 9 Feabhra 2023(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0395/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE agus Rialachán (AE) 2024/2847
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/327.)
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón Danmhairg – EGF/2023/004/DK/Danish Crown (COM(2024)0035 – C9-0040/2024 – 2024/0044(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0035 – C9‑0040/2024),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(1) (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2) arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(3), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4), agus go háirithe pointe 12 de,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0171/2024),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
B. de bhrí gur chuir an Danmhairg iarratas EGF/2023/004 DK/Danish Crown isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis méid iomlán de 751 n-iomarcaíocht(5) san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 10 (Monarú táirgí bia) sa réigiún Nordylland ina bhfuil 692 iomarcaíocht laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 19 Bealtaine 2023 go dtí an 19 Meán Fómhair 2023, agus 59 iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh;
C. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 692 iomarcaíocht laistigh den tréimhse thagartha don iarratas, 651 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht in Danish Crown (Danish Crown A/S) agus 41 oibrí iomarcacha in 2 sholáthraí agus in 2 tháirgeoir iartheachtacha de chuid Danish Crown(6);
D. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 59 iomarcaíocht ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht roimh an tréimhse thagartha ceithre mhí nó ina dhiaidh, i gcás inar féidir nasc cúisíoch soiléir a bhunú leis an teagmhas a spreag deireadh le gníomhaíocht na n-oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán CED;
E. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 200 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;
F. de bhrí go bhfuil géarchéim struchtúrach in earnáil na seamlas sa Danmhairg; de bhrí, ó 2005 i leith, gur tháinig laghdú 4,4 milliún (20 %) ar líon na muc a maraíodh sa Danmhairg; de bhrí, gurb é is cúis leis an laghdú sin den chuid is mó ná an t-athrú ó mhuca a thógáil lena marú go dtí bainbh a thógáil lena n-onnmhairiú; de bhrí go bhfuil sé níos brabúsaí d’fheirmeoirí na Danmhairge bainbh a onnmhairiú ná muca a ramhrú lena marú de bharr praghsanna ísle muiceola,
G. de bhrí gur ghrúpa de chuideachtaí bia de chuid na Danmhairge é Danish Crown a bhfuil baint acu le búistéireacht, próiseáil agus díol muiceola agus mairteola go príomha; de bhrí gurb é is cúis leis na hiomarcaíochtaí sin ná dúnadh sheamlas an ghrúpa cuideachtaí Danish Crown in Sæby i mBardas Frederikshavn tar éis laghdú líon na muc atá ar fáil lena marú;
H. de bhrí gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht AE maidir le comhiomarcaíochtaí;
I. de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
J. de bhrí go laghdaíonn athbhreithniú CAI an t-uasmhéid bliantúil CED ó EUR 186 mhilliún go EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765; de bhrí gur cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CED agus gur cheart do na hInstitiúidí uile aon bhearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir gach iarraidh ar thacaíocht CED a bhfuil údar cuí léi a chomhlíonadh mar léiriú ar dhlúthpháirtíocht an Aontais;
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Danmhairg i dteideal EUR 1 882 212 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 3 137 021, a chuimsíonn EUR 2 878 001 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 259 020 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
2. ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Danmhairge an t-iarratas an 6 Nollaig 2023, agus, tar éis don Danmhairg faisnéis bhreise a sholáthar, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 29 Feabhra 2024 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
3. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 751 oibrí iomarcacha a ndearna dúnadh sheamlas Danish Crown in Sæby difear dóibh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbeidh 390 oibrí iomarcacha san iomlán ina dtairbhithe spriocdhírithe agus go bhfuiltear ag dréim leis go nglacfaidh siad páirt sna bearta;
4. ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéil ísle cáilíochtaí foirmiúla ag formhór na n-oibrithe (46 %) nó cáilíochtaí agus scileanna atá réasúnta as dáta acu (40 %); ag tabhairt dá haire gur de chúlra imirceach iad 305 (41 %) na n-oibrithe iomarcacha agus nach bhfuil siad líofa sa Danmhairgis; moltar sa phacáiste CED freisin bearta maidir le hinniúlachtaí ginearálta a fheabhsú, lena n-áirítear feabhas a chur ar scileanna teanga sa Danmhairgis;
5. á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Danmhairg an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe foirne agus lena gcomhpháirtithe sóisialta;
6. á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: spreagadh, coinneáil, oiliúint maidir le hinniúlachtaí ginearálta, oiliúint maidir le huas-sciliú/athsciliú, agus liúntas oiliúna/liúntas um chuardach poist;
7. á chur in iúl gur geal go mór leis gur tarraingíodh suas tairiscintí oiliúna agus roinnt staidéar á mbreithniú, amhail Jobbarometer 2023 (anailís ar riachtanais saothair áitiúla i mBardais Frederikshavn, Hjørring, Jammerbugt agus Brønderslev), Cothromaíocht Dhébhliantúil an Mhargaidh Saothair a sholáthraíonn forbhreathnú ar fholúntais phoist fhéideartha, agus anailís FremKom4 ar scileanna, agus gurb é is aidhm dó cur le hinniúlachtaí ginearálta (lena n-áirítear inniúlachtaí teanga agus uimhearthachta), inniúlachtaí digiteacha agus feabhas a chur scileanna le haghaidh poist a bhfuil ganntanas scileanna ann ina leith;
8. á chur i bhfáth go háirithe a thábhachtaí atá Airteagal 7(2) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go mbeidh pacáiste comhordaithe ann chun na peirspictíochtaí agus na scileanna riachtanacha sa mhargadh saothair amach anseo a réamh-mheas, ar nithe iad atá i gcomhréir leis an aistriú i dtreo geilleagar atá inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus lena ndíreofar go háirithe ar leathadh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach thionsclaíoch;
9. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Danmhairg seirbhísí pearsantaithe a chur ar fáil do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 16 Deireadh Fómhair 2023 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 16 Deireadh Fómhair 2023 go ceann 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
10. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Danmhairg ar chaiteachas a thabhú chun CED a chur chun feidhme an 1 Meitheamh 2023, agus go mbeidh an caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe dá bhrí sin le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Meitheamh 2023 go ceann 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
11. á chur i bhfáth gur dhearbhaigh údaráis na Danmhairge nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí nó ionstraimí airgeadais eile an Aontais, agus go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir lena gcur chun feidhme;
12. á athdhearbhú nach mór nach dtiocfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú;
13. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
14. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
15. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón Danmhairg (EGF/2023/004 DK/Danish Crown)
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/1299.)
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2023/003 DE/Vallourec (COM(2024)0030 – C9-0041/2024 – 2024/0049(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0030 – C9‑0041/2024),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(1) (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2) arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(3), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0166/2024),
A. de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
B. de bhrí gur chuir an Ghearmáin iarratas EGF/2023/003 DE/Vallourec isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 1 518 n-iomarcaíocht(5) san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 24 (Monarú miotal bunúsach) i gcathracha comharsanachta Düsseldorf agus Mülheim an der Ruhr laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 26 Aibreán 2023 go dtí an 26 Lúnasa 2023;
C. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 1 518 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Vallourec Deutschland GmbH (VAD);
D. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 200 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;
E. de bhrí go bhfuil iomaíochas eacnamaíoch laghdaithe ag paindéim COVID-19 agus ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go bhfuil tionchar diúltach acu ar fhás eacnamaíoch sa Ghearmáin;
F. de bhrí gur mhonaraigh VAD, fochuideachta Ghearmánach Vallourec S.A, an Fhrainc, feadáin chruach theo-rollta gan uaim ag a dhá mhuileann cruach sa Ghearmáin; de bhrí, tar éis blianta de chaillteanais airgeadais, gur seoladh roinnt beart athstruchtúraithe agus laghdaithe agus plean téarnaimh tiomnaithe in 2018, lena mbaineann lamháltais ó na hoibrithe ar choinníollacha fostaíochta; de bhrí, in ainneoin roinnt ratha, go raibh deacrachtaí breise ann do mhuilte feadán Gearmánacha mar thoradh ar an staid eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID-19 agus ó 2015 i leith, gur cailleadh breis agus 1400 post cheana féin mar gheall ar athstruchtúrú; de bhrí gur chinn Vallourec S.A. in 2021 a mhuilte feadán Gearmánacha a dhíol agus a tháirgeadh a aistriú go dtí an Bhrasaíl; de bhrí gur theip ar an díol, as ar tháinig dúnadh críochnaitheach na láithreán agus as ar tháinig iomarcaíocht an lucht saothair a bhí fágtha faoin 1 Eanáir 2025;
G. de bhrí gur chomhaontaigh VAD cuideachta aistrithe a bhunú do gach baisc de na daoine a dífhostaíodh agus gur thairg an fiontar plean luathscoir d’fhostaithe a rugadh in 1966 nó roimhe sin, chomh maith le pleananna foirceanta deonacha do dhaoine a bhféadfadh sé nach mbeadh cúnamh níos faide ag teastáil uathu chun post nua a fháil;
H. de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach aeráidneodrach agus níos digití;
I. de bhrí go laghdaíonn athbhreithniú CAI an t-uasmhéid bliantúil CED ó EUR 186 mhilliún go EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765; de bhrí gur cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CED agus gur cheart do na hinstitiúidí uile aon bhearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir gach iarraidh ar thacaíocht CED a bhfuil údar cuí léi a chomhlíonadh mar léiriú ar dhlúthpháirtíocht AE;
1. ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Ghearmáin i dteideal EUR 2 984 627 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 4 974 379, a chuimsíonn EUR 4 783 057 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 191 322 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
2. ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Gearmáine an t-iarratas isteach an 15 Samhain 2023, agus, tar éis don Ghearmáin faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 29 Feabhra 2024 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
3. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 1 518 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Vallourec Deutschland GmbH (VAD); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur 835 oibrí spriocdhírithe a bheidh ann san iomlán;
4. á chur i bhfios go láidir go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh drochthionchar suntasach ag na hiomarcaíochtaí sin ar an ngeilleagar áitiúil atá faoi réir mórathruithe struchtúracha le fiche nó tríocha bliain anuas le laghdú suntasach ar phoist sa táirgeadh agus go háirithe i monaraíocht miotail; á chur i bhfios go dtiocfaidh méadú 11,6 % agus 5,6 % faoi seach ar an ráta dífhostaíochta i gcathracha Mülheim agus Düsseldorf mar gheall ar an dífhostú;
5. á chur i bhfios nach bhfuil próifílí na n-oibrithe iomarcacha ag teacht leis na scileanna atá á lorg ar mhargadh an tsaothair; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil formhór na n-oibrithe lena mbaineann ag dul chun cinn ina ngairmeacha gairmiúla, tar éis dóibh obair le haghaidh VAD ar feadh i bhfad, le leibhéil cáilíochtaí foirmiúla a fhágann nach bhfuil siad iomaíoch sa mhargadh saothair atá ann faoi láthair, ós rud é go bhfuil 20,1 % díobh os cionn 54 bliana d’aois; á chur i bhfáth gur dúshlán é uas-sciliú agus athsciliú na n-oibrithe i gcomhréir le héilimh an mhargaidh saothair ar phoist cháilithe, go háirithe i bhfianaise an líon mór daoine a dífhostaíodh an tráth céanna; á chur i bhfáth, thairis sin, maidir le huas-sciliú agus athsciliú oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht, gur gá riachtanais cháilíochta mheántéarmacha go fadtéarmach an chlaochlaithe thionsclaíoch go todhchaí aeráidneodrach a bhreithniú;
6. á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais é na cáilíochtaí riachtanacha a sholáthar do na hoibrithe seo a cuireadh ar iomarcaíocht, chun claochlú éiceolaíoch agus cóir agus thionscal an Aontais a dhéanamh i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ós rud é gur oibrigh siad in earnáil a bhí an-dian ó thaobh carbóin de. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an taighde agus an nuálaíocht chun go mbeidh an Eoraip oiriúnach don mhonaraíocht thionsclaíoch amach anseo chun cosc a chur ar an Aontas bealach an dícharbónaithe a bhaint amach trí dhíthionsclú; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na seirbhísí pearsantaithe a sholáthraíonn CED do na hoibrithe, lena n-áirítear bearta uas-scilithe, ceardlanna, treoshuíomh gairme, comhairleoireacht poist, chomh maith le liúntais oiliúna, chun an réigiún, agus an margadh saothair foriomlán, a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní sa todhchaí;
7. á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Ghearmáin an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe foirne agus lena gcomhpháirtithe sóisialta; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, díreach tar éis an chinnidh na muilte feadán a dhúnadh, gur chuir bainistíocht an fhiontair agus ionadaithe na bhfostaithe tús leis an gcaibidlíocht maidir le plean sóisialta, agus go háirithe maidir le cuideachta aistrithe a chruthú. ag aithint go ndearna VAD iarrachtaí suntasacha chun tionchar sóisialta dhúnadh na láithreán a íoslaghdú;
8. á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: oiliúint agus athoiliúint shaincheaptha, gairmthreoir, seirbhísí aonair cúnaimh i gcuardach poist agus gníomhaíochtaí grúpa spriocdhírithe, tacaíocht do chruthú gnó agus rannchuidiú leis, chomh maith le dreasachtaí agus liúntais;
9. á chur in iúl gur geal léi go mór gur beartaíodh beart maidir le bunscileanna digiteacha (Digitale Grundqualifizierung), lena bhfreastalaítear ar scaipeadh na scileanna is gá sa ré dhigiteach thionsclaíoch, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(2) den Rialachán CED; ag tabhairt dá haire go bhfuil an beart sin dírithe go háirithe ar na rannpháirtithe sin nach bhfuil scileanna digiteacha ar bith acu nó nach bhfuil mórán scileanna digiteacha acu; á chur in iúl gur geal léi go gcuirfear ríomhairí glúine ar fáil do rannpháirtithe ionas gur féidir leo an cúrsa a leanúint agus cleachtadh a dhéanamh sa bhaile, agus go dtabharfar aird ar leith ar scileanna feidhmeacha a chuidíonn le rannpháirtithe uirlisí idirlín a úsáid chun post a chuardach;
10. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghearmáin ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 1 Nollaig 2023 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Nollaig 2023 go dtí 24 mhí tar éis don chinneadh maoiniúcháin teacht i bhfeidhm;
11. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghearmáin ar chaiteachas riaracháin a thabhú chun CED a chur chun feidhme an 1 Eanáir 2023, agus go mbeidh an caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe dá bhrí sin le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Eanáir 2023 go ceann 31 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
12. á chur i bhfáth gur dhearbhaigh údaráis na Gearmáine nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí nó ionstraimí airgeadais eile an Aontais, agus go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir lena gcur chun feidhme;
13. á athdhearbhú nach mór nach dtiocfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú;
14. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
15. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
16. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin (EGF/2023/003 DE/Vallourec)
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/1298.)
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh EGF/2024/000 TA 2024 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún (COM(2024)0084 – C9-0042/2024 – 2024/0003(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0084 – C9‑0042/2024),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(1) (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027(2) arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765(3), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0173/2024),
A. de bhrí gur bhunaigh an tAontas ionstraimí reachtacha agus buiséadacha chun tacaíocht bhreise a sholáthar d’oibrithe a bhfuil an domhandú agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil tar éis difear a dhéanamh dóibh, amhail athruithe ar phatrúin trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó comhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, agus an t-aistriú ionsar gheilleagar ísealcharbóin, nó mar thoradh ar an digitiú nó ar an uathoibriú;
B. de bhrí gur cheart cúnamh an Aontais d’oibrithe iomarcacha a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe arb é is aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go mear i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe, agus iad a ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití, ag féachaint go cuí do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 i dtaca le cinntí a ghlacadh chun CED a shlógadh;
C. de bhrí gur leathnaigh an tAontas raon feidhme CED ar dtús chun tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcás aon mhórtheagmhais athstruchtúraithe, agus, ar an gcaoi sin, chun éifeachtaí eacnamaíocha ghéarchéim COVID-19 a chumhdach;
D. de bhrí go leathnaíodh raon feidhme CED a thuilleadh le glacadh Rialachán CED nua in 2021 chuig mórtheagmhais athstruchtúraithe a tharla mar thoradh ar an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin nó mar thoradh ar an digitiú nó ar an uathoibriú, agus ag an am céanna an tairseach is gá do ghníomhachtú CED a laghdú ó 500 oibrí iomarcach go dtí 200;
E. de bhrí go laghdaíonn an t-athbhreithniú CAI an t-uasmhéid bliantúil CED ó EUR 186 milliún go EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) 2020/2093 arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765; de bhrí gur cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CED agus gur cheart do na hinstitiúidí uile aon bhearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir gach iarraidh ar thacaíocht CED a bhfuil údar cuí léi a chomhlíonadh mar léiriú ar dhlúthpháirtíocht an Aontais;
F. de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán CED gur féidir 0,5 % den mhéid sin a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.
G. de bhrí go bhféadfadh caiteachas teicniúil agus riaracháin a bheith i gceist le cúnamh teicniúil do chur chun feidhme CED, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, mar aon le bailiú sonraí, lena n-áirítear i dtaca le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, gníomhaíochtaí cumarsáide agus na gníomhaíochtaí sin a chuireann le infheictheacht CED ina cháil mar chiste nó maidir le tionscadail shonracha agus bearta cúnaimh theicniúil eile;
H. de bhrí gurb ionann an méid atá beartaithe de EUR 165 000 agus thart ar 0,49 % den bhuiséad bliantúil uasta atá ar fáil le haghaidh CED in 2024;
1. ag aontú le EUR 165 000 a shlógadh agus leis na bearta arna mholadh ag an gCoimisiún le bheith maoinithe mar chúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 11(1) agus (4) chomh maith le hAirteagal 12(2), (3) agus (4) de Rialachán CED;
2. á chur in iúl gur geal léi an obair leanúnach ar nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh iarratais CED agus le haghaidh bhainistíocht CED ag úsáid na feidhmeanna a bhaineann leis an gcóras um malartú sonraí leictreonacha (an Comhchóras um Bainistíocht Cistí Comhroinnte - SFC), lenar féidir próiseáil na n-iarratas a éascú agus a dhéanamh níos tapúla, agus tuairisciú níos fearr;
3. ag tabhairt dá haire go n-úsáidfidh an Coimisiún an buiséad atá ar fáil faoin tacaíocht riaracháin chun cruinnithe a thionól de Shainghrúpa Daoine Teagmhála CED (beirt chomhaltaí ó gach Ballstát) agus seimineár amháin le rannpháirtíocht na gcomhlachtaí cur chun feidhme CED agus na gcomhpháirtithe sóisialta chun líonrú i measc Ballstát a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chuireadh a thabhairt go córasach don Pharlaimint go dtí na cruinnithe agus na seimineáir seo, i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chreat-Chomhaontaithe maidir leis an gcaidreamh idir an Pharlaimint agus an Coimisiún.
4. á iarraidh ar an gCoimisiún na dea-chleachtais a forbraíodh le linn thréimhse phaindéim COVID-19 a oiriúnú, go háirithe bearta a d’fhéadfadh cabhrú le dlús a chur le haistriú cuimsitheach glas agus digiteach agus tacú le príomhthosaíochtaí an Aontais, amhail comhionannas inscne;
5. á chur i bhfios gur gá feasacht ghinearálta agus infheictheacht CED a neartú tuilleadh; á chur i bhfios gur féidir an sprioc sin a bhaint amach trí CED a chumhdach i bhfoilseacháin éagsúla de chuid an Choimisiúin agus gníomhaíochtaí closamhairc éagsúla de chuid an Choimisiúin dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán CED; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, suíomh gréasáin tiomnaithe a bheith curtha ar bun le haghaidh CED agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a nuashonrú agus a leathnú go rialta, chun infheictheacht dlúthpháirtíochta Eorpaí a léiríonn CED don phobal i gcoitinne agus trédhearcacht ghníomhaíocht an Aontais a mhéadú;
6. á mheabhrú do na Ballstáit is iarratasóirí go bhfuil ról lárnach acu i bhfógraíocht a dhéanamh go forleathan faoi na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag CED do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal i gcoitinne, mar a leagtar amach in Airteagal 12 de Rialachán CED;
7. á fhormheas an cinneadh a ghabhann leis an rún seo;
8. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
9. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (EGF/2024/000 TA 2024 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/1300.)
ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).
Tarraingt siar an Aontais as an gConradh um Chairt Fuinnimh
109k
42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tarraingt siar an Aontais as an gConradh um Chairt Fuinnimh (06509/2024 – C9-0059/2024 – 2023/0273(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06509/2024),
– ag féachaint don Chonradh um Chairt Fuinnimh a síníodh i Liospóin an 17 Nollaig 1994, agus go háirithe d’Airteagal 47 de,
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagail 194(2) agus 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0059/2024),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus an Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0176/2024),
1. ag tabhairt a toilithe maidir le tarraingt siar an Aontais as an gConradh um Chairt Fuinnimh;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na bPáirtithe Conarthacha sa Chonradh um Chairt Fuinnimh.
Bearta chun an chosaint chonsalach a éascú do shaoránaigh den Aontas nach bhfuil ionadaíocht acu i dtríú tíortha
195k
70k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2015/637 maidir leis na bearta comhordaithe agus comhair chun an chosaint chonsalach a éascú do shaoránaigh den Aontas nach bhfuil ionadaíocht acu i dtríú tíortha agus Treoir (AE) 2019/997 lena mbunaítear Doiciméad Taistil Éigeandála AE (COM(2023)0930 – C9-0015/2024 – 2023/0441(CNS))
(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2023)0930),
– ag féachaint d’Airteagal 23(2), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0015/2024),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0178/2024),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;
4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún
Leasú
Leasú 1 Togra le haghaidh treorach Aithris 1 a (nua)
(1a) Ba cheart raon feidhme Threoir (AE) 2015/637 a leathnú freisin, thar shaoránaigh an Aontais, chuig gach duine eile atá i dteideal cosaint chonsalach de réir dlí Ballstáit chun go bhféadfaidh na daoine sin an chosaint sin a fháil ó Bhallstát eile faoi na coinníollacha céanna le saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu. Féadfar na daoine seo a leanas a áireamh sa chatagóir daoine sin: dídeanaithe aitheanta, daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu, daoine a bhfuil cónaí orthu go dleathach i mBallstát agus a bhfuil doiciméad taistil acu a d’eisigh an Ballstát sin, agus daoine atá faoi chosaint shealadach.
Leasú 2 Togra le haghaidh treorach Aithris 2
(2) Tá méadú ag teacht ar mhinicíocht agus ar scála na ngéarchéimeanna a mbíonn iarrataí ar chosaint chonsalach mar thoradh orthu. Mar gheall ar phaindéim COVID-19, an ghéarchéim san Afganastáin, cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, an choinbhleacht sa tSúdáin, na haisdúichithe ó Iosrael agus ó Ghaza agus géarchéimeanna comhchosúla eile, tá comhthéacs ann anois chun bearnaí a shainaithint agus machnamh a dhéanamh ar conas feidhmiú an chirt chun cosanta consalaí a éascú tuilleadh. Agus ceachtanna á bhfoghlaim ón taithí sin, agus chun nósanna imeachta a shimpliú do shaoránaigh agus d’údaráis chonsalacha, ba cheart rialacha agus nósanna imeachta Threoir (AE) 2015/637 a shoiléiriú agus a chuíchóiriú ionas go gcuirfear feabhas ar éifeachtacht sholáthar na cosanta consalaí do shaoránaigh den Aontas nach ndéantar ionadaíocht orthu, go háirithe i gcásanna géarchéime. Ba cheart an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ar leibhéal an Bhallstáit agus an Aontais araon, go háitiúil i dtríú tíortha agus ar an leibhéal caipitiúil araon.
(2) Tá méadú ag teacht ar mhinicíocht agus ar scála na ngéarchéimeanna a mbíonn iarrataí ar chosaint chonsalach mar thoradh orthu. Mar gheall ar phaindéim COVID-19, an ghéarchéim san Afganastáin in 2021, cogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine, an choinbhleacht sa tSúdáin, na haisdúichithe ó Iosrael agus ó Ghaza, na géarchéimeanna daonnúla atá ag dul i méid go gasta agus tubaistí nádúrtha agus tubaistí de dhéanamh an duine agus géarchéimeanna comhchosúla eile, tá comhthéacs ann anois chun bearnaí a shainaithint agus machnamh a dhéanamh ar conas feidhmiú an chirt chun cosanta consalaí a éascú tuilleadh. Ba cheart cumas an Aontais freagairt do na géarchéimeanna sin atá ag dul i méid go gasta agus atá ar siúl faoi láthair a threisiú, agus aghaidh á tabhairt ar aon easnamh agus ar ár n-ullmhacht, ar mbailiú faisnéise agus ár gcumas cinnteoireachta a neartú roimh ghéarchéimeanna agus lena linn. Agus ceachtanna á bhfoghlaim ón taithí sin, agus chun nósanna imeachta a shimpliú do shaoránaigh agus d’údaráis chonsalacha, ba cheart rialacha agus nósanna imeachta Threoir (AE) 2015/637 a shoiléiriú agus a chuíchóiriú ionas go gcuirfear feabhas ar éifeachtacht sholáthar na cosanta consalaí do shaoránaigh den Aontas nach ndéantar ionadaíocht orthu, go háirithe i gcásanna géarchéime. Ba cheart an úsáid is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ar leibhéal an Bhallstáit agus an Aontais araon, go háitiúil i dtríú tíortha agus ar an leibhéal caipitiúil araon.
Leasú 3 Togra le haghaidh treorach Aithris 4
(4) Chun feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil d’údaráis chonsalacha agus do shaoránaigh, is iomchuí critéir níos mionsonraithe a leagan síos a chabhraíonn lena mheasúnú an bhfuil saoránach den Aontas le breithniú a bheith ‘gan ionadaíocht’ agus i dteideal dá réir sin cosaint chonsalach a fháil ón mBallstát ar ar a údaráis chonsalacha a trialladh. Ba cheart na critéir sin a bheith solúbtha go leormhaith agus iad a chur chun feidhme i bhfianaise imthosca áitiúla, amhail fusacht taistil nó an staid slándála sa tríú tír lena mbaineann. Sa chomhthéacs sin, ba cheart inrochtaineacht agus gaireacht a bheith ina mbreithnithe tábhachtacha i gcónaí.
(4) Chun feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil d’údaráis chonsalacha agus do shaoránaigh, is iomchuí critéir níos mionsonraithe a leagan síos a chabhraíonn lena mheasúnú an bhfuil saoránach den Aontas le breithniú a bheith ‘gan ionadaíocht’ agus i dteideal dá réir sin cosaint chonsalach a fháil ón mBallstát ar ar a údaráis chonsalacha a trialladh. Ba cheart na critéir sin a bheith pragmatach agus solúbtha go leormhaith agus iad a chur chun feidhme i bhfianaise imthosca áitiúla, amhail fusacht taistil nó an staid slándála sa tríú tír lena mbaineann. Sa chomhthéacs sin, ba cheart inrochtaineacht, gaireacht agus sábháilteacht a bheith ina mbreithnithe tábhachtacha i gcónaí.
Leasú 4 Togra le haghaidh treorach Aithris 5
(5) Mar chéad chritéar, ba cheart d’údaráis chonsalacha a chur san áireamh a dheacra atá sé do shaoránaigh dul chomh fada le hambasáid nó consalacht Bhallstát a náisiúntachta go sábháilte laistigh de thréimhse réasúnta ama, nó a dheacra atá sé don ambasáid nó don chonsalacht sin teacht orthu amhlaidh, agus cineál agus práinn an chúnaimh a iarrtar agus na modhanna, go háirithe acmhainní airgeadais, atá ar fáil dóibh á gcur san áireamh. An gá le Doiciméad Taistil Éigeandála AE de thoradh caillteanas doiciméad taistil, mar shampla, is é ba cheart a bheith mar thoradh air sin, i bprionsabal, go mbreithneofaí an saoránach a bheith gan ionadaíocht dá mb’amhlaidh go mbeadh air taisteal thar oíche nó aerthaisteal a dhéanamh chun dul chomh fada le hambasáid nó consalacht Bhallstát a náisiúntachta, toisc nach féidir coinne a bheith lena thaisteal faoi imthosca den sórt sin.
(5) Mar chéad chritéar, ba cheart d’údaráis chonsalacha a chur san áireamh a dheacra atá sé do shaoránaigh dul chomh fada le hambasáid nó consalacht Bhallstát a náisiúntachta go sábháilte laistigh de 48 n-uair an chloig, nó a dheacra atá sé don ambasáid nó don chonsalacht sin teacht orthu amhlaidh, agus cineál agus práinn an chúnaimh a iarrtar agus na modhanna, go háirithe acmhainní airgeadais, atá ar fáil dóibh á gcur san áireamh. Cé go mbeidh an tréimhse iomchuí ag brath ar shainiúlachtaí gach iarrata ar chúnamh, níor cheart, i gcás ar bith, tréimhse níos faide ná 48 n-uair an chloig a bheith ann do shaoránaigh chun ambasáid nó consalacht a mBallstáit a shroicheadh nó a bhaint amach go sábháilte. An gá le Doiciméad Taistil Éigeandála AE de thoradh caillteanas doiciméad taistil, mar shampla, is é ba cheart a bheith mar thoradh air sin, i bprionsabal, go mbreithneofaí an saoránach a bheith gan ionadaíocht dá mb’amhlaidh go mbeadh air taisteal thar oíche nó aerthaisteal a dhéanamh chun dul chomh fada le hambasáid nó consalacht Bhallstát a náisiúntachta, toisc nach féidir coinne a bheith lena thaisteal faoi imthosca den sórt sin.
Leasú 5 Togra le haghaidh treorach Aithris 7
(7) Ba cheart coincheap na heaspa ionadaíochta a léirmhíniú d’fhonn éifeachtacht an chirt chun cosanta consalaí a áirithiú. I gcás inarb amhlaidh gur dócha go ndéanfaí dochar don chosaint chonsalach, tríd an saoránach a atreorú chuig ambasáid nó consalacht Bhallstát a náisiúntachta, go háirithe más gá, mar gheall ar phráinne an ábhair, gníomhaíocht láithreach ón ambasáid nó ón gconsalacht ar iarradh an chosaint uirthi, ba cheart breithniú ar an gcás sin freisin amhail is nach bhfuil ionadaíocht ag an saoránach. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcásanna géarchéime, i gcás ina bhféadfadh tionchar thar a bheith diúltach a bheith ag easpa cúnaimh thráthúil ar an saoránach.
(7) Ba cheart coincheap na heaspa ionadaíochta a léirmhíniú d’fhonn éifeachtacht an chirt chun cosanta consalaí a áirithiú. I gcás inarb amhlaidh gur dócha go ndéanfaí dochar don chosaint chonsalach, tríd an saoránach a atreorú chuig ambasáid nó consalacht Bhallstát a náisiúntachta, go háirithe más gá, mar gheall ar phráinne an ábhair, gníomhaíocht láithreach ón ambasáid nó ón gconsalacht ar iarradh an chosaint uirthi, ba cheart breithniú ar an gcás sin freisin amhail is nach bhfuil ionadaíocht ag an saoránach. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcásanna géarchéime, i gcás ina bhféadfadh tionchar thar a bheith diúltach a bheith ag easpa cúnaimh thráthúil ar an saoránach. Ina theannta sin, ba cheart laghdú suntasach ar fhoireann na hambasáide nó na consalachta, a d’fhéadfadh difear suntasach a dhéanamh d’éifeachtacht agus d’éifeachtúlacht a n-oibríochtaí, a chur san áireamh toisc go bhféadfadh sé cur leis na dúshláin atá roimh shaoránaigh a bhfuil cúnamh consalach á lorg acu.
Leasú 6 Togra le haghaidh treorach Aithris 11
(11) Níor cheart iarratais a aistriú dá ndéanfaí dochar don chosaint chonsalach dá dheasca, go háirithe má éilíonn práinne an ábhair gníomhaíocht láithreach ó ambasáid nó ó chonsalacht an Bhallstáit ar ar trialladh. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcásanna éigeandálaí leighis tromchúiseacha nó gabhálacha ar cosúil go bhfuil siad treallach. Ina theannta sin, ba cheart saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu a choimeád ar an eolas maidir le haon aistriú den sórt sin.
(11) Níor cheart iarratais a aistriú dá ndéanfaí dochar don chosaint chonsalach dá dheasca, go háirithe má éilíonn práinne an ábhair gníomhaíocht láithreach ó ambasáid nó ó chonsalacht an Bhallstáit ar ar trialladh. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcásanna éigeandálaí leighis tromchúiseacha nó gabhálacha ar cosúil go bhfuil siad treallach nó go ndearnadh ar chúiseanna polaitiúla iad. Ina theannta sin, ba cheart saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu a choimeád ar an eolas maidir le haon aistriú den sórt sin.
Leasú 7 Togra le haghaidh treorach Aithris 13
(13) I gcás ina bhfuil cosaint chonsalach á soláthar do shaoránaigh nach bhfuil ionadaíocht acu, ba cheart do na Ballstáit riachtanais shonracha grúpaí leochaileacha a chur san áireamh, amhail mionaoisigh neamhthionlactha, mná torracha, daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, daoine faoi mhíchumas nó daoine aonair atá i mbaol a n-idirdhealaithe ar aon fhoras amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt.
(13) Agus cosaint chonsalach á soláthar do shaoránaigh nach bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu, ba cheart do na Ballstáit cur chuige trasnach a chur san áireamh maidir le riachtanais shonracha grúpaí leochaileacha, amhail mionaoisigh neamhthionlactha, íospartaigh an phósta éigeantais nó an bhraighdeanas phósta, ar daoine iad ar cheart tacaíocht dhlíthiúil agus shíceolaíoch a sholáthar dóibh, mná torracha, daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas nó daoine aonair atá i mbaol idirdhealaithe ar aon fhoras amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt.
Leasú 8 Togra le haghaidh treorach Aithris 19
(19) Chun a áirithiú go mbeifear ullamh i gcomhair géarchéimeanna consalacha a d’fhéadfadh a bheith ann inar ghá cúnamh a sholáthar do shaoránaigh nach bhfuil ionadaíocht acu, ba cheart a áireamh sa chomhar consalach áitiúil idir na Ballstáit agus toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha malartuithe maidir le hábhair atá ábhartha do na saoránaigh sin, lena n-áirítear a slándáil agus a sábháilteacht, bunú comhphleananna teagmhasacha consalacha agus eagrú cleachtaí consalacha. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha go háirithe d’údaráis chonsalacha na mBallstát nach mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu go n-áireofar iad sa chomhar consalach áitiúil sin i gcás ina mbeidh ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus freagairt i gcás géarchéime á gcomhordú.
(19) Chun a áirithiú go mbeifear ullamh i gcomhair géarchéimeanna consalacha a d’fhéadfadh a bheith ann inar ghá cúnamh a sholáthar do shaoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu - lena n-áirítear tubaistí nádúrtha, corraíl pholaitiúil nó ionsaithe sceimhlitheoireachta -, ba cheart go n-áireofaí sa chomhar consalach áitiúil idir na Ballstáit agus toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha malartuithe maidir le hábhair atá ábhartha do na saoránaigh sin, lena n-áirítear a slándáil agus a sábháilteacht, bunú comhphleananna teagmhasacha consalacha agus sásraí mearfhreagartha, agus eagrú cleachtaí consalacha. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha go háirithe d’údaráis chonsalacha na mBallstát nach mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu go n-áireofar iad sa chomhar consalach áitiúil sin i gcás ina mbeidh ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus freagairt i gcás géarchéime á gcomhordú.
Leasú 9 Togra le haghaidh treorach Aithris 23
(23) Ba cheart róil agus freagrachtaí Stát Treorach, is é sin, na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu i dtríú tír ar leith atá i gceannas ar an gcúnamh do shaoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu a chomhordú agus a threorú le linn géarchéimeanna, a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, chun comhordú éifeachtach cúnaimh chonsalaigh a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar chomhphleananna teagmhasacha consalacha go bliantúil i gcomhthéacs cleachtaí consalacha chun a n-ábharthacht leanúnach a áirithiú. An tráth céanna, níor cheart a thuiscint go gcuirtear comhphleananna teagmhasacha consalacha in ionad pleananna géarchéime náisiúnta na mBallstát atá ann cheana nó go ndéanann siad difear dá bhfreagracht as cúnamh consalach a sholáthar dá náisiúnaigh féin.
(23) Ba cheart róil agus freagrachtaí Stát Treorach, is é sin, na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu i dtríú tír ar leith atá i gceannas ar an gcúnamh do shaoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu a chomhordú agus a threorú le linn géarchéimeanna, a chur san áireamh, i gcás inarb iomchuí, chun comhordú éifeachtach cúnaimh chonsalaigh a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar chomhphleananna teagmhasacha consalacha go bliantúil, nó níos minice más ann d’imthosca urghnácha ina n-éilítear amhlaidh, i gcomhthéacs cleachtaí consalacha chun a n-ábharthacht leanúnach a áirithiú. An tráth céanna, níor cheart a thuiscint go gcuirtear comhphleananna teagmhasacha consalacha in ionad pleananna géarchéime náisiúnta na mBallstát atá ann cheana nó go ndéanann siad difear dá bhfreagracht as cúnamh consalach a sholáthar dá náisiúnaigh féin, ach gur cur chuige comhleanúnach iad a d’fhéadfadh cabhrú le hiarrachtaí na mBallstát a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu a chomhordú.
Leasú 10 Togra le haghaidh treorach Aithris 25
(25) Le comhairle taistil, is é sin faisnéis arna heisiúint ag na Ballstáit maidir le sábháilteacht choibhneasta an taistil chuig tríú tíortha sonracha, cuirtear ar a gcumas do thaistealaithe cinneadh a bhfuil bonn eolais mhaith faoi a dhéanamh maidir le ceann sprice taistil áirithe, lena n-áirítear tríú tíortha nach mbeidh ionadaíocht á déanamh ar Bhallstát a náisiúntachta iontu. Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as comhairle taistil a eisiúint, is iomchuí go gcomhordú siad le chéile i dtaobh na topaice sin, go háirithe i gcomhthéacs cásanna géarchéime, d’fhonn a áirithiú, a mhéid is féidir, go mbeidh comhsheasmhacht sa leibhéal comhairle a thugtar. D’fhéadfaí a áireamh air sin comhaontú a dhéanamh maidir le struchtúr coiteann i ndáil leis na leibhéil riosca a shonraítear sa chomhairle taistil, agus úsáid á baint as ardán slán SEGS. I gcás inar féidir, ba cheart an comhordú sin a dhéanamh ag luathchéim i gcás ina mbeidh na Ballstáit ag beartú leibhéal a gcomhairle taistil a athrú.
(25) Ba cheart comhairle taistil, is é sin faisnéis arna heisiúint ag na Ballstáit maidir le sábháilteacht choibhneasta an taistil chuig tríú tíortha sonracha, a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun a chur ar a gcumas do thaistealaithe cinneadh a bhfuil bonn eolais mhaith faoi a dhéanamh maidir le ceann sprice taistil áirithe, lena n-áirítear tríú tíortha nach ndéantar ionadaíocht ar Bhallstát a náisiúntachta iontu. Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as comhairle taistil a eisiúint, is iomchuí dóibh comhordú le chéile i dtaobh na topaice sin, go háirithe i gcomhthéacs géarchéimeanna, d’fhonn a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht sa leibhéal comhairle a thugtar. D’fhéadfaí a áireamh air sin comhaontú a dhéanamh maidir le struchtúr coiteann i ndáil leis na leibhéil riosca a shonraítear sa chomhairle taistil, agus úsáid á baint as ardán slán SEGS. Ba cheart an comhordú sin a dhéanamh ag luathchéim i gcás ina mbeidh na Ballstáit ag beartú leibhéal a gcomhairle taistil a athrú.
Leasú 11 Togra le haghaidh treorach Aithris 26
(26) Tá comhordú éifeachtúil ríthábhachtach chun freagairt éifeachtach i gcás géarchéime a áirithiú. Chun an comhordú sin a áirithiú, ba cheart do Lárionad SEGS um Fhreagairt i gcás Géarchéime agus do Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit. Tá tábhacht ar leith le freagairt chomhordaithe an Aontais i gcás géarchéime i gcásanna ina bhfuil gá le haslonnú chun a áirithiú go soláthrófar go héifeachtach an tacaíocht atá ar fáil, agus go mbainfear an úsáid is fearr as na hacmhainneachtaí aslonnaithe atá ar fáil. Ar an gcúis sin, ba cheart faisnéis maidir leis an acmhainneacht aslonnaithe atá ar fáil a roinnt go tráthúil, lena n-áirítear i gcás oibríochtaí tarrthála agus aslonnaithe ina n-úsáidtear sócmhainní míleata.
(26) Tá comhordú éifeachtúil ríthábhachtach chun freagairt éifeachtach i gcás géarchéime a áirithiú. Chun an comhordú sin a áirithiú, ní mór do na Ballstáit tacaíocht agus faisnéis thráthúil a fháil ó Lárionad SEGS um Fhreagairt i gcás Géarchéime agus do Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin. Tá tábhacht ar leith le freagairt chomhordaithe an Aontais i gcás géarchéime i gcásanna ina bhfuil gá le haslonnú chun a áirithiú go soláthrófar go tapa agus go héifeachtach an tacaíocht atá ar fáil, agus go mbainfear an úsáid is fearr as na hacmhainneachtaí aslonnaithe atá ar fáil. Ar an gcúis sin, ba cheart faisnéis ó bhunfhoinse agus faisnéis ábhartha,amhail faisnéis maidir leis an acmhainneacht aslonnaithe atá ar fáil mar shampla a chomhroinnt ar bhealach tráthúil chun bheith in ann freagairt go tapa agus go héifeachtach, lena n-áirítear i gcás oibríochtaí tarrthála agus aslonnaithe ina n-úsáidtear sócmhainní míleata. I ndáil leis sin, ba cheart go mbeadh SEGS in ann faisnéis uathoibríoch agus leanúnach a fháil ó na Ballstáit maidir leis an staid i dtríú tíortha.
Leasú 12 Togra le haghaidh treorach Aithris 28
(28) Ba cheart comhfhoirne consalacha a bheith bunaithe ar phrionsabail na rannpháirtíochta deonaí, na dlúthpháirtíochta leis na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht á déanamh orthu, an chomhionannais maidir le cinntí i dtaobh struchtúir inmheánacha oibre, na simplíochta i dtaobh comhdhéanamh foirne, comhroinnt costas – ar dá réir a íocfaidh gach Ballstát, institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais a chostais oibriúcháin féin –prionsabal na solúbthachta, prionsabal na hinfheictheachta maidir le freagairt chomhordaithe an Aontais agus prionsabal na hoscailteachta do thríú tíortha ábhartha.
(28) Ba cheart comhfhoirne consalacha a bheith bunaithe ar phrionsabal na dlúthpháirtíochta leis na Ballstáit a mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu, prionsabal an chomhionannais maidir le cinntí i dtaobh struchtúir oibre inmheánacha, prionsabal na simplíochta maidir le comhdhéanamh foirne, prionsabal na solúbthachta i dtaobh comhroinnt costas – ar dá réir a íocfaidh gach Ballstát, institiúid nó comhlacht de chuid an Aontais a chostais oibriúcháin féin – prionsabal na hinfheictheachta maidir le freagairt chomhordaithe an Aontais agus prionsabal na hoscailteachta do thríú tíortha ábhartha.
Leasú 13 Togra le haghaidh treorach Aithris 30
(30) Chun tacú le saoránaigh den Aontas a bhfuil cúnamh de dhíth orthu, tá sé tábhachtach faisnéis iontaofa a sholáthar dóibh maidir leis an gcaoi ar féidir leo cúnamh consalach a fháil i dtríú tíortha. Ba cheart do ranna an Choimisiúin agus do SEGS rannchuidiú leis an gcuspóir sin trí fhaisnéis ábhartha a scaipeadh, lena n-áirítear faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit maidir lena líonraí consalacha agus le tríú tíortha ina ndearna siad comhaontuithe praiticiúla i ndáil le comhroinnt freagrachtaí as cosaint chonsalach a sholáthar do shaoránaigh nach bhfuil ionadaíocht acu. Chun próiseáil na faisnéise sin a éascú, ba cheart í a sholáthar i bhformáid mheaisín-inléite.
(30) Chun tacú le saoránaigh den Aontas a bhfuil cúnamh de dhíth orthu, tá sé tábhachtach faisnéis iontaofa agus inrochtana go héasca a sholáthar dóibh maidir leis an gcaoi ar féidir leo cúnamh consalach a fháil i dtríú tíortha, lena n-áirítear roghanna maidir le teagmháil dhigiteach. Ba cheart do ranna an Choimisiúin agus do SEGS, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, faisnéis ábhartha a scaipeadh, lena n-áirítear faisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit maidir lena líonraí consalacha agus le tríú tíortha ina ndearna siad comhaontuithe praiticiúla i ndáil le comhroinnt freagrachtaí as cosaint chonsalach a sholáthar do shaoránaigh nach bhfuil ionadaíocht acu. Chun próiseáil na faisnéise sin a éascú, ba cheart í a sholáthar i bhformáid mheaisín-inléite.
Leasú 14 Togra le haghaidh treorach Aithris 30 a (nua)
(30a) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil rochtain éasca ag saoránaigh ar fhaisnéis maidir le cosaint chonsalach atá cothrom le dáta. I dtaca leis sin, ba cheart go bhfaigheadh saoránaigh AE fógraí prasa maidir lena gcearta agus maidir le nósanna imeachta chun iad a fheidhmiú agus iad i dtríú tíortha, go háirithe le linn cásanna géarchéime.
Leasú 15 Togra le haghaidh treorach Aithris 31
(31) Ba cheart do na Ballstáit bearta breise a dhéanamh chun rannchuidiú tuilleadh le feasacht saoránach den Aontas faoina gceart chun cosanta consalaí a mhúscailt, agus riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh freisin. I bhfianaise na gcostas teoranta atá i gceist leis do naBallstáit, bealach amháin inar féidir é sin a dhéanamh ba ea foclaíocht Airteagal 23 CFAE a atáirgeadh i bpasanna arna n-eisiúint ag na Ballstáit mar bhealach chun feasacht saoránach faoin gceart cosaint a fháil ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha a fheabhsú, mar a mholtar cheana féin le Moladh C(2007) 5841 ón gCoimisiún. D’fhéadfadh na Ballstáit faisnéis maidir leis an gceart chun cosanta consalaí ag saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu a chur i láthair freisin i gcomhairle taistil agus i bhfeachtais a bhaineann le cúnamh consalach. D’fhéadfaidís dul i gcomhar freisin le soláthraithe seirbhíse iompair paisinéirí agus moil iompair a chuireann taisteal chuig tríú tíortha ar fáil, trína iarraidh orthu faisnéis ábhartha maidir leis an gceart chun cosanta consalaí a chur leis na hábhair faisnéise a chuirtear ar fáil do chustaiméirí, mar shampla.
(31) Ba cheart do na Ballstáit bearta breise a dhéanamh chun rannchuidiú tuilleadh le feasacht saoránach den Aontas faoina gceart chun cosanta consalaí a mhúscailt, agus riachtanais shonracha daoine faoi mhíchumas á gcur san áireamh freisin. I bhfianaise na gcostas teoranta atá i gceist leis, ba cheart do na Ballstáit foclaíocht Airteagal 23 CFAE a atáirgeadh i bpasanna arna n-eisiúint ag na Ballstáit mar bhealach chun feasacht saoránach faoin gceart cosaint a fháil ó údaráis taidhleoireachta agus chonsalacha a fheabhsú, mar a mholtar cheana féin le Moladh C(2007) 5841 ón gCoimisiún. Ba cheart do na Ballstáit faisnéis maidir leis an gceart chun cosanta consalaí ag saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu a chur i láthair freisin i gcomhairle taistil agus i bhfeachtais a bhaineann le cúnamh consalach. Ba cheart dóibh dul i gcomhar freisin le soláthraithe seirbhíse iompair paisinéirí agus moil iompair a chuireann taisteal chuig tríú tíortha ar fáil, trína iarraidh orthu faisnéis ábhartha maidir leis an gceart chun cosanta consalaí a chur leis na hábhair faisnéise a chuirtear ar fáil do chustaiméirí, mar shampla.(
__________________
__________________
5 Moladh C(2007) 5841 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2007 maidir le téacs Airteagal 20 CFAE a atáirgeadh i bpasanna (IO L 118, 6.5.2008, lch. 30, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reco/2008/355/oj)?locale=ga
5 Moladh C(2007) 5841 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2007 maidir le téacs Airteagal 20 CFAE a atáirgeadh i bpasanna (IO L 118, 6.5.2008, lch. 30, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reco/2008/355/oj)?locale=ga
Leasú 16 Togra le haghaidh treorach Aithris 32
(32) Ba cheart forálacha airgeadais Threoir (AE) 2015/637 a oiriúnú chun aisíocaíochtaí a shimpliú agus leanúint de bheith ag áirithiú go gcomhroinnfear an t-ualach airgeadais. Go sonrach, ba cheart go bhféadfadh saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu costais a aisíoc go díreach, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit cúnaimh, as an tseirbhís a sholáthraíonn an Ballstát sin chun an t-ualach riaracháin a leanann as aisíocaíochtaí a lorg ó Bhallstát náisiúntachta an tsaoránaigh a sheachaint. Ina theannta sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit muirearú costas den sórt sin a tharscaoileadh. Ós amhlaidh, i gcásanna áirithe, nach mbeidh saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu in ann íocaíocht a dhéanamh nuair a iarrfaidh siad cúnamh, go háirithe i gcás inar goideadh a gcuid airgid thirim agus a modhanna rochtana ar chistí, is gá a fhoráil go bhféadfaidh údaráis chonsalacha an Bhallstáit cúnaimh a cheangal orthu gealltanas i leith aisíocaíochta a shíniú. Ar bhonn gealltanas den sórt sin, féadfaidh údaráis an Bhallstáit cúnaimh a iarraidh go n-aisíocfar na costais tráth a bheidh 4 seachtaine caite ó soláthraíodh an cúnamh.
(32) Ba cheart forálacha airgeadais Threoir (AE) 2015/637 a oiriúnú chun aisíocaíochtaí a shimpliú agus leanúint de bheith ag áirithiú go gcomhroinnfear an t-ualach airgeadais. Go sonrach, ba cheart go bhféadfadh saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu costais a aisíoc go díreach, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Bhallstáit cúnaimh, as an tseirbhís a sholáthraíonn an Ballstát sin chun an t-ualach riaracháin a leanann as aisíocaíochtaí a lorg ó Bhallstát náisiúntachta an tsaoránaigh a sheachaint. Ina theannta sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit muirearú costas den sórt sin a tharscaoileadh. Ós amhlaidh, i gcásanna áirithe, nach mbeidh saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu in ann íocaíocht a dhéanamh nuair a iarrfaidh siad cúnamh, go háirithe i gcás inar goideadh a gcuid airgid thirim agus a modhanna rochtana ar chistí, is gá a fhoráil go bhféadfaidh údaráis chonsalacha an Bhallstáit cúnaimh a cheangal orthu gealltanas i leith aisíocaíochta a shíniú. Ar bhonn gealltanas den sórt sin, féadfaidh údaráis an Bhallstáit cúnaimh a iarraidh go n-aisíocfar na costais tráth a bheidh 3 mhí caite ó soláthraíodh an cúnamh.
Leasú 17 Togra le haghaidh treorach Aithris 33
(33) I gcásanna nár aisíoc an saoránach na costais go díreach, is é sin, nár íoc sé láithreach iad tráth na hiarrata ná ag céim níos déanaí arna iarraidh sin don Bhallstát cúnaimh ar bhonn an ghealltanais i leith aisíocaíochta, ba cheart an Ballstát cúnaimh a bheith i dteideal a iarraidh ar Bhallstát náisiúntachta an tsaoránaigh nach raibh ionadaíocht aige na costais atá dlite a aisíoc. Ionas nach mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar iarrataí ar aisíocaíocht tar éis tréimhsí fada, ba cheart sprioc-am réasúnta a thabhairt don Bhallstát cúnaimh agus don Bhallstát náisiúntachta chun an iarraidh agus an aisíocaíocht, faoi seach, a dhéanamh.
(33) I gcásanna nár aisíoc an saoránach na costais go díreach, is é sin, nár íoc sé láithreach iad tráth na hiarrata ná ag céim níos déanaí arna iarraidh sin don Bhallstát cúnaimh ar bhonn an ghealltanais i leith aisíocaíochta, ba cheart an Ballstát cúnaimh a bheith i dteideal a iarraidh ar Bhallstát náisiúntachta an tsaoránaigh nach raibh ionadaíocht aige na costais atá dlite a aisíoc. Ionas nach mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar iarrataí ar aisíocaíocht tar éis tréimhsí fada, ba cheart sprioc-am réasúnta a thabhairt don Bhallstát cúnaimh agus don Bhallstát náisiúntachta chun an iarraidh agus an aisíocaíocht, faoi seach, a dhéanamh. Ba cheart castacht na faidhbe, rannpháirtíocht fhoireann na saoráide agus fad an chúnaimh a chur san áireamh sa spriocdháta.
Leasú 18 Togra le haghaidh treorach Aithris 34 a (nua)
(34a) Ba cheart méadú iomchuí ar bhuiséad agus acmhainní daonna SEGS a dheonú, sa bhreis ar an ioncam ó aisíocaíochtaí na mBallstát, chun feidhmiú cuí na bhfhreagrachtaí a ráthú maidir le cúnamh agus/nó cosaint a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais.
Leasú 19 Togra le haghaidh treorach Aithris 41
(41) I gcás ina mbeidh catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin á bpróiseáil, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát agus d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a áirithiú go ndéanfar bearta oiriúnacha sonracha chun leasanna ábhar sonraí a choimirciú. Ba cheart go n-áireofaí orthu sin, i gcás inar féidir, na sonraí pearsanta sin a chriptiú agus cearta rochtana a shannadh go sonrach do phearsanra a bhfuil rochtain acu ar na cineálacha sonraithe catagóirí speisialta sonraí pearsanta.
(41) I gcás ina mbeidh catagóirí speisialta sonraí pearsanta den sórt sin á bpróiseáil, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát agus d’institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a áirithiú go ndéanfar bearta oiriúnacha sonracha chun leasanna agus cearta ábhar sonraí a choimirciú. Ba cheart go n-áireofaí orthu sin, i gcás inar féidir, na sonraí pearsanta sin a chriptiú agus cearta rochtana a shannadh go sonrach do phearsanra a bhfuil rochtain acu ar na cineálacha sonraithe catagóirí speisialta sonraí pearsanta.
(-1) in Airteagal 4, cuirtear isteach an fhomhír 1a seo a leanas:
‘Beidh dídeanaithe aitheanta agus daoine gan stát agus daoine eile nach bhfuil náisiúntacht aon tíre acu, a bhfuil cónaí orthu i mBallstát agus a bhfuil doiciméad taistil acu a d’eisigh an Ballstát sin, i dteideal cosaint chonsalach faoi na coinníollacha céanna le saoránaigh gan ionadaíocht, mura ndéanann údarás taidhleoireachta nó consalach ionadaíocht ar Bhallstát cónaithe.’
(a) a dheacra atá sé don saoránach lena mbaineann dul chomh fada le hambasáid nó consalacht Bhallstát a náisiúntachta go sábháilte laistigh de thréimhse réasúnta ama, nó a dheacra atá sé don ambasáid nó don chonsalacht sin teacht amhlaidh ar an saoránach sin, agus cineál agus práinn an chúnaimh a iarrtar agus na modhanna atá ar fáil don saoránach á gcur san áireamh;
(a) a dheacra atá sé don saoránach lena mbaineann dul chomh fada le hambasáid nó consalacht Bhallstát a náisiúntachta go sábháilte laistigh de thréimhse réasúnta ama, nó a dheacra atá sé don ambasáid nó don chonsalacht sin teacht amhlaidh ar an saoránach sin, agus cineál agus práinn an chúnaimh a iarrtar agus na modhanna atá ar fáil don saoránach á gcur san áireamh. Cé go mbeidh an tréimhse iomchuí ag brath ar shainiúlachtaí gach iarrata ar chúnamh, níor cheart, i gcás ar bith, tréimhse níos faide ná 48 n-uair an chloig a bheith ann do shaoránaigh chun ambasáid nó consalacht a mBallstáit a shroicheadh nó a bhaint amach go sábháilte;
3a. I gcás inarb iad toscaireachtaí an Aontais an t-aon ionadaíocht amháin atá lonnaithe go fisiciúil i dtríú tír, nó i gcás ina bhfuil gá oibiachtúil le cúnamh breise do shaoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu le linn géarchéime de dheasca acmhainneacht neamhleor ambasáidí agus chonsalachtaí na mBallstát, is toscaireachtaí an Aontais a sholáthróidh cúnamh consalach, lena n-áirítear Doiciméid Éigeandála Taistil a eisiúint de réir na bhforálacha a leagtar amach i dTreoir (AE) 2019/997.
4a. I gcás ina mbeidh cosaint chonsalach á soláthar do shaoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh cur chuige trasnach maidir le riachtanais shonracha grúpaí leochaileacha agus daoine aonair atá i mbaol a n-idirdhealaithe ar aon fhoras amhail iad siúd dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt, eadhon inscne, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach.’
(2) in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (e) agus (f):
(2) cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 9:
‘(e) fóirithin, aslonnú agus aisdúichiú i gcás éigeandála;
scriosta
(f) an gá atá le Doiciméad Taistil Éigeandála AE a bhunaítear le Treoir (AE) 2019/997*.
scriosta
(fa) imeachtaí cúirte i gcásanna práinneacha nach mór aird a thabhairt orthu láithreach.
__________________
__________________
Treoir (AE) 2019/997 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Doiciméad Práinne Taistil AE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 96/409/CBES (IO L 163, 20.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/997/oj).’;
2. Tacóidh toscaireachtaí an Aontais leis na Ballstáit cosaint chonsalach a sholáthar do shaoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu i gcomhréir le hAirteagal 5(10) de Chinneadh 2010/427/AE. Féadfar cúraimí sonracha cúnaimh chonsalaigh a dhéanamh, arna iarraidh sin do na Ballstáit agus thar a gceann, a áireamh leis an tacaíocht sin. Déanfaidh an Ballstát cúnaimh agus an Ballstát náisiúntachta an fhaisnéis ábhartha uile sa chás lena mbaineann a sholáthar do thoscaireachtaí an Aontais.
2. Tacóidh toscaireachtaí an Aontais leis na Ballstáit cosaint chonsalach a sholáthar do shaoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu i gcomhréir le hAirteagal 5(10) de Chinneadh 2010/427/AE. Féadfar cúraimí sonracha cúnaimh chonsalaigh a dhéanamh, arna iarraidh sin do na Ballstáit agus thar a gceann, a áireamh leis an tacaíocht sin. Déanfaidh an Ballstát cúnaimh agus an Ballstát náisiúntachta an fhaisnéis ábhartha uile sa chás lena mbaineann a sholáthar gan mhoill do thoscaireacht an Aontais.
2a. Leithdháilfear na hacmhainní airgeadais agus daonna is gá ar SEGS agus ar Thoscaireachtaí an Aontais chun an forchostas agus an t-ualach oibre riaracháin cothrománach breise a chumhdach.
Leasú 27 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 Treoir (AE) 2015/637 Airteagal 13 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. I gcomhthéacs comhair chonsalaigh áitiúil dá dtagraítear in Airteagal 12, déanfaidh na Ballstáit agus SEGS comhphlean teagmhasach consalach a bhunú agus a chomhaontú le haghaidh gach tríú tír. Tabharfar an comhphlean teagmhasach consalach cothrom le dáta go bliantúil agus is é a bheidh ann:
1. I gcomhthéacs comhair chonsalaigh áitiúil dá dtagraítear in Airteagal 12, déanfaidh na Ballstáit agus SEGS comhphlean teagmhasach consalach a bhunú agus a chomhaontú le haghaidh gach tríú tír. Tabharfar an comhphlean teagmhasach consalach cothrom le dáta go bliantúil, nó níos minice i gcás imthosca urghnácha agus is é a bheidh ann:
(a) anailís ar an staid chonsalach sa tír, lena n-áirítear forbhreathnú ar ambasáidí nó consalachtaí Ballstáit, meastachán ar an líon saoránach den Aontas agus a suíomh, agus measúnú riosca ar na cásanna is sochreidte a dhéanfadh difear do shaoránaigh den Aontas;
(a) anailís ar an staid chonsalach sa tír, lena n-áirítear forbhreathnú ar ambasáidí nó consalachtaí Ballstáit, meastachán ar an líon saoránach den Aontas agus a suíomh, agus measúnú riosca ar na cásanna is sochreidte a dhéanfadh difear do shaoránaigh den Aontas amhail rioscaí míleata, polaitiúla, coiriúla agus sláinte, agus tubaistí nádúrtha, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin;
I gcás ina mbeidh siad i láthair, comhordóidh toscaireachtaí an Aontais bunú agus comhaontú comhphleananna teagmhasacha consalacha, bunaithe ar rannchuidithe arna dtabhairt ag ambasáidí nó consalachtaí na mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu sa tríú tír lena mbaineann agus ag údaráis chonsalacha na mBallstát nach mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu. Cuirfear comhphleananna teagmhasacha consalacha ar fáil do na Ballstáit uile, do SEGS agus do ranna an Choimisiúin.
I gcás ina mbeidh siad i láthair, comhordóidh toscaireachtaí an Aontais bunú agus comhaontú comhphleananna teagmhasacha consalacha, bunaithe ar rannchuidithe arna dtabhairt ag ambasáidí nó consalachtaí na mBallstát a mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu sa tríú tír lena mbaineann agus ag údaráis chonsalacha na mBallstát nach mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu. D’fhéadfadh sé go n-áireofar leis sin, nuair is gá, an comhar le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Cuirfear comhphleananna teagmhasacha consalacha ar fáil do na Ballstáit uile, do SEGS agus do ranna an Choimisiúin.
3a. Comhoibreoidh na Ballstáit agus toscaireachtaí an Aontais i ndáil le himscaradh na gCóras Luathrabhaidh chun é a chur ar a gcumas dóibh géarchéimeanna nó guaiseacha ionchasacha, amhail tubaistí nádúrtha, corraíl pholaitiúil, nó géarchéimeanna sláinte, a bhrath go tráthúil sa tríú tír lena mbaineann. Úsáidfidh na córais sin anailísíocht sonraí, measúnuithe riosca, agus comhroinnt faisnéise chun luath-tháscairí maidir le bagairtí atá ag teacht chun cinn a sholáthar, agus feabhas á chur ar éifeachtacht na hullmhachta le haghaidh géarchéimeanna agus iarrachtaí freagartha ar an gcaoi sin.
4. Tabharfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an deis dá saoránaigh a chur in iúl d’údaráis náisiúnta inniúla, trí mhodhanna agus uirlisí iomchuí, go bhfuil siad ag taisteal chuig tríú tíortha nó ina gcónaí iontu nó an taisteal nó an chónaitheacht sin a chlárú leo.
4. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, bearta réamhghníomhacha chun a áirithiú go gcuirfidh a gcuid saoránach in iúl d’údaráis náisiúnta inniúla, trí mhodhanna agus uirlisí iomchuí, go bhfuil siad ag taisteal chuig tríú tíortha nó ina gcónaí iontu nó an taisteal nó an chónaitheacht sin a chlárú leo, go háirithe nuair nach meastar go bhfuil na tríu tíortha atá i gceist go hiomlán slán.
5. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le hathruithe ar a gcomhairle taistil do shaoránaigh a mhalartú ag luathchéim, go háirithe i gcomhthéacs cásanna géarchéime, agus féachfaidh siad lena áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht sa leibhéal comhairle taistil a thugtar.’;
5. Déanfaidh na Ballstáit faisnéis maidir le hathruithe ar a gcomhairle taistil do shaoránaigh a mhalartú ag luathchéim, go háirithe i gcomhthéacs cásanna géarchéime, agus féachfaidh siad lena áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht sa leibhéal comhairle taistil a thugtar.’ Ba cheart go gcuirfeadh na Ballstáit in iúl dá chéile i gcónaí gach uair a bheidh siad ar an eolas faoi rioscaí slándála méadaithe.
5a. Cuirfidh na Ballstáit feabhas ar fheasacht staide le Toscaireachtaí an Aontais i dtríú tíortha, lena n-áirítear trí nuashonruithe ar mheasúnuithe riosca agus ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do shlándáil shaoránaigh an Aontais a chomhroinnt go rialta agus trí fhaisnéis maidir lena gcomhairle taistil a mhalartú.
5b. Cuirfidh SEGS, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, oiliúint ullmhachta, ionsamhalta agus freagartha consalaí ar fáil d’oifigigh an Aontais agus d’fhoireann taidhleoireachta agus chonsalach na mBallstát chun feabhas a chur ar a gcumas géarchéimeanna a bhainistiú agus cúnamh a chur ar fáil do shaoránaigh den Aontas thar lear.
2. I gcás inar gá, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a fháil ó chomhfhoirne consalacha a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe ó na Ballstáit, go háirithe ó Bhallstáit nach mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu sa tríú tír a ndéanann an ghéarchéim difear di, ó SEGS agus ó ranna an Choimisiúin. Beidh comhfhoirne consalacha ar fáil lena n-imscaradh go gasta chuig tríú tíortha a ndéanann géarchéim chonsalach difear dóibh. Beidh rannpháirtíocht i gcomhfhoirne consalacha deonach.
2. I gcás inar gá, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a fháil ó chomhfhoirne consalacha a bheidh comhdhéanta de shaineolaithe ó na Ballstáit, go háirithe ó Bhallstáit nach mbeidh ionadaíocht á déanamh orthu sa tríú tír a ndéanann an ghéarchéim difear di, ó SEGS agus ó ranna an Choimisiúin. Beidh comhfhoirne consalacha ar fáil lena n-imscaradh go gasta chuig tríú tíortha a ndéanann géarchéim chonsalach difear dóibh. Beidh rannpháirtíocht i gcomhfhoirne consalacha deonach. Tacóidh SEGS agus an Coimisiún le hullmhacht na saineolaithe sin agus na bhfoirne consalacha comhpháirteacha.
4. I gcás ina mbeidh cúnamh á sholáthar ag na Ballstáit, féadfaidh siad, más iomchuí, tacaíocht a lorg ó ionstraimí de chuid an Aontais amhail struchtúir bainistithe géarchéime SEGS agus a Lárionad um Fhreagairt i gCás Géarchéime agus, tríd an Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha a bhunaítear le hAirteagal 7 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.;
4. Agus cúnamh á sholáthar, féadfar tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit ó ionstraimí de chuid an Aontais amhail struchtúir bainistithe géarchéime SEGS agus a Lárionad Freagartha Géarchéime. Féadfaidh na Ballstáit ról a thabhairt freisin don Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha arna bhunú le hAirteagal 7 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, don Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus, más iomchuí, do mhisin agus d’oibríochtaí an Aontais faoi chuimsiú an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta agus Acmhainneacht Mhear-imscartha an Aontais mar a fhoráiltear sa ‘Chompás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint’.
Leasú 37 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 Treoir (AE) 2015/637 Airteagal 13 a – mír 4 a (nua)
4a. I gCaibidil 2, cuirtear Airteagal 13ad seo a leanas isteach: ‘Airteagal 13ad Cosaint speisialta do leanaí, déanfaidh na Ballstáit, le tacaíocht ó thoscaireachtaí an Aontais, bearta speisialta chun an ceart chun cosanta consalaí a áirithiú do leanaí, ar saoránaigh den Aontas iad, i dtríú tíortha, go háirithe nuair atá baol ann go sárófar a gcearta a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh. Agus cúnamh consalach á sholáthar do leanaí acu, is é leas an linbh an phríomhchomaoin a bheidh ar na Ballstáit.
Leasú 38 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 Treoir (AE) 2015/637 Airteagal 13b – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Uair amháin sa bhliain ar a laghad, soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas don Choimisiún agus d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:
Uair amháin gach 6 mhí, soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas do SEGS agus don Choimisiún:
2. Cuirfidh na Ballstáit, ranna an Choimisiúin agus SEGS an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (c), ar fáil go poiblí ar bhealach a n-áirithíonn comhleanúnachas na faisnéise a sholáthraítear.
2. Déanfaidh na Ballstáit, seirbhísí an Choimisiúin agus SEGS an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil go poiblí ar bhealach a áirithíonn comhleanúnachas na faisnéise a sholáthraítear.
3. I gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún é, déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar i bhformáid mheaisín-inléite.
3. Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar i bhformáid mheaisín-inléite.
Leasú 41 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 Treoir (AE) 2015/637 Airteagal 13 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a saoránaigh a chur ar an eolas faoin gceart atá acu a leagtar amach in Airteagal 20(2), pointe (c), CFAE.Féadfar na bearta seo a leanas go háirithe a áireamh orthu sin:
1. Déanfaidh na Ballstáit bearta chun a saoránaigh a chur ar an eolas faoin gceart atá ac ua leagtar amach in Airteagal 20(2), pointe (c), CFAE, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) an chéad abairt d’Airteagal 23 CFAE maidir le pasanna náisiúnta a atáirgeadh;
scriosta
Leasú 43 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 Treoir (AE) 2015/637 Airteagal 13c – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca) teicneolaíochtaí digiteacha agus córais fógartha uathoibrithe a chur chun feidhme, amhail SMS trí líonraí teileafóin, chun sonraí teagmhála fíor-riachtanacha le haghaidh cosaint chonsalach ar theacht isteach i dtríú tír a sholáthar do shaoránaigh AE, chomh maith le teachtaireachtaí foláirimh le linn cásanna géarchéime.
Mura bhfuil saoránach nach bhfuil ionadaíocht aige in ann na costais dá dtagraítear i mír 1 a íoc leis an mBallstát cúnaimh nuair a bheidh iarraidh ar chúnamh á déanamh aige, féadfaidh an Ballstát cúnaimh a cheangal ar an saoránach nach bhfuil ionadaíocht aige gealltanas i leith aisíocaíochta a shíniú. Ar an mbonn sin, féadfaidh an Ballstát cúnaimh a iarraidh ar an saoránach lena mbaineann nach bhfuil ionadaíocht aige na costais sin a íoc tráth a bheidh 4 seachtaine caite ó soláthraíodh an cúnamh. Mura bhfuil saoránach nach bhfuil ionadaíocht aige in ann na costais dá dtagraítear i mír 1 a íoc nuair a bheidh iarraidh ar chúnamh á déanamh aige, ní dhéanfaidh sé sin difear dá cheart cosaint chonsalach a fháil.
Mura bhfuil saoránach nach bhfuil ionadaíocht aige in ann na costais dá dtagraítear i mír 1 a íoc leis an mBallstát cúnaimh nuair a bheidh iarraidh ar chúnamh á déanamh aige, féadfaidh an Ballstát cúnaimh a cheangal ar an saoránach nach bhfuil ionadaíocht aige gealltanas i leith aisíocaíochta a shíniú. Ar an mbonn sin, féadfaidh an Ballstát cúnaimh a iarraidh ar an saoránach lena mbaineann nach bhfuil ionadaíocht aige na costais sin a íoc tráth a bheidh 3 mhí caite ó soláthraíodh an cúnamh. Mura bhfuil saoránach nach bhfuil ionadaíocht aige in ann na costais dá dtagraítear i mír 1 a íoc nuair a bheidh iarraidh ar chúnamh á déanamh aige, ní dhéanfaidh sé sin difear dá cheart cosaint chonsalach a fháil.
6. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha atá le húsáid le haghaidh an ghealltanais i leith aisíocaíochta dá dtagraítear i mír 2 agus le haghaidh aisíocaíocht na gcostas ón mBallstát náisiúntachta dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15a(2).
6. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear foirmeacha caighdeánacha, agus iad ar fáil i dteangacha na mBallstát go léir, a bheidh le húsáid le haghaidh an ghealltanais i leith aisíocaíochta dá dtagraítear i mír 2 agus le haghaidh aisíocaíocht na gcostas ón mBallstát náisiúntachta dá dtagraítear i mír 3. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15a(2).
Leasú 47 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 Treoir (AE) 2015/637 Airteagal 16a – mír 1 – pointe f a (nua)
(fa) comhlíontacht le forálacha Airteagal 13(4) maidir le clárú agus fógra i dtaobh taistil na saoránach chuig tríú tíortha nó i dtaobh cónaitheacht iontu a áirithiú.
Leasú 48 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 Treoir (AE) 2015/637 Airteagal 1 – mír 1 – pointe f b (nua)
(fb) an fhaisnéis dá tagraítear in Airteagal 13c(1), pointe (-a);
Leasú 49 Togra le haghaidh treorach Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9 Treoir (AE) 2015/637 Airteagal 16a – mír 1 – pointe f c (nua)
(fc) próiseáil a dhéanamh ar fhaisnéis agus ar chlárúcháin taistil nó cónaithe a sholáthraítear i gcomhréir le hAirteagal 13(4).
6. Agus na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 5 á bpróiseáil acu, áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais go ndéanfar bearta oiriúnacha agus sonracha chun leasanna ábhar sonraí a choimirciú. Tabharfaidh siad beartais inmheánacha isteach freisin agus déanfaidh siad na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí pearsanta sin agus a dtarchur a chosc.
6. I gcás ina mbeidh na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 5 á bpróiseáil, áiritheoidh údaráis inniúla na mBallstát agus institiúidí agus comhlachtaí an Aontais go ndéanfar bearta oiriúnacha sonracha chun leasanna agus cearta ábhar sonraí a choimirciú. Tabharfaidh siad beartais inmheánacha isteach freisin agus déanfaidh siad na bearta teicniúla agus eagraíochtúla is gá chun rochtain neamhúdaraithe ar na sonraí pearsanta sin agus a dtarchur a chosc.
Chun críocha na Treorach seo, ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 13a a dhéanamh agus i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679.
Chun críocha na Treorach seo, ní dhéanfaidh údaráis inniúla na mBallstát sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta ach amháin chun na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 13a a dhéanamh agus i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (AE) 2016/679. Déanfar na sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 5 a eisiamh ón aistriú sin, mura rud é go bhfuarthas réamhthoiliú sainráite an tsaoránaigh den Aontas lena mbaineann.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh leigheas éifeachtach ag saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu faoin dlí náisiúnta i gcás sárú ar a gcearta faoin Treoir seo.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain éifeachtach ar shásraí gearáin agus ar leigheasanna ag saoránaigh nach ndéantar ionadaíocht orthu faoin dlí náisiúnta i gcás sárú ar a gcearta faoin Treoir seo.
Tráth nach luaithe ná [8 mbliana tar éis sprioc-am thrasuí na Treorach leasaithí], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Tráth nach déanaí ná [5 bliana tar éis sprioc-am thrasuí na Treorach leasaithí], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Treoir seo agus cuirfidh sé tuarascáil ar na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
Comhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i ndáil le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta
109k
42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta muirí i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (07577/2024 – C9-0135/2024 – 2023/0353(NLE))
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07577/2024),
– ag féachaint do dhréacht-Chomhaontú faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige i ndáil le bithéagsúlacht mhuirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe i limistéir lasmuigh den dlínse náisiúnta (12126/2023),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 192(1) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0135/2024),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0177/2024),
1. ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
Foréigean i gcoinne na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (COM(2022)0105 – C9-0058/2022 – 2022/0066(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0105),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 82(2) agus 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa(C9‑0058/2022),
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá beartaithe,
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach na dTeachtaí sa tSeic, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2022(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne an (A9-0234/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/1385.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas (COM(2023)0512 – C9-0328/2023 – 2023/0311(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0512),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53(1) agus d’Airteagal 62, d’Airteagal 91 agus d’Airteagal 21(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0328/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Nollaig 2023(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 31 Eanáir 2024(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
– ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Achainíocha,
– ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0003/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/2841.)
An Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach do dhaoine faoi mhíchumas chuig náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu i mBallstát
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leathnaítear Treoir [XXXX] chuig náisiúnaigh tríú tír atá ina gcónaí go dleathach i mBallstát (COM(2023)0698 – C9-0398/2023 – 2023/0393(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0698),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 79(2), pointe (b), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0398/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 31 Eanáir 2024(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do phléití comhpháirteacha an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0059/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leathnaítear Treoir (AE) 2024/2841 chuig náisiúnaigh tríú tír ar a bhfuil cónaí dleathach i mBallstát
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/ 2842.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/2031, 2017/625 agus 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe plandaí) (COM(2023)0414 – C9-0236/2023 – 2023/0227(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0414),
– ag féachaint d’Airteagail 294(2) agus 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0236/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Nollaig 2023(1),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0149/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna nglacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 d'fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hábhar atáirgthe plandaí a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/2031, 2017/625 agus 2018/848 agus 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Treoracha 66/401/CEE, 66/402/CEE, 68/193/CEE, 2002/53/CE, 2002/54/CE, 2002/55/CE, 2002/56/CE, 2002/57/CE, 2008/72/CE agus 2008/90/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe plandaí) [Leasú 1]
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(2),
Ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile a oibríonn i gCeantair Thuaithe, a ghlac an Chomhairle um Chearta an Duine an 28 Meán Fómhair 2018, [Leasú 2]
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tá rialacha maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí (‘PRM’) barr talmhaíochta, glasraí, fíniúnacha agus plandaí torthaí leagtha síos ar leibhéal an Aontais ó bhí na 1960idí ann. Déantar táirgeadh agus margú PRM a rialáil ar chríoch an Aontais le Treoir 66/401/CEE((3)); 66/402/CEE((4)); 68/193/CEE((5)); 2002/53/CE((6)); 2002/54/CE((7)); 2002/55/CE((8)); 2002/56/CE((9)); 2002/57/CE((10)); 2008/72/CE((11)) agus 2008/90/CE ón gComhairle ((12)) (na ‘Treoracha maidir le PRM a mhargú’). Tá na gníomhartha dlí sin ina gcreat dlíthiúil maidir le PRM a tháirgeadh agus a mhargú agus dá bhrí sin bhain tábhacht an‑mhór leo chun an margadh aonair PRM a chruthú san Aontas.
(2) Deimhníodh leis na measúnuithe tionchair a rinne an Coimisiún in 2013 agus in 2023 go raibh tionchar suntasach ag na Treoracha sin ar shaorghluaiseacht, infhaighteacht agus cáilíocht PRM ar mhargadh an Aontais agus gur éascaigh siad trádáil PRM laistigh den Aontas dá réir sin.
(3) Mar sin féin, is gá na rialacha maidir le táirgeadh agus le margú PRM a oiriúnú do na forbairtí eolaíocha agus teicniúla i réimsí na dteicnící táirgthe talmhaíochta agus gairneoireachta agus an phóraithe plandaí. Thairis sin, is gá an reachtaíocht a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn na n‑athruithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus ar thaithí a fuarthas leis na Treoracha maidir le PRM a chur i bhfeidhm. Is gá na rialacha sin a shoiléiriú chun cur chun feidhme níos comhchuibhithe a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán aonair maidir le PRM a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas a chur in ionad na dTreoracha maidir le PRM a mhargú.
(4) Is é PRM an t‑ábhar tosaigh chun plandaí a tháirgeadh san Aontas. Dá bhrí sin, bíonn sé criticiúil chun amhábhar a tháirgeadh chun críoch bia agus beatha agus chun acmhainní plandaí a úsáid go héifeachtúil. Cuidíonn séTá sé mar aidhm aige cuidiú le cosaint an chomhshaoil agus le cáilíocht an tslabhra bia agus leis an soláthar bia san Aontas ina iomláine. Maidir leis sin, is cosúil go bhfuil infhaighteacht, cáilíochtardcháilíocht agus éagsúlacht PRM, lena n-áirítear cineálacha atá oiriúnaithe go háitiúil ar féidir leo a bheith tairbheach mar gheall ar fhrithsheasmhacht níos airde a bheith acu in aghaidh strus bitheach agus aibitheach, ríthábhachtach amach is amach chun an t‑aistriú chuig córais bhia inbhuanaithe a bhaint amach, rud a iarrtar sa Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc(13), agus sa talmhaíocht, gairneoireacht, cosaint an chomhshaoil, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, slándáil bia agus beatha, agus ar mhaithe leis an ngeilleagar i gcoitinne. [Leasú 3]
(5) Chun an t‑aistriú sin chuig córais bia inbhuanaithe a bhaint amach, ba cheart an gá a chur san áireamh le reachtaíocht na mBallstát agus le reachtaíocht an Aontais, le hinoiriúnaitheacht tháirgeadh PRM do na hathruithe atá ag teacht ar dhálaí talmhaíochta, gairneoireachta agus comhshaoil a áirithiú, chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a leanann an t‑athrú aeráide, leis an mbithéagsúlacht a chosaint agus, a athbhunú agus a chur chun cinn agus chun na méaduithe, atá ag teacht ar ionchais feirmeoirí agus tomhaltóirí a bhaineann le cáilíocht, le sábháilteacht, le héagsúlacht agus le hinbhuanaitheacht PRM, a shásamh. Ba cheart go spreagfadh an Rialachán seo nuálaíocht chun PRM athléimneach a fhorbairt a chuirfeadh le feabhsú na mbarr a chuireann sláinte na hithreach chun cinn. [Leasú 4]
(6) Níor cheart a chumhdach le raon feidhme an Rialacháin seo ach amháin PRM de ghéinis agus de speicis áirithe lena mbaineann tábhacht eacnamaíoch agus shóisialta mhéadaithe. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar an tábhacht sin ag brath ar cé acu atá nó nach bhfuil réimse táirgthe agus luacha suntasach i gceist leis na géinis agus leis na speicis sin san Aontas, ar a ról maidir le slándáil an táirgthe bia agus beatha san Aontas, agus ar cé acu a mhargaítear nó nach margaítear iad in dhá Bhallstát ar a laghad. D’fhéadfadh roinnt gnéithe teicniúla a bheith i gceist leis an réimse táirgthe agus luacha sin. Ag brath ar na cúinsí, féadfar é a ríomh ar bhonn tosca amhail méid iomlán na talún táirgiúla i roinnt limistéir dhifriúla den Aontas, luach margaíochta PRM i ndáil le hearnálacha sonracha, nó na héilimh ar na speicis sin ó fheirmeoirí, ó úsáideoirí deiridh agus ón tionscal.
(7) Ba cheart na géinis agus speicis a liostú agus a aicmiú de réir na húsáide atá beartaithe dóibh, is é sin mar bharra talmhaíochta, glasraí, torthaí plandaí nó fíniúnacha. Is gá an t‑aicmiú sin chun cur chuige comhréireach a áirithiú toisc nach mbaineann tábhacht le speicis áirithe ach le haghaidh úsáidí áirithe agus iad sin amháin.
(8) Thairis sin, d’fhéadfadh saintréithe a bheith ag cineálacha áirithe a d’fhágfadh, agus iad á saothrú faoi choinníollacha áirithe, go bhféadfadh éifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe a bheith acu lena ndéanfaí dochar do chuspóir an Rialacháin chun cuidiú le hinbhuanaitheacht an táirgthe talmhaíochta. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach amháin má bhíonn na cineálacha sin faoi réir coinníollacha saothraithe iomchuí faoina seachnaítear na héifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe sin. Ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha sin maidir le saothrú na gcineálacha sin chun bia, beatha nó ábhair thionsclaíocha a tháirgeadh agus ní díreach nuair a bheartaítear an saothrú sin chun PRM a tháirgeadh agus a mhargú. Dá bhrí sin, ba cheart na coinníollacha faoina saothraítear na cineálacha sin a chumhdach leis an Rialachán seo, chun bia, beatha nó táirgí eile a tháirgeadh freisin.
(9) Ba cheart PRM a shainmhíniú ar bhealach cuimsitheach, lena n‑áirítear na plandaí uile atá in ann plandaí iomlána a tháirgeadh, agus a bheartaítear lena aghaidh sin. Ba cheart, dá bhrí sin, síolta a chumhdach leis an Rialachán seo freisin, mar aon leis na foirmeacha eile uile de phlandaí, is cuma cén staid fáis ina bhfuil siad, ar síolta iad atá in ann plandaí iomlána a tháirgeadh agus a bheartaítear lena aghaidh sin.
(10) Níor cheart ábhar atáirgthe foraoise a chumhdach leis an Rialachán seo i ngeall ar a shaintréithe áirithe, agus na coincheapa agus an téarmeolaíocht an‑difriúil atá i gceist leis. Ar an gcúis sin, tá ábhar atáirgthe foraoise faoi réir gníomh dlí ar leithligh, agus mar atá Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14)(15).
(11) Níor cheart ábhair iomadaithe plandaí ornáideacha a chumhdach leis an Rialachán seo, toisc gur thángthas ar an gconclúid, tar éis comhairliúchán leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara, go gcumhdaítear riachtanais na hearnála go hoiriúnach le Treoir 98/56/CE ón gComhairle. ((16)).
(12) Níor cheart PRM a onnmhairítear chuig tríú tíortha a chumhdach leis an Rialachán seo, ná PRM a úsáidteardhíoltar nó a aistrítear ar bhealach ar bith chun críoch tástála oifigiúla, an phórúcháin, cigireachtaí, taispeántas nó chun críoch eolaíochta agus chun na gcríoch sin amháin, lena n-áirítear taighde ar an bhfeirm. Is amhlaidh sin toisc nach gceanglaítear sainaitheantas ná caighdeáin cháilíochta chomhchuibhithe áirithe le haghaidh na gcatagóirí PRM sin agus toisc nach ndéanann siad dochar do shainaitheantas ná do cháilíocht PRM eile a mhargaítear san Aontas. [Leasú 5]
(13) Níor cheart PRM a chumhdach leis an Rialachán seo ar PRM é a dhíoltar nó a aistrítear ar bhealach ar bith eile, cé acu saor in aisce nó a mhalairt, idir aon duine lena úsáid phríobháideach féin agus lasmuigh dá cheird. Bheadh sé díréireach rialacha a leagan amach maidir leis an úsáid sin a bhaint as PRM, toisc nach ndéantar an cineál aistrithe sin de ghnáth ach le méideanna an‑bheag, toisc nach mbaineann aon chríoch thráchtála leis agus toisc nach mbaineann sé ach le gníomhaíochtaí príobháideacha.
(13a) Níor cheart go gcumhdófaí leis an Rialachán seo PRM a dhéanfar a rochtain, a dhíoltar nó a aistrítear ar bhealach ar bith i gcainníochtaí teoranta mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VIIa, cibé acu saor ó mhuirear nó nach ea, chun caomhnaithe dinimiciúil toisc nach n-éilíonn an cineál sin PRM sainaitheantas comhchuibhithe nó caighdeáin cháilíochta ar leith agus nach gcuireann sé isteach ar shainaitheantas agus ar cháilíocht PRM eile a mhargaítear san Aontas. [Leasú 6]
(14) Chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí roghanna eolasacha a dhéanamh, níor cheart PRM a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin má bhaineann sé le cineálacha atá cláraithe i gcláir náisiúnta cineálacha.
(15) Mar sin féin, is iomchuí, i gcás inar gá, fréamhstoic a dhíolmhú ón gceanglas baint a bheith acu le cineál, toisc gurb amhlaidh, cé go mbaineann luach suntasach leo, gur minic nach dtagann siad faoin sainmhíniú ar chineál.
(16) Chun an sainaitheantas, an cháilíocht agus an trédhearcacht a áirithiú agus chun é a chur ar a gcumas d’úsáideoirí roghanna eolasacha a dhéanamh, ba cheart PRM, mar riail ghinearálta, a tháirgeadh nó a mhargú faoi chatagóirí réamhshainithe. Ba cheart na catagóirí sin a bheith ina léiriú ar chéimeanna difriúla den ghiniúint agus ar leibhéil cháilíochta dhifriúla, agus, ar bhonn na téarmeolaíochta atá bunaithe go hidirnáisiúnta, na hainmneacha síol ‘réamhbhunúsach’, ‘bunúsach’, ‘deimhnithe’ agus ‘caighdeánach’ agus ábhar ‘réamhbhunúsach’, ‘bunúsach’, ‘deimhnithe’ agus ‘caighdeánach’ a thabhairt orthu, i gcás PRM seachas síolta, agus .
(17) Ba cheart PRM de gach ceann de na catagóirí sin a tháirgeadh agus a mhargú i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, chun an leibhéal is airde is féidir dá shainaitheantas agus dá cháilíocht a áirithiú, agus chun bheith i gcomhréir leis na forbairtí teicniúla agus eolaíocha is déanaí. Ba cheart iad seo a leanas a áireamh leis na caighdeáin sin: na Scéimeanna maidir le Deimhniú Cineáil nó Rialú ar Shíolta a bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta ((17)), (‘Scéimeanna Síolta ECFE’), caighdeáin Choimisiún Eacnamaíoch na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le prátaí síl (UNECE), agus rialacha samplála agus tástála síolta an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta (ISTA).
(18) I gcomhréir leis na caighdeáin sin, ba cheart comhlíontacht PRM leis na ceanglais maidir leis na catagóirí réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe a dheimhniú le cigireachtaí, sampláil, tástáil agus tástáil oifigiúil ar dháileachtaí talún cóimheasa a dhéanfaidh na húdaráis inniúla (‘deimhniú oifigiúil’) agus ba cheart í a fhianú le lipéad oifigiúil.
(18a) Ba cheart rialacha maidir le táirgeadh in vitro clón agus lena margaíocht a bhunú freisin. [Leasú 7]
(19) Ba cheart rialacha sonracha a leagan síos maidir le clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a tháirgeadh agus a mhargú, i ngeall ar a dtábhachtthábhacht agus a n‑úsáidhúsáid mhéadaithe san earnáil PRM. Chun an trédhearcacht, roghanna eolasacha le haghaidh a n‑úsáideoirí agus rialuithe oifigiúla éifeachtacha a áirithiú, ba cheart na clóin roghnaithe agus PRM polaclónach a chlárú i gclár poiblí speisialta arna bhunú ag na húdaráis inniúla. Rialacha maidir leis na clóin a chothabháil, ba cheart iad a leagan síos freisin chun caomhnú agus sainaithint na gclón a áirithiú. [Leasú 8]
(20) Ba cheart don údarás inniúil oibreoirí gairmiúla a údarú chun deimhniú a fheidhmiú faoi mhaoirseacht oifigiúil ar PRM a bhaineann le speicis agus le catagóirí áirithe agus chun an lipéad oifigiúil a phriontáil. Ba cheart rialacha a leagan amach maidir leis an maoirseacht oifigiúil ag an údarás inniúil lena mbaineann agus maidir leis an údarú sin a tharraingt siar nó a mhodhnú. Is gá na rialacha sin chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an córas um dheimhniú ar fad go héifeachtach.
(21) Chun a áirithiú go mbeidh PRM chomh híon agus chomh haonchineálach agus is féidir, ba cheart PRM a choimeád ina luchtóga ar leithligh, agus é a dhealú ó ábhar eile nach ionann é agus PRM, amhail gráin le haghaidh bia nó beatha.
(22) I bhfianaise éagsúlacht mhór PRM, ba cheart d’oibreoirí gairmiúla a bheith in ann luchtóga PRM a mhargú i bhfoirm plandaí aonair, pacáistí, cuacha nó coimeádáin, nó i mbulc.
(23) Ba cheart rialacha a ghlacadh maidir le PRM a lipéadú chun a áirithiú go sainaithneofar an t‑ábhar sin go hiomchuí in aghaidh na catagóire trí fhianú na comhlíontachta leis na ceanglais ábhartha a bhaineann le síol agus le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach.
(24) I gcás síol agus ábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach, ba cheart d’údarás inniúil lipéad oifigiúil a eisiúint, agus ba cheart lipéad oibreora a eisiúint le haghaidh síol nó ábhar caighdeánach. Is gá sin chun idirdhealú a dhéanamh idir PRM atá faoi réir deimhniúcháin (deimhniú oifigiúil nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil) agus PRM a tháirgtear faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil. Is é atá mar aidhm ag lipéad sonrach a eisiúint go n‑éascófar leis na hoibreoirí gairmiúla agus leis na tomhaltóirí, a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh PRM ar chaighdeáin dhifriúla a roghnú, roghanna eolasacha a dhéanamh. D’éascódh sé obair na n‑údarás inniúil freisin agus a rialuithe oifigiúla á ndearadh acu i gcomhréir le ceanglais ábhartha gach catagóire.
(25) Ba cheart d’oibreoirí gairmiúla údaraithe, faoi mhaoirseacht oifigiúil na n‑údarás inniúil, an lipéad oifigiúil a ullmhú agus a ghreamú. Mar sin féin, ó tharla go bhféadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní ag oibreoirí gairmiúla áirithe chun na gníomhaíochtaí deimhniúcháin uile a dhéanamh agus lipéid oifigiúla a phriontáil, ba cheart a fhoráil gur féidir leis na húdaráis inniúla aon chéim dheimhniúcháin a dhéanamh freisin, arna iarraidh sin ag oibreoirí gairmiúla.
(26) Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le hinneachar agus le foirm an lipéid oifigiúil agus lipéad an oibreora, chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gceanglas ábhartha maidir le táirgeadh agus le margú a áirithiú le haghaidh gach catagóire agus sainaitheantas na lipéad sin.
(27) Ba cheart sraithuimhir a bheith ar gach lipéad agus ar gach lipéad oibreora, chun go ráthófar sainaitheantas agus inrianaitheacht iomchuí an PRM lena mbaineann agus éifeachtacht na rialuithe oifigiúla.
(28) Ceanglaítear leis na Treoracha maidir le PRM a mhargú agus leis an gcleachtas agus le caighdeáin idirnáisiúnta nach ndéanfar síolta a bhaineann le speicis áirithe a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe, i ngeall ar a dtábhacht ó thaobh na slándála bia agus na próiseála tionsclaíche de, agus chun leasanna na bhfeirmeoirí a tháirgeann iad a chosaint. Ar an gcúis sin, níor cheart síolta áirithe a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe, ach amháin más rud é go mbíonn na costais lena dtáirgeadh agus lena margú comhréireach leis an gcuspóir go n‑áiritheofar síol cáilíochta le haghaidh na bhfeirmeoirí, an tslándáil bia agus beatha, nó go mbíonn siad comhréireach leis an gcuspóir go n‑áiritheofar ardluach na próiseála tionsclaíche. Ba cheart na costais sin a bheith comhréireach leis na caighdeáin is airde a bhaint amach maidir le sainaitheantas agus le cáilíocht an tsíl freisin, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe. Ba cheart liosta a leagan síos de na speicis síolta sin dá bhrí sin, nach ceadmhach síol díobh a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe.
(29) Is minic a mhargaítear síolta i meascán cineálacha den speiceas céanna nó de na meascáin speiceas chéanna. Mar sin féin, ba cheart táirgeadh agus margú shíolta na ngéineas nó na speiceas, a chumhdaítear leis an Rialachán seo, a cheadú i meascáin nach bhfuil iontu ach síolta na ngéineas nó na speiceas a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Is gá é sin chun a áirithiú go n‑urramófar na caighdeáin ábhartha maidir le táirgeadh agus le margú. Mar sin féin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit chun táirgeadh agus margú meascáin síolta a cheadú inar meascán síolta é a chumhdaítear leis an Rialachán seo, in éineacht le síolta nach mbaineann le géinis ná le speicis a chumhdaítear leis an Rialachán seo, chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú agus an comhshaol nádúrtha a chaomhnú. Is amhlaidh sin toisc gurb iad na speicis sin na speicis is iomchuí chun críche an chaomhnaithe sin. Ba cheart rialacha a leagan amach maidir leis na meascáin sin chun a sainaitheantas agus a gcáilíocht a áirithiú.
(30) Ba cheart ceanglais a leagan síos maidir le hathphacáistiú agus le hathlipéadú na síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, chun a ráthú nach ndéanfar athrú ar shainaitheantas ná ar cháilíocht an PRM lena mbaineann le linn na n‑oibríochtaí sin.
(31) Ba cheart tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa a dhéanamh chun sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil luchtóg aonair síl a fhíorú. Ba cheart rialacha sonracha a leagan amach maidir leis na tástálacha sin ar shíol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe, ar bhonn na gcaighdeán idirnáisiúnta is infheidhme agus na taithí a fuarthas trí chur i bhfeidhm na dTreoracha maidir le PRM a mhargú.
(32) Ní chomhlíonann sóirt áirithe chineálacha na ceanglais atá bunaithe maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht. Mar sin féin, baineann tábhacht leo ó thaobh chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha plandaí de, atá ríthábhachtach d’éagsúlacht ghéiniteach na mbarr agus atá riachtanach chun oiriúnú d’athruithe comhshaoil agus do riachtanais na todhchaí. Is cineálacha iad a fhástar go traidisiúnta nó cineálacha nua a tháirgtear go háirithe faoi dhálaí áitiúla sonracha agus atá oiriúnaithe do na dálaí sin. Is é leibhéal aonfhoirmeachta laghdaithe, go háirithe, a bhíonn i gceist lena saintréithe i ngeall ar ardleibhéalleibhéal sásúil éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir aonaid atáirgthe aonair. Gairtear ‘cineálacha caomhantais’ de na cineálacha sin. Is iomchuí a admháil gur próiseas dinimiciúil é caomhnú acmhainní géiniteacha agus gur cheart cineálacha a phóraítear as an nua agus atá oiriúnaithe do dhálaí áitiúla a áireamh. Cuidíonn táirgeadh agus margú na gcineálacha sin le cuspóirí an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht chun caomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha plandaí a chur chun cinn le haghaidh an bhia agus na talmhaíochta ((18)). Mar pháirtí leis an gConradh, tá gealltanas tugtha ag an Aontas tacú leis na cuspóirí sin. [Leasú 9]
(33) I bhfianaise shaintréithe speisialta sin na gcineálacha caomhantais, agus de mhaolú ar na ceanglais atá leagtha síos maidir le táirgeadh agus le margú, ba cheart táirgeadh agus margú PRM a bhaineann leis na cineálacha sin a cheadú faoi cheanglais níos boige. Tá an cuspóir sin i gcomhréir le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, agus go háirithe, le prionsabal chosaint na bithéagsúlachta. I dtaca leis na ceanglais maidir le hábhar caighdeánach le haghaidh an speicis lena mbaineann, is iomchuí foráil a dhéanamh i dtaca le comhlíonadh na gceanglas sin i gcás an ábhair sin dá bhrí sin. Ba cheart an PRM sin a bhaineann le cineálacha caomhantais a lipéadú leis an tásc ‘Cineálacha caomhantais’ dá bhrí sin. Ba cheart na cineálacha sin a chlárú freisin, chun a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla iad a rialú agus chun roghanna eolasacha dá n‑úsáideoirí agus éifeachtacht na rialuithe oifigiúla a ráthú.
(34) Léirigh taithí de thoradh chur i bhfeidhm na dTreoracha maidir le margú gur minic is spéis le húsáideoirí deiridh PRM (garraíodóirí amaitéaracha agus daoine eile) PRM níos éagsúla a úsáid a fhreagraíonn do riachtanais dhifriúla, gan gá a bheith acu leis na héilimh cháilíochta chéanna agus a bhíonn ag na hoibreoirí gairmiúla. Is iomchuí dá bhrí sin a cheadú, de mhaolú ar rialacha áirithe, go bhféadfar PRM a mhargú d’úsáideoirí deiridh gan an riachtanas na ceanglais maidir le clárú cineálacha a chomhlíonadh ná an riachtanas na ceanglais maidir le deimhniú a chomhlíonadh ná na ceanglais maidir le hábhar caighdeánach. Is gá an maolú sin chun a áirithiú go dtairgfear éagsúlacht níos leithne don tomhaltóir, agus na ceanglais cháilíochta ghinearálta á n‑urramú an tráth céanna. Thairis sin, ar chúiseanna na trédhearcachta agus ar mhaithe le rialú níos fearr, ba cheart rialacha a leagan amach maidir le pacáistiú agus le lipéadú PRM nach mbeartaítear ach le haghaidh úsáideoirí deiridh amháin. Ar an gcúis chéanna, ba cheart d’oibreoirí gairmiúla, a úsáideann an maolú sin maidir le margú d’úsáideoirí deiridh, fógra a thabhairt faoin ngníomhaíocht sin do na húdaráis inniúla.
(35) Oibríonn roinnt mhaith banc géinte, eagraíochtaí agus líonraí san Aontas agus é decaomhnú dinimiciúil mar chuspóir acu acmhainní géiniteacha plandaí a chaomhnú. Chun a ngníomhaíocht a éascú, is iomchuí ceadú maidir leis an PRM sin a mhargaítear dóibh, nó eatarthu nó ina measc, nó atá á mhargú acu, go maolófar é ó na ceanglais atá bunaithe maidir le táirgeadh agus le margú, agus go gcomhlíonfaidh an PRM sin rialacha níos boige ina áit sin. [Leasú 10]
(36) Déanann feirmeoirí malartuithe comhchineáil nó cúitimh airgid de chainníochtaí beaga síolta de ghnáth chun bainistíocht dhinimiciúil a dhéanamh ar a síolPRM féin. Is iomchuí dá bhrí sin go ndéanfar foráil maidir le maolú ó na ceanglais atá bunaithe i gcás cainníochtaí beaga síoltaPRM a mhalartaítear idir feirmeoirí, le huaschainníochtaí le socrú ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag maolú den sórt sin más rud é nach mbaineann na síoltaPRM sin le cineál dá bhfuil cearta maidir le cineálacha plandaí deonaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 ón gComhairle ((19)). Ba cheart a cheadú do na Ballstáit na cainníochtaí beaga sin a shainiú lean chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Rialachán seo a fhorlíonadh chun an t-uaschainníocht a fhéadfar a mhalartú a shocrúle haghaidh gach speicis shonracha in aghaidh na bliana, chun a áirithiú nach mbainfear aon mhí‑úsáid as an maolú sin, ag a mbeadh tionchar ar mhargú na síolta. [Leasú 11]
(37) De réir na dTreoracha maidir le PRM a mhargú, ceadaítear maoluithe ó na ceanglais atá bunaithe maidir le PRM a mhargú ar PRM é a bhaineann le cineálacha nach bhfuil cláraithe fós; ar PRM é de chineálacha nach bhfuil tástáil iomlán déanta orthu fós; ar PRM é de shíol nach gcomhlíonann na ceanglais is infheidhme chun go gcuirfear ar fáil ar an margadh go mear é; ar PRM é de shíol nár deimhníodh go críochnaitheach fós; ar PRM é atá le húdarú go sealadach chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí sealadacha sa soláthar; agus ar PRM é chun turgnaimh shealadacha a dhéanamh chun roghanna malartacha feabhsaithe a lorg ar fhorálacha áirithe den reachtaíocht is infheidhme a bhaineann leis na ceanglais maidir le baint a bheith ag PRM le cineál cláraithe agus ceanglais sainaitheantais agus cháilíochta áirithe a chomhlíonadh. Bhí na maoluithe sin úsáideach agus riachtanach le haghaidh na n‑oibreoirí gairmiúla agus na n‑údarás áitiúil, gan fadhbanna a chruthú le haghaidh mhargadh inmheánach PRM. Dá bhrí sin, ba cheart iad a choinneáil ar bun. Ba cheart coinníollacha a leagan amach maidir leis na maoluithe sin, chun a áirithiú nach mbainfear mí‑úsáid astu agus nach ndéanann siad difear díobhálach don mhargadh inmheánach PRM.
(38) Maidir le PRM a úsáid nach mbaineann le cineál de bhun an Rialacháin seo, ach le grúpáil plandaí laistigh de thacsón luibheolaíoch aonair, a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir na haonaid atáirgthe aonair inti (‘ábhar ilchineálach’), d’fhéadfadh tairbhí a bheith i gceist leis an úsáid sin go háirithe sa táirgeadh orgánach agus sa talmhaíocht ionchuir ísil, trí fheabhas a chur ar an athléimneacht agus tríd an éagsúlacht ghéiniteach laistigh de speicis plandaí saothraithe a mhéadú. Dá bhrí sin, ba cheart táirgeadh agus margú PRM ábhair ilchineálaigh, seachas plandaí farae, a cheadú gan an riachtanas na ceanglais maidir le clárú cineálacha a chomhlíonadh ná ceanglais eile an Rialacháin seo maidir le táirgeadh agus le margú. Ba cheart ceanglais shonracha maidir le táirgeadh agus margú an ábhair sin a leagan amach. [Leasú 12]
(38a) Níor cheart go mbeadh ábhar ilchineálach comhdhéanta de OGM nó de phlanda TGN de chatagóir 1 nó de chatagóir 2 mar a shainmhínítear i Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20)(21) [Rialachán TGN]. [Leasú 13]
(39) Ní mór do tháirgeadh agus do mhargú PRM an Aontais na caighdeáin is airde a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, níor cheart allmhairiú PRM ó thríú tíortha a cheadú ach amháin más rud é go suitear le measúnú ar na caighdeáin sainaitheantais agus cháilíochta is infheidhme dá gcuid agus ar a gcóras deimhniúcháin go gcomhlíonann an PRM sin ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas. Ba cheart an measúnú sin a bheith bunaithe ar bhreithniú críochnúil ar an bhfaisnéis a sholáthraíonn an tríú tír agus ar a reachtaíocht ábhartha. Ba cheart é a bheith bunaithe freisin ar thoradh sásúil iniúchta arna dhéanamh ag an gCoimisiún sa tríú tír lena mbaineann, i gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá an t‑iniúchadh sin.
(40) Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le lipéadú agus le faisnéis a bheidh le soláthar le haghaidh an PRM allmhairithe chun é a shainaithint i gceart, chun críoch na hinrianaitheachta, agus gur féidir lena úsáideoirí roghanna eolasacha a dhéanamh agus chun rialuithe oifigiúla a chumasú.
(41) Chun trédhearcacht agus rialuithe níos éifeachtaí ar tháirgeadh agus ar mhargú PRM a áirithiú, ba cheart oibreoirí gairmiúla a bheith cláraithe. Is iomchuí go gcláraíonn siad sna cláir atá bunaithe ag na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((22)), chun an t‑ualach riaracháin le haghaidh na n‑oibreoirí gairmiúla sin a laghdú. Tá sé sin comhréireach freisin toisc go bhfuil formhór mór na n‑oibreoirí gairmiúla a tháirgeann agus a mhargaíonn PRM cláraithe i gcláir oibreoirí gairmiúla an Rialacháin sin cheana féin.
(42) Ba cheart oibleagáidí sonracha comhréireacha a thabhairt isteach le haghaidh oibreoirí gairmiúla a bhíonn gníomhach i réimse tháirgeadh PRM d’fhonn iad a chur ar an margadh agus i réimseagus mhargú PRM, chun a gcuntasacht, rialuithe oifigiúla níos éifeachtaí agus cur i bhfeidhm ceart an Rialacháin seo a áirithiú. Mar sin féin, ba cheart saintréithe agus teorainneacha sonracha na micrifhiontar a chur san áireamh. [Leasú 14]
(43) Is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo gur féidir iontaofacht agus cáilíocht PRM a mhargaítear a chur i mbaol i gcás inar dodhéanta ábhar nach gcomhlíonann na caighdeáin is infheidhme a rianú. Is gá, dá bhrí sin, córas cuimsitheach inrianaitheachta a bhunú a fhágfaidh go bhféadfar PRM a tharraingt siar ón margadh nó faisnéis a chur faoi bhráid úsáideoirí PRM nó údaráis inniúla. Ar an gcúis sin, ba cheart coimeád na faisnéise agus na dtaifead maidir le haistrithe ó úsáideoirí gairmiúla agus uathu a bheith éigeantach le haghaidh na n‑oibreoirí gairmiúla. Mar sin féin, ní hiomchuí coimeád na dtaifead sin le haghaidh mhargú PRM sa réimse miondíola.
(44) Tá sé tábhachtach a áirithiú, mar riail ghinearálta, go mbeidh gach PRM de na géinis agus de na speicis atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo faoi réir chlárú an chineáil dá mbaineann an PRM sin, mar aon leis an tuairisc ar an gcineál agus faoi réir na rialacha comhfhreagracha.
(45) Ba cheart cineálacha a chlárú i gclár náisiúnta cineálacha, chun roghanna eolasacha ag a n‑úsáideoirí agus rialuithe oifigiúla níos éifeachtaí a áirithiú.
(46) Ba cheart dhá shórt cineálacha a áireamh leis an gclár náisiúnta cineálacha: cineálacha a chláraítear ar bhonn tuairisc oifigiúil, más rud é go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht (‘DUS’), agus cineálacha a chláraítear ar bhonn tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil i gcás na gcineálacha caomhantais. Is gá an dá thuairisc dhifriúla sin a bheith ann chun dhá chatagóir na gcineálacha a dheighilt, arb éard atá i gceist leis an chéad chatagóir na cineálacha atá bunaithe ar thorthaí thástáil DUS, agus go bhfuil an chatagóir eile bunaithe ar shonraí stairiúla a bhaineann le húsáid an chineáil agus ar thaithí phraiticiúil. Ina theannta sin, is féidir an fhaisnéis is gá a thairiscint leis an gcur chuige sin faoi shaintréithe na gcineálacha agus faoina sainaitheantas.
(47) Ba cheart do na húdaráis inniúla fógra a thabhairt faoi na cineálacha a chláraítear thairis sin trí Thairseach Chineálacha Plandaí an Aontais do chlár cineálacha an Aontais, chun forbhreathnú ar na cineálacha uile a cheadaítear a mhargú san Aontas a áirithiú.
(48) Is éard is cineálacha luibhicídfhulangacha ann cineálacha a póraíodh chun bheith fulangach ar luibhicídí d’aon turas, chun iad a shaothrú i gcomhcheangal le húsáid na luibhicídí sin. Más rud é nach ndéantar an saothrú sin faoi choinníollacha iomchuí, d’fhéadfadh fiailí teacht chun cinn dá thoradh sin a bheadh frithsheasmhach ar na luibhicídí sin, d’fhéadfaí géinte frithsheasmhachta den sórt sin a scaipeadh sa chomhshaol nó d’fhéadfadh sé tarlú gur ghá na cainníochtaí luibhicídí a chuirtear i bhfeidhm a mhéadú. Toisc gurb é is aidhm don Rialachán seo cuidiú le hinbhuanaitheacht an táirgthe talmhaíochta, ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as cineálacha a chlárú a bheithagus do na Ballstáit ina bhfuil na cineálacha le saothrú, in ann saothrú na gcineálacha sin ina gcríoch a chur faoi réir coinníollacha saothraithe a bheadh iomchuí chun na héifeachtaí neamh‑inmhianaithe sin a sheachaint. Thairis sin, i gcás ina mbeidh saintréithe áirithe ag cineálacha, seachas fulaingt in aghaidh luibhicídí, a bhféadfadh éifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe a bheith acu, ba cheart iad a chur faoi réir coinníollacha saothraithe freisin, chun aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí agranamaíocha sin. Ba cheart feidhm a bheith ag na coinníollacha sin maidir le saothrú na gcineálacha sin chun aon chríche, lena n‑áirítear bia, beatha agus táirgí eile, agus ní díreach chun PRM a tháirgeadh agus a mhargú agus é sin amháin. Is gá sin chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, is é sin, cuidiú leis an táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe ar leibhéal níos leithne ná céim tháirgeadh agus mhargú PRM. [Leasú 15]
(49) Chun cuidiú le hinbhuanaitheacht an táirgthe talmhaíochta agus freastal ar riachtanais eacnamaíocha, chomhshaoil agus shochaíocha níos leithne, ba cheart feabhas a bheith le feiceáil ar chineálacha nua i ngach géineas nó speiceas i gcomparáid leis na cineálacha eile sna géinis nó sna speicis chéanna a chláraítear sa chlár náisiúnta cineálacha céanna, maidir le gnéithe áirithe agranamaíocha, úsáide agus comhshaoil. I measc na ngnéithe sin tá a dtáirgeacht, lena n‑áirítear cobhsaíocht táirgeachta agus táirgeacht faoi choinníollacha ionchuir ísil; fulaingt/frithsheasmhachtlamháltas/frithsheasmhacht in aghaidh struis bhitheach, lena n‑áirítearbhitheacha, lena n-áirítear galair phlandaíplandaí ar néimeatóidí, fungais, baictéir, víris, feithidí agus lotnaidí eile is cúis leo; fulaingt/frithsheasmhacht in aghaidh struis aibitheacha, lena n‑áirítear oiriúnú do dhálaí an athraithe aeráide; úsáid níos éifeachtúla as acmhainní nádúrtha, amhailmar shampla uisce agus cothaithigh; gá laghdaithe le hionchuir sheachtracha, amhailmar shampla táirgí cosanta plandaí agus leasacháin; saintréithe lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht an saothrú, na buainte, na stórála, na próiseála agus, an dáilte agus na húsáide; agus saintréithe cáilíochta nó cothaitheacha (‘luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe’) nó saintréithe ata tábhachtach le haghaidh próiseála. Chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an gclárú cineáil agus chun solúbthacht leordhóthanach a sholáthar chun cineálacha a chlárú ag a bhfuil na saintréithe is inmhianaithe, ba cheart na gnéithe sin a mheas le haghaidh cineál áirithe ar an iomlán. I bhfianaise na n-acmhainní suntasacha agus na hullmhúcháin is gá don scrúdú sin, ba cheart é a dhéanamh ar bhealach deonach i gcás speiceas atá liostaithe i gCuid B agus i gCuid C d'Iarscríbhinn I. [Leasú 16]
(50) Toisc gurb amhlaidh maidir le cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/848 gurb ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir aonaid atáirgthe aonair atá i gceist lena saintréithe, is iomchuí go mbíonn clárú na gcineálacha sin faoi réir DUS coigeartaithe, agus go háirithe a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir leis an aonfhoirmeacht. Thairis sin, chun go mbeidh na cineálacha sin oiriúnaithe ar bhealach níos fearr do riachtanais shonracha an táirgthe orgánaigh, ba cheart a scrúdú ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe a dhéanamh faoi choinníollacha orgánacha.
(51) Ar chúiseanna na héifeachtúlachta agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú, cineálacha dá deonaíodh ceart ar chineál planda de bhun Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, nó de bhun reachtaíocht Bhallstáit, measfar go bhfuil na cineálacha sin sainiúil, aonfhoirmeach agus cobhsaí agus go bhfuil ainmníocht oiriúnach acu chun críocha an Rialacháin seo.
(52) Ba cheart an nós imeachta um chlárú cineálacha a shainiú go beacht, chun an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh na n‑iarratasóirí agus na n‑údaráis inniúla, agus cothroime iomaíochta le haghaidh na n‑iarratasóirí uile a áirithiú. Ar an gcúis sin, ba cheart rialacha a leagan amach maidir le hiarratais a chur isteach, inneachar, scrúdú foirmiúil agus dáta chur isteach na n‑iarratas, scrúduithe teicniúla, iniúchadh ar áitreabh agus ar eagrú an údaráis inniúil, rialacha breise maidir le scrúdú teicniúil, rúndacht, tuarascáil shealadach scrúdúcháin agus tuairisc oifigiúil shealadach, tuarascáil scrúdúcháin agus tuairisc oifigiúil chríochnaitheach, scrúdú ar ainmníocht cineáil agus cinneadh maidir le cineál a chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha.
(53) Ar chúiseanna na héifeachtúlachta agus chun an t‑ualach riaracháin a laghdú le haghaidh údaráis inniúla agus iarratasóirí, ba cheart do na húdaráis inniúla ina gcuid clár náisiúnta cineálacha na cineálacha uile dá nglactar nó dá gcláraítear go hoifigiúil a chlárú, roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, sna catalóga, liostaí, nó cláir arna mbunú ag a mBallstáit lena mbaineann de bhun Threoracha 2002/53/CE, 2002/55/CE, 2008/90/CE agus 68/193/CEE. Toisc go margaítear na cineálacha sin san Aontas agus toisc go n‑úsáideann feirmeoirí agus oibreoirí gairmiúla eile iad cheana féin, níor cheart iad a chur faoi réir nós imeachta nua um chlárú.
(54) Ba cheart rialacha a leagan amach maidir leis an scrúdú teicniúil ar chineálacha, chun teacht ar an gconclúid maidir le cé acu atá nó nach bhfuil siad sainiúil, aonfhoirmeach agus cobhsaí. I ngeall ar thábhacht an scrúdaithe sin le haghaidh na hearnála póraithe cineálacha agus ar an bhfíoras go gcuirtear tuairisc oifigiúil ar fáil dá thoradh sin, ba cheart don údarás inniúil an scrúdú teicniúil sin a dhéanamh agus é sin amháin.
(55) Mar sin féin, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann an scrúdú teicniúil a dhéanamh ar luach sásúil cineáil le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe ar áitreabh an iarratasóra agus faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil. Is gá sin chun an t‑ualach riaracháin a mhaolú, chun infhaighteacht na saoráidí tástála a áirithiú agus costais a laghdú le haghaidh na n‑údarás inniúil. Mar sin féin, ba cheart don údarás inniúil a bheith i gceannas ar na socruithe tástála. Thairis sin, oibreoirí gairmiúla a bhfuil baint acu le pórú cineálacha nua, agus ar bhonn a gcomhair leis na húdaráis inniúla, chruthaigh siad go bhfuil siad cáilithe chun na scrúduithe sin a dhéanamh toisc go bhfuil an saineolas, an t‑eolas agus na hacmhainní iomchuí ábhartha acu.
(56) Chun inchreidteacht agus ardcháilíocht na scrúduithe ar an tsainiúlacht, an aonfhoirmeacht agus ar an gcobhsaíocht a áirithiú, ba cheart don Oifig Chomhphobail um Chineálacha Plandaí (‘CPVO’) iniúchadh a dhéanamh ar áitreabh na n‑údarás inniúil ina ndéantar na scrúduithe. Áitreabh na n‑iarratasóirí na ndéantar an scrúdú maidir le luach sásúil ó thaobh saothrú agus úsáid inbhuanaithe de faoi mhaoirseacht oifigiúil, ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha iniúchadh a dhéanamh orthu, chun comhlíontacht leis na ceanglais is infheidhme a áirithiú.
(57) Is é 10 mbliana ba cheart a bheith sa tréimhse clárúcháin cineáil, chun an nuálaíocht san earnáil phórúcháin a spreagadh, mar aon le seanchineálacha a bhaint den mhargadh agus cineálacha nua a chur ina n‑ionad. Mar sin féin, is é 30 bliain ba cheart a bheith sa tréimhse sin i gcás cineálacha géineas nó speiceas plandaí torthaí agus fíniúnacha agus i gcás cineálacha caomhnaithe, i ngeall ar an tréimhse níos faide a theastaíonn chun timthriall táirgthe na ngéineas nó na speiceas sin a chur i gcrích. [Leasú 18]
(58) Arna iarraidh sin d’aon duine leasmhar, ba cheart an tréimhse clárúcháin cineáil a chur faoi réir a athnuaite, chun go mbeifear in ann leanúint de chineálacha áirithe a mhargú más rud é go suitear go bhfuil gá ann leis sin agus go gcomhlíonann siad ceanglais is infheidhme fós.
(59) Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le cothabháil cineálacha i gcomhréir le cleachtais a nglactar leo. Is gá sin chun sainaitheantas an chineáil a áirithiú le linn thréimhse a chlárúcháin, rud nach féidir a áirithiú ach amháin más rud é gurb é an t‑iarratasóir, nó daoine eile dá dtugann an t‑iarratasóir fógra fúthu don údarás inniúil, a dhéanann an cineál lena mbaineann a choinneáil ar bun, de bhun ceanglais áirithe agus faoi réir rialuithe oifigiúla ag na húdaráis inniúla.
(60) Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le hinneachar na gclár náisiúnta cineálacha agus chlár chineálacha an Aontais, agus maidir le samplaí de na cineálacha cláraithe a choimeád (‘sampla oifigiúil’ nó ‘sampla caighdeánach’) ar tuairisc bheo den chineál é. Tá sé sin tábhachtach chun inrochtaineacht ar an bhfaisnéis is gá faoin gcineál, a shainaitheantas le linn a thréimhse clárúcháin agus infhaighteacht na samplaí caighdeánacha le haghaidh tástáil ar dháileachtaí talún cóimheasa i gcomhthéacs dheimhniú PRM a áirithiú.
(61) Ba cheart na Treoracha maidir le PRM a mhargú a aisghairm, toisc go gcuirtear an Rialachán seo ina n‑ionad. Mar iarmhairt air sin, ba cheart Rialachán (AE) 2016/2031 a leasú chun tagairtí do na Treoracha sin a bhaint amach agus chun a áirithiú go ndéantar Lotnaidí Neamhchoraintín Rialáilte (RNQPanna) a rialáil faoin Rialachán sin go heisiach.
(62) Ba cheart Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23) a leasú chun táirgeadh agus margú PRM a áireamh ina raon feidhme i gcomhréir leis an Rialachán seo. Tá sé sin tábhachtach chun cur chuige aonfhoirmeach a ráthú a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla le haghaidh shlabhra iomlán an táirgthe plandaí agus bia, ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán (AE) 2017/625 maidir le raon feidhme Rialachán (AE) 2016/2031, agus le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle freisin(24).
(63) Ina leith sin, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún rialacha sonracha a ghlacadh maidir le rialuithe oifigiúla agus le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le PRM, go háirithe maidir le rialacha a leagan síos i dtaca le rialuithe oifigiúla ar PRM a fheidhmiú chun comhlíontacht le rialacha an Aontais a fhíorú, agus maidir le PRM a allmhairiú isteach san Aontas, agus a mhargú laistigh de, agus maidir le gníomhaíochtaí na n‑oibreoirí le linn dóibh PRM a tháirgeadh.
(64) Ba cheart Rialachán (AE) 2018/848 a leasú chun na sainmhínithe ar ‘ábhar atáirgthe plandaí’ agus ar ‘ábhar ilchineálach’ a ailíniú leis na sainmhínithe dá ndéantar foráil leis an Rialachán seo. Thairis sin, an cumhachtú don Choimisiún chun forálacha sonracha a ghlacadh maidir le PRM d’ábhar ilchineálach orgánach a mhargú, ba cheart é a eisiamh ó Rialachán (AE) 2018/848, toisc gur cheart na rialacha uile a bhaineann le táirgeadh agus le margú PRM a leagan amach sa Rialachán seo ar chúiseanna na soiléireachta dlíthiúla. [Leasú 19]
(65) Chun liosta na ngéineas agus na speiceas PRM a oiriúnú, faoi réir raon feidhme an Rialacháin seo, do na forbairtí a bhaineann le suntasacht an limistéir agus luach an táirgthe, an tslándáil bia/beatha agus an líon Ballstát mar a saothraítear é, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith an liosta sin a leasú.
(66) Chun na rialacha maidir le táirgeadh agus le margú PRM a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha agus do na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith leasú a dhéanamh ar cheanglais an Rialacháin seo a bhaineann le hábhar agus le síol réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú.
(67) Chun na rialacha maidir le táirgeadh agus le margú PRM d’ábhar ilchineálach a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, agus chun an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm rialacha an Rialacháin seo a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith leasú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann le hábhar ilchineálach a tháirgeadh agus a mhargú.
(68) Chun inneachar na gclár cineálacha a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíochta agus chun bearta leantacha a dhéanamh i dtaobh na taithí a fuarthas ón gclárú cineálacha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith leasú a dhéanamh ar na ceanglais a bhaineann leis an inneachar sin.
(69) Chun saothrú na gcineálacha a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith coinníollacha saothraithe cineálacha, atá luibhicídfhulangach nó ag a bhfuil saintréithe eile a bhféadfadh éifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe a bheith acu, a ghlacadh. Ba cheart bearta sna goirt a bheith san áireamh leis na coinníollacha sin, amhail uainíocht barr; bearta faireacháin; fógra á thabhairt faoi na bearta sin ag na Ballstáit don Choimisiún agus do na Ballstáit eile; tuairisciú ó oibreoirí gairmiúla chuig na húdaráis inniúla maidir le cur i bhfeidhm na mbeart sin; agus tásca na gcoinníollacha sin sna cláir náisiúnta chineálacha.
(70) Chun an tástáil agus ceanglais maidir le luach inbhuanaithe an tsaothraithe agus ceanglais maidir le húsáid a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, agus d’fhorbairt fhéideartha na gcaighdeán idirnáisiúnta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith an Rialachán seo a fhorlíonadh le heilimintí áirithe. Is éard atá i gceist leo sin na modheolaíochtaí is gá le haghaidh na dtrialacha fáis atá le déanamh d’fhonn measúnú a dhéanamh ar luach inbhuanaithe an tsaothraithe agus na húsáide le haghaidh géinis nó speicis áirithe, agus tuilleadh ceanglas a ghlacadh lena aghaidh sin.
(71) Chun na rialacha maidir le hainmníocht chineáil a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, agus bearta leantacha a dhéanamh i leith na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na rialacha sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chritéir shonracha a leagan amach maidir le hoiriúnacht na n‑ainmníochtaí cineáil.
(72) Chun na forálacha den Rialacháin seo a bhaineann le scrúduithe teicniúla ar chineálacha a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha agus do riachtanais phraiticiúla na n‑údarás inniúil agus na n‑oibreoirí gairmiúla, agus bearta leantacha a dhéanamh i leith na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na rialacha lena mbaineann, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha a leagan amach maidir leis an iniúchadh ar áitreabh na n‑oibreoirí gairmiúla chun scrúduithe teicniúla a dhéanamh ar an luach sásúil le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe.
(73) Chun forálacha an Rialacháin seo a bhaineann leis an scrúdú ar shaothrú agus ar úsáid inbhuanaithe a oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, agus d’aon bheartas nó riail nua de chuid an Aontais maidir leis an talmhaíocht inbhuanaithe, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 de CFAE a tharmligean don Choimisiún i leith an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na híoscheanglais a leagan síos maidir leis an scrúdú sin a dhéanamh, na modheolaíochtaí a leagan síos maidir le measúnú a dhéanamh ar na saintréithe a scrúdaítear, na caighdeáin a leagan síos maidir le meastóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar thorthaí an scrúdaithe sin agus leasú a dhéanamh ar na saintréithe a scrúdaítear.
(74) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(25). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(75) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26).
(76) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun feabhas a chur ar fheidhmíocht na n‑oibreoirí gairmiúla agus ar shainaitheantas agus ar cháilíocht PRM a tháirgeann agus a mhargaíonn siad, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith na ceanglais a shonrú maidir leis na hiniúchtaí, leis an oiliúint, na scrúduithe, na cigireachtaí, an tsampláil agus an tástáil, i dtaca le géinis nó le speicis áirithe, le haghaidh na maoirseachta oifigiúla ar na hoibreoirí gairmiúla ag na húdaráis inniúla.
(77) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i dtaca le PRM a láimhseáil agus a mhargú, agus chun na rialacha lena mbaineann a oiriúnú don taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais shonracha a ghlacadh maidir le speicis uile PRM nó maidir le speicis áirithe PRM, a bhainfidh le luchtóga a chumasc nó a roinnt i ndáil le tionscnamh luchtóga PRM, lena sainaitheantas, le taifid ar an oibríocht agus ar an lipéadú sin tar éis luchtóga PRM a chumasc nó a roinnt.
(78) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, bearta leantacha a dhéanamh i leith na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm a fhorálacha, agus feabhas a chur ar shláine PRM a mhargaítear, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais shonracha a ghlacadh maidir le séalú, ceangal, méid agus foirm phacáistí, chuacha agus choimeádáin speiceas sonrach PRM.
(79) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus go háirithe maidir le hinléiteacht, inaitheantacht agus slándáil na lipéad, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun forálacha sonracha a ghlacadh maidir leis na lipéid oifigiúla, lipéid a úsáidtear le haghaidh maoluithe áirithe agus, lipéid a úsáidtear le haghaidh sóirt shonracha áirithe PRM, agus inneachar, méid, dath agus foirm na lipéad sin a leagan amach le haghaidh na gcatagóirí nó na sórt PRM lena mbaineann.
(80) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus bearta leantacha a dhéanamh i leith aon taithí phraiticiúil a fuarthas ó chur i bhfeidhm na rialacha lena mbaineann, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun forálacha sonracha a ghlacadh maidir le meascáin síolta.
(81) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i leith margú miondíola PRM, agus chun margú PRM a dhéanamh chomh praiticiúil agus chomh hoiriúnach agus is féidir le haghaidh gach speicis, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha a ghlacadh maidir leis na ceanglais i dtaca le méid, foirm, séalú agus láimhseáil na bpacáistí beaga le haghaidh síolta agus na bpacáistí agus na gcuach le haghaidh PRM eile a mhargaítear d’úsáideoirí deiridh.
(82) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí práinneacha i dtaca le soláthar PRM, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a údarú, i gcás deacrachtaí sealadacha i soláthar PRM, ar feadh uastréimhse 1 bhliana, go margófar PRM de na catagóirí d’ábhar nó de shíol réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe faoi réir ceanglais níos boige, nó go maolófar ón gceanglas maidir le baint a bheith acu le cineál, agus i leith an t‑údarú sin a aisghairm agus a leasú.
(83) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun solúbthacht áirithe a áirithiú do na Ballstáit, chun bearta náisiúnta a ghlacadh arna n‑oiriúnú dá ndálaí agra‑aeráide do chaighdeáin cháilíochta níos airde, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun a údarú do na Ballstáit, maidir le PRM a tháirgeadh agus a mhargú, ceanglais níos doichte a ghlacadh, i gcríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó ar chuid de, agus i leith leasú a dhéanamh ar na bearta sin arna nglacadh de bhun na dTreoracha maidir le PRM a mhargú nó na bearta sin a aisghairm.
(84) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus freagairt mhear ar rioscaí tobanna a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun bearta éigeandála a dhéanamh, i gcás inar dócha go mbeidh táirgeadh nó margú PRM ina riosca tromchúiseach do shláinte an duine, ainmhithe nó plandaí, don chomhshaol nó do shaothrú speiceas eile, agus i gcás nach féidir an riosca sin a shrianadh go sásúil trí bhearta arna ndéanamh ag an mBallstát lena mbaineann, agus i leith aon bheart den sórt sin arna dhéanamh ag Ballstát a aisghairm nó a leasú.
(85) Ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáilChun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le cinneadh a dhéanamhfhorlíonadh le rialacha sonracha faoi eagrú turgnamh sealadach chun roghanna malartacha feabhsaithe, ar raon feidhme agus ar fhorálacha áirithe an Rialacháin seo, a lorg. [Leasú 20]
(86) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i dtaca le PRM a allmhairiú, agus chun comhlíontacht cheanglais an tríú tír le ceanglais choibhéiseacha an Aontais a áirithiú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith a aithint cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann PRM ó ghéinis, ó speicis nó ó chatagóirí sonracha a táirgeadh i dtríú tír, nó i limistéir áirithe de thríú tír, ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas, chun é a allmhairiú.
(87) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun a áirithiú go ndéanfar na cineálacha cláraithe a chothabháil go hiomchuí i dtríú tíortha freisin, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún i leith a aithint go ngabhfaidh na ráthaíochtaí céanna leis na rialuithe maidir le cothabháil cineálacha a dhéantar sa tríú tír leis na rialuithe den sórt sin a leagtar amach san Aontas.
(88) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun a fhorálacha a oiriúnú don fhorbairt atá ag teacht ar na prótacail is infheidhme de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (UPOV) nó do phrótacail a leagann CPVO síos, agus do na forbairtí teicniúla agus eolaíocha ábhartha, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun ceanglais shonracha a ghlacadh maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht in aghaidh ghéinis nó speicis na gcineálacha.
(89) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun rialacha sonracha a ghlacadh a mhéid a bhaineann le méid an tsampla chaighdeánaigh de chineálacha cláraithe a úsáidtear le haghaidh na n‑iar‑rialuithe oifigiúla ar PRM, na rialacha maidir leis na samplaí sin a athnuachan agus le soláthar na samplaí sin do na Ballstáit eile.
(90) Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon cur chuige comhchuibhithe a áirithiú i ndáil le táirgeadh agus margaíocht PRM, a chomhlíonadh agus, dá réir sin, de bhun a éifeachtachta, a chastachta, agus a charachtair trasteorann agus idirnáisiúnta, go bhféadfaí é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 de Chonradh an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní sháraíonn an Rialachán seo a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ina fhianaise sin, agus de réir mar is gá, tugtar maoluithe nó ceanglais shonracha isteach leis maidir le cineálacha áirithe PRM agus le hoibreoirí gairmiúla áirithe.
(91) Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó 3 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, chun go mbeidh na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí gairmiúla in ann oiriúnú dá fhorálacha agus chun an tréimhse is gá a sholáthar freisin chun na gníomhartha tarmligthe agus na gníomhartha cur chun feidhme lena mbaineann a ghlacadh. Ba cheart, mar sin féin, feidhm a bheith ag na rialacha maidir leis an luach sásúil le haghaidh shaothrú agus úsáid inbhuanaithe na gcineálacha glasraí agus plandaí torthaí ó 5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm. Tá gá leis an tréimhse bhreise sin chun go ndéanfaidh na húdaráis inniúla agus oibreoirí gairmiúla na hullmhúcháin is gá agus na chéad tástálacha sna goirt a chomhlíonann na rialacha nua sin.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le hábhar atáirgthe plandaí (‘PRM’) a tháirgeadh d’fhonn iad a chur ar an margadh san Aontas, agus maidir le PRMagus a mhargú san Aontas, agus go háirithe ceanglais maidir le PRM a tháirgeadh sna goirt agus i láithreáin eile, maidir le catagóirí ábhair, ceanglais maidir le sainaitheantas agus cáilíocht, deimhniú, lipéadú, pacáistiú, allmhairí, oibreoirí gairmiúla agus clárú na gcineálacha. [Leasú 21]
Leagtar rialacha síos leis an Rialachán seo freisin maidir le coinníollacha saothraithe na gcineálacha áirithe atá fulangach ar luibhicídí nó a bhféadfadh éifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe a bheith acu, lena n‑áirítear ann-áirítear saothrú chun críoch seachas PRM a tháirgeadh agus a mhargú, chun bia, beatha agus táirgí eile a tháirgeadh. [Leasú 22]
Airteagal 2
Raon feidhme agus cuspóirí
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na géinis agus leis na speicis a liostaítear le haghaidh na n‑úsáidí lena mbaineann dá dtagraítear i gCodanna A go E d’Iarscríbhinn I.
Baineann ceanglais an Rialacháin, faoi seach, le gach sórt PRM, le síolta agus leo sin amháin, nó le hábhar seachas síolta agus leis sin amháin.
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais maidir le PRM a tháirgeadh nó a allmhairiú ach amháin maidir lena tháirgeadh d’fhonn é a mhargú laistigh san Aontas. [Leasú 23]
2. Is iad seo a leanas cuspóirí an Rialacháin seo:
(a) Cáilíocht, sábháilteacht agus éagsúlacht na rogha le haghaidh PRM a áirithiú, agus a infhaighteacht le haghaidh oibreoirí gairmiúla, feirmeoirí agus úsáideoirí deiridh; [Leasú 24]
(b) coinníollacha cothroma a áirithiú le haghaidh iomaíocht na n‑oibreoirí gairmiúla ar fud an Aontais agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh in PRM; [Leasú 25]
(c) tacú leis an nuálaíocht agus le hiomaíochas earnáil PRM san Aontas;
(d) cuidiú le caomhnú agus le húsáidleis an gcaomhnú dinimiciúil agus leis an úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha plandaí agus leis an agrai‑bhithéagsúlacht; [Leasú 26]
(e) cuidiú leis an táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe, arna oiriúnú do dhálaí aeráide agus ithreach atá ann faoi láthair agus a mheastar a bheidh ann amach anseo; [Leasú 27]
(f) cur leis an tslándáil bia agus le biacheannasacht. [Leasú 28]
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 75 gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, lena leasófar Iarscríbhinn I d’fhonn an Iarscríbhinn sin a chura leasú, lena cur in oiriúint d’fhorbairtí an eolais theicniúil agus eolaíoch, agus do na sonraí eacnamaíocha a bhaineann le géinis agus speicis a tháirgeadh agus a mhargú, trí ghéinis agus trí speicis a chur le liosta na hIarscríbhinne sin nó trína mbaint di. [Leasú 29]
Leis an ngníomhna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear géinis nó speicis leis an liosta in Iarscríbhinn I más rud é go gcomhlíonann siad dhá cheann ar a laghad de na heilimintí seo a leanas: [Leasú 30]
(a) is achar mór de tháirgeadh PRM iad agus luach suntasach de PRM a mhargaítear san Aontas
(b) baineann tábhacht shubstaintiúil leo maidir le slándáil tháirgeadh an bhia agus na beatha san Aontas, i gcomparáid le géinis agus speicis eile nach liostaítear san Iarscríbhinn sin; agus
(c) margaítear in dhá cheann ar a laghad de na Ballstáit iad;
(ca) is díol spéise iad i dtéarmaí inbhuanaitheachta comhshaoil. [Leasú 31]
Leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bainfear géinis nó speicis ón liosta in Iarscríbhinn I mura gcomhlíonann siad dhá cheann ar a laghad de na heilimintí a leagtar amach sa dara fomhír.
4. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le:
(a) ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 98/56/CE, agus ábhar iomadaithe géineas nó speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus a úsáidtear chun críocha ornáideacha go heisiach; [Leasú 32]
(b) ábhar atáirgthe foraoise mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27)(28) agus ábhar iomadaithe géineas nó speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo agus a úsáidtear chun críoch foraoiseachta go heisiach; [Leasú 33]
(c) PRM a tháirgtear lena onnmhairiú chuig tríú tíortha agus leis sin amháin; [Leasú 34]
(d) PRM a dhíoltar nó a aistrítear ar bhealach ar bith, cé acu saor in aisce nó a mhalairt, idir úsáideoirí deiridh lena n‑úsáid phríobháideach féin agus lasmuigh dá ngníomhaíochtaí tráchtála;
(e) PRM a úsáidteardhíoltar nó a aistrítear ar aon bhealach, bíodh sin saor in aisce nó ná bíodh, chun críoch tástála oifigiúla, pórúcháin, cigireachtaí, taispeántas nó chun críoch eolaíochta, lena n-áirítear le haghaidh taighde ar an bhfeirm agus le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéanann bainc géinte; agus chun na gcríoch sin amháin. [Leasú 35]
(ea) táirgeadh agus margú PRM ag eagraíochtaí agus líonraí caomhnaithe dá dtagraítear in Airteagal 29 i gcainníochtaí beaga mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn VIIa, cibé an bhfuil siad saor in aisce nó nach bhfuil, chun críche caomhnaithe dhinimiciúil; [Leasú 353]
(eb) PRM arna tháirgeadh ag feirmeoirí dá n-úsáid féin; [Leasú 37
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe plandaí’ (‘PRM’) plandaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2016/2031, atá in ann plandaí iomlána a tháirgeadh agus a bheartaítear lena aghaidh sin;
(2) ciallaíonn ‘oibreoir gairmiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, ag a bhfuil baint ghairmiúil le ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas san Aontas a bhaineann le saothrú tráchtála PRM: [Leasú 38]
(a) táirgeadh;
(b) margaíocht;
(c) cineálacha a chothabháil nó a iolrú; [Leasú 39]
(d) seirbhísí a sholáthar le haghaidh sainaitheantais agus cáilíochta;
(3) ciallaíonn ‘margú’ na gníomhaíochtaí tráchtála seo a leanas arna ndéanamh ag oibreoir gairmiúil: díol, coimeád, aistriú saor in aisce, nó tairiscint lena dhíol, lena n-áirítear díol ar líne, nó aon bhealach eile lena aistriú nó lena dháileadh laistigh den Aontas, nó allmhairiú isteach ann atá dírithe ar shaothrú tráchtála PRM; [Leasú 40]
(4) ciallaíonn ‘cineál’ cineál, mar a shainmhínítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 2100/94;
(5) ciallaíonn ‘clón’ sliocht aonair planda, arna dhíothú ar dtús ó phlanda aonair eile trí atáirgeadh fásúil, agus atá comhionann go géiniteach leis an bplanda eile sin fós;:
(a) sliocht aonair planda, arna dhíothú ar dtús ó phlanda aonair eile trí atáirgeadh fásúil, agus atá comhionann go géiniteach leis an bplanda eile sin fós; nó
(b) sliocht planda aonair fásúil atá aonfhoirmeach go géiniteach. [Leasú 41]
(6) ciallaíonn ‘clón roghnaithe’ clón atá roghnaithe i ngeall ar thréithe feinitíopacha inchineáil speisialta áirithe agus ar a stádas fíteashláintíoch lena dtugtar feidhmíocht níos fearr don chlón roghnaithe, a chloíonn leis an tuairisc ar an gcineál lena mbaineann sé agus, i gcás na gclón roghnaithe nach mbaineann le cineál, go gcloíonn sé leis an tuairisc ar an speiceasfíniúnacha agus ar na speicis sin de chrainn thorthaí ina bhfuil an éagsílacht inathchineálach sin, lena mbaineann séan clón roghnaithe; [Leasú 42]
(7) ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe plandaí polaclónach’ grúpa de roinnt sleachta sainiúla aonair de phlandaí arna ndíorthú ó ghéinitíopaí difriúla, a gcloíonn gach ceann díobh leis an tuairisc ar an gcineál lena mbaineann séábhar iomadaithe a fhaightear ó rogha de ghrúpa de sheacht ngéinitíopa ar a laghad a bhfuil tuar breisiúcháin ghéiniteacha ag baint leo, arna ndéanamh trí uirlisí géiniteacha cainníochtúla, ón tsraith thurgnamhach chéanna de chineál ársa sonrach, ina bhfuil an chuid is mó dá éagsúlacht inchineáil; [Leasú 43]
(8) ciallaíonn ‘meascán ilchlónach’ meascáin de chlóin roghnaithe, a mbaineann siad uile leis an gcineál nó leis an speiceas céanna, de réir mar is iomchuí, a bhfuarthas gach ceann díobh tríd an roghnúchán neamhspleách; [Leasú 44]
(9) ciallaíonn ‘údarás inniúil’ an t‑údarás lárnach nó réigiúnach de chuid Ballstáit, nó, i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás comhfhreagrach de chuid tríú tír, ar a bhfuil freagracht as eagrú na rialuithe oifigiúla, an chlárúcháin, an deimhniúcháin agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhaineann le PRM a tháirgeadh agus a mhargú, nó aon údarás eile dár tugadh an fhreagracht sin i gcomhréir le dlí an Aontais;
(10) ciallaíonn ‘tuairisc oifigiúil’ tuairisc ar chineál a leag údarás inniúil síos, a chuimsíonn saintréithe ábhartha an chineáil agus a fhágann go bhfuil an cineál in‑sainaitheanta de thoradh an scrúdaithe ar a shainiúlacht, a aonfhoirmeacht agus a chobhsaíocht;
(11) ciallaíonn ‘tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil’ tuairisc scríofa ar chineál caomhantais, atá aitheanta ag údarás inniúil, a chuimsíonn saintréithe sonracha an chineáil, agus a fuarthas ar mhodhanna eile seachas leis an scrúdú ar a shainiúlacht, a aonfhoirmeacht agus a chobhsaíocht;
(12) ciallaíonn ‘cothabháil cineáil’ na gníomhaíochtaí a dhéantar chun íonacht cineáil agus sainaitheantas cineáil a rialú, arb é is aidhm dó a áirithiú go leanfaidh cineálsaintréithe an chineáil de bheith i gcomhréir lena thuairiscdílis dona dtuairisc i gcaitheamh timthriallta atáirgthe dá éis sin; [Leasú 45]
(13) ciallaíonn ‘síolta’ síolta, sa ghnáthchiall luibheolaíoch;
(14) ciallaíonn ‘síol réamhbhunúsach’ síol a bhaineann le glúin roimh ghlúin an tsíl bhunúsaigh, a bheartaítear chun síol bunúsach nó deimhnithe a tháirgeadh agus a dheimhniú, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil, nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil, go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid AgCodanna A agus D d’Iarscríbhinn II; [Leasú 46]
(15) ciallaíonn ‘síol bunúsach’ síol a táirgeadh de shíol réamhbhunúsach nó de ghlúine roimhe de shíol bunúsach, a bheartaítear chun tuilleadh glún de shíolta bunúsacha nó deimhnithe a tháirgeadh, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil, nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil, go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid AgCodanna A agus D d’Iarscríbhinn II; [Leasú 47]
(16) ciallaíonn ‘síol deimhnithe’ síol a táirgeadh de shíol réamhbhunúsach, bunúsach nó de ghlúine roimhe de shíol bunúsach, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil, nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil, go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid AgCodanna A agus D d’Iarscríbhinn II; [Leasú 48]
(17) ciallaíonn ‘síol caighdeánach’ síol, seachas síol réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe, nach mbeartaítear iomadú breise lena aghaidh, agus a chomhlíonann na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid AgCodanna A agus D d’Iarscríbhinn III; [Leasú 49]
(18) ciallaíonn ‘ábhar réamhbhunúsach’ PRM seachas síolta, a bhaineann le glúin roimh ghlúin an ábhair bhunúsaigh, a bheartaítear chun ábhar bunúsach nó deimhnithe a tháirgeadh agus a dheimhniú, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil, go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid BgCodanna B, C agus E d’Iarscríbhinn II; [Leasú 50]
(19) ciallaíonn ‘ábhar réamhbhunúsach’ PRM seachas síol, a táirgeadh d’ábhar réamhbhunúsach nó de ghlúine roimhe d’ábhar bunúsach, a bheartaítear chun tuilleadh glún d’ábhar bunúsach nó d’ábhar deimhnithe a tháirgeadh agus a dheimhniú, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid BgCodanna B, C agus E d’Iarscríbhinn II; [Leasú 51]
(20) ciallaíonn ‘ábhar deimhnithe’ PRM seachas síol, a táirgeadh d’ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó de ghlúine roimhe d’ábhar deimhnithe, agus a bhfuarthas ina leith trí bhíthin deimhniú oifigiúil nó deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil go gcomhlíonann sé na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid BgCodanna B, C agus E d’Iarscríbhinn II; [Leasú 52]
(21) ciallaíonn ‘ábhar caighdeánach’ PRM seachas síol, agus seachas ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe, nach mbeartaítear iomadú breise lena aghaidh, agus a chomhlíonann na coinníollacha lena mbaineann a leagtar síos i gCuid BgCodanna B, C agus E d’Iarscríbhinn III; [Leasú 53]
(22) ciallaíonn ‘deimhniú oifigiúil’ fianú oifigiúil ag an údarás inniúil ar chomhlíontacht an tsíl nó an ábhair réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh nó dheimhnithe le ceanglais ábhartha an Rialacháin seo, i gcás ina mbeidh na cigireachtaí ábhartha uile ar an láithreán, agus an tsampláil agus an tástáil uile lena n‑áirítear an tástáil ar dháileachtaí talún cóimheasa, i gcás inarb iomchuí, déanta ag an údarás sin, agus más rud é go bhfuil sé tagtha ar an gconclúid go gcomhlíonann an síol nó an t‑ábhar lena mbaineann na ceanglais sin;
(23) ciallaíonn ‘deimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil’ fianú, ag oibreoir gairmiúil atá údaraithe go sonrach, go gcomhlíonann síol nó ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe na ceanglais is infheidhme, agus i gcás ina mbeidh ceann amháin ar a laghad nó níos mó de na cigireachtaí ábhartha, den tsampláil, den tástáil nó den phriontáil lipéad ábhartha déanta ag an oibreoir gairmiúil sin, faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, agus más rud é go bhfuil sé tagtha ar an gconclúid go gcomhlíonann an síol nó an t‑ábhar lena mbaineann na ceanglais sin;
(24) ciallaíonn ‘catagóir’ PRM grúpa nó aonad aonair PRM a cháilíonn mar shíol nó ábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe nó caighdeánach agus atá in‑sainaitheanta trí cheanglais shonracha maidir le sainaitheantas agus le cáilíocht a chomhlíonadh;
(25) ciallaíonn ‘orgánach géinmhodhnaithe’ orgánach géinmhodhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ((29)), gan orgánaigh a fhaightear trí theicnící an mhodhnaithe géinitigh a liostaítear in Iarscríbhinn I B a ghabhann le Treoir 2001/18/CE a áireamh;
(26) ciallaíonn ‘luchtóg’ aonad PRM is sainaitheanta ar aonchineálacht a chomhdhéanaimh agus ar a thionscnamh;
(27) ciallaíonn ‘ábhar ilchineálach’ grúpa plandaí laistigh de thacsón amháin luibheolaíoch den rang is ísle, a mbaineann na tréithe seo a leanas leis:
(a) a bhfuil saintréithe feinitíopacha comhchoiteanna ag baint leis;
(b) a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir aonaid atáirgthe aonair mar shaintréith de, sa mhéid go ndéantar ionadaíocht ar an ngrúpa plandaí sin leis an ábhar ina iomláine, agus ní le líon beag aonad;
(c) nach cineál é; agus
(d) nach meascán cineálacha é;
(28) ciallaíonn ‘úsáideoir deiridh’ aon duine a fhaigheann, a aistríonn agus a úsáideann PRM chun críoch atá lasmuigh de ghníomhaíochtaíphríomhghníomhaíochtaí gairmiúla an duine sin; [Leasú 54]
(29) ciallaíonn ‘cineál caomhantais’ cineál:
(a) atá ina phór dúchasach a fhástar go traidisiúnta nó ina chineál a phóraítear as an nua go háitiúil faoi(pór dúchasach nua-aimseartha) a dhíorthaítear ó roghnúchán ar an bhfeirm agus a phóraítear lena oiriúnú do dhálaí áitiúla sonracha san Aontas agus atá oiriúnaithe do na dálaí sini gcomhthéacs úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha plandaí le haghaidh bia agus talmhaíochta; agus [Leasú 55]
(aa) nach cineál hibrideach F1 é; [Leasú 56]
(b) a bhfuil ardleibhéalleibhéal sásúil éagsúlachta géinití agus feinitíopaí idir aonaid atáirgthe aonair mar shaintréith de; [Leasú 57]
(ba) nach bhfuil faoi réir, ina iomláine nó i gcomhpháirteanna géiniteacha, cearta maoine intleachtúla a chuireann teorainn lena úsáid le haghaidh caomhnaithe, taighde, pórúcháin, oideachais, lena n-áirítear ar an bhfeirm ag feirmeoir a úsáideann an PRM a fhástar ar an bhfeirm, den chineál sin do na cuspóirí sin; [Leasú 58]
(30) ciallaíonn ‘lotnaidí cáilíochta’ lotnaidí a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:
(a) ní lotnaidí coraintín, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta, ná lotnaidí neamhchoraintín rialáilte (‘RNQPanna’) de chuid an Aontais iad, de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/2031, ná lotnaidí atá faoi réir na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin;
(b) tarlaíonn siad le linn PRM a tháirgeadh nó a stóráil; agus
(c) bíonn drochthionchar do‑ghlacthationchar do-ghlactha acu ar cháilíocht PRM, agus tionchar eacnamaíoch do‑ghlacthado-ghlactha a mhéid a bhaineann le húsáid an PRM sin san Aontas; [Leasú 59]
(31) ciallaíonn ‘saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta’ a bheith iomlán saor ó lotnaidí, nó staid ina mbeidh an líon lotnaidí cáilíochta ar an PRM lena mbaineann chomh híseal nach ndéanann na lotnaidí sin difear díobhálachrómhór do cháilíocht an PRM sin; [Leasú 60]
(32) ciallaíonn ‘prátaí síl’ tiúbair de Solanum tuberosum L., a úsáidtear chun prátaí eile a atáirgeadh; [Leasú 61]
(33) ciallaíonn ‘feirmeoir’ feirmeoir mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30);
(34) ciallaíonn ‘seach‑tíopa’, i ndáil le síolta nó le plandaí eile, síol nó PRM nach gcomhfhreagraíonn don tuairisc ar an gcineál nó ar an speiceas lena bhfuil baint ceaptha a bheith aige de bhun an Rialacháin seo;
(35) ciallaíonn ‘cineál hibrideach’ cineál a tháirgtear de thoradh dhá chineál eile nó níos mó a chrosphórú;
(35a) ciallaíonn ‘caomhnú dinimiciúil’ éagsúlacht ghéiniteach a chaomhnú laistigh de speicis phlandaí saothraithe agus eatarthu, agus folaíonn sé caomhnú in situ agus ex situ lasmuigh dá ngnáthóg nádúrtha, agus é mar aidhm leo úsáid inbhuanaithe a bhaint as na hacmhainní géiniteacha plandaí agus an agrai-bhithéagsúlacht ar bhealach agus ar ráta nach dtagann meath fadtéarmach ar an éagsúlacht bhitheolaíoch mar thoradh air, agus ar an gcaoi sin an acmhainneacht a chothabháil chun freastal ar riachtanais agus ar mhianta na nglúnta atá ann anois agus na nglúnta atá le teacht; [Leasú 354]
(35b) ciallaíonn ‘planda TGN’ plandaí a fhaightear trí theicnící géanómaíocha nua áirithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2) de Rialachán (AE).../... [Rialachán TGN] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle; [Leasú 63]
(35c) ciallaíonn ‘síol tráchtála’ síol a tháirgtear agus a mhargaítear le haghaidh meascán dá dtagraítear in Airteagal 21 atá in-sainaitheanta mar shíol a bhaineann le speiceas, ach nach de chineál é, agus a fuarthas trí dheimhniúchán oifigiúil nó trí dheimhniúchán a dhéantar faoi mhaoirseacht oifigiúil chun na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo maidir le síol deimhnithe a chomhlíonadh cé is moite den cheanglas in Airteagal 5; [Leasú 64]
(35d) ciallaíonn ‘pacáistí beaga’ pacáistí ina bhfuil síol nó ábhar suas go huasmhéid:
(a) 10 kg i gcás gránach;
(b) 5 kg do phlandaí farae, biatas, plandaí ola agus snáithín;
(c) 10 kg i gcás prátaí síl;
(d) 500 g i gcás glasraí léagúmacha;
(e) 100 g i gcás oinniún, costóg, an lus súgach, biatas bán, biatas, tornapaí, mealbhacán uisce, gurd, mearóga, cairéid, raidisí, salsabh dubh, spionáiste, ceathrú uain;
(f) 20 g do gach speiceas eile glasraí;
(g) 10 gearrthán aonair i gcás gearrthán torthaí agus fíniúnacha. [Leasú 355]
Airteagal 4
Comhlíontacht le Rialachán (AE) 2016/2031
Beidh feidhm ag an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (AE) 2016/2031.
Aon luchtóg PRM a tháirgtear agus a mhargaítear i gcomhréir leis an Rialachán seo, comhlíonfaidh sí freisin na rialacha a leagtar amach in Airteagail 36, 37, 40, 41, 42, 49, 53 agus 54 de Rialachán (AE) 2016/2031, nó na rialacha de bhun na nAirteagal sin, a bhaineann le lotnaidí coraintín, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta agus RNQPanna de chuid an Aontais, agus leis na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin.
CAIBIDIL II
CEANGLAIS A BHAINEANN LE CINEÁLACHA, CATAGÓIRÍ PRM, LIPÉADÚ, ÚDARUITHE, LÁIMHSEÁIL, ALLMHAIRÍ AGUS MAOLUITHE
ROINN 1
Ceanglais ghinearálta maidir le PRM a tháirgeadh agus a mhargú
Airteagal 5
Baint le cineál cláraithe
Ní fhéadfar PRM a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas ach amháin má bhaineann sé le cineál atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 44; seachas sna cásanna seo a leanas:
(a) mar fhréamhstoic, má tháirgtear agus má mhargaítear iad le tagairt, atá i lipéadú iomchuí, don speiceas lena mbaineann siad;
(b) mar ábhar ilchineálach i gcomhréir le hAirteagal 27;
(c) mar PRM a mhargaítear d’úsáideoirí deiridh i gcomhréir le hAirteagal 28;
(d) mar PRM a tháirgtear agus a mhargaítear chun acmhainní géiniteacha a chaomhnú i gcomhréir le hAirteagal 29;
(e) mar shíolPRM a ndéantar malartuithe comhchineáil de idir feirmeoirí i gcomhréir le hAirteagal 30; [Leasú 66]
(f) mar shíol póraitheoirí i gcomhréir le hAirteagal 31; [Leasú 67]
(g) mar PRM de chineálacha nach bhfuil cláraithe fós i gcomhréir le hAirteagal 32;
(h) i gcás deacrachtaí soláthair PRM i gcomhréir le hAirteagal 33.
Airteagal 6
Baint le catagóirí áirithe PRM
1. Ní fhéadfar PRM a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas ach amháin má bhaineann sé le ceann de na catagóirí seo a leanas, seachas sna cásanna dá ndéantar foráil i mír 2:
(a) ábhar nó síol réamhbhunúsach;
(b) ábhar nó síol bunúsach;
(c) ábhar nó síol deimhnithe;
(d) ábhar nó síol caighdeánach.
I gcás ina ndéanfar tagairt sa Rialachán seo do chatagóirí níos ísle nó níos airde maidir le sainaitheantas agus le cáilíocht PRM, beidh an cinneadh sin bunaithe ar rangú ord phointí (a) - (d), agus pointe (a) ag léiriú an rangaithe is airde agus pointe (d) ag léiriú an rangaithe is ísle.
2. De mhaolú ar mhír 1, féadfar PRM a tháirgeadh agus a mhargú gan baint a bheith aige le catagóir a liostaítear in (a) - (d) sna cásanna seo a leanas:
(a) PRM d’ábhar ilchineálach a mhargú i gcomhréir le hAirteagal 27;
(b) margú d’úsáideoir deiridh i gcomhréir le hAirteagal 28;
(c) margú do líonraí caomhantais agus eatarthu dá dtagraítear in Airteagal 29;
(d) mar shíolPRM a ndéantar malartuithe comhchineáil de idir feirmeoirí i gcomhréir le hAirteagal 30. [Leasú 68]
(e) síol póraitheora dá dtagraítear in Airteagal 31. [Leasú 69]
ROINN 2
Ceanglais maidir le hábhar agus le síol réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú
Airteagal 7
Ceanglais maidir le hábhar agus le síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a tháirgeadh agus a mhargú
1. Ní ceadmhach síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas, ach amháin más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) tá an síol réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta;
(b) déantar é a tháirgeadh agus a mhargú:
(i) tar éis deimhniú oifigiúil ag na húdaráis inniúla, nó tar éis deimhniú ag an oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil;
(ii) i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid AgCodanna A agus D d’Iarscríbhinn II, agus fianaítear a chomhlíontacht leis na ceanglais sin leis an lipéad oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 15(1). [Leasú 70]
2. Ní ceadmhach ábhar réamhbhunúsach, bunúsach ná deimhnithe a tháirgeadh ná a mhargú laistigh den Aontas, ach amháin más rud é go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) tá an t‑ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta;
(b) déantar é a tháirgeadh agus a mhargú:
(i) tar éis deimhniú oifigiúil ag na húdaráis inniúla, nó tar éis deimhniú ag an oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil;
(ii) i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid BgCodanna B agus E d’Iarscríbhinn II, agus fianaítear a chomhlíontacht leis na ceanglais sin leis an lipéad oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 15(1). [Leasú 71]
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, chun Iarscríbhinn II a leasú. Oiriúnófar na leasuithe sin d’fhorbairtí na gcaighdeán teicniúil agus eolaíoch idirnáisiúnta agus d’fhéadfadhní bheidh ceanglais a bheith i gceist leo ach amháin maidir leis na nithe seo a leanas: [Leasú 72]
(a) síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a shíolú agus a phlandú, agus a tháirgeadh sna goirt;
(b) síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a bhuaint agus a iarbhuaint;
(c) síolta a mhargú;
(d) ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a shíolú agus a phlandú, agus a tháirgeadh sna goirt;
(e) ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a bhuaint agus a iarbhuaint;
(f) ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a mhargú;
(g) ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe de chlóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a tháirgeadh agus a mhargú; [Leasú 73]
(h) ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a tháirgeadh, arb ábhar é a tháirgtear le hiomadú in vitro;
(i) ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a mhargú, arb ábhar é a tháirgtear le hiomadú in vitro.
4. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na ceanglais maidir le táirgeadh agus margú dá dtagraítear i gCuid A agus i gCuid B d’in Iarscríbhinn II maidir le géinis, speicis nó catagóirí áirithe PRM, agus, i gcás inarb iomchuí, maidir le gráid, aicmí, glúine nó foranna eile den chatagóir lena mbaineann. Beidh baint ag na ceanglais sin le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas: [Leasú 74]
(a) úsáidí sonracha ghéinis, speicis, nó shóirt PRM lena mbaineann;
(b) modhanna táirgthe PRM, lena n‑áirítear táirgeadh gnéasach agus éighnéasach agus iomadú in vitro;
(c) coinníollacha maidir le síolú nó le plandú;
(d) saothrú sna goirt;
(e) buaint agus iarbhuaint;
(f) rátaí péactha, íonacht agus cion PRM eile, taise, spreacadh, ithir nó ábhar coimhthíoch a bheith i láthair; [Leasú 75]
(g) modhanna deimhniúcháin PRM, lena n‑áirítear modhanna bith‑mhóilíneacha nó teicniúla eile a chur i bhfeidhm, mar aon lena bhformheas agus a n‑úsáid, agus modhanna formheasta san Aontas a liostú;
(h) na coinníollacha maidir le fréamhstoic agus le codanna eile plandaí de ghéinis nó de speicis seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó de chuid a hibridí, má tá ábhar iomadaithe de na géinis nó de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó de chuid a hibridí beangaithe orthu;
(i) coinníollacha maidir le síolta a tháirgeadh de phlandaí torthaí nó de fhíniúnacha;
(j) coinníollacha maidir le plandaí torthaí, fíniúnacha nó prátaí síl a tháirgeadh de shíolta.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 76(2), chun oiriúnú d’fhorbairtí na gcaighdeán teicniúil agus eolaíoch idirnáisiúnta ábhartha agus na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann do tháirgeadh agus d’infhaighteacht PRM agus d'oibreoirí beaga á gcur san áireamh. Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin comhréireach leis an gcatagóir PRM. [Leasú 76]
Airteagal 8
Ceanglais maidir le hábhar agus le síol caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú
1. Ní ceadmhach síol caighdeánach a tháirgeadh ná a mhargú laistigh den Aontas, ach amháin más rud é go gcomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:
(a) tá sé saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta;
(b) déantar é a tháirgeadh agus a mhargú:
(i) faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil;
(ii) i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid AgCodanna A agus D d’Iarscríbhinn III, agus fianaítear a chomhlíontacht leis na ceanglais sin le lipéad an oibreora dá dtagraítear in Airteagal 16. [Leasú 77]
2. Ní ceadmhach ábhar caighdeánach a tháirgeadh ná a mhargú laistigh den Aontas, ach amháin más rud é go gcomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:
(a) tá sé saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta;
(b) déantar é a tháirgeadh agus a mhargú:
(i) faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil;
(ii) i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCuid BgCodanna B agus E d’Iarscríbhinn III, agus fianaítear a chomhlíontacht leis na ceanglais sin le lipéad an oibreora dá dtagraítear in Airteagal 16. [Leasú 78]
3. Uair sa bhliain, cuirfidh oibreoirí gairmiúla dearbhú faoi bhráid an údaráis inniúil a bhainfidh leis na cainníochtaí in aghaidh an speicis de shíol agus d’ábhar caighdeánach a tháirgeann siad. [Leasú 79]
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, chun Iarscríbhinn III a leasú, chun na ceanglais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a oiriúnú do na forbairtí eolaíocha agus teicniúla agus do na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme. Bainfidh na leasuithe sin leis na nithe seo a leanas:
(a) ceanglais maidir le síolta caighdeánacha a shíolú agus a phlandú, agus a tháirgeadh sna goirt;
(b) ceanglais maidir le síolta caighdeánacha a bhuaint agus a iarbhuaint;
(c) ceanglais maidir le síolta caighdeánacha a mhargú;
(d) ceanglais maidir le hábhar caighdeánach a shíolú agus a phlandú, agus a tháirgeadh sna goirt;
(e) ceanglais maidir le hábhar caighdeánach a bhuaint agus a iarbhuaint;
(f) ceanglais maidir le hábhar caighdeánach a mhargú;
(g) ceanglais maidir le clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach d’ábhar caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú; [Leasú 80]
(h) ceanglais maidir le hábhar caighdeánach a tháirgeadh, arb ábhar é a tháirgtear le hiomadú in vitro;
(i) ceanglais maidir le hábhar caighdeánach a mhargú, arb ábhar é a tháirgtear le hiomadú in vitro.
4a. Sula nglacfaidh sé na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 4, maidir leis na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (i) de, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme na gceanglas sin, ag cur san áireamh na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann do tháirgeadh agus d’infhaighteacht PRM agus d’oibreoirí beaga. Beidh na gníomhartha cur tarmligthe sin comhréireach leis an gcatagóir PRM. [Leasú 81]
5. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar na ceanglais maidir le táirgeadh agus margú dá dtagraítear i gCuid A agus i gCuid B d’in Iarscríbhinn III maidir le géinis nó le speicis áirithe de shíol nó d’ábhar caighdeánach. Beidh baint ag na ceanglais sin le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas: [Leasú 82]
(a) úsáidí sonracha ghéinis, speicis, nó shóirt PRM lena mbaineann;
(b) modhanna táirgthe PRM, lena n‑áirítear táirgeadh gnéasach agus éighnéasach agus iomadú in vitro;
(c) coinníollacha maidir le síolú nó le plandú;
(d) saothrú sna goirt;
(e) buaint agus iarbhuaint;
(f) rátaí péactha, íonacht agus cion PRM eile, taise, spreacadh, ithir nó ábhar coimhthíoch a bheith i láthair; [Leasú 83]
(g) modhanna bith‑mhóilíneacha nó teicniúla eile a aithnítear go hidirnáisiúnta a chur i bhfeidhm, mar aon lena bhformheas agus a n‑úsáid, agus modhanna formheasta san Aontas a liostú; [Leasú 84]
(h) na coinníollacha maidir le fréamhstoic agus le codanna eile plandaí de ghéinis nó de speicis seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó de chuid a hibridí, má tá ábhar iomadaithe de na géinis nó de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I nó de chuid a hibridí beangaithe orthu;
(i) coinníollacha maidir le síolta a tháirgeadh de phlandaí torthaí nó de fhíniúnacha;
(j) coinníollacha maidir le plandaí torthaí, fíniúnacha nó prátaí síl a tháirgeadh de shíolta.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar amach in Airteagal 76(2), chun oiriúnú d’fhorbairtí na gcaighdeán teicniúil agus eolaíoch idirnáisiúnta ábhartha agus na himpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann do tháirgeadh agus d’infhaighteacht PRM agus d'oibreoirí beaga á gcur san áireamh. Beidh na gníomhartha cur chun feidhme sin comhréireach leis an gcatagóir PRM. [Leasú 85]
Airteagal 9
Clóin,Ceanglais maidir le clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a tháirgeadh, agus a mhargú agus a chlárú [Leasú 86]
1. I dteannta na gceanglas dá dtagraítear in Airteagail 4 go 43, Déanfar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach, agus deimhnithe de chlóin roghnaithe agus ábharagus caighdeánach de chlóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a tháirgeadh agus a mhargú i gcomhréir le míreanna 2 agus 3 agus leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid C agus in Iarscríbhinn III, Cuid C. [Leasú 87]
2. Ní ceadmhach clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin más rud é go bhfuil siad cláraithe ag údarás inniúil in aon chlár oifigiúil amháin le haghaidh clón roghnaithe agus PRM polaclónach arna bhunú ag Ballstát. [Leasú 88]
Áireofar sa chlár sin na heilimintí uile dá dtagraítear san iarratas ar chlón, clón roghnaithe, meascán ilchlónach agus PRM polaclónach a chlárú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, Cuid B, Cuid C pointe 2Airteagal 53a. [Leasú 89]
3. Déanfar clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a chothabháil chun a sainaitheantas a chaomhnú. Na daoine a bhíonn freagrach as na clóin, clóin roghnaithe, meascáin ilchlónacha agus PRM polaclónach a chothabháil, déanfaidh siad na bearta uile chun go bhféadfaidh na húdaráis inniúla nó aon duine eile iad a fhíorú, ar bhonn taifid choimeádta. [Leasú 90]
3a. Ní dhéanfar PRM ilchlónála, atá cláraithe sa chlár dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, a tháirgeadh agus a mhargú ach amháin má chomhlíonann sé na ceanglais uile a bhaineann le hábhar caighdeánach dá dtagraítear i gCuid C d'Iarscríbhinn III. I gcomhréir le hAirteagal 17, beidh lipéad oibreora gairmiúil ar a mbeidh an tásc ‘Ábhar polyclónach’ ag gabháil le PRM polyclónach. [Leasú 91]
ROINN 3
Oibreoirí gairmiúla a údarú agus maoirseacht oifigiúil na n‑údarás inniúil
Airteagal 10
Oibreoirí gairmiúla a údarú chun deimhniú a dhéanamh faoi mhaoirseacht oifigiúil
1. Féadfaidh oibreoir oifigiúil, ar iarratas a chur isteach, a bheith údaraithe ag an údarás inniúil chun na gníomhaíochtaí uile nó gníomhaíochtaí áirithe, a cheanglaítear chun PRM a dheimhniú, a fheidhmiú faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil le haghaidh ábhar nó síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, agus chun lipéad oifigiúil a eisiúint lena n‑aghaidhphriontáil lena n-aghaidh. [Leasú 92]
Chun go ndeonófar an t‑údarú sin agus ag brath ar na gníomhaíochtaí a bhfuil oibreoir le húdarú lena n‑aghaidh, déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil na nithe seo a leanas:
(a) an t‑eolas is gá a bheith aige chun na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 7 a chomhlíonadh;
(b) bheith cáilithe chun na cigireachtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a dhéanamh nó pearsanra a fhostú atá cáilithe le haghaidh na gcigireachtaí sin;
(c) pearsanra cáilithe a fhostú chun an tsampláil dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a dhéanamh, nó conarthaí a thabhairt i gcrích le cuideachtaí nó le comhlachais d’oibreoirí gairmiúla a fhostaíonn pearsanra cáilithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin; [Leasú 93]
(d) pearsanra cáilithe a fhostú chun an tástáil dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a dhéanamh, nó saotharlanna tástála PRM a úsáid a fhostaíonn pearsanra cáilithe le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin; [Leasú 94]
(e) pointí criticiúla an phróisis táirgthe a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar cháilíocht agus ar aitheantas PRM a shainaithint, agus bheith in ann monatóireacht a dhéanamh ar na pointí sin, agus taifid a choimeád ar thorthaí an fhaireacháin sin;
(f) córais a bheith i bhfeidhm acu chun comhlíonadh na gceanglas a bhaineann le sainaithint na luchtóg de bhun Airteagal 13 a áirithiú;
(g) córais a bheith i bhfeidhm acu chun comhlíonadh na gceanglas inrianaitheachta a leagtar amach in Airteagal 42 a áirithiú.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, lena bhforlíontar mír 1 a mhéid a bhaineann le ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas: [Leasú 95]
(a) nós imeachta um an iarratas a chuireann an t‑oibreoir gairmiúil isteach; [Leasú 96]
(b) gníomhaíochtaí sonracha atá le déanamh ag an údarás inniúil, chun an chomhlíontacht le mír 1, pointí (a) go (g), a dheimhniú. [Leasú 97]
Airteagal 11
Tarraingt siar nó modhnú údaraithe oibreora ghairmiúil
I gcás nach gcomhlíonfaidh oibreoir gairmiúil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(1) a thuilleadh, iarrfaidh an t‑údarás inniúil ar an oibreoir sin gníomhaíochtaí ceartaitheacha a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe ama.
Déanfaidh an t‑údarás inniúil, gan mhoill, an t‑údarú a tharraingt siar, nó a mhodhnú de réir mar is iomchuí, mura gcuireann an t‑oibreoir gairmiúil na gníomhaíochtaí ceartaitheacha i bhfeidhm dá dtagraítear sa chéad fhomhír laistigh den tréimhse shonraithe. I gcás ina dtiocfar ar an gconclúid gur deonaíodh an t‑údarú tar éis calaoise, forchuirfidh an t‑údarás inniúil na smachtbhannaí iomchuí ar an oibreoir gairmiúil.
Airteagal 12
Maoirseacht oifigiúil ag na húdaráis inniúla
1. Chun críocha an deimhniúcháin faoi mhaoirseacht oifigiúil, déanfaidh na húdaráis inniúla iniúchtaí rialta, ar a laghad uair sa bhliain, iniúchtaígach ocht mí dhéag chun a áirithiú go gcomhlíonann an t‑oibreoir gairmiúil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 10(1). [Leasú 98]
Eagróidh freisin siad oiliúint agus scrúduithe ar an bpearsanra a dhéanann cigireachtaí allamuigh, sampláil agus tástáil dá ndéantar foráil sa Rialachán seo.
2. Chun críocha an deimhniúcháin faoi mhaoirseacht oifigiúil, déanfaidh na húdaráis inniúla cigireachtaí, sampláil agus tástáil oifigiúil ar chion de na barra ar an láithreán táirgthe agus ar luchtóga PRM, chun a dheimhniú go gcomhlíonann an t‑ábhar sin na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 7.
Cinnfear an cion sin ar bhonn an mheasúnaithe ar an riosca féideartha nach gcomhlíonfaidh an PRM na ceanglais sin.
3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhmetarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 75, lena bhforlíontar an Rialachán seo, na ceanglais a shonrú maidir leis na cigireachtaí, leis an oiliúint, leis na scrúduithe, na cigireachtaí, leis an tsampláil agus an tástáil, dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, i dtaca le géinis nó le speicis áirithe. [Leasú 99]
D’fhéadfaí ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas a shonrú leis na gníomhartha cur chun feidhmetarmligthe sin: [Leasú 100]
(a) na critéir riosca dá dtagraítear i mír 2 agus an t‑íoschion de na barra agus de luchtóga PRM, a ndéanfar cigireachtaí, sampláil agus tástáil orthu, dá dtagraítear i mír 2;
(b) gníomhaíochtaí faireacháin atá le déanamh ag na húdaráis inniúla;
(c) úsáid scéimeanna creidiúnúcháin áirithe ag an oibreoir gairmiúil, agus an fhéidearthacht do na húdaráis inniúla chun na cigireachtaí agus na gníomhaíochtaí samplála, tástála agus faireacháin dá dtagraítear san Airteagal seo a laghdú i ngeall ar úsáid na scéimeanna sin, dá dtagraítear i mír 2. [Leasú 101]
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2). [Leasú 102]
ROINN 4
Ceanglais maidir le láimhseáil
Airteagal 13
Baisceanna
1. Déanfar PRM a mharcáil ina luchtóga. Cion chineálacha agus speicis gach luchtóige, beidh sé sách aonfhoirmeach agus in‑sainaitheantameasctha go haonchineálachagus in-sainaitheanta ag a húsáideoirí mar inneachar atá sainiúil ó luchtóga eile PRM. [Leasú 103]
2. Le linn próiseála, pacáistiú, stórála, nó tráth a seachadta, maidir le luchtógluchtóga PRM, ní fhéadfar iad a chumasc ina luchtóg nua ach amháin más rud é go mbaineann siad leis an gcineál céanna agus leis an mbliain bhuainte chéanna.[Leasú 104]
I gcás ina mbeidh luchtóga atá comhdhéanta de chatagóirí deimhniúcháin difriúla le cumasc, bainfidh an luchtóg nua le catagóir chomhpháirt na catagóire is ísle. Ní ceadmhach tabhairt faoi oibríocht an chumasctha ach amháin i saoráid a bheidh údaraithe ag an údarás inniúil chun na críche sonraí sin, agus ní fhéadfaidh ach daoine a bheidh údaraithe ag an údarás inniúil amhlaidh é sin a dhéanamh.
3. Le linn próiseála, pacáistiú, stórála, nó tráth a seachadta, féadfar luchtóga PRM a roinnt ina dhá luchtóg nó níos mó.
4. I gcásanna ina ndéantar luchtóga PRM a chumasc nó a roinnt, dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3, coimeádfaidh an t‑oibreoir gairmiúil taifid ar thionscnamh na luchtóg nua.
5. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais shonracha a ghlacadh maidir le speicis uile PRM nó le haghaidh speicis áirithe PRM, a bhainfidh le huasmhéid na luchtóg, lena sainaitheantas agus lena lipéadú, le luchtóga a chumasc nó a roinnt i ndáil le tionscnamh luchtóga PRM, agus na hoibríochtaí agus an lipéadú sin tar éis an chónasctha nó na roinnte á dtaifeadadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 14
Pacáistí, cuacha agus coimeádáin
1. Déanfar PRM a mhargú i bpacáistí, cuacha nó coimeádáin cheangailte, ar a mbeidh gaireas séalaithe agus marcáil. I gcás PRM seachas síolta agus prátaí síl, féadfar é a mhargú i bhfoirm plandaí aonair freisin. [Leasú 105]
2. Déanfar na pacáistí, na cuacha agus na coimeádáin dá dtagraítear i mír 1 a cheangal ar bhealach, nach féidir iad a oscailt gan an ceangal sin a scriosadh nó gan rianta a fhágáil a léireoidh gur osclaíodh an pacáiste, cuach nó coimeádán. Áiritheofar éifeachtacht an ghairis ceangail, trí na lipéid dá ndéantar foráil in Airteagail 15 agus 16 a chur ina chuid den ghaireas nó trí shéala a úsáid. Díolmhófar pacáistí agus coimeádáin ón gceanglas sin mura féidir an ceangal a athúsáid.
3. I gcás PRM réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe, is é an t‑údarás inniúil,, nó an t‑oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, a cheanglóidh na pacáistí, na cuacha agus na coimeádáin sin. Ní athcheanglófar na pacáistí, ná na coimeádáin sin ach amháin má dhéanann an t‑údarás inniúil é sin, nó má dhéanann an t‑oibreoir gairmiúil é faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil. Má dhéantar pacáiste, cuach nó coimeádán a athcheangal, sonrófar dáta an athcheangail agus mionsonraí an údaráis inniúil atá freagrach ar an lipéad dá dtagraítear in Airteagal 15.
4. Ní fhéadfar luchtóga de PRM réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe a athphacáistiú, a athlipéadú, agus a athshéalú ach faoi rialú oifigiúil nóag an údarás inniúil nó ag an oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil agus sa chás sin amháin. [Leasú 106]
5. De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh oibreoir gairmiúil síolta agus prátaí síl a mhargú d’fheirmeoir go díreach agus i mbulc. [Leasú 107]
Is é an t‑údarás inniúil a údaróidh an t‑oibreoir gairmiúil sin chun na críche sin. Cuirfidh sé an t‑údarás inniúil ar an eolas faoin ngníomhaíocht sin agus faoin luchtóg óna dtagann an síol agus na prátaí síl sin roimh ré. [Leasú 108]
I gcás ina luchtófar síol agus prátaí síl in innealra nó ar leantóir an fheirmeora go díreach, áiritheoidh an t‑oibreoir gairmiúil agus an feirmeoir lena mbaineann inrianaitheacht an tsíl sin agus na bprátaí síl sin trí dhoiciméid a eisiúint agus a choinneáil a léireoidh an speiceas agus an cineál, an chainníocht, an t‑am aistrithe agus sainaitheantas na luchtóige. [Leasú 109]
5a. Coimeádfaidh an t-údarás inniúil nó an t-oibreoir gairmiúil taifead de na nithe seo a leanas:
(a) údarú, ceannach, lódáil agus iompar an PRM; agus
(b) cáilíocht, sainaithint agus inrianaitheacht an PRM. [Leasú 110]
6. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais shonracha a ghlacadh maidir le séalú, ceangal, méid agus foirm phacáistí, chuacha agus choimeádáin speiceas sonrach PRM, agus coinníollacha maidir le margú na síolta agus na bprátaí síl i mbulc a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2). [Leasú 111]
ROINN 5
ceanglais maidir le lipéadú
Airteagal 15
Lipéad oifigiúil
1. Sainaithneofar ábhar agus síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, agus fianófar a gcomhlíontacht leis an Rialachán seo, trí lipéad oifigiúil, a eiseofar tar éis don údarás inniúil teacht ar an gconclúid go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 7 comhlíonta.
2. Is é an t‑údarás inniúil a eiseoidh an lipéad oifigiúil agus beidh sraithuimhir air arna tabhairt ag an údarás inniúil.
Is é seo a leanas a phriontálfaidh an lipéad oifigiúil:
(a) an t‑údarás inniúil a d’eisigh an lipéad oifigiúil, má iarrann an t‑oibreoir gairmiúil sin, nó mura mbeidh an t‑oibreoir gairmiúil údaraithe chun an deimhniú a dhéanamh faoi mhaoirseacht oifigiúil, is é an t‑údarás inniúil a phriontálfaidh é i gcomhréir le hAirteagal 10; nó [Leasú 112]
(b) an t‑oibreoir gairmiúil nó na comhlachais d’oibreoirí gairmiúla, faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, i gcás ina mbeidh an t‑oibreoir gairmiúil údaraithe chun an deimhniú a dhéanamh faoi mhaoirseacht oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 10. [Leasú 113]
3. Greamóidh an t‑oibreoir gairmiúil, faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, an lipéad oifigiúil ar an taobh amuigh den chuach, pacáiste nó coimeádán, nó is é duine a ghníomhóidh faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil a dhéanfaidh amhlaidh.
4. Eiseofar an lipéad oifigiúil as an nua. Féadfar lipéid oifigiúla ghreamaitheacha a úsáid, má údaraíonn an t‑údarás inniúil amhlaidh i gcás nach mbeidh aon riosca ann gur féidir iad a athúsáid.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha seo a leanas a leagan síos maidir leis na nithe seo:
(a) taifeadadh digiteach na ngníomhaíochtaí uile arna ndéanamh ag na hoibreoirí gairmiúla agus ag na húdaráis inniúla chun an lipéad oifigiúil a eisiúint;
(b) ardán láraithe a bhunú lena nasctar na Ballstáit agus an Coimisiún chun próiseáil na dtaifead sin, rochtain a fháil orthu, agus a n‑úsáid a éascú;
(c) na socruithe teicniúla chun na lipéid oifigiúla leictreonacha a eisiúint.
Tar ghlacadh an ghnímh tharmligthe sin, féadfar an lipéad oifigiúil a eisiúint i bhfoirm leictreonach freisin (‘lipéad oifigiúil leictreonach’).
6. De mhaolú ar mhíreanna 1 go 5 den Airteagal seo, déanfar ábhar agus síol réamhbhunúsach agus bunúsach, ábhar agus síol bunúsach agus ábhar agus síol deimhnithe, arna n‑allmhairiú ó thríú tíortha de bhun Airteagal 39, a mhargú san Aontas agus an lipéad OECD lena mbaineann orthu agus a bhí ag gabháil leo tráth a n‑allmhairithe. [Leasú 114]
Airteagal 16
Lipéad an oibreora
Is le lipéad oibreora a shainaithneofar ábhar caighdeánach agus síol caighdeánach. Fianóidh an lipéad sin go gcomhlíonann an t‑ábhar caighdeánach nó an síol caighdeánach sin na ceanglais ábhartha maidir le táirgeadh agus margú, dá dtagraítear in Airteagal 8, ar bhonn na gcigireachtaí, na samplála agus na tástála arna ndéanamh ag an oibreoir gairmiúil.
Eiseoidh, priontálfaidh agus greamóidh an t‑oibreoir gairmiúil, nó duine a ghníomhóidh faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil, lipéad an oibreora ar an taobh amuigh de chuach, pacáiste nó coimeádán plandaí. Féadfaidh an t-oibreoir gairmiúil, nó duine a bheidh ag gníomhú faoi fhreagracht an oibreora ghairmiúil, an fhaisnéis atá le cur ar lipéad an oibreora ghairmiúil a phriontáil go díreach ar an gcuach, pacáiste nó coimeádáin plandaí.[Leasú 115]
Airteagal 17
Inneachar lipéad
1. Beidh an lipéad oifigiúil agus an lipéad oibreora scríofa i dteanga amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
2. Beidh lipéad oifigiúil agus lipéad an oibreora inléite, doscriosta, gan a bheith inmhodhnaithe má dhéantar crioscaíl leis, priontáilte ar thaobh amháin, déanta as ábhar do-bhriste mura lipéad greamaitheach é, gan a bheith úsáidte roimhe, agus infheicthe gan dua. Áireofar leis, i gcás inarb infheidhme, tagairt don cheart ar chineál planda agus tagairt don chlár dá dtagraítear in Airteagal 46 i gcás tuilleadh ceart maoine intleachtúla. [Leasú 116]
3. Aon spás den lipéad oifigiúil nó de lipéad an oibreora seachas na heilimintí a luaitear i mír 4, féadfaidh an t‑údarásdéanfaidh an t-údarás inniúil é a úsáid le haghaidh faisnéis bhreise, i gcás inar ábhartha sin. Cuirfear an fhaisnéis sin i láthair i litreacha nach mó ná na litreacha sin a úsáidtear le haghaidh inneachar an lipéid oifigiúil nó lipéad an oibreora dá dtagraítear i mír 4. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith ina fhaisnéis fhíorasach agus an méid sin amháin, gan ábhar fógraíochta a bheith i gceist, agus bainfidh an fhaisnéis leis na ceanglais maidir le táirgeadh agus le margú nó leis na ceanglais maidir le lipéadú le haghaidh orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó le plandaí NGT de chatagóir 1 mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt don Rialachán maidir le NGT) agus leis na ceanglais sin amháin. [Leasú 117]
4. Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, inneachar, méid, dath agus foirm an lipéid oifigiúil nó lipéad an oibreora, de réir mar is infheidhme, i ndáil leis na catagóirí nó sóirt PRM lena mbaineann, le haghaidh na lipéad seo a leanas:
(a) an lipéad oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 15(1);
(b) lipéad an oibreora dá dtagraítear in Airteagal 16;
(c) an lipéad le haghaidh meascán dá dtagraítear in Airteagal 21(1);
(d) an lipéad le haghaidh meascáin le haghaidh leasaithe dá dtagraítear in Airteagal 22(1);
(e) an lipéad le haghaidh síolta athphácáistithe agus athlipéadaithe dá dtagraítear in Airteagal 23(5);
(f) an lipéad le haghaidh PRM a bhaineann le cineálacha caomhantais dá dtagraítear in Airteagal 26(2);
(g) an lipéad le haghaidh PRM a mhargaítear d’úsáideoirí deiridh dá dtagraítear in Airteagal 28(1), pointe (a);
(h) an lipéad le haghaidh PRM a mhargaíonn bainc géinte, eagraíochtaí agus líonraí áirithe dá dtagraítear in Airteagal 29; [Leasú 118]
(i) an lipéad le haghaidh ábhar póraitheora dá dtagraítear in Airteagal 31(2); [Leasú 119]
(j) an lipéad le haghaidh PRM cineálacha nach bhfuil cláraithe fós dá dtagraítear in Airteagal 32(5);
(k) an lipéad le haghaidh PRM a údaraítear i gcásanna deacrachtaí sealadacha sa soláthar dá dtagraítear in Airteagal 33(2); agus
(l) an lipéad le haghaidh síolta ag a bhfuil údarú sealadach lena margú dá dtagraítear in Airteagal 34(3);
(m) an lipéad le haghaidh síolta nár deimhníodh go críochnaitheach dá dtagraítear in Airteagal 35(3);
(n) an lipéad le haghaidh PRM a allmhairítear ó thríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 40(1) agus (2);
(na) an lipéad le haghaidh ábhair pholaclónaigh dá dtagraítear in Airteagal 9(4); [Leasú 120]
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
5. Féadfaidh an t‑údarás inniúil a údarú don oibreoir gairmiúil faisnéis seachas an t‑inneachar dá dtagraítear i mír 4 a léiriú, agus faisnéis seachas ábhar fógraíochta, arna chur ar fhorimeall an lipéid oifigiúil, in achar ar mhéid nach mó ná 20 % d’achar iomlán an lipéid oifigiúil, ar a mbeidh an teideal ‘Faisnéis neamhoifigiúil’. Cuirfear an fhaisnéis sin i litreacha nach mó ná na litreacha sin a úsáidtear le haghaidh inneachar an lipéid oifigiúil dá dtagraítear i mír 4.
Airteagal 18
Tagairt do luchtóga
Eiseofar an lipéad oifigiúil agus an lipéad oibreora le haghaidh gach luchtóige.
Má roinntear luchtóg den chineál céanna ina dhá luchtóg nó níos mó, eiseofar lipéad oifigiúil nua nó lipéad oibreora nua le haghaidh gach luchtóg.
Má dhéantar roinnt luchtóg den chineál céanna a chumasc chun luchtóg nua a dhéanamh, eiseofar lipéad oifigiúil nó lipéad oibreora nua le haghaidh na luchtóige nua sin.
Airteagal 19
Neamhchomhlíontacht PRM le ceanglais maidir le táirgeadh agus le margú
Sa chás ina dtaispeánann rialuithe oifigiúla a dhéantar le linn PRM a mhargú nár táirgeadh nó nár margaíodh síolta nó ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe, nó síolta nó ábhar caighdeánaché laistigh den Aontas i gcomhréir leis na ceanglais lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagail 7 nó 8, nó i gcás nár deimhníodh sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil PRM sa tástáil ar dháileacht talún cóimheasa i gcomhréir le hAirteagal 24faoi seach is infheidhme i ndáil leis an PRM sin, áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil lena mbaineann na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá maidir leis an PRM lena mbaineann agus i leith an áitribh, a áitreabh agus a mhodhanna táirgthe, de réir mar is iomchuí. Beidh sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí sin ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas a bhaint amach: [Leasú 121]
(a) comhlíonfaidh an PRM lena mbaineann na ceanglais ábhartha;
(b) tarraingeofar an PRM lena mbaineann ón margadh nó úsáidfear mar ábhar seachas PRM é;
(c) cé is moite de shíol caighdeánach nó d’ábhar caighdeánach, táirgfear nóde shíol ilchineálach nó d’ábhar ilchineálach agus de PRM a mhargaítear faoi na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagail 27 go 30, margófar an PRM lena mbaineann faoi chatagóir níos ísle, i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme le haghaidh na catagóire sin; [Leasú 122]
(d) gearrfari gcás inarb infheidhme, féadfar modhanna breise de phionóis a ghearradh ar an oibreoir gairmiúil le cois tharraingt siar nó mhodhnú an údaraithe dá dtagraítear in Airteagal 11. [Leasú 123]
Airteagal 20
Gan PRM a tháirgeadh ná a mhargú ach amháin mar shíolta nó mar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe
1. Ní ceadmhach PRM a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV a tháirgeadh ná a mhargú ach amháin mar shíolta nó ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun Iarscríbhinn IV a leasú.
Leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfear géinis nó speicis le hIarscríbhinn IV, má chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas araon:
(a) tá gá le ráthaíochtaí níos airde maidir le cáilíocht na síolta a bhaineann leis an ngéineas nó leis an speiceas sin; agus.
(b) tá costais na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin, is gá chun an síol lena mbaineann a tháirgeadh agus a mhargú mar shíol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe, comhréireach:
(i) leis an gcuspóir slándáil bia agus beatha a áirithiú, nó ardluach na próiseála tionsclaíche a áirithiú; agus
(ii) leis na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaítear de na caighdeáin is airde maidir le sainaitheantas agus cáilíocht an tsíl, a eascraíonn as comhlíontacht leis na ceanglais maidir le síol réamhbhunúsach, bunúsach, agus deimhnithe i gcomparáid leis na caighdeáin sin maidir le síol caighdeánach.
Beidh an chomhréireacht sin bunaithe ar mheasúnú foriomlán ar na heilimintí seo a leanas in éineacht le chéile: tábhacht an ghéinis nó an speicis lena mbaineann ó thaobh shlándáil bia agus beatha an Aontais de; méid a tháirgeachta san Aontas; an t‑éileamh atá air ó na hoibreoirí gairmiúla agus ó oibreoirí an tionscail bia/beatha; na costais chun síol réamhbhunúsach, bunúsach, agus deimhnithe a tháirgeadh i gcomparáid leis an gcostas chun síol eile den ghéineas nó den speiceas céanna a tháirgeadh; agus na tairbhí eacnamaíocha a dhíorthaítear ó shíol réamhbhunúsach, bunúsach, agus deimhnithe a tháirgeadh agus a mhargú i gcomparáid le síol eile den ghéineas nó den speiceas céanna.
Leis an ngníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bainfear géineas nó speiceas d’Iarscríbhinn IV mura gcomhlíontar ceann de na coinníollacha a leagtar amach sa dara fomhír, pointe (b), pointí (i) agus (ii), a thuilleadh.
2a. Ar iarratas ó Bhallstát, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a údarú go scaoilfear Ballstát ón oibleagáid na forálacha atá leagtha síos san Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le táirgeadh agus margú PRM laistigh dá chríoch, ar PRM é a bhaineann go sonrach le géineas nó le speiceas a liostaítear in Iarscríbhinn IV, nach ndéantar de ghnáth a atáirgeadh ná a mhargú laistigh dá chríoch. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Déanfar an t-údarú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír a bhunú ar mheasúnú ar na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 2 den dara fomhír.
Déanfar an t-údarú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a athbhreithniú go rialta. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go bhfuil an t-údarú le haisghairm, má mheasann sé nach bhfuil bonn cirt leis a thuilleadh i bhfianaise na gcoinníollacha dá dtagraítear i mír 2, an dara fomhír, pointe (a) agus pointe (b). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2). [Leasú 124]
ROINN 6
CEANGLAIS SHONRACHA MAIDIR LE MEASCÁIN SÍOLTA, SÍOLTA A ATHPHACÁISTIÚ AGUS TÁSTÁLACHA AR DHÁILEACHTAÍ TALÚN CÓIMHEASA LE hAGHAIDH SÍOLTA
Airteagal 21
Meascáin síolta
1. Meascáin de shíolta deimhnithe nó meascáin de shíol caighdeánach de ghéinis nó de speicis éagsúla a liostaítear i gCuid AgCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I agus a chomhlíonann ceanglais Airteagail 5 go 8, cibé acu atá nó nach bhfuil i gcomhcheangal le síol tráchtála, mar aon le meascáin de chineálacha difriúla de na géinis nó de na speicis sin, féadfar iad a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, más rud é go gcomhlíonann siad ceanglais an Airteagail seo. [Leasú 125]
Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil leis na síolta a áireofar sna meascáin sin:
(a) lipéad oifigiúil, i gcás nach mbeidh sa mheascán ach síolta deimhnithe; nó
(b) lipéad oibreora, i gcás nach mbeidh sa mheascán ach síol deimhnithe, nó síol deimhnithe agus síol caighdeánachngach cás eile. [Leasú 126]
Chun críocha an dara fomhír, pointe (a), cuirfidh na hoibreoirí gairmiúla liosta na gcineálacha agus na gcomhpháirteanna síolta tráchtála dá bhfuil an meascán comhdhéanta agus na cóimheasa atá i gceist leo faoi bhráid an údaráis inniúil, chun incháilitheacht na gcineálacha sin a fhíorú. [Leasú 127]
2. Is iad oibreoirí gairmiúla amháin a fhéadfar meascán síolta dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh, arb oibreoirí gairmiúla iad atá údaraithe chun na críche sin ag an údarás inniúil. Chun údarú a fháil chun na meascáin sin a tháirgeadh, comhlíonfaidh na hoibreoirí gairmiúla na ceanglais seo a leanas:
(a) beidh trealamh measctha oiriúnach suiteáilte acu mar aon le nósanna imeachta iomchuí lena n‑áiritheofar go mbeidh an meascán críochnaithe aonfhoirmeach agus gur féidir an cóimheas, atá luaite a bheith ann idir na cineálacha ar comhpháirteanna iad i ngach coimeádán, a bhaint amach;
(b) beidh duine i gceannas ar a mbeidh freagracht dhíreach as oibríocht an mheasctha agus an phacáistithe; agus
(c) coimeádfaidh siad clár de mheascáin síolta agus den úsáid a bheartaítear dóibh.
3. Déanfar oibríocht mheascadh agus phacáistiú na síolta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil.
Déanfar oibríocht an mheasctha ar bhealach lena n‑áiritheofar nach mbeidh aon riosca ann go mbeidh síolta i láthair nach mbeartaítear iad a áireamh agus go mbeidh an meascán a gheofar dá thoradh a aonfhoirmí agus is féidir.
Meáchan an tsíl i gcoimeádán aonair, atá comhdhéanta de mheascán de speicis bheagshíolacha agus de speicis ar mó a shíol ná méid na cruithneachta, ní bheidh meáchan an tsíl sin sa choimeádán níos mó ná 40 kg.
4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar bhonn na bhforbairtí teicniúla agus eolaíocha agus na taithí a gheofar ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo, rialacha a shonrú maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) an trealamh agus an nós imeachta um meascadh;
(b) uasmhéideanna na luchtóg le haghaidh speicis agus cineálacha áirithe.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 22
Meascáin chaomhnúcháin
1. De mhaolú ar Airteagail 5 go 8 agus ar Airteagal 21(1), feadfaidh na Ballstáit táirgeadh agus margú meascáin síolta de ghéinis nó de chineálacha éagsúla a liostaítear i gCuid AgCodanna A, B agus C d’Iarscríbhinn I, a údarú, mar aon le meascáin síolta chineálacha difriúla de na géinis nó de na speicis sin, in éineacht le síoltaagus de ghéinis nó de speicis Chodanna eile den Iarscríbhinn sin, nó meascáin síolta de ghéinis nó de speicis nach liostaítear san Iarscríbhinn sin, más rud é go gcomhlíonann an meascánna meascáin sin na coinníollacha uile seo a leanas: [Leasú 128]
(a) cuidíonn sésiad le caomhnú na n‑acmhainnín-acmhainní géiniteacha, nó leis an gcomhshaol nádúrtha a athbhunú; agus [Leasú 129]
(b) tá sésiad bainteach le limistéar áirithe (‘limistéar foinseachréigiún tionscnaimh’) a chuidíonn le caomhnú na n‑acmhainní géiniteacha, nó leis an gcomhshaol nádúrtha a athbhunú; [Leasú 130]
(ca) níl siad comhdhéanta de OGM nó de phlanda TGN de chatagóir 1 mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (AE) .../... [Rialachán TGN] nó de phlanda TGN de chatagóir 1 nó 2 mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) den Rialachán sin. [Leasú 132]
Is é ‘meascán caomhantaisiad ‘meascáin chaomhnúcháin’ atá i gceist le meascánmeascáin den sórt sin agus luafar é sin ar a lipéad. [Leasú 133]
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, lena leasófar Iarscríbhinn V maidir leis na heilimintí seo a leanas:
(a) ceanglais maidir le húdarú le haghaidh meascáin síolta a bhailítear ó áit nádúrtha go díreach arb áit í a bhaineann le limistéar foinseachréigiún tionscnaimh sainithe, chun an comhshaol nádúrtha a chaomhnú agus a athbhunú (meascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach); [Leasú 134]
(b) ceanglais maidir le lipéadú le haghaidh meascáin le haghaidh leasaithe a fhástar mar bharra;
(c) úsáid agus cion speiceas áirithe;
(d) ceanglais maidir le séalú agus le pacáistiú;
(e) ceanglais maidir leis na hoibreoirí gairmiúla a údarú.
Beidh na leasuithegníomhartha tarmligthe sin bunaithe ar an taithí a cruinníodh le cur chun feidhme an Airteagail seo, agus le haon fhorbairt theicniúil agus eolaíoch agus leis an bhfeabhsú ar cháilíocht agus ar shainaitheantas na meascán le haghaidh leasaithe. Féadfaidh baint a bheith acu le géinis nó le speicis áirithe agus leo sin amháin. [Leasú 135]
3. Tuairisceoidh oibreoirí gairmiúla chuig na húdaráis inniúla lena mbaineann, le haghaidh gach séasúir táirgthe, méid na meascán le haghaidh leasaithe a tháirg agus a mhargaigh siad.
Tuairisceoidh na Ballstáit arna iarraidh sin chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile méid na meascáin le haghaidh leasaithe a tháirgtear agus a mhargaítear ina gcríoch agus, i gcás inarb infheidhme, ainmneacha na n‑údarás inniúil atá freagrach as acmhainní géiniteacha plandaí nó na n‑eagraíochtaí a aithnítear chun na críche sin.
Airteagal 23
Luchtóga sílPRM a athphacáistiú agus athlipéadú [Leasú 136]
1. Déanfar luchtóg síl de shíolde PRM réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a athphacáistiú agus athlipéadú i gcomhréir leis an Airteagal seo, le hAirteagail 14 agus 15, i gcás inar gá sin chun luchtóga a roinnt nó a chumasc. [Leasú 137]
2. Is iad seo a leanas a dhéanfaidh athphacáistiú agus athlipéadú luchtóige sílPRM: [Leasú 138]
(a) an t‑oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil; nó
(b) samplóir síl, a bheidh údaraithe agus faoi mhaoirseacht chun na críche sin ag an údarás inniúil, agus a thuairiscíonn chuig an údarás sin.
I gcás phointe (b), tabharfaidh an t‑údarás inniúil fógra don oibreoir gairmiúil roimh ré chun a chomhar leis an samplóir síl a eagrú.
3. An t‑oibreoir gairmiúil agus an samplóir síl a dhéanfaidh athphacáistiú agus athlipéadú na luchtóg síl, déanfaidh siad gach beart chun a áirithiú, le linn oibríocht an athphacáistithe, go ndéanfar sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil na luchtóige síl a chothabháil, nach dtarlóidh aon éilliú, agus go mbeidh an luchtóg síl a eascróidh as a aonfhoirmí agus is féidir.
4. Coimeádfaidh na hoibreoirí gairmiúla agus an samplóir síl taifid, agus luchtóga síl á n‑athphacáistiú agus á n‑athlipéadú acu, ar feadh 3 bliana tar éis an athlipéadaithe agus an athphacáistithe faoi seach. Beidh na nithe seo a leanas san fhaisnéis a bheidh sna taifid:
(a) uimhir thagartha na luchtóige síl bunaidh;
(b) uimhir thagartha na luchtóige síl athphacáistithe nó athlipéadaithe;
(c) meáchan na luchtóige síl bunaidh;
(d) meáchan na luchtóige síl athphacáistithe nó athlipéadaithe;
(e) dáta diúscartha críochnaithí na luchtóige.
Coimeádfar na taifid sin i bhfoirm lena bhfágfar go mbeifear in ann barántúlacht na luchtóige síl bunaidh a shainaithint agus a fhíorú, ar luchtóg í a bheidh faoi réir a hathphacáistithe agus a hathlipéadaithe. Cuirfear iad ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin.
5. Bainfear na séalaí agus na lipéid bhunaidh den luchtóg síl. Coimeádfaidh na hoibreoirí gairmiúla nó an samplóir síl an lipéad freisin, de gach luchtóg síl is comhpháirt den luchtóg síl bhunaidh, arb é sin an lipéad a athsholáthraíodh.
Luafar uimhir thagartha na luchtóige síl bunaidh ar na lipéid nua nó uimhir thagartha luchtóige síl nua arna sannadh ag an údarás inniúil.
6. I gcás ina sannfaidh an t‑údarás inniúil uimhir thagartha luchtóige síl nua, coimeádfaidh sé taifead ar an iar‑uimhir thagartha luchtóige síl nó áiritheoidh go mbeidh an iar‑uimhir sin ar na lipéid nua.
7. Ní ceadmhach athphacáistiú a dhéanamh ar mheascáin de shíol deimhnithe ach amháin i gcás ina mbeidh sé suite ag an oibreoir gairmiúil nó ag an samplóir síl go gcoinneofar cóimheas na gcomhpháirteanna difriúla laistigh de mheascán ar bun le linn phróiseas an athphacáistithe.
Airteagal 24
Tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa le haghaidh síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe
1. Tar éis tháirgeadh na síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, déanfaidh na húdaráis inniúla tástálacha bliantúla allamuigh, láithreach tar éis an tséasúir, nó lena linn, tar éis dó na samplaí a tharraingt, sa bhreis ar chigireacht ar na goirt, i ndáileachtaí ina gcuirfear an cineál i gcomparáid le sampla síl den chineál, a bheidh fíoraithe go hoifigiúil, chun a fhionnadh nár tháinig aon athrú ar shaintréithe na gcineálacha i bpróiseas an táirgthe agus chun fíorú a dhéanamh ar shainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil luchtóga aonair síl.
Úsáidfear na tástálacha sin chun measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
a) cé acu a chomhlíontar nó nach gcomhlíontar na ceanglais maidir leis na chéad chatagóirí nó ghlúine eile. Nuair, de thoradh na dtástálacha sin ar an gcatagóir nó ar an nglúin díreach fúthu sin, a shuífear nár coinníodh sainaitheantas cineáil ná íonacht na síolta ar bun, ní dheimhneoidh an t‑údarás inniúil síl a dhíorthaítear ón luchtóg lena mbaineann;
b) go gcomhlíonann an síol sin na ceanglais eile lena mbaineann maidir le haitheantas, cáilíocht agus deimhniúcháin. Nuair, de thoradh na tástála sin, a shuífear nár comhlíonadh ceanglais Airteagal 7, tarraingeoidh an t‑údarás inniúil an luchtóg lena mbaineann siar ón margadh nó áiritheoidh go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais is infheidhme.
2. Cinnfear cion na dtástálacha sin ar dháileachtaí talún cóimheasa le haghaidh síol réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe ar bhonn anailís riosca maidir le neamhchomhlíontacht fhéideartha na síolta leis na ceanglais is infheidhme.
3. Ar bhonn na hanailíse riosca dá dtagraítear i mír 2, déanfar tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa trí shamplaí arna dtógáil ag an údarás inniúil ón síol a rinneadh a bhuaint.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, lena bhforlíontar an Rialachán seo trí rialacha a leagan amach maidir leis na tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa síolta in aghaidh an ghéinis nó an speicis. Oiriúnófar na rialacha sin don fhorbairt ar eolas eolaíoch agus teicniúil agus ar chaighdeáin idirnáisiúnta, agus féadfar iad a leagan síos in aghaidh an ghéinis, an speicis nó catagóirí áirithe. D’fhéadfadh baint a bheith acu leis na nithe seo a leanas:
(a) critéir maidir leis an anailís riosca dá dtagraítear i mír 2 a dhéanamh;
(b) an nós imeachta tástála;
(c) meastóireacht ar thorthaí na dtástálacha.
5. I gcás sainaitheantas cineáil agus íonacht cineáil a rialú, féadfar úsáid a bhaint as úsáid na dteicnící bith‑mhóilíneacha mar uirlis fhorlíontach i gcás nach n‑eascróidh torthaí críochnúil as na tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa dá dtagraítear i mír 1
Airteagal 25
Tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa le haghaidh síolta caighdeánacha
1. Tar éis mhargú na síolta caighdeánacha, déanfaidh na húdaráis inniúla, má shonraítear san anailís riosca é, tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa chun a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann na síolta na ceanglais lena mbaineann maidir le sainaitheantas cineáil agus le híonacht chineáil, agus ceanglais eilea leagtar amach in Airteagal 8 agus in Iarscríbhinn III, de réir mar is iomchuí. [Leasú 139]
2. Cinnfear na tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa ar bhonn anailís riosca maidir leis an bhféidearthacht nach gcomhlíonfaidh na síolta lena mbaineann na ceanglais sin. Déanfaidh an t-údarás inniúil anailís riosca den sórt sin ar bhonn saintréithe críochacha, rioscaí do shláinte plandaí sa réigiún, agus ar bhonn cuntas teiste an oibreora ghairmiúil. [Leasú 140]
3. Bunaithe ar an anailís riosca ar neamhchomhlíontacht leis na rialacha lena mbaineann, déanfar na tástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa dá dtagraítear i mír 1 go bliantúil, trí úsáid a bhaint as samplaí arna dtógáil ag údarás inniúil ó luchtóga síl aonfhoirmeacha. Déanfaidh na tástálacha sin measúnú ar aitheantas agus íonacht chineáil an tsíl lena mbaineann, agus a ráta péactha agus íonacht.
4. I gcás sainaitheantas cineáil agus íonacht chineáil a rialú, féadfar úsáid a bhaint as teicnící bith‑mhóilíneacha mar uirlis fhorlíontach i gcás nach mbeadh torthaí na dtástálacha ar dháileachtaí talún cóimheasa dá dtagraítear i mír 1 críochnúil.
ROINN 7
Sáruithe ar cheanglais Airteagail 5 go 25
Airteagal 26
PRM a bhaineann le cineálacha caomhantais
1. De mhaolú ar Airteagal 20, féadfar PRM de ghéinis agus de speicis atá liostaithe in Iarscríbhinn IV agus a bhaineann le cineál caomhantais, atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (b) a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas mar shíol caighdeánach nó gnáthábhar plandaí atáirgthe, má chomhlíonann sé na ceanglais uile a bhaineann le síol caighdeánach agus gnáthábhar plandaí atáirgthe le haghaidh an speicis faoi leith, dá dtagraítear in Airteagal 8. [Leasú 141]
2. Beidh lipéad oibreora ar a mbeidh an tásc ‘Cineál caomhantais’ ag gabháil le PRM dá dtagraítear i mír 1.
3. Tabharfaidh oibreoir gairmiúil a úsáideann an maolú sin fógra don údarás inniúil faoin ngníomhaíocht sin, i ndáil leis na speicis agus na cainníochtaí lena mbaineann, ar bhonn bliantúil. [Leasú 142]
Airteagal 27
PRM d’ábhar ilchineálach
1. De mhaolú ar Airteagal 5, féadfar PRM d’ábhar ilchineálach, cé is moite de tháirgeadh agus margú plandaí farae a liostaítear in Iarscríbhinn I, a tháirgeadh agus a mhargú laistigh den Aontas gan baint a bheith aige le cineál. Tabharfar fógra don údarás inniúil faoin faoi PRM d’ábhar ilchineálach agus cláróidh an t‑údarás sin é sula dtáirgfear agus/nó margófar é, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. [Leasú 143]
2. De mhaolú ar Airteagail 7(1), (3) agusAirteagal 7, Airteagal 8, Airteagal 8(1), (3)13(2) and (5) agus Airteagail 18 agus 20, táirgfear agus margófar PRM d’ábhar ilchineálach dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn VI. [Leasú 144]
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, lena leasófar Iarscríbhinn VI. Féadfaidh baint a bheith ag na leasuithe sin leis na géinis nó speicis uile, nó le géinis nó speicis áirithe amháin, agus:
(a) feabhsófar leo soláthar faisnéise i bhfógraí, tuairisc agus sainaithint PRM ilchineálach, ar bhonn na taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na rialacha faoi leith;
(b) feabhsófar leo na rialacha a bhaineann le pacáistíocht agus lipéadú PRM ilchineálach, ar bhonn na taithí a fuarthas ó na seiceálacha a rinne na húdaráis inniúla;
(c) feabhsófar leo na rialacha maidir le cothabháil PRM ilchineálach, más infheidhme, ar bhonn teacht chun cinn dea‑chleachtas. [Leasú 145]
Glacfar na leasuithe sin chun oiriúnú d’fhorbairt na fianaise teicniúla agus eolaíochta faoi leith, agus na caighdeáin idirnáisiúnta, agus chun leanúint leis an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Airteagail seo a bhaineann leis na géinis nó speicis uile, nó le géinis nó speicis áirithe amháin.
4. Tabharfaidh aon oibreoir gairmiúil a tháirgeann agus/nó atá chun PRM d’ábhar ilchineálach a mhargú fógra don údarás inniúil sula margófar é. Mura n‑iarrann an t‑údarás inniúil aon fhaisnéis bhreise laistigh d’achar ama a chinneann an t‑údarás inniúilde trí mhí, féadfar PRM d’ábhar ilchineálach a mhargú. [Leasú 146]
5. Áiritheoidh an t‑oibreoir gairmiúil inrianaitheacht PRM d’ábhar ilchineálach trí fhaisnéis a choinneáil lena bhféadfar na hoibreoirí gairmiúla, a sholáthair an t‑ábhar tosaigh a úsáideadh do tháirgeadh (máthair‑ábhar) an ábhair ilchineálaigh, a shainaithint.
Coinneoidh an t‑oibreoir gairmiúil an fhaisnéis sin go ceann 5 bliana.
An t‑oibreoir gairmiúil a tháirgeann PRM d’ábhar ilchineálach a mbeartaítear é a mhargú, déanfaidh sé an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh agus a choinneáil:
(a) ainm an speicis agus na hainmníochta a úsáidtear i ngach ábhar ilchineálach ar tugadh fógra ina leith;
(b) an cineál teicníce a úsáidtear chun ábhar ilchineálach dá dtagraítear i mír 1 a tháirgeadh;
(c) saintréithriú an ábhair ilchineálaigh ar tugadh fógra ina leith;
(d) suíomh pórúcháin nó táirgthe PRM d’ábhar ilchineálach agus an suíomh táirgthe; [Leasú 147]
(e) an t‑achar dromchla chun PRM d’ábhar ilchineálach a tháirgeadh agus an chainníocht a tháirgtear.
Beidh rochtain ag na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis dá dtagraítear sa mhír seo, i gcomhthéacs na rialuithe iarmhargaithe. [Leasú 148]
6. Beidh feidhm ag Airteagal 54 dá réir sin maidir le hoiriúnacht ainmníocht an ábhair ilchineálaigh.
7. Ábhar ilchineálach mar a thugtar fógra ina leith de bhun mhír 1, cláróidh na húdaráis inniúla é i gclár tiomnaithe (‘clár ábhair ilchineálaigh’). Beidh an clárú sin saor in aisce don oibreoir gairmiúil. [Leasú 149]
Coimeádfaidh na húdaráis inniúla an clár sin, tabharfaidh siad cothrom le dáta é agus, foilseoidh siad é agus cuirfidh siad ar fáil ar líne é agus tabharfaidh siad fógra láithreach don Choimisiún faoina inneachar agus na nuashonruithe. [Leasú 150]
Airteagal 28
PRM a mhargaítear d’úsáideoirí deiridh
1. De mhaolú ar Airteagail 5-12, 14, 15 agus 20, féadfar PRM a mhargú d’úsáideoirí deiridh, má chomhlíonann sé na ceanglais uile seo a leanas:
(a) beidh lipéad oibreora ar PRM, lipéad ar a mbeidh an ainmníocht PRM agus an tásc ‘Ábhar atáirgthe plandaí d’úsáideoirí deiridh – gan deimhniú oifigiúil’ nó, i gcás síolta, ‘Síolta d’úsáideoirí deiridh – gan deimhniú oifigiúil’;
(b) i gcás nach mbaineann PRM le cineál atá cláraithe i clár náisiúnta cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 44, gabhfaidh tuairisc, a bheidh ar fáil go poiblí, le PRM, ar bhonn doiciméadacht phríobháideach, i gcatalóg tráchtála a choimeádann an t‑oibreoir gairmiúil. Cuirfidh an t‑oibreoir gairmiúil an doiciméadacht phríobháideach sin ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin;
(c) beidh sé saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta agus aon locht ar dócha go ndéanfadh sé dochar dá chuid cáilíochta mar ábhar atáirgthe, agus beidh spreacadh agus toisí sásúla aige i leith a thairbhe mar PRM, agus, i gcás síolta, beidh acmhainneacht phéactha shásúil acu; agus
(d) margófar PRM mar phlandaí aonair, nó, i gcás síolta agus tiúbar, i bpacáistí beaga.
Tabharfaidh oibreoir gairmiúil a úsáideann an maolú sin fógra don údarás inniúil faoin ngníomhaíocht sin, i ndáil leis na speicis agus na cainníochtaí lena mbaineann, ar bhonn bliantúil. [Leasú 151]
2. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a bhaineann leis na ceanglais maidir le méid, foirm, séalú agus láimhseáil, ceanglais a bhaineann leis na pacáistí beaga dá dtagraítear i mír 1, pointe (d).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2). [Leasú 152]
Airteagal 29
PRM a mhargaítear do bhainc ghéinte, d’eagraíochtaí agus líonraí atá tiomanta don chaomhnú dinimiciúil agus PRMagus a mhargaítear idir bainc ghéinte, eagraíochtaí agus líonraí eatarthu nó ina measc nó PRM arna mhargú acu [Leasú 153]
1. De mhaolú ar Airteagail 5 go 25, féadfar PRM a mhargú do bhainc ghéinte, d’eagraíochtaí agus líonraí, nó idir bainc ghéinte,ag eagraíochtaí agus líonraí, le cuspóir reachtúil, nó cuspóir oifigiúil a dtugtar fógra ina leith don údarás inniúil, chun acmhainní géiniteacha plandaí a nó idir eagraíochtaí agus líonraí nó laistigh d’eagraíochtaí agus líonraí lena n-áirítear feirmeoirí atá tiomanta do chaomhnú, dinimiciúil lena ndéantar aon cheann de na gníomhaíochtaí chun críocha neamhbhrabúsachaneamhbhrabúis. [Leasú 154]
Féadtar é a mhargú ó na bainc ghéinte, eagraíochtaí ó na heagraíochtaí caomhnaithe agus líonraí sin, nó óna gcomhaltaí chuig daoine, a dhéanann an PRM sin a chaomhnú, go dinimiciúil mar úsáideoirí deiridh, nó chun críocha neamhbhrabúsachafeirmeoireachta freisin. [Leasú 155]
Sna cásanna dá ndéantar foráil sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, comhlíonfaidh PRM na ceanglais seo a leanas:
(a) liostófar é i gclár a choimeádann na bainc ghéinte, eagraíochtaíheagrachtaí caomhnaithe agus líonraí sin in éineacht le tuairisc iomchuíbhunúsach ar an PRM sin, i gcás nach mbaineann sé le cineál atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 44; [Leasú 156]
(b) caomhnóidh na bainc ghéinte, eagraíochtaíheagraíochtaí caomhnaithe agus líonraí é, agus cuirfidh na bainc ghéinte, eagraíochtaíheagraíochtaí agus líonraí sin samplaí den PRM sin ar fáil do na húdaráis inniúla arna n‑iarraidh sinn-iarraidh sin, ag brath ar na cainníochtaí; agus [Leasú 157]
(c) beidh sésiad saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta agus aon locht ar dócha go ndéanfadh sé dochar dá chuidgcuid cáilíochta mar ábharabhar atáirgthe, agus beidh spreacadh agus toisí sásúla aige i leith a thairbhe mar PRM, agus, i gcás síolta, beidh acmhainneacht phéactha shásúil acu. [Leasú 158]
2. Tabharfaidh na bainc ghéinte, eagraíochtaíheagraíochtaí caomhnaithe agus líonraí fógra don údarás inniúil faoi úsáid an mhaolaithe dá dtagraítear i mír 1 agus na speicis lena mbaineann. [Leasú 159]
Airteagal 30
SíolPRM a ndéantar malartuithe comhchineáil de idir feirmeoirí [Leasú 160]
1. De mhaolú ar Airteagail 5- go 25, féadfaidh feirmeoirí malartuithe comhchineáil síoltanó cúitimh airgid PRM a dhéanamh, má chomhlíonann na síolta sin na coinníollacha uile seo a leanas: [Leasú 161]
(1) táirgtear iadé ar áitreabh an fheirmeora féin; [Leasú 162]
(2) díorthaítear iadé ó bhuaint an fheirmeora féin; [Leasú 163]
(3) i gcás síolta, níl siad faoi réir conradh seirbhíse a dhéanann an feirmeoir le hoibreoir gairmiúil a dhéanann táirgeadh síolta; agus [Leasú 164]
(4) úsáidtear an síolPRM le haghaidh bainistíocht dhinimiciúil shíolagus caomhnú PRM an fheirmeora féin chun cur leis an agrai‑éagsúlachtagrai-éagsúlacht. [Leasú 165]
2. Comhlíonfaidh na síoltaan PRM sin na ceanglais seo uile seo a leanas: [Leasú 166]
(a) ní bhainfidh siad le cineál nach bhfuil cearta maidir le cineálacha plandaí deonaithe dóibh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2100/94;
(b) beidh siad teoranta do chainníochtaí beaga, a shaineoidh na húdaráis inniúla le haghaidh speicis shonracha in aghaidh na bliana agus in aghaidh an fheirmeora,i gcainníochtaí gan idirghabhálaithe tráchtála a úsáid ná tairiscint phoiblí ar mhargú; agus [Leasú 167]
(c) beidh siad saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta agus aon locht ar dócha go ndéanfadh sé dochar dá gcuid cáilíochta, agus i gcás síolta, beidh acmhainneacht phéactha shásúil acu. [Leasú 168]
3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar bhonn bliantúil faoi na méideanna in aghaidh speiceas a shaineofar i gcomhréir le mír 2, pointe (b). [Leasú 169]
Airteagal 30a
Cainníocht uasta gach speicis a fhéadfar a mhalartú
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 lena bhforlíontar an Rialachán seo, chun an t-uaschainníocht a fhéadfar a mhalartú, dá dtagraítear in Airteagal 30(2), pointe (b) a shocrú do gach speiceas. Socrófar an chainníocht sin agus aird á tabhairt ar riachtanais feirmeoirí gairmiúla ar mhionscála chomh maith le rioscaí do shláinte plandaí, agus forbairt agus cothabháil córas feirmeoireachta éagsúil á gcur chun cinn. [Leasú 170]
Airteagal 31
Síol an phóraitheora
1. De mhaolú ar Airteagail 5-25, féadfaidh údarás inniúil údarú a thabhairt d’oibreoirí síolta de ghlúine roimh an gcatagóir réamhbhunúsach a mhargú d’oibreoir eile, chun cineálacha nua a phórú (síol an phóraitheora).
Cinnfidh an t‑údarás inniúil fad an údaraithe agus na cainníochtaí in aghaidh an speicis, agus iad ag deonú an údaraithe sin.
2. Gabhfaidh le PRM dá dtagraítear i mír 1 lipéad arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, leis an tásc ‘síol an phóraitheora’, a bheidh ceangailte, de réir mar is infheidhme, leis an gcoimeádán, beart nó pacáiste den ábhar sin.
Beidh sé séalaithe agus beidh uimhir luchtóige air a bheidh le húsáid chun críocha aitheantais agus tástáil ar dháileacht talún cóimheasa sula n‑úsáidfear é mar shíol réamhbhunúsach. [Leasú 171]
Airteagal 32
PRM de chineálacha nach bhfuil cláraithe go fóill
1. De mhaolú ar Airteagal 5, féadfaidh údarás inniúil údarú a thabhairt d’oibreoirí gairmiúla síolta réamhbhunúsacha, ábhar réamhbhunúsach, síolta bunúsacha agus bunábhar, síol caighdeánach agus ábhar caighdeánach a bhaineann le cineál nach bhfuil cláraithe go fóill i gclár náisiúnta cineálacha, dá dtagraítear in Airteagal 44, a tháirgeadh agus a mhargú, chun críocha iolrúcháin, má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas: [Leasú 172]
(a) caithfidh na hearnálacha margaíochta an t‑ábhar nó na síolta sin a fháil roimh ré, chun go mbeidh stoic leordhóthanacha ar fáil, nuair a chlárófar an cineál faoi leith; agus
(b) níl aon bhaol ann go mbeidh aitheantas nó cáilíocht neamh‑leordhóthanach an PRM mhargaithe ann de thoradh údarú den sórt sin; agus
(c) baineann an PRM sin le cineál ar cuireadh iarratas isteach ar é a chlárú i gclár náisiúnta cineálacha de bhun Airteagal 55.
Féadfar údarú den sórt sin a dheonú go ceann tréimhse uasta 3 bliana i gcás síolta, agus 5 bliana i gcás PRM seachas síolta, agus le haghaidh cainníochtaí beagateoranta in aghaidh an speicis mar a shonróidh an t‑údarás inniúil i gcomhghaol le meid na táirgeachta ar leibhéal na mBallstát. [Leasú 173]
Ní bheidh feidhm ag an maolú seo maidir le PRM atá comhdhéanta d'orgánach géinmhodhnaithe de réir bhrí Threoir 2001/18/CE. [Leasú 174]
2. De mhaolú ar Airteagail 5, 7, 10-12, 15, 20, 23 agus 24, féadfaidh údarás inniúil údarú a thabhairt d’oibreoirí gairmiúla go ceann tréimhse uasta 3 bliana i gcás síolta, agus 5 bliana i gcás PRM seachas síolta, agus le haghaidh cainníochtaí beagateoranta in aghaidh an speicis mar a chinnfidh an t‑údarás inniúil, i gcomhghaol le méid na tairgeachta ar leibhéal na mBallstát, PRM a bhaineann le cineál nach bhfuil cláraithe go fóill i gclár náisiúnta cineálacha, dá dtagraítear in Airteagal 44, a tháirgeadh agus a mhargú, má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas: [Leasú 175]
(a) ní úsáidfear an PRM údaraithe ach amháin le haghaidh tástálacha nó trialacha a dhéanfaidh oibreoirí gairmiúla, chun faisnéis a bhailiú maidir le saothrú nó úsáid an chineáil lena mbaineann ar fheirmeacha;
(b) déantar é a mhargú do na hoibreoirí gairmiúla sin amháin, agus ní dhéantar é a mhargú ina dhiaidh sin, oibreoirí gairmiúla a tháirgeann tuarascáil ar thorthaí na dtástálacha nó na dtrialacha, i ndáil leis an bhfaisnéis faoi shaothrú nó úsáid an chineáil sin;
(c) níl aon bhaol ann go mbeidh aitheantas nó cáilíocht neamh‑leordhóthanach an PRM mhargaithe ann de thoradh údarú den sórt sin; agus
(d) comhlíonann PRM údaraithe ceanglais PRM caighdeánach do na speicis faoi leith.
3. D’fhonn an t‑údarú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a fháil, déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil iarraidh a chur isteach chuig na húdaráis inniúla, ina luafar faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
(a) táirgeadh an stoic de shíolta réamhbhunúsacha agus ábhar réamhbhunúsach, agus síolta bunúsacha agus bunábhar, agus síolta deimhnithe agus ábhar a bheidh ar fáil roimh chlárú an chineáil agus na tástálacha agus trialacha atáthar ag brath a dhéanamh i ndáil leis na síolta caighdeánacha agus ábhar caighdeánach; [Leasú 176]
(b) tagairt an phóraitheora don chineál arna lua san iarraidh ar chlárú;
(c) an nós imeachta um chothabháil cineáil, i gcás inarb infheidhme;
(d) an t‑údarás a bhfuil an t‑iarratas ar chlárú an chineáil ag feitheamh faoina bhráid, agus an tagairt a sannadh don iarratas sin.
(e) an suíomh a dhéanfar an táirgeadh; agus [Leasú 177]
(f) cainníochtaí an ábhair a chuirfear ar fáil ar an margadh. [Leasú 178]
4. Na Ballstáit ar dheonaigh a n‑údarás inniúil an t‑údarú dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfidh siad é sin in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún ar bhonn bliantúil.
5. Gabhfaidh le PRM dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 lipéad, arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, leis an tásc ‘Cineál nach bhfuil liostaithe go fóill’.
Airteagal 33
Údarú i gcás deacrachtaí sealadacha soláthair
1. D’fhonn deacrachtaí sealadacha le soláthar ginearálta PRM, a d’fhéadfadh tarlú san Aontas de bharr dálaí aeráide díobhálacha nó imthosca gan choinne eile, a bhaint, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme,tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmlighte a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 lena leasaítear an Rialachan seo d’fhonn údarú a thabhairt do na Ballstáit go ceann tréimhse uasta 1 bhliain amháin, chun margú na gcatagóirí d’ábhar réamhbhunúsach, bunábhar, ábhar deimhnithe, síolta réamhbhunúsacha, síolta bunúsacha nó síolta deimhnithe, a chomhlíonann ceann de na coinníollacha seo a leanas a cheadú: [Leasú 179]
(a) baineann sé le cineál nach n‑áirítear i gclár náisiúnta cineálacha; nó
(b) comhlíonann sé ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
Beidh feidhm ag pointe (a) de mhaolú ar Airteagal 5, agus beidh feidhm ag pointe (b) de mhaolú ar Airteagal 7(1).
Féadfar a leagan amachDéánfar leis an ngníomh cur chun feidhmetarmligthe sin na huaschainníochtaí a fhéadfar a mhargú de réir géinis nó speicis a leagan amach. [Leasú 180]
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2). [Leasú 181]
2. Le PRM dá dtagraítear i mír 1, gabhfaidh lipéad ar a ndeirtear, de réir mar is infheidhme, go mbaineann an PRM i gceist le cineál neamhchláraithe nó go gcomhlíonann sé ceanglais cháilíochta nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
3. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme,Tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, lena leasaítear an Rialachán seo, d’fhonn a chinneadh nach mór an t‑údarú lena mbaineann a aisghairm nó a leasú, má thagann sé ar an gconclúid nach bhfuil gá leis an údarú sin nó nach bhfuil sé comhréireach i ndáil leis an gcuspóir go gcuirfí deireadh leis na deacrachtaí sealadacha maidir le soláthar ginearálta PRM lena mbaineann. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2). [Leasú 182]
4. Féadfaidh na Ballstáit, gan údarú an Choimisiúin dá dtagraítear i mír 1 a fháil, táirgeadh agus margú síolta, a chomhlíonann rátaí péactha atá laghdaithe suas le 15 phointe céatadáin i gcomparáid leis na cinn a leagtar amach de bhun an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 7(3), a cheadú, go ceann tréimhse uasta 1 bhliain amháin, agus le haghaidh líon teoranta cainníochtaí in aghaidh géinis nó speicis de réir mar is gá i ndáil leis na deacrachtaí soláthair i gceist.
4a. Tabharfaidh an Ballstát a úsáideann an maolú dá dtagraítear i mír 4 fógra don Choimisiún ina leith. [Leasú 183]
4b. Ní bheidh feidhm ag an údarú eisceachtúil seo maidir le PRM atá comhdhéanta d'orgánach géinmhodhnaithe de réir bhrí Threoir 2001/18/CE. [Leasú 184]
Airteagal 34
Údarú sealadach i gcásanna práinneacha le haghaidh margú síolta nach bhfuil deimhnithe mar shíolta a chomhlíonann na ceanglais cháilíochta is infheidhme
1. Féadfaidh na húdaráis inniúla, go ceann tréimhse uasta 1 mhí amháin, margú síolta mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe a údarú sula ndeimhnítear iad i ndáil le comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 7 maidir le péacadh, cion uasta speiceas eile nó íonacht, más gá sin chun an síol a chur ar fáil ar an margadh go tapa chun dul i ngleic le riachtanais phráinneacha i ndáil leis an soláthar.
2. Deonófar an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 ar bhonn tuarascáil anailíseach ar an síol, arna heisiúint ag an oibreoir gairmiúil, lena ndearbhófar comhlíonadh na gceanglas maidir le péacadh, cion speiceas eile nó íonacht, arna ghlacadh de bhun Airteagal 7(1).
Cuirfidh an t‑oibreoir gairmiúil ainm agus seoladh chéad fhaighteoir na síolta faoi bhráid an údaráis inniúil. Coimeádfaidh an t‑oibreoir gairmiúil an fhaisnéis maidir leis an tuarascáil anailíseach shealadach ar fáil don údarás inniúil.
3. Ar na síolta dá dtagraítear i mír 1 beidh lipéad ar a ndéarfar ‘Údarú sealadach do mhargú’.
Airteagal 35
PRM nach bhfuil deimhnithe go fóill
1. PRM a táirgeadh san Aontas, ach nach bhfuil deimhnithe go fóill mar shíolta réamhbhunúsacha, bunúsacha nó deimhnithe de bhun Airteagal 7, féadfar an t‑ábhar sin a mhargú agus tagairt á déanamh do cheann de na catagóirí sin, má chomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:
(a) roimh an mbuaint, rinne an t‑údarás inniúil, nó an t‑oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, cigireacht allamuigh agus dearbhaíodh leis an gcigireacht sin go gcomhlíonann an PRM na ceanglais táirgthe dá dtagraítear in Airteagal 7(1);
(b) tá sé á dheimhniú ag an údarás inniúil, nó ag an oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil; agus
(c) go bhfuil na ceanglais atá leagtha amach i míreanna 2 go 55a á gcomhlíonadh. [Leasú 185]
2. An t‑oibreoir gairmiúil a tháirg PRM dá dtagraítear i mír 1, is é an t‑oibreoir sin a mhargóidh an PRM sin don oibreoir gairmiúil atá leis an deimhniú a dhéanamh, agus an t‑oibreoir sin amháin. Ní fhéadfar an PRM sin a aistriú ina dhiaidh sin chuig aon duine eile roimh a dheimhniú deiridh.
3. Gabhfaidh le PRM dá dtagraítear i mír 1 lipéad, arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, leis an tásc ‘Síolta/Ábhar nach bhfuil deimhnithe go fóill’.
4. I gcás nach ionann an t‑údarás inniúil, inar buanadh PRM (‘údaráis inniúil táirgthe’), agus an t‑údarás inniúil ina ndeimhnítear PRM de bhun Airteagal 7 (‘údaráis inniúil deimhniúcháin’), déanfaidh siad an fhaisnéis ábhartha faoi tháirgeadh agus margú an PRM sin a mhalartú lena chéile.
5. PRM a táirgeadh i dtríú tír, ach nach bhfuil deimhnithe go fóill mar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach nó deimhnithe de bhun Airteagal 7, féadfar é a mhargú san Aontas agus tagairt á déanamh do cheann de na catagóirí sin:
(a) má glacadh cinneadh maidir le coibhéis de bhun Airteagal 39 maidir leis an tríú tír sin;
(b) má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), míreanna 2 agus 3, agus má bhí oibreoirí gairmiúla an tríú tír lena mbaineann faoi réir maoirseacht oifigiúil a n‑údarás inniúil;
(c) má mhalartaíonn údaráis inniúla an Bhallstáit agus an tríú tír lena mbaineann an fhaisnéis ábhartha faoi mhargú an ábhair sin lena chéile; agus
(d) má sholáthraíonn údaráis inniúla an tríú tír lena mbaineann an fhaisnéis tháirgthe uile ábhartha d’údarás inniúil an Bhallstáit deimhniúcháin, arna iarraidh sin.
Chun críocha na míre seo, déanfar tagairtí i míreanna 1-5 don údarás inniúil táirgthe a fhorléiriú mar thagairtí d’údarás inniúil an tríú tír lena mbaineann, agus déanfar tagairtí sna míreanna sin do na ceanglais a leagtar amach de bhun Airteagal 7(1) a fhorléiriú mar thagairtí do cheanglais choibhéiseacha an tríú tír, mar a aithnítear de bhun Airteagal 39(2).
5a. Ní bheidh feidhm ag an maolú seo maidir le PRM atá comhdhéanta d'orgánach géinmhodhnaithe de réir bhrí Threoir 2001/18/CE. [Leasú 186]
Airteagal 36
Táirgeadh agus ceanglais níos déine
1. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, údarú a thabhairt do na Ballstáit, a mhéid a bhaineann le táirgeadh agus margú PRM, ceanglais maidir le táirgeadh nó margú a fhorchur, ceanglais a bheadh ní ba dhéine ná na ceanglais siúd dá dtagraítear in Airteagail 7 agus 8, i gcuid de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann nó i gcríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann, ar choinníoll go gcomhfhreagraíonn na ceanglais is déine sin do na dálaí táirgthe sonracha sa Bhallstát sin, agus riachtanais agra‑aeráide an Bhallstáit sin, i ndáil leis an PRM faoi leith agus nach gcuireann siad cosc, bac nó srian ar shaorghluaiseacht PRM atá i gcomhréir leis an Rialachán seo. [Leasú 187]
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
2. D’fhonn an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, cuirfidh na Ballstáit iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar amach an méid seo a leanas:
(a) na dréachtfhorálacha ina bhfuil na ceanglais atá beartaithe; agus
(b) réasúnú maidir le gá agus comhréireacht na gceanglas sin i bhfianaise na gcostas breise a d’fhéadfadh a bheith ar tháirgeadh agus ar mhargaíocht. [Leasú 188]
3. Ní dheonófar an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) áirithítear le cur chun feidhme na ndréachtfhorálacha, dá dtagraítear i mír 2, pointe (a), go bhfeabhsófar aitheantas agus cáilíocht PRM lena mbaineann, agus go bhfuil údar cuí leo de bharr dhálaí sonracha talmhaíochta nó aeráide an Bhallstáit lena mbaineann; agus
(b) tá na dréachtfhorálacha riachtanach agus i gcomhréir le cuspóir an bhirt dá dtagraítear i mír 2, pointe (a).
4. I gcás inarb infheidhme, déanfaidh gach Ballstát, faoin … [1 bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], athbhreithniú ar na bearta arna nglacadh aige de bhun Airteagal 5 de Threoir 66/401/CEE, Airteagal 5 de Threoir 66/402/CEE, Airteagal 7 de Threoir 2002/54/CE, Airteagal 24 de Threoir 2002/55/CE, Airteagal 5 de Threoir 2002/56/CE agus Airteagal 7 de Threoir 2002/57/CE, agus aisghairfidh sé na bearta sin nó leasóidh sé iad chun iad a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais maidir le táirgeadh agus margú a leagtar amach in Airteagail 7 agus 8, agus a ghlactar de bhun na nAirteagal sin.
Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na ngníomhaíochtaí sin.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a chinneadh go bhfuil na bearta, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, le haisghairm nó le leasú, i gcás ina meastar nach bhfuil gá leo agus/nó go bhfuil siad díréireach i ndáil lena gcuspóir. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 37
Bearta éigeandála
1. I gcás inar dealraitheach go mbeidh táirgeadh nó margú PRM ina riosca mór do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó do shláinte plandaí, don chomhshaol nó do shaothrú speiceas eile, agus nach féidir an riosca sin a chosc ar dhóigh shásúil le bearta arna ndéanamh ag an mBallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, aon bheart éigeandála eatramhach is iomchuí. Beidh na bearta sin teoranta ó thaobh ama de. Féadfaidh a áireamh ar na bearta sin forálacha lena gcuirfear srian nó toirmeasc ar mhargú PRM lena mbaineann nó lena leagfar síos coinníollacha iomchuí dá tháirgthe nó dá mhargaithe, de réir thromchúis an cháis.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, i gcás easpa comhlíontachta le ceanglais tearmainn nó le ceanglais eile a fhorchuirtear ar shaothrú cineálacha ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta díobh, cuirfear na bearta lena sriantar nó lena dtoirmisctear margaíocht an PRM lena mbaineann i bhfeidhm go dtí go ndéanfar comhlíonadh iomlán arís. [Leasú 189]
Féadfar na bearta sin a dhéanamh ar thionscnaimh an Choimisiúin féin nó ar iarratas ó Ballstát. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Ar mhórchúiseanna práinne ar tugadh bonn cirt leo, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3) chun aghaidh a thabhairt ar riosca mór do shláinte daoine.
2. I gcás ina gcuireann Ballstát an Coimisiún ar an eolas go hoifigiúil faoin ngá le bearta éigeandála a dhéanamh, agus nach ngníomhaíonn an Coimisiún i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Ballstát na bearta cosantacha eatramhacha iomchuí, comhréireacha agus a bhfuil teorainn ama leo, a dhéanamh. Féadfaidh a áireamh ar na bearta sin forálacha lena gcuirfear srian nó toirmeasc ar tháirgeadh nó margú PRM laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, nó lena leagfar síos coinníollacha iomchuí do tháirgeadh nó do mhargú an PRM sin laistigh den chríoch sin, de réir thromchúis an cháis. Cuirfidh an Ballstát sin an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi na bearta a rinne sé agus an tréimhse ama a chumhdaítear leo, agus tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh. Leis an cur chuige sin, ligtear do Bhallstát gníomhú go tapa agus go héifeachtach i gcásanna éigeandála chun sláinte, an comhshaol agus leasanna eacnamaíocha a chosaint. [Leasú 190]
3. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go ndéanfar na bearta éigeandála eatramhacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 2 a aisghairm nó a leasú, má mheasann sé nach bhfuil údar leis na bearta sin i bhfianaise an riosca faoi leith dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2). Féadfaidh an Ballstát lena mbaineann a bhearta éigeandála eatramhacha náisiúnta a choinneáil ar bun go dtí dáta chur i bhfeidhm an ghnímh/na ngníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo.
Airteagal 38
Turgnaimh shealadacha chun roghanna malartacha feabhsaithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a lorg
1. De mhaolú ar Airteagail 2, 5, 6, 7, 8, 9, 20, 26, 27 agus 47 go 53, tugtar de chumhacht don Choimisiún agus 20, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a dhéanamh maidir le heagrú turgnamh sealadachtarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí thurgnaimh shealadacha a eagrú chun roghanna malartacha feabhsaithe a lorg ar fhorálacha an Rialacháin seo maidir leis na géinis agus speicis a bhfuil feidhm aige maidir leo, na ceanglais maidir le bheith mar chuid de chineálPRM cláraithe, nó na ceanglais maidir le táirgeadh agus margú d’ábhar réamhbhunúsach, bunúsach, deimhnithe agus caighdeánach nó síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha, deimhnithe agus caighdeánacha, agus an oibleagáid a bhaineann le bheith mar chuid d’ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe, nó síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, na ceanglais maidir le táirgeadh agus margú d’ábhar ilchineálach agus an oibleagáid a bhaineann le bheith mar chuid d’ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe, nó síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe. [Leasú 191]
D’fhéadfadh trialacha teicniúla nó eolaíochta a bheith sna turgnaimh sin lena scrúdófar indéantacht agus oiriúnacht na gceanglas nua i gcomparáid leo siúd a leagtar amach in Airteagail 2, 5, 6, 7, 8, 9, 20, 26, 27 agus 47 go 53 53 agus 20 den Rialachán seo. [Leasú 192]
2. Glacfar naSonrófar sna gníomhartha cur chun feidhmetarmligthe dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2) agus sonrófar ceann amháin nó níos mó de na heilimintígnéithe seo a leanas: [Leasú 193]
(a) na géinis nó na speicis lena mbaineann;
(b) dálaí na dturgnamh in aghaidh an ghéinis nó an speicis;
(c) fad an turgnaimh;
(d) oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe na mBallstát rannpháirteach.
Oiriúnóidh na gníomhartha tarmligthe sin do chlaochlú teicnící le haghaidh tháirgeadh PRM lena mbaineann, a bheidhagus beidh siad bunaithe ar aon triail chomparáideach a dhéanfaidh na Ballstáit. [Leasú 194]
3. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thorthaí na dturgnamh sin agus tabharfaidh sé achoimre orthu i dtuarascáil, agus an gá chun Airteagail 2, 5, 6, 7 go 9, 8 nó 20, 26, 27 agus 47 go 53 a leasú á thabhairt le fios, más gá. [Leasú 195]
ROINN 8
Allmhairí ó thríú tíortha
Airteagal 39
Allmhairí ar bhonn choibhéis an Aontais
1. Ní fhéadfar PRM a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin más rud é go suitear, de bhun mhír 2, go gcomhlíonann sé ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas.
Mar sin féin, ní cheadófar allmhairiú den sórt sin, agus ní aithneofar aon choibhéis den sórt sin de bhunfaoi mhír 2, le haghaidh na meascán le haghaidh leasaithe amhail iad siúdan PRM dá dtagraítear in Airteagal 22, agus le haghaidh PRM amhail PRM atá faoi réir mhaoluithe Airteagail 26-3022 go 29, ach amháin i gcás ina dtionscnaíonn sé i dtíortha comharsanacha. [Leasú 196]
2. Féadfaidh an Coimisiún a aithint, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, go gcomhlíonann PRM de ghéinis shonracha, speicis shonracha nó catagóirí sonracha a tháirgtear i dtríú tír, nó i limistéir áirithe de thríú tír, ceanglais atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas, ar bhonn an mhéid uile seo a leanas:
(a) scrúdú críochnúil ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna gcur ar fáil ag an tríú tír lena mbaineann;
(b) iniúchadh arna dhéanamh ag an gCoimisiún sa tríú tír lena mbaineann, lena dtaispeántar go gcomhlíonann an PRM lena mbaineann na ceanglais atá coibhéiseach leo siúd atá infheidhme maidir le PRM a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas, i gcás inar mheas an Coimisiún go raibh gá leis an iniúchadh sin; agus
(c) i gcás síolta, toisc go bhfuil an tír lena mbaineann rannpháirteach i Scéimeanna ECFE maidir le Deimhniú Cineáil Síolta a bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta agus toisc go gcuireann an tír sin modhanna an Chomhlachais Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta (ISTA) chun feidhme, nó, i gcás inarb infheidhme, toisc go gcomhlíonann an tír sin rialacha Chomhlachas na nAnailísithe Oifigiúla Síolta (AOSA).
Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar an méid seo a leanas:
(a) reachtaíocht an tríú tír maidir leis na speicis lena mbaineann;
(b) struchtúr údaráis inniúla an tríú tír agus a seirbhísí rialuithe, na cumhachtaí atá acu, na ráthaíochtaí is féidir a thabhairt maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú reachtaíocht an tríú tír is infheidhme maidir leis an earnáil lena mbaineann, agus iontaofacht na nósanna imeachta deimhniúcháin oifigiúla;
(c) rialuithe oifigiúla leordhóthanacha, arna ndéanamh ag údaráis inniúla an tríú tír, maidir le haitheantas agus cáilíocht PRM na speiceas lena mbaineann;
(d) na ráthaíochtaí a thug an tríú tír:
(i) comhlíonann na coinníollacha, a bhfuil feidhm acu maidir leis na láithreáin táirgthe óna n‑onnmhairítear PRM chuig an Aontas, ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais dá dtagraítear san Airteagal seo; agus
(ii) tá na láithreáin táirgthe sin faoi réir rialuithe tráthrialta agus éifeachtacha ag údaráis inniúla an tríú tír.
Féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí a dhéanamh freisin chun comhlíonadh phointí (b) go (d) den dara fomhír a fhíorú.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
3. Féadfaidh an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 foráil a dhéanamh maidir le ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas, de réir mar is iomchuí le haghaidh an PRM faoi leith:
(a) coinníollacha a bhaineann le cigireachtaí sa láithreán táirgthe, a dhéantar i dtríú tíortha;
(b) i gcás síolta, coinníollacha a bhaineann le heisiúint, ag tríú tír, deimhnithe arna sholáthar ag an gComhlachas Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta;
(c) coinníollacha a bhaineann le síolta nach bhfuil deimhnithe go críochnaitheach go fóill;
(d) coinníollacha a bhaineann le pacáistíocht, séalú agus margú PRM;
(e) coinníollacha a bhaineann le táirgeadh, aitheantas agus margú PRM, anuas ar na coinníollacha dá ndéantar foráil i reachtaíocht an tríú tír, má tá gá leo chun dul i ngleic le gnéithe áirithe a bhaineann le haitheantas agus cáilíocht an PRM sin;
(f) ceanglais atá le comhlíonadh ag na hoibreoirí gairmiúla a tháirgeann agus a mhargaíonn an PRM sin.
4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a aithint go dtugtar leis na rialuithe maidir le cothabháil cineáil a dhéantar sa tríú tír na ráthaíochtaí céanna leo siúd a ghabhann leis na rialuithe dá ndéantar foráil in Airteagal 72(1), (2) agus (4), má tá cineálacha atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha nó i gclár cineálacha an Aontais le coinneáil sa tríú tír lena mbaineann.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 40
Lipéadú agus faisnéis atá le soláthar le haghaidh PRM a allmhairítear ó thríú tíortha
1. Ní fhéadfar síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe, dá dtagraítear in Airteagal 39 a allmhairiú ó thríú tíortha, ach amháin má ghabhann lipéad ECFE leo.
Ní fhéadfar ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe, dá dtagraítear in Airteagal 39, a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin má ghabhann lipéad oifigiúil, arna eisiúint ag údarás inniúil an tríú tír lena mbaineann, leis.
Áireofar an fhaisnéis uile seo a leanas ar na lipéid sin:
(a) an tásc ‘comhlíontar rialacha agus caighdeáin an Aontais Eorpaigh’;
(b) speiceas, cineál, catagóir agus uimhir luchtóige an PRM lena mbaineann;
(c) dáta an dúnta, i gcás margú i gcoimeádáin nó i bpacáistí;
(d) an tríú tír táirgthe agus an t‑údarás inniúil lena mbaineann;
(e) i gcás inarb infheidhme, an tríú tír dheiridh ónar allmhairíodh an PRM sin agus an tríú tír dheiridh inar táirgeadh an PRM sin;
(f) i gcás síolta, glanmheáchan nó ollmheáchan dearbhaithe na síolta allmhairithe, nó an líon dearbhaithe de luchtóga allmhairithe síolta;
(g) ainm an duineúsáideora dheiridh, an fheirmeora nó an oibreora ghairmiúil a allmhairíonn an PRM sin. [Leasú 197]
2. Ní fhéadfar síol caighdeánach ná ábhar caighdeánach, dá dtagraítear in Airteagal 39, a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin má ghabhann lipéad an oibreora, ar a bhfuil an fhaisnéis uile seo a leanas, leis:
(a) an tásc ‘comhlíontar rialacha agus caighdeáin an Aontais Eorpaigh’;
(b) speiceas, cineál, catagóir agus uimhir luchtóige an PRM lena mbaineann;
(c) dáta an dúnta, i gcás margú i gcoimeádáin nó i bpacáistí;
(d) an tríú tír táirgthe;
(e) i gcás inarb infheidhme, an tríú tír dheiridh ónar allmhairíodh an PRM sin agus an tríú tír dheiridh inar táirgeadh an PRM sin;
(f) i gcás síolta, glanmheáchan nó ollmheáchan dearbhaithe na síolta allmhairithe, nó an líon dearbhaithe de luchtóga allmhairithe síolta;
(g) ainm an duineúsáideora dheiridh, an fheirmeora nó an oibreora ghairmiúil a allmhairíonn an PRM sin. [Leasú 198]
3. Ní fhéadfar PRM a allmhairiú isteach san Aontas ach amháin tar éis don allmhaireoir an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 nó 2 a chur isteach chuig údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin.
4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Chóras bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO), dá dtagraítear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625, faoi na neamhchomhlíontachtaí bunaithe uile de PRM allmhairithe a bhaineann le ceanglais mhíreanna 1 agus 2.
CAIBIDIL III
CEANGLAIS AR OIBREOIRÍ GAIRMIÚLA
Airteagal 41
Oibleagáidí oibreoirí gairmiúla a tháirgeann PRM
Maidir leis na hoibreoirí gairmiúla a tháirgeann PRM agus é mar aidhm acu é a shaothrú ar bhonn tráchtála: [Leasú 199]
(a) beidh siad bunaithe san Aontas;
(b) beidh siad cláraithe sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/2031, i gcomhréir le hAirteagal 66 den Rialachán sin;
(c) beidh siad féin, nó duine eile arna ainmniú acu, ar fáil le bheith i dteagmháil leis na húdaráis inniúla chun na rialuithe oifigiúla a éascú;
(d) sainaithneoidh siad pointí criticiúla den phróiseas táirgthe, nó den mhargú, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar aitheantas agus cáilíocht PRM, agus déanfaidh siad faireachán ar na pointí criticiúla sin;
(e) coinneoidh siad taifid den fhaireachán ar na pointí criticiúla dá dtagraítear i bpointe (b)(d), agus soláthróidh siad iad lena scrúdú arna iarraidh sin ag na húdaráis inniúla; [Leasú 200]
(f) áiritheoidh siad go bhféadfar luchtóga PRM a shainaithint thar a chéile;
(g) coinneoidh siad faisnéis nuashonraithe maidir le seoladh na n‑áitreabh agus suíomhanna eile a úsáidtear chun PRM a tháirgeadh;
(h) féachfaidh siad chuige go mbeidh rochtain ag na húdaráis inniúla ar áitreabh agus suíomhanna eile an táirgthe, lena n‑áirítear áitreabh agus goirt tríú páirtithe conarthacha, agus ar thaifid an fhaireacháin agus gach doiciméad gaolmhar;
(i) déanfaidh siad bearta, nuair is iomchuí, chun aitheantas PRM a chothabháil i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo;
(j) cuirfidh siad aon chonradh le tríú páirtithe ar fáil do na húdaráis inniúla, arna iarraidh sin dóibh.
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos i mír 1, pointe (d) agus pointe (e), maidir le micrifhiontair. [Leasú 201]
Ní bheidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 30 faoi réir fhorálacha an Airteagail seo. [Leasú 202]
Airteagal 42
Inrianaitheacht
1. Áiritheoidh oibreoirí gairmiúla go mbeidh PRM inrianaithe ag gach céim den táirgeadh agus den mhargú.
2. Chun críocha mhír 1, coinneoidh oibreoirí gairmiúla faisnéis a ligfidh dóibh an méid seo a leanas a shainaithint:
(a) na hoibreoirí gairmiúla a sholáthar na síolta agus an t‑ábhar lena mbaineann dóibh;
(b) na daoine ar sholáthair siad PRM agus an PRM lena mbaineann dóibh, seachas i gcás úsáideoirí deiridh.
Arna iarraidh sin dóibh, cuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil do na húdaráis inniúla.
3. Coinneoidh oibreoirí gairmiúla taifid de PRM agus na hoibreoirí gairmiúla agus na daoine dá dtagraítear i mír 2 go ceann 3 bliana tar éis sholáthar an ábhair sin dóibh, nó tar éis dóibh an t‑ábhar sin a sholáthar.
3a. Ní bheidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 29 agus 30 faoi réir fhorálacha an Airteagail seo. [Leasú 203]
Airteagal 43
Fógra bliantúil a thabhairt maidir le táirgeadh agus deimhniú síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe agus deimhniú ábhair réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh agus dheimhnithe a bheith beartaithe
Tabharfaidh oibreoirí gairmiúla fógra do na húdaráis inniúla gach bliain faoin méid seo a leanas:
(a) é a bheith beartaithe acu ábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe nó síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe a tháirgeadh, 1 mhí amháin ar a laghad roimh thús an táirgthe sin; agus [Leasú 204]
(b) táirgeadh ábhair réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh agus dheimhnithe a thosaigh sna blianta roimhe sin agus a leanann sa bhliain lena mbaineann.
Luafar san fhógra sin na speicis, na cineálacha agus na catagóirí plandaí lena mbaineann agus suíomh beacht an táirgthe.
CAIBIDIL IV
CINEÁLACHA A CHLÁRÚ
ROINN 1
CLÁIR CINEÁLACHA
Airteagal 44
Bunú clár náisiúnta cineálacha
1. Déanfaidh gach Ballstát clár aonair náisiúnta cineálacha (‘clár náisiúnta cineálacha’), i bhformáid leictreonach, a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta i gcónaí, ina mbeidh: [Leasú 205]
(a) na cineálacha uile atá cláraithe de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 55-68;
(b) na cineálacha caomhantais dá dtagraítear in Airteagal 26 agus atá cláraithe de bhun Airteagal 53.
2. Féadfar PRM a bhaineann le cineál atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha amháin ar a laghad a tháirgeadh agus a mhargú san Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
3. Tar éis bhunú a gclár náisiúnta cineálacha, agus tar éis aon cheann dá nuashonruithe, tabharfaidh na Ballstáit fógra láithreach fúthu don Choimisiún chun iad a áireamh i gclár cineálacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 45.
4. D’fhéadfaí nach mbeadh feidhm ag an Airteagal seo, ná Airteagail 45 go 74 maidir le cineálacha a phóraítear mar chomhpháirteanna de chineálacha hibrideacha amháin.
Airteagal 45
Bunú chlár cineálacha an Aontais
1. Déanfaidh an Coimisiún clár aonair cineálacha (‘clár cineálacha an Aontais’), i bhformáid leictreonach, a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta.
2. Áireofar i gclár cineálacha an Aontais na cineálacha atá cláraithe sna cláir náisiúnta cineálacha agus a bhfuil fógra tugtha ina leith i gcomhréir le hAirteagal 44, agus déanfar é a thabhairt cothrom le dáta go míosúil. [Leasú 206]
Féadfar rochtain a fháil ar chlár cineálacha an Aontais trí thairseach leictreonach ina mbeidh cláir eile de chearta maidir le cineálacha plandaí, ábhar atáirgthe foraoise nó plandaí eile.
Airteagal 46
Inneachar na gclár náisiúnta cineálacha agus chlár cineálacha an Aontais
1. Sna cláir náisiúnta cineálacha agus i gclár cineálacha an Aontais beidh na heilimintí uile a leagtar amach in Iarscríbhinn VII, a bhaineann leis na cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (a).
I gcás na gcineálacha caomhantais dá dtagraítear in Airteagal 44(1), pointe (b), tabharfar le fios sna cláir sin achoimre ghairid ar a laghad ar an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, réigiún bunaidh a dtionscnaimh, a n‑ainmníocht agus an duine a dhéanann iad a chothabháil.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75, chun Iarscríbhinn VII a leasú trí eilimintí nach mór a áireamh sna cláir chineálacha a chur leis, agus na forbairtí teicniúla agus eolaíochta á gcur san áireamh, agus ar bhonn na taithí a fuarthas nuair a tugadh le fios an gá a bhí ann go bhfaigheadh na húdaráis inniúla nó oibreoirí gairmiúla faisnéis níos beaichte maidir leis na cineálacha cláraithe. [Leasú 207]
ROINN 2
CEANGLAIS MAIDIR LE CLÁRÚ CINEÁLACHA
Airteagal 47
Ceanglais maidir le clárúchán i gcláir náisiúnta cineálacha
1. Ní chlárófar cineálacha i gclár náisiúnta cineálacha i gcomhréir le hAirteagail 55 go 68, ach amháin:
(a) má tá siad seo a leanas acu:
(i) tuairisc oifigiúil a léiríonn go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht a leagtar amach in Airteagail 48, 49 agus 50 agus, i gcás speiceas a liostaítear i gCuid A seachas féara scraithe, agus i gCodanna D agus E d'Iarscríbhinn I,, agus go gcomhlíonann siad na ceanglais maidir le luach sásúil le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, mar a leagtar amach in Airteagal 52; nó [Leasú 208]
(ii) tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil de bhun Airteagal 53, más cineálacha caomhantais atá ann;
(b) má tá ainmníocht acu a mheastar a bheith oiriúnach de bhun Airteagal 54;
(c) i gcás ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe sna cineálacha, nó i gcás ina bhfuil na cineálacha comhdhéanta d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe, má tá an t‑orgánach údaraithe lena shaothrú sa Bhallstát faoi leith de bhun Airteagal 19 de Threoir 2001/18/CE nó Airteagail 7 agus 19 de Rialachán (CE) 1829/2003, nó, i gcás inarb infheidhme, sa Bhallstát faoi leith i gcomhréir le hAirteagal 26b de Threoir 2001/18/CE;
(d) i gcás ina bhfuil planda TGN de chatagóir 1 sna cineálacha, nó i gcás ina bhfuil na cineálacha comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 1, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN …), má tá dearbhú stádais planda TGN de chatagóir 1 faighte ag an bplanda sin de bhun Airteagal 6 nó 7 den Rialachán sin nó más sliocht de na plandaí sin é;
(e) i gcás ina bhfuil planda TGN de chatagóir 2 sna cineálacha, nó i gcás ina bhfuil siad comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN), má údaraíodh an planda sin de bhun Chaibidil III den Rialachán sin;
(f) i gcás cineálacha atá fulangach ar luibhicídí, má tá siad faoi réir coinníollacha saothrúcháin le haghaidh tháirgeadh PRM agus chun críche ar bith eile, arna nglacadh de bhun mhír 3 nó, i gcás nár glacadh iad, de réir mar a ghlacann na húdaráis inniúla atá freagrach as clárú, agus, i gcás ina bhfuil na cineálacha le saothrú i mBallstát eile, glacfaidh an t-údarás inniúil faoi seach na coinníollacha sin, chun forbairt na frithsheasmhachta fiailí in aghaidh luibhicídí de bharr a n‑úsáide a chosc; nuair a bheidh plean do dhálaí saothraithe bunaithe ag Ballstát cheana féin, leathnófar na coinníollacha sin, i gcás inarb iomchuí, chuig clárúcháin cineálacha iardain a bhfuil tréithe comhchosúla acu laistigh den Bhallstát sin; [Leasú 209]
(g) i gcás cineálacha ag a bhfuil saintréithe áirithe seachas na cinn siúd dá dtagraítear i bpointe (f) a bhféadfadh éifeachtaí neamh‑inmhianaithe agranamaíocha a bheith ann dá mbarr, má tá siad faoi réir coinníollacha saothrúcháin le haghaidh tháirgeadh PRM agus chun críche ar bith eile, arna nglacadh de bhun mhír 3 nó, i gcás nár glacadh iad, de réir mar a ghlacann na húdaráis inniúla atá freagrach as a gclárú, agus, i gcás ina bhfuil na cineálacha le saothrú i mBallstát eile, glacfaidh an t-údarás inniúil faoi seach na coinníollacha sin, chun na héifeachtaí neamh‑inmhianaithe agranamaíocha áirithe sin a chosc, amhail forbairt na frithsheasmhachta lotnaidí in aghaidh na gcineálacha faoi leith nó éifeachtaí neamh‑inmhianaithe ar phailneoirí. nuair a bheidh dálaí saothraithe bunaithe ag Ballstát cheana féin, leathnófar na coinníollacha sin, i gcás inarb iomchuí, chuig clárúcháin cineálacha iardain a bhfuil tréithe comhchosúla acu laistigh den Bhallstát sin. [Leasú 210]
Ní fhéadfar cineál a chlárú le tuairisc oifigiúil agus le tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil.
2. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ceanglais shonracha chun na scrúduithe a dhéanamh i ndáil le dearadh trialach agus coinníollacha fáis trialacha maidir leis an méid seo a leanas: [Leasú 211]
(a) sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht in aghaidh an ghéinis nó an speicis cineálacha, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), bunaithe ar na prótacail is infheidhme de chuid an Aontais Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí (UPOV), phrótacail a leagann CPVO síos, nó fianaise ábhartha theicniúil agus eolaíochta eile; agus
(b) ceanglais shonracha a bhaineann le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht in aghaidh an ghéinis agus an speicis, dá dtagraítear i bpointe (a), le haghaidh cineálacha orgánacha atá oiriúnach do tháirgeadh orgánach, mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2018/848, bunaithe ar na prótacail is infheidhme arna leagan síos ag UPOV nó CPVO, agus go háirithe trí na ceanglais maidir le haonfhoirmeacht a choigeartú;
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Oiriúnóidh siad na ceanglais sin d’fhorbairt caighdeán idirnáisiúnta, i gcás inarb infheidhme, agus d’eolas nua eolaíochta agus teicniúil.
Go dtí go mbeidh na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 2(b) leagtha síos, déanfar an measúnú ar aonfhoirmeacht cineálacha atá oiriúnach do tháirgeadh orgánach, seachas na cineálacha dá dtagraítear in Airteagal 68(1), ar bhonn seach‑tíopaí. Maidir le speicis fhéinphailnitheacha, cuirfear caighdeán daonra 10 % agus dóchúlacht ghlactha 90 % ar a laghad i bhfeidhm. Maidir le speicis aschrosála pailnithe oscailte, cuirfear caighdeán daonra 20 % agus dóchúlacht ghlactha 80 % ar a laghad i bhfeidhm.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh leis na híoschoinníollachahíoscheanglais maidir leis na coinníollacha saothrúcháin a bheidh le glacadh ag na húdaráis inniúla de bhun mhíreanna 1(f)mír 1, pointí (f) agus (g), maidir leis an méid seo a leanas: [Leasú 212]
(i)(a) bearta sna goirt, lena n‑áirítear uainíocht barr; [Leasú 213]
(ii)(b) bearta faireacháin; [Leasú 213]
(iii)(c) an modh chun fógra a thabhairt faoi na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (i)(a) don Choimisiún agus do na Ballstáit eile; [Leasú 215]
(iv)(d) rialacha maidir le tuairisciú na n‑oibreoirí gairmiúla do na húdaráis inniúla i ndáil le cur i bhfeidhm na gcoinníollacha dá dtagraítear i bpointe (i)(a); [Leasú 216]
(v)(e) tásc na gcoinníollacha dá dtagraítear i bpointe (i)(a) sna cláir náisiúnta cineálacha. [Leasú 217]
Beidh na coinníollacha sin bunaithe ar an eolas eolaíoch agus teicniúil is déanaí.
4. Chun cineál a chlárú ina chlár náisiúnta cineálacha, glacfaidh údarás inniúil, gan aon scrúdú eile, le tuairisc oifigiúil, tuairisc a aithnítear go hoifigiúil nó scrúdú oifigiúil ar na ceanglais maidir le luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(i), a bheidh táirgthe ag údarás inniúil Ballstáit eile má tá bearta aitheantais choibhéisigh ann idir an dá údarás inniúil. [Leasú 218]
Airteagal 48
Sainiúlacht
1. Chun críocha na tuairisce oifigiúla, dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (a), measfar go bhfuil cineál sainiúil más féidir é a aithint gan dua, ar bhonn na saintréithe a bheith á léiriú aige a thagann as géinitíopa ar leith nó as teaglaim géinitíopaí, thar aon chineál eile arb eol go forleitheadach é a bheith ann ar dháta chur isteach an iarratais arna shuí i gcomhréir le hAirteagal 58. [Leasú 219]
2. Maidir le cineál eile a bheith ann, dá dtagraítear i mír 1, measfar gurb eol sin go forleitheadach más rud é go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh:
(a) áirítear an cineál i gclár náisiúnta cineálacha nó i ndoiciméadacht arna soláthar don údarás inniúil ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil baint acu le PRM a dhíol le húsáideoirí deiridh nó le caomhnú dinimiciúil; [Leasú 220]
(b) cuireadh iarratas isteach ar chlárú an chineáil, nó iarratas ar dheonú ceart maidir le cineálacha plandaí i leith an chineáil sin, san Aontas; nó
(c) tá tuairisc oifigiúil ar an gcineál sin san Aontas cheana, is eol go forleitheadach é, nó rinneadh an scrúdú teicniúil de bhun Airteagal 59.
3. I gcás ina bhfuil feidhm ag mír 2, pointe (c), déanfaidh an duine nó na daoine atá freagrach as na scrúduithe teicniúla tuairisc oifigiúil an chineáil a scrúdaigh siad a chur ar fáil do na húdaráis inniúla.
Airteagal 49
Aonfhoirmeacht
Chun críocha na tuairisce oifigiúla, measfar go bhfuil cineál aonfhoirmeach más rud é, ag cur san áireamh na n‑éagsúlachtaí a bhféadfadh coinne a bheith leo de bharr gnéithe sainiúla a atáirgthe agus a shóirt, go bhfuil sé aonfhoirmeach a dhóthain ó thaobh léiriú na saintréithe a áirítear sa scrúdú sainiúlachta, agus ó thaobh léiriú aon saintréithe eile a úsáidtear i dtuairisc oifigiúil an chineáil.
Airteagal 50
Cobhsaíocht
Chun críocha na tuairisce oifigiúla, measfar go bhfuil cineál cobhsaí más rud é go bhfuil léiriú na saintréithe sin a áirítear sa scrúdú sainiúlachta, agus léiriú aon saintréithe eile a úsáidtear sa tuairisc ar an gcineál, gan athrú i ndiaidh atáirgeadh a dhéanamh arís is arís eile, nó, i gcás timthriallta atáirgthe, ag deireadh gach timthrialla.
Airteagal 51
Cearta ar chineálacha plandaí arna ndeonú
Má deonaíodh ceart ar chineálacha plandaí do chineál de bhun Airteagal 62 de Rialachán (CE) Uimh. 2100/1994 nó de bhun reachtaíocht Ballstáit, measfar go bhfuil an cineál sin sainiúil, aonfhoirmeach agus cobhsaí, chun críocha na tuairisce oifigiúla agus measfar go bhfuil ainmníocht oiriúnach aige chun críocha Airteagal 47(1), pointe (b).
Airteagal 52
Luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe
1. Chun críocha Airteagal 47(1), pointe (c), measfar go bhfuil luach cineáil le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe cineáil sásúil más rud é, i gcomparáid le cineálacha eile den speiceas céanna atá cláraithe sa chlár náisiúnta cineálacha den Bhallstát faoi leith, go mbaineann lena shaintréithe, ina n‑iomláine, feabhas soiléir le haghaidh saothrú inbhuanaithe agus úsáidí inbhuanaithe is féidir a chur ar na bairr, plandaí eile nó na táirgí a dhíorthaítear uaidh.
Is iad na nithe seo a leanas na saintréithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, de réir mar is iomchuí do na speicis, na réigiúin, na dálaí agrai‑éiceolaíocha agus na húsáidí lena mbaineann:
(a) táirgeacht, lena n‑áirítear cobhsaíocht táirgeachta agus táirgeacht faoi dhálaí ionchuir ísil;
(b) fulaingt/frithsheasmhacht in aghaidh struis bhitheach, lena n‑áirítear galair phlandaí ar néimeatóidí, fungais, baictéir, víris, feithidí agus lotnaidí eile is cúis leo;
(c) fulaingt/frithsheasmhacht in aghaidh struis aibitheacha, lena n‑áirítear oiriúnú do dhálaí an athraithe aeráide;
(d) úsáid níos éifeachtúla as acmhainní nádúrtha, amhail uisce agus cothaithigh;
(e) gá laghdaithe le hionchuir sheachtracha, amhail táirgí cosanta plandaí agus leasacháin;
(f) saintréithe lena bhfeabhsaítear inbhuanaitheacht an saothrú, na buainte, na stórála, na próiseála agus, an dáilte agus na húsáide; [Leasú 221]
(g) cáilíocht nó saintréithe cáilíochta nó cothaitheacha. nó saintréithe atá tábhachtach le haghaidh próiseála; [Leasú 222]
(ga) laghdú dramhaíola réamhbhuainte nó iarbhuainte. [Leasú 223]
1a. Déanfar an scrúdú ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe a cheadú ar bhonn deonach do na speicis a liostaítear i gCuid B agus i gCuid C d'Iarscríbhinn I. I gcás ina mbeidh an scrúdú ar shaothrú agus úsáid inbhuanaithe déanta ag údarás inniúil oifigiúil nó faoi mhaoirseacht oifigiúil agus faoi threoir oifigiúil an údaráis inniúil de bhun Airteagal 61, ceadóidh sé an t-éileamh sin a áireamh ar an gcuid sin den lipéad a luaitear in Airteagal 17(5). Ní bhainfidh an t-éileamh sin ach leis na saintréithe a léiríodh go bhfuil feabhas soiléir orthu i gcomparáid le cineálacha eile den speiceas céanna le linn na dtástálacha scrúdaithe. Ceadófar leis an gcóras deonach d'údaráis inniúla modheolaíochtaí a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar na saintréithe a liostaítear faoin dara fomhír de mhír 1, pointe (a) go pointe (g). [Leasú 224]
2. Chun críoch mhír 1, féadfaidh na Ballstáit dul i gcomhar le Ballstáit eile ina bhfuil dálaí agrai‑éiceolaíocha comhchosúla. Féadfaidh na Ballstáit sin saoráidí comhroinnte a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a) na híoscheanglais a bhunú maidir leis an scrúdú dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh;
(b) na modheolaíochtaí a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar na saintréithe a liostaítear faoi mhír 1, an dara fomhír, pointí (a) go (g)(ga); [Leasú 225]
(c) na caighdeáin a bhunú chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí an scrúdaithe ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, agus an tuairisciú i leith na dtorthaí sin.
Oiriúnófar leis na gníomhartha tarmligthe sin na ceanglais, modheolaíochtaí agus caighdeáin phointí (a) go (c) do na forbairtí teicniúla nó eolaíochta is infheidhme, agus d’aon pholasaí nó riail nua den Aontas maidir le talmhaíocht inbhuanaithe.
I gcás nach bhfuil na rialacha sin bunaithe go fóill, féadfaidh na Ballstáit na rialacha sin a ghlacadh dá gcríocha féin. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile fúthu.
Áiritheoidh na gníomhartha tarmligthe sin go ndéanfar na híoscheanglais, na modheolaíochtaí agus na caighdeáin dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (c) den chéad fhomhír a bhfuil feidhm acu maidir le Codanna D agus E d’Iarscríbhinn I, a oiriúnú do ghnéithe sonracha na speiceas sin agus dá úsáidí deiridh, agus do chuspóirí na héagsúlachta agus na nuálaíochta. [Leasú 226]
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh lena n‑iarrtar ar Bhallstát na rialacha sin a aisghairm nó a mhodhnú, má mheastar, ar bhonn na fianaise eolaíochta agus teicniúla atá ar fáil, go bhfuil siad míchuí le haghaidh an scrúdaithe ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe cineáil. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2). [Leasú 227]
4. Chun críocha cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(19) de Rialachán (AE) 2018/848, a chlárú, déanfar an scrúdú ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe faoi dhálaí orgánacha, i gcomhréir leis an Rialachán sin agus, go háirithe, Airteagal 5, pointí (d), (e), (f) agus (g), agus Airteagal 12 de sin agus Cuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin.
I gcás nach bhfuil na húdaráis inniúla in ann scrúdú a dhéanamh faoi dhálaí orgánacha, nó an scrúdú ar shaintréithe áirithe, lena n‑áirítear so‑ghabhálacht i leith galair, féadfar tástáil a dhéanamh faoi dhálaí atá á dtiontú nó ionchuir ísil agus an méid a bhfuil géarghá leis amháin chunleis na cóireálacha tástála le lotnaidicídí agus ionchuir shealadacha eile a bhfuil géarghá leo amháin chun an scrúdú a chur i gcrích. I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh na Ballstáit tuarascáil bhliantúil don Choimisiún ar na cúiseanna nach ndearnadh tástáil faoi dhálaí orgánacha agus cur chun feidhme na tástála faoi choinníollacha neamhorgánacha. [Leasú 228]
4a. Féadfaidh na húdaráis inniúla tástáil ar ghnáthshíol a áireamh faoi choinníollacha ionchuir íseal, faoi dháláí orgánacha atá á dtiontú nó faoi dhálaí orgánacha. [Leasú 229]
4b. Faoi ... [10 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thorthaí an chórais dheonaigh dá dtagraítear i mír 1a, agus déanfaidh sé achoimre ar thorthaí na meastóireachta sin i dtuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. [Leasú 230]
Airteagal 53
Cineálacha caomhantais a chlárú
1. De mhaolú ar Airteagail 48, 49, 50, 52, 55(2), 56, 57, agus 59 go 65, clárófar cineál caomhantais i gclár náisiúnta cineálacha má chomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil aige, lena sonraítear na saintréithe a fhágann gur cineál caomhantais é, i gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 3, pointe (29);
(b) tá tásc aige maidir le réigiún bunaidh a thionscnaimh, nuair is eol é sin, nó na coinníollacha áitiúla faoinar nuaphóraíodh é; [Leasú 231]
(c) tá ainmníocht air a chomhlíonann Airteagal 54;
(d) déantar é a chothabháil san Aontas.
Beidh an clárú faoin Airteagal seo saor in aisce don iarratasóir. [Leasú 232]
2. Clárófar cineál caomhantais sa chlár náisiúnta cineálacha tar éis iarratas arna dhéanamh ag oibreoir gairmiúil atá bunaithe san Aontas. San iarratas sin beidh na heilimintí uile dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (d).
Glacfaidh an t‑údarás inniúil le clárú cineáil caomhantais, nó diúltóidh sé dó, tar éis dó a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann sé mír 1. Cuirfidh an t-údarás inniúil a chinneadh in iúl don iarratasóir. I gcás ina ndiúltaítear don chlárú, luafaidh sé na cúiseanna a thugann údar maith don diúltú sin. [Leasú 233]
3. Ní liostófar cineál mar chineál caomhantais sa chlár náisiúnta cineálacha sna cásanna seo a leanas:
(a) má tá sé liostaithe i gclár cineálacha an Aontais in éineacht le tuairisc oifigiúil, de bhun Airteagal 44(1), pointe (a), nó má scriosadh é ó chlár cineálacha an Aontais mar chineál ag a raibh tuairisc oifigiúil le 2 bhliain anuas, nó laistigh de 2 bhliain ó éag na tréimhse a deonaíodh de bhun Airteagal 71(2), nó
(b) má tá sé faoi chosaint ag ceart de chuid an Chomhphobail maidir le cineálacha plandaí dá ndéantar foráil i Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, nó ag ceart náisiúnta maidir le cineálacha plandaí, nó má tá iarratas ina leith ar cheart mar sin ar feitheamh.
4. Maidir leis an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), beidh sí bunaithe ar thorthaí tástálacha neamhoifigiúla, eolas a fuarthas ó thaithí phraiticiúil le linn saothrú, atáirgeadh agus úsáid, nó faisnéis eile, go háirithe ó na húdaráis acmhainní géiniteacha plandaí nó ó eagraíochtaí a n‑aithníonn na Ballstáit iad chun na críche sin.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na saintréithe agus an fhaisnéis ar cheart don tuairisc iad a chumhdach, más iomchuí le haghaidh speicis shonracha, a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2). [Leasú 234]
5. An duine atá freagrach as cothabháil cineáil caomhantais, coimeádfaidh sé samplaí de agus, arna iarraidh sin, cuirfidh sé ar fáil iad do na húdaráis inniúla.
Airteagal 53a
Ceanglais maidir le clón roghnaithe agus PRM polaclónach a chlárú i gclár an Bhallstáit
1. Cuirfidh an t-iarratasóir iarratas faoi bhráid an údaráis inniúil lena dtabharfar le fios:
(a) an speiceas agus, de réir mar is infheidhme, an cineál lena mbaineann an clón roghnaithe nó an PRM polaclónach, lena ndéanfar an cineál a chlárú i gclár cineálacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44;
(b) an ainmníocht bheartaithe agus na comhchiallaigh;
(c) i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar an PRM polaclónach;
(d) cothabhálaí an chlóin roghnaithe, nó an PRM pholaclónaigh;
(e) tagairt don tuairisc ar phríomh-shaintréithe an chineáil lena mbaineann an clón roghnaithe nó an PRM pholaclónaigh;
(f) tuairisc ar an bpríomhluach le haghaidh saothrú agus inbhuanaithe agus saintréithe úsáide an chlóin roghnaithe, nó an PRM pholaclónaigh;
(g) breisiúcháín ghéiniteacha measta an chlóin roghnaithe nó an PRM pholaclónaigh roghnaithe i ndáil le feidhmíocht fhoriomlán an chineáil ábhartha;
(h) faisnéis ar cibé acu atá nó nach bhfuil an clón roghnaithe nó an PRM pholaclónaigh roghnaithe cláraithe i gclár de chuid Ballstáit eile cheana féin.
2. Comhlíonfaidh an clón roghnaithe na ceanglais seo a leanas chun a bheith cláraithe ar chlár an Bhallstáit:
(a) roghnófar é laistigh den chineál lena mbaineann é i ngeall ar thréithe feinitíopacha inchineáil speisialta áirithe agus ar a stádas fíteashláintíoch lena dtugtar feidhmíocht níos fearr don chlón roghnaithe, i gcomhréir le modhanna a nglactar leo go hidirnáisiúnta agus atá bunaithe ar mhodhanna ón Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon;
(b) fíre an chlóin roghnaithe le sainaitheantas an chineáil, áiritheofar í trí bhreathnú ar na saintréithe feinitíopacha agus, i gcás inarb iomchuí, tríd an anailís mhóilíneach de bhun caighdeáin a nglactar leo go hidirnáisiúnta.
3. Comhlíonfaidh an PRM polaclónach na ceanglais seo a leanas chun a bheith cláraithe ar chlár an Bhallstáit:
(a) roghnófar é i dtriail allamuigh aonair cineál ina mbeidh sampla ionadaíoch d’éagsúlacht ghéiniteach fhoriomlán an chineáil de réir dearadh turgnamhach bunaithe ar mhodhanna a nglactar leo go hidirnáisiúnta. beidh an dearadh sin bunaithe ar mhodhanna arna bhforordú ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Fhíniúin agus um Fhíon agus idir 7 agus 20 géinitíop sainiúil(31) a bheidh ann;
(b) fíre an PRM phpholaclónaigh le sainaitheantas an chineáil, áiritheofar í trí bhreathnú ar na saintréithe feinitíopacha agus, i gcás inarb iomchuí, tríd an anailís mhóilíneach de bhun caighdeáin a nglactar leo go hidirnáisiúnta.
4. Ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh faoin gclárúchán i gclár an Bhallstáit ach amháin tar éis dó teacht ar an gconclúid go gcomhlíontar na coiníollacha a legatar amach i míreanna 2 agus 3, mar is infheidhme i gcás an chineáil ábhair. [Leasú 235]
Airteagal 54
Oiriúnacht ainmníochtaí cineáil
1. Chun críocha Airteagal 47(1), pointe (b), measfar nach bhfuil ainmníocht cineáil oiriúnach más rud é:
(a) go bhfágann ceart atá ann cheana ag tríú páirtí nach féidir é a úsáid ar chríoch an Aontais;
(b) go bhféadfadh sé go mbeadh deacrachtaí ag úsáideoirí ó thaobh sainaithint nó táirgeadh;
(c) go bhfuil sé comhionann le hainmníocht cineáil, nó go bhféadfaí é a thógáil in amhlachas ainmníochta cineáil:
(i) faoina bhfuil cineál eile den speiceas céanna nó de speiceas neasghaolmhar cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha nó i gclár cineálacha an Aontais; nó, i gcatalóg tráchtála oibreora ghairmiúil nó i ndoiciméadacht arna soláthar don údarás inniúil ag duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil baint aige leis an gcaomhnú dinimiciúil; [Leasú 236]
(ii) faoinar cuireadh ábhar de chineál eile ar fáil ar an margadh i mBallstát nó i mBall den Aontas Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha nua Plandaí,
ach amháin murab ann don chineál dá dtagraítear i bpointe (i) nó (ii) a thuilleadh agus nach bhfuil aon tábhacht ar leith ag baint lena ainmníocht; [Leasú 237]
(d) go bhfuil sé comhionann le hainmníochtaí eile nó go bhféadfaí é a thógáil in amhlachas ainmníochtaí eile a úsáidtear go forleitheadach chun earraí a chur ar fáil ar an margadh nó nach mór a fhorchoimeád de bhun reachtaíocht eile de chuid an Aontais;
(e) gur dealraitheach go bhféadfadh sé a bheith ina ábhar masla i gceann de na Ballstáit nó go bhfuil in aghaidh an oird phoiblí;
(f) gur dealraitheach go bhféadfadh sé a bheith míthreorach nó mearbhlach maidir le saintréithe, luach, nó aitheantas an chineáil nó aitheantas an phóraitheora.
2. Gan dochar do mhír 1, má tá cineál cláraithe cheana féin i gcláir náisiúnta cineálacha eile, ní mheasfar go bhfuil an ainmníocht oiriúnach ach amháin má tá sé comhionann leis an ainmníocht atá sna cláir sin.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an méid seo a leanas más rud é:
(a) gur dealraitheach go bhféadfadh an ainmníocht a bheith míthreorach nó mearbhlach maidir leis an gcineál atá i gceist i mBallstát amháin nó níos mó; nó
(b) go bhfágann cearta atá ag tríú páirtithe go bhfuil bac ar shaorúsáid na hainmníochta sin i leith an chineáil i gceist.
3. Más rud é, i ndiaidh clárú cineáil, go suíonn an t‑údarás inniúil nach raibh, tráth chlárú na hainmníochta, ainmníocht an chineáil oiriúnach de réir bhrí mhíreanna 1 agus 2, cuirfidh an t‑iarratasóir iarratas isteach ar ainmníocht nua. Déanfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh i leith an iarratais sin tar éis dó dul i gcomhairle le CPVO.
Féadfaidh an t‑údarás inniúil cead a thabhairt an ainmníocht roimhe sin a úsáid go sealadach.
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na critéir shonracha a bhaineann le hoiriúnacht ainmníochtaí cineálacha don mhéid seo a leanas a leagan amach:
(a) an gaol atá acu le trádmharcanna;
(b) an gaol idir ainmníochtaí agus tásca geografacha nó sonrúcháin tionscnaimh i gcás táirgí talmhaíochta;
(c) toiliú i scríbhinn ó shealbhóirí ceart a bhí ann roimhe chun deireadh a chur le bacainní atá roimh oiriúnacht ainmníochta;
(d) cinneadh cé acu atá nó nach bhfuil ainmníocht míthreorach nó mearbhlach, dá dtagraítear i mír 1, pointe (f); agus
(e) ainmníocht a úsáid i bhfoirm chóid.
ROINN 3
AN NÓS IMEACHTA UM CHLÁRÚ CINEÁLACHA SNA CLÁIR NÁISIÚNTA CINEÁLACHA
Airteagal 55
Iarratas a chur isteach
Féadfaidh aon oibreoir gairmiúil atá bunaithe san Aontas iarratas, ar chineál a chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha, a chur isteach go leictreonach chuig an údarás inniúil.
D’fhéadfaí go mbeadh ar an iarratasóir táille a íoc ar chur isteach an iarratais sin, faoi réir chinneadh an údaráis inniúil.
Airteagal 56
Inneachar an iarratais ar chineál a chlárú
1. Beidh an t‑iarratas ar chineál a chlárú i gclár náisiúnta cineálacha comhdhéanta de na nithe seo a leanas:
(a) iarraidh ar chlárú;
(b) aitheantas an tacsóin luibheolaíoch a mbaineann an cineál leis;
(c) i gcás inarb infheidhme, uimhir chlárúcháin an iarratasóra, a ainm agus a sheoladh, nó, i gcás inarb iomchuí, ainmneacha agus seoltaí na gcomhiarratasóirí, agus dintiúir aon ionadaí nós imeachta;
(d) ainmníocht bheartaitheshealadach; [Leasú 238]
(da) ainmníocht cineáil arna moladh ag an iarratasóir agus a fhéadfaidh a bheith leis an iarratas; [Leasú 239]
(e) ainm agus seoladh an duine atá freagrach as an gcothabháil cineáil, agus, más infheidhme, uimhir chlárúcháin an duine sin;
(f) tuairisc ar phríomh‑shaintréithe an chineáil, faisnéis maidir le cé acu atá nó nach bhfuil sé oiriúnaithe do shéasúir áirithe den bhliain, agus, má tá sé ar fáil, ceistneoir teicniúil comhlánaithe;
(g) tuairisc ar an nós imeachta um chothabháil an chineáil;
(h) áit phórúcháin an chineáil agus, más infheidhme, a réigiún tionscnaimh faoi leith;
(i) faisnéis a thugann le fios an bhfuil an cineál cláraithe i gcláir náisiúnta cineálacha eile agus an eol don iarratasóir go bhfuil iarratas ar chlárú i gceann de na cláir sin ar feitheamh;
(j) i gcás ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe sa chineál nó i gcás ina bhfuil an cineál comhdhéanta d’orgánach géinmhodhnaithe, fianaise go bhfuil saothrú an orgánaigh ghéinmhodhnaithe i gceist údaraithe san Aontas, i gcomhréir le Treoir 2001/18/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, nó i gcás inarb infheidhme, sa Bhallstát faoi leith i gcomhréir le hAirteagal 26b de Threoir 2001/18/CE chomh maith leis an bhfianaise gur comhlíonadh na ceanglais maidir le saothrú agus faireachán sa séasúr fáis ar leith; [Leasú 240]
(k) i gcás ina mbaineann an t‑iarratas le cineálacha caomhantais, faisnéis maidir le táirgeadh tuairisc, atá aitheanta go hoifigiúil, ar an gcineál, cruthúnas ar an tuairisc sin agus aon doiciméad nó foilseachán atá ina thaca ag an tuairisc; [Leasú 241]
(l) i gcás iarratas a bhaineann le cineálacha ar deonaíodh ceart maidir le cineálacha plandaí dóibh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 2100/94 nó reachtaíocht Ballstáit, cruthúnas go bhfuil an cineál faoi chosaint ag ceart den sórt sin, maille leis an tuairisc oifigiúil chomhfhreagrach;
(m) i gcás ina bhfuil planda TGN de chatagóir 1 sa chineál, nó i gcás ina bhfuil sé comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 1, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32) (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN …), fianaise go bhfuil dearbhú stádais planda TGN de chatagóir 1 faighte ag an bplanda sin de bhun Airteagal 6 nó 7 den Rialachán sin nó gur sliocht den phlanda/de na plandaí sin é;
(n) i gcás ina bhfuil planda TGN de chatagóir 2 sa chineál, nó i gcás ina bhfuil sé comhdhéanta de phlanda de chatagóir 2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN), tásc maidir leis an méid sin;
(o) úsáid bheartaithe nó coinníollacha saothrúcháin beartaithe, más infheidhme de bhuni gcás ina bhfuil an cineál fulangach ar luibhicídí dá dtagraítear in Airteagal 47(2)47(1), pointe (f), nó i gcás ina bhfuil tréithe ar leith aige a bhféadfadh éifeachtaí agranamaíocha neamh‑inmhianaithe a bheith mar thoradh orthu dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (g), tásc maidir leis an méid sin; an chineáil sin. [Leasú 242]
(oa) na teicnící pórúcháin a úsáidtear chun an cineál a fhorbairt; [Leasú 243]
(ob) aon chearta maoine intleachtúla lena gcumhdaítear an cineál, a chomhpháirteanna, agus a shaintréithe a bheith ann, laistigh de theorainneacha na gceart a ndéantar iarratas orthu maidir leis an gcineál sin nó a deonaíodh don iarratasóir ina leith, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil ceadúnas conarthach sínithe ag an iarratasóir nó i gcás ina bhfuil ceadúnas éigeantach faighte ag an iarratasóir chun úsáid a bhaint as paitinn atá ar úinéireacht ag oibreoir eile. [Leasú 244]
2. In éineacht leis an iarratas ar chineál a chlárú i gclár náisiúnta cineálacha beidh sampla atá le húsáid chun scrúdú a dhéanamh ar an gcineál sin. Socróidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith sprioc‑am faoina gcuirfear isteach an sampla sin agus sonróidh sé cáilíocht agus cainníocht an tsampla sin.
Airteagal 57
Scrúdú foirmiúil ar iarratas
1. Cláróidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith gach iarratas dá dtagraítear in Airteagal 55, agus déanfaidh sé scrúdú ar na hiarratais sin, chun a chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 56.
2. Mura gcomhlíonann an t‑iarratas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 56, tabharfaidh an t‑údarás inniúil caoi don iarratasóir an t‑iarratas a cheartú mar is gá laistigh de thréimhse shonraithe. Mura gcomhlíonann an t‑iarratas na ceanglais sin faoi éag na tréimhse sonraithe sin, diúltóidh an t‑údarás inniúil don iarratas agus foirceannfaidh sé clárú an chineáil.
Airteagal 58
Dáta an iarratais ar chlárú
Is é an dáta a chuirfear isteach an t‑iarratas ar chlárú an dáta a gheobhaidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith an t‑iarratas, a chomhlíonfaidh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 56 ina n‑iomláine.
Cuirfidh na húdaráis inniúla deimhniú gur cuireadh isteach an t‑iarratas, lena n‑áirítear faisnéis a bhaineann leis an dáta a cuireadh isteach an t‑iarratas sin, chuig an iarratasóir láithreach.
Airteagal 59
Scrúdú teicniúil ar an gcineál
1. I gcás, de thoradh an scrúdaithe fhoirmiúil, ina gcinntear go gcomhlíonann an t‑iarratas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 56, déanfar scrúdú teicniúil ar an gcineál.
Fásfar an cineál le linn an scrúdaithe fhoirmiúil, agus cuirfear san áireamh úsáid bheartaithe agus coinníollacha saothrúcháin beartaithe an chineáil. Féadfar modhanna eile, lena n‑áirítear úsáid teicnící bith‑mhóilíneacha, a úsáid mar uirlis fhorlíontach, de réir mar is iomchuí chun críocha an scrúdaithe theicniúil, an speicis lena mbaineann nó na saintréithe atá le seiceáil, de réir mar a bhunaítear de bhun an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 47(2) maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht.
Sa scrúdú teicniúil fíorófar an méid seo a leanas:
(a) comhlíonadh na gceanglas maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht an chineáil, mar a leagtar síos in Airteagail 48 go 50;
(b) cé acu atá nó nach bhfuil luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe ag an gcineál, i gcomhréir le hAirteagal 52, i gcás na gcineálacha dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (a)(ii).
2. Déanfaidh na húdaráis inniúla an scrúdú teicniúil dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir le hAirteagal 60, mura mbíonn feidhm ag an maolú dá dtagraítear in Airteagal 61(1).
3. I gcás ina mbeidh tuarascáil fhoirmiúil ar shainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht an chineáil, arna táirgeadh ag CPVO nó údarás inniúil eile, ar fáil cheana féin, cuirfidh an t‑údarás inniúil san áireamh conclúidí na tuarascála sin chun críocha an scrúdaithe theicniúil a thabhairt i gcrích.
4. D’fhéadfaí go mbeadh ar an iarratasóir táille a íoc as an scrúdú teicniúil a dhéanfar, dá dtagraítear i mír 1, faoi réir chinneadh an údaráis inniúil.
Airteagal 60
Iniúchadh ar áitreabh an údaráis inniúil
Ní fhéadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith an scrúdú teicniúil a dhéanamh, a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht dá dtagraítear in Airteagail 48 go 50, ach amháin tar éis go bhfaightear go bhfuil a áitreabh agus socruithe oibre, atá tiomnaithe don chríoch sin, oiriúnach do dhéanamh an scrúdaithe sin de bhun iniúchadh arna dhéanamh ag CPVO nó ag an gCoimisiún.
Ar bhonn an iniúchta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí a mholadh don údarás inniúil a dhéanamh, más iomchuí, d’fhonn a áirithiú go mbeidh áitreabh agus eagrú na n‑údarás inniúil oiriúnach. Féadfaidh an Coimisiún iniúchtaí breise a dhéanamh, agus, más infheidhme, gníomhartha ceartaitheacha a mholadh don údarás inniúil a dhéanamh d’fhonn a áirithiú go mbeidh a áitreabh agus a eagrú oiriúnach.
Airteagal 61
An t‑iarratasóir a údarú chun scrúdú teicniúil a dhéanamh i ndáil le luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe
1. De mhaolú ar Airteagal 59(2), agus i gcás oibreoirí faoin gcóras deonach dá dtagraítear in Airteagal 52(1a) amháin), féadfaidh an t‑iarratasóir an scrúdú teicniúilt-údarás inniúil an t-iarratasóir a údarú dul i mbhun an scrúdaithe theicniúil i ndáil le cé acu atá nó nach bhfuil luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe ag an gcineál, i gcomhréir le hAirteagal 52, nó cuid de, más rud é: [Leasú 245]
(a) d’údaraigh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith an t‑iarratasóir sin; [Leasú 246]
(b) déantar an scrúdú faoi mhaoirseacht oifigiúil agus faoi threoraíocht an údaráis inniúil lena mbaineann; agus
(c) déantar an scrúdú ar áitreabh atá tiomnaithe don chríoch sin;
(ca) ní chuirtear an scrúdú in ionad an mheasúnaithe riosca is gá chun iarratas a dhéanamh ar údarú margaíochta faoi Threoir 2001/18/CE maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe. [Leasú 247]
2. Sula ndeonófar an t‑údarú chun an scrúdú teicniúil a dhéanamh ar áitreabh póraitheora, déanfaidh an t‑údarás inniúil iniúchadh ar an áitreabh, na hacmhainní agus acmhainneacht eagrúcháin an iarratasóra. Leis an iniúchadh sin fíorófar cé acu atá nó nach bhfuil an t‑áitreabh, na saoráidí saotharlainne, eagrú agus déanamh na dtrialacha fáis oiriúnach do dhéanamh an scrúdaithe theicniúil ar áitreabh an phóraitheora a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas maidir le luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe dá dtagraítear in Airteagal 52.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 75 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na rialacha a bhaineann leis an iniúchadh dá dtagraítear i mír 2 a leagan amach.
4. Ar bhonn na hiniúchóireachta dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an t‑údarás inniúil gníomhaíochtaí a mholadh don iarratasóir a dhéanamh, más iomchuí, d’fhonn a áirithiú go mbeidh áitreabh agus eagrú an scrúdaithe oiriúnach.
5. Féadfaidh an t‑údarás inniúil iniúchtaí breise a dhéanamh anuas ar an gceann dá dtagraítear i mír 2, agus, i gcás inarb infheidhme, moladh don iarratasóir gníomhartha ceartaitheacha a dhéanamh, laistigh de thréimhse shonrach, maidir lena áitreabh agus socruithe oibre. I gcás ina dtagann an t‑údarás inniúil ar an gconclúid, tar éis na tréimhse sin, nach bhfuil áitreabh agus socruithe oibre an iarratasóra oiriúnach, féadfaidh sé an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar nó a mhodhnú.
Airteagal 62
Rialacha breise maidir le scrúdú teicniúil
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 75, chun na ceanglais maidir leis an scrúdú teicniúil a leagtar síos in Airteagal 59 a fhorlíonadh. D’fhéadfadh baint a bheith ag na gníomhartha tarmligthe sin leis na nithe seo a leanas:
(a) cáiliú, oiliúint, agus gníomhaíochtaí fhoireann an údaráis inniúil, nó an iarratasóra, chun críocha an scrúdaithe theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 61;
(b) an trealamh is gá, lena n‑áirítear saotharlanna le haghaidh tástála, chun an scrúdú teicniúil a dhéanamh;
(c) bailiúchán tagartha de chineálacha a bhunú chun comparáid a dhéanamh idir an cineál a ndéantar scrúdú air agus cineálacha eile chun measúnú a dhéanamh ar shainiúlacht agus ar bhainistiú stórála bailiúcháin tagartha den sórt sin;
(d) córais um bainistiú cáilíochta a bhunú, lena n‑áirítear taifead ar ghníomhaíochtaí agus ar phrótacail nó treoirlínte, a úsáidfear don scrúdú teicniúil;
(e) trialacha fáis agus tástálacha saotharlainne a dhéanamh i gcás géineas nó speiceas ar leith, lena n‑áirítear teicnící bith‑mhóilíneacha.
Oiriúnófar na gníomhartha tarmligthe sin do na prótacail theicniúla agus eolaíochta idirnáisiúnta atá ar fáil.
2. I gcás nach bhfuil aon cheanglas glactha de bhun mhír 1, déanfar scrúduithe teicniúla i gcomhréir le prótacail náisiúnta a mhéid a bhaineann leis na heilimintí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a)-(e).
Airteagal 63
Rúndacht
1. I gcás, le linn an scrúdaithe theicniúil dá ndéantar foráil in Airteagal 59, inar dealraitheach gur gá scrúdú a dhéanamh ar na comhpháirteanna ginealacha, coimeádfar torthaí an scrúdaithe sin agus an tuairisc ar na comhpháirteanna ginealacha faoi rún, má iarrann an t‑iarratasóir sin.
2. I gcás cineálacha PRM atá beartaithe le haghaidh táirgeadh amhábhar talmhaíochta chun críocha tionsclaíocha, agus lena n‑aghaidh sin amháin, coimeádfar eilimintí áirithe den scrúdú teicniúil agus úsáidí beartaithe na gcineálacha sin, arbh fhéidir a nochtadh poiblí difear a dhéanamh do staid iomaíoch an iarratasóra, faoi rún, má iarrann an t‑iarratasóir sin amhlaidh.
3. Beidh feidhm ag an Airteagal seo gan dochar d’Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2017/625. Tabharfaidh na húdaráis inniúla aird chuí ar rúndacht faisnéise tráchtála nó tionsclaíche a urramú i gcás go ndéantar foráil, le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, maidir le rúndacht den sórt sin chun leas dlisteanach eacnamaíoch a chosaint. [Leasú 248]
Airteagal 64
Tuarascáil shealadach scrúdúcháin agus tuairisc oifigiúil shealadach
1. I ndiaidh an scrúdaithe theicniúil dá ndéantar foráil in Airteagal 59, ullmhóidh an t‑údarás inniúil tuarascáil shealadach scrúdúcháin, i ndáil le comhlíonadh na gceanglas maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht, agus na saintréithe de luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, mar is infheidhme, dá dtagraítear in Airteagail 48, 49, 50, agus 52, agus eiseoidh sé tuairisc oifigiúil shealadach ar an gcineál ar bhonn na tuairisce sin.
2. Féadfar tagairt a dhéanamh sa tuarascáil shealadach scrúdúcháin do chinntí tuarascálacha scrúdúcháin eile a rinne an t‑údarás inniúil lena mbaineann, údaráis inniúla eile nó CPVO ar an gcineál i gceist.
3. Déanfaidh an t‑údarás inniúil an tuarascáil shealadach scrúdúcháin agus an tuairisc oifigiúil shealadach a chur i bhfios don iarratasóir. Féadfaidh an t‑iarratasóir barúil a thabhairt i leith na ndoiciméad sin laistigh de 15 lá féilire.
4. I gcás nach measann an t‑údarás inniúil gur bonn leordhóthanach í an tuarascáil shealadach scrúdúcháin le haghaidh cinneadh maidir le clárú an chineáil, iarrfaidh sé faisnéis bhreise, scrúduithe nó gníomhaíochtaí eile ar an iarratasóir, de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go gcomhlíonann an cineál na ceanglais maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht, cobhsaíocht agus an luach le haghaidh saothrú agus/nó úsáid inbhuanaithe, mar a leagtar amach in Airteagail 48, 49, 50 agus 52 faoi seach.
Airteagal 65
Tuarascáil scrúdúcháin agus tuairisc oifigiúil chríochnaitheach
Tar éis dó aon bharúil arna soláthar ag an iarratasóir maidir leis an tuarascáil shealadach scrúdúcháin agus an tuairisc oifigiúil shealadach a chur san áireamh, eiseoidh an t‑údarás inniúil tuairisc scrúdúcháin chríochnaitheach agus tuairisc oifigiúil chríochnaitheach maidir le sainiúlacht, aonfhoirmeacht agus cobhsaíocht an chineáil agus áireofar leis achoimre ar thorthaí an scrúdaithe ar an luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe.
Ar iarratas réasúnaithe a fháil dóibh, déanfaidh na húdaráis inniúla na tuarascálacha scrúdúcháin agus an tuairisc oifigiúil a chur ar fáil do na tríú páirtithe, faoi réir dlíthe náisiúnta nó faoi réir dhlíthe an Aontais maidir le cosaint sonraí agus na rialacha maidir le rúndacht.
Airteagal 66
Ainmníocht cineáil a scrúdú
I ndiaidh an scrúdú fhoirmiúil ar an iarratas dá ndéantar foráil in Airteagal 57, agus sula gclárófar cineál i gclár náisiúnta cineálacha de bhun Airteagal 67, rachaidh an t‑údarás inniúil i gcomhairle le CPVO i dtaobh ainmníocht an chineáil atá á moladh ag an iarratasóir.
Déanfaidh CPVO moladh maidir le hoiriúnacht na hainmníochta cineáil atá á moladh ag an iarratasóir, i gcomhréir le hAirteagal 54. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an moladh sin in iúl don iarratasóir.
Airteagal 67
Cinneadh maidir le clárú cineáil i gclár náisiúnta cineálacha
1. Más rud é, ar bhonn an nós imeachta a leagtar amach in Airteagail 55 go 66, go dtagtar ar an gconclúid go gcomhlíonann an cineál na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 47(1), cinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith an cineál a chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha.
2. Glacfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh lena ndiúltófar don chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha, más rud é:
(a) go suíonn sé nach gcomhlíontar na ceanglais faoi leith a leagtar amach in Airteagal 47(1) agus Airteagal 48; nó [Leasú 249]
(b) nár chomhlíon an t‑iarratasóir aon oibleagáid atá leagtha amach ina leith in Airteagail 55 go 64.
3. I gcás cinntí lena ndiúltaítear cineál a chlárú sa chlár náisiúnta cineálacha, luafar na cúiseanna leis an diúltú sin.
4. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an cinneadh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 chuig an iarratasóir.
5. Féadfar na cinntí dá dtagraítear i mír 1 agus 2 a achomharc, i gcomhréir le rialacha riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann. Beidh éifeacht fionraíochta ag aon achomharc in aghaidh cinneadh dá dtagraítear i mír 1 ar chlárú an chineáil faoi leith.
6. D’fhéadfaí go mbeadh ar an iarratasóir táille a íoc as glacadh an chinnidh, dá dtagraítear i mír 1, faoi réir chinneadh an údaráis inniúil.
Airteagal 68
Cineálacha a chláraítear de bhun Threoracha 68/193/CEE, 2002/53/CE, 2002/55/CE agus 2008/90/CE
1. De mhaolú ar Airteagail 54 go 67, cláróidh na húdaráis inniúla ina gcuid clár náisiúnta cineálacha láithreach na cineálacha uile ar glacadh leo nó a cláraíodh go hoifigiúil roimh … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], sna catalóga, sna liostaí, nó sna cláir arna mbunú ag a mBallstát de bhun de bhun Airteagal 5 de Threoir 68/193/CEE, Airteagal 3 de Threoir 2002/53/CE, Airteagal 3(2) de Threoir 2002/55/CE agus cineálacha a bhfuil tuairisc oifigiúil acu de bhun Airteagal 7(4)7 de Threoir 2008/90/CE gan an nós imeachta clárúcháin a leagtar amach sna hAirteagail sin a chur i bhfeidhm. [Leasú 250]
2. De mhaolú ar Airteagal 53, cineálacha ar glacadh leo i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2008/62/CE agus Airteagal 3(1) agus Airteagal 21(1) de Threoir 2009/145/CE, agus cineálacha a bhfuil tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil acu de bhun Airteagal 7 de Threoir 2008/90/CE roimh… [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], clárófar iad láithreach sna cláir náisiúnta cineálacha mar chineálacha caomhantais in éineacht le tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil gan an nós imeachta clárúcháin a leagtar amach san Airteagal sin a chur i bhfeidhm. [Leasú 251]
ROINN 4
Tréimhse chlárúcháin agus cothabháil cineáil
Airteagal 69
Tréimhse chlárúcháin
1. Is éard a bheidh i dtréimhse chlárúcháin cineáil i gclár náisiúnta cineálacha (‘tréimhse chlárúcháin’) ná 10 mbliana.
Is éard a bheidh sa tréimhse chlárúcháin sin le haghaidh cineálacha caomhantais agus cineálacha de speicis de phlandaí torthaí agus ábhar iomadaithe fíniúna, mar a liostaítear i gCodanna C agus D faoi seach d’Iarscríbhinn I, ná 30 bliain, áfach. [Leasú 252]
I gcás cineálacha atá comhdhéanta d’orgánach géinmhodhnaithe nó ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe, teorannófar tréimhse an chlárúcháin don tréimhse a bhfuil saothrú an orgánaigh ghéinmhodhnaithe sin údaraithe lena linn de bhun Threoir 2001/18/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
I gcás ina bhfuil planda TGN de chatagóir 2 sna cineálacha, nó i gcás ina bhfuil siad comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 2, mar a shainmhínítear in Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN), beidh an tréimhse chlárúcháin teoranta don tréimhse dá bhfuil an planda sin údaraithe de bhun an Rialacháin sin.
2. Féadfar tréimhse chlárúcháin cineáil i gclár náisiúnta cineálacha a athnuachan go ceann tréimhse eile 10 mbliana, nó 30 bliain, de réir an cháis, i gcomhréir leis an nós imeachta agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 70.
I gcás cineáil ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe, teorannófar athnuachan na tréimhse chlárúcháin don tréimhse a bhfuil saothrú an orgánaigh ghéinmhodhnaithe sin údaraithe lena linn de bhun Threoir 2001/18/CE nó Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003.
3. D’fhéadfaí go mbeadh ar an iarratasóir táille bhliantúil a íoc as cineál a chlárú, faoi réir chinneadh an údaráis inniúil.
Airteagal 70
Nós imeachta agus coinníollacha maidir le clárú a athnuachan
1. Aon duine a bhfuil rún aige clárú cineáil a athnuachan, cuirfidh sé isteach iarratas, tráth nach luaithe ná 12 mhí, agus tráth nach déanaí ná 6 mhí, roimh dhul in éag na tréimhse clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(1).
2. Déanfar an t‑iarratas a chur isteach go leictreonach. Beidh fianaise ag gabháil leis a léiríonn go bhfuil na coinníollacha atá leagtha amach i mír 3 á gcomhlíonadh.
3. Ní fhéadfar athnuachan clárú cineáil i gclár náisiúnta cineálacha a dheonú ach amháin, más rud é:
(a) tá fianaise leordhóthanach curtha isteach ag an iarratasóir go leanann an cineál de bheith ag comhlíonadh na gceanglas áirithe d’Airteagal 47(1); agus
(b) tá suite ag údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith gur ann do dhuine le haghaidh na cothabhála cineáil i gcomhréir le hAirteagal 72.
4. Féadfaidh an t‑údarás inniúil, ar a thionscnamh féin, clárú cineáil a athnuachan, má bhíonn éileamh mór ag na hoibreoirí gairmiúla agus feirmeoirí lena mbaineann air, nó dá mba cheart é a choinneáil chun acmhainní géiniteacha plandaí a chaomhnú, ar choinníoll nach bhfuil an cineál cosanta a thuilleadh le teideal ceart póraitheoirí plandaí i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2100/94, agus ar choinníoll nach raibh an cineál ar an liosta ar feadh dhá bhliain ar a laghad. [Leasú 253]
Airteagal 71
Baint de chláir náisiúnta cineálacha
1. Cinnfidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith cineál a bhaint den chlár náisiúnta cineálacha, más rud é:
(a) tagann sé ar an gconclúid, ar bhonn aon fhaisnéise nua, nach bhfuil na ceanglais chlárúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 47(1), á gcomhlíonadh a thuilleadh;
(b) ní íocann an t‑iarratasóir an táille atá leagtha síos ag an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagail 55, 59(4), 67(6) agus 69(3);
(c) iarrann an duine atá freagrach as cothabháil cineáil amhlaidh, dá dtagraítear in Airteagal 72, nó más rud é nach ndéanann an duine sin cothabháil ar an gcineál a thuilleadh nó más rud é nach bhfuil aon duine eile freagrach as a chothabháil a thuilleadh;
(d) níl an cineál á chothabháil a thuilleadh de bhun cheanglais Airteagal 72;
(e) tá an cineál á chothabháil i dtríú tír, nach bhfuil cúnamh soláthartha aici chun rialuithe ar an gcothabháil sin a dhéanamh de bhun Airteagal 72(7);
(f) tráth an iarratais, soláthraíodh sonraí bréagacha nó calaoiseacha a ndearnadh an clárú ar a mbonn;
(g) níl aon iarratas ar athnuachan curtha isteach faoin sprioc‑am dá dtagraítear in Airteagal 70(1) agus tá an tréimhse bhailíochta chlárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 69(1) imithe in éag.
2. Ar iarratas ón iarratasóir, féadfaidh an t‑údarás inniúil cead a thabhairt cineál, ar baineadh é den chlár náisiúnta cineálacha i gcomhréir le mír 1, pointe (g), a chur ar fáil ar an margadh i gcónaí go dtí an 30 Meitheamh den tríú bliain i ndiaidh bhaint an chineáil den chlár.
Cuirfear an t‑iarratas sin isteach tráth nach déanaí ná dáta éagtha na tréimhse bailíochta clárúcháin.
3. Tar éis é a bhaint de chlár náisiúnta cineálacha, dá dtagraítear i mír 1, bainfear an cineál lena mbaineann de chlár cineálacha an Aontais láithreach, mura bhfuil sé cláraithe in aon chlár náisiúnta cineálacha eile.
Airteagal 72
Cothabháil cineáil
1. Is é an t‑iarratasóir, nó aon duine eile a bhfuil fógra tugtha ina leith ag an iarratasóir don údarás inniúil, a dhéanfaidh cineálacha atá cláraithe i gclár náisiúnta cineálacha a chothabháil. Údaraíodh an t‑údarás inniúil an duine eile sin chun cothabháil a dhéanamh ar an gcineál, má chruthaíonn an duine sin a chumas i ndáil leis an gcúram sin, agus tarraingeoidh an t‑údarás inniúil an t‑údarú sin siar mura féidir leis an duine sin an cúram sin a dhéanamh a thuilleadh. Tabharfaidh an t‑iarratasóir fógra faoi ainm agus uimhir chlárúcháin an duine sin d’údarás inniúil an Bhallstáit.
2. Déanfar an chothabháil i gcomhréir le cleachtais aitheanta, a bhaineann, de réir a bheidh an cás, le géinis, speicis, nó sóirt chineálacha faoi leith.
3. Déanfaidh na daoine dá dtagraítear i mír 1 taifid a choinneáil maidir le cothabháil cineáil. Beidh an t‑údarás in ann, tráth ar bith, an chothabháil cineáil a sheiceáil trí na taifid sin a bhreathnú. Cuimseoidh na taifid sin táirgeadh ábhair réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh, dheimhnithe agus chaighdeánaigh, agus céimeanna den táirgeadh roimh ábhar réamhbhunúsach.
Soláthrófar sampla caighdeánach den chineál lena mbaineann don údarás inniúil arna iarraidh sin.
4. Déanfaidh an t‑údarás inniúil rialuithe ar an dóigh a bhfuil na cineálacha á gcothabháil, agus féadfaidh siad, chun na críche sin, samplaí de na cineálacha lena mbaineann a thógáil. Beidh minicíocht na rialuithe sin bunaithe ar dhóchúlacht neamhchomhlíontacht mhíreanna 1 go 3.
5. I gcás ina gcinnfidh údarás inniúil nach gcomhlíonann an duine atá freagrach as an gcothabháil cineáil forálacha mhír 1 go 3, tabharfaidh sé neart ama don duine sin gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh nó a iarraidh ar dhuine eile an chothabháil cineáil a dhéanamh. Mura ndéantar aon ghníomhaíocht den sórt sin laistigh den teorainn ama sin, bainfidh an t‑údarás inniúil an cineál den chlár náisiúnta cineálacha i gcomhréir le hAirteagal 71.
6. I gcás ina ndéantar cothabháil cineálacha i mBallstát seachas an Ballstát ar cláraíodh an cineál ina chlár náisiúnta, cuideoidh údaráis inniúla an dá Bhallstát a chéile na rialuithe cothabhála cineálacha a dhéanamh. Mura soláthraítear cúnamh den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta ama, nó má thagtar ar an gconclúid nach ndéantar an chothabháil cineáil i gcomhréir leis an Airteagal seo, bainfidh an t‑údarás inniúil sin an cineál den chlár náisiúnta cineálacha i gcomhréir le hAirteagal 71.
7. I gcás ina ndéantar cothabháil cineáil i dtríú tír, iarrfaidh údaráis inniúla an Bhallstáit, a bhfuil an cineál cláraithe ina chlár náisiúnta, ar údaráis an tríú tír cúnamh a thabhairt le haghaidh na rialuithe ar chothabháil cineáil, má bhí cothabháil den sórt sin faoi réir aithint na coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 39(5). Mura soláthraítear cúnamh den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta ama, nó má thagtar ar an gconclúid nach ndéantar an chothabháil cineáil i gcomhréir leis an Airteagal seo, bainfidh an t‑údarás inniúil sin an cineál den chlár náisiúnta cineálacha i gcomhréir le hAirteagal 71.
ROINN 5
COIMEÁD DOICIMÉADACHTA AGUS SAMPLAÍ
Airteagal 73
Doiciméadacht ar na cláir náisiúnta cineálacha
Coimeádfaidh údarás inniúil an Bhallstáit faoi leith taifead ar gach cineál atá cláraithe sa chlár náisiúnta cineálacha, taifead ina mbeidh:
(a) tuairisc oifigiúil nó tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil an chineáil;
(b) tuarascáil scrúdúcháin; agus
(c) aon tuarascáil scrúdúcháin chomhlántach de bhun Airteagal 64(4).
I gcás tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, ní bheidh sa chomhad ach an tuairisc sin agus na doiciméid a thacaíonn léi.
Airteagal 74
Samplaí de na cineálacha cláraithe
Coimeádfaidh na húdaráis inniúla samplaí de na cineálacha atá cláraithe sna cláir náisiúnta cineálacha agus cuirfidh siad iad ar fáil d’aon tríú páirtí arna iarraidh sin.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, méid na samplaí sin a shonrú, na rialacha lena n‑athsholáthar, i gcás ina mbíonn cainníocht an tsampla bhunaidh rótheoranta nó i gcás nach mbíonn sé leordhóthanach a thuilleadh de bharr a úsáide i scrúduithe eile, agus a gcur isteach chuig údaráis inniúla eile. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
CAIBIDIL V
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA
Airteagal 75
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar tarmligean na cumhachtaTabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 2(3), 7(3), 8(4), 10(2), 12(3), 15(5), 20(2), 22(2), 24(4), 27(3), 30a, 33(1) agus (3), 38(1) agus (2), 46(2), 47(3), 52(3), 54(4), 61(3) agus 62(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5cúig bliana ó dháta theachtón ... [dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an Rialacháin seo]. [Leasú 254]
Déanfar síneadh a chur le tarmligean na cumhachta go hintuigthe go ceann tréimhsí 5 bliana, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an tsínithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse. Tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil i leith tharmligean na cumhachta tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na chéad tréimhse 5 bliana.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 2(3), 7(3), 8(4), 10(2), 12(3), 15(5), 20(2), 22(2), 24(4), 27(3), 30a, 33(1) agus (3), 38(1) agus (2), 46(2), 47(3), 52(3), 54(4), 61(3) agus 62(1) a chúlghairm tráth ar bith. Maidir leDéanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfidh sé deireadh a chur le tarmligean na cumhachta a shonraítearatá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. [Leasú 255]
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 2(3), 7(3), 8(4), 10(2), 15(5), 20(2), 22(2), 24(4), 27(3), 30a, 33(1) agus (3), 38(1) agus (2), 46(2), 47(3), 52(3), 54(4), 61(3) agus 62(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomhaíocht sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. [Leasú 256]
Airteagal 76
Nós imeachta coiste
1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(33). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh nó go n‑iarrann tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in éineacht le hAirteagal 5 dá chuid freisin.
CAIBIDIL VI
TUAIRISCIÚ, PIONÓIS AGUS LEASUITHE AR RIALACHÁIN (AE) 2016/2031, 2017/625 AGUS 2018/848
Airteagal 77
Tuairisciú
1. Faoi … [5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoin méid seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:
(a) cainníochtaí PRM deimhnithe agus caighdeánach agus limistéir a úsáidtear le hiad a tháirgeadh in aghaidh na bliana agus an speicis in éineacht le sonraíocht i ndáil leis na cainníochtaí a úsáidtear le haghaidh cineálacha orgánacha atá oiriúnach don táirgeadh orgánach; [Leasú 257]
(b) cainníochtaí PRM d’ábhar ilchineálach arna mhargú agus limistéir a úsáidtear lena dtáirgeadh in aghaidh na bliana;
(c) cainníochtaí PRM de chineálacha caomhantais arna margú in aghaidh na bliana agus an speicis;
(d) an líon oibreoirí gairmiúla a bhfuil na maoluithe á n‑úsáid acu chun margú d’úsáideoirí deiridh i gcomhréir le hAirteagal 28, na speicis lena mbaineann agus cainníochtaí iomlána PRM in aghaidh an speicis; [Leasú 258]
(e) an líon banc géinte, eagraíochtaí chaomhnaithe agus líonraí ag a bhfuil cuspóir reachtúil nó cuspóir dearbhaithe eile chun acmhainní géiniteacha plandaí a chaomhnú, i gcomhréir le hAirteagal 29, agus speicis lena mbaineann; [Leasú 259]
(f) na cainníochtaí mar a shainmhínítear in aghaidh an speicis le haghaidh na síolta a ndéantar malartuithe comhchineáil díobh idir feirmeoirí, i gcomhréir le hAirteagal 30; [Leasú 260]
(g) na cainníochtaí arna n‑údarú in aghaidh an speicis le haghaidh PRM atá beartaithe le haghaidh tástálacha agus triallacha chun cineálacha nua a phórú, i gcomhréir le hAirteagal 31; [Leasú 261]
(h) cainníochtaí PRM in aghaidh an ghéinis agus an speicis ar cuireadh Airteagal 33(4) i bhfeidhm maidir leo;
(i) cainníochtaí PRM in aghaidh an ghéinis agus an speicis arna n‑allmhairiú ó thríú tíortha, i gcomhréir le hAirteagal 39;
(j) pionóis arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 78;
(k) an líon oibreoirí gairmiúla atá bunaithe ina gcríoch;
(ka) an dul chun cinn atá déanta maidir le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha plandaí le haghaidh bia agus talmhaíochta, i.e. trí líon na n-eintiteas a thug fógra faoin úsáid a bhaineann siad as Airteagal 29 agus sonraí gaolmhara eile. [Leasú 331]
2. Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú a dhéantar de bhun mhír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 76(2).
Airteagal 78
Pionóis
1. DéanfaidhLeagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineannmaidir leis na pionóis is infheidhme maidir lei leith sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beartna bearta uile is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhmegcuirtear i bhfeidhm iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach, coisctheach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin gan mhoill agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. [Leasú 262]
2. Áiritheoidh na Ballstáit, go bhfuil pionóis airgeadais i leith sáruithe ar an Rialachán seo, arna ndéanamh trí chalaois cothrom, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leis an buntáiste eacnamaíoch faighte don oibreoir gairmiúil ar a laghad nó le céatadán de láimhdeachas an oibreora ghairmiúil.
Airteagal 79
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/2031
In Airteagal 37 de Rialachán (AE) 2016/2031, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"
‘4. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, bearta a leagan amach chun láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais a chosc ar na plandaí lena mbaineann le haghaidh plandú, amhail dá dtagraítear in Airteagal 36, pointe (f). Bainfidh na bearta sin, mar is iomchuí, le tabhairt isteach agus le gluaiseacht na bplandaí sin laistigh den Aontas.’
"
Airteagal 80
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/625
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 mar a leanas:
(1) in Airteagal 1, mír 2, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"
‘(k) táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí.;’
"
(2) in Airteagal 3, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"
“(52) ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe plandaí’ ábhar atáirgthe plandaí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*)+’;
_________
(*) Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle …. (IO …, lch. …). [téann an fonóta a bheidh sa Rialachán sin anseo]
[+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin seo agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.]”
"
(3) cuirtear isteach an t‑airteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 22:"
‘Airteagal 22a
Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht arna déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le hábhar atáirgthe plandaí
1. Ar na rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (k) a fhíorú, áireofar rialuithe oifigiúla maidir le hábhar atáirgthe plandaí, oibreoirí agus daoine eile atá faoi réir na rialacha sin.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144, d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ábhar atáirgthe plandaí chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (k) a fhíorú, ar rialacha iad a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearraí sin agus maidir le gníomhaíocht atá le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndiaidh na rialuithe oifigiúla sin a bheith déanta.
Leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe sin, rialacha maidir le ceanglais shonracha maidir le feidhmíocht rialuithe oifigiúla den sórt sin i ndáil leis an méid seo a leanas:
(a)
ábhar atáirgthe plandaí a allmhairiú isteach san Aontas, agus é a mhargú san Aontas, ábhar atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (k) a mhéid a bhaineann lena aitheantas agus lena cháilíocht, agus
(b)
ceanglais shonracha maidir le feidhmíocht rialuithe oifigiúla den sórt sin ar ghníomhaíochtaí oibreoirí le linn táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise áirithe atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (k).
3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ábhar atáirgthe plandaí chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (k) a fhíorú, ar rialacha iad a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearraí sin agus maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla i ndiaidh rialuithe oifigiúla den sórt sin, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin, i gcás inar gá íosleibhéal rialaithe oifigiúil chun freagairt do rioscaí aonfhoirmeacha aitheanta maidir le neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le hábhar atáirgthe plandaí de thionscnamh nó bunáitíocht faoi leith;
(b)
minicíocht aonfhoirmeach na rialuithe oifigiúla a dhéanann údaráis inniúla ar oibreoirí atá údaraithe chun deimhniú a dhéanamh faoi mhaoirseacht oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (AE) …/…++
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
_________
++ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin seo.
4. Chun críocha Airteagal 30, ceadófar roinnt cúraimí a bhaineann le rialú oifigiúil, dá dtagraítear san Airteagal seo, a tharmligean chuig duine nádúrtha amháin nó níos mó.;’
"
(4) in Airteagal 40(1), cuirtear isteach an pointe a leanas:"
‘(c) saotharlanna atá creidiúnaithe ag an gComhlachas Idirnáisiúnta um Thástáil Síolta chun anailísí, tástálacha agus diagnóis a dhéanamh ar shamplaí síolta.’
"
Airteagal 81
Leasú ar Rialachán (AE) 2018/848
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:
(1) Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (17):"
“(17)ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe plandaí’ ábhar atáirgthe plandaí mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(*)+;’;
____________
(*) Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle …. (IO …, lch. …). [téann an fonóta a bheidh sa Rialachán sin anseo]
[+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin seo agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.]”
"
(b) cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (18):"
“(18)ciallaíonn ‘ábhar ilchineálach orgánach’ ábhar ilchineálach mar a shainmhínítear in Airteagal 3(27) de Rialachán (AE) …/…(*)++, arna tháirgeadh i gcomhréir leis an Rialachán seo;’
____________
(*) Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle …. (IO …, lch. …). [téann an fonóta a bheidh sa Rialachán sin anseo]
[++ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin seo.]”
"
(2) Scriostar Airteagal 13.
(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Phointe 1.8.4. de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848: ‘Déanfar na cleachtais iolrúcháin uile, seachas saothráin fíocháin plandaí, saothráin chille, geirmphlasma, míristéama, clóin chiméaracha, ábhar micriomadaithe, faoi bhainistíocht orgánach dheimhnithe’. [Leasú 263]
Déanfar tagairtí do na gníomhartha aisghairthe sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn VIII.
Airteagal 83
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó … [36 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Mar sin féin,
(a) Beidh feidhm ag Airteagal 40(4) ó 3 lá tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo;
(b) Beidh feidhm ag Airteagal 52 ón ... [60 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] i gcás na speiceas, ar choinníoll go bhfuil na ceanglais scrúdaithe, na modheolaíochtaí agus na caighdeáin faoi seach chun measúnú a dhéanamh ar na saintréithe a liostaítear i gCodanna B agus C d’Iarscríbhinn Ibpointí (a) go (gb) den dara fomhír d’Airteagal 52(1) ann. Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. [Leasú 264]
Arna dhéanamh sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN I
GÉINIS AGUS SPEICIS, AGUS A nÚSÁIDÍ LENA mBAINEANN, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 2
CUID A
Géinis agus speicis atá le húsáid chun barra talmhaíochta, seachas glasraí, a tháirgeadh
Agrostis canina L.
Agrostis capillaris L.
Agrostis gigantea Roth
Agrostis stolonifera L.
Alopecurus pratensis L.
Arachis hypogaea L.
Arrhenatherum elatius (L.) P. Beauv. ex J. Presl & C. Presl
Avena nuda L.
Avena sativa L. (ina bhfuil A. byzantina K. Koch)
Avena strigosa Schreb.
Beta vulgaris L. partim
Biserrula pelecinus L.
Brassica juncea (L.) Czern.
Brassica napus L. var. napobrassica (L.) Rchb.
Brassica napus L. var. napus
Brassica nigra (L.) W.D.J. Koch
Brassica oleracea L. convar. acephala (DC.) Alef. var. medullosa Thell. + var. varidis L.
Brassica rapa L. var. silvestris (Lam.) Briggs
Bromus catharticus Vahl
Bromus sitchensis Trin.
Cannabis sativa L.
Carthamus tinctorius L.
Carum carvi L.
Cynodon dactylon (L.) Pers.
Dactylis glomerata L.
Festuca arundinacea Schreber
Festuca filiformis Pourr
Festuca ovina L.
Festuca pratensis Huds.
Festuca rubra L.
Festuca trachyphylla (Hack.) Krajina
Galega orientalis Lam.
Glycine max (L.) Merr. partim
Gossypium spp.
Hedysarum coronarium L.
Helianthus annuus L.
Hordeum vulgare L.
Lathyrus cicera L.
Linum usitatissimum L.
Lolium multiflorum Lam.
Lolium perenne L.
Lolium x hybridum Hausskn
Lotus corniculatus L.
Lupinus albus L.
Lupinus angustifolius L.
Lupinus luteus L.
Medicago doliata Carmign.
Medicago italica (Mill.) Fiori
Medicago littoralis Rohde ex Loisel.
Medicago lupulina L.
Medicago murex Willd.
Medicago polymorpha L.
Medicago rugosa Desr.
Medicago sativa L.
Medicago sativa L. nothosubsp. varia (Martyn) Arcang.
Medicago scutellata (L.) Mill.
Medicago truncatula Gaertn.
Onobrychis viciifolia Scop.
Ornithopus compressus L.
Ornithopus sativus Brot.
Oryza sativa L.
Papaver somniferum L.
Phacelia tanacetifolia Benth.
Phalaris aquatica L.
Phalaris canariensis L.
Phleum nodosum L.
Phleum pratense L.
Pisum sativum L. partim
Plantago lanceolata L.
Poa annua L.
Poa nemoralis L.
Poa palustris L.
Poa pratensis L.
Poa trivialis L.
Raphanus sativus L. var. oleiformis Pers.
Secale cereale L.
Sinapis alba L.
Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor
Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. bicolor x Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse
Sorghum bicolor (L.) Moench subsp. drummondii (Steud.) de Wet ex Davidse
Trifolium alexandrinum L. Berseem
Trifolium fragiferum L.
Trifolium glanduliferum Boiss.
Trifolium hirtum All.
Trifolium hybridum L.
Trifolium incarnatum L.
Trifolium isthmocarpum Brot.
Trifolium michelianum Savi
Trifolium pratense L.
Trifolium repens L.
Trifolium resupinatum L.
Trifolium squarrosum L.
Trifolium subterraneum L.
Trifolium vesiculosum Savi
Trigonella foenum-graecum L.
Trisetum flavescens (L.) P. Beauv.
Triticum aestivum L. subsp. aestivum
Triticum aestivum L. subsp. spelta (L.) Thell.
Triticum turgidum L. subsp. durum (Desf.) van Slageren
Vicia benghalensis L.
Vicia faba L. partim
Vicia pannonica Crantz
Vicia sativa L.
Vicia villosa Roth
xFestulolium Asch. & Graebn
xTriticosecale Wittm. ex A. Camus
Zea mays L. partim
Cicer arietinum
Camelina sativa
Fagopyrum esculentu
Lens culinaris
Triticum monococcum
Chenopodium quinoa
Vicia ervilia
Vicia narbonensis
Tritordeum
Lathyrus sativus
Eragrostis tef
Ceratonia siliqua [Leasú 265]
CUID B
Géinis agus speicis atá le húsáid chun glasraí a tháirgeadh
Allium cepa L.
Allium fistulosum L.
Allium porrum L.
Allium sativum L.
Allium schoenoprasum L.
Anthriscus cerefolium (L.) Hoffm.
Apium graveolens L.
Asparagus officinalis L.
Beta vulgaris L. partim
Brassica oleracea L. partim
Brassica rapa L. partim
Capsicum annuum L.
Cichorium endivia L.
Cichorium intybus L.
Citrullus lanatus (Thunb.) Matsum. et Nakai
Cucumis melo L.
Cucumis sativus L.
Cucurbita maxima Duchesne
Cucurbita pepo L.
Cynara cardunculus L.
Daucus carota L.
Foeniculum vulgare Mill.
Lactuca sativa L.
Petroselinum crispum (Mill.) Nyman ex A. W. Hill
Phaseolus coccineus L.
Phaseolus vulgaris L.
Pisum sativum L. partim
Raphanus sativus L. partim
Rheum rhabarbarum L.
Salvia hispanica. [Leasú 266]
Scorzonera hispanica L.
Solanum lycopersicum L.
Solanum melongena L.
Spinacia oleracea L.
Valerianella locusta (L.) Laterr.
Vicia faba L. partim
Zea mays L. partim
Hibridí a eascraíonn as crosphórú na speiceas dá dtagraítear sa Chuid seo.
CUID C
Géinis agus speicis atá le húsáid chun plandaí torthaí a tháirgeadh
Castanea sativa Mill.
Citrus L.
Corylus avellana L.
Cydonia oblonga Mill.
Ficus carica L.
Fortunella Swingle
Fragaria L.
Juglans regia L.
Malus Mill.
Olea europaea L.
Pistacia vera L.
Poncirus Raf.
Prunus amygdalus Batsch
Prunus armeniaca L.
Prunus avium (L.) L.
Prunus cerasus L.
Prunus domestica L.
Prunus persica (L.) Batsch
Prunus salicina Lindley
Pyrus L.
Ribes L.
Rubus L.
Vaccinium L.
CUID D
Géinis agus speicis atá le húsáid chun fíniúin a tháirgeadh
Vitis L.
CUID E
Géinis agus speicis atá le húsáid chun prátaí a tháirgeadh
Solanum tuberosum L.
IARSCRÍBHINN II
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOLTA AGUS LE hÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH AGUS DEIMHNITHE A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 7
CUID A
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOLTA RÉAMHBHUNÚSACHA, BUNÚSACHA AGUS DEIMHNITHE DE SPEICIS TALMHAÍOCHTA AGUS GHLASRAÍ A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ
1. Ceanglais ghinearálta maidir le síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe a tháirgeadh
A. Síolú nó plandú:
(a) Cineál an tsíl arna shíolrú, lena n‑áirítear i gcás inarb infheidhme máithairphlandaí, sainaithneofar é trí lipéad oifigiúil nó trí lipéad arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, agus déanfar é a thaifeadadh chun a inrianaitheacht a áirithiú. Déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil an lipéad, nó na taifid faoin máthairphlanda, a choinneáil go dtí go n‑eiseofar lipéad oifigiúil an tsíl atá á mhargú.
(b) Beidh an churaíocht a bheidh déanta roimhe ar an bpáirc comhoiriúnach do shíol an speicis a tháirgeadh, do chineál agus do chatagóir an bhairr, agus beidh an pháirc sách saor ó na plandaí sin, a d’fhéadfadh a bheith ann fós ó churaíocht a rinneadh roimhe (plandaí neamhshaothraithe).
(c) Déanfar na máithairphlandaí nó síolta a phlandú agus/nó a shíolú ar bhealach, lena ndearbhófar an méid seo a leanas:
(i) go mbeidh dóthain faid idir iad agus foinsí pailine den speiceas céanna agus/nó de chineálacha difriúla, ó aon phailniú coimhthíoch neamh‑inmhianaithe, chun trasphailniú le barra eile a sheachaint, i gcás inarb infheidhme; agus
(ii) go mbeidh foinse iomchuí agus leibhéal iomchuí pailnithe ann chun an t‑atáirgeadh ina dhiaidh sin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme.
(d) Déanfar cigireacht ar cháilíocht na hithreach, na substráití, na máithairphlandaí agus na garthimpeallachta chun a sheachaint go mbeadh lotnaidí nó a veicteoirí ann, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031.
(e) Déanfar cigireacht ar na meaisíní agus ar aon trealamh a úsáidtear, agus bainfear amach fiaile nó síol ó speicis nó ó chineálacha eile.
(f) I gcás inarb iomchuí, déanfar táirgeadh na síolta ar leithligh ó shaothrú na síolta a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis chéanna atá ceaptha chun bia nó beatha a tháirgeadh, chun comhlíonadh na gceanglas, nach infheidhme ach amháin maidir leis an PRM lena mbaineann, a áirithiú.
(g) I gcás inarb infheidhme, féadfar an t‑iomadú in vitro a úsáid freisin chun síolta a atáirgeadh.
B. Saothrú sna goirt:
(a) Maidir le plandaí de speicis eile, de chineálacha eile, ar cuma eisíontais chineáil atá orthu, ar léir iad a bheith difriúil leis an gcineál ó thaobh aon saintréith amháin nó níos mó de i dtaca leis an tuairisc ar an gcineál (‘seach‑tíopa’), sa pháirc, áiritheofar go mbeidh na plandaí sin in easnamh. I gcás nach mbeidh sé sin indéanta de dheasca shaintréithe an speicis lena mbaineann, beidh siad ann go dtí an leibhéal is ísle is féidir.
I gcás ina mbeidh seach‑tíopanna nó speicis eile plandaí nó cineálacha eile ann le linn na céime saothraithe, nó le linn na próiseála síolta, cuirfear cóireáil agus/nó díothú iomchuí i bhfeidhm chun sainaitheantas agus íonacht chineáil an tsíl a áirithiú, agus chun a sheachaint go mbeadh aon speiceas neamh‑inmhianaithe ann.
(b) Déanfar na plandaí a chóireáil nó a eisiamh mar fhoinse PRM i gcás ina dtabharfaidh torthaí dearfacha tástála nó comharthaí amhairc le fios go bhfuil lotnaidí orthu, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031, nó máchailí.
(c) Déanfar PRM, lena n‑áirítear máthairphlandaí más infheidhme, a chothabháil ar bhealach a áiritheoidh aitheantas an chineáil. Beidh an chothabháil sin bunaithe ar an tuairisc oifigiúil nó ar an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil maidir leis an gcineál.
(d) Le linn gach céime táirgthe déanfar na máithairphlandaí a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann síolta a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint de réir na tuairisce oifigiúla ar a gcineál.
(e) Déanfar cigireacht oifigiúil ar na barra uile sa pháirc nó beidh siad faoi mhaoirseacht oifigiúil ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha, de réir mar is iomchuí, i gcás na speiceas lena mbaineann chun na ceanglais lena mbaineann a fhíorú. Beidh na modhanna le haghaidh cigireachtaí i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme. Mura mbeidh sé indéanta plandaí neamhchomhlíontacha a bhaint nó a dheighilt le linn na céime fáis, aischuirfear an pháirc iomlán ó thaobh táirgeadh síolta de, ach amháin i gcás inar féidir na síolta neamh‑inmhianaithe a dheighilt go meicniúil tráth níos déanaí.
C. Buaint agus iarbhuaint:
(a) Buainfear an síol i mbulc nó mar phlandaí aonair, de réir mar is iomchuí, chun a shainaitheantas agus a íonacht agus inrianaitheacht cheart a áirithiú.
(b) Tógfar sampla síl de gach luchtóg shéalaithe. Méid an tsampla agus an dlús, trealamh agus modh samplála, beidh siad iomchuí i gcás na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.
(c) Beidh na samplaí síl uile faoi réir na tástála saotharlainne, chun comhlíonadh na gceanglas cáilíochta a áirithiú i gcás na speiceas lena mbaineann. Déanfar an tástáil saotharlainne i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme. Áireofar leis an tástáil, i gcás inarb iomchuí, atástáil an ráta phéactha tar éis tréimhse áirithe is iomchuí don speiceas lena mbaineann.
(d) Na luchtóga síolta uile a bhaineann leis an gcatagóir réamhbhunúsach, bhunúsach, nó leis an gcatagóir dheimhnithe má úsáidfear an síol chun tuilleadh glún síolta a tháirgeadh, agus má bhaineann 5 % ar a laghad de na luchtóga síolta le catagóir dheimhnithe nach ndéanfar a iolrú a thuilleadh, tá siad faoi réir tástála ar dháileacht talún chóimheasa ag an oibreoir, faoi mhaoirseacht oifigiúil, chun a fhíorú go gcomhlíonfar an méid seo a leanas:
(i) a sainaitheantas cineáil;
(ii) caighdeáin na híosíonachta cineáil; agus
(iii) na ceanglais maidir le sláinte plandaí.
Luchtóga síolta a bhaineann leis an gcatagóir réamhbhunúsach, bhunúsach, nó dheimhnithe, beidh siad faoi réir tástáil iar‑rialaithe oifigiúil rioscabhunaithe chun comhlíonadh na gceanglas roimhe a fhíorú. Is go hoifigiúil a thógfar na samplaí a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha iar‑rialaithe oifigiúla.
Déanfar an tástáil ar dháileacht talún chóimheasa i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.
Féadfar úsáid a bhaint as modhanna bith‑mhóilíneacha iomchuí.
2. Ceanglais maidir le síolta a mhargú
Comhlíonfaidh an síol na ceanglais cháilíochta uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis agus ar an gcatagóir lena mbaineann:
(a) beidh péacadh íosta aige chun go mbeidh líon iomchuí plandaí in aghaidh an mhéadair chearnógaigh ann tar éis síolú, agus dá dheasca sin chun an táirgeacht agus cáilíocht na táirgeachta a dhaingniú;
(b) beidh cion uasta de shíol crua ann le go mbeidh líon iomchuí plandaí in aghaidh an mhéadair chearnógaigh ann;
(c) beidh íonacht íosta ann chun an leibhéal is airde de shainaitheantas cineáil a dhaingniú;
(d) beidh cion uasta taise ann chun caomhnú an ábhair a áirithiú le linn a phróiseála, a stórála agus a chur ar fáil ar an margadh;
(e) beidh cion uasta síolta de ghéinis nó de speicis eile ann chun an láithreacht is ísle de phlandaí neamh‑inmhianaithe a luchtóg a áirithiú;
(f) beidh spreacadh íosta, toise shainithe, agus grádú sonrach aige chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh síolú nó plandú a áirithiú;
(g) beidh méid uasta ithreach nó ábhair choimhthíoch ann chun cleachtais chalaoiseacha agus neamhíonachtaí teicniúla a chosc; agus
(h) beidh sé saor ó mháchailí sonracha agus ó dhamáistí chun cáilíocht agus sláinte an ábhair a áirithiú.
CUID B
CEANGLAIS MAIDIR LE hÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH AGUS DEIMHNITHE DE SPEICIS TALMHAÍOCHTA AGUS GHLASRAÍ AGUS PLANDAÍ TORTHAÍ A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ [Leasú 267]
1. Ceanglais ghinearálta maidir le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a tháirgeadh
A. Síolú nó plandú:
(a) Sainaitheantas an ábhair, lena n‑áirítear, i gcás inarb infheidhme máithairphlandaí nó síol arna shíolrú, cinnfear é trí lipéad oifigiúil nó trí lipéad arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil, agus déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil é a thaifeadadh chun a inrianaitheacht a áirithiú. Déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil lipéad an ábhair, tar éis mhargú an ábhair sin, nó na taifid faoin máthairphlanda, a choimeád.
(b) Déanfar an t‑ábhar a phlandú ar bhealach:
(i) go gcoinneofar an t‑ábhar réamhbhunúsach ar bun i saoráidí lena n‑áiritheofar saoirse ó ionfhabhtú trí veicteoirí aeir agus trí aon fhoinse fhéideartha eile ar feadh an phróisis táirgthe;
(ii) go mbeidh dóthain faid idir é agus plandaí de na géinis nó de na speicis chéanna, arna chinneadh ar bhonn saintréithe luibheolaíocha agus teicnící pórúcháin gach speicis, agus de réir mar is iomchuí i gcás chatagóir an ábhair, chun cosaint ar aon phailniú coimhthíoch neamh‑inmhianaithe a áirithiú agus chun trasphailniú le barra eile a sheachaint; agus
(iii) go mbeidh dlús plandaithe leormhaith chun go bhféadfar breathnú ar phlandaí go haonarach.
(c) I gcás inarb iomchuí, déanfar saothrú an ábhair ar leithligh ó shaothrú ábhair a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis chéanna atá ceaptha chun críoch bia nó beatha.
B. Saothrú sna goirt:
(a) Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, coimeádfar ábhar iomadaithe agus plandaithe ar leithligh ó chéile.
(b) PRM a chomhlíonann na ceanglais maidir le catagóir áirithe, ní mheascfar le hábhar catagóirí eile é.
(c) Déanfar diúscairt ar sheach‑tíopaí agus ar phlandaí damáistithe nó míchumtha ag na céimeanna saothraithe uile.
(d) Déanfar máithairphlandaí a chóireáil nó a eisiamh mar fhoinse PRM i gcás ina dtabharfaidh torthaí dearfacha tástála nó comharthaí amhairc le fios go bhfuil lotnaidí orthu, nó comharthaí amhairc le fios go bhfuil lotnaidí orthu, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 nó máchailí.
(e) Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, déanfar na máithairphlandaí a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann PRM a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an tuairisc oifigiúil nó an tuairisc ar a gcineál atá aitheanta go hoifigiúil. I gcás nach mbainfidh máithairphlandaí le cineál, fíorú sin na comhlíontachta leis an tuairisc oifigiúil nó leis an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, bainfidh sé leis na speicis lena mbaineann na máithairphlandaí sin.
(f) Déanfar cigireacht ar mháithairphlandaí ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.
(g) Sa sampla a bheidh le tarraingt ó luchtóg beidh an t‑íosmhéid iomchuí chun a chinneadh go comhlíontar na ceanglais cháilíochta i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann. Dlús, trealamh agus modh na samplála, beidh siad iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.
(h) Déanfar an tástáil i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, chun a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais cháilíochta.
C. Buaint agus iarbhuaint i gcás speiceas agus géineas a bhaineann le Cuid E d’Iarscríbhinn I (prátaí síl):
(a) Buainfear an t‑ábhar i mbulc nó mar phlandaí aonair, de réir mar is iomchuí, chun a shainaitheantas, a shláinte agus a inrianaitheacht a áirithiú.
(b) Tógfar sampla tiúbar de gach luchtóg shéalaithe. Méid an tsampla agus an dlús, trealamh agus modh samplála, beidh siad iomchuí i gcás na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.
(c) Beidh na samplaí tiúbar uile faoi réir na tástála saotharlainne, chun comhlíonadh na gceanglas cáilíochta agus fíteashláintíoch a áirithiú i gcás na speiceas lena mbaineann. Déanfar an tástáil saotharlainne i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.
(d) Na luchtóga uile a bhaineann leis an gcatagóir réamhbhunúsach nó bhunúsach, agus ar a laghad 5 % de na luchtóga a bhaineann le catagóir dheimhnithe, beidh siad faoi réir tástála ar dháileacht talún chóimheasa ag an oibreoir, faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, chun a fhíorú go gcomhlíonfar an méid seo a leanas:
(i) a sainaitheantas cineáil;
(ii) caighdeáin na híosíonachta cineáil;
(iii) a n‑inniúlacht péactha;
(iv) na ceanglais maidir le sláinte plandaí.
Luchtóga a bhaineann leis an gcatagóir réamhbhunúsach, bhunúsach, nó dheimhnithe, beidh siad faoi réir tástáil iar‑rialaithe oifigiúil rioscabhunaithe chun comhlíonadh na gceanglas roimhe a fhíorú. Is go hoifigiúil a thógfar na samplaí a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha iar‑rialaithe oifigiúla.
Déanfar an tástáil ar dháileacht talún chóimheasa i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.
Féadfar úsáid a bhaint as modhanna bith‑mhóilíneacha iomchuí.
2. Ceanglais maidir le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a mhargú
Comhlíonfaidh an t‑ábhar na ceanglais uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis agus ar an gcatagóir lena mbaineann:
(a) beidh spreacadh íosta nó ráta péactha, toise shainithe, agus, i gcás inarb infheidhme, grádú sonrach aige, chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh plandú a áirithiú;
(b) ní mór dóibh a bheith saor ó mháchailí, geall leis.
CUID C
CEANGLAIS MAIDIR LE CLÓIN ROGHNAITHE, MEASCÁIN ILCHLÓNACHA AGUS PRM POLACLÓNACH D’ÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH AGUS DEIMHNITHE A THÁIRGEADH, A CHLÁRÚ AGUS A MHARGÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 9 (1) [Leasú 268]
1. Ceanglais maidir le táirgeadh clón roghnaithe, meascán ilchlónach agus PRM polaclónach réamhbhunúsaigh, bhunúsaigh agus dheimhnithe [Leasú 269]
A. Plandú:
(a) Sainaitheantas an chlóin roghnaithe, an mheascáin ilchlónaigh nó an PRM pholaclónaigh, cinnfear é trí lipéad oifigiúil nó trí lipéad arna eisiúint ag an oibreoir gairmiúil agus déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil é a thaifeadadh chun a inrianaitheacht a áirithiú. Lipéad an ábhair, nó na taifid ar na máithairphlandaí lena mbaineann chun gach clón roghnaithe a tháirgeadh agus na géinitíopaí lena mbaineann chun an PRM polaclónach a tháirgeadh, coimeádfaidh an t‑oibreoir gairmiúil iad tar éis mhargú an PRM sin. [Leasú 270]
(b) Déanfar an t‑ábhar a phlandú ar bhealach:
(i) go mbeidh dóthain faid idir é agus plandaí de na géinis nó de na speicis chéanna, arna chinneadh ar bhonn saintréithe luibheolaíocha i gcás gach speiceas agus de réir mar is iomchuí i gcás chatagóir an ábhair, chun cosaint ar aon phailniú coimhthíoch neamh‑inmhianaithe a áirithiú agus chun trasphailniú le barra eile a sheachaint; [Leasú 271]
(ii) go mbeidh dlús plandaithe leormhaith chun go bhféadfar breathnú ar gach planda go haonarach.
(c) I gcás inarb iomchuí, déanfar saothrú an ábhair ar leithligh ó shaothrú ábhair a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis chéanna atá ceaptha chun críoch bia nó beatha.
B. Saothrú sna goirt:
(a) Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, coimeádfar ábhar iomadaithe agus plandaithe ar leithligh ó chéile.
(b) Ábhar atáirgthe a chomhlíonann na ceanglais maidir le catagóir áirithe, ní mheascfar le hábhar catagóirí eile é.
(c) Déanfar diúscairt ar sheach‑tíopaí agus ar phlandaí damáistithe nó míchumtha ag na céimeanna saothraithe uile chun sainaitheantas agus íonacht chineáil a áirithiú, nó, i gcás na bhfréamhstoc nach mbaineann le cineál, chun fíre shainaitheantas an speicis, agus an táirgeadh éifeachtúil a áirithiú.
(d) Déanfar na máithairphlandaí agus na géinitíopaí lena mbaineann a eisiamh mar fhoinse PRM i gcás máchailí. [Leasú 272]
(e) Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, déanfar na máithairphlandaí agus na géinitíopaí lena mbaineann a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann PRM a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an tuairisc oifigiúil nó an tuairisc ar a gcineál atá aitheanta go hoifigiúil. I gcás nach mbainfidh máithairphlandaí le cineál, fíorú sin na comhlíontachta leis an tuairisc oifigiúil nó leis an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, bainfidh sé leis na speicis lena mbaineann na máithairphlandaí sin. [Léasu 273]
(f) Déanfar cigireacht ar mháithairphlandaí ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.
(g) Sa sampla a bheidh le tarraingt ó luchtóg beidh an t‑íosmhéid iomchuí chun a chinneadh go comhlíontar na ceanglais cháilíochta i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann. Dlús, trealamh agus modh na samplála, beidh siad iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.
(h) Déanfar an tástáil i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, chun a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais cháilíochta.
(i) I gcás meascáin ilchlónacha, déanfar meascán na gclón roghnaithe lena gcomhdhéantar an meascán ilchlónach roimh phacáistiú críochnaitheach an PRM sin agus áireofar leis an meascán comhréireanna comhionanna de na clóin roghnaithe lena gcomhdhéantar an meascán ilchlónach. [Leasú 274]
(j) I gcás PRM polaclónach, déanfar meascán na ngéinitíopaí lena gcomhdhéantar an PRM polaclónach roimh phacáistiú críochnaitheach an PRM sin agus áireofar leis an meascán comhréireanna comhionanna de na géinitíopaí uile lena gcomhdhéantar an PRM polaclónach. [Leasú 275]
(a) Cuirfidh an t‑iarratasóir iarratas faoi bhráid an údaráis inniúil lena dtabharfar le fios:
(i) an speiceas agus, de réir mar is infheidhme, an cineál lena mbaineann an clón roghnaithe, an meascán ilchlónach nó an PRM polaclónach, lena ndéanfar an cineál a chlárú i gclár cineálacha náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44;
(ii) an ainmníocht bheartaithe agus na comhchiallaigh;
(iii) i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar chomhdhéanamh an mheascáin ilchlónaigh nó an PRM pholaclónaigh;
(iv) i gcás inarb infheidhme, cothabhálaí an chlóin roghnaithe, an mheascáin ilchlónaigh nó an PRM pholaclónaigh;
(v) tagairt don tuairisc ar phríomh‑shaintréithe an chineáil lena mbaineann an clón roghnaithe, an meascán ilchlónach nó an PRM pholaclónaigh;
(vi) tuairisc ar phríomh‑shaintréithe VSCU an chlóin, an mheascáin ilchlónaigh nó PRM pholaclónaigh roghnaithe;
(vii) breisiú géiniteach measta an chlóin, an mheascáin ilchlónaigh nó PRM pholaclónaigh roghnaithe i ndáil le feidhmíocht fhoriomlán an chineáil ábhartha;
(viii) faisnéis ar cibé acu atá nó nach bhfuil an clón, an meascán ilchlónach nó PRM polaclónaigh roghnaithe cláraithe i gclár de chuid Ballstáit eile cheana féin.
(b) Comhlíonfaidh an clón, an meascán ilchlónach nó PRM polaclónach roghnaithe na ceanglais seo a leanas de réir mar is iomchuí i gcás an ábhair lena mbaineann chun go gclárófar é:
(i) roghnófar PRM polaclónach i dtriail allamuigh aonair cineál ina mbeidh sampla ionadaíoch d’éagsúlacht ghéiniteach fhoriomlán an chineáil de réir dearadh turgnamhach bunaithe ar mhodhanna a nglactar leo go hidirnáisiúnta. I gcás PRM polaclónach d’fhíniúin, beidh an dearadh sin bunaithe ar mhodhanna atá forordaithe ag an Eagraíocht idirnáisiúnta um fhíniúin agus um fhíon;
(ii) i gcás ábhar iomadaithe fíniúna, idir 7 agus 20 géinitíop sainiúil a bheidh sa PRM polaclónach;
(iii) fíre an chlóin roghnaithe, gach clóin roghnaithe den mheascán ilchlónach, gach géinitíop de PRM polaclónach le sainaitheantas an chineáil, áiritheofar í trí bhreathnú ar na saintréithe feinitíopacha agus, i gcás inarb iomchuí, tríd an anailís mhóilíneach de bhun caighdeáin a nglactar leo go hidirnáisiúnta.
Ní dhéanfaidh an t‑údarás inniúil cinneadh faoin gclárúchán ach amháin tar éis dó teacht ar an gconclúid go gcomhlíontar na pointí (i) - (iii) de réir mar is infheidhme i gcás an chineáil ábhair.
(c) Beidh feidhm dá réir sin ag na ceanglais maidir le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a mhargú mar a leagtar amach i gCuid B pointe 2. [Leasú 276]
CUID D
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOLTA RÉAMHBHUNÚSACHA, BUNÚSACHA AGUS DEIMHNITHE DE PHLANDAÍ TORTHAÍ, D’FHÍNIÚIN AGUS DE PHRÁTAÍ SÍL A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ [Leasú 277]
1. Ceanglais maidir le síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe de phlandaí torthaí, d’fhíniúin agus de phrátaí síl a tháirgeadh [Leasú 278]
A. Síolú nó plandú:
(a) Déanfar na máithairphlandaí agus, i gcás inarb iomchuí, na plandaí pailneora, a phlandú ar bhealach:
(i) go mbeidh dóthain faid idir iad agus plandaí de na géinis nó de na speicis chéanna, arna chinneadh ar bhonn saintréithe luibheolaíocha agus teicnící pórúcháin agus de réir mar is iomchuí i gcás chatagóir an ábhair, chun cosaint ar aon phailniú coimhthíoch neamh‑inmhianaithe a áirithiú agus chun trasphailniú le barra eile a sheachaint; agus
(ii) go mbeidh dlús plandaithe leormhaith chun go bhféadfar breathnú ar phlandaí go haonarach.
(b) I gcás inarb iomchuí, déanfar saothrú an ábhair ar leithligh ó shaothrú ábhair a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis chéanna atá ceaptha chun críoch bia nó beatha.
B. Saothrú sna goirt:
(a) Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, coimeádfar ábhar iomadaithe agus plandaithe ar leithligh ó chéile.
(b) Ábhar atáirgthe a chomhlíonann na ceanglais maidir le catagóir áirithe, ní mheascfar le hábhar catagóirí eile é.
(c) Déanfar féinphailniú ar an máthairphlanda angaispeirmeach nó trasphailniú air le pailin ó na plandaí pailneora máguaird, de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.
(d) Déanfar diúscairt ar sheach‑tíopaí agus ar phlandaí damáistithe nó míchumtha ag na céimeanna saothraithe uile chun fíre shainaitheantas an chineáil a áirithiú, nó, i gcás plandaí nach mbaineann le cineál, chun fíre shainaitheantas an speicis lena mbaineann siad, a íonacht leordhóthanach agus an táirgeadh éifeachtúil a áirithiú.
(e) Déanfar máithairphlandaí agus plandaí pailneora a eisiamh mar fhoinse shíolta i gcás máchailí.
(f) Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, déanfar na máithairphlandaí a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann síolta a tháirgeadh. Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, déanfar na máithairphlandaí agus plandaí pailneora a choinneáil i ndálaí a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an tuairisc oifigiúil nó an tuairisc ar a gcineál atá aitheanta go hoifigiúil. I gcás nach mbainfidh máithairphlandaí agus plandaí pailneora le cineál, fíorú sin na comhlíontachta leis an tuairisc oifigiúil nó leis an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, bainfidh sé leis na speicis lena mbaineann na máithairphlandaí agus na plandaí pailneora sin.
(g) Déanfar cigireacht ar mháithairphlandaí agus ar phlandaí pailneora ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.
(h) Sa sampla a bheidh le tarraingt ó luchtóg beidh an t‑íosmhéid iomchuí chun a chinneadh go comhlíontar na ceanglais cháilíochta i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann. Dlús, trealamh agus modh na samplála, beidh siad iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.
(i) Déanfar an tástáil i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, chun a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais cháilíochta.
2. Ceanglais maidir le síolta réamhbhunúsacha, bunúsacha agus deimhnithe de phlandaí torthaí, d’fhíniúin agus de phrátaí síl a mhargú
Comhlíonfaidh an síol na ceanglais cháilíochta uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis agus ar an gcatagóir lena mbaineann:
(a) bainfidh sé leis an gcineál, agus i gcás nach mbainfidh síolta le cineál, leis an speiceas;
(b) beidh spreacadh íosta, toise shainithe, agus, i gcás inarb infheidhme, grádú sonrach aige, chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh plandú a áirithiú; agus
(c) beidh sé saor, geall leis, ó mháchailí agus ó dhamáiste sonrach chun cáilíocht na síolta a áirithiú.
CUID E
CEANGLAIS MAIDIR LE hÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH AGUS DEIMHNITHE A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ ARB ÁBHAR É A THÁIRGTEAR LEIS AN IOMADÚ IN VITRO
1. Ceanglais ghinearálta maidir le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a tháirgeadh, arb ábhar é a tháirgtear leis an iomadú in vitro
A. Saothrán fíocháinin vitro
(a) Sainaitheantas an ábhair in vitro nó in vivo, de réir mar is infheidhme, cinnfear é trí lipéad agus déanfar é a thaifeadadh chun a inrianaitheacht a áirithiú. Coimeádfar lipéad an ábhair.
(b) Déanfar sláintiú ar ábhar a bheidh sampláilte ó ábhar in vivo.
B. An táirgeadh in vitro
(a) An clón (na clóin) de thionscnamh an ábhair dá dtagraítear faoi phointe A.(a), táirgfear leis an iomadú in vitro é (iad).
(b) Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, coimeádfar ábhar iomadaithe agus plandaithe ar leithligh ó chéile.
(c) Clón (clóin) a chomhlíonann na ceanglais maidir le catagóir PRM áirithe, ní mheascfar le clóin de chatagóirí eile é (iad).
(d) Beidh an líon timthriallta iomadaithe in vitro a dhéanfar i ndiaidh a chéile srianta, de réir mar is iomchuí, i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.
(e) Le linn na gcéimeanna táirgthe uile, déanfar an clón (na clóin) a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann PRM a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar é (iad) a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann sé (siad) an tuairisc oifigiúil nó an tuairisc ar a gcineál atá aitheanta go hoifigiúil. I gcás nach mbainfidh clón (clóin) le cineál, fíorú sin na comhlíontachta leis an tuairisc oifigiúil nó leis an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil, bainfidh sé leis an speiceas lena mbaineann an clón (na clóin) sin.
(f) Déanfar cigireacht ar chlón (chlóin) ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann.
(g) Sa sampla a bheidh le tarraingt ó luchtóg beidh an t‑íosmhéid iomchuí chun a chinneadh go comhlíontar na ceanglais cháilíochta i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann. Dlús, trealamh agus modh na samplála, beidh siad iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme.
(h) Déanfar an tástáil i gcomhréir leis na modhanna, trealamh agus damhnaí fáis is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann, agus i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme, chun a áirithiú gur comhlíonadh na ceanglais cháilíochta.
2. Ceanglais maidir le hábhar réamhbhunúsach, bunúsach agus deimhnithe a mhargú arb ábhar é a tháirgtear leis an iomadú in vitro
Comhlíonfaidh an t‑ábhar in vitro nó in vivo na ceanglais uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis agus ar an gcatagóir lena mbaineann:
(a) bainfidh sé leis an gcineál agus, i gcás nach mbainfidh ábhar le cineál, bainfidh sé leis an speiceas a thugtar le fios ar an lipéad:
(i) trí bhreathnú ar shaintréithe feinitíopacha an ábhair in vivo dá dtagraítear faoi phointe A.(a);
(ii) trí phlandaí in vivo a tháirgeadh den ábhar in vitro dá dtagraítear faoi phointe A.(a) agus trí bhreathnú ar shaintréithe feinitíopacha na bplandaí sin;
(iii) trí phlandaí in vivo a tháirgeadh den chlón (de na clóin) dá dtagraítear faoi phointe B.(a) agus trí bhreathnú ar shaintréithe feinitíopacha na bplandaí sin; agus
(iv) i gcás inarb iomchuí, trí anailís mhóilíneach ar an ábhar in vitro dá dtagraítear faoi phointe A.(a) agus/nó ar an gclón (na clóin) dá dtagraítear faoi phointe B.(a);
(b) beidh spreacadh íosta, toise shainithe, agus, i gcás inarb infheidhme, grádú sonrach aige, chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh plandú a áirithiú;
(c) beidh sé saor, geall leis, ó mháchailí agus ó dhamáistí sonracha.
IARSCRÍBHINN III
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOLTA AGUS LE hÁBHAR CAIGHDEÁNACH A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 8
CUID A
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOL CAIGHDEÁNACH DE SPEICIS TALMHAÍOCHTA AGUS GHLASRAÍ A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ
1. Ceanglais ghinearálta maidir le síol caighdeánach a tháirgeadh
A. Síolú nó plandú:
(a) Déanfar cineál an tsíl arna shíolú, lena n‑áirítear i gcás inarb infheidhme, máithairphlandaí, a chinneadh chun a inrianaitheacht a áirithiú. Déanfar an lipéad ar an ábhar, nó na taifid faoin máthairphlanda, a choimeád ar feadh 2 bhliain ar a laghad.
(b) Ní ceadmhach an churaíocht a bheidh déanta roimhe ar an bpáirc a bheith neamhréireach do tháirgeadh shíol an speicis agus do chineál an bhairr, agus beidh an pháirc sách saor ó na plandaí sin, a d’fhéadfadh a bheith ann fós ó churaíocht a rinneadh roimhe (plandaí neamhshaothraithe).
(c) Déanfar na máithairphlandaí nó an síol a phlandú agus/nó a shíolú ar bhealach:
(i) go mbeidh dóthain faid idir é agus foinsí pailine den speiceas céanna agus/nó de na cineálacha difriúla, i gcomhréir le rialacha leithlisithe arna gcinneadh ar bhonn saintréithe luibheolaíocha i gcás gach speiceas agus teicnící pórúcháin, chun cosaint ar aon phailniú coimhthíoch neamh‑inmhianaithe a áirithiú agus chun trasphailniú le barra eile a sheachaint; agus
(ii) go mbeidh foinse iomchuí agus leibhéal iomchuí pailnithe ann chun an t‑atáirgeadh ina dhiaidh sin a áirithiú, i gcás inarb infheidhme.
(d) Déanfar cigireacht ar cháilíocht na hithreach, na substráití, na máithairphlandaí agus na garthimpeallachta chun a sheachaint go mbeadh lotnaidí nó a veicteoirí ann, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031.
(e) Tabharfar aird iomchuí ar na hinnill agus ar aon trealamh a úsáidtear lena áirithiú nach ann d’fhiailí ná d’aon speiceas eile is deacair a idirdhealú i dtástálacha saotharlainne.
(f) I gcás inarb iomchuí, déanfar táirgeadh na síolta ar leithligh ó shaothrú na síolta a bhaineann leis na géinis nó leis na speicis chéanna atá ceaptha chun bia nó beatha a tháirgeadh, chun sláinte an ábhair lena mbaineann a áirithiú.
(g) I gcás inarb infheidhme, féadfar an t‑iomadú in vitro a úsáid freisin chun síolta a atáirgeadh.
B. Táirgeadh sna goirt:
(a) Áiritheofar nach mbeidh seach‑tíopa sna goirt. I gcás nach mbeidh sé sin indéanta de dheasca shaintréithe an speicis lena mbaineann, beidh siad ann go dtí an leibhéal is ísle is féidir.
I gcás ina mbeidh seach‑tíopanna nó speicis eile plandaí, nó cineálacha eile ann le linn na céime saothraithe, nó le linn na próiseála síolta, cuirfear cóireáil agus/nó díothú iomchuí i bhfeidhm chun sainaitheantas agus íonacht chineáil an tsíl a áirithiú, agus chun a sheachaint go mbeadh aon speiceas neamh‑inmhianaithe ann.
(b) Déanfar na plandaí a chóireáil nó a eisiamh mar fhoinse PRM i gcás ina dtabharfaidh torthaí dearfacha tástála nó comharthaí amhairc le fios go bhfuil lotnaidí orthu, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031 nó i gcás ina bhfuil máchailí orthu.
(c) Déanfar PRM, lena n‑áirítear máthairphlandaí más infheidhme, a chothabháil ar bhealach a áiritheoidh aitheantas an chineáil. Beidh an chothabháil sin bunaithe ar an tuairisc oifigiúil nó ar an tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil maidir leis an gcineál.
(d) Le linn na gcéimeanna táirgthe uile, déanfar na máithairphlandaí, i gcás inarb infheidhme, a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann síolta a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an tuairisc oifigiúil ar a gcineál.[Leasú 279]
(e) Déanfar cigireacht ar na barra uile sa pháirc ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha, de réir mar is iomchuí, i gcás na speiceas lena mbaineann chun na ceanglais lena mbaineann a fhíorú. Beidh na modhanna iniúchta de shórt a áiritheoidh iontaofacht na mbreathnóireachtaí. Mura mbeidh sé indéanta plandaí neamhchomhlíontacha a bhaint nó a dheighilt le linn na céime fáis, aischuirfear an pháirc iomlán ó thaobh táirgeadh síolta de, ach amháin i gcás inar féidir na síolta neamh‑inmhianaithe a dheighilt go meicniúil tráth níos déanaí.
C. Buaint agus iarbhuaint:
(a) Buainfear an síol i mbulc nó mar phlandaí aonair, de réir mar is iomchuí, chun a shainaitheantas, a íonacht agus a inrianaitheacht cheart a áirithiú.
(b) Tógfar sampla síl ó gach luchtóg agus déanfar é a thástáil i saotharlann chun comhlíonadh na gceanglas cáilíochta a áirithiú le haghaidh an speicis lena mbaineann, agus péacadh san áireamh. Áireofar leis an tástáil, i gcás inarb iomchuí, atástáil an ráta phéactha tar éis tréimhse áirithe is iomchuí don speiceas lena mbaineann.
(c) Beidh luchtóga síolta faoi réir tástáil iar‑rialaithe oifigiúil rioscabhunaithe chun comhlíonadh leis an méid seo a leanas a fhíorú:
(i) a sainaitheantas cineáil;
(ii) caighdeáin na híosíonachta cineáil;
(iii) a n‑inniúlacht péactha; agus
(iv) na ceanglais maidir le sláinte plandaí.
Is go hoifigiúil a thógfar na samplaí a úsáidfear le haghaidh na dtástálacha iar‑rialaithe oifigiúla.
Féadfar úsáid a bhaint as modhanna bith‑mhóilíneacha iomchuí.
2. Ceanglais maidir le síol caighdeánacha a mhargú
Comhlíonfaidh an síol na ceanglais cháilíochta uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis:
(a) beidh péacadh íosta ar a laghad aige, chun go mbeidh líon iomchuí plandaí in aghaidh an mhéadair chearnógaigh ann tar éis síolú, agus dá dheasca sin chun an táirgeacht agus cáilíocht na táirgeachta a dhaingniú;
(b) beidh ar a mhéad cion uasta de shíol crua ann, chun go mbeidh líon iomchuí plandaí in aghaidh an mhéadair chearnógaigh ann;
(c) beidh ar a laghad íonacht íosta ann chun an leibhéal is airde de shainaitheantas cineáil a dhaingniú;
(d) beidh cion uasta taise ann ar a mhéad, chun caomhnú an ábhair a áirithiú le linn a phróiseála, a stórála agus a chur ar fáil ar an margadh;
(e) beidh ar a mhéad cion uasta síolta de ghéinis nó de speicis eile ann, chun an láithreacht is ísle de phlandaí neamh‑inmhianaithe sa luchtóg a áirithiú;
(f) beidh spreacadh íosta, toise shainithe, agus grádú sonrach aige, chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh síolú nó plandú a áirithiú;
(g) beidh méid uasta ithreach nó ábhair choimhthíoch ann, chun cleachtais chalaoiseacha agus neamhíonachtaí teicniúla a chosc; agus
(h) beidh sé saor ó mháchailí agus ó dhamáiste sonrach chun cáilíocht agus sláinte an ábhair a áirithiú.
CUID B
CEANGLAIS MAIDIR LE hÁBHAR CAIGHDEÁNACH DE SPEICIS TALMHAÍOCHTA AGUS GHLASRAÍ DE PHLANDAÍ TORTHAÍ AGUS D’FHÍNIÚIN A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ [Leasú 280]
Cé is moite de phointe (b)(i) di sin, beidhBeidh feidhm ag Cuid AB d’Iarscríbhinn IIIII dá réir sin maidir le hábhar caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú, lena n-áirítear maidir le cineálacha caomhantais a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 26. [Leasú 281]
Ní fhéadfar fréamhstoic d’fhíniúin a mhargú mar ábhar caighdeánach. [Leasú 282]
CUID C
CEANGLAIS MAIDIR LE CLÓIN ROGHNAITHE, MEASCÁIN ILCHLÓNACHA AGUS PRM POLACLÓNACH D’ÁBHAR CAIGHDEÁNACH A CHLÁRÚ, A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 9 (1) [Leasú 283]
1. Ní fhéadfar fréamhstoic d’fhíniúin a mhargú mar ábhar caighdeánach. Plandú
Beidh feidhm ag pointe 1 de Chuid C d'Iarscríbhinn II dá réir sin maidir le PRM polaclónách a phlandú. [Leasú 284]
2. Beidh feidhm ag Cuid C d’Iarscríbhinn II dá réir sin maidir le clárú, táirgeadh agus margú clón roghnaithe, meascán ilchlónach agus PRM polaclónach d’ábhar caighdeánach.Saothrú sna goirt:
(a) Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, coimeádfar ábhar iomadaithe agus plandaithe ar leithligh ó chéile.
(b) Déanfar diúscairt ar sheach-tíopaí agus ar phlandaí damáistithe nó míchumtha ag na céimeanna saothraithe uile chun sainaitheantas agus íonacht chineáil a áirithiú, nó, i gcás na bhfréamhstoc nach mbaineann le cineál, chun fíre shainaitheantas an speicis, chomh maith le plandaí damáistithe nó míchumtha, agus an táirgeadh éifeachtúil a áirithiú.
(c) Déanfar na máithairphlandaí lena mbaineann a eisiamh mar fhoinse PRM i gcás máchailí.
(d) Le linn na gcéimeanna saothraithe uile, déanfar na máithairphlandaí lena mbaineann a choinneáil i ndálaí ina mbeifear in ann PRM a tháirgeadh, agus a fhágfaidh go bhféadfar iad a shainaithint agus a fhíorú go gcomhlíonann siad an tuairisc oifigiúil nó an tuairisc ar a gcineál atá aitheanta go hoifigiúil.
(e) Déanfar cigireacht ar mháithairphlandaí ag a gcéim(eanna) fáis ábhartha, de réir na minicíochta ábhartha agus leis na modhanna ábhartha de réir mar is iomchuí i gcás na ngéineas nó na speiceas lena mbaineann. [Leasú 285]
2a. Ceanglais maidir le PRM polaclónách a mhargú
Comhlíonfaidh an t-ábhar na ceanglais uile seo a leanas, ag brath ar shaintréithe gach géinis nó speicis lena mbaineann:
(a) beidh spreacadh íosta, toise shainithe, agus, i gcás inarb infheidhme, grádú sonrach aige, chun oiriúnacht an ábhair agus aonchineálacht leordhóthanach na luchtóige le haghaidh plandú a áirithiú;
(b) ní mór dóibh a bheith saor ó mháchailí, geall leis.
(c) déanfar meascán na ngéinitíopaí lena gcomhdhéantar an PRM polaclónach roimh phacáistiú críochnaitheach an PRM sin agus áireofar leis an meascán comhréireanna comhionanna de na géinitíopaí uile lena gcomhdhéantar an PRM polaclónach; mar sin féin, tá fulaingt inghlactha, ní rachaidh minicíocht aon ghéinitíopa aonair riamh thar dhá oireadh an ghéinitíopa is lú minicí. [Leasú 286]
CUID D
CEANGLAIS MAIDIR LE SÍOL CAIGHDEÁNACH DE PHLANDAÍ TORTHAÍ, D’FHÍNIÚIN AGUS DE PHRÁTAÍ SÍL A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ [Leasú 287]
Beidh feidhm ag Cuid D d’Iarscríbhinn II dá réir sin maidir le síol caighdeánach de phlandaí torthaí, d’fhíniúin agus de phrátaí síl a tháirgeadh agus a mhargú. [Leasú 288]
CUID E
CEANGLAIS MAIDIR LE hÁBHAR CAIGHDEÁNACH A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ, ARB ÁBHAR É A THÁIRGTEAR LEIS AN IOMADÚ IN VITRO
Beidh feidhm ag Cuid E d’Iarscríbhinn II dá réir sin maidir le hábhar caighdeánach a tháirgeadh agus a mhargú, arb ábhar é a tháirgtear leis an iomadú in vitro.
IARSCRÍBHINN IV
GÉINIS AGUS SPEICIS NACH CEADMHACH A THÁIRGEADH NÁ A MHARGÚ ACH AMHÁIN MAR SHÍOL NÓ MAR ÁBHAR RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH NÓ DEIMHNITHE, I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 20(1)
CUID A
GÉINIS AGUS SPEICIS ATÁ LE hÚSÁID CHUN BARRA TALMHAÍOCHTA, A THÁIRGEADH, SEACHAS GLASRAÍ NACH CEADMHACH A THÁIRGEADH NÁ A MHARGÚ ACH AMHÁIN MAR SHÍOL RÉAMHBHUNÚSACH, BUNÚSACH NÓ DEIMHNITHE
Agrostis canina L.
Agrostis capillaris L.
Agrostis gigantea Roth.
Agrostis stolonifera L.
Alopecurus pratensis L.
Arachis hypogaea L.
Arrhenatherum elatius (L.) P. Beauv. ex J. Presl & C. Presl.
Avena nuda L.
Avena sativa L. (ina bhfuil A. byzantina K. Koch.)
Avena strigosa Schreb.
Beta vulgaris L.
Brassica juncea (L.) Czern.
Brassica napus L. var. napobrassica (L.) Rchb.
Brassica napus L. var. napus
Brassica nigra (L.) W.D.J. Koch
Brassica oleracea L. convar. acephala (DC.) Alef. var. medullosa Thell. + var. varidis L.
Féadfaidh údaráis inniúla limistéir fhoinseacharéigiún tionscnaimh shonracha a ainmniú le haghaidh na meascán le haghaidh leasaithe, ar leo sin a bhíonn na meascáin sin bainteach go nádúrtha. Chun na críche sin, cuirfidh siad faisnéis san áireamh ó údaráis acmhainní géiniteacha plandaí nó ó eagraíochtaí atá aitheanta chun na críche sin ag na Ballstáit. [Leasú 291]
I gcás ina mbeidh an limistéar foinseachréigiún tionscnaimh lonnaithe i mbreis agus Ballstát amháin, sainaithneofar é le comhaontú coiteann ó na Ballstáit uile lena mbaineann. [Leasú 292]
2. Speicis
Maidir leis na speicis agus, i gcás inarb ábhartha, na fospeicis, a úsáidfear i meascán le haghaidh leasaithe:
(a) is gnáthspeicis agus gnáth‑fhospeicis a bheidh iontu le haghaidh chineál gnáthóige an limistéir fhoinsighréigiún tionscnaimh; [Leasú 293]
(b) bainfidh tábhacht leo ar mhaithe leis an gcomhshaol nádúrtha a chaomhnú i gcomhthéacs acmhainní géiniteacha a chaomhnú, mar chomhpháirteanna an mheascáin;
(c) beidh siad oiriúnach chun cineál gnáthóige an limistéir fhoinsighréigiún tionscnaimh a athchruthú. [Leasú 294]
Ní bheidh na speicis Avena fatua, Avena sterilis ná Cuscuta spp. sa mheascán le haghaidh leasaithe.
Ní mó ná 0,05 % de réir meáchain a bheidh sa chion uasta de Rumex spp., seachas Rumex acetosella agus Rumex maritimus Rumex acetosa, R. thyrsiflorus and R. sanguineus.[Leasú 295]
3. Oibreoirí gairmiúla a údarú
Ní údarófar oibreoirí gairmiúla roimh tháirgeadh na meascán le haghaidh leasaithe.
Cuirfidh an t‑oibreoir gairmiúil iarratas isteach le haghaidh an údarú dá dtagraítear in Airteagal 22(1), lena n‑áirítear na heilimintí uile seo a leanas:
(a) ainm agus seoladh an oibreora ghairmiúil;
(b) modh buainte: cé acu a bhuaintear nó a iolraítear an meascán go díreach;
(c) comhpháirteanna mar speicis agus, i gcás inarb ábhartha, fospeicis agus cineálacha an mheascáin le haghaidh leasaithe; ar gnáthspeicis agus gnáth‑fhospeicis atá iontu le haghaidh chineál an réigiúin tionscnaimhgnáthóige an limistéir fhoinsigh agus a mbaineann, mar chomhpháirteanna an mheascáin, tábhacht leo ar mhaithe leis an gcomhshaol nádúrtha a chaomhnú i gcomhthéacs acmhainní géiniteacha a chaomhnú; [Leasú 296]
(d) cainníocht an mheascáin a bhfuil feidhm le bheith ag an údarú maidir léi; [Leasú 297]
(e) limistéar foinseachréigiún tionscnaimh an mheascáin; [Leasú 298]
(f) suíomh bailithe, agus i gcás meascán iolraithe le haghaidh leasaithe, ina theannta sin, suíomh an iolraithe;
(g) cineál gnáthóige limistéar foinseachréigiún tionscnaimh an mheascáin; agus [Leasú 299]
(h) bliain an bhailithe.
Ag gabháil leis an iarratas beidh faisnéis is gá chun a fhíorú go gcomhlíontar ceanglais a leagtar amach i bpointemír 4 i gcás meascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach, nó i bpointemír5 i gcás meascáin iolraithe le haghaidh leasaithe.[Leasú 300]
Féadfaidh údaráis inniúla údarú a eisiúint lena n‑áireofar an dáta údaraithe agus raon feidhme an údaraithe, de réir iarratas an oibreora agus chomhlíonadh na gceanglas, agus an srian ar mhargaíocht sa limistéar foinseach.
Déanfaidh oibreoirí gairmiúla, ag deireadhroimh thús gach bliana féilire nó gach bliana fioscaí, de réir mar is iomchuíséasúir táirgthe, fógra a thabhairt faoi chainníocht shíolta na meascán le haghaidh leasaithe dá mbeartaítear an t‑údarú, in éineacht le méid agus áit an tsuímh bhailithe nó na suíomhanna bailithe beartaithe agus dáta nó dátaí an bhailithe. don údarás inniúil. [Leasú 301]
4. Meascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach a tháirgeadh
Comhlíonfaidh meascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach na ceanglais seo a leanas:
(a) meascán síl a bheidh bailithe ag an limistéar foinseachréigiún tionscnaimh (‘meascán le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach’), baileofar ag suíomh é nár síolaíodh le 40 bliain roimh dháta an údaraithe; [Leasú 302]
(b) céatadán chomhpháirteanna an mheascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach, ar speicis agus, i gcás inarb ábhartha, fospeicis iad, beidh siad oiriúnach chun cineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh a athchruthú;
(c) cion uasta na speiceas agus, i gcás inarb ábhartha, na bhfospeiceas, nach gcomhlíonann pointe (b), ní mó ná 1 % de réir meáchain a bheidh iontu;
(d) féadfaidh na húdaráis inniúla amharc‑chigireachtaí a dhéanamh ar an suíomh bailithe le linn na tréimhse fáis ag eatraimh iomchuí, agus le linn na ngníomhaíochtaí bailithe, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an meascán na ceanglais dá bhforáiltear maidir leis na meascáin sin le haghaidh leasaithe; déanfaidh siad na torthaí air sin a dhoiciméadú.
(e) déanfar tástálacha go hoifigiúil, nó faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, chun a sheiceáil go gcomhlíonfaidh an meascán le haghaidh leasaithe na ceanglais dá ndéantar foráil maidir leo; déanfar na tástálacha sin i gcomhréir le modhanna idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, nó, i gcás nach bhfuil na modhanna sin ann, i gcomhréir le haon mhodh iomchuí;
(f) tarraingeofar samplaí ó luchtóga aonchineálacha, agus beidh siad leordhóthanach chun an tástáil dá dtagraítear i bpointe (e) a dhéanamh.
5. Meascáin iomadaithe le haghaidh leasaithe a tháirgeadh
Féadfaidh oibreoir údaraithe síolta meascán le haghaidh leasaithe a iolrú freisin i gcomhréir leis an bpróiseas seo a leanas:
(a) tógtar síol speicis aonaraigh ag an limistéar foinseachréigiún tionscnaimh, nó is meascáin le haghaidh leasaithe arna mbuaint go díreach é a cheannaítear ó oibreoir eile; [Leasú 303]
(b) iolraítear an síol dá dtagraítear i bpointe (a) lasmuigh den limistéar foinseach mar speiceas aonair. Féadfar an t‑iolrú a dhéanamh le haghaidh cúig ghlúin;[Leasú 304]
(c) déantar síolta na speiceas sin a mheascadh ansin chun meascán a chruthú arb iad na gnáthghéinis, na gnáthspeicis agus, i gcás inarb ábhartha, na gnáth‑fhospeicis atá iontu le haghaidh chineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh;
(d) féadfar síol a áireamh leis an meascán sin ar síol é ó speicis a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I agus a táirgeadh ar an ngnáthbhealach má chomhlíonann sé pointe (c); [Leasú 305]
(e) an síol bailithe óna ndéantar an meascán le haghaidh leasaithe a iomadú, beidh sé bailithe ina limistéar foinseach ag suíomh bailithe nach mbeidh síolaithe ag an oibreoir le 40 bliain roimh dháta an údaraithe, dá dtagraítear i bpointe 3.
(f) síol an mheascáin iolraithe le haghaidh leasaithe, is de ghnáthspeicis agus i gcás inarb ábhartha, de ghnáth‑fhospeicis le haghaidh chineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh a bheidh iontu agus a mbaineann, mar chomhpháirteanna an mheascáin, tábhacht leo ar mhaithe leis an gcomhshaol nádúrtha a chaomhnú i gcomhthéacs acmhainní géiniteacha a chaomhnú;
(g) ráta péactha na gcomhpháirteanna dá dtagraítear i bpointe (f), beidh sé leordhóthanach chun cineál gnáthóige an limistéir fhoinsigh a athchruthú;
(h) cion uasta na speiceas agus, i gcás inarb ábhartha, na bhfospeiceas, nach gcomhlíonann pointe (g)(f), ní mó ná 1 % de réir meáchain a bheidh ann; [Leasú 306]
(i) comhpháirteanna meascáin iolraithe le haghaidh leasaithe arb iad síolta de speiceas atá iontu a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I, comhlíonfaidh siad, roimh an meascadh, ar a laghad na ceanglais maidir le síol caighdeánach i gcás na speiceas lena mbaineann;
(j) déanfar tástálacha go hoifigiúil, nó faoi mhaoirseacht oifigiúil an Bhallstáit, chun a sheiceáil go gcomhlíonfaidh an meascán le haghaidh leasaithe na ceanglais dá ndéantar foráil maidir leo. Déanfar na tástálacha sin i gcomhréir le modhanna idirnáisiúnta atá ann faoi láthair, nó, i gcás nach bhfuil na modhanna sin ann, i gcomhréir le haon mhodh iomchuí;
(k) tarraingeofar samplaí ó luchtóga aonchineálacha, agus beidh siad leordhóthanach chun an tástáil dá dtagraítear i bpointe (j) a dhéanamh.
IARSCRÍBHINN VI
CEANGLAIS MAIDIR LE PRM D’ÁBHAR ILCHINEÁLACH A THÁIRGEADH AGUS A MHARGÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 27(2)
A. Fógra maidir le hábhar ilchineálach
Féadfar PRM d’ábhar ilchineálach dá dtagraítear in Airteagal 27 (2) a mhargú tar éis don oibreoir gairmiúil fógra maidir leis an ábhar ilchineálach a thabhairt do na húdaráis inniúla, arna dhéanamh trí bhíthin sainchomhad ina mbeidh na nithe seo a leanas:
a) sonraí teagmhála an iarratasóra;
b) speiceas agus ainmníocht an ábhair ilchineálaigh;
c) an tuairisc ar an ábhar ilchineálach dá dtagraítear i bpointe B
d) dearbhú ag an iarratasóir maidir le fíre na n‑eilimintí i bpointí (a), (b) agus (c).
e) sampla ionadaíoch.
Seolfar an fógra sin mar litir chláraithe, nó trí aon mheán eile cumarsáide lena nglacann na húdaráis inniúla, agus iarrfar deimhniú fála. 3 mhí tar éis an dáta a thaispeántar ar an admháil fillte, ar choinníoll nár iarradh aon fhaisnéis bhreise nó nár cuireadh aon diúltú foirmiúil in iúl don soláthróir ar an gcúis go raibh an fógra neamhiomlán, measfar gur aithin an t‑údarás inniúil an fógra agus a inneachar, agus áireofar an t‑ábhar ilchineálach i gclár an ábhair ilchineálaigh. Fanfaidh an clár sin saor in aisce don oibreoir oifigiúil. [Leasú 307]
B. Tuairisc ar an ábhar ilchineálach
1. Áireofar leis an tuairisc ar ábhar ilchineálach na heilimintí uile seo a leanas:
(a) tuairisc ar na saintréithe atá ag gabháil leis, lena n‑áirítear:
(i) an saintréithriú feinitíopaigh a bhaineann le príomhcharachtair an ábhair, mar aon leis an tuairisc ar ilchineálacht an ábhair, trí bhíthin saintréithriú na héagsúlachta feinitíopacha atá inbhraite idir aonaid atáirgthe aonair;
(ii) na saintréithe ábhartha atá aige a dhoiciméadú, lena n‑áirítear gnéithe agranamaíocha amhail toradh, cobhsaíocht toraidh, oiriúnacht maidir le córais íseal‑ionchuir, feidhmíocht, frithsheasmhacht in aghaidh struis aibitheaigh, frithsheasmhacht in aghaidh galar, paraiméadair cháilíochta, blas nó dath;
(iii) aon toradh atá ar fáil ó thástálacha maidir leis na saintréithe dá dtagraítear i bpointe (ii);
(b) tuairisc ar an gcineál teicníce a úsáidtear le haghaidh modh pórúcháin nó táirgthe an ábhair ilchineálaigh;
(c) tuairisc ar an máthairábhar a úsáidtear chun an t‑ábhar ilchineálach agus an clár um rialú táirgthe féin a úsáideann an t‑oibreoir lena mbaineann a phórú nó a tháirgeadh agus tagairt do na cleachtais dá dtagraítear i bpointe B.2.(a) agus, más infheidhme, i bpointe B.2.(c);
(d) tuairisc ar na cleachtais bhainistíochta agus roghnúcháin ar an bhfeirm agus tagairt do phointe B.2.(b) agus, más infheidhme, ar an máthairábhar le tagairt do phointe B.2.(c);
(e) tagairt don tír phóraithe nó táirgthe, agus faisnéis maidir leis an mbliain táirgthe agus tuairisc ar na dálaí peidichlíomacha.
2. Féadfar an t‑ábhar ilchineálach a ghiniúint le ceannbheith de thionscnamh aon chinn de na teicnící seo a leanas: [Leasú 308]
(a) roinnt cineálacha difriúla máthairábhair a chrosphórú, trí úsáid a bhaint as prótacail chrosphórúcháin chun ábhar ilchineálach ilghnéitheach a tháirgeadh tríd an sliocht a thoirtiú, an stoc a athshíolú go hatriallach agus é a nochtadh don roghnú nádúrtha agus/nó daonna, ar choinníoll go léiríonn an t‑ábhar sin ardleibhéal éagsúlachta géinití;
(b) cleachtais bainistíochta ar an bhfeirm, lena n‑áirítear roghnú, bunú nó cothabháil ábhair, arb ábhar é a bhfuil ardleibhéal éagsúlachta géinití mar shaintréith aige;
(c) aon teicníc eile a úsáidtear chun ábhar ilchineálach a phórú nó a tháirgeadh, agus sainghnéithe ar leith den iomadú san áireamh.
C. Ceanglais a bhaineann le sainaitheantas luchtóg PRM d’ábhar ilchineálach orgánach
Is ar bhonn na n‑eilimintí uile seo a leanas a shainaithneofar PRM d’ábhar ilchineálach:
(a) an t‑ábhar tosaigh agus an scéim táirgthe a úsáidtear sa chrosphórú chun an t‑ábhar ilchineálach a chruthú, dá bhforáiltear i bpointe B.2.(a) nó, más infheidhme, i bpointe B.2.(c), nó stair an ábhair agus na cleachtais bainistíochta ar an bhfeirm, lena n‑áirítear cé acu is go nádúrtha a tharla an roghnú agus/nó trí idirghabháil dhaonna, i gcásanna phointe B.2.(b) agus phointe B.2.(c);
(b) an tír phóraithe nó táirgthe; agus
(c) saintréithriú na bpríomhcharachtar coitianta agus ilchineálachta fheinitíopach an ábhair.
D. Ceanglais a bhaineann le cáilíocht sláintíochta, íonacht anailíseach agus péacadh PRM d’ábhar ilchineálach
1. Comhlíonfaidh PRM d’ábhar ilchineálach na ceanglais atá comhionann leis na ceanglais sin a leagtar síos don chatagóir is ísle do na speicis faoi seach lena n-áirítear na ceanglais a shocraítear do na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn IV maidir leis an íonacht anailíseach agus na ceanglais maidir le péacadh le haghaidh síl agus na ceanglais cháilíochta maidir le hábhar eile den chatagóir is ísle le haghaidh na speiceas lena mbaineann. [Leasú 309]
Déanfar na plandaí a chóireáil nó a eisiamh mar fhoinse PRM, i gcás máchailí nó ina dtabharfaidh torthaí dearfacha tástála nó comharthaí amhairc le fios go bhfuil lotnaidí orthu i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031.
2. De mhaolú ar phointe D.1, féadfaidh oibreoirí gairmiúla PRM d’ábhar ilchineálach, nach gcomhlíonann na coinníollacha i leith péacadh, a chur ar an margadh, ar choinníoll go dtabharfaidh an t‑oibreoir ráta péactha an PRM lena mbaineann le fios ar an lipéad nó ar an bpacáiste go díreach.
E. Ceanglais maidir le PRM d’ábhar ilchineálach a phacáistiú agus a lipéadú
1. Déanfar PRM d’ábhar ilchineálach a choimeád i bpacáistí beaga agus in uaschainníochtaí mar a shainmhínítear i bpointe H. Mar sin féin, féadfar iad a choimeád i bpacáistí nó i gcoimeádáin eile, ar choinníoll go mbeidh siad sin dúnta ar bhealach nach féidir iad a oscailt gan fianaise ar chrioscaíl a fhágáil ar an bpacáiste nó ar an gcoimeádán.
2. Déanfaidh na hoibreoirí gairmiúla lipéad a ghreamú de phacáistí nó de choimeádáin PRM d’ábhar ilchineálach i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad.
Maidir leis an lipéad sin:
(i) beidh sé inléite, clóite nó scríofa ar thaobh amháin, nua‑eisithe agus sofheicthe;
(ii) áireofar leis an fhaisnéis a leagtar amach i bpointe G den Iarscríbhinn seo, ach amháin i gcás ina mbeidh an fhaisnéis sin priontáilte nó scríofa ar an bpacáiste nó ar an gcoimeádán go díreach; agus
(iii) beidh sé buí agus cros thrasnánach uaine air.
3. I gcás pacáistí beaga trédhearcacha, féadfar an lipéad a chur taobh istigh den phacáiste ach é a bheith soléite.
4. De mhaolú ar phointí E.1 agus E.2, féadfar PRM d’ábhar ilchineálach atá i bpacáistí agus i gcoimeádáin atá dúnta agus lipéadaithe a dhíol le húsáideoirí deiridh i bpacáistí neamh-mharcáilte agus neamhshéalaithe, suas go dtí na huaschainníochtaí dá bhforáiltear i bpointe H, ach an ceannaitheoir a chur ar an eolas, arna iarraidh sin dó, i scríbhinn tráth an tseachadta faoin speiceas, ainmníocht an ábhair ilchineálaigh agus uimhir thagartha na luchtóige.
F. Ábhar ilchineálach a choinneáil ar bun
1. I gcás ina mbeidh sé indéanta é a choinneáil ar bun, an t‑oibreoir gairmiúil a thug fógra do na húdaráis inniúla maidir leis an ábhar ilchineálach, caomhnóidh sé príomh‑shaintréithe an ábhair tráth a thabharfar an fógra faoi, trína choinneáil ar bun fad a bheidh sé ar an margadh.
2. Is i gcomhréir le cleachtais a nglactar leo agus atá oiriúnaithe don ábhar ilchineálach a choinneáil ar bun, a dhéanfar amhlaidh. An t‑oibreoir gairmiúil atá freagrach as an gcothabháil, déanfaidh sé taifid a choinneáil ar ré agus ar inneachar na cothabhála.
3. Beidh rochtain ag na húdaráis inniúla i gcónaí ar gach taifead a choinníonn an t‑oibreoir gairmiúil atá freagrach as an ábhar chun a sheiceáil an bhfuil sé á chothabháil. Coimeádfaidh an t‑oibreoir gairmiúil na taifid sin ar feadh 5 bliana ón uair nach mbeidh an t‑ábhar ilchineálach á mhargú a thuilleadh.
G. Inneachar lipéad na bpacáistí
Déanfar PRM d’ábhar ilchineálach a mhargú i bpacáistí ar a mbeidh lipéad ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:
(1) ainmníocht an ábhair ilchineálaigh, mar aon leis an bhfrása ‘ábhar ilchineálach’;
(2) an tásc ‘rialacha agus caighdeáin an AE’;
(3) ainm agus seoladh an oibreora ghairmiúil atá freagrach as an lipéad a ghreamú, nó an cód clárúcháin a ghabhann leis;
(4) an tír táirgthe;
(5) an uimhir thagartha luchtóige a thug an t‑oibreoir gairmiúil atá freagrach as na lipéid a ghreamú;
(6) mí agus bliain an dúnta, i ndiaidh an téarma: ‘dúnta’;
(7) speiceas agus é léirithe ar a laghad faoina ainm luibheolaíoch agus a fhéadfar a thabhairt i bhfoirm ghiorraithe agus gan ainmneacha na n‑údar;
(8) glanmheáchan nó ollmheáchan dearbhaithe, nó líon dearbhaithe PRM, cé is moite de phacáistí beaga;
(9) i gcás ina dtaispeántar meáchan agus go n‑úsáidtear substaintí piléadachta nó breiseáin sholadacha eile, an cineál breiseáin agus an garchoibhneas idir meáchan na síolta íona agus iomlán an mheáchain; agus
(10) an ráta péactha, más infheidhme.
H. Uaschainníochtaí PRM d’ábhar ilchineálach i bpacáistí beaga
INNEACHAR NA gCLÁR NÁISIÚNTA CINEÁLACHA AGUS CHLÁR CINEÁLACHA AN AONTAIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 46
Beidh na heilimintí uile seo a leanas sna cláir náisiúnta chineálacha agus i gclár cineálacha an Aontais:
(a) ainm an ghéinis nó an speicis a mbaineann an cineál leis;
(b) ainmníocht an chineáil agus, i gcás cineálacha arna margú roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcás inarb infheidhme, ainmníochtaí malartacha eile a úsáidtear i gcás an chineáil sin;
(c) ainm an iarratasóra, agus, más infheidhme, a uimhir thagartha;
(d) dáta clárúcháin an chineáil, agus, más infheidhme, dáta athnuachana an chlárúcháin;
(e) dáta dheireadh bhailíocht an chlárúcháin;
(f) tagairt do nasc an chomhaid, i gcás inar féidir tuairisc oifigiúil an chineáil, nó, más infheidhme, tuairisc an chineáil atá aitheanta go hoifigiúil, a aimsiú;
(g) i gcás cineálacha caomhantais,cineálacha ag a bhfuil tuairisc atá aitheanta go hoifigiúil agus, más iomchuí, tásc maidir leis an réigiún (na réigiúin), ina saothraítear an cineál go traidisiúnta agus, i gcás cineálacha caomhantais a phóraítear as an nua, a bhfuil sé oiriúnaithe dona dálaí fáis áitiúla;ó nádúr dó nó dóibh (‘réigiún (réigiúin) tionscnaimh’);[Leasú 311]
(h) ainm an duine atá freagrach as cineál a choinneáil ar bun;
(i) ainm an Bhallstáit a bhunaigh an clár nó na cláir náisiúnta chineálacha a bhaineann le hábhar;
(j) an tagairt ar cláraíodh an cineál faoi sa chlár (sna cláir) náisiúnta c(h)ineálacha;
(k) i gcás inarb infheidhme, an tásc gur ‘cineál orgánach atá oiriúnach don táirgeadh orgánach’ atá sa chineál;
(l) i gcás inarb infheidhme, an tásc go bhfuil orgánach géinmhodhnaithe sa chineál, nó gurb é orgánach géinmhodhnaithe atá ann;
(m) más infheidhme, léiriú gur comhchuid de chuid cineáil eile chláraithe atá sa chineál;
(n) i gcás inarb infheidhme, an tásc gur mar fhréamhstoic amháin a tháirgtear agus a mhargaítear PRM a bhaineann leis an gcineál;
(o) i gcás inarb infheidhme, tagairt do nasc an chomhaid, i gcás inar féidir torthaí na scrúduithe i leith luach le haghaidh saothrú agus úsáid inbhuanaithe, dá dtagraítear in Airteagal 52, a aimsiú;
(p) i gcás inarb infheidhme, tásc ar mhodh atáirgthe an chineáil, lena n‑áirítear faisnéis faoi cé acu is cineál hibrideach nó sintéiseach é nó nach ea,
(q) i gcás inarb infheidhme, an tásc go bhfuil planda TGN de chatagóir 1 sa chineál, nó go bhfuil an cineál comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 1 de réir bhrí Airteagal 3(7) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN) agus an uimhir (na huimhreacha) aitheantais dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointe (e) de [Togra TGN] arna sannadh don phlanda (do na plandaí) TGN de chatagóir 1 óna ndíorthaítear é (iad);
(r) i gcás inarb infheidhme, an tásc go bhfuil planda TGN de chatagóir 2 sa chineál, nó go bhfuil an cineál comhdhéanta de phlanda TGN de chatagóir 2 de réir bhrí Airteagal 3(8) de Rialachán (AE) …/… (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN);
(s) i gcás inarb infheidhme, tásc go bhfuil an cineál luibhicídfhulangach agus tásc faoi na dálaí saothraithe is infheidhme;
(t) i gcás inarb infheidhme, tásc go bhfuil saintréithe áirithe ag an gcineál seachas an tsaintréith dá dtagraítear i bpointe (i bpointí), a bhféadfadh éifeachtaí neamh-inmhianaithe agranamaíocha a bheith ann dá mbarr agus tásc faoi na dálaí saothraithe is infheidhme. [Leasú 312]
(ta) i gcás inarb infheidhme, na cearta maoine intleachtúla faoi seach lena gcumhdaítear an cineál, a chomhpháirteanna, a shaintréithe agus a phróiseas forbartha, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme agus is iomchuí, líon aon phaitinn(í) ábhartha arna deonú nó ar feitheamh a chaithfidh an t-údarás inniúil a sholáthar agus a nuashonrú; [Leasú 313]
(tb) i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar na teicnící pórúcháin a cuireadh i bhfeidhm chun an cineál a fhorbairt. [Leasú 314]
IARSCRÍBHINN VIIa
CINNÍOCHTAÍ UASTA DO CHAOMHNÚ DINIMICIÚIL
Tá feidhm ag an gcainníocht in aghaidh an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh, in aghaidh na bliana agus in aghaidh an chineáil /aontachais/éicitíopa/acmhainne ghéiniteach planda.
Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha de speicis plandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lch. 1).
Treoir 2008/72/CE ón gComhairle an 15 Iúil 2008 maidir le hábhar iomadaithe agus plandaithe glasraí, seachas síol, a mhargú (IO L 205, 1.8.2008, lch. 28).
Treoir 2008/90/CE ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 maidir le margú ábhair iomadaithe plandaí torthaí agus margú plandaí torthaí a bheartaítear do tháirgeadh torthaí (IO L 267, 8.10.2008, lch. 8).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘A farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system’ [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], (COM(2020) 381 final).
+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad (… (COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
Decision Revising the OECD Schemes for the Varietal Certification or the Control of Seed Moving in International Trade [Cinneadh lena ndéantar Athbhreithniú ar Scéimeanna ECFE maidir le Deimhniú Cineáil nó Rialú ar Shíolta a bhíonn ag Gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta]OECD/LEGAL/0308] (‘Scéimeanna Síolta ECFE’).
Cinneadh 2004/869/CE ón gComhairle an 24 Feabhra 2004 i ndáil leis an gConradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht a thabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 378, 23.12.2004, lch. 1).
+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad (… (COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO agus tagairt ELI an Rialacháin sin san fhonóta.
Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).
Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún, IO L 55, 28.2.2011, lch. 13–18.
+ IO: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad (… (COD)) agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin san fhonóta.
Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2011, lch. 1).
Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise) (COM(2023)0415 – C9-0237/2023 – 2023/0228(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0415),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0237/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Nollaig 2023(1),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0142/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/105/CE ón gComhairle (Rialachán maidir le hábhar atáirgthe foraoise)
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),
[Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,]
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Leagtar amach i dTreoir 1999/105/CE(5) ón gComhairle rialacha maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise (‘FRM’).
(2) Cumhdaítear 45 % de limistéar talún an Aontais le foraoisí agus comhlíonann siad ról ilfheidhmeach lena gcuimsítear feidhmeanna sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil, éiceolaíocha agus cultúrtha. Tá feidhm phríomhordúil mar linn charbóin ag foraoisí, i measc feidhmeanna eile, sa bheartas maidir leis an maolú ar an athrú aeráide. Tá ábhar atáirgthe foraoise atá d’ardcháilíocht, oiriúnaithe don aeráid agus éagsúil fíor‑riachtanachéagsúlaithe fíor-riachtanach chun na riachtanais sin a chumhdach. [Leasú 1]
(3) I bhfianaise forbairtí nua teicniúla agus eolaíochta, nuashonrú na Rialacha agus na Rialachán i Scéim na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Deimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a bhíonn ag gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta(6) (‘Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE’), tosaíochtaí nua beartais an Aontais i ndáil le hinbhuanaitheacht, oiriúnú don athrú aeráide agus bithéagsúlacht agus go háirithe an Comhaontú Glas don Eoraip(7), chomh maith leis an taithí a fuarthas le linn chur chun feidhme Threoir 1999/105/CE, ba cheart gníomh nua a chur in ionad na Treorach sin. Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha nua seo ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart Rialachán a bheith sa ghníomh sin.
(4) Is é is aidhm do Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE táirgeadh agus úsáid síolta, codanna de phlandaí agus plandaí a bailíodh, a próiseáladh agus a margaíodh i mbealach lena n‑áirithítear ardcháilíocht agus infhaighteacht ábhair atáirgthe foraoise a spreagadh. De bharr fhad na dtimthriallta foraoise agus costas fáschoillte agus infheistíocht fhadtéarmach i bhforaoisí, tá sí fíor‑riachtanach go bhfaigheadh foraoiseoirí faisnéis atá go hiomlán iontaofa maidir le tionscnamh agus saintréithe géiniteacha an ábhair atáirgthe foraoise a úsáideann siad i bhfáschoillte. Comhlíonann Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE an riachtanas sin trí bhíthin deimhniúcháin agus inrianaitheachta. Tá ról mór aige san iarracht chun cuidiú le foraoisí an domhain a oiriúnú do dhálaí aeráide atá ag athrú. Cuirtear i dtábhacht caomhnú éagsúlachta speiceas agus éagsúlacht ghéiniteach mhór a áirithiú laistigh de speicis agus luchtóga síolta lena bhfeabhsaítear, dá réir sin, acmhainneacht oiriúnaitheach ábhair atáirgthe foraoise d’athphlandú limistéir le crainn (‘athfhoraoisiú’) agus cruthú foraoisí nua (‘foraoisiú’) amach anseo. Féadfaidh gá a bheith le hathfhoraoisiú i gcás ina ndearna teagmhais adhaimsire, falscaithe, ráigeanna galair agus lotnaidí, nó tubaistí eile difear do chodanna d’fhoraois a bhí ann cheana.
(5) Leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip gealltanas an Choimisiúin chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus dúshláin a bhaineann leis an gcomhshaol. Is é is aidhm dó geilleagar an Aontais a chlaochlú don todhchaí inbhuanaithe. Ní mór rialacha an Aontais maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a bheith i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach(8) agus leis na trí straitéis cur chun feidhme sa Chomhaontú Glas don Eoraip: Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide(9), Straitéis Foraoiseachta nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030(10) agus Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030(11).
(6) Le Rialachán (AE) 2021/1119, ceanglaítear ar Bhallstáit agus institiúidí ábhartha an Aontais dul chun cinn leanúnach a áirithiú maidir le hacmhainneacht oiriúnaithe a fheabhsú, athléimneacht a neartú agus leochaileacht i leith an athraithe aeráide a laghdú. Ceann de na haidhmeanna atá ag Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an oiriúnú don athrú aeráide, dá bhrí sin, ná dlús a chur le hacmhainneacht oiriúnaitheach an Aontais i ndáil leis an athrú aeráide, trí na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise, i measc rialacha eile, a leasú. Le reachtaíocht an Aontais ba cheart táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise ar fud an Aontais a spreagadh. Chun na críche sin, maidir leis an bhféidearthacht do na Ballstáit srian a chur ar fhormheas bunábhair áirithe agus margú ábhair atáirgthe foraoise áirithe d’úsáideoirí deiridh a thoirmeasc, mar a leagtar amach i dTreoir 1999/105/CE, ba cheart an fhéidearthacht sin a dhíothú.
(7) Ar phríomhchuspóirí Straitéis Foraoiseachta nua an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 tá foraoisiú éifeachtach, agus caomhnú foraoisí agus athchóiriú foraoisí san Aontas, chun cuidiú le hionsú CO2 a mhéadú, tarlú agus méid dóiteán foraoise a laghdú, agus an bithgheilleagar a chur chun cinn, agus prionsabail éiceolaíocha atá fabhrach i ndáil leis an mbithéagsúlacht á n‑urramú. Tá sé fíor‑riachtanach athchóiriú foraoisí agus bainistiú inbhuanaithe athneartaithe ar fhoraoisí a áirithiú chun oiriúnú don athrú aeráide agus athléimneacht foraoisí. I ndáil leis sin, deirtear i Straitéis Foraoiseachta nua an Aontais go mbeidh gá le méideanna móra ábhair atáirgthe foraoise iomchuí chun foraoisí a oiriúnú don athrú aeráide agus chun foraoisí a athchóiriú tar éis damáiste aeráide. Tuigtear leis sin iarrachtaí chun acmhainní géiniteacha foraoise a shlánú agus iad a úsáid go hinbhuanaithe, iarrachtaí ar a mbraitheann foraoiseacht atá níos aeráid‑díonaí. Tá gá le hiarrachtaí chun táirgeadh agus infhaighteacht ábhar atáirgthe foraoise den sórt sin a mhéadú freisin, chun faisnéis níos fearr a sholáthar maidir lena oiriúnacht do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha agus chun a tháirgeadh comhoibríoch agus aistriú trasna teorainneacha náisiúnta laistigh den Aontas a fheabhsú. Ba cheart a cheangal ar oibreoirí gairmiúla, dá réir sin, faisnéis a sholáthar do na húsáideoirí roimh ré maidir le hoiriúnacht ábhair atáirgthe foraoise do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha.
(8) Is é is aidhm do Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 bithéagsúlacht an Aontais a chur ar bhóthar an téarnaimh faoi 2030. Faoi chuimsiú na straitéise sin, tá reachtaíocht an Aontais le caomhnú éagsúlachta speiceas a chur i dtábhacht agus cáilíocht ard ghéiniteach agus éagsúlacht ard ghéiniteach a áirithiú laistigh de speicis agus luchtóga síolta. Is é is aidhm dó sin soláthar ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht agus atá éagsúiléagsúlaithe go géiniteach agus atá oiriúnaithe do dhálaí aeráide reatha agus dálaí aeráide réamh‑mheastaréamh-mheasta don todhchaí a éascú. Maidir le caomhnú agus feabhsú bhithéagsúlacht na bhforaoisí, lena n‑áirítear éagsúlacht ghéiniteach crann, tá siad fíor‑riachtanachfíor-riachtanach i ndáil le bainistiú inbhuanaithe ar fhoraoisí agus chun tacú le hoiriúnú foraoisí don athrú aeráide. Ba cheart speicis chrainn agus hibridí saorga faoin Rialachán seo a bheith oiriúnach ó thaobh cúrsaí géiniteacha de do na dálaí áitiúla agus ba cheart iad a bheith ar ardcháilíocht. [Leasú 2]
(9) Tá gné fhadtéarmach thrasteorann ann toisc go bhfuil coinne leis go gcuirfear dlús mór le himirce criosanna fásra ó thuaidh sna deacáidí atá le teacht. Dá réir sin, maidir leis an gceanglas sa Rialachán seo chun faisnéis a sholáthar faoi na criosanna inar féidir síolta a chur nó an ceanglas go n‑oiriúnófar ábhar atáirgthe foraoise do dhálaí áitiúla, bheadh na ceanglais sin ina sócmhainní thar a bheith úsáideach d’fhoraoiseoirí. Ba cheart do na húdaráis inniúla, dá bhrí sin, criosanna a ainmniú lena sonraítear go bhfuil an síol sna criosanna sin oiriúnach do na dálaí áitiúla agus gur féidir é a chur (‘criosanna aistriúcháin síolta’). Ar an gcaoi chéanna, ba cheart dóibh limistéir a ainmniú lena sonraítear go bhfuil ábhar atáirgthe foraoise sna limistéir sin oiriúnaithe do na dálaí áitiúla (‘limistéir úsáide’).
(10) I dTreoir 1999/105/CE sainmhínítear ábhar atáirgthe foraoise i ndáil lena thábhacht chun críocha foraoiseachta san Aontas uile nó i gcuid den Aontas, ach tá sé doiléir fós maidir leis na críocha foraoiseachta sin. Ar mhaithe le soiléireacht, liostaítear i raon feidhme an Rialacháin seo na críocha dá bhfuil sé tábhachtach ábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a úsáid.
(11) Féadfar ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh lena úsáid i bhforaoisiú/athfhoraoisiú agus bealaí eile ina bplandaítear crainn amhail adhmad agus bithábhair a tháirgeadh, an bhithéagsúlacht a chaomhnú, éiceachórais foraoise a athchóiriú, oiriúnú don athrú aeráide, an t‑athrú aeráide a mhaolú, agus acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe.
(12) Léirítear sa taighde go bhfuil measúnú agus formheas bunábhair i ndáil leis an gcríoch shonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise thar a bheith tábhachtach. Anuas air sin, tá tionchar dearfach ag plandú an ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht san áit cheart ar an gcuspóir dá n‑úsáidtear an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin. Ciallaíonn ‘san áit cheart’ go bhfuil an t‑ábhar atáirgthe foraoise oiriúnach go géiniteach agus go feinitíopach don suíomh ina bhfástar é, lena n‑áirítear na réamh‑mheastacháin aeráide ábhartha ina leith.
(13) Chun soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú de thoradh an éilimh mhéadaithe ar ábhar atáirgthe foraoise, is gá aon bhacainn iarbhír nó fhéideartha ar an trádáil a bhaint, bacainní a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shaorghluaiseacht ábhair atáirgthe foraoise laistigh den Aontas. Ní féidir an aidhm sin a bhaint amach ach amháin má fhorchuirtear na caighdeáin is airde is féidir leis na rialacha cuí ón Aontas maidir le hábhar atáirgthe foraoise.
(14) Ba cheart a chur san áireamh i rialacha an Aontais maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise riachtanais phraiticiúla agus níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir le speicis agus hibridí saorga áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá na speicis agus hibridí saorga sin tábhachtach do tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise le haghaidh foraoisiú, athfhoraoisiú agus bealaí eile ina bplandaítear crainn chun adhmad agus bithábhair a tháirgeadh, an bhithéagsúlacht a chaomhnú, éiceachórais foraoise a athchóiriú, oiriúnú don athrú aeráide, an t‑athrú aeráide a mhaolú, agus acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe.
(15) Is é is aidhm don Rialachán seo táirgeadh agus margú ábhar atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a áirithiú. Chun cuidiú le foraoisí athléimneacha a chruthú agus éiceachórais foraoise a athchóiriú, ba cheart eolas a bheith ag úsáideoirí, sula gceannóidh siad ábhar atáirgthe foraoise, maidir le hinbhuanaitheacht an ábhair atáirgthe foraoise sin do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha sa limistéar ina n‑úsáidfear é.
(16) Chun a áirithiú go n‑oiriúnófar ábhar atáirgthe foraoise deimhnithe do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha an limistéir ina bplandaítear é, ba cheart do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar shaintréithe inbhuanaitheachta an bhunábhair le linn an nós imeachta chun an bunábhar sin a fhormheas. Ba cheart do na saintréithe inbhuanaitheachta sin a bheith bainteach le hoiriúnú an bhunábhair sin do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla agus an fíoras go bhfuil na crainn saor ó lotnaidí agus na siomptóim a ghabhann leo.
(17) Níor cheart ábhar atáirgthe foraoise a bhuaint ach amháin ó bhunábhar a ndearnadh measúnú air agus ar fhormheas na húdaráis inniúla é chun an cháilíocht is airde is féidir den ábhar atáirgthe foraoise sin a áirithiú. Ba cheart bunábhar formheasta a chlárú i gclár náisiúnta in éineacht le tagairt chláir uathúil agus tagairt d’aonad formheasa.
(17a) Chun cáilíocht na síolta a choinneáil, ba cheart na pacáistí a dhearadh sa chaoi nach mbeidh siad neamhfhóinteach a luaithe a osclaítear iad, lena n-áiritheofaí go mbeidh úsáideoirí ar an eolas faoi aon chur isteach ar na síolta agus lena spreagfaí iad chun an t-ábhar ar fad a úsáid i gceart, agus ar an gcaoi sin seachnófaí stóráil mhícheart na síolta nó a n-úsáid nuair is dócha go bhfuil siad millte. [Leasú 3]
(18) Chun oiriúnú d’fhorbairtí eolaíochta agus teicniúla ar chaighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart úsáid teicnící bith‑mhóilíneacha a áireamh mar mhodh comhlántach sa nós imeachta le haghaidh fhormheas an bhunábhair. Ba cheart na teicnící bith‑mhóilíneacha sin a cheadú chun measúnú a dhéanamh ar thionscnamh bunábhair nó chun scagthástáil a dhéanamh ar an mbunábhar le haghaidh saintréithe de fhrithsheasmhacht in aghaidh galar trí mharcóirí móilíneacha.
(19) Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát cuí máistirdheimhniú a eisiúint le haghaidh an ábhair atáirgthe foraoise uile a dhíorthaítear (i.e. a bhuaintear) ó bhunábhar formheasta. Áirithítear leis an máistirdheimhniú sin gur féidir an t‑ábhar atáirgthe foraoise a shainaithint, go bhfuil faisnéis aige maidir le tionscnamh an bhunábhair agus soláthraítear na sonraí is iomchuí dá úsáideoirí agus do na húdaráis inniúla atá freagrach as a rialú oifigiúil. Ba cheart ceadú dó an máistirdheimhniú a eisiúint i bhfoirm leictreonach.
(19a) Ba cheart do gach Ballstát liosta náisiúnta de mháistirdheimhnithe eisithe a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta agus an liosta sin a chur ar fáil don Choimisiún agus d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát eile go léir. [Leasú 4]
(20) Níor cheart a bheith in ann ach ábhar atáirgthe foraoise a buanadh ó bhunábhar formheasta a dheimhniú agus a chur ar an margadh. Ba cheart ábhar atáirgthe foraoise a dheimhniú mar ábhar atá ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ ag na húdaráis inniúla agus ní mór é a mhargú agus tagairt á déanamh do na catagóirí sin. Taispeántar leis na cineálacha catagóirí sin cé acu de shaintréithe an bhunábhair a ndearnadh measúnú orthu agus tugtar le fios leo cáilíocht an ábhair atáirgthe foraoise. Maidir le hábhar atáirgthe foraoise de cháilíocht níos ísle (catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’), seiceálfar bunábhar le haghaidh na saintréithe bunúsacha. Maidir le hábhar atáirgthe foraoise (catagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’), roghnófar crainn tuismitheora de bharr saintréithe den scoth agus dearfar scéimeanna crosphórúcháin. I gcás ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘cáilithe’, ardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise ar bhonn shaintréithe na gcrann tuismitheora. I gcás na catagóire ‘tástáilte’, ní mór ardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise sin a léiriú i gcomparáid leis an mbunábhar ónar buanadh an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin nó i gcomparáid le daonra tagartha. Ba cheart do na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ d’ábhar atáirgthe foraoise a bheith faoi réir ceanglais aonfhoirmeacha maidir le táirgeadh agus margú, chun trédhearcacht, téarmaí cothroma iomaíochta agus sláine an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú.
(21) Ba cheart na rialacha deimhniúcháin a shoiléiriú i gcás ábhar atáirgthe foraoise a táirgeadh trí phróisis táirgthe nuálach agus go háirithe teicnící táirgthe ábhair atáirgthe foraoise chun cineál sonrach ábhair atáirgthe foraoise a tháirgeadh, is é sin clóin. Toisc go bhféadfadh láthair táirgthe na gclón sin a bheith difriúil le suíomh an chrainn bhunaidh (i.e. bunábhar) ónar díorthaíodh an clón/na clóin, ba cheart na rialacha a leasú chun inrianaitheacht a ráthú.
(22) Maidir leis na ceanglais maidir le bunábhar atá beartaithe chun críche caomhnúcháin agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha foraoise, tá siad difriúil leis na ceanglais maidir le bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadhtáirgeadh ábhair atáirgthe foraoise chun críocha tráchtála, mar gheall ar na critéir roghnúcháin éagsúla a chuirtear i bhfeidhm don dá chineál bunábhair sin. Chun críche caomhnúcháin agus chun acmhainní géiniteacha foraoise a úsáid go hinbhuanaithe, ba cheart na crainn uileuasmhéid crann ó chlampa crann san fhoraois a choimeád. Is gá sin chun cuidiú le héagsúlacht ghéiniteach laistigh de speiceas aonair crainn a mhéadú. Ar an taobh eile, níor cheart ach crainn ag a bhfuil ard‑saintréithe a roghnú i gcás bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadhtáirgeadh ábhair atáirgthe foraoise chun críocha tráchtála. Ba cheart do na Ballstáitd’oibreoirí gairmiúla a bheith in ann, dá bhrí sin, maolú ar na rialacha is infheidhme i ndáil le formheas bunábhair agus fógra a thabhairt don údarás inniúil faoin mbunábhar sin atá beartaithe chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú. [Leasú 5]
(23) Is í an chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’ an t‑íoschaighdeán a cheanglaítear le haghaidh mhargú an ábhair atáirgthe foraoise, toisc nach bhfuiltear tar éis mórán roghnaithe fheinitíopaigh nó roghnú feinitíopach ar bith a dhéanamh i ndáil leis an mbunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’. Chun inrianaitheacht a áirithiú, ba cheart don oibreoir gairmiúil suíomh an bhunábhair (i.e. bunáitíocht) óna mbailítear an t‑ábhar atáirgthe foraoise a thaifeadadh. Ba cheart tionscnamh an bhunábhair sin a lua má tá sé ar eolas. Tá sé sin i gcomhréir le Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus an taithí a fuarthas le Treoir 1999/105/CE.
(24) De bhun Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus tar éis chur i bhfeidhm Threoir 1999/105/CE, ba cheart don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘roghnaithe’ bunaithe ar bhreathnú shaintréithe an bhunábhair sin, agus an cuspóir sonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise a buanadh ón mbunábhar sin. Ba cheart cáilíocht fhoriomlán na catagóire sin a áirithiú. Toisc go bhfeictear ardleibhéal aonfhoirmeachta sa daonra, ba cheart crainn ag a bhfuil saintréithe lagmheasa, (e.g. méid níos lú) i gcomparáid le meánmhéid crainn sa daonra foriomlán, a bhaint.
(25) Chun ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘cáilithe’ a tháirgeadh, ba cheart don oibreoir gairmiúil na comhpháirteanna den bhunábhar a úsáidfear sa dearadh crosphórúcháin ar leibhéal aonair a roghnú de bharr na saintréithe den scoth atá acu i ndáil le, mar shampla, oiriúnú do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla. Ba cheart don údarás inniúil comhdhéanamh agus dearadh crosphórúcháin molta na gcomhpháirteanna sin a fhormheas, chomh maith le leagan amach an ghoirt, na dálaí leithlisiúcháin agus suíomh an bhunábhair sin. Tá sé sin tábhachtach chun teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme de bhun Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus chun an taithí a fuarthas ó Threoir 1999/105/CE a chur san áireamh.
(26) Ba cheart an bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhar atáirgthe foraoise sa chatagóir tástáilte a bheith faoi réir na gceanglas is déine is féidir. Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir le hardchéimíocht ábhair atáirgthe foraoise trí bhíthin é a chur i gcomparáid le ceann amháin de na caighdeáin fhormheasta nó réamhroghnaithe, nó le roinnt de na caighdeáin sin. Roghnaíonn an t‑oibreoir gairmiúil na caighdeáin sin ar bhonn na críche dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’. I ndáil leis sin, más é oiriúnú don athrú aeráide a bheidh i gcríoch an ábhair atáirgthe foraoise sin, cuirfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise i gcomparáid leis na caighdeáin lena mbaineann dea‑fheidhmíocht i ndáil le hoiriúnú do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha áitiúla (e.g. a bheith saor, go praiticiúil, ó lotnaidí agus na siomptóim a ghabhann leo). Tar éis roghnú na gcomhpháirteanna den bhunábhar, ba cheart don oibreoir gairmiúil ardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise a léiriú le tástáil chomparáideach nó meastachán a dhéanamh i ndáil lena ardchéimíocht trí bhíthin meastóireacht a dhéanamh ar chomhpháirteanna géiniteacha an bhunábhair sin. Ba cheart don údarás inniúil a bheith páirteach i ngach céim den phróiseas. Ba cheart dó an dearadh turgnamhach agus na tástálacha formheasa bunábhair a fhormheas, na taifid a sholáthraíonn an t‑oibreoir gairmiúil dó a dheimhniú agus torthaí na dtástálacha maidir le hardchéimíocht an ábhair atáirgthe foraoise nó torthaí na meastóireachta géinití a fhormheas de réir mar is iomchuí. Is gá sin chun teacht leis na caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme de bhun Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus caighdeáin idirnáisiúnta eile is infheidhme, agus chun an taithí a fuarthas ó Threoir 1999/105/CE a chur san áireamh.
(27) Maireann an measúnú ar bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ 10 mbliana ar an meán. Chun rochtain níos tapa ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’ ar an margadh a áirithiú, fad atá an measúnú ar an mbunábhar fós ar bun, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ag na Ballstáit an bunábhar sin a fhormheas ar bhonn sealadach, go ceann tréimhse uasta 10 mbliana, ina gcríoch uile nó cuid dá gcríoch. Níor cheart an formheas sin a dheonú ach amháin má thugtar le fios le torthaí sealadacha na meastóireachta géinití nó torthaí na dtástálacha comparáideacha go gcomhlíonfaidh an bunábhar ceanglais an Rialacháin seo nuair a bheidh na tástálacha críochnaithe. Ba cheart an measúnú luath sin a athscrúdú ar eatramh uasta 10 mbliana.
(28) Maidir le comhlíonadh na gceanglas ag ábhar atáirgthe foraoise le haghaidh na gcatagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’, ba cheart an chomhlíontacht sin a dheimhniú le hiniúchtaí a dhéanfaidh na húdaráis inniúla de réir mar is iomchuí i gcás gach catagóire (‘deimhniú oifigiúil’) agus ba cheart é a dhearbhú le lipéad oifigiúil.
(29) Ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise géinmhodhnaithe a chur ar an margadh ach amháin má tá sé sábháilte do shláinte an duine agus don chomhshaol agus má údaraíodh é le haghaidh saothrú de bhun Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12) nó Rialachán (CE) 1829/2003(13) agus má bhaineann an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin leis an gcatagóir ‘tástáilte’. Ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise a fhaightear de thoradh teicnící géanómaíocha nua áirithe a chur ar an margadh ach amháin má chomhlíonann sé ceanglais Rialachán (AE) [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán (AE) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plandaí a fhaightear ó theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha(14) agus má bhaineann an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin leis an gcatagóir tástáilte.
(30) Ba cheart faisnéis faoin mbunábhar, ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta d’orgánach géinmhodhnaithe nó a táirgeadh le teicnící géanómaíocha nua áirithe, a bheith ar an lipéad oifigiúil.
(31) Ba cheart do na hoibreoirí gairmiúla a bheith údaraithe ag an údarás inniúil chun an lipéad oifigiúil le haghaidh speicis agus catagóirí áirithe ábhair atáirgthe foraoise a eisiúint agus a phriontáil faoi mhaoirseacht oifigiúil. Ar an gcaoi sin tabharfar níos mó solúbthachta do na hoibreoirí gairmiúla i ndáil le margú an ábhair atáirgthe foraoise sin ina dhiaidh sin. Mar sin féin, ní féidir leis na hoibreoirí gairmiúla an lipéad a phriontáil nuair a bheidh an t‑ábhar atáirgthe foraoise lena mbaineann deimhnithe, má chomhlíontar na ceanglais go léir arna sainiú ag an údarás inniúil, agus tar éis iniúchadh a dhéanamh ar an údarás inniúil a chinneann go bhfuil an inniúlacht, an bonneagar agus na hacmhainní is gá acu. Tá gá leis an údarú sin de bharr chineál oifigiúil an lipéid oifigiúil agus chun na caighdeáin cháilíochta is airde is féidir a ráthú d’úsáideoirí ábhair atáirgthe foraoise. Ar an gcaoi sin tabharfar níos mó solúbthachta do na hoibreoirí gairmiúla i ndáil le margú an ábhair atáirgthe foraoise sin ina dhiaidh sin. Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le tarraingt siar nó modhnú an údaraithe sin. [Leasú 6]
(32) Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ceanglais bhreise nó ceanglais níos déine a fhorchur maidir le formheas an bhunábhair a tháirgtear ina gcríoch féin, faoi réir údarú a dheonaíonn an Coimisiún. Leis sin d’fhéadfaí cur chuige náisiúnta nó réigiúnach maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a chur chun feidhme agus cur chuige a bheadh dírithe ar fheabhsú cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann, cosaint an chomhshaoil, nó rannchuidiú le cosaint na bithéagsúlachta agus athchóiriú éiceachóras foraoise.
(33) Chun trédhearcacht agus rialuithe níos éifeachtaí ar tháirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú, ba cheart do na hoibreoirí gairmiúla a bheith cláraithe sna cláir a bhunaigh na Ballstáit de bhun Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15). Laghdaítear le clárú den sórt sin an t‑ualach riaracháin do na hoibreoirí gairmiúla sin. Tá gá leis le haghaidh éifeachtúlacht an chláir oifigiúil d’oibreoirí gairmiúla agus chun clárú dúbailte a sheachaint. Na hoibreoirí gairmiúla atá faoi raon feidhme an Rialacháin seo, cumhdaítear iad faoi raon feidhme an chláir oifigiúil d’oibreoirí gairmiúla faoi Rialachán (AE) 2016/2031.
(34) Sula gceannaítear ábhar atáirgthe foraoise, ba cheart do na hoibreoirí gairmiúla an fhaisnéis uile a bhfuil gá léi maidir le hoiriúnachtsainiúlacht agus oiriúnacht an ábhair atáirgthe foraoise do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha ar leithfaoi seach a chur ar fáil don údarás inniúil agus do cheannaitheoirí féideartha an ábhair atáirgthe foraoise sin, chun é a chur ar a gcumas dóibh an t‑ábhart-ábhar atáirgthe foraoise is iomchuí dádo réigiún sonrach a roghnú. [Leasú 7]
(35) I gcás bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’, ba cheart do na Ballstáit, i gcás na speiceas ábhartha, na réigiúin bhunáitíochta a chríochú chun limistéar nó grúpaí limistéar ina bhfuil dálaí éiceolaíocha atá aonfhoirmeach go leor a shainaithint, ar limistéar nó grúpaí limistéar iad ina bhfuil bunábhar lena bhfuil saintréithe feinitíopacha nó géiniteacha comhchosúla. Tá gá leis sin toisc go bhfuil an t‑ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear ón mbunábhar sin le margú agus tagairt á déanamh do na réigiúin bhunáitíochta sin.
(36) Chun forbhreathnú éifeachtach agus trédhearcacht maidir leis an ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart do gach Ballstáit clár náisiúnta den bhunábhar le haghaidh na speiceas éagsúil agus na hibridí saorga éagsúla atá formheasta ar a chríoch, agus liosta náisiúnta, nach mór a chur i láthair mar achoimre den chlár náisiúnta a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta i bhformaid leictreonach.
(37) Ar an gcúis chéanna, ba cheart don Choimisiún liosta an Aontais de bhunábhar formheasta le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise a fhoilsiú i bhformáid leictreonach, bunaithe ar na liostaí náisiúnta a sholáthróidh gach Ballstát. Ba cheart faisnéis faoin mbunábhar, ina bhfuil orgánach géinmhodhnaithe nó atá comhdhéanta d’orgánach géinmhodhnaithe nó a táirgeadh le teicnící géanómaíocha nua áirithe, a bheith i liosta sin an Aontais.
(38) Ba cheart do gach Ballstát plean teagmhais a tharraingt suas agus a choimeád cothrom le dáta chun soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú chun limistéir, a ndéanann teagmhais adhaimsire, falscaithe, ráigeanna de ghalair agus de lotnaidí, tubaistí nó aon teagmhas eile difear dóibh, a athfhoraoisiú. Ba cheart rialacha a leagan amach maidir le hábhar an phlean sin, chun gníomhaíocht thráthúil réamhghníomhach agus éifeachtach in aghaidh rioscaí den sórt sin, má thagann siad chun cinn, a áirithiú. Ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ábhar an phlean sin a oiriúnú do dhálaíshainiú i gcomhréir le dálaí aeráide agus éiceolaíocha sonracha a gcríoch agus ba cheart dóibh a bheith in ann an t-ábhar shin a oiriúnú i bhfianaise eolas eolaíoch nua. Léirítear leis an gceanglas sin freisin na gníomhaíochtaí ullmhachta ginearálta ar cheart do na Ballstáit a dhéanamh ar bhonn deonach faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta(16). Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, ba cheart don Choimisiún, trí chúnamh teicniúil, tacú le tarraingt suas an phlean agus, i gcás inarb infheidhme, é a thabhairt cothrom le dáta. [Leasú 8]
(39) Ba cheart an t‑ábhar atáirgthe foraoise, le linn chéimeanna uile an táirgthe, a choimeád ar leithligh faoi threoir aonad aonair formheasa. Ba cheart na haonaid formheasa sin a tháirgeadh agus a mhargú ina luchtóga, nach mór a bheith leor‑aonfhoirmeach agus ba cheart iad a shainaithint mar luchtóga atá ar leithligh ó luchtóga eile ábhair atáirgthe foraoise. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh idir luchtóga síolta agus luchtóga plandaí chun an cineál ábhair atáirgthe foraoise a shainaithint agus inrianaitheacht go dtí an bunábhar formheasta ónar buanadh an t‑ábhar atáirgthe foraoise a áirithiú. Ráthaítear leis sin cothabháil aitheantas agus cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise sin.
(40) Níor cheart síolta a mhargú ach amháin má bhíonn siad i gcomhréir le caighdeáin cháilíochta. Níor cheart iad a lipéadú ná a mhargú ach amháin agus iad i bpacáistí séalaithe, chun gur féidir iad a shainaithint go hiomchuí, chomh maith lena gcáilíocht agus inrianaitheacht, agus chun calaois a sheachaint.
(41) Chun aidhm Straitéis Dhigiteach an Aontais(17) maidir leis an gclaochlú chun na teicneolaíochtaí digiteacha a chur in oiriúint do dhaoine agus do ghnólachtaí a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’) a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le rialacha maidir le taifeadadh digiteach na mbeart uile a dhéantar chun máistirdheimhniú agus lipéad oifigiúil a eisiúint agus bunú ardáin láraithe lena n‑éascaítear próiseáil na dtaifead sin, an rochtain orthu agus a n‑úsáid.
(42) Le linn na dtréimhsí ina mbeidh deacrachtaí sealadacha i ndáil le buaint soláthairtí leordhóthanacha d’ábhar atáirgthe foraoise ó speicis áirithe, ba cheart bunábhar lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna a fhormheas ar bhonn sealadach faoi réir ceanglais áirithe. Ba cheart na ceanglais sin, nach mbeidh chomh dian céanna, a bheith bainteach le formheas bunábhair atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh catagóirí éagsúla ábhair atáirgthe foraoise. Is gá sin chun cur chuige solúbtha a áirithiú faoi imthosca díobhálacha agus chun suaitheadh mhargadh inmheánach an ábhair atáirgthe foraoise a sheachaint.
(43) Níor cheart ábhar atáirgthe foraoise a allmhairiú ó thríú tíortha ach amháin más rud é go suitear go gcomhlíonann sé ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas. Is gá sin chun a áirithiú go dtugtar leis an ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe sin an leibhéal cáilíochta céanna atá ag an ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear san Aontas. Leis an gcur chuige sin, áiritheofar ní hamháin go gcomhlíonfaidh allmhairí ábhair atáirgthe foraoise caighdeáin an Aontais ach go gcuirfidh siad le héagsúlacht ghéiniteach agus inbhuanaitheacht plandaí. [Leasú 9]
(44) I gcás ina n‑allmhairítear an t‑ábhar atáirgthe foraoise san Aontas ó thríú tír, ba cheart don oibreoir gairmiúil lena mbaineann an t‑údarás inniúil cuí a chur ar an eolas sula n‑allmhaireofar an t‑ábhar atáirgthe foraoise, trí chóras bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO) arna bhunú de bhun Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(18). Thairis sin, ba cheart máistirdheimhniú nó deimhniú oifigiúil, arna eisiúint ag an tríú tír tionscnaimh, agus taifid ina mbeidh sonraí ar an ábhar atáirgthe foraoise sin, arna soláthar ag an oibreoir gairmiúil sa tríú tír sin, a bheith in éineacht leis an ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe. Ba cheart an lipéad oifigiúil a cheangal leis an ábhar atáirgthe foraoise sin, toisc gur gá sin chun roghanna eolacha a áirithiú d’úsáideoirí an ábhair atáirgthe foraoise sin agus cúrsaí a éascú do na húdaráis inniúla agus na rialuithe oifigiúla faoi seach á ndéanamh acu.
(45) Chun faireachán a dhéanamh ar thionchar an Rialacháin seo, agus chun é a chur ar chumas an Choimisiúin measúnú a dhéanamh ar na bearta a thugtar isteach, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú a dhéanamh gach 5 bliana maidir le cainníochtaí bliantúla ábhair atáirgthe foraoise dheimhnithe, na pleananna teagmhais náisiúnta atá glactha, an fhaisnéis atá ar fáil d’úsáideoirí maidir leis an áit is fearr chun ábhar atáirgthe foraoise a phlandú trí shuíomhanna gréasáin agus/nó treoracha do phlandóirí, na cainníochtaí d’ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe agus na pionóis a forchuireadh.
(46) D’fhonn oiriúnú do ghluaiseacht criosanna fásra agus raonta speiceas crann de thoradh an athraithe aeráide, agus aon fhorbairt eile ar eolas teicniúil nó eolaíochta, lena n‑áirítear aon eolas maidir leis an athrú aeráide, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis an liosta speiceas crainn, agus hibridí saorga díobh sin, a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, a leasú.
(47) D’fhonn oiriúnú don fhorbairt ar eolas eolaíochta agus teicniúil agus ar Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus caighdeáin idirnáisiúnta eile is infheidhme, agus chun Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19) a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis (i) na ceanglais a leasú, na ceanglais sin a bhaineann le bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’, agus ‘tástáilte’ agus (ii) na catagóirí faoina bhféadfar ábhar atáirgthe foraoise ó na cineálacha éagsúla bunábhair a mhargú a leasú.
(48) Chun cur chuige níos solúbtha do na Ballstáit a áirithiú, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE i ndáil leis na coinníollacha chun margú ábhair atáirgthe foraoise, nach gcomhlíonann ceanglais uile na catagóire iomchuí, a údarú ar bhonn sealadach.
(49) D’fhonn oiriúnú do na forbairtí teicniúla agus eolaíochta, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na ceanglais atá le comhlíonadh ag luchtóga torthaí agus luchtóga síolta de na speicis a chumhdaítear faoin Rialachán seo a shocrú, chomh maith le ceanglais atá le comhlíonadh ag codanna de phlandaí de na speicis agus hibridí saorga a chumhdaítear faoin Rialachán seo, le haghaidh caighdeáin cháilíochta sheachtracha do Populus spp. a iomadaítear le gearrthóga lorga nó gearrtháin, atá le comhlíonadh ag an stoc le cur de na speicis agus hibridí saorga a chumhdaítear faoin Rialachán seo, agus atá le comhlíonadh ag an stoc le cur atá le margú d’úsáideoirí deiridh i réigiúin ina bhfuil aeráid na Meánmhara.
(50) D’fhonn oiriúnú do Straitéis Dhigiteach an Aontais agus na forbairtí teicniúla i ndigitiú seirbhísí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le rialacha a bhunú maidir le taifeadadh digiteach na mbeart uile a dhéanann an t‑oibreoir gairmiúil agus na húdaráis inniúla, chun an máistirdheimhniú a eisiúint, agus maidir le hardán láraithe a bhunú lena nascfar na Ballstáit uile agus an Coimisiún.
(51) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin le haghaidh na ngníomhartha tarmligthe sin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(20). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus tá rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(52) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le bunú coinníollacha sonracha i ndáil leis na ceanglais agus ábhar fhógra an bhunábhair.
(53) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus freagracht agus úsáid na máistirdheimhnithe a éascú, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le glacadh an ábhair agus na samhla don mháistirdheimhniú aitheantais le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó fhoinsí síolta agus clampaí, ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó shíolghoirt nó máthairchrainn na fine, agus ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó chlóin agus meascáin chlónacha.
(54) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus creat comhchuibhithe a áirithiú maidir le lipéadú agus soláthar faisnéise i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le leagan amach ábhar an lipéid oifigiúil, an fhaisnéis bhreise i gcás síolta agus cainníochtaí beaga síolta, dath an lipéid le haghaidh catagóirí sonracha agus cineálacha eile ábhair atáirgthe foraoise, agus faisnéis bhreise i gcás géinis nó speicis shonracha.
(55) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun oiriúnú do na forbairtí a bhaineann le digitiú earnáil an ábhair atáirgthe foraoise, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le leagan amach na socruithe teicniúla le haghaidh eisiúint na máistirdheimhnithe leictreonacha.
(56) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna práinneacha maidir le soláthar ábhair atáirgthe foraoise ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le húdarú sealadach a thabhairt do mhargú ábhair atáirgthe foraoise de speiceas amháin nó breis agus speiceas amháin lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo i ndáil le formheas bunábhair.
(57) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le cinneadh a dhéanamh i ndáil le heagrú turgnamh sealadach chun roghanna malartacha feabhsaithe, ar cheanglais an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le measúnú agus formheas bunábhair agus táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, a lorg.
(58) Chun comhsheasmhacht na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise i gcomparáid le reachtaíocht sláinte plandaí an Aontais a fheabhsú, ba cheart feidhm a bheith ag Airteagail 36, 37, 40, 41, 49, 53 agus 54 de Rialachán (AE) 2016/2031 maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise de bhun an Rialacháin seo. Chun comhsheasmhacht i ndáil le rialacha Rialachán (AE) 2016/2031 maidir le pasanna plandaí a áirithiú, ba cheart é a bheith incheadaithe an lipéad oifigiúil le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a nascadh leis an bpas plandaí.
(59) Ba cheart Rialachán (AE) 2017/625 a leasú chun rialacha maidir le rialuithe oifigiúla i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise a áireamh ina raon feidhme. Is amhlaidh atá chun rialuithe oifigiúla níos comhsheasmhaí agus forfheidhmiú na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise ar fud na mBallstát a áirithiú, chomh maith le comhsheasmhacht le gníomhartha Comhphobail eile a bhaineann le rialuithe oifigiúla plandaí, go háirithe, Rialachán (AE) 2016/2031 agus Rialachán (AE) …/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(60) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialacháin (AE) 2016/2031 agus 2017/625 a leasú dá réir.
(61) Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil agus trédhearcacht, ba cheart Treoir 1999/105/CE a aisghairm.
(62) Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a chomhlíonadh, is é sin cur chuige comhchuibhithe a ghlacadh i ndáil le táirgeadh agus margú FRM, agus, dá réir sin, de bhun a éifeachtachtaí, a chastachta, agus a charachtair idirnáisiúnta, go bhféadfaí é a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a dhéanamh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní sháraíonn an Rialachán seo a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach. Ina fhianaise sin, agus de réir mar is gá, tugtar maoluithe nó ceanglais shonracha isteach leis maidir le cineálacha áirithe ábhair atáirgthe foraoise agus le hoibreoirí gairmiúla áirithe.
(63) I bhfianaise an ama agus na n‑acmhainní a theastaíonn ó na húdaráis inniúla agus na hoibreoirí gairmiúla lena mbaineann oiriúnú do na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó … [3 bliana ó dháta teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo],
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar amach sa Rialachán seo rialacha a bhaineann le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise (‘FRM’) agus go háirithe na ceanglais siúd maidir le formheas an bhunábhair atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise, tionscnamh agus inrianaitheacht an bhunábhair sin, catagóirí ábhair atáirgthe foraoise, ceanglais maidir le haitheantas agus cáilíocht ábhair atáirgthe foraoise, deimhniú, lipéadú, pacáistíocht, allmhairí, oibreoirí gairmiúla, clárú an bhunábhair, rialuithe oifigiúla agus na pleananna teagmhais náisiúnta. [Leasú 10]
Airteagal 2
Raon feidhme
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hábhar atáirgthe foraoise de na speicis chrainn agus hibridí saorga díobh, a liostaítear in Iarscríbhinn I, d’fhonn é a mhargú. [Leasú 11]
2. Is iad seo a leanas cuspóirí an Rialacháin seo:
(a) táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise d’ardcháilíocht a áirithiú san Aontas, chomh maith le feidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh in ábhar atáirgthe foraoise; [Leasú 12]
(b) cuidiú le foraoisí athléimneacha agus táirgiúla a chruthú, bithéagsúlacht a chaomhnú, úsáid speiceas ionrach a chosc agus éiceachórais foraoise agus a bhfeidhmiú a athchóiriú, inter alia, trí éagsúlachtaí géiniteacha idirspeiceasacha agus inspeiceasacha a chur chun cinn; [Leasú 13]
(c) tacú le táirgeadh adhmaid agus bithábhar, oiriúnú don athrú aeráide, maolú ar an athrú aeráide agus caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha foraoise.
3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, chun leasú a dhéanamh ar an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn I mar a shonraítear i mír 3, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(a) gluaiseacht criosanna fásra agus raonta speiceas crainn de thoradh an athraithe aeráide;
(b) aon fhorbairt ábhartha ar eolas teicniúil nó eolaíochta. [Leasú 14]
Leis na gníomhartha tarmligthe sin cuirfear speicis agus hibridí saorga leis an liosta in Iarscríbhinn I, má chomhlíonann na speicis agus na hibridí saorga sin ceann de na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
(a) is ionann iad agus limistéar mór agus luach eacnamaíoch de tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise san Aontas;
(b) margaítear in dhá cheann ar a laghad de na Ballstáit iad;
(c) meastar go bhfuil tábhacht ag baint leo mar gheall ar an mbealach a gcuireann siad le hoiriúnú don athrú aeráide, agus
(d) meastar go bhfuil tábhacht ag baint leo mar gheall ar an mbealach a gcuireann siad le caomhnú na bithéagsúlachta.
Leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, bainfear speicis nó hibridí saorga den liosta in Iarscríbhinn I mura gcomhlíonann siad aon cheann de na heilimintí a leagtar amach sa chéad fhomhír.
4. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) ábhar atáirgthe plandaí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE) …/… [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt don Rialachán maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe plandaí];
(b) ábhar iomadaithe plandaí ornáideacha mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Threoir 98/56/CE;
(c) ábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear lena onnmhairiú chuig tríú tíortha;
(d) ábhar atáirgthe foraoise a úsáidtear le haghaidh tástáil oifigiúil, chun críocha eolaíochta nó obair roghnúcháin.
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe foraoise’ (‘FRM’) buaircíní, torthú bláthra, torthaí agusaonaid síolta atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh an, codanna de phlandaí agus stoic atá le cur, a bhaineann le speicis chrainn agus hibridí saorga díobh a liostaítear in Iarscríbhinn I den Rialachán seo agus a úsáidtear le haghaidh foraoisiú, athfhoraoisiú, agus bealaí eile ina gcuirtear crainn agus ina ndéantar síolú díreach ar mhaithe le haonar aon cheann de na cuspóirí seo a leanas: [Leasú 15]
(a) táirgeadh adhmaid agus bithábhar;
(b) caomhnú acmhainní géiniteacha foraoise agus caomhnú agus feabhsú na bithéagsúlachta; [Leasú 16]
(c) éiceachórais foraoise agus coillearnach eile a athchóiriú, agus tacú lena bhfeidhmiú; [Leasú 17]
(ca) córais agrafhoraoiseachta a chur ar bun nó a athchóiriú; [Leasú 18]
(d) oiriúnú don athrú aeráide;
(e) maolú ar an athrú aeráide;
(f) caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha foraoise.
(2) ciallaíonn ‘foraoisiú’ foraois a bhunú trí phlandú agus/nó trí shíolú toiliúil de speicis oiriúnaithe crann réigiúnach ar thalamh a raibh, go dtí sin, úsáid éagsúil á baint as, lena dtugtar le fios claochlú ar an úsáid talún ó neamhfhoraois go foraois(21); [Leasú 19]
(3) ciallaíonn ‘athfhoraoisiú’ athbhunú foraoise trí phlandú agus/nó trí shíolú toiliúil de speicis oiriúnaithe crann réigiúnach ar thalamh a aicmítear mar fhoraois(22); [Leasú 20]
(3a) ciallaíonn ‘agrafhoraoiseacht’ crainn a chur ar thalamh talmhaíochta gan aicmiú na talún sin a athrú. [Leasú 120]
(4) ciallaíonn ‘aonad síolta’ buaircíní, torthú bláthra, torthaí agus síolta atá beartaithe le haghaidh stoc le cur a tháirgeadh nó le haghaidh síolú díreach; [Leasú 21]
(5) ciallaíonn ‘an stoc le cur’ aon phlanda nó aon chuid de phlanda a úsáidtear in iomadú plandaí agus cuimsítear leis plandaí a tógadh ó aonaid síolta, ó chodanna de phlandaí, nó ó phlandaí ó athghiniúint nádúrtha;
(6) ciallaíonn ‘codanna de phlandaí’ gearrthóga lorga, gearrthóga duilleoige agus gearrthóga fréimhe, easphlandaí nó suthanna a úsáidtear le haghaidh micriomadú, bachlóg, buinneán, fréamhacha, beangán, gearrthán agus aon chuid eile de phlanda a úsáidtear le haghaidh tháirgeadh an stoic le cur;
(7) ciallaíonn ‘táirgeadh’ na céimeanna uile a bhaineann le giniúint na síolta, codanna de phlandaí agus plandaí agus freisin na céimeanna sin is gá chun agus na bplandaí, an tiontú ó aonad síolta go síol, agus tógáil na bplandaí ó stoc le cur atá leordhóthanach a fháil, d’fhonn iad, chun an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin a mhargú; [Leasú 22]
(8) ciallaíonn ‘foinse síl’ na crainn laistigh de limistéar sainithe, óna mbailítear síolaonad síolta; [Leasú 23]
(9) ciallaíonn ‘clampa’ daonra críochaithe crann atá comhdhéanta go leor‑aonfhoirmeach;
(10) ciallaíonn ‘síolghort’ fáschoill crann roghnaithe, cás ina sainaithnítear gach crann de réir clóin, fine nó bunáitíochta, atá ar leithlis nó a bhainistítear chun pailniú ó fhoinsí seachtracha a sheachaint nó a laghdú, agus a bhainistítear chun barra síolta minice, flúirseacha is féidir a bhuaint go héasca a tháirgeadh;
(11) ciallaíonn ‘máthairchrainn na fine’ crainn a úsáidtear mar chrainn tuismitheora chun sliocht a fháil le pailniú rialaithe nó oscailte ar cheann de na crainn tuismitheora shainaitheanta a úsáidtear mar chrann baineann (‘máthairchrann’), le pailin ó ‘athairchrann’ amháin (gaol siblíneach iomláin) nó roinnt ‘athairchrann’ sainaitheanta nó neamhaitheanta (leathghaol siblíneach);
(12) ciallaíonn ‘clón’ grúpa plandaí aonair (ramaití) a díorthaíodh ar dtús ó phlanda aonair amháin (bunphlanda) le hiomadú fásúil, mar shampla le gearrthóga, micriomadú, beangáin, buinneáin nó deighiltí;
(13) ciallaíonn ‘meascán clónach’ meascán de chlóin sainaitheanta i sciartha sainithe;
(14) ciallaíonn ‘bunábhar’ aon cheann de na nithe seo a leanas: foinse síl, clampa, síolghort, máthairchrainn na fine, clón nó meascáin chlónacha;
(15) ciallaíonn ‘aonad formheasa’ an limistéar iomlán bunábhairnó plandaí aonair an bhunábhair le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise atá údaraithe ag na húdaráis inniúla; [Leasú 24]
(16) ciallaíonn ‘aonad fógra’ an limistéar iomlán bunábhairnó planda(í) aonair an bhunábhair le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise atá beartaithe do chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha foraoise ar tugadh fógra ina leith do na húdaráis inniúla; [Leasú 25]
(17) ciallaíonn ‘luchtóg síolta’ gearrthán síolta a bhailítearbhaintear agus/nó a ghlantar ó bhunábhar formheasta agus a phróiseáiltear go haonfhoirmeach; [Leasú 26]
(18) ciallaíonn ‘luchtóg plandaí’ gearrthán stoic le cur a fásadhtacar plandaí a táirgeadh ó luchtóg síolta aonair nó stoc le curtacar plandaí a iomadaíodh go fásúil a tógadhtáirgeadh i limistéar inchríochaithe agus a próiseáladh go haonfhoirmeach; [Leasú 27]
(19) ciallaíonn ‘uimhircód luchtóige’ uimhircód aitheantais na luchtóige síolta nó na luchtóige plandaí, de réir mar is iomchuí; [Leasú 28]
(20) ciallaíonn ‘bunáitíocht’ áit ina bhfuil aon chlampa crann ag fás;
(21) ciallaíonn ‘fospeiceas’ grúpa laistigh de speiceas a d’éirigh beagán difriúil ó thaobh feinitíopa agus géinte de leis an gcuid eile den ghrúpa;
(22) ciallaíonn ‘réigiún bunáitíochta’, i ndáil le speiceas nó fospeiceas, an limistéar nó an grúpa limistéar atá faoi réir dálaí éiceolaíocha leor‑aonfhoirmeacha, ina bhfaightear clampaí nó foinsí síl a léiríonn saintréithe feinitíopacha nó géiniteacha atá cosúil lena chéile, agus teorainneacha airde á gcur san áireamh, i gcás inarb iomchuí;
(23) ciallaíonn ‘clampa uatheascarthach’ clampa de speiceas crann dúchasach a rinneadh a athghiniúint go leanúnach le hathghiniúint nádúrtha nó athghiniúint shaorga ó ábhar atáirgthe foraoise a bailíodh sa chlampa nó sna clampaí céanna de speicis crann dúchasach i ndlúthghaireacht;
(24) ciallaíonn ‘clampa dúchasach’ clampa uatheascarthach nó clampa a tógadh go saorga ó shíol, i gcás ina bhfuil tionscnamh an chlampa sin agus an clampa féin suite sa réigiún bunáitíochta céanna;
(25) ciallaíonn ‘tionscnamh’ an méid seo a leanas:
(a) i gcás foinse síl uatheascarthach nó clampa uatheascarthach, an áit ina bhfásann na crainn;
(b) i gcás foinse síl neamh‑uatheascarthach nó clampa neamh‑uatheascarthach, an áit ónar tugadh an síol nó na plandaí isteach ar dtús;
(c) i gcás síolghoirt, na háiteanna ina raibh a chomhpháirteanna suite ar dtús, amhail a mbunáitíochtaí nó faisnéis gheografach ábhartha eile;
(d) i gcás mháthairchrainn na fine, na háiteanna ina raibh a gcomhpháirteanna suite ar dtús, amhail a mbunáitíochtaí nó faisnéis gheografach ábhartha eile;
(e) i gcás clóin, is í an áit a bhfuil an bunphlanda nó an áit a mbíodh an bunphlanda ar dtús nó an áit ar roghnaíodh an bunphlanda an tionscnamh;
(f) i gcás meascán clónach, is iad na háiteanna a bhfuil na bunphlandaí, a mbíodh na plandaí ar dtús nó ar roghnaíodh na bunphlandaí an tionscnamh;
(26) ciallaíonn ‘suíomh an bhunábhair’ limistéar geografach nó suíomh(anna) geografach(a) an bhunábhair de réir mar is iomchuí i gcás gach catagóire ábhair atáirgthe foraoise;
(27) ciallaíonn ‘láthair táirgthe clón nó meascán clónach nó mháthairchrainn na fine’ an áit nó an suíomh geografach beacht ar táirgeadh an t‑ábhar atáirgthe foraoise;
(28) ciallaíonn ‘bunstoc’ planda, grúpa plandaí, ábhar atáirgthe foraoise, stoc DNA nó faisnéis ghéiniteach an chlóin, nó na gclón i gcás meascán clónach, ar ábhar tagartha é chun aitheantas an chlóin/na gclón a rialú;
(29) ciallaíonn ‘gearrthán’ gearrthóg lorg gan na fréamhacha;
(30) ciallaíonn ‘margú’ na gníomhaíochtaí tráchtála seo a leanas arna ndéanamh ag oibreoir gairmiúil: ábhar atáirgthe foraoise a dhíol, a chóiméad nó tairiscint lena dhíol nó aon bhealach eile lena aistriú nó lena dháileadh, lena n-áirítear seoladh, laistigh den Aontas, nó é a allmhairiú isteach ann, cé acu saor in aisce nó ar tháille a dhéanann sé sin; [Leasú 29]
(31) ciallaíonn ‘oibreoir gairmiúil’ aon duine nádúrtha nó aon duine dlítheanach, ag a bhfuil baint ghairmiúil, le húdarú ó na húdaráis inniúla, le ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas, atá dírithe ar shaothrú tráchtála an ábhair atáirgthe foraoise: [Leasú 30]
(a) táirgeadh, lena n‑áirítear fás, iolrú agus cothabháil an ábhair atáirgthe foraoise;
(b) margú an ábhair atáirgthe foraoise;
(c) stóráil, bailiú, seoladh agus próiseáil an ábhair atáirgthe foraoise;
(32) ciallaíonn ‘údarás inniúil’ údarás lárnach nó réigiúnach de chuid Ballstáit, nó, i gcás inarb infheidhme, an t‑údarás comhfhreagrach de thríú tír, ar a bhfuil freagracht maidir le heagrú na rialuithe oifigiúla, clárú an bhunábhair, deimhniú an ábhair atáirgthe foraoise agus na ngníomhaíochtaí oifigiúla eile a bhaineann le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh agus a mhargú, nó aon údarás eile dár tugadh an fhreagracht sin i gcomhréir le dlí an Aontais;
(33) ciallaíonn ‘sainaitheanta de réir foinse’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar arb é atá ann foinse síl nó clampa atá suite laistigh de réigiún bunáitíochta amháin agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II;
(34) ciallaíonn ‘roghnaithe’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar arb é atá ann clampa suite laistigh de réigiún bunáitíochta amháin, a roghnaíodh go feinitíopach ar leibhéal an daonra agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III;
(35) ciallaíonn ‘cáilithe’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar ar síolghoirt, máthairchrainn na fine, clóin nó meascáin chlónacha é, ar roghnaíodh na comhpháirteanna de go feinitíopach ar an leibhéal aonair agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;
(36) ciallaíonn ‘tástáilte’ catagóir ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar atá comhdhéanta de chlampaí, síolghoirt, máthairchrainn na fine, clóin nó meascáin chlónacha é agus lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn V;
(37) ciallaíonn ‘deimhniú oifigiúil’ deimhniú ábhair atáirgthe foraoise atá sainaitheanta de réir foinse, roghnaithe, cáilithe agus tástáilte, má tá na hiniúchtaí ábhartha uile agus, i gcás inarb iomchuí, sampláil agus tástáil an ábhair atáirgthe foraoise déanta ag an údarás inniúil agus má táthar tar éis teacht ar an gconclúid go gcomhlíonann an t‑ábhar atáirgthe foraoise ceanglais chuí an Rialacháin seo;
(38) ciallaíonn ‘catagóir’ ábhar atáirgthe foraoise atá cáilithe mar ábhar atá sainaitheanta de réir foinse, roghnaithe, cáilithe nó tástáilte;
(39) ciallaíonn ‘orgánach géinmhodhnaithe’ orgánach géinmhodhnaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2001/18/CE, seachas orgánaigh a fhaightear trí theicnící an ghéinmhodhnaithe a liostaítear in Iarscríbhinn I B a ghabhann le Treoir 2001/18/CE;
(40) ciallaíonn ‘planda TGN’ plandaí a fuarthas le teicnící géanómaíocha nua mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 2 de Rialachán (AE) [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach an tagairt don Rialachán maidir le plandaí a fhaightear ó theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23);
(41) ciallaíonn ‘criosanna aistriúcháin síolta’ limistéar agus/nó criosanna airde a ainmníonn na húdaráis inniúla le haghaidh ghluaiseacht an ábhair atáirgthe foraoise a bhaineann leis na catagóirí sainaitheanta de réir foinse agus roghnaithe, agus tionscnamh agus bunáitíocht an ábhair atáirgthe foraoise, trialacha bunáitíochta, dálaí comhshaoil agus réamh‑mheastachán i ndáil leis an athrú aeráide amach anseo á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí;
(42) ciallaíonn ‘limistéar úsáide le haghaidh síolghort agus mátharchra(i)nn na fine’ limistéar a ainmníonn na húdaráis inniúla, ina ndéantar an t‑ábhar atáirgthe foraoise a bhaineann leis na catagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ a chur in oiriúint do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha an limistéir sin, agus suíomh na síolghort, mátharchra(i)nn na fine agus a gcomhpháirteanna, torthaí na dtrialacha sleachta agus bunáitíochta, dálaí comhshaoil agus réamh‑mheastachánréamh-mheastachán i ndáil leis an athrú aeráide amach anseo á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí; [Leasú 31]
(43) ciallaíonn ‘limistéar úsáide le haghaidh clón agus meascáin chlónacha’ limistéar a ainmníonn na húdaráis inniúla, ina ndéantar an t‑ábhar atáirgthe foraoise a bhaineann leis na catagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ a chur in oiriúint do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha an limistéir sin, agus tionscnamh nó bunáitíocht an chlóin/na gclón, torthaí na dtrialacha sleachta agus, bunáitíochta agus clónacha, dálaí comhshaoil agus réamh‑mheastachánréamh-mheastachán i ndáil leis an athrú aeráide amach anseo á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí; [Leasú 32]
(44) ciallaíonn ‘FOREMATIS’ Córas Faisnéise um Ábhar Atáirgthe Foraoise an Choimisiúin;
(45) ciallaíonn ‘athghiniúint nádúrtha’ athnuachan na foraoise le crainn a fhorbraíonn ó shíolta a thit agus a phéac in situpróisis nádúrtha trí shíolú nádúrtha, trí phéacadh, trí dhiúil nó trí shrathú; [Leasú 33]
(46) ciallaíonn ‘lotnaidí cáilíochta’ lotnaidí lena gcomhlíontar na critéir uile seo a leanas:
(a) ní lotnaidí coraintín an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta, ná lotnaidí neamhchoraintín rialáilte (‘RNQPanna’), de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/2031, ná lotnaidí atá faoi réir na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 30(1) den Rialachán sin iad;
(b) tarlaíonn siad le linn ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh nó a stóráil; agus
(c) bíonn drochthionchar do‑ghlactha acu ar cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise, agus tionchar eacnamaíoch do‑ghlactha a mhéid a bhaineann le húsáid an ábhair atáirgthe foraoise sin san Aontas;
(47) ciallaíonn ‘saor, geall leis, ó lotnaidí cáilíochta’ a bheith iomlán saor ó lotnaidí cáilíochta, nó staid ina mbeidh an líon lotnaidí cáilíochta ar an ábhar atáirgthe foraoise sin chomh híseal sin nach ndéanann na lotnaidí sin difear díobhálach do cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise sin. [Leasú 34]
CAIBIDIL II
BUNÁBHAR AGUS ÁBHAR ATÁIRGTHE FORAOISE A DHÍORTHAÍONN UAIDH
Airteagal 4
Bunábhar a fhormheas le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh
1. Ní fhéadfar ach bunábhar atá formheasta ag na húdaráis inniúla a úsáid chun ábhar atáirgthe foraoise a tháirgeadh.
2. Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘sainaitheanta de réir foinse’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn II leis.
Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘roghnaithe’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn III leis.
Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘cáilithe’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn IV leis.
Déanfar bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise atá le deimhniú mar ábhar atá ‘tástáilte’ a fhormheas, má chomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn V leis.
Maidir leis an measúnú ar na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinní II go V le haghaidh fhormheas an bhunábhair, féadfar a áireamh ann amharc‑chigireacht, seiceálacha doiciméadachta, tástálacha agus anailísí nó modhanna comhlántacha eile, chomh maith le húsáid teicnící bith‑mhóilíneacha, má mheastar iad a bheith iomchuí chun chríoch an fhormheasa sin.
Déanfar measúnú ar an mbunábhar le haghaidh na gcatagóirí uile i ndáil lena shaintréithe inbhuanaitheachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinní II go V, chun na dálaí aeráide agus éiceolaíocha a chur san áireamh.
Déanfar an bunábhar a fhormheas agus tagairt á déanamh don aonad formheasa.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III, IV agus V, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le formheas an bhunábhair atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh an mhéid seo a leanas:
(a) ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’, agus go háirithe na ceanglais a bhaineann le cineálacha bunábhair, méid éifeachtach an daonra, tionscnamh agus réigiún bunáitíochta, saintréithe inbhuanaitheachta;
(b) ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘roghnaithe’, agus go háirithe na ceanglais a bhaineann le tionscnamh, leithlisiú, méid éifeachtach an daonra, aois agus forbairt, aonfhoirmeacht, saintréithe inbhuanaitheachta, táirgeadh méide, cáilíocht an adhmaid, agus foirm nó an nós fáis;
(c) ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘cáilithe’, agus go háirithe na ceanglais a bhaineann le síolghoirt, máthairchrainn na fine, clóin agus meascáin chlónacha;
(d) ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, agus go háirithe na ceanglais a bhaineann le saintréithe a bhfuil scrúdú le déanamh orthu, doiciméadacht, socrú na dtástálacha, anailís ar na tástálacha agus bailíocht na dtástálacha, meastóireacht ghéiniteach na gcomhpháirteanna den bhunábhar, tástáil chomparáideach ábhair atáirgthe foraoise, formheas sealadach agus tástálacha luatha;
(e) ábhar atáirgthe foraoise i gcomhréir le ceanglais Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. {Leasú 35}
Leis na leasuithe sin cuirfear in oiriúint na rialacha le haghaidh fhormheas an bhunábhair, forbairt an eolais eolaíochta agus theicniúil agus forbairt Scéim Síolta agus Plandaí Foraoise ECFE agus caighdeáin idirnáisiúnta eile is infheidhme.
3. Ní áireofar ach bunábhar formheasta faoi fhoirm aonaid formheasa sa chlár náisiúnta de bhun Airteagal 12. Sainaithneofar gach aonad formheasa le tagairt chláir uathúil i gclár náisiúnta.
4. Tarraingeofar siar formheas an bhunábhair, i gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a thuilleadh.
5. I ndiaidh formheasa, déanfaidh na húdaráis inniúla ath‑iniúchadh ar an mbunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise faoi na catagóirí ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’ go tráthrialta.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 lena leasaítear Iarscríbhinní II, III, IV agus V, chun iad a oiriúnú d’fhorbairt ar eolas eolaíochta agus teicniúil, go háirithe i ndáil le húsáid teicnící bith‑mhóilíneacha agus caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta.
Airteagal 5
Ceanglais maidir le margadh an ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar formheasta
1. Déanfar ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar formheasta a mhargú ag oibreoirí gairmiúla i gcomhréir leis na rialacha seo a leanas: [Leasú 36]
(a) ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú ach amháin má tá sé sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ nó ‘tástáilte’, agus má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4 agus má chomhlíontar ceanglais Iarscríbhinní II, III, IV agus V faoi seach leis an mbunábhar sin;
(b) ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú ach amháin má tá sé sna catagóirí ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ nó ‘tástáilte’, agus má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4 agus má chomhlíonann an bunábhar sin ceanglais Iarscríbhinní III, IV agus V, faoi seach;
(c) ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis chrainn agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I, a atáirgtear go fásúil, a mhargú ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(i) má bhaineann sé leis na catagóirí ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ nó ‘tástáilte’, agus
(ii) má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4 agus go gcomhlíontar ceanglais Iarscríbhinní III, IV agus V faoi seach leis;
(iii) ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘roghnaithe’ a mhargú ach amháin má oll‑iomadaíodh é ó shíolta;
(d) ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis chrainn agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I, ina bhfuil orgánaigh ghéinmhodhnaithe, nó atá comhdhéanta d’orgánaigh ghéinmhodhnaithe, ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(i) má tá sé den chatagóir ‘tástáilte’, agus
(ii) má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4 agus go gcomhlíontar ceanglais Iarscríbhinní V leis; agus
(iii) údaraítear é a shaothrú san Aontas de bhun Airteagal 19 de Threoir 2001/18/CE nó Airteagail 7 agus 19 de Rialachán (CE) 1829/2003, nó, i gcás inarb infheidhme, sa Bhallstát faoi seach i gcomhréir le hAirteagal 26b de Threoir 2001/18/CE;
(iiia) déanann an t-údarás inniúil an t-ábhar a fhormheas; [Leasú 121]
(iiib) tá lipéad air a léiríonn na focail ‘Teicnící Nua Géanómacha’ i gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt don Rialachán NGT ]; [Leasú 122]
(e) Ábhar atáirgthe foraoise na speiceas crann agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I, ina bhfuil planda i gcatagóir 1 TGN nó atá comhdhéanta díobh mar a shainmhínítear in Airteagal 3(7) de Rialachán (AE).../... (Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach tagairt do Rialachán TGN...), ní fhéadfar iad a mhargú ach amháin sna cásanna seo a leanas:
(i) má tá sé den chatagóir ‘tástáilte’, agus
(ii) má díorthaíodh é ó bhunábhar a formheasadh de bhun Airteagal 4 agus go gcomhlíontar ceanglais Iarscríbhinní V leis; agus
(iii) tá dearbhú maidir le stádas plandaí i gcatagóir 1 TGN faighte ag an bplanda de bhun Airteagal 6 nó 7 de Rialachán (AE).../... (Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach tagairt do Rialachán TGN...) nó is síolrach é de phlanda(í) den sórt sin;
(f) ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis chrainn agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú ach amháin má tá tagairt dá uimhir/uimhreacha máistirdheimhniúcháin in éineacht leis;
(g) má chomhlíontar leis Airteagail 36, 37, 40, 41, 42, 49, 53 agus 54 de Rialachán (AE) 2016/2031 a bhaineann le lotnaidí coraintín an Aontais, lotnaidí coraintín na gcriosanna cosanta, RNQPanna, agus lotnaidí atá faoi réir na mbeart faoi Airteagal 30 den Rialachán sin;
(h) I gcás síolta, ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis chrainn agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú ach amháin má tá faisnéis le fáil i ndáil leis an méid seo a leanas anuas ar chomhlíonadh phointí (a) go (g):
(i) íonacht;
(ii) céatadán péactha an tsíl íon; má tá nósanna imeachta tástála á ndéanamh, féadfaidh na húdaráis inniúla an margú a údarú roimh thorthaí na dtástálacha; tá sé d’oibleagáid ar an soláthróir torthaí na dtástálacha a chur in iúl don cheannaitheoir a luaithe a bheidh siad ar fáil; [Leasú 37]
(iii) meáchan 1000 síol íona;
(iv) an líon síolta inghreáilteinphéactha in aghaidh an chileagraim táirge a mhargaítear mar shíolta, nó, i gcás nach féidir measúnú a dhéanamh ar an líon síolta inghreáilteinphéactha nó i gcás ina bhfuil sé neamhphraiticiúil measúnú a dhéanamh ar an líon síolta inghreáilteinphéactha, taobh istigh de thréimhse theoranta ama, an líon síolta inmharthana in aghaidh an chileagraim, agus tagairt á déanamh do mhodh sonraithe. [Leasú 38]
2. Maidir leis na catagóirí faoina bhféadfar an t‑ábhar atáirgthe foraoise ó na cineálacha éagsúla bunábhair a mhargú, leagtar amach iad sa tábla in Iarscríbhinn VI.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26(2), lena leasaítear an tábla d’Iarscríbhinn VI a bhaineann le catagóirí faoina bhféadfar an t‑ábhar atáirgthe foraoise ó chineálacha éagsúla bunábhair a mhargú.
Leis an leasú sin, oiriúnófar na catagóirí sin don fhorbairt ar eolas eolaíochta agus teicniúil agus ar na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha.
Airteagal 6
Ceanglais maidir le hábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar atá beartaithe chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú
Ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar atá faoi réir mhaolú Airteagal 18, chun an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin a mhargú comhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhargú, ach amháin má tá sé sa chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’;
(b) beidh an t‑ábhar atáirgthe foraoise de thionscnamh atá oiriúnaithe go nádúrtha do na dálaí áitiúla agus réigiúnacha, nó oiriúnaithe don sprioc maidir le himirce chuidithe i gcás inarb ábhartha; agus [Leasú 39]; agus
(c) baileofar an t‑ábhar atáirgthe foraoise ó phlandaí uilelíon uasta plandaí an bhunábhair faoina dtugtar fógra., ar líon é atá ard go leor chun éagsúlacht ghéiniteach an speicis a chaomhnú; [Leasú 40]
(ca) maidir le speicis ina n-úsáidtear iomadú fásúil de ghnáth chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú, úsáidfear meascán de raon clón atá éagsúil a ndóthain chun éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil. [Leasú 124]
Airteagal 7
Údarú sealadach i ndáil le margú ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar nach gcomhlíontar na ceanglais chatagóire leis
1. Féadfaidh na húdaráis inniúla údarú sealadach a thabhairt i ndáil le margú ábhair atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ón mbunábhar formheasta nach gcomhlíonann ceanglais uile na catagóire iomchuí dá dtagraítear in Airteagal 5(1), pointí (a), (b) agus (c), tar éis ghlacadh an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear i mír 2. [Leasú 41]
Tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát féin fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na húdaruithe sealadacha sin agus faoi na cúiseanna lena dtugtar údar dá bhformheas.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, lena bhforlíontar an tAirteagal seo, trí na coinníollacha chun an t‑údarú sealadach a dheonú don Bhallstát lena mbaineann a shocrú.
Áireofar ar na coinníollacha sin:
(a) an réasúnú i ndáil le deonú an údaraithe sin chun gnóthachtáil chuspóirí an Rialacháin seo a áirithiú;
(b) uasfhadteorainn ama an údaraithe; [Leasú 42]
(c) oibleagáidííoscheanglais a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar na hoibreoirí gairmiúla a dhéanann iarratas ar an údarú sin; [Leasú 43]
(d) ábhar agus foirm an fhógra dá dtagraítear i mír 1.
Airteagal 8
Ceanglais speisialta i ndáil le speicis, catagóirí agus cineálacha áirithe ábhair atáirgthe foraoise
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, de réir mar is gá, lena bhforlíontar an Rialachán seo a mhéid a bhaineann leis na ceanglais de réir mar is iomchuí le haghaidh gach cineáil, speicis nó catagóire ábhair atáirgthe foraoise:
(a) maidir le luchtóga torthaí agus luchtóga síolta de na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhéid a bhaineann le híonacht speicis;
(b) maidir le codanna plandaí de speicis agus hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhéid a bhaineann le cáilíocht i ndáil le saintréithe ginearálta, sláinte agus méid;
(c) i gcás caighdeáin cháilíochta sheachtracha le haghaidh Populus spp. a iomadaítear le gearrthóga lorga nó gearrtháin a mhéid a bhaineann le lochtanna agus íostoisí le haghaidh gearrthóg lorga agus gearrthán;
(d) maidir leis an stoc le cur de speicis agus hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I a mhéid a bhaineann le cáilíocht i ndáil le saintréithe ginearálta, sláinte, beocht agus cáilíocht fhiseolaíoch;
(e) maidir leis an stoc le cur atá le margú d’úsáideoirí i réigiúin ina bhfuil aeráid na Meánmhara a mhéid a bhaineann le lochtanna, méid agus aois na bplandaí agus, i gcás inarb iomchuí, méid an choimeádáin.
Beidh an gníomh tarmligthe sin bunaithe ar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm na gceanglas de réir mar is iomchuí i gcás gach cineáil, speicis nó catagóire ábhair atáirgthe foraoise a mhéid a bhaineann leis na forálacha i ndáil le hiniúchtaí, sampláil agus tástáil, agus achair leithlisiúcháin. Trí bhíthin an ghnímh, oiriúnófar na ceanglais sin bunaithe ar fhorbairt na gcaighdeán idirnáisiúnta faoi seach, ar na forbairtí teicniúla agus eolaíocha, nó na forbairtí aeráide agus éiceolaíocha.
Airteagal 9
Plean teagmhais agus clár náisiúnta
1. Déanfaidh gach Ballstát plean teagmhaisteagmhasach amháin nó níos mó a tharraingt suas chun soláthar leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú chun limistéir a athfhoraoisiú a ndearna teagmhais adhaimsire, falscaithe, ráigeanna de ghalair agus de lotnaidí, tubaistí nó aon teagmhas eile difear dóibh, de réir mar is ábhartha agus a shainaithnítear sna measúnuithe riosca náisiúnta arna bhforbairt i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE(24). Déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin don Bhallstát, tacaíocht theicniúil a chur ar fáil chun an plean teagmhasach a tharraingt suas.. [Leasú 44]
Ullmhófar an plean teagmhaisteagmhasach sin le haghaidh na speiceas crainn sin agus na hibridí saorga díobh a liostaítear in Iarscríbhinn I, a mheastar iadmheasann na Ballstáit a bheith oiriúnach do na dálaídá ndálaí aeráide agus éiceolaíocha atá ann faoi láthair agus do na dálaídá ndálaí aeráide agus éiceolaíocha a réamh‑mheastarréamh-mheastar don todhchaí sa Bhallstát lena mbaineann. [Leasú 45]
Cuirfear san áireamh leis an bplean teagmhais dáileadh réamh‑mheasta na speiceas crann ábhartha agus hibridí saorga ábhartha díobh don todhchaí, ar bhonn samhlacha aeráide náisiúnta agus/nó réigiúnacha don Bhallstát lena mbaineann.
Cuirfear san áireamh sa phlean teagmhasach teacht chun cinn féideartha limistéar a bhfuil difear déanta dóibh lasmuigh de theorainneacha náisiúnta agus oibreoidh an Ballstát lena mbaineann le Ballstáit eile chun soláthar coisctheach leordhóthanach ábhair atáirgthe foraoise a áirithiú do limistéir trasteorann a ndéantar difear dóibh. [Leasú 46]
2. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle, ag tráth iomchuí, leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile nuair a bheidh pleananna teagmhais den sórt sin á ndréachtú agus á gcoinneáil cothrom le dáta acu.
3. Áireofar sa phlean teagmhais na nithe seo a leanas:
(a) róil agus freagrachtaí na gcomhlachtaí atá bainteach le cur i gcrích an phlean teagmhas i gcás aon teagmhais ina mbeadh ganntanas mór ar ábhar atáirgthe foraoise, chomh maith leis an slabhra ceannais agus na nósanna imeachta le haghaidh comhordú gníomhartha atá le glacadh ag údaráis inniúla, ag údaráis phoiblí eile, ag comhlachtaí tarmligthe nó ag daoine nádúrtha atá bainteach, saotharlanna agus oibreoirí gairmiúla, lena n‑áirítear comhordú le Ballstáit chomharsanachta agus tríú tíortha comharsanachta, i gcás inarb iomchuí;
(aa) sainaithint na leochaileachtaí agus na mbeart coisctheach, go háirithe láithreáin stórála síl agus plandlanna a dhéanamh níos sláine, agus líon na láithreán stórála agus na bplandlann a mhéadú. [Leasú 47]
(b) rochtain na n‑údarás inniúil ar sholáthairtí ábhair atáirgthe foraoise a coinníodh chun críche pleanála teagmhais, áitribh oibreoirí gairmiúla, go háirithe plandlanna foraoise agus saotharlanna a tháirgeann ábhar atáirgthe foraoise, oibreoirí ábhartha eile agus daoine nádúrtha;
(c) rochtain na n‑údarás inniúil, i gcás inar gá, ar threalamh, pearsanra, saineolas agus acmhainní seachtracha a bhfuil gá leo le haghaidh ghníomhachtú tapa agus éifeachtach an phlean teagmhais;
(d) bearta maidir le faisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát eile, na n‑oibreoirí gairmiúla lena mbaineann agus an phobail, a mhéid a bhaineann leis an nganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise, agus na bearta a ghlactar chun é sin a réiteach, má dheimhnítear nó má cheaptar go hoifigiúil go bhfuil ganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise ann;
(e) socruithe le haghaidh torthaí a thaifeadadh ar láithreacht aon ghanntanais mhóir ábhair atáirgthe foraoise;
(f) na measúnuithe atá ar fáil ar an mBallstát a mhéid a bhaineann le riosca ganntanais mhóir ábhair atáirgthe foraoise dá chríoch agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar shláinte an duine, sláinte ainmhithe agus sláinte plandaí, agus ar an gcomhshaol;
(g) prionsabail le haghaidh críochú geografach an limistéir/na limistéar inar tharla ganntanas mór ábhair atáirgthe foraoise;
(h) prionsabail a bhaineann le hoiliúint a chur ar phearsanra na n‑údarás inniúil agus, i gcás ina bhfuil fáil orthu agus inarb iomchuí, pearsanra na gcomhlachtaí, na n‑údarás poiblí, saotharlannana saotharlann, oibreoirí gairmiúla agus daoine eile dá dtagraítear i bpointe (a). [Leasú 48]
Déanfaidh Ballstáit athbhreithniú rialta agus nuashonróidh siad a gcuid pleananna teagmhais i gcás inarb iomchuí chun forbairtí teicniúla agus eolaíochta a chur san áireamh i ndáil le samhlacha aeráide a thugann aghaidh ar dháileadh réamh‑mheasta na speiceas crann ábhartha agus hibridí saorga ábhartha díobh don todhchaí.
4. Bunóidh na Ballstáit clár náisiúnta, dá dtagraítear in Airteagal 12: [Leasú 49]
(a) ina mbeidh na speicis chrainn agus na hibridí saorga a liostaítear in Iarscríbhinn I, atá ábhartha maidir le dálaí aeráide agus éiceolaíocha reatha an Bhallstáit lena mbaineann;
(b) lena gcuirfear san áireamh dáileadh réamh‑mheasta na speiceas crann ábhartha sin agus hibridí saorga ábhartha díobh don todhchaí.
Laistigh de 4 bliana ó dháta bhunú a gclár náisiúnta, bunóidh na Ballstáit pleananna teagmhais maidir leis na speicis agus hibridí saorga atá ina gcláir.
5. Oibreoidh na Ballstáit i gcomhar lena chéile agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile i ndáil le bunú a bpleananna teagmhais, ar bhonn mhalartú na ndea‑chleachtas agus na taithí a fuarthas ó bhunú na bpleananna sin.
6. Cuirfidh na Ballstáit a bpleananna teagmhasacha ar fáil don Choimisiún, na Ballstáit eile agus na hoibreoirí gairmiúla ábhartha uile trína bhfoilsiú in FOREMATIS.
CAIBIDIL III
CLÁRÚ OIBREOIRÍ GAIRMIÚLA AGUS BUNÁBHAIR, AGUS CRÍOCHÚ RÉIGIÚN BUNÁITÍOCHTA
Airteagal 10
Oibleagáidí d’oibreoirí gairmiúla
1. Beidh oibreoirí gairmiúla cláraithe i gclár dá ndéantar foráil in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/2031, i gcomhréir le hAirteagal 66 den Rialachán sin.
Beidh siad bunaithe san Aontassa Bhallstát lena mbaineann agus údaróidh an t-údarás inniúil iad. [Leasú 50]
2. Cuirfidh na hoibreoirí gairmiúla an fhaisnéis uile is gá, maidir le sainiúlacht an ábhair atáirgthe foraoise chomh maith le faisnéis maidir le hoiriúnacht an ábhair atáirgthe foraoise do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha atá ann faoi láthair agus do dhálaí aeráide agus éiceolaíocha a réamh‑mheastar don todhchaíbunaithe ar an bhfaisnéis agus na sonraí atá ar fáil, ar fáil don údarás inniúil agus d’úsáideoirí an ábhair atáirgthe foraoise sin. Soláthrófar an fhaisnéis sin, i gcomhréir le treoirlínte an údaráis inniúil, don cheannaitheoir féideartha, trí bhíthin suíomhanna gréasáin, treoracha do phlandóirí agus modhanna iomchuí uile, sula n‑aistreofar an t‑ábhar atáirgthe foraoise lena mbaineann. [Leasú 51]
Airteagal 11
Críochú réigiún bunáitíochta le haghaidh catagóirí áirithe
Maidir leis na speicis ábhartha de bhunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’, críochóidh na Ballstáit na réigiúin bhunáitíochta.
Déanfaidh na húdaráis inniúla léarscáileanna ina léireofar críochuithe na réigiún bunáitíochta a tharraingt suas agus a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Cuirfidh siad na léarscáileanna sin ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit eile ar FOREMATIS.
Airteagal 12
Clár náisiúnta agus liostaí náisiúnta de bhunábhar
1. Déanfaidh gach Ballstát clár náisiúnta den bhunábhar le haghaidh na speiceas éagsúil atá formheasta ar a chríoch de bhun Airteagail 4 agus 19 agus a bhfuil fógra tugtha ina leith de bhun Airteagal 18 a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta i bhformaid leictreonach.
Sa chlár sin beidh sonraí iomlána gach aonaid de bhunábhar formheasta in éineacht lena tagairt chláir uathúil.
De mhaolú ar Airteagal 4, cláróidh na húdaráis inniúla ina gcláir náisiúnta an bunábhar a áirítear láithreach, roimh … [IO, cuir isteach dáta an Rialacháin seo], ina gcláir náisiúnta féin dá dtagraítear in Airteagal 10(1) de Threoir 1999/105/CE, gan an nós imeachta clárúcháin a leagtar amach san Airteagal sin a chur i bhfeidhm.
2. Déanfaidh gach Ballstát liosta náisiúnta den bhunábhar a bhunú, a fhoilsiú agus a choimeád cothrom le dáta i bhformaid leictreonach, a chuirfear i láthair mar achoimre sa chlár náisiúnta. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil i bhformáid leictreonach don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí FOREMATIS.
3. Cuirfidh na Ballstáit an liosta náisiúnta i láthair i bhfoirm choiteann do gach aonad formheasa i leith bunábhair. I gcás na gcatagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’, féadfaidh tuairisc achomhair ar an mbunábhar a bheith ann, ar bhonn na réigiún bunáitíochta.
Soláthrófar sa liosta náisiúnta na sonraí seo a leanas go háirithe:
(a) an t‑ainm luibheolaíoch;
(b) catagóir;
(c) ábhar bunúsachcineál bunábhair; [Leasú 52]
(d) tagairt chláir nó, i gcás inarb iomchuí, achoimre uirthi, nó an cód aitheantais don réigiún bunáitíochta;
(e) suíomh an bhunábhair: ainm gearr, más iomchuí, agus ceann de na tacair sonraí seo a leanas:
(i) i gcás na catagóire ‘sainaitheanta de réir foinse’, an réigiún bunáitíochta agus an raon domhanleithid, domhanfhaid agus airde;
(ii) i gcás na catagóire ‘roghnaithe’, an réigiún bunáitíochta agus an suíomh geografach arna shainiú de réir domhanleithid, domhanfhaid agus airde nó an raon domhanleithid, domhanfhaid agus airde;
(iii) le haghaidh na catagóire ‘cáilithe’, an suíomh/na suíomhanna geografach(a) arna s(h)ainiú de réir domhanleithid, domhanfhaid agus airde, i gcás ina gcoinnítear an bunábhar;
(iv) le haghaidh na catagóire ‘tástáilte’, an suíomh/na suíomhanna geografach(a) arna s(h)ainiú de réir domhanleithid, agus domhanfhaid agus airde, i gcás ina gcoinnítear an bunábhar;
(f) limistéar: méid foinse/foinsí síl, clampa(í) nó síolgho(i)rt;
(g) tionscnamh:
(i) tásc cé acu uatheascarthach/dúchasach nó neamh‑uatheascarthach/andúchasach é an bunábhar nó mura bhfuil an tionscnamh ar eolas;
(ii) bunábhar neamh‑uatheascarthach/andúchasach, tásc maidir lena thionscnamh, má tá sé ar eolas;
(h) críoch úsáide an ábhair atáirgthe foraoise;
(i) i gcás ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, léiriú ar cé acu den dá rud thíos atá ann:
(i) planda géinmhodhnaithe; nó
(ii) planda TGN;
(j) i gcás na gcatagóirí ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’, faisnéis faoi láthair táirgthefaoin limistéar buainte a úsáidtear do tháirgeadh cló(i)n nó meascá(i)n c(h)lónach(a), i gcás inarb iomchuí. [Leasú 53]
(ja) aon fhaisnéis bhreise má tá sí ar fáil; [Leasú 54]
(jb) más infheidhme, na cearta maoine intleachtúla atá ann maidir leis an ábhar atáirgthe foraoise. [Leasú 134]
Airteagal 13
Liosta an Aontais de Bhunábhar Formheasta
1. Ar bhonn na liostaí náisiúnta a sholáthraíonn gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 12, foilseoidh an Coimisiún liosta dar teideal ‘Liosta an Aontais de Bhunábhar Formheasta le haghaidh Tháirgeadh Ábhair Atáirgthe Foraoise’.
Cuirfear an liosta sin ar fáil i bhformáid leictreonach trí FOREMATIS.
2. Léireofar sa liosta sin na sonraí a thugtar sna liostaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 12(1) agus taispeánfar an limistéar úsáidte. [Leasú 55]
Airteagal 13a
Táirgeadh ó bhunábhar
1. Áiritheofar inrianaitheacht ó bhailiú an ábhair atáirgthe foraoise go dtí an margú don úsáideoir deiridh.
2. Tabharfaidh oibreoirí gairmiúla fógra don údarás inniúil go bhfuil sé i gceist acu ábhar atáirgthe foraoise a bhuain sula ndéantar é a bhuain chun go mbeidh an t-údarás inniúil in ann rialuithe a eagrú.
3. Cuirfidh oibreoirí gairmiúla taifid faoi bhráid an údaráis inniúil ina ndoiciméadaítear buain an ábhair atáirgthe foraoise.
4. Níl cead é a bhaint as an limistéar buainte ach amháin le máistirdheimhniú
5. Ar mhaithe leis an éagsúlacht ghéiniteach is airde is féidir laistigh den luchtóg síolta ar fad, áiritheoidh an buainteoir síolta go ndéanfar dianmheascadh ar an luchtóg síolta le linn gach céim den phróiseáil roimh mhargú nó síolú. [Leasú 56]
CAIBIDIL IV
MÁISTIRDHEIMHNIÚ, LIPÉADÚ AGUS PACÁISTIÚ
Airteagal 14
Máistirdheimhniú aitheantais
1. Eiseoidh na húdaráis inniúla, tar éis iarratas a fháil ó oibreoir gairmiúil, agus tar éis bhuaint an ábhair atáirgthe foraoise ó bhunábhar formheasta, máistirdheimhniú aitheantais (‘máistirdheimhniú’), ar a dtaispeántar tagairt chláir uathúil an bhunábhair, i gcás an ábhair atáirgthe foraoise uile a buanadh.
Dearbhófar leis an máistirdheimhniú comhlíonadh cheanglais Airteagal 4(2), a cheanglaíonn go bhfuil an t-ábhar atáirgthe foraoise díorthaithe ó bhunábhar formheasta. [Leasú 57]
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, an t‑ábhar agus an tsamhail don mháistirdheimhniú aitheantais le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise:
(a) Samhail de mháistirdheimhniú le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó fhoinsí síl agus clampaí;
(b) Samhail de mháistirdheimhniú le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó shíolghoirt nó máthairchrainn na fine; agus
(c) Samhail de mháistirdheimhniú le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó chlóin agus meascáin chlónacha.
(ca) Samhail de mháistirdheimhniú le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó mheascán. [Leasú 58]
Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
2. I gcás ina nglacfaidh Ballstát bearta i ndáil le hiomadú fásúil ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 15(2), eiseofar máistirdheimhniú nua.
3. I gcás ina dtarlóidh meascadh i gcomhréir le hAirteagal 15(3), áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh tagairtí cláir na gcomhpháirteanna de na meascáin inaitheanta, agus eiseofar máistirdheimhniú nua nó doiciméad eile lena sainaithneofar an meascán.
4. I gcás ina bhforoinnfear luchtóg dá dtagraítear in Airteagal 15(1) ina luchtóga níos lú nach bpróiseálfar go haonfhoirmeach agus a bheidh faoi réir iomadú fásúil ina dhiaidh sin, eiseofar máistirdheimhniú nua agus déanfar tagairt d’uimhir an mháistirdheimhnithe roimhe sin.
4a. I gcás meascáin, fógróidh an t-oibreoir gairmiúil an meascadh don údarás inniúil roimh ré chun go mbeidh an t-údarás inniúil in ann maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas measctha. [Leasú 59]
5. Féadfar máistirdheimhniú a eisiúint i bhfoirm leictreonach freisin (‘máistirdheimhniú leictreonach’).
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe teicniúla a leagan amach le máistirdheimhnithe leictreonacha plandaí a eisiúint, chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tAirteagal seo leo agus go ndéanfar na máistirdheimhnithe leictreonacha sin a eisiúint ar mhodh iomchuí, inchreidte agus éifeachtach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, lena bhforlíontar an tAirteagal seo trí na rialacha seo a leanas a leagan amach:
(a) taifeadadh digiteach ar na gníomhaíochtaí uile arna ndéanamh ag an oibreoir gairmiúil agus ag na húdaráis inniúla, chun an máistirdheimhniú a eisiúint; agus
(b) ardán láraithe a bhunú lena nasctar na Ballstáit uile agus an Coimisiún chun próiseáil na dtaifead sin, rochtain orthu, agus a n‑úsáid a éascú.
6a. Déanfaidh gach Ballstát liosta náisiúnta de mháistirdheimhnithe eisithe a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta agus an liosta sin a chur ar fáil don Choimisiún agus d’údaráis inniúla. [Leasú 60]
Airteagal 15
Luchtóga
1. Coimeádfar an t‑ábhart-ábhar atáirgthe foraoise, le linn chéimeanna uile an táirgthe, ar leithligh faoi threoir aonad aonair formheasa de bhunábhar agus an mháistirdheimhnithe, nuair a eiseofar é, chun inrianaitheacht an ábhar atáirgthe foraoise chuig an mbunábhar formheasta ónar buanadh é a áirithiú. Buanfar ábhar atáirgthe foraoise ó na haonaid aonair formheasa sin agus agus margófar iad ina luchtóga, a bheidh leor‑aonfhoirmeachleor-aonfhoirmeach agus ba cheart iad a shainaithint mar luchtóga atá ar leithligh ó luchtóga eile d’ábhair atáirgthe foraoise. [Leasú 61]
Sainaithneofar gach luchtóg ábhair atáirgthe foraoise leis an méid seo a leanas:
(a) uimhircód luchtóige; [Leasú 62]
(aa) cuspóir; [Leasú 63]
(b) cód agus uimhir an mháistirdheimhnithe;
(c) an t‑ainm luibheolaíoch;
(d) catagóir ábhair atáirgthe foraoise;
(e) ábhar bunúsachcineál bunábhair; [Leasú 64]
(f) tagairt chláir nó an cód aitheantais don réigiún bunáitíochta;
(g) réigiún bunáitíochta le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ agus ‘roghnaithe’ nó ábhar atáirgthe foraoise eile más iomchuí;
(h) más iomchuí, cé acu uatheascarthach nó dúchasach, neamh‑uatheascarthach nó andúchasach é tionscnamh an bhunábhair nó más é nach bhfuil an tionscnamh ar eolas;
(i) i gcás aonaidaonad síolta, bliain an aibithe, íonacht, céatadán péactha an tsíl íon, meáchan 1000 síol íon, líon na síolta péactha in aghaidh an chileagraim agus ainm an stáisiúin tástála síl; [Leasú 65]
(j) aois agus cineál an stoic le cur de shíológa nó gearrthóga, cé acu foghearrthóga, athphlandaí nó stoc le cur a choimeádtar i gcoimeádáin atá ann;
(k) i gcás na catagóire ‘tástáilte’, cé acu díobh seo a leanas atá ann:
(i) planda géinmhodhnaithe;
(ii) planda TGN.
(ka) más infheidhme, na cearta maoine intleachtúla atá ann maidir leis an ábhar atáirgthe foraoise. [Leasú 135]
2. Gan dochar do mhír 1 den Airteagal ná do phointe (c) d’Airteagal 5(1), coimeádfaidh na Ballstáit ábhar atáirgthe foraoise ar leithligh, atá faoi réir iomadú fásúil ina dhiaidh sin agus sainaithneoidh siad é mar iomadú fásúil. Beidh an t‑ábhar atáirgthe foraoise buainte ó aonad formheasa amháin sna catagóirí ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’. Sna cásanna sin, beidh an t‑ábhar atáirgthe foraoise táirgthe sa chatagóir chéanna leis an ábhar atáirgthe foraoise bunaidh.
3. Gan dochar do mhír 1, beidh meascadh ábhair atáirgthe foraoise faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas, de réir mar is iomchuí:
(a) laistigh de na catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’ nó ‘roghnaithe’, beidh feidhm ag meascadh maidir le hábhar atáirgthe foraoise ó dhá aonad formheasa nó níos mó laistigh de réigiún bunáitíochta amháin;
(b) i gcás meascadh ábhair atáirgthe foraoise laistigh de réigiún bunáitíochta amháin, ó fhoinsí síl agus clampaí sa chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’, deimhneofar an luchtóg nua chomhcheangailte mar ‘ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó fhoinse síl’;
(c) i gcás meascadh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó bhunábhar neamh‑uatheascarthach nó andúchasach le bunábhar de thionscnamh nach bhfuil ar eolas, deimhneofar an luchtóg nua chomhcheangailte mar ‘de thionscnamh anaithnid.’;
(d) i gcás meascadh ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ó aonaid formheasa amháin ó bhlianta éagsúla aibiúcháin, taifeadfar na blianta iarbhír aibiúcháin agus an sciar d’ábhar atáirgthe foraoise ó gach bliain.
I gcás measctha i gcomhréir le pointí (a), (b) nó (c) den chéad fhomhír, féadfar an tagairt chláir atá i bpointe (f) de mhír 1 a chur in ionad an chóid aitheantais don réigiún bunáitíochta.
Airteagal 16
Lipéad oifigiúil
1. Eiseoidh an t‑údarást-údarás inniúil nó an t-oibreoir gairmiúil, faoi mhaoirseacht oifigiúil údaráis inniúil, lipéad oifigiúil le haghaidh gach luchtóige d’ábhar atáirgthe foraoise lena ndearbhófar comhlíontacht an ábhair atáirgthe foraoise sin i leith na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 5. [Leasú 66]
1a. Déanfar an lipéad oifigiúil a phriontáil ag na páirtithe seo a leanas:
(a) an t-údarás inniúil, má iarrann an t-oibreoir gairmiúil amhlaidh; nó
(b) an t-oibreoir gairmiúil, faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil. [Leasú 67]
2. Údaróidh na húdaráis inniúla an t‑oibreoir gairmiúil chun an lipéad oifigiúil a phriontáil tar éis don údarás inniúil comhlíontacht an ábhair atáirgthe foraoise sin i ndáil leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 5 a dhearbhú. Tá an t‑oibreoir gairmiúil údaraithe chun an lipéad sinoifigiúil a eisiúint agus/nó a phriontáil, más rud é, ar bhonn iniúchta, gur tháinig an t‑údarás inniúil ar an gconclúid go bhfuil aninniúlacht, bonneagar agus na hacmhainníacmhainní leordhóthanach ag an oibreoir chun an lipéad oifigiúil a phriontáil.. [Leasú 68]
3. Déanfaidh an t‑údarás inniúil rialuithe tráthrialta chun a sheiceáil cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t‑oibreoir gairmiúil na ceanglais dá dtagraítear i mír 2.
I gcás ina suíonn an t‑údarás inniúil nach gcomhlíonann oibreoir gairmiúil na ceanglais dá dtagraítear sa mhír sin tar éis don údarás sin an t‑údarú dá dtagraítear i mír 2 a dheonú, tarraingeoidh sé an t‑údarú siar nó modhnóidh sé é de réir mar is iomchuí gan mhoill.
4. De bhreis ar an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 15(1), beidh an fhaisnéis uile seo a leanas ar an lipéad oifigiúil nó i ndoiciméad eile ón soláthróir leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal sin: [Leasú 69]
(a) uimhir/uimhreacha máistirdheimhniúcháin a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 14 nó tagairt don doiciméad eile ina sainaithnítear an meascán atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 14(3);
(b) ainm an oibreora ghairmiúilainmneacha na n-oibreoirí gairmiúla soláthair, lena n-áirítear a seoltaí agus a n-uimhreacha cláraithe agus ainmneacha na bhfaighteoirí lena n-áirítear a seoltaí; [Leasú 70]
(c) an chainníocht a soláthraíodh;
(d) i gcás ábhar atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, a bhfuil a bhunábhar formheasta faoi Airteagal 4, na focail ‘formheasta ar bhonn sealadach’;
(e) cé acu ar iomadaíodh an t‑ábhar atáirgthe foraoise go fásúil nó nár iomadaíodh go fásúil é.
(ea) cód QR ina bhfuil treoracha maidir le conas aire a thabhairt d’ábhar atáirgthe foraoise, conas é a stóráil agus conas é a phlandáil. [Leasú 71]
5. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na heilimintí a leanas maidir leis an lipéad oifigiúil a leagan amach:
(a) ábhar an lipéid oifigiúil;
(b) faisnéis bhreise i gcás síolta agus cainníochtaí beaga síolta;
(c) dath an lipéid le haghaidh catagóirí speisialta de chineálacha eile ábhair atáirgthe foraoise;
(d) faisnéis bhreise i gcás géinis nó speicis shonracha.
(da) tásc maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an t-ábhar ina tháirge de mhodhnú géiniteach faoi Threoir 2001/18/CE. [Leasú 136]
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
5a. Má úsáideann an t-oibreoir gairmiúil lipéad nó doiciméad daite i ndáil le haon chatagóir d’ábhar atáirgthe foraoise, beidh dath lipéad nó doiciméad an tsoláthróra ag teacht leis an dath a léirítear in Iarscríbhinn VI. [Leasú 73]
6. Féadfar an lipéad oifigiúil a eisiúint i bhfoirm leictreonach freisin (‘lipéad oifigiúil leictreonach’).
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, socruithe teicniúla a leagan amach le lipéid oifigiúla leictreonacha a eisiúint, lena áirithiú go gcomhlíonfar leo an tAirteagal seo agus go ndéanfar na lipéid oifigiúla sin a eisiúint ar mhodh iomchuí, inchreidte agus éifeachtach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
7. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 26, lena bhforlíontar an tAirteagal seo trí na rialacha seo a leanas a leagan amach:
(a) taifeadadh digiteach na ngníomhaíochtaí uile arna ndéanamh ag na hoibreoirí gairmiúla agus ag na húdaráis inniúla chun na lipéid oifigiúla a eisiúint;
(b) ardán láraithe a bhunú lena nasctar na Ballstáit agus an Coimisiún chun próiseáil na dtaifead sin, rochtain orthu, agus a n‑úsáid a éascú.
Airteagal 17
Pacáistí d’aonaid síolta
Ní fhéadfar aonaid síolta a mhargú ach amháin i bpacáistí séalaithe a bheidh neamhfhóinteach tráth a n‑osclófar an pacáiste. Chun lobhadh an ábhair atáirgthe foraoise a chosc, féadfar pacáistiú an phacáiste shéalaithe a oiriúnú do riachtanais an ábhair atáirgthe foraoise faoi seach. [Leasú 74]
CAIBIDIL V
MAOLUITHE AR AIRTEAGAL 4
Airteagal 18
Maolú ar an gceanglas a bheith formheasta le haghaidh bunábhar atá beartaithe chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú
1. De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), ní bheidh clárú bunábhair, atá beartaithe chun acmhainní géiniteacha foraoise a chaomhnú, sa chlár náisiúnta faoi réir fhormheas na n‑údarás inniúil.
2. Maidir le haon oibreoir gairmiúil a chláraíonn bunábhar chun acmhainní géiniteacha foraoise a úsáidtear san fhoraoiseacht a chaomhnú, tabharfaidh sé fógra d’údaráis inniúil an Bhallstáit lena mbaineann faoin mbunábhar sin.
3. Tabharfar fógra faoi bhunábhar dá dtagraítear i mír 1 do na húdaráis inniúla i gcomhréir le formáid FOREMATIS.
Tabharfar an fógra faoin mbunábhar agus tagairt á déanamh don aonad fógra.
Sainaithneofar gach aonad fógra le tagairt chláir uathúil i gclár náisiúnta.
Beidh an fhaisnéis seo a leanasdá dtagraítear in Airteagal 12(3) san fhógra sin:.
(a) an t‑ainm luibheolaíoch;
(b) catagóir;
(c) ábhar bunúsach;
(d) tagairt chláir nó, i gcás inarb iomchuí, achoimre uirthi, nó an cód aitheantais don réigiún bunáitíochta;
(e) suíomh: ainm gearr, más iomchuí, agus an réigiún bunáitíochta agus an raon domhanleithid, domhanfhaid agus airde;
(f) limistéar: méid foinse/foinsí síl nó clampa(í);
(g) tionscnamh: tásc cé acu uatheascarthach/dúchasach nó neamh‑uatheascarthach/andúchasach é an bunábhar nó cé acu atá nó nach bhfuil an tionscnamh ar eolas. I gcás bunábhar neamh‑uatheascarthach/andúchasach, tásc maidir lena thionscnamh, má tá sé ar eolas;
(h) cuspóir: caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha. [Leasú 75]
4. Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na coinníollacha sonracha a bhunú a mhéid a bhaineann leis na ceanglais agus ábhair an fhógra sin. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, cuirfear san áireamh forbairt caighdeán idirnáisiúnta is infheidhme agus glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
Airteagal 19
Formheas ó oibreoirí gairmiúla i ndáil le bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’
De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus (2), féadfaidh na Ballstáit na hoibreoirí gairmiúla a údarú chun bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘sainaitheanta de réir foinse’ a fhormheas i gcás speicis áirithe, má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a) bíonn dálaí adhaimsire sa réigiún bunáitíochta, an áit a bhfuil an bunábhar suite; agus
(b) bíonn tionchar ag na dálaí aimsire sin ar thimthriall atáirgthe an bhunábhair agus laghdaítear leis na dálaí sin minicíocht buainte ábhair atáirgthe foraoise den bhunábhar sin.
Beidh an t‑údarú sin faoi réir a fhormheasta ag an gCoimisiúnTabharfar fógra don Choimisiún maidir leis an údarú sin. [Leasú 76]
Airteagal 20
Formheas sealadach bunábhar atá beartaithe le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’
De mhaolú ar Airteagal 4(2), féadfaidh na Ballstáit formheas bunábhar atá beartaithe le haghaidh táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’, go ceann uastréimhse 10 mbliana, sa chríoch uile nó i gcuid den chríoch i gcás inar féidir a thoimhdiú, ó thorthaí sealadacha na meastóireachta géinití nó na dtástálacha comparáideacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, nuair a bheidh na tástálacha críochnaithe, comhlíonfaidh an bunábhar na ceanglais le haghaidh formheasa faoin Rialachán seo.
Airteagal 21
Deacrachtaí teicniúla leis an soláthar
1. Chun aon deacracht theicniúil i ndáil le soláthar ginearálta ábhar atáirgthe foraoise a tharlaíonn i mBallstát amháin nó níos mó a shárú, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do Bhallstát amháin a ndéantar difear dó ar a laghad, údarú sealadach a thabhairt do na Ballstáit ábhar atáirgthe foraoise de speiceas amháin nó níos mó a díorthaíodh ó bhunábhar, lena gcomhlíontar ceanglais dhiana nach bhfuil chomh dian céanna leis na cinn a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus (2), a fhormheas lena mhargú, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme.
2. I gcás ina ngníomhóidh an Coimisiún i gcomhréir le mír 1, luafar ar an lipéad oifigiúil a eiseofar de bhun Airteagal 16(1) gur díorthaíodh an t‑ábhar atáirgthe foraoise lena mbaineann ó bhunábhar lena gcomhlíontar ceanglais nach bhfuil chomh dian céanna leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus (2).
3. Glacfar an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
Airteagal 22
Turgnaimh shealadacha chun roghanna malartacha feabhsaithe ar fhorálacha an Rialacháin seo a lorg
1. De mhaolú ar Airteagail 1, 4 agus 5, féadfaidh an Coimisiún na ceanglais le haghaidh fhormheas an bhunábhair agus táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir le turgnaimh shealadacha a eagrú chun roghanna malartacha feabhsaithe ar fhorálacha an Rialachán seo a lorg maidir leis na speicis nó hibridí saorga a bhfuil feidhm acu maidir leo.
D’fhéadfadh trialacha teicniúla nó eolaíochta a bheith sna turgnaimh sin lena scrúdófar indéantacht agus oiriúnacht na gceanglas nua i gcomparáid leo siúd a leagtar amach in Airteagail 1, 4 agus 5 den Rialachán seo.
2. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2) agus sonrófar ceann amháin nó níos mó de na heilimintí seo a leanas:
(a) na speicis nó na hibridí saorga lena mbaineann;
(b) dálaí na dturgnamh in aghaidh an speicis nó na hibride saorga;
(c) fad an turgnaimh;
(d) oibleagáidí faireacháin agus tuairiscithe na mBallstát rannpháirteach.
Cuirfear claochlú na nithe seo a leanas san áireamh sna gníomhartha sin:
(a) na modhanna le haghaidh tionscnamh an bhunábhair a chinneadh lena n‑áirítear úsáid teicnící bith‑mhóilíneacha;
(b) na modhanna le haghaidh chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe na n‑acmhainní géiniteacha foraoise, agus caighdeáin idirnáisiúnta is infheidhme á gcur san áireamh;
(c) na modhanna le haghaidh atáirgthe, táirgthe lena n‑áirítear próisis táirgthe nuálacha a úsáid;
(d) na modhanna le haghaidh scéimeanna crosphórúcháin a dhearadh i gcomhair comhpháirteanna de bhunábhar;
(e) na modhanna le haghaidh an mheasúnaithe ar shaintréithe bunábhair agus ábhair atáirgthe foraoise;
(f) na modhanna le haghaidh rialú an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann.
Oiriúnóidh na gníomhartha sin do chlaochlú teicnící le haghaidh táirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann, agus beidh siad bunaithe ar aon triail agus tástáil chomparáideach a dhéanfaidh na Ballstáit.
3. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar thorthaí na dturgnamh sin agus tabharfaidh sé achoimre orthu i dtuarascáil, agus an gá chun Airteagail 1, 4 nó 5 a leasú á thabhairt le fios, más gá.
Airteagal 23
Údarú chun ceanglais níos déine a ghlacadh
1. De mhaolú ar Airteagal 4, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, údarú a thabhairt do na Ballstáit, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais le haghaidh fhormheas an bhunábhair agus le haghaidh tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise, ceanglais níos déine maidir le táirgeadh ná na cinn siúd dá dtagraítear san Airteagal sin a ghlacadh, i gcríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann nó i gcuid di, ar choinníoll nach gcoisctear saorghluaiseacht an ábhair atáirgthe foraoise atá i gcomhréir leis an Rialachán seo agus nach gcuirtear bac ná teorainn uirthi, mar gheall ar na ceanglais sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). [Leasú 77]
2. Chun críche an údaraithe dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh na Ballstáit iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ina leagfar amach an méid seo a leanas:
(a) na dréachtfhorálacha ina mbeidh na ceanglais a bheidh beartaithe;
(b) réasúnú maidir le gá agus comhréireacht na gceanglas sin.
3. Ní thabharfar an t‑údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má chomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a) leis na bearta a iarrfar, áiritheofar ar a laghad ceann amháin de na nithe seo a leanas:
(i) feabhas ar cháilíocht an ábhair atáirgthe foraoise lena mbaineann;
(ii) cosaint an chomhshaoil: oiriúnú don athrú aeráide nó rannchuidiú leis an iarracht chun, bithéagsúlacht a chosaint agusfheabhsú, nó éiceachórais foraoise a athchóiriú nó tacú lena bhfeidhmiú; [Leasú 78]
(b) beidh gá leis na bearta a iarrfar agus beidh siad i gcomhréir lena gcuspóir de bhun phointe (a); agus
(c) beidh údar leis na bearta ar bhonn na ndálaí sonracha aeráide agus éiceolaíocha sa Bhallstát lena mbaineann.
4. I gcás ina mbeidh ceanglais bhreise nó ceanglais níos déine glactha ag na Ballstáit de bhun Airteagal 7 de Threoir 1999/105/CE, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann athbhreithniú ar na bearta sin agus aisghairfidh siad iad nó leasóidh siad iad faoi … [1 bhliain amháin tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] chun an Rialachán seo a chomhlíonadh.
Cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh na ngníomhaíochtaí sin.
CAIBIDIL VI
ALLMHAIRÍ ÁBHAIR ATÁIRGTHE FORAOISE
Airteagal 24
Allmhairí ar bhonn choibhéis an Aontais
1. Ní fhéadfar ábhar atáirgthe foraoise a allmhairiú chuig an Aontas ó thríú tíortha ach amháin más rud é go suitear, de bhun mhír 2, go gcomhlíonann sé ceanglais atá coibhéiseach leis na ceanglais sin is infheidhme maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas. Beidh an próiseas chun coibhéis a mheasúnú agus a shuíomh bunaithe ar scrúdú mionsonraithe ar na caighdeáin sainiúlachta agus cháilíochta agus ar cheanglais eile is infheidhme maidir le hábhar atáirgthe foraoise. [Leasú 79]
2. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an gcomhlíonann ábhar atáirgthe foraoise de ghéinis shonracha, speicis shonracha nó catagóirí sonracha, a tháirgtear i dtríú tír, ceanglais atá coibhéiseach leo siúd a bhfuil feidhm acu maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear agus a mhargaítear san Aontas, ar bhonn an mhéid uile seo a leanas:
(a) scrúdú críochnúil ar an bhfaisnéis agus ar na sonraí arna gcur ar fáil ag an tríú tír lena mbaineann; agus
(b) toradh sásúil iniúchta arna dhéanamh ag an gCoimisiún sa tríú tír lena mbaineann, i gcás inar mheas an Coimisiún gur ghá an t‑iniúchadh sin;
(c) go bhfuil an tríú tír sin páirteach i Scéim ECFE maidir le Deimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a bhíonn ag gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
3. Nuair a ghlacfar na cinntí dá dtagraítear i mír 1, breithneoidh an Coimisiún cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn na córais, le haghaidh fhormheas agus chlárú an bhunábhair agus tháirgeadh an ábhair atáirgthe foraoise ón mbunábhar sin ina dhiaidh sin, atá i bhfeidhm sa tríú tír lena mbaineann na ráthaíochtaí céanna a ndéantar foráil dóibh in Airteagail 4, 5 agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 11, le haghaidh na gcatagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ agus ‘tástáilte’.
Airteagal 25
Fógra agus deimhnithe ábhair atáirgthe foraoise allmhairithe
1. Cuirfidh na hoibreoirí gairmiúla, a allmhairíonn an t‑ábhar atáirgthe foraoise isteach san Aontas, an t‑údarás inniúil cuí ar an eolas roimh an allmhairiú tríd an gcóras bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla (CBFRO) dá dtagraítear in Airteagal 131 de Rialachán (AE) 2017/625.
2. Beidh an méid uile seo a leanas ag gabháil leis an ábhar atáirgthe foraoise allmhairithe:
(a) máistirdheimhniú nó deimhniú oifigiúil, arna eisiúint ag an tríú tír tionscnaimh;
(b) lipéad oifigiúil; agus
(c) taifid ina mbeidh sonraí ar an ábhar atáirgthe foraoise sin, arna soláthar ag an oibreoir gairmiúil sa tríú tír sin.
(ca) máistirdheimhniú nua arna eisiúint ag údarás inniúil an Bhallstáit allmhairiúcháin, a chuirfear in ionad an mháistirdheimhnithe nó an deimhnithe oifigiúil dá dtagraítear i bpointe (a) tar éis an allmhairithe, nó deimhniú lena bhfianófar gurb ann don deimhniú nua seo. [Leasú 80]
3. Tar éis an allmhairithe dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann na nithe seo a leanas:
(a) cuirfidh sé máistirdheimhniú nua arna eisiúint sa Bhallstát lena mbaineann in ionad an mháistirdheimhnithe nó an deimhnithe oifigiúil dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2; agus
(b) cuirfidh sé lipéad oifigiúil nua arna eisiúint sa Bhallstát lena mbaineann in ionad an lipéid oifigiúil dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA NÓS IMEACHTA
Airteagal 26
An tarmligean a fheidhmiú
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2. Déanfar an chumhacht chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 4(2) agus (6), Airteagal 5(3), Airteagal 7(2), Airteagal 8(1), Airteagal 14(6) agus Airteagal 16(7) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón … [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2(2), Airteagal 4(2) agus (6), Airteagal 5(3), Airteagal 7(2), Airteagal 8(1), Airteagal 14(6) agus Airteagal 16(7) a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna. Ciallaíonn rannpháirtíocht saineolaithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit gur féidir raon leathan saineolais agus peirspictíochtaí náisiúnta a chur i láthair, rud a rannchuidíonn le cinnteoireacht fheasach agus chothrom i leith gníomhartha tarmligthe. [Leasú 81]
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 2(2), Airteagal 4(2) agus (6), Airteagal 5(3), Airteagal 7(2), Airteagal 8(1), Airteagal 14(6) agus Airteagal 16(7) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle fógra a fháil faoin ngníomh sin nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear 2 mhí bhreise leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 27
Nós imeachta coiste
1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha arna bhunú le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011(26).
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.
3. Sa chás go dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm le hAirteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, in éineacht le hAirteagal 5 dá chuid freisin.
CAIBIDIL VIII
Tuairisciú, pionóis agus leasuithe ar Rialacháin (AE) 2016/2031 agus 2017/625
Airteagal 28
Tuairisciú
Faoi … [Oifig na bhFoilseachán, cuir isteach dáta 5 bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoin méid seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:
(a) cainníochtaí d’ábhar atáirgthe foraoise deimhnithe in aghaidh na bliana, i gcás inar eisíodh máistirdheimhniú; [Leasú 82]
(b) an líon pleananna teagmhaisteagmhasacha náisiúnta a glacadh ag na Ballstáit chun ullmhú le haghaidh deacrachtaí soláthair maidir le hábhar atáirgthe foraoise agus an t‑amt-am agus acmhainní a bhfuil gá leisleo chun na pleananna teagmhaisteagmhasacha sin a ghníomhachtú; [Leasú 83]
(c) an líon suíomhanna gréasáin agus/nó treoracha náisiúnta do phlandóirí ina mbeidh faisnéis maidir leis an áit is fearr chun ábhar atáirgthe foraoise a phlandú;
(d) cainníochtaí ábhair atáirgthe foraoise in aghaidh géineas agus speiceas arna n‑allmhairiú ó thríú tíortha faoi choibhéis an Aontais;
(e) pionóis arna bhforchur de bhun Airteagal 29.
Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí teicniúla le haghaidh na tuarascála dá ndéantar foráil i mír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
Airteagal 29
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann le pionóis éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus déanfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill, faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus faoi aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.
2. Áiritheoidh na Ballstáit, maidir le pionóis airgeadais i leith sáruithe ar an Rialachán seo, arna ndéanamh trí chleachtais chalaoiseacha nó cleachtais mheabhlacha, go ndéanfar, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, an buntáiste eacnamaíoch don oibreoir gairmiúil a léiriú leo ar a laghad nó, más iomchuí, céatadán de láimhdeachas an oibreora ghairmiúil.
Airteagal 30
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/2031
Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 2016/2031 mar a leanas:
(1) in Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"
‘4. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, de réir mar is iomchuí, bearta a leagan amach chun láithreacht lotnaidí neamhchoraintín rialáilte de chuid an Aontais a chosc ar na plandaí lena mbaineann le haghaidh plandaithe, dá dtagraítear i bpointe (f) d’Airteagal 36 den Rialachán seo. Bainfidh na bearta sin, i gcás inarb iomchuí, le tabhairt isteach agus le gluaiseacht na bplandaí sin laistigh den Aontas.;’
"
(2) in Airteagal 83, cuirtear an mhír seo a leanas leis:"
‘5a. I gcás plandaí le haghaidh plandú atá táirgthe, nó margaithe, sna catagóirí ‘sainaitheanta de réir foinse’, ‘roghnaithe’, ‘cáilithe’ nó ‘tástáilte’ dá dtagraítear i Rialachán (AE) …/…*+, áireofar an pas plandaí, i bhfoirm ar leith, ar an lipéad oifigiúil a tháirgfear i gcomhréir le forálacha cuí an Rialacháin sin.
I gcás ina bhfuil feidhm ag an mír seo,
(a)
áireofar na heilimintí a leagtar amach i gCodanna E agus F d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo sa phas plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais;
(b)
áireofar na heilimintí a leagtar amach i gCuid H d’Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo sa phas plandaí le haghaidh tabhairt isteach agus gluaiseacht laistigh de chrios cosanta.’;
______________________
* Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... … (IO ...).’;
+ IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin seo agus na hinstitiúidí sa téacs agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.”
"
(3) Leasaítear Iarscríbhinn VII i gcomhréir le hIarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 31
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2017/625
Leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 mar a leanas:
(1) in Airteagal 1(2), cuirtear isteach an pointe seo a leanas:"
‘(l) táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise.;’
"
(2) in Airteagal 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:"
‘(52) ciallaíonn ‘ábhar atáirgthe foraoise’ ábhar mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) …/… ó …*+
______________________
* Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... … (IO ...).’;
+ IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin seo agus na hinstitiúidí sa téacs agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.”
"
(3) cuirtear isteach an t‑airteagal seo a leanas i ndiaidh Airteagal 22a:"
‘Airteagal 22b
Rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla agus le haghaidh gníomhaíocht arna déanamh ag na húdaráis inniúla i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise
1. Le rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, áireofar rialuithe oifigiúla maidir le táirgeadh agus margú ábhair atáirgthe foraoise, agus maidir leis na hoibreoirí atá faoi réir na rialacha sin.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 144, d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí rialacha a leagan síos maidir le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ábhar atáirgthe foraoise chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2) a sheiceáil, ar rialacha iad a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearraí sin agus maidir le gníomhaíocht atá le déanamh ag na húdaráis inniúla i ndiaidh na rialuithe oifigiúla sin a bheith déanta.
Leagfar síos sna gníomhartha tarmligthe sin, rialacha maidir le:
(a)
ceanglais shonracha maidir le feidhmíocht rialuithe oifigiúla den sórt sin ar tháirgeadh agus margú laistigh den Aontas i ndáil le hábhar atáirgthe foraoise áirithe atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2), chun freagairt do neamhchomhlíonadh rialacha an Aontais maidir le hábhar atáirgthe foraoise de thionscnamh nó bunáitíocht faoi leith;
(b)
ceanglais shonracha maidir le feidhmíocht rialuithe oifigiúla den sórt sin ar ghníomhaíochtaí na n‑oibreoirí gairmiúla a bhaineann le táirgeadh ábhair atáirgthe foraoise áirithe atá faoi réir na rialacha dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2), chun freagairt do neamhchomhlíonadh rialacha an Aontais maidir le hábhar atáirgthe foraoise de thionscnamh nó bunáitíocht faoi leith; agus
(c)
na cásanna inar cheart do na húdaráis inniúla beart amháin nó níos mó de na bearta dá dtagraítear in Airteagal 137(2) agus Airteagal 138(2) a dhéanamh i ndáil le neamhchomhlíontachtaí sonracha.
3. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha a leagan síos maidir le socruithe praiticiúla aonfhoirmeacha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar ábhar atáirgthe plandaí chun comhlíonadh rialacha an Aontais dá dtagraítear i bpointe (l) d’Airteagal 1(2) a fhíorú, ar rialacha iad a bhfuil feidhm acu maidir leis na hearraí sin agus maidir le gníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis inniúla i ndiaidh rialuithe oifigiúla den sórt sin, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
íosmhinicíocht aonfhoirmeach rialuithe oifigiúla den sórt sin, i gcás inar gá íosleibhéal rialaithe oifigiúil chun freagairt do rioscaí aonfhoirmeacha aitheanta maidir le neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le hábhar atáirgthe foraoise de thionscnamh nó bunáitíocht faoi leith;
(b)
minicíocht na rialuithe oifigiúla a dhéanann údaráis inniúla ar oibreoirí atá údaraithe chun lipéid oifigiúla a eisiúint faoi mhaoirseacht oifigiúil i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Rialachán (AE) …/…*+
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 145(2).
______________________
* Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... … (IO ...).’
+ IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin seo agus na hinstitiúidí sa téacs agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin seo san fhonóta.”
"
CAIBIDIL IX
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 32
Treoir 1999/105/CE a Aisghairm
Aisghairtear Treoir 1999/105/CE.
Déanfar tagairtí don ghníomh aisghairthe sin a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn VIII.
Airteagal 33
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón ... [3 bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA DE SPEICIS CHRAINN AGUS HIBRIDÍ SAORGA
Abies alba Mill.
Picea abies Karst.
Abies bornmulleriana
Picea sitchensis Carr.
Abies cephalonica Loud.
Pinus brutia Ten.
Abies grandis Lindl.
Pinus canariensis C. Smith
Abies pinsapo Boiss.
Pinus cembra L.
Acer campestre
Pinus contorta Loud
Acer platanoides L.
Pinus halepensis Mill.
Acer pseudoplatanus L.
Pinus leucodermis Antoine
Alnus cordata - Juglans regia
Pinus nigra Arnold
Alnus glutinosa Gaertn.
Pinus pinaster Ait.
Alnus incana Moench.
Pinus pinea L.
Betula pendula Roth.
Pinus radiata D. Don
Betula pubescens Ehrh.
Pinus sylvestris L.
Carpinus betulus L.
Pinus taeda
Castanea sativa Mill.
Populus nigra
Cedrus atlantica Carr.
Populus spp. and artificial hybrids between those species
Cedrus libani A. Richard
Populus tremula
Eucalyptus globulus
Prunus avium L.
Eucalyptus gunnii
Pseudotsuga menziesii Franco
Eucalyptus hybride gunnii x dalrympleana
Quercus cerris L.
Eucalyptus nitens
Quercus ilex L.
Fagus sylvatica L.
Quercus petraea Liebl.
Fraxinus angustifolia Vahl.
Quercus pubescens Willd.
Fraxinus excelsior L.
Quercus robur L.
Juglans major x regia
Quercus rubra L.
Juglans nigra
Quercus suber L.
Juglans nigra x regia
Robinia pseudoacacia L.
Larix decidua Mill.
Sorbusdomestica
Larix x eurolepis Henry
Sorbustorminalis
Larix kaempferi Carr.
Tilia cordata Mill.
Larix sibirica Ledeb.
Tilia platyphyllos Scop.
Malus sylvestris
[Leasú 84]
IARSCRÍBHINN II
CEANGLAIS MAIDIR LE FORMHEAS BUNÁBHAR ATÁ BEARTAITHE LE HAGHAIDH THÁIRGEADH ÁBHAIR ATÁIRGTHE FORAOISE DEN CHATAGÓIR ‘SAINAITHEANTA DE RÉIR FOINSE’
Cuid I
A. Ceanglas ginearálta: Comhlíonfar na ceanglais a leagfaidh na húdaráis inniúla amach leis an bhfoinse síl nó clampa.
Cuid II
B. Ceanglais shonracha:
1. An cineál bunábhair
Is éard a bheidh sa bhunábhar foinse síl nó clampa atá suite laistigh de réigiún bunáitíochta amháin.
2. Méid éifeachtach an daonra
Beidh an fhoinse síl nó an clampa comhdhéanta de ghrúpa crann amháin nó níos mó grúpaí crann (clampaí) nó clampa aonair. Beidh na crainn sin d’fhoinse síl nó de chlampa dáilte go maith agus beidh líon leordhóthanach díobh ann chun éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil agus chun crosphailniú leordhóthanach idir na crainn sna foinsí síl nó sna clampaí sin a áirithiú. [Leasú 85]
3. Tionscnamh agus réigiún bunáitíochta
(a) Luafar an réigiún bunáitíochta, an suíomh agus raon domhanleithid, domhanfhaid agus airde na háite/na n‑áiteanna a mbailítear an t‑ábhar atáirgthe foraoise sa mháistirdheimhniú.
(b) Cinnfidh an t‑oibreoir gairmiúil le fianaise stairiúil (leabharliosta, doiciméadacht arna coimeád ag na húdaráis inniúla, institiúidí taighde nó aon eagraíocht eile) nó le modh iomchuí eile (trialacha bunáitíochta), lena n‑áirítear teicnící bith‑mhóilíneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, cé acu díobh seo atá an bunábhar:
(i) uatheascarthach;
(ii) neamh‑uatheascarthach;
(iii) dúchasach;
(iv) andúchasach;
(v) anaithnid.
I gcás bunábhar neamh‑uatheascarthach nó andúchasach, luafar tionscnamh an bhunábhair sin má tá sé ar eolas.
Fíoróidh an t‑údarás inniúil an fhaisnéis a sholáthraíonn an t‑oibreoir gairmiúil.
4. Saintréithe inbhuanaitheachta
(a) Beidh na crainn oiriúnaithe do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha lena n‑áirítearn-áirítear na fachtóirí bitheacha agus aibitheacha atá i réim sa réigiún bunáitíochta agus beidh pobail imeallacha crann a léiríonn oiriúnú áitiúil d’fhachtóirí bitheacha agus aibitheacha níos foircní. [Leasú 86]
(b) Beidh na crainn saor, geall leis, ó lotnaidí aguscáilíochtaagus na siomptóim a ghabhann leo agus beidh siad frithsheasmhach i ndáil le dálaí díobhálacha aeráide agus suíomh-sonracha san áit a mbeidh siad ag fás. [Leasú 87]
IARSCRÍBHINN III
CEANGLAIS MAIDIR LE FORMHEAS BUNÁBHAR ATÁ BEARTAITHE LE HAGHAIDH THÁIRGEADH ÁBHAIR ATÁIRGTHE FORAOISE DEN CHATAGÓIR ‘ROGHNAITHE’
A. Ceanglas ginearálta:
Déanfaidh an t‑údarás inniúil measúnú ar an gclampa i ndáil leis an gcuspóir sonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise agus beidh tionchar iomchuí aige ar na ceanglais a leagtar amach i Roinn B, ag brath ar an gcuspóir sin. Cinnfidh an t‑údarás inniúil na critéir roghnúcháin ar bhonn an chuspóra shonraigh maidir le húsáid an ábhair atáirgthe foraoise sin. Léireofar an cuspóir sin i gclár náisiúnta an Bhallstáit lena mbaineann.
B. Ceanglais shonracha:
1. Tionscnamh: Cinnfear é le fianaise stairiúil (leabharliosta, doiciméadacht arna coimeád ag na húdaráis inniúla, institiúidí taighde nó aon eagraíocht eile) nó le modh iomchuí eile (trialacha bunáitíochta), lena n‑áirítear teicnící bith‑mhóilíneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, cé acu uatheascarthach/dúchasach nó neamh‑uatheascarthach/andúchasach é an clampa nó cé acu atá nó nach bhfuil a thionscnamh ar eolas. I gcás bunábhar neamh‑uatheascarthach/andúchasach, luafar an tionscnamh má tá sé ar eolas.
2. Leithlisiú: Déanfar clampaí a leithlisiú ag achar leordhóthanach ó chlampaí de dhroch‑cháilíochtdhroch-cháilíocht den speiceas céanna nó de speiceas gaolmhar nó ó chlampaí de speiceas gaolmhar ar féidir hibridí a chruthú leis an speiceas i gceist. Tabharfar aird ar leith ar an gceanglas sin i gcás ina bhfuil na clampaí atá timpeall clampaí uatheascarthacha/dúchasacha neamh‑-uatheascarthach/andúchasach nó i gcás nach bhfuil an tionscnamh ar eolas. [Leasú 88]
3. Méid éifeachtach an daonra: Chun éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil agus chun crosphailniú leordhóthanach a áirithiú, beidh na clampaí comhdhéanta de ghrúpa crann amháin nó níos mó grúpaí crann. Beidh na crainn sin dáilte go maith agus beidh líon leordhóthanach díobh i limistéar faoi leith chun éagsúlacht ghéiniteach a chothabháil, chun éifeachtaí neamhfhabhracha ionphórúcháin a sheachaint agus chun crosphailniú leordhóthanach idir na crainn sin a áirithiú.
4. Aois agus forbairt: Beidh aois nó céim fhorbartha na gcrann sna clampaí ag aois nó céim fhorbartha gur féidir breithiúnas soiléir a dhéanamh ar na critéir a thugtar le haghaidh roghnú na gcrann sin.
5. Aonfhoirmeacht: Taispeánfar sna clampaí gnáthleibhéal éagsúlachta aonair i saintréithe moirfeolaíocha. Bainfear crainn lagmheasa i gcás inar gá.
6. Saintréithe inbhuanaitheachta:
(a) Beidh na clampaí oiriúnaithe do na dálaí aeráide agus éiceolaíocha lena n‑áirítear na fachtóirí bitheacha agus aibitheacha atá i réim sa réigiún bunáitíochta.
(b) Beidh na crainn saor, geall leis, ó lotnaidí aguscáilíochtaagus na siomptóim a ghabhann leo agus beidh siad frithsheasmhach i ndáil le dálaí suímh díobhálacha aeráide agus suíomh-sonracha san áit a mbeidh siad ag fás. [Leasú 89]
7. Táirgeadh méide: Maidir le formheas na gclampaí roghnaithe, beidh an méid adhmaid a tháirgfear níos fearr ná an meánmhéid inghlactha a tháirgtear faoi coinníollacha éiceolaíocha agus bainistíochta comhchosúla de ghnáth.
8. Cáilíocht an adhmaid: Cuirfear cáilíocht an adhmaid san áireamh. Is critéar fíor‑riachtanach é cáilíocht an adhmaid má úsáidtear an t‑ábhar atáirgthe foraoise sa tionscal foraoiseachta chun adhmad, troscán nó laíon a tháirgeadh. Tabharfaidh an t‑údarás inniúil aird níos mó ar an gcritéar sin sa chás sin.
9. Foirm nó nós fáis: Maidir le crainn i gclampaí, taispeánfaidh siad gnéithe moirfeolaíocha an-mhaith, go háirithe díríocht agus ciorclaíocht an ghais, nós brainsiúcháin fabhrach, méid beag na ngéag agus dea‑sciotadh nádúrtha. Anuas air sin, beidh sciar na gcrann gabhlach agus iad siúd a léireoidh snáithe bíseach íseal.
IARSCRÍBHINN IV
CEANGLAIS MAIDIR LE FORMHEAS BUNÁBHAR ATÁ BEARTAITHE LE HAGHAIDH THÁIRGEADH ÁBHAIR ATÁIRGTHE FORAOISE DEN CHATAGÓIR ‘CÁILITHE’
1. Síolghoirt
(a) Formheasfaidh agus cláróidh an t‑údarás inniúil cineál agus cuspóir an dearaidh thrasaigh, dearadh trasach clón comhpháirteach nó finte agus leagan amach gort, clóin chomhpháirteacha nó finte, leithlisiú agus suíomh agus aon athrú orthu sin.
(b) Roghnóidh an t‑oibreoir gairmiúilRoghnófar clóin chomhpháirteacha nó finte de bharr a saintréithe den scoth agus tabharfaidh sétabharfar aird chuí ar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 4 agus 6 go 9 de Roinn B d’Iarscríbhinn III, agus an cuspóir sonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábharn-úsáidfear an t-ábhar atáirgthe foraoise a leanfaidh á chur san áireamh. [Leasú 90]
(c) Maidir leis na clóin chomhpháirteacha nó finte, déanfar iad a phlandú nó beidh siad plandaithe de réir plean a bheidh formheasta ag an údarás inniúil agus bunaithe ar bhealach ina mbeifear in ann gach comhpháirt a shainaithint.
(d) Tabharfar tuairisc ar thanú a dhéanfar i síolghoirt in éineacht leis na critéir roghnúcháin a úsáidtear le haghaidh an tanúcháin sin agus clárófar é leis an údarás inniúil.
(e) Bainisteoidh an t‑oibreoir gairmiúilBainisteofar na síolghoirt agus buanfaidh sébuanfar na síolta ar bhealach ina mbainfear amach cuspóirí na síolghort. I gcás síolghort atá beartaithe le haghaidh hibrid saorga a tháirgeadh, cinnfear céatadán na hibridí san ábhar atáirgthe foraoise le tástáil fíorúcháin. [Leasú 91]
2. Máthairchrainn na fine
(a) Roghnóidh an t‑oibreoir gairmiúilRoghnófar na crainn tuismitheora de bharr a saintréithe den scoth nó de bharr a mianach comhcheangail. I gcás roghnú bunaithe ar shaintréithe den scoth, tabharfar aird chuí ar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 4 agus 6 go 9 de Roinn B d’Iarscríbhinn III, agus an cuspóir sonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábharn-úsáidfear an t-ábhar atáirgthe foraoise a leanfaidh á chur san áireamh. [Leasú 92]
(b) Maidir le cuspóir, dearadh trasach agus córas pailniúcháin, comhpháirteanna, leithlisiú agus suíomh agus aon athrú mór orthu sin, formheasfar agus clárófar iad leis an údarás inniúil.
(c) Maidir le haitheantas, líon agus sciar na gcrann tuismitheora i meascán, formheasfar agus clárófar iad leis an údarás inniúil.
(d) I gcás crainn tuismitheora atá beartaithe le haghaidh hibrid saorga a tháirgeadh, cinnfear céatadán na hibridí san ábhar atáirgthe foraoise le tástáil fíorúcháin.
3. Clóin
(a) Beifear in ann clóin a shainaithint óna saintréithe a bheith formheasta agus cláraithe leis an údarás inniúil.
(b) Suífear luach na gclón aonair leis an mbreathnú agus an measúnú cáilíochtúil ar na saintréithe de na clóin sin nó beidh siad léirithe ag turgnamh fada leordhóthanach.
(c) Maidir le bunphlandaí a úsáidtear chun clóin a tháirgeadh, roghnófar iad de bharr a saintréithe den scoth agus tabharfar aird chuí ar na ceanglais a leagtar amach i bpointí 4 agus 6 go 9 de Roinn B d’Iarscríbhinn III, agus an cuspóir sonrach dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise a leanfaidh á chur san áireamh.
(d) Cuirfidh an t‑údarás inniúil srian leis an bhformheas, srian d’uaslíon blianta nó d’uaslíon ramaití táirgthe.
4. Meascáin chlónacha
(a) Comhlíonfaidh na meascáin chlónacha na ceanglais a leagtar amach i pointe 3(a), (b) agus (c).
(b) Maidir le haitheantas, líon agus sciar na gclón comhpháirteach i meascán, agus an modh roghnúcháin agus an bunstoc, formheasfar agus clárófar iad leis an údarás inniúil. Beidh éagsúlacht ghéiniteach leordhóthanach i ngach meascán.
(c) Cuirfidh an t‑údarás inniúil srian leis an bhformheas, srian d’uaslíon blianta nó d’uaslíon ramaití táirgthe.
IARSCRÍBHINN V
CEANGLAIS MAIDIR LE FORMHEAS BUNÁBHAR ATÁ BEARTAITHE LE HAGHAIDH THÁIRGEADH ÁBHAIR ATÁIRGTHE FORAOISE DEN CHATAGÓIR ‘TÁSTÁILTE’
1. CEANGLAS LE HAGHAIDH NA DTÁSTÁLACHA UILE
a) Ginearálta
Más clampa é an bunábhar, comhlíonfaidh sé na ceanglais iomchuí a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Más síolgho(i)rt, máthairchrainn na fine, clóin nó meascá(i)n c(h)lónach(a) atá sa bhunábhar, comhlíonfaidh sé na ceanglais iomchuí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV. Cinnfidh an t‑údarás inniúil na critéir roghnúcháin bunaithe ar an gcuspóir beartaithe dá n‑úsáidfear an t‑ábhar atáirgthe foraoise.
UllmhóidhTabharfaidh na hoibreoirí gairmiúla tástálacha arna gcur ar bun chun an bunábhar a fhormheas, leagfaidh siad amach iad agus déanfaidh siad na tástálacha sin. Léirmhíneoidh siadtuairisc maidir le hábhar, modhanna agus torthaí na dtástálacha sindon údarás inniúil atá freagrach as an mbunábhair a fhormheas. Déanfar na torthaí a chuirfear i láthair a anailísiú i gcomhréir le nósanna imeachta a aithnítear go domhanda. I gcás tástálachadtástálacha comparáideacha, déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúil comparáid idir an t‑ábhar atáirgthe foraoise atá á thástáil lebainfear úsáid as caighdeán formheasta nó réamhroghnaithe amháin ar a dtugtar tuairisc i bpointe 3(b), nó, más féidir, níos mó ná ceann amháin de na caighdeáin sin. [Leasú 93]
aa) Comhlíonfar líon íosta limistéar tástála d’íosmhéid in aghaidh an speicis crainn a liostaítear in Iarscríbhinn I. [Leasú 94]
(b) Saintréithe atá le scrúdú
(i) Dearfaidh an t‑oibreoir gairmiúilDéanfar na tástálacha a dhearadh chun measúnú a dhéanamh ar na saintréithe ábhartha a shonraítear i bpointe (ii) agus tabharfaidh sétabharfar iad sin le fios i gcás gach tástála i dtaifid na dtástálacha. [Leasú 95]
(ii) Tabharfar aird níos mó ar oiriúnú, fás agus fachtóirí bitheacha agus aibitheacha atá tábhachtach. Anuas air sin, déanfar meastóireacht ar shaintréithe eile, a mheastar iad a bheith tábhachtach i bhfianaise an chuspóra shonraigh bheartaithe, i ndáil le dálaí éiceolaíocha an réigiúin ina ndéantar an tástáil lena n‑áirítear dálaí aeráide agus éiceolaíocha atá ann faoi láthair agus dálaí aeráide agus éiceolaíocha a réamh‑mheastar don todhchaí.
(c) Doiciméadacht
Coimeádfaidh an t‑oibreoirSoláthróidh an t-oibreoir gairmiúil taifid lena dtabharfar tuairisc ar gach faisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí na suíomhanna tástála, lena n‑áirítearn-áirítear an suíomh, aeráid, ithir, úsáid roimhe seo, bunaíocht, bainistíocht agus aon damáiste de bharr fachtóirí aibitheacha/bitheacha. Cuirfidh séan t-oibreoir gairmiúil na taifid sin ar fáil don údarás inniúil arna n‑iarraidh sin. Taifeadfaidh an t‑údarást-údarás inniúil aois an bhunábhair agus an ábhair atáirgthe foraoise agus na torthaí tráth na meastóireachta. [Leasú 96]
(d) Na tástálacha a chur ar bun
(i) Déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúilDéanfar gach sampla d’'ábhar atáirgthe foraoise a thógáil, a phlandú agus a bhainistiú ar an mbealach céanna, a mhéid is féidir de réir na gcineálacha ábhair planda.; [Leasú 97]
(ii) Bunóidh an t‑oibreoir gairmiúilBunófar gach turgnamh i ndearadh staidrimh bailí le líon leordhóthanach crann, ionas gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar shaintréithe aonair gach comhpháirte atá faoi scrúdú. [Leasú 98]
(e) Anailís ar na torthaí agus bailíocht na dtorthaí
(i) Déanfaidh an t‑oibreoir gairmiúilDéanfar anailís ar na sonraí ó thurgnaimh agna turgnaimh trí úsáid a bhaint as modhanna staidrimh atá aitheanta go hidirnáisiúnta agus cuirfidh siadcuirfear na torthaí i láthair le haghaidh gach saintréithe a ndéantar scrúdú uirthi. [Leasú 99]
(ii) Cuirfear ar fáil go hoscailte an mhodheolaíocht a úsáideadh don tástáil agus na torthaí mionsonraithe a fuarthas.
(iii) Ainmneoidh údarás inniúil an Bhallstáit ina ndearnadh an tástáil an limistéar úsáide molta, agus tabharfaidh sé fógra faoi aon saintréith den ábhar atáirgthe foraoise a d’fhéadfadh teorainn a chur lena úsáideacht.
(iv) Má chruthaítear le linn na dtástálacha nach bhfuil, ar a laghad, saintréithe an bhunábhair ónar táirgeadh an t‑ábhar atáirgthe foraoise sin ag an ábhar atáirgthe foraoise, lena n‑áirítear go háirithe an fhrithsheasmhacht/láidreacht in aghaidh lotnaidí plandaí de thábhacht eacnamaíoch, ní dheimhneofar ábhar atáirgthe foraoise den sórt sin mar ábhar tástáilte.
2. CEANGLAIS LE hAGHAIDH MEASTÓIREACHT GHÉINITEACH AR NA COMHPHÁIRTEANNA DEN BHUNÁBHAR
(a) Féadfar meastóireacht ghéiniteach a dhéanamh ar na comhpháirteanna den bhunábhar seo a leanas: síolghoirt, máthairchrainn na fine, clóin agus meascáin chlónacha.
(b) Doiciméadacht
Beidh gá leis an doiciméadacht bhreise seo a leanas le haghaidh fhormheas an bhunábhair, doiciméadacht ina soláthrófar faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
(i) aitheantas, tionscnamh agus pórlíne na gcomhpháirteanna a bhfuil meastóireacht déanta orthu;
(ii) an dearadh trasach a úsáidtear chun an t‑ábhar atáirgthe foraoise a úsáidtear sna tástálacha meastóireachta a tháirgeadh.
(c) Nósanna imeachta tástála
Comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(i) Déanfar meastachán i ndáil le luach géiniteach gach comhpháirte in dhá shuíomh tástála meastóireachta nó níos mó, agus beidh ceann amháin díobh sin ar a laghad i dtimpeallacht atá ábhartha do limistéar úsáide beartaithe an ábhair atáirgthe foraoise.
(ii) Beidh an tréimhse tástála d’fhad leordhóthanach chun go mbeifear in ann na saintréithe tástáilte a léirmhíniú.
(iii) Ríomhfar ardchéimíocht mheasta an ábhair atáirgthe foraoise atá le margú ar bhonn na luachanna géiniteacha sin agus an dearadh trasach sonrach.
(iv) Formheasfaidh an t‑údarás inniúil na tástálacha meastóireachta agus na ríomhanna géiniteacha.
(d) Léirmhíniú
(i) Ríomhfar ardchéimíocht mheasta an ábhair atáirgthe foraoise in aghaidh daonra tagartha le haghaidh saintréithe nó tacar saintréithe. Saineoidh an t‑oibreoir gairmiúilSaineofar an daonra tagartha sa chlár pórúcháin agus tabharfaidh séagus tabharfar tuairisc ar an daonra tagartha sinair sna tuarascálacha tástála. [Leasú 100]
(ii) Luafar cé acu atá nó nach bhfuil luach géiniteach measta an ábhair atáirgthe foraoise níos laige ná an daonra tagartha i gcás aon saintréithe tábhachtaí.
3. CEANGLAIS MAIDIR LE TÁSTÁIL CHOMPARÁIDEACH AR ÁBHAR ATÁIRGTHE FORAOISE
(a) Sampláil an ábhair atáirgthe foraoise
(i) Beidh an sampla den ábhar atáirgthe foraoise le haghaidh tástáil chomparáideach fíorionadaíoch ar an ábhar atáirgthe foraoise a dhíorthaítear ón mbunábhar atá le formheas.
(ii) Maidir le hábhar atáirgthe foraoise a tháirgtear go gnéasach le haghaidh tástáil chomparáideach:
— buanfar é i mblianta dea‑bhláthaithe agus dea‑tháirgthe torthaí/síolta, agus
— buanfar é le modhanna lena n‑áirithítear go bhfuil na samplaí a fhaightear ionadaíoch.
Féadfar pailniú saorga a úsáid le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise den sórt sin a tháirgeadh.
(b) Caighdeáin
(i) Beidh eolas ar fheidhmíocht na gcaighdeán a úsáidtear chun críocha comparáideacha sna tástálacha ar feadh tréimhse leorfhada, más féidir, sa réigiún ina bhfuil an tástáil le déanamh. Léirítear sna caighdeáin, i bprionsabal, an bunábhar ar taispeánadh go bhfuil sé úsáideach don chríoch bheartaithe le haghaidh foraoiseachta tráth a dtosaítear an tástáil, agus i ndálaí éiceolaíocha dá bhfuil sé beartaithe chun an t‑ábhar atáirgthe foraoise a dheimhniú. Maidir leis na caighdeáin a úsáidtear chun críocha comparáideacha sna tástálacha, a mhéid is féidir:
— clampaí a bheidh iontu a roghnaíodh de réir na gcritéar in Iarscríbhinn III; nó
— bunábhar a bheidh iontu a bheidh formheasta go hoifigiúil le haghaidh tháirgeadh ábhair atáirgthe foraoise den chatagóir ‘tástáilte’.
(ii) Maidir le tástáil chomparáideach hibridí saorga, áireofar an dá speiceas de chrainn tuismitheora sna caighdeáin, más féidir.
(iii) Úsáidfear caighdeáin iomadúla aon uair is féidir. I gcás ina mbeidh údar leis, féadfar an t‑ábhar atáirgthe foraoise is oiriúnaí a bhfuil tástáil á déanamh air nó meán na gcomhpháirteanna den tástáil a chur in ionad na gcaighdeán.
(iv) Úsáidfear na caighdeáin chéanna sna tástálacha uile thar réimse is leithne de dhálaí suímh is féidir.
(c) Léirmhíniú
(i) Léireofar ardchéimíocht staidrimh shuntasach i gcomparáid leis na caighdeáin i gcás saintréith thábhachtach amháin ar a laghad.
(ii) Tuairisceoidh an t‑oibreoir gairmiúilTuairisceofar más ann d’aon saintréith lena ngabhann tábhacht eacnamaíoch nó tábhacht chomhshaoil lena léirítear torthaí atá i bhfad níos laige ná na caighdeáin, agus déanfar a n‑éifeachtaín-éifeachtaí a chúiteamh le saintréithe fabhracha. [Leasú 101]
4. FORMHEAS SEALADACH
Féadfaidh réamh‑mheasúnú ar thrialacha óga a bheith mar bhonn faoin bhformheas sealadach. Déanfar athscrúdú ar mhaímh d’ardchéimíocht atá bunaithe ar mheasúnú luath ar eatramh uasta de 10 mbliana.
5. TÁSTÁLACHA LUATHA
Féadfaidh an t‑údarás inniúil glacadh le tástálacha plandlann, tithe gloine agus saotharlann le haghaidh formheas sealadach nó formheas deiridh, más féidir a léiriú go bhfuil comhghaolú dlúth idir an tsaintréith thomhaiste agus na saintréithe a ndéantar measúnú orthu de ghnáth i dtástálacha ar chéim na foraoise. Comhlíonfaidh saintréithe eile atá le tástáil na ceanglais a leagtar amach i pointe 3.
IARSCRÍBHINN VI
CATAGÓIRÍ FAOINA BHFÉADFAR ÁBHAR ATÁIRGTHE FORAOISE Ó NA CINEÁLACHA ÉAGSÚLA BUNÁBHAIR A MHARGÚ
Ábhar bunúsach
Catagóir ábhair atáirgthe foraoise (Dath an lipéid, má úsáidtear lipéad oifigiúil daite)
Sainaitheanta de réir foinse (Buí)
Roghnaithe (Glas)
Cáilithe (Bándearg)
Tástáilte (Gorm)
Foinse síl
x
Clampa
x
x
x
Síolghort
x
x
Máthairchrainn na fine
x
x
Clón
x
x
Meascán clónach
x
x
IARSCRÍBHINN VII
Leasú ar Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031
In Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/2031, cuirtear isteach na codanna seo a leanas:
‘CUID G
Pasanna plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, i dteannta le lipéad oifigiúil, amhail dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 83(5)
(1) Beidh na heilimintí seo a leanas sa phas plandaí le haghaidh gluaiseacht laistigh de chríoch an Aontais, i dteannta le comhlipéad leis an lipéad oifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 83(5):
(a) na focail ‘Pas Plandaí’ sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr an chomhlipéid, i dteanga amháin de chuid teangacha oifigiúla an Aontais agus i mBéarla, más teanga éagsúil í, scartha le slais;
(b) bratach an Aontais sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar bharr an chomhlipéid priontáilte i ndathanna nó i ndubh agus bán. Beidh an pas plandaí socraithe sa chomhlipéad díreach os cionn an lipéid oifigiúil agus beidh sé ar aon leithead leis an lipéad oifigiúil sin.
(2) Beidh feidhm le pointe (2) de Chuid A dá réir sin.
CUID H
Pasanna plandaí le haghaidh tabhairt isteach i gcriosanna cosanta agus gluaiseacht laistigh de chriosanna cosanta, i dteannta leis an lipéad oifigiúil, amhail dá dtagraítear sa tríú fomhír d’Airteagal 83(5)
(1) Sa phas plandaí le haghaidh tabhairt isteach i gcriosanna cosanta agus gluaiseacht laistigh de chriosanna cosanta, le chéile i gcomhlipéad leis an lipéad oifigiúil le haghaidh ábhar atáirgthe foraoise dá dtagraítear in Airteagal 83(5), beidh na heilimintí seo a leanas:
(a) na focail “Pas Plandaí — Crios Cosanta” sa chúinne ar thaobh na láimhe deise ar bharr an chomhlipéid i dteanga amháin de chuid teangacha oifigiúla an Aontais agus i mBéarla, más teanga éagsúil í, scartha le slais;
(b) díreach faoi na focail sin, ainm(neacha) nó có(i)d eolaíoch(a) lotnaid choraintín (lotnaidí coraintín) na gcriosanna cosanta lena mbaineann;
(c) bratach an Aontais sa chúinne ar thaobh na láimhe clé ar bharr an chomhlipéid priontáilte i ndathanna nó i ndubh agus bán.
Beidh an pas plandaí socraithe sa chomhlipéad díreach os cionn an lipéid oifigiúil agus beidh sé ar aon leithead leis an lipéad oifigiúil sin.
(2) Beidh feidhm ag pointe (2) de Chuid B de réir mar is cuí.’
Seasamh Pharlaimint na hEorpa an … agus seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh an … Seasamh Pharlaimint na hEorpa an … agus cinneadh ón gComhairle an …
Decision of the Council Establishing the OECD Scheme for the Certification of Forest Reproductive Material Moving in International Trade [Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Scéim ECFE maidir le Deimhniú Ábhair Atáirgthe Foraoise a bhíonn ag gluaiseacht sa Trádáil Idirnáisiúnta] [OECD/LEGAL/0355].
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEopra agus chuig Coiste na Réigiún - The European Green Deal [Comhaontú Glas don Eoraip] (COM/2019/640 final).
Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Forging a climate‑resilient Europe ‑ the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá athléimneach ó thaobh na haeráide de a chruthú - straitéis nua an Aontais Eorpaigh um an Oiriúnú don Athrú Aeráide] (COM(2021) 82 final).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal New EU forest strategy for 2030 [Straitéis Foraoiseachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030], (COM(2021) 572 final).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020) 380 final).
Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha atá géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 1).
Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4).
Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [2030 Compás Digiteach: Deacáid Dhigiteach na hEorpa] (COM(2021)118 final).
Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (IO L 150, 14.6.2018, lch. 1).
Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plandaí a fhaightear ó theicnící géanómaíocha nua áirithe agus a mbia agus a mbeatha, agus lena leasaítear Treoracha 68/193/CEE, 1999/105/CE, 2002/53/CE, 2002/55/CE, agus Rialachán (AE) 2017/625 (IO …).
Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
An tSaoráid Athchóirithe agus Fáis do na Balcáin Thiar a bhunú
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú (COM(2023)0692 – C9-0408/2023 – 2023/0397(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0692),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 212 agus 322(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0408/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 30 Eanáir 2024(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Aibreán 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha agus an Choiste um Buiséid faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach;
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Rialú Buiséadach;
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Buiséid (A9-0085/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. ag formheas an ráitis chomhpháirtigh ón bParliament agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, agus a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Saoráid Athchóirithe agus Fáis le haghaidh na mBalcán Thiar a bhunú
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1449.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an ainmníocht bhuiséadach iomchuí le haghaidh Shaoráid na mBalcán Thiar
Tugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle dearbhú an Choimisiúin dá n-aire maidir le tuairisciú. Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh faoi na Conarthaí, tá sé ar intinn ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ainmníocht na Saoráide a athbhreithniú, mar shampla maidir le leithreasuithe in aghaidh an tairbhí, chun grinnscrúdú polaitiúil agus buiséadach iomchuí a áirithiú. Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún Eorpach aird chuí a thabhairt ar an ráiteas sin, de réir mar is iomchuí, le linn Dréachtbhuiséad 2025 a ullmhú.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil talún, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis (COM(2024)0139 – C9-0120/2024 – 2024/0073(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0139),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0120/2024),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Aibreán 2024(1),
– ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 26 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 59 agus 163 dá Rialacha Nós Imeachta,
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2021/2115 agus (AE) 2021/2116 a mhéid a bhaineann le caighdeáin maidir le dea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil, scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe, leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT, athbhreithniú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus díolúintí ó rialuithe agus pionóis
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1468.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadú innealra soghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 (COM(2023)0178 – C9-0120/2023 – 2023/0090(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0178),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2), agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0120/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Meitheamh 2023(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 15 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0382/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceadú innealra shoghluaiste nach innealra bóthair é atá i gcúrsaíocht ar bhóithre poiblí agus faireachas margaidh ar an innealra sin agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/14.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cláir shuirbhéireachta ilbhliantúla, fógraí i ndáil le lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a bheith ann, maoluithe sealadacha ar thoirmisc allmhairithe agus ceanglais speisialta allmhairiúcháin agus nósanna imeachta a bhunú chun iad a dheonú, ceanglais shealadacha allmhairiúcháin do phlandaí ardriosca, táirgí plandaí agus réada eile, nósanna imeachta a bhunú chun plandaí ardriosca a liostú, inneachar deimhnithe fíteashláintíochta, pasanna plandaí a úsáid agus maidir le ceanglais tuairiscithe áirithe do limistéir chríochaithe agus suirbhéanna lotnaidí (COM(2023)0661 – C9-0391/2023 – 2023/0378(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0661),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0391/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Nollaig 2023(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 13 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0035/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/2031 maidir le cláir ilbhliantúla shuirbhéireachta, fógraí i ndáil le lotnaidí neamhchoraintín rialáilte a bheith ann, maoluithe sealadacha ar thoirmisc allmhairiúcháin agus ceanglais speisialta allmhairiúcháin agus nósanna imeachta a bhunú chun iad a dheonú, ceanglais shealadacha allmhairiúcháin do phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile ardriosca, nósanna imeachta a bhunú chun plandaí ardriosca a liostú, inneachar deimhnithe fíteashláintíochta agus pasanna plandaí a úsáid, agus maidir le ceanglais tuairiscithe áirithe do limistéir chríochaithe agus suirbhéanna lotnaidí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le fógraí áirithe faoi neamhchomhlíonadh
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/3115.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus sláine na ngníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG) (COM(2023)0314 – C9-0203/2023 – 2023/0177(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0314),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0203/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 4 Deireadh Fómhair 2023(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 25 Deireadh Fómhair 2023(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0417/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le trédhearcacht agus sláine gníomhaíochtaí rátála Comhshaoil, Sóisialta agus Rialachais (ESG), agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/2088 agus (AE) 2023/2859
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/3005.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú (COM(2022)0697 – C9-0412/2022 – 2022/0403(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0697),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d'Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0412/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Aibreán 2023(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 22 Márta 2023(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0398/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012, (AE) Uimh. 575/2013 agus (AE) 2017/1131 a mhéid a bhaineann le bearta chun neamhchosaintí iomarcacha ar chontrapháirtithe lárnacha tríú tír a mhaolú agus chun éifeachtúlacht mhargaí imréitigh an Aontais a fheabhsú
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/2987.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2009/65/AE, 2013/36/AE agus (AE) 2019/2034 a mhéid a bhaineann le riosca comhchruinnithe a láimhseáil i leith contrapháirtithe lárnacha agus an riosca contrapháirtí ar idirbhearta díorthacha a imréitítear go lárnach (COM(2022)0698 – C9-0411/2022 – 2022/0404(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0698),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0411/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Aibreán 2023(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0399/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2013/36/AE agus (AE) 2019/2034 a mhéid a bhaineann le riosca comhchruinnithe a eascraíonn as neamhchosaintí a láimhseáil i leith contrapháirtithe lárnacha agus an riosca contrapháirtí in idirbhearta díorthacha a imréitítear go lárnach
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/2994.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1129, Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (COM(2022)0762 – C9-0417/2022 – 2022/0411(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0762),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0417/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2023(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0302/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2017/1129, (AE) Uimh. 596/2014 agus (AE) Uimh. 600/2014 chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/2809.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE (COM(2022)0760 – C9-0415/2022 – 2022/0405(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0760),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 50, 51(2) agus 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0415/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2023(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9‑0303/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2014/65/AE chun margaí caipitil poiblí san Aontas a dhéanamh níos tarraingtí do chuideachtaí agus chun rochtain ar chaipiteal a éascú d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/34/CE
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/2811.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a fhéachann lena scaireanna a ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM (COM(2022)0761 – C9-0416/2022 – 2022/0406(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0761),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 50(1), Airteagal 50(2), pointe (g), agus Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0416/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2023(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0300/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le struchtúir scaireanna ilvótaí i gcuideachtaí a iarrann go ligfí isteach a scaireanna chun a dtrádála ar shaoráid trádála iltaobhachb
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir(AE) 2024/2810.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna a bheartaítear lena n-úsáid sa duine agus lena n-aisghairtear Treoracha 2002/98/CE agus 2004/23/CE (COM(2022)0338 – C9-0226/2022 – 2022/0216(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0338),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 168(2), pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0226/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Deireadh Fómhair 2022(1),
– tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Eanáir 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0250/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh substaintí de bhunús daonna a bheartaítear lena n-úsáid sa duine agus lena n-aisghairtear Treoracha 2002/98/CE agus 2004/23/CE
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1938.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe (COM(2023)0208 – C9-0137/2023 – 2023/0108(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0208),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0137/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2023(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9‑0307/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, agus a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2025/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/37.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas polaitiúil ón gCoimisiún tráth glactha Rialachán (AE) 2025/37 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/881 a mhéid a bhaineann le seirbhísí slándála bainistithe(2)
Leis an Rialachán seo lena leasaítear an Gníomh um Chibearshlándáil, cuirtear isteach an fhéidearthacht scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála a fhorbairt le haghaidh seirbhísí slándála bainistithe. Ag an am céanna, aithnítear go bhfuil sé ríthábhachtach athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar an nGníomh um Chibearshlándáil, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar na nósanna imeachta as a n-eascraíonn ullmhú, glacadh agus athbhreithniú na scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála. Ba cheart an t-athbhreithniú sin a bheith bunaithe ar anailís dhomhain agus ar chomhairliúchán leathan maidir le tionchar, éifeachtacht agus éifeachtúlacht fheidhmiú an chreata Eorpaigh um dheimhniú cibearshlándála. Ba cheart a áireamh san anailís a dhéanfar mar chuid den mheastóireacht a bhunaítear in Airteagal 67 den Ghníomh um Chibearshlándáil gníomhaíochtaí leanúnacha forbartha scéimeanna, amhail an ghníomhaíocht a bhaineann leis an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála do sheirbhísí néalríomhaireachta (EUCS) chomh maith le gníomhaíochtaí na scéimeanna arna nglacadh amhail an ghníomhaíocht a bhaineann leis an scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála bunaithe ar chritéir chomhchoiteanna (EUCC).
Go háirithe, ba cheart a shainaithint san athbhreithniú láidreachtaí agus laigí na nósanna imeachta as a dtagann scéimeanna um dheimhniú cibearshlándála agus moltaí a cheapadh le haghaidh feabhsuithe amach anseo. Ba cheart aghaidh a thabhairt ann freisin ar ghnéithe a bhaineann le comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus trédhearcacht an phróisis.
Dá réir sin, áiritheoidh an Coimisiún, atá freagrach as an athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil, go gcuirfear san áireamh san athbhreithniú, de réir mar is iomchuí, na heilimintí is gá a luaitear i bhfianaise Airteagal 67 agus an t-athbhreithniú á chur faoi bhráid na gcomhreachtóirí.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh (COM(2023)0209 – C9-0136/2023 – 2023/0109(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0209),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 173(3) agus d’Airteagal 322(1), pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0136/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 18 Aibreán 2023(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2023(2),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 30 Samhain 2023(3),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0426/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht)
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/38.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an mbuiséad i ndáil le Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu (An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht)(4)
(1) Foilsíodh an Ráiteas Airgeadais Reachtach ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra maidir leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht i mí Aibreáin 2023. Ó shin i leith, tá athrú tagtha ar na figiúirí measta ábhartha mar gheall ar ghlacadh gníomhartha reachtacha eile nó ar ghlacadh na rialachán sin a bhfuiltear ag súil leis.
(2) An 5 Márta 2024, tháinig na comhreachtóirí ar réamh-chomhaontú polaitiúil chun teorainn EUR 22 mhilliún a chur leis an ath-leithdháileadh ó Chuspóir Sonrach 4 ‘Ardscileanna Digiteacha’ chuig Cuspóir Sonrach 3 ‘Cibearshlándáil agus Iontaoibh’ an Chláir don Eoraip Dhigiteach dá bhforáiltear sa Ráiteas Airgeadais Reachtach.
(3) Chun téarmaí an réamh-chomhaontaithe pholaitiúil a léiriú, nuashonraigh an Coimisiún an Ráiteas Airgeadais Reachtach an Ghnímh um Chibear-Dlúthpháirtíocht maidir leis na himchlúdaigh airgeadais le haghaidh Chuspóirí Sonracha 2 ‘An Intleacht Shaorga’, 3 ‘Cibearshlándáil agus Iontaobhas’ agus 4 ‘Ardscileanna Digiteacha’, agus na hath-leithdháiltí arna gcomhaontú ag na comhreachtóirí á gcur san i gcuntas.
(4) Dá réir sin, is iad seo a leanas na himchlúdaigh airgeadais don tréimhse 2025-2027 a chuirtear i láthair sa Ráiteas Airgeadais Reachtach nuashonraithe, gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil:
— [EUR 544 726 000] le haghaidh Chuspóir Sonrach 2 ‘An Intleacht Shaorga’, agus EUR 65 mhilliún á ath-leithdháileadh ar Chuspóir Sonrach 3 ‘An Chibearshlándáil agus Iontaoibh’;
— [EUR 44 451 000] le haghaidh Chuspóir Sonrach 3 ‘An Chibearshlándáil agus Iontaoibh’ - cuid atá faoi bhainistíocht dhíreach an Choimisiúin, lena n-áirítear EUR 26 mhilliún arna ath-leithdháileadh ó Chuspóirí Sonracha 2 agus 4.
— [EUR 353 190 613] le haghaidh Chuspóir Sonrach 3 ‘Cibearshlándáil agus Iontaoibh’ - cuid arna bainistiú ag an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála, lena n-áirítear EUR 61 mhilliún a ath-leithdháileadh ó Chuspóirí Sonracha 2 agus 4.
— [EUR 167 162 423] le haghaidh Chuspóir Sonrach 4 ‘Ardscileanna Digiteacha’, agus EUR 22 mhilliún á ath-leithdháileadh chuig Cuspóir Sonrach 3 ‘An Chibearshlándáil agus Iontaoibh’.
(5) Déanfar Cúlchiste Cibearshlándála an Aontais a chistiú ó imchlúdach airgeadais Chuspóir Sonrach 3 ‘Cibearshlándáil agus Iontaobhas’ – cuid faoi bhainistíocht dhíreach an Choimisiúin (a mheastar, de réir an SFS nuashonraithe, ag EUR [44 451 000]).
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2023)0459 – C9-0316/2023 – 2023/0288(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0459),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0316/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Samhain 2023(1),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0054/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(2)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(3),
▐
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Teastaíonn staidreamh cruinn, tráthúil, iontaofa agus inchomparáide maidir leis an margadh saothair ar ghnólachtaí san Aontas Eorpach chun beartais an Aontais a dhearadh, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu, go háirithe na beartais sin lena dtugtar aghaidh ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, ar straitéis fostaíochta na hEorpa, ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR), ar an Seimeastar Eorpach chomh maith leo siúd a bhaineann le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta EPSR agus phlean gníomhaíochta an gheilleagair shóisialta. Tá siad chomh tábhachtach céanna chun go gcomhlíonfaidh an tAontas na cúraimí a shanntar dó faoi Airteagail 2, 3 agus 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). [Leasú 2]
(2) Chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011(4) agus chun faireachán a dhéanamh ar phá íosta leordhóthanach i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), teastaíonn faisnéis chruinn maidir le héabhlóid na gcostas saothair in aghaidh na huaire agus na leibhéal pá, ráta an chumhdaigh cómhargála, leibhéal an phá íosta reachtúil agus sciar na n-oibrithe a chumhdaítear leis ar fud na mBallstát.
(3) Baineann an Banc Ceannais Eorpach úsáid as staidreamh an mhargaidh saothair Eorpaigh maidir le gnólachtaí, i gcomhthéacs an bheartais airgeadaíochta aonair, go háirithe maidir le heabhlóid na gcostas saothair agus fás pá, chun faireachán a dhéanamh ar bhoilsciú agus ar rioscaí díbhoilscithe a eascraíonn as costais saothair. Dá bhrí sin, tá gá le staidreamh cruinn, tráthúil agus inchomparáide ón Aontas maidir le héabhlóid na gcostas saothair. Tá sé tábhachtach go gcomhlánófar an anailís sin le faireachán ar bhoilsciú agus ar rioscaí díbhoilscithe a eascraíonn as brabúis.
(4) Is gá cumhdach staidrimh maidir le folúntais agus tráthúlacht innéacs na gcostas saothair a leathnú toisc go bhfuil an dá tháscaire liostaithe i measc Phríomhtháscairí Eacnamaíocha na hEorpa (PEEIanna)(6), a bhfuil gá leo chun faireachán a dhéanamh ar bheartais airgeadaíochta agus eacnamaíocha.
(4a) Is den tábhacht é, chun críocha anailíseacha, go bhfuil méid iomchuí sonraí siarghabhálacha ar fáil ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar innéacsanna na gcostas saothair le himeacht ama. Mar sin féin, chun an t-ualach a fhorchuirtear ar na Ballstáit a laghdú, níor cheart a bheith sa tarchur ach sonraí siarghabhálacha lena gcumhdaítear na blianta féilire 2024 agus 2025 ar a laghad.
(5) Tá gá le bunús dlí chun tarchur na bearna phá bliantúla idir na hinscní chun faireachán a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe faoi Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe (NA) a rialáil, go háirithe, sprioc 5 maidir le Comhionannas Inscne agus sprioc 8 maidir le hobair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch, chomh maith le faireachán ar thionchar Threoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) (an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá). [Leasú 3]
(6) Chun prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha(8) a chur chun feidhme, agus chun faireachán agus measúnú a dhéanamh air, teastaíonn sonraí inchomparáide maidir le pá a fhaigheann fir agus mná. Le Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú(9), ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní atá cothrom le dáta a sholáthar don Choimisiún go bliantúil agus go tráthúil, i gcomhréir le Treoir (AE 2023/970. Ba cheart an oibleagáid sin a chomhlánú leis an gcreat staidrimh iomchuí is gá chun sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a thiomsú agus a tharchur.
(6a) De réir an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta(10) chomh maith leis na spriocanna a leagtar amach sa Straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030, go háirithe i gcomhréir leis an gcuspóir comhdheiseanna a chruthú agus rochtain chomhionann a áirithiú dóibh chun páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar, tá gá le sonraí tráthúla, inchomparáide agus cruinne maidir le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i margadh an tsaothair. Leis na sonraí sin, soláthrófar measúnú a bhfuil géarghá leis ar an dul chun cinn sna hiarrachtaí coiteanna chun bearnaí sa ráta fostaíochta a laghdú agus ráta fostaíochta daoine faoi mhíchumas a mhéadú.
(6b) Chun prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, teastaíonn sonraí tráthúla, inchomparáide agus cruinne ar phá agus ar shaintréithe poist daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach éagsúil. Leis na sonraí sin, soláthrófar measúnú a bhfuil géarghá leis ar an dul chun cinn maidir le hidirdhealú a laghdú i ndáil le fostaíocht agus dálaí oibre, lena n-áirítear dífhostú agus pá.
(6c) Is í an bhearna phinsin idir na hinscní an difríocht choibhneasta idir an meán-ollphinsean a thuilleann mná agus fir. Tá fréamhacha na bearna i ngairmeacha gairmiúla éagsúla; saintréith de ghairmeacha gairmiúla na mban is ea gairmeacha níos ísle, gairmeacha níos giorra agus cur isteach ar ghairmeacha, agus líon níos ísle uaireanta an chloig oibrithe. Mar thoradh air sin, is mó a bhíonn mná i mbaol bochtaineachta sa saol níos déanaí ná na fir. Na sonraí a bhailítear i gcomhthéacs staidreamh mhargadh an tsaothair maidir le gnóthaí i leith struchtúr tuillimh, an bhearna phá idir na hinscní agus struchtúr na gcostas saothair, is féidir leo cur le tuiscint níos fearr ar an mbearna phinsin idir na hinscní sna Ballstáit.
(7) Chun an reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú agus comhchuibhiú maidir le raon feidhme, coincheapa, sainmhínithe agus tuairisciú cáilíochta a chothú, ba cheart staidreamh uile an mhargaidh saothair Eorpaigh maidir le gnólachtaí a chumhdach leis an Rialachán seo.
(7a) D’fhonn staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfaidh na sonraí na ceanglais cháilíochta. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) treoir bhreise a chur ar fáil maidir le bainistíocht na sonraí a bhailítear ó fhoinsí ar cháilíocht íseal.
(8) Leis an Rialachán seo, ba cheart riachtanais nua atá tagtha chun cinn mar thoradh ar fhorbairt agus doimhniú an Aontais agus an limistéir euro a chur san áireamh, ar choinníoll nach gcruthaíonn a fhorálacha ualach díréireach ar fhreagróirí ná ar údaráis staidrimh náisiúnta.
(9) Chun teorainn a chur leis an ualach riaracháin agus airgeadais ar fhiontair, go háirithe ar fhiontair shóisialta, ar FBManna agus ar mhicrifhiontair, ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh féachaint ar fhoinsí riaracháin agus nuálacha atá ar fáil cheana d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus gan mar phríomhaidhm leo staidreamh a chur ar fáil, mar mhalairt ar shuirbhéanna staidrimh nó mar chomhlánú orthu, faoi réir na gceanglas cáilíochta maidir le staidreamh oifigiúil. Is féidir leis na forbairtí teicneolaíochta agus digiteacha is déanaí cur leis an gcuspóir sin. Is gá, áfach, líon na bhfoinsí óna bhféadfar sonraí a bhailiú agus a tharchur a theorannú don mhéid atá riachtanach agus comhréireach chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun sonrú a dhéanamh ar cad iad na foinsí, seachas sonraí suirbhé agus taifid riaracháin, óna bhféadfar sonraí a bhailiú agus a tharchur faoin Rialachán seo. In aon chás, ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí a eascraíonn ó na foinsí eile sin a bheith gan dochar do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11).
(9a) Ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh an caighdeán maidir le héifeachtúlacht costais a chur san áireamh agus gan ualach iomarcach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha mar atá cumhdaithe in Airteagal 338(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus iad ag déileáil le gnólachtaí. Ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar sonraí ábhartha a chomhroinnt go leordhóthanach idir na húdaráis chun a áirithiú go mbeidh an t-ualach tuairiscithe ar fhiontair chomh beag agus is féidir.
(9b) Ba cheart an creat lena rialaítear staidreamh mhargadh an tsaothair maidir le gnólachtaí a fheabhsú go leanúnach. Áirítear leis sin gnéithe a bhaineann le cáilíocht sonraí chomh maith le laghdú ar ualaí eacnamaíocha míchuí. Mar sin féin, ba cheart modhanna agus nósanna imeachta nua a thástáil go cuí sula ndéantar iad a ionchorprú i ngníomhaíochtaí laethúla na n-institiúidí náisiúnta staidrimh. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) agus d’institiúidí náisiúnta staidrimh staidéir féidearthachta agus staidéir phíolótacha a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún staidéir den sórt sin a thionscnamh agus ba cheart iad a bheith oscailte do rannpháirtíocht institiúidí náisiúnta staidrimh ar bhonn deonach. Chun teacht ar na conclúidí cearta, ba cheart don Choimisiún agus d’institiúidí náisiúnta staidrimh anailís chúramach a dhéanamh ar thorthaí na staidéar sin. Ba cheart an anailís sin a chur ar fáil don phobal staidrimh agus don phobal i gcoitinne.
(10) Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bpróiseas táirgthe staidrimh le haghaidh staidreamh an mhargaidh saothair agus chun an t‐ualach staidrimh ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis staidrimh náisiúnta rochtain a bheith acu ar gach taifead riaracháin náisiúnta agus é a úsáid, go pras agus saor in aisce, agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh, a mhéid is gá chun staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh maidir le gnólachtaí a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(12).
(11) Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 an creat tagartha don Rialachán seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí rúnda agus le próiseáil agus comhroinnt sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí atá faoi sheilbh phríobháideach.
(11a) D’fhéadfadh sé nach mbeadh úsáid teicnící scríobtha gréasáin chun sonraí a bhailiú ó shuíomhanna gréasáin, mar gheall ar a ngnáthchineál cuardaigh neamhstruchtúrtha ar a bhfuil poiblí ar an idirlíon, i gcomhréir le prionsabal an chruinnis um chosaint sonraí sa mhéid nach ndéantar aon mheasúnú ar iontaofacht na bhfoinsí. D’fhéadfaí difear a dhéanamh do na ceanglais cháilíochta chéanna le haghaidh staidrimh oifigiúil (e.g. prionsabal an chruinnis staidrimh agus iontaofacht na sonraí foinseacha).
(12) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin, creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh ardcháilíochta mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh maidir le gnólachtaí a tháirgeadh go córasach, a bhaint amach go leordhóthanach ach, de bharr cúiseanna a bhaineann le comhsheasmhacht agus inchomparáideacht, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(13) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13), agus thug sé tuairim uaidh an 25 Meán Fómhair 2023.
(14) Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme go hiomchuí sna Ballstáit, tá gá le 12 mhí ar a laghad tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chéad bhailiúcháin sonraí. Dá bhrí sin, ba cheart é a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026 ar a luaithe.
(15) Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach.
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leagtar síos leis an Rialachán seo creat dlíthiúil comhchoiteann chun staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí san Aontas a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn ‘aonad staidrimh’ an duine nádúrtha nó dlítheanach ar a mbailítear nó ar a dtiomsaítear na sonraí;
(2) ciallaíonn ‘fiontar’ tacar aonad dlíthiúil mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 gComhairle(14); Áirítear leis sin táirgeoirí nach táirgeoirí margaidh iad agus aonaid institiúideacha eile a bhaineann le hearnáil an rialtais ghinearálta;
(2a) ciallaíonn ‘fiontar sóisialta’ eintiteas arna rialú ag an dlí príobháideach, ar féidir é a bhunú i bhfoirmeacha dlíthiúla éagsúla, a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí don mhargadh ar bhealach fiontraíoch agus i gcomhréir le prionsabail agus gnéithe an gheilleagair shóisialta, ar cuspóirí sóisialta nó comhshaoil is cúis lena ghníomhaíocht tráchtála(15);
(3) ciallaíonn ‘aonad áitiúil’ fiontar, nó cuid de, atá suite in áit atá sainaitheanta go geografach;
(4) ciallaíonn ‘fiontar cónaitheach’, nó ‘aonad áitiúil cónaitheach’, fiontar áitiúil, nó aonad áitiúil, a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann leis an olltáirgeacht intíre (OTI);
(5) ciallaíonn ‘fostaí’ duine ar bith, gan beann ar a náisiúntacht, ar a c(h)ónaitheacht nó ar a fhad a d’oibrigh sé nó sí sa Bhallstát a bhfuil caidreamh fostaíochta díreach aige nó aici le fiontar arna bhunú le conradh foirmiúil nó le comhaontú neamhfhoirmiúil, agus a fhaigheann luach saothair, gan beann ar an gcineál oibre a dhéantar, ar líon na n-uaireanta a oibrítear (lánaimseartha nó páirtaimseartha) agus ar fhad an chonartha (seasta nó éiginnte, séasúrach san áireamh); is féidir le luach saothair fostaí a bheith i bhfoirm pá agus tuarastail, lena n-áirítear bónais, pá as tascobair agus uainobair, liúntais, táillí, coimisiún agus luach saothair comhchineáil; [Leasú 4]
(6) ciallaíonn ‘fostóir’ fiontar nó aonad áitiúil a bhfuil caidreamh fostaíochta díreach aige le fostaí, arna bhunú le conradh foirmiúil nó le comhaontú neamhfhoirmiúil); [Leasú 5]
(7) ciallaíonn ‘fearann’ tacar sonraí amháin nó níos mó a chumhdaíonn topaic amháin nó níos mó;
(8) ciallaíonn ‘topaic’ inneachar na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh i mbailiúchán sonraí, agus cumhdaítear roinnt topaicí mionsonraithe i ngach topaic;
(9) ciallaíonn ‘topaic mhionsonraithe’ inneachar mionsonraithe na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh a bhaineann le topaic; le gach topaic mhionsonraithe, cumhdaítear athróg amháin nó roinnt athróg;
(10) ciallaíonn ‘athróg’ airí aonaid a bhféadfadh níos mó luachanna ná ceann amháin de thacar luachanna a bheith ag gabháil leis, ar airí é a d’fhéadfadh a bheith ina dhearbhfhigiúr, ina chion, nó ina thagairt do shuíomh in aicmiú;
(11) ciallaíonn ‘miondealú’ tacar luachanna atá réamhshainithe, scoite, uileghabhálach agus comheisiatach ar féidir é a shannadh d’athróg atá ina sainghné d’aonaid staidrimh;
(12) ciallaíonn ‘micreashonraí’ sonraí nach mbaineann ach le haon aonad staidrimh amháin gan aitheantóir díreach;
(13) ciallaíonn ‘sonraí comhiomlánaithe’ sonraí a bhaineann le tacar de roinnt aonad staidrimh;
(14) ciallaíonn ‘daonra staidrimh’ an tacar d’aonaid staidrimh a bhfuil faisnéis ag teastáil ina leith agus a bhfuil gá le meastacháin ina leith;
(15) ciallaíonn ‘fráma samplála’ liosta, léarscáil nó sonraíocht eile de na haonaid lena gcinntear daonra staidrimh atá le háireamh nó le sampláil go hiomlán;
(16) ciallaíonn ‘sampla’ fothacar de chreat samplála a roghnaítear a eilimintí bunaithe ar phróiseas a bhfuil dóchúlacht aitheanta ann go roghnófar iad, a ceapadh chun go bhféadfar meastacháin bhailí a fháil don daonra staidrimh;
(17) ciallaíonn ‘freagróir’ an t-aonad tuairiscithe a sholáthraíonn faisnéis don údarás a dhéanann an suirbhé;
(18) ciallaíonn ‘sonraí suirbhé’ sonraí a bhailítear ar shampla freagróirí agus a dhéantar a eachtarshuíomh chuig an daonra staidrimh trí mhodhanna matamaiticiúla iomchuí a úsáid;
(19) ciallaíonn ‘taifid riaracháin’ sonraí arna nginiúint ag eintiteas riaracháin, comhlacht poiblí de ghnáth, agus gan mar phríomhaidhm leo staidreamh a chur ar fáil;
(20) ciallaíonn ‘foinsí eile’ sonraí ardchaighdeáin agus iontaofa a ghintear ag eintiteas neamhriaracháin, lena n-áirítear taifid phríobháideacha, láithreáin ghréasáin agus bunachair sonraí, agus gan mar phríomhaidhm leo staidreamh oifigiúil a chur ar fáil;
(21) ciallaíonn ‘aicmiú staidrimh’ liosta eagraithe, ina bhfuil leibhéal sonraí amháin nó níos mó, de chatagóirí gaolmhara cé go bhfuil siad comheisiatach, a úsáidtear chun faisnéis a struchtúrú i réimse staidrimh ar leith de réir a cosúlachtaí;
(22) ciallaíonn ‘tréimhse thagartha’ tréimhse dá dtagraíonn sonraí;
(23) ciallaíonn ‘tréimhse bailithe sonraí’ an tréimhse ama ina mbailítear na sonraí.
(24) ciallaíonn ‘meiteashonraí’ an fhaisnéis is gá chun staidreamh a úsáid agus a léiriú agus a thugann tuairisc ar shonraí ar bhealach struchtúrtha;
(25) ciallaíonn ‘tacair shonraí réamhsheiceáilte’ tacair shonraí a fíoraíodh ag na Ballstáit ar bhonn rialacha comhchoiteanna maidir le bailíochtú;
(26) ciallaíonn ‘tuarascáil cháilíochta’ tuarascáil ina gcuirtear faisnéis in iúl maidir le cáilíocht táirge staidrimh nó próiseas staidrimh;
(26a) ciallaíonn ‘sonraí siarghabhálacha’ sonraí lena gcumhdaítear tréimhse dhá bhliain ar a laghad roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Airteagal 3
Foinsí agus modhanna
1. Chun staidreamh a thiomsú faoin Rialachán seo, úsáidfidh nó athúsáidfidh na Ballstáit ceann amháin nó meascán de na foinsí seo a leanas ar choinníoll go gcomhlíonann siad na caighdeáin cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 8:
(a) sonraí an tsuirbhé;
(b) taifid riaracháin;
(c) foinsí eile.
1a. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na foinsí eile dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) den Airteagal seo ónar féidir sonraí a bhailiú agus a tharchur. Agus é ag feidhmiú na cumhachta atá aige gníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil úsáid na bhfoinsí eile sin riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir faoin Rialacháin seo a bhaint amach, ag féachaint go cuí d’íogaireacht na sonraí atá i gceist agus gan dochar do Threoir 2002/58/CE.
2. Bunófar na suirbhéanna a úsáidfear chun críche staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí ar shamplaí atá ionadaíoch don phobal staidrimh. Déanfar samplaí d’fhiontair nó d’aonaid áitiúla a tharraingt as na cláir náisiúnta ghnó staidrimh mar a shainmhínítear in Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/2152.
3. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi na foinsí agus na modhanna a úsáideadh trí na tuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(4).
Airteagal 3a
Ceanglas maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil
1. I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin Rialachán seo, beidh an phróiseáil sin comhréireach agus comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(16) agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(17). I gcomhréir leis an bprionsabal um íoslaghdú sonraí a leagtar amach sna Rialacháin sin, déanfar sonraí a sholáthraítear faoin Rialachán seo a chomhiomlánú sa mhéid nach féidir daoine aonair a shainaithint.
2. Beidh próiseáil na sonraí pearsanta chun críocha staidrimh, a mheastar a bheith chun leas an phobail, faoi réir coimircí iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679 agus le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725. Déanfar, go háirithe, a áirithiú go gcomhlíontar an prionsabal go ndéantar sonraí pearsanta a anaithnidiú.
Airteagal 4
Ceanglais maidir le sonraí
1. Cumhdófar leis an staidreamh margadh saothair ar ghnólachtaí na réimsí agus na topaicí seo a leanas:
(a) tuillimh:
(i) struchtúr an tuillimh;
(ii) an bhearna phá idir na hinscní;
(iii) cumhdach cómhargála;
(iv) leibhéal an phá íosta reachtúil, más infheidhme;
(v) cumhdach pá íosta reachtúil, más infheidhme;
(b) costais saothair:
(i) struchtúr na gcostas saothair;
(ii) innéacs na gcostas saothair;
(c) éileamh ar shaothar:
(i) folúntais phoist.
Ar na topaicí maidir le hinnéacs na gcostas saothair, dá dtagraítear i bpointe (b)(ii), agus folúntais poist, dá dtagraítear i bpointe (c)(i), áirítear a meastacháin luatha faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 5.
2. I gcás gach topaice a liostaítear i mír 1, is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh na topaicí mionsonraithe, a dtréimhsiúlacht chomhfhreagrach, a dtréimhsí tagartha agus a spriocdhátaí tarchuir.
3. Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun liosta na dtopaicí mionsonraithe, an tréimhsiúlacht, na tréimhsí tagartha agus na spriocdhátaí tarchuir a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú.
4. Agus an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun mhír 3 á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfear ualach suntasach díréireach ar na Ballstáit agus ar fhreagróirí leis na leasuithe. Chun na críche sin, seolfar staidéir indéantachta mar a leagtar amach in Airteagal 9 iad agus déanfar measúnú cuí ar thorthaí na staidéar sin agus cuirfear san áireamh iad sula nglacfar na gníomhartha tarmligthe.
5. Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) i bhfoirm sonraí comhiomlánaithe, cé is moite de struchtúr topaice an tuillimh, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(i), a dtarchuirfear micreashonraí ina leith maidir le fostaithe aonair agus maidir le haonaid áitiúla.
6. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí réamhsheiceáilte agus na meiteashonraí gaolmhara a tharchur trí fhormáid theicniúil a úsáid a shonraigh an Coimisiún (Eurostat) do gach tacar sonraí. Úsáidfear seirbhísí an phointe iontrála aonair chun na sonraí a chur ar fáil don gCoimisiún (Eurostat).
7. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar na gnéithe seo a leanas le haghaidh gach ábhair:
(a) liosta agus tuairisc ar na hathróga;
(b) aicmithe staidrimh agus miondealuithe sonraí;
(c) spriocanna beachtais;
(d) na meiteashonraí a bheidh le tarchur leis an tréimhsiúlacht, leis an tréimhse tagartha agus leis na spriocdhátaí céanna leis na sonraí dá dtagraíonn siad;
(e) na tréimhsí bailithe sonraí.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha.
Airteagal 5
Meastacháin luatha
1. Tarchuirfear meastacháin luatha maidir leis an innéacs costais saothair dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii) agus maidir leis na folúntais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c)(i):
(a) ag Ballstáit arb ionann a líon bliantúil fostaithe agus níos mó ná 3 % d’iomlán an Aontais, do gach ceann de na 3 bliana as a chéile is déanaí; agus
(b) ag Ballstáit limistéar an euro arb ionann a líon bliantúil fostaithe agus níos mó ná 3 % d’iomlán limistéar an euro, do gach ceann de na 3 bliana as a chéile is déanaí;
2. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar chion na bhfostaithe in iomlán an Aontais agus in iomlán limistéar an euro a luaitear i mír 1, bunaithe ar shonraí bliantúla an tsuirbhé ar an lucht saothair de chuid an Aontais atá ar fáil.
3. I gcás ina mbeidh aon athrú ar liosta na mBallstát a bhfuil a líon bliantúil fostaithe níos airde ná na tairseacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) fógra chuig an mBallstát nó chuig na Ballstáit lena mbaineann laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse a úsáideadh chun an tairseach 3 % a mheasúnú. Má thiteann cion nuashonraithe na bhfostaithe faoi bhun na dtairseach faoi seach dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, beidh cead ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann stop a chur le meastacháin luatha a tharchur amhail ón ráithe thagartha den chéad bhliain féilire tar éis dháta an fhógra. Má tá an cion nuashonraithe os cionn na dtairseach sin, déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na meastacháin luatha a tharchur ón gcéad ráithe thagartha den tríú bliain féilire tar éis dháta an fhógra.
Airteagal 6
Aonaid staidrimh agus pobal staidrimh
1. Tiomsófar staidreamh faoin Rialachán seo maidir le haonad staidrimh amháin nó níos mó díobh seo a leanas:
(a) fiontair;
(b) aonaid áitiúla;
(c) fostaithe.
2. I gcás topaicí innéacs na gcostas saothair, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii) agus folúntais, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c)(i), is é a bheidh sa phobal staidrimh gach fiontar nó gach aonad áitiúil a chónaíonn sa Bhallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a) áirítear a bpríomhghníomhaíocht eacnamaíoch in aon chuid d’aicmiú NACE(18), seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus gníomhaíochtaí earraí – agus seirbhísí – neamhdhifreáilte, gníomhaíochtaí táirgthe ag teaghlaigh dá n-úsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’ agus
(b) go bhfuil 1 fhostaí nó níos mó acu.
3. I gcás topaicí a bhaineann le struchtúr tuillimh, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(i), agus an bhearna phá idir na hinscní, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(ii), a mhéid a bhaineann le sonraí faoin bhfostóir, is é a bheidh sa phobal staidrimh gach aonad áitiúil a chónaíonn sa Bhallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a) áirítear a ngníomhaíocht eacnamaíoch in aon chuid d’aicmiú NACE, seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus gníomhaíochtaí earraí – agus seirbhísí – neamhdhifreáilte, gníomhaíochtaí táirgthe ag teaghlaigh dá n-úsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’; agus
(b) go bhfuil 1 fhostaí nó níos mó acu.
I gcás topaicí a bhaineann le struchtúr tuillimh agus leis an mbearna phá idir na hinscní, a mhéid a bhaineann le sonraí faoin bhfostaí, is é a bheidh sa phobal staidrimh gach fostaí a mbaineann a n-aonad áitiúil leis an daonra staidrimh a shainmhínítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den chéad fhomhír.
4. De mhaolú ar phointe (a) agus ar phointe (b) de mhír 3, a mhéid a bhaineann le sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní don tréimhse thagartha 2026, cumhdófar leis an tarchur na haonaid áitiúla uile ar cuid d’fhiontair iad a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu agus nach mbaineann, sa bhreis ar na gníomhaíochtaí a eisiatar i mír 3 pointe (a), leis an roinn ‘Riarachán poiblí agus cosaint phoiblí; slándáil shóisialach éigeantach’ d’aicmiú NACE.
5. I gcás struchtúr topaice na gcostas saothair, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), is é a bheidh sa phobal staidrimh gach aonad áitiúil a chónaíonn sa Bhallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a) áirítear a ngníomhaíocht eacnamaíoch in aon chuid d’aicmiú NACE, seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus gníomhaíochtaí earraí – agus seirbhísí – neamhdhifreáilte, gníomhaíochtaí táirgthe ag teaghlaigh dá n-úsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’; agus
(b) tá siad mar chuid d’fhiontair a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu.
5a. I gcás gach topaic a liostaítear san Iarscríbhinn, baileoidh na Ballstáit sonraí ar leithligh i ndáil le fiontair shóisialta agus soláthróidh siad na sonraí sin.
Airteagal 7
Ceanglais maidir le sonraí ad hoc
1. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13, lena bhforlíontar an Rialachán seo tríd an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit ar bhonn ad hoc a shonrú, i gcás ina meastar, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gur gá faisnéis bhreise a bhailiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhreise staidrimh, ar riachtanais iad nach féidir leo sin a chomhlíonadh. Sonrófar an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe sin:
(a) na topaicí mionsonraithe a bheidh le cur ar fáil sa bhailiú sonraí ad hoc a bhaineann leis na fearainn agus na topaicí a shonraítear in Airteagal 4 agus na cúiseanna atá leis na riachtanais bhreise sin;
(b) na tréimhsí tagartha agus na spriocdhátaí tarchuir.
2. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh ag tosú leis an mbliain tagartha 2028 agus 2 bhliain ar a laghad idir gach bailiúchán ad hoc.
3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an fhaisnéis ad hoc dá dtagraítear i mír 1 agus na meiteashonraí a shonrú. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin na gnéithe teicniúla seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:
(a) liosta agus tuairisc ar na hathróga;
(b) aicmithe staidrimh agus miondealuithe sonraí;
(c) sonraíochtaí mionsonraithe na n-aonad staidrimh a chumhdaítear;
(d) na meiteashonraí a bheidh le tarchur;
(e) na tréimhsí bailithe sonraí.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) tráth nach déanaí ná 24 mhí roimh thosach na tréimhse tagartha ábhartha.
Airteagal 8
Ceanglais cháilíochta agus tuairisciú cáilíochta
1. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go n-áiritheofar cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna dtarchur.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go dtugtar leis na sonraí, lena n-áirítear sonraí siarghabhálacha, a fhaightear trí úsáid a bhaint as na foinsí a leagtar síos in Airteagal 3 cumhdach iomlán agus meastacháin chruinne ar na haonaid staidrimh agus ar an daonra a shainítear in Airteagal 6.
3. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a shainmhínítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
4. Déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha cáilíochta a tharchur maidir leis na foinsí agus na modhanna a bhaineann le gach ceann de na topaicí a liostaítear in Airteagal 4.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun socruithe praiticiúla a leagan amach le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).
6. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas maidir le haon fhaisnéis nó aon athrú ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear. Tabharfar an fhaisnéis a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm aon athraithe den sórt sin.
7. Arna ▐iarraidh sin don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh na Ballstáit faisnéis bhreise ar fáil dó atá riachtanach chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.
8. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na foinsí agus ar na modhanna arna n-úsáid agus ar na frámaí samplála. Ullmhóidh agus foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascálacha maidir le cáilíocht na sonraí arna dtarchur, na bhfoinsí agus na modhanna arna n-úsáid. Sna tuarascálacha sin, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) moladh a dhéanamh i dtaobh conas na foinsí a mheastar a bheith ar ísealcháilíocht a bhainistiú, agus conas na sonraí a bhailítear trí na foinsí sin a bhainistiú.
Airteagal 9
Staidéir indéantachta agus treoirstaidéir
1. Chun staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí a fheabhsú nó chun an t-ualach riaracháin agus airgeadais ar fhiontair a theorannú, go háirithe do FBManna agus do mhicrifhiontair, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir indéantachta agus treoirstaidéir a thionscnamh. Is é is cuspóir leis na staidéir sin ceann amháin ar a laghad de na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh:
(a) cáilíocht agus inchomparáideacht nasonraí a fheabhsú;
(b) féidearthachtaí nua a fhiosrú agus gnéithe nua a chur chun feidhme chun freagairt do riachtanais úsáideoirí;
(c) comhtháthú idir suirbhéanna agus foinsí eile sonraí a fheabhsú;
(d) an t-ualach ar fhreagróirí a laghdú;
(e) feabhas a chur ar chost-éifeachtúlacht an bhailithe sonraí.
Cuirfear san áireamh sna staidéir forbairtí teicneolaíochta agus digiteacha.
1a. Na sonraí a bhaileofar mar chuid de na staidéir phíolótacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh siad teoranta do na fearainn agus do na topaicí a liostaítear in Airteagal 4(1) agus do na topaicí mionsonraithe a shonraítear san Iarscríbhinn.
2. Féadfaidh na Ballstáit páirt a ghlacadh sna staidéir sin ar bhonn deonach. Áiritheoidh siad, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), go mbeidh na staidéir ionadaíoch ar leibhéal an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na príomhpháirtithe leasmhara, meastóireacht ar thorthaí na staidéar sin, lena n-áirítear compháirtithe sóisialta. Ullmhóidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascálacha ar thorthaí na staidéar i gcomhar leis na Ballstáit. Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.
Sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) moladh a dhéanamh i dtaobh conas ba cheart staidéir phíolótacha a chomhtháthú mar réitigh bhuana.
3a. Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13, lena bhforlíontar an Rialachán seo, trí róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe a dhéanann na staidéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shonrú a mhéid a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche na staidéar sin.
Airteagal 10
Maoiniú
1. Féadfar ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ó bhuiséad ginearálta an Aontais do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus do na húdaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 chun:
(a) feabhas a chur ar fhoinsí, lena n-áirítear frámaí samplála, le haghaidh staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí, ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2029 ar a dhéanaí;
(b) feabhas a chur ar na modhanna le haghaidh staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí, lena n-áirítear an staidéir indéantachta agus treoirstaidéir dá dtagraítear in Airteagal 9.
Ní mhaoineoidh an tAontas costais maidir le tiomsú rialta staidrimh atá le tarchur faoin Rialachán seo.
2. Ní rachaidh an ranníocaíocht airgeadais sin ón Aontas thar 80 % de na costais incháilithe.
Airteagal 11
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
1. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, tríd na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn seiceálacha ar dhoiciméid agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.
3. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(19) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96(20) ón gComhairle d’fhonn a fháil amach ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.
4. Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thagann ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht shainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.
Airteagal 12
Maoluithe
1. I gcás ina gceanglaítear, le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó leis na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh dá bhun, go ndéanfar mór-oiriúnuithe ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún maoluithe a bhfuil údar cuí leo a dheonú, trí ghníomhartha cur chun feidhme, do Bhallstát ar feadh 1 bhliain ar a mhéad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).
Agus na maoluithe á ndeonú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh inchomparáideacht staidreamh na mBallstát agus ríomh tráthúil na gcomhiomlán Eorpach ionadaíoch iontaofa is gá. Áiritheoidh an Coimisiún freisin go leanfar gan bhriseadh leis na ceanglais maidir le staidreamh, meiteashonraí agus cáilíocht a chumhdaítear faoin Rialachán seo agus a cumhdaíodh roimhe sin faoi na rialacháin aisghairthe a chomhlíonadh.
2. Cuirfidh an Ballstát ábhartha iarraidh a bhfuil údar cuí léi faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a glacadh dá bhun.
Airteagal 13
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Tabharfar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(1a), 4(3), 7(1) agus 9(3a) ar feadh tréimhse 5 bliana ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta cruinn theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5‑bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(1a), 4(3), 7(1) agus 9(3a) a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(1a), 4(3), 7(1) agus 9(3a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse trí mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú trí mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 14
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 15
Aisghairm
1. Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999, Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 le héifeacht ón 1 Eanáir 2026.
2. Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ó 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh in/sa ...,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN
Fearainn, topaicí agus topaicí mionsonraithe; tréimhsiúlacht an tsoláthair sonraí, na dtréimhsí tagartha agus an spriocdháta maidir le tarchur sonraí in aghaidh topaice
Fearann
Topaic
Topaic mhionsonraithe
Tréimhsiúlacht
Tréimhse thagartha
Spriocdháta tarchurtha sonraí (1) (2)
An chéad tréimhse thagartha
Tuilleamh
Struchtúr Tuillimh
Tuilleamh
Tuilleamh bliantúil agus míosúil iomlán agus a gcomhpháirteanna uile, chomh maith le tuilleamh in aghaidh na huaire a íoctar le gach fostaí a sampláladh.
Gach 4 bliana
Bliain féilire
T+16 mhí
2026
Saintréithe an fhostóra
Faisnéis eacnamaíoch, dhlíthiúil, gheografach agus fostaíochta ar an aonad áitiúil lena bhfuil gach fostaí sampláilte ceangailte, agus ar a fhiontar.
Saintréithe an fhostaí
Déimeagrafach aonair, geografach lena n-áirítear an oibrí imirceach nó trasteorann é an fostaí,
Faisnéis oideachasúil, chonarthach agus cheirde maidir le gach fostaí a sampláladh.
Tréimhsí oibre
Faisnéis maidir le tréimhsí oibre íoctha, do gach fostaí a sampláladh.
Míreanna teicniúla an tsuirbhé
Faisnéis samplála agus bailithe sonraí i dtaobh gach fostaí a sampláladh agus i leith a f(h)ostóra (e.g., ualaí).
An Bhearna Phá idir na hInscní
Tuilleamh in aghaidh na huaire
Tuilleamh in aghaidh na huaire i dtaobh fostaithe fireanna agus baineanna de réir phríomhthréithe an fhostóra agus an fhostaí agus difríochtaí coibhneasta comhfhreagracha idir tuilleamh in aghaidh na huaire d’fhostaithe fireanna agus baineanna.
Gach bliain
Bliain féilire
T+13 mhí
2026
Fostaithe
Líon na bhfostaithe fireanna agus baineanna de réir shaintréithe an fhostóra agus an fhostaí.
Pá Íosta
leibhéal an phá íosta reachtúil
Gach dhá bhliain
Bliain féilire
T+13 mhí
2026
líon agus sciar na n-oibrithe atá cumhdaithe ag an phá íosta reachtúil
Gach dhá bhliain
Bliain féilire
T+13 mhí
2026
Cumhdach Cómhargála;
líon na n-oibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe comhchoiteanna
Gach dhá bhliain
Bliain féilire
T+13 mhí
2026
Costais saothair
Struchtúr na gcostas saothair
Costais saothair
Costais iomlána a íocann an fostóir as lucht saothair a fhostú agus comhpháirteanna de na costais sin.
Gach 4 bliana
Bliain féilire
T+18 mí
2028
Uaireanta an chloig a oibríodh
Uaireanta an chloig iarbhír a oibríodh de réir príomhchineálacha fostaithe.
Uaireanta an chloig a íocadh
Uaireanta an chloig a íocadh de réir príomhchineálacha fostaithe.
Fostaithe
An líon fostaithe de réir príomhchineálacha.
Aonaid áitiúla
Faisnéis maidir le haonaid áitiúla sa sampla.
Innéacs na gcostas saothair.
Innéacs ráithiúil na gcostas saothair in aghaidh na huaire a oibríodh
Innéacs ráithiúil na gcostas saothair in aghaidh na huaire a oibríodh, de réir chineál na gcostas; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.
Gach ráithe
Ráithe féilire
— Meastacháin luatha: T+45 lá
— Sonraí deireanacha: T+65 lá
An chéad ráithe den bhliain 2026
Innéacs ráithiúil na gcostas saothair iomlán
Amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.
Innéacs ráithiúil na n-uaireanta a oibríodh
Amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.
Costais saothair bhliantúla
Leibhéil bhliantúla na gcostas saothair (ualaí) de réir chineál na gcostas.
Gach bliain
Bliain féilire
Deireadh na chéad ráithe den bhliain T+1 + 65 lá
Éileamh ar shaothar:
Folúntais poist
Poist fholmha
Faisnéis faoi phoist fholmha a taifeadadh; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.
Gach ráithe
Ráithe féilire
— Meastacháin luatha: T+45 lá
— Sonraí deireanacha: T+70 lá
An chéad ráithe den bhliain 2026
Poist ghafa
Faisnéis faoi phoist ghafa a taifeadadh; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.
(1) Tar éis dheireadh na tréimhse tagartha ‘T’.
(2) I gcás ina mbíonn na spriocdhátaí thuasluaite ar an Satharn nó ar an Domhnach, is é an Luan dár gcionn roimh 12:00 am (CET) an spriocdháta éifeachtach.
* Tá na hathruithe ar fud an téacs mar thoradh ar leasú 1 a ghlacadh. Léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.
Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25)
Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le staidreamh an limistéir euro Towards improved methodologies for eurozone statistics and indicators [I dtreo modheolaíochtaí feabhsaithe le haghaidh staidreamh agus tháscairí an limistéir euro] – COM/2002/0661 críochnaitheach an 27 Samhain 2002.
Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj).
Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir na fir agus na mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23)
Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21).
Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj).
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú agus anailís a dhéanamh ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal (IO L 76, 30.3.1993, lch. 1), Cuid III-A den IARSCRÍBHINN.
Moladh ón gComhairle an 27 Samhain 2023 maidir le dálaí creata an gheilleagair shóisialta a fhorbairt (C/2023/1344)(IO C, C/2023/1344, 29.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1344/oj).
Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj).
Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha d’Athbhreithniú 2 NACE agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1)
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
Leasú ar Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le raon feidhme na rialacha maidir le tagarmharcanna, úsáid a bhaint as tagarmharcanna san Aontas arna soláthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, agus ceanglais tuairiscithe áirithe
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le raon feidhme na rialacha maidir le tagarmharcanna, úsáid tagarmharcanna san Aontas a sholáthraíonn riarthóir atá suite i dtríú tír, agus ceanglais tuairiscithe áirithe (COM(2023)0660 – C9-0389/2023 – 2023/0379(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0660),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0389/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0076/2024),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 d'fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 a mhéid a bhaineann le raon feidhme na rialacha maidir le tagarmharcanna, úsáid tagarmharcanna san Aontas a sholáthraíonn riarthóir atá suite i dtríú tír, agus ceanglais tuairiscithe áirithe(1)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach(2),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach(4),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Bíonn ról lárnach ag ceanglais tuairiscithe chun faireachán cuí ar an reachtaíocht agus forfheidhmiú ceart na reachtaíochta a áirithiú. Mar sin féin, tá sé tábhachtach na ceanglais sin a chuíchóiriú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad an cuspóir dár beartaíodh iad agus chun an t-ualach riaracháin a theorannú.
(2) Faoi Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5), gach riarthóir tagarmharcanna, gan beann ar ábharthacht shistéamach na dtagarmharcanna sin nó ar an méid ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais a úsáideann na tagarmharcanna sin mar rátaí tagartha nó mar thagarmharcanna feidhmíochta, ní mór dóibh roinnt ceanglais an-mhionsonraithe a chomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais maidir lena n-eagrú, lena rialachas agus lena gcoinbhleachtaí leasa, maidir le feidhmeanna formhaoirseachta, maidir le sonraí ionchuir, maidir le cóid iompair, maidir le sáruithe a thuairisciú, agus maidir le nochtuithe i dtaobh ráitis modheolaíochta agus tagarmharcanna. Leis na ceanglais an-mhionsonraithe sin, cuireadh ualach rialála díréireach ar riarthóirí tagarmharcanna beaga san Aontas nuair a chuirtear aidhmeanna Rialachán (AE) 2016/1011 san áireamh, is é sin cobhsaíocht airgeadais a chosaint agus iarmhairtí eacnamaíocha diúltacha a leanann as neamhiontaofacht tagarmharcanna a sheachaint. Dá bhrí sin, is gá an t-ualach rialála sin a laghdú trí dhíriú ar na tagarmharcanna sin a ngabhann an ábharthacht eacnamaíoch is mó dóibh do mhargadh an Aontais, i.e. tagarmharcanna suntasacha agus criticiúla, agus ar na tagarmharcanna sin a rannchuidíonn le príomhbheartais an Aontais a chur chun cinn, i.e. Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras. Ar an gcúis sin, ba cheart raon feidhme chur i bhfeidhm Theidil II, III, IV agus VI de Rialachán (AE) 2016/1011 a laghdú chuig na tagarmharcanna sonracha sin.
(2a) Riarthóirí tagarmharcanna ar mian leo fanacht faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/1011, ba cheart an rogha a bheith acu maoirseacht dheonach a iarraidh fiú mura gcomhlíonann a dtagarmharcanna an tairseach tagarmhairc shuntasaigh nó mura bhfuil siad ainmnithe mar thagarmharc suntasach. Ar an gcaoi chéanna, maidir le riarthóirí tagarmharcanna nach gcomhlíonann a dtagarmharcanna tairseach tagarmhairc shuntasaigh agus ar mian leo ceadúnas rialála a fháil faoi Rialachán (AE) 2016/1011, níor cheart cosc a chur orthu an méid sin a dhéanamh.
(3) Faoi Airteagal 18a de Rialachán (AE) 2016/1011, is féidir leis an gCoimisiún spot-tagarmharcanna malairte eachtraí áirithe a dhíolmhú ó raon feidhme an Rialacháin sin chun a áirithiú go mbeidh siad ar fáil lena n-úsáid san Aontas i gcónaí. I bhfianaise an ghá atá le fócas athbhreithnithe agus níos cúinge ar Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, níl gá leis an gcóras díolúine sonrach le haghaidh spot-tagarmharcanna malairte eachtraí a thuilleadh.
(4) De bhun Airteagal 19d de Rialachán (AE) 2016/1011, ceanglaítear ar riarthóirí tagarmharcanna suntasacha féachaint le Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar chun íoschaighdeáin le haghaidh tagarmharcanna aeráide a bhunú agus chun soláthar cuimsitheach innéacsanna aeráide a sholáthar san Aontas.
(5) Na critéir chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil tagarmharc ina thagarmharc suntasach, leagtar síos faoi láthair in Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2016/1011 iad. Measfar tagarmharcanna a bheith ina dtagarmharcanna suntasacha, inter alia, i gcás ina gcomhlíonann siad an tairseach a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), den Rialachán sin.
(6) Ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna faireachán a dhéanamh ar úsáid na dtagarmharcanna a sholáthraíonn siad san Aontas agus fógra a thabhairt don údarás inniúil lena mbaineann nó don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), ag brath ar an áit a bhfuil an riarthóir sin lonnaithe, gur sháraigh úsáid chomhiomlán ceann dá dtagarmharcanna an tairseach a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011. Mar sin féin, tá sé dúshlánach an tairseach sin a ríomh, go háirithe ar leibhéal an Aontais. Chun cur chun feidhme comhsheasmhach na tairsí sin a áirithiú, ba cheart do ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an modh ríofa a shonrú tuilleadh. Thairis sin, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna a úsáidtear san Aontas féachaint le cód aitheantóra arna chomhaontú go domhanda a fháil chun a dtagarmharcanna a shainaithint.
(6a) Chun a áirithiú go mbeidh am leordhóthanach ag riarthóirí tagarmharcanna oiriúnú do na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir le tagarmharcanna suntasacha, níor cheart iad a bheith faoi réir na gceanglas sin ach amháin ó 60 lá oibre ón lá a chuir siad an fógra sin isteach. Ina theannta sin, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna an fhaisnéis uile is gá chun measúnú a dhéanamh ar úsáid chomhiomlán an tagarmhairc sin san Aontas a sholáthar do na húdaráis inniúla lena mbaineann nó do ESMA, arna iarraidh sin dóibh.
(6b) I gcás nach ndéanann nó ina ndiúltaíonn riarthóir tagarmharcanna fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla gur sháraigh úsáid ceann dá thagarmharcanna an tairseach a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011, agus i gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údaráis inniúla chun a mheas gur sáraíodh an tairseach, ba cheart do na húdaráis inniúla lena mbaineann nó do ESMA, de réir mar is iomchuí, a bheith in ann a dhearbhú gur sáraíodh an tairseach, tar éis deis a thabhairt don riarthóir ar dtús éisteacht a fháil. Leis an dearbhú sin, ba cheart go spreagfaí na hoibleagáidí céanna ar an riarthóir tagarmharcanna agus a spreagfaí le fógra ón riarthóir tagarmharcanna. Ba cheart é sin a bheith gan dochar do chumas na n-údarás inniúil ná do chumas ESMA pionóis riaracháin a fhorchur ar riarthóirí nach dtugann fógra gur sháraigh ceann dá dtagarmharcanna an tairseach is infheidhme.
(7) Forbraítear margaí, praghsanna agus an timpeallacht rialála le himeacht ama. Chun na forbairtí sin a chur san áireamh, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún an mhodheolaíocht a bheidh le húsáid ag riarthóirí agus ag údaráis inniúla a shonrú a thuilleadh chun luach iomlán ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais nó cistí infheistíochta a thagraíonn do thagarmharc a ríomh.
(8) I gcásanna eisceachtúla, áfach, d’fhéadfadh tagarmharcanna a bheith ann a bhfuil a n-úsáid chomhiomlán faoi bhun na tairsí a leagtar síos in Airteagal 24(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011, ach mar sin féin, de bharr an cháis shonraigh i margadh Ballstáit, tá siad chomh tábhachtach sin don Bhallstát sin go mbeadh tionchar inchomparáide ag aon easpa iontaofachta agus a bheadh ag tagarmharc a sáraíonn a úsáid an tairseach sin. Ar an gcúis sin, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit sin a bheith in ann tagarmharc den sórt sin a ainmniú, i gcás inar riarthóir ón Aontas a sholáthraíonn an tagarmharc sin, mar thagarmharc suntasach ar bhonn tacar critéar cáilíochtúil. I gcás tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóir neamh-AE, ba cheart gurb é ESMA, arna iarraidh sin d’údarás inniúil amháin nó níos mó, a ainmníonn tagarmharc den sórt sin mar thagarmharc suntasach.
(9) Chun comhsheasmhacht agus comhordú ainmniúcháin náisiúnta na dtagarmharcanna mar thagarmharcanna suntasacha a áirithiú, údaráis inniúla a bhfuil sé beartaithe acu tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach, ba cheart dóibh dul i gcomhairle le ESMA. Ar an gcúis chéanna, údarás inniúil Ballstáit a bhfuil sé beartaithe aige tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i mBallstát eile a ainmniú mar thagarmharc suntasach, ba cheart dó dul i gcomhairle le húdarás inniúil an Bhallstáit eile sin freisin. I gcás ina n-easaontaíonn údaráis inniúla faoi cé acu díobh ar cheart dó tagarmharc a ainmniú agus a mhaoirsiú, ba cheart do ESMA an t-easaontas sin a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6).
(10) Chun an ceart chun éisteacht a fháil a urramú, sula n-ainmníonn údarás inniúil nó ESMA tagarmharc mar thagarmharc suntasach, ba cheart dóibh a cheadú do riarthóir an tagarmhairc sin aon fhaisnéis úsáideach is ábhartha maidir lena ainmniú a sholáthar.
(11) Chun go mbeidh an t-ainmniúchán mar thagarmharc suntasach chomh trédhearcach agus is féidir, ba cheart d’údaráis inniúla nó do ESMA cinneadh ainmniúcháin a eisiúint ina mbeadh na cúiseanna a mheastar an tagarmharc sin a bheith suntasach. Ba cheart d’údaráis inniúla an cinneadh ainmniúcháin a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin agus ba cheart dóibh fógra a thabhairt do ESMA faoin gcinneadh sin. Ar na cúiseanna céanna, i gcás ina n-ainmníonn ESMA tagarmharc mar thagarmharc suntasach arna iarraidh sin d’údarás inniúil, ba cheart do ESMA an cinneadh ainmniúcháin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus ba cheart dó fógra a thabhairt don údarás inniúil iarrthach faoi sin.
(12) Is catagóirí sonracha tagarmharcanna iad Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE (EU-CTB) agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (EU-PAB), arna sainiú de réir mar a chomhlíonann siad rialacha lena rialaítear a modheolaíocht agus ceanglais a riarthóra maidir le nochtadh. Ar an gcúis sin, agus chun cosc a chur ar éilimh a d’fhéadfadh a thabhairt le fios d’úsáideoirí go gcomhlíonann na tagarmharcanna sin na caighdeáin a ghabhann leis na lipéid sin, is gá na tagarmharcanna sin a chur faoi réir clárú, údarú,aitheantas nó formhuiniú sainordaitheach, de réir mar is iomchuí, agus faoi réir maoirseachta.
(12a) Ba cheart láimhseáil rialála na dtagarmharcanna tráchtearraí a chur in oiriúint dá saintréithe sonracha. Ba cheart tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir na rialacha ginearálta maidir le tagarmharcanna airgeadais a láimhseáil ar bhealach comhionann le tagarmharcanna airgeadais eile agus níor cheart iad a chumhdach le Rialachán (AE) 2016/1011 ach amháin más tagarmharcanna suntasacha nó criticiúla iad agus nár díolmhaíodh ó raon feidhme an Rialacháin seo iad. Ba cheart tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir an chórais shonraigh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/1011 a chumhdach i gcónaí leis an Rialachán sin chun stóinseacht agus iontaofacht a measúnuithe a áirithiú.
(13) Chun tús tráthúil na maoirseachta ar thagarmharcanna suntasacha a áirithiú, ba cheart go gceanglófaí ar riarthóirí tagarmharcanna a tháinig chun bheith suntasach tríd an tairseach chainníochtúil is infheidhme a bhaint amach nó trí ainmniú, údarú nó clárú a lorg, laistigh de 60 lá oibre, nó, i gcás tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, formhuiniú nó aitheantas a lorg.
(14) Chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le húsáid tagarmharcanna a d’fhéadfadh a bheith neamhshábháilte lena n-úsáid san Aontas, agus chun rabhadh a thabhairt d’úsáideoirí féideartha, ba cheart d’údaráis inniúla agus do ESMA a bheith in ann rabhadh a eisiúint i bhfoirm fógra poiblí nach gcomhlíonann riarthóir tagarmhairc shuntasaigh na ceanglais is infheidhme, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na hoibleagáide go mbeadh an riarthóir tagarmharcanna údaraithe, cláraithe, formhuinithe nó aitheanta, de réir mar is infheidhme. A luaithe a eiseofar rabhadh den sórt sin, níor cheart d’eintitis faoi mhaoirseacht a bheith in ann tagairtí nua do thagarmharcanna den sórt sin nó do theaglaim de thagarmharcanna a chur isteach a thuilleadh. Ar an gcaoi chéanna, chun cosc a chur ar na rioscaí a bhaineann le húsáid tagarmharcanna lena n-éilítear go gcomhlíontar na lipéid Aistrithe Aeráide AE agus na lipéid AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras gan bheith faoi réir maoirseacht leormhaith, níor cheart d’eintitis faoi mhaoirseacht a bheith in ann tagairtí nua a chur le Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE ná le Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ná le teaglaim de thagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás nach n-áirítear riarthóir na dtagarmharcanna sin i gclár riarthóirí agus tagarmharcanna ESMA.
(15) Chun míshocracht sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith iomarcach a sheachaint tar éis úsáid tagarmhairc a thoirmeasc, ba cheart d’údaráis inniúla nó do ESMA a bheith in ann úsáid leanúnach shealadach tagarmhairc den sórt sin a cheadú. Chun leibhéal leordhóthanach trédhearcachta agus cosanta a áirithiú vis-à-vis infheisteoirí deiridh, ba cheart d’úsáideoirí na dtagarmharcanna sin atá faoi réir rabhaidh i bhfoirm fógra poiblí rogha mhalartach oiriúnach a shainaithint chun tagarmharcanna nua a chur in ionad na dtagarmharcanna sin laistigh de 6 mhí tar éis an fógra poiblí sin a bheith foilsithe, nó ba cheart dóibh a áirithiú ar bhealach eile go gcuirfear cliaint ar an eolas go hiomchuí faoin easpa tagarmhairc mhalartaigh.
(16) Faoi Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/1011, is bealach sealadach chun rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais é aitheantas a thabhairt do riarthóirí tagarmharcanna atá lonnaithe i dtríú tír go dtí go nglacfaidh an Coimisiún cinneadh coibhéise. Mar sin féin, i bhfianaise an lín an-teoranta tagarmharcanna tríú tír a chumhdaítear le cinntí coibhéise, ba cheart aitheantas den sórt sin teacht chun bheith ina bhealach buan chun rochtain a fháil ar mhargadh an Aontais le haghaidh na riarthóirí tagarmharcanna sin.
(17) Tagarmharcanna a chumhdaítear le cinneadh coibhéise, meastar go ndéantar iad a rialáil agus a mhaoirsiú ar bhealach coibhéiseach le tagarmharcanna an Aontais. Dá bhrí sin, an oibleagáid a bhaineann le formhuiniú nó aitheantas a lorg, níor cheart feidhm a bheith aici maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha atá lonnaithe i dtríú tír a thairbhíonn de chinneadh coibhéise.
(18) Ar mhaithe le trédhearcacht agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, údaráis inniúla a ainmníonn tagarmharc mar thagarmharc suntasach, ba cheart dóibh na srianta úsáide féideartha a shonrú, ar srianta iad a thagann chun cinn i gcás nach bhfuil riarthóir an tagarmhairc sin údaraithe nó cláraithe nó nach gcomhlíonann sé na ceanglais maidir le formhuiniú ná aitheantas, de réir mar is infheidhme.
(19) Chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le húsáid tagarmharcanna suntasacha faoi mhaoirseacht neamhleor, i gcás nach lorgaíonn riarthóir tagarmhairc a thagann chun bheith ina thagarmharc suntasach údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú laistigh den teorainn ama a leagtar amach, nó i gcás ina dteipeann ar an údarú, an clárú, an t-aitheantas nó an formhuiniú do riarthóir tagarmharcanna den sórt sin, nó i gcás ina dtarraingíonn riarthóir a údarú, clárú, formhuiniú nó aitheantas siar, ba cheart don údarás inniúil nó do ESMA, de réir mar is infheidhme, fógra poiblí a eisiúint lena sonraítear nach bhfuil na tagarmharcanna suntasacha arna soláthar ag an riarthóir sin oiriúnach lena n-úsáid sa Aontas.
(20) Bíonn úsáideoirí tagarmharcanna ag brath ar thrédhearcacht maidir le stádas rialála na dtagarmharcanna a úsáideann siad nó a bhfuil sé beartaithe acu iad a úsáid. Ar an gcúis sin, na tagarmharcanna siúd atá faoi réir na gceanglas is mionsonraithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/1011, ba cheart do ESMA iad a liostú i gclár na riarthóirí agus na dtagarmharcanna, toisc go bhfuil a n-úsáid san Aontas os cionn na tairsí arna leagan síos le haghaidh tagarmharcanna suntasacha, toisc gur ainmnigh maoirseoir náisiúnta nó ESMA mar thagarmharcanna suntasacha iad, nó toisc gur tagarmharcanna criticiúla iad. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do ESMA Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras arna soláthar ag riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe a liostú sa chlár sin freisin. Ar deireadh, na tagarmharcanna ar eisigh údarás inniúil nó ESMA fógra poiblí ina leith lena dtoirmisctear úsáid a bhaint as an tagarmharc sin a thuilleadh, ba cheart do ESMA iad a liostú sa chlár freisin. Chun an t-ualach ar úsáideoirí a laghdú a thuilleadh, ba cheart an fhaisnéis sin uile a chur ar fáil go héasca san Ionad Eorpach Ilfhreastail Aonair (ESAP) freisin.
(20a) Tá dhá chatagóir de thagarmharcanna a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais faoi réir chomhlíonadh na n-íoschaighdeán a leagtar amach i ndlí an Aontais, eadhon Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE (EU-CTB) agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras (EU-PAB). Le Rialachán (AE) 2019/2089, tugadh isteach rialacha maidir le trédhearcacht tagarmharcanna lena maítear, ina ndoiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta, go gcuirtear tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais i gcuntas ina ndearadh. Chun ardleibhéal trédhearcachta maidir le héilimh a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais agus leibhéal leormhaith cosanta d’úsáideoirí a choinneáil, is iomchuí a cheangal ar úsáideoirí gan tagarmharcanna lena ndéantar éilimh a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais a úsáid i gcás nach soláthraítear d’úsáideoirí leis na tagarmharcanna sin an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe d, agus in Airteagal 27(2a) de Rialachán (AE) 2016/1011. Ba cheart feidhm a bheith ag an méid sin maidir le húsáid aon tagarmhairc lena maítear go gcuirtear tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais san áireamh ina dhearadh, gan beann ar an ndéantar na tagarmharcanna sin a riar san Aontas nó i dtríú tír.
Mar sin féin, d’fhéadfadh catagóirí eile tagarmharcanna lena ndéantar éilimh a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais, nach meastar gur Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE ná Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras iad, rannchuidiú le príomhbheartais an Aontais maidir le maoiniú inbhuanaithe a chur chun cinn, le cuspóirí gaolmhara a bhaint amach nó leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme, nó de rogha air sin, d’fhéadfadh siad an méid sin a chur i mbaol.
Dá bhrí sin, is iomchuí go dtíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil faoin 31 Nollaig 2028, ar bhonn ionchur ó ESMA, ina ndéanfar measúnú ar infhaighteacht tagarmharcanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais i margaí Eorpacha agus domhanda agus ar a nglacadh sa mhargadh, ina ndéanfar anailís i dtaobh an measfaí iad a bheith ina dtagarmharcanna suntasacha, agus ina ndéanfar staidéar ar na costais agus ar na héifeachtaí ar infhaighteacht an mhargaidh agus ar chineál athraitheach na dtáscairí inbhuanaithe agus na modhanna a úsáidtear chun iad a thomhas. Thairis sin, ba cheart dó measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le tagarmharcanna lena ndéantar éilimh a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais a rialáil, arb é is aidhm dó leibhéal leormhaith cosanta a choinneáil d’úsáideoirí na dtagarmharcanna sin chomh maith le hardleibhéal trédhearcachta, an riosca a bhaineann le glas-snasú a laghdú agus comhleanúnachas le reachtaíocht eile an Aontais i dtaca le ceanglais maidir le nochtadh inbhuanaithe a áirithiú. Ba cheart measúnú tionchair agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a bheith ag gabháil leis an tuarascáil sin.
(21) Chun aistriú saoráideach chuig cur i bhfeidhm na rialacha arna dtabhairt isteach faoin Rialachán seo a áirithiú, ▌ba cheart doriarthóiría ndearnadh maoirseacht orthu roimhe sin faoi Rialachán (AE) 2019/2089 na cláruithe, na húdaruithe, na haitheantais nó na formhuinithe atá ann cheana a choinneáil go ceann 9 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo. Tá sé beartaithe leis an tréimhse sin deis leordhóthanach a thabhairt d’údaráis inniúla agus do ESMA a chinneadh ar cheart aon cheann de na riarthóirí a ndearnadh maoirseacht orthu roimhe sin a ainmniú i gcomhréir leis an Rialachán leasaitheach seo. Má ainmneofar iad, ba cheart cead a thabhairt do riarthóirí a údaraíodh, a cláraíodh, a formhuiníodh nó ar tugadh aitheantas dóibh roimhe sin nó do riarthóirí a chineann an Rialachán seo a chur chun feidhme dá ndeoin féin, a stádas roimhe sin a choinneáil gan a bheith orthu iarratas a dhéanamh an athuair. Ba cheart cead a thabhairt do riarthóirí tagarmharcanna suntasacha, in aon chás, a stádas mar riarthóirí tagarmharcanna údaraithe, cláraithe, aitheanta nó formhuinithe a choinneáil.
(22) Chun an t-am is gá a thabhairt d’údaráis inniúla agus do ESMA chun faisnéis a bhailiú maidir le tagarmharcanna suntasacha féideartha agus chun an bonneagar atá ann cheana a oiriúnú don chreat nua atá beartaithe faoin Rialachán leasaitheach seo, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar.
(23) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2016/1011 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2016/1011
Leasaítear Rialachán (AE) 2016/1011 mar a leanas:
(1) leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"
‘1a. Níl feidhm ag Teidil II agus III, cé is moite d’Airteagail 23a go 23c, ná ag Teidil IV agus VI ach amháin i leith tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras. Tá feidhm ag Airteagal 10 i dTeideal II agus Teidil III, IV agus VI maidir le tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II.’;
"
(b) i mír 2, scriostar pointe (g)(i);
(2) in Airteagal 3, leasaítear mír 1 mar a leanas:
(-a) i bpointe (17), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (m):"
‘(m) riarthóir atá údaraithe nó cláraithe de bhun Airteagal 34’;
"
(a) scriostar pointe (22a);
(b) scriostar pointe (27);
(3) leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
(a) i mír 5, an dara fomhír, scriostar an abairt dheireanach;
(b) scriostar mír 6;
(4) leasaítear Airteagal 11 mar a leanas:
(a) i mír 5, an chéad fhomhír, scriostar an abairt dheireanach;
(b) scriostar mír 6;
(5) leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
(a) i mír 3, an chéad fhomhír, scriostar an abairt dheireanach;
(b) scriostar mír 4;
(6) leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
(a) i mír 5, an dara fomhír, scriostar an abairt dheireanach;
(b) scriostar mír 6;
(7) i dTeideal III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Chaibidil 2:"
‘Tagarmharcanna ráta úis’;
"
(7a) in Airteagal 18(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Ní bheidh feidhm ag Airteagal 25 maidir le tagarmharcanna ráta úis a sholáthar ná le rannchuidiú leo.’;
"
(8) scriostar Airteagal 18a;
(8a) in Airteagal 19(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Ní bheidh feidhm ag Airteagal 25 maidir le tagarmharcanna tráchtearraí a sholáthar ná le rannchuidiú leo.’;
"
(9) in Airteagal 19a, cuirtear na míreanna seo a leanas leis:"
‘4. Riarthóirí nach bhfuil ar áireamh i gclár ESMA dá dtagraítear in Airteagal 36, ní dhéanfaidh siad an méid seo a leanas:
(a)
Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar nó a fhormhuiniú;
(b)
a chur in iúl nó a thabhairt le fios, in ainm na dtagarmharcanna a chuireann siad ar fáil lena n-úsáid san Aontas nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin, go gcomhlíonann na tagarmharcanna a chuireann siad ar fáil na ceanglais is infheidhme maidir le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar.’
4 a. Cuirfidh riarthóirí an téarma ‘EU-CTB’ in ainm Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus an téarma ‘EU-PAB’ in ainm Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras.;
"
(10) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19d:"
‘Airteagal 19d
Féachaint le Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar
Riarthóirí atá lonnaithe san Aontas agus a sholáthraíonn tagarmharcanna suntasacha arna gcinneadh ar bhonn luach ceann amháin nó níos mó de shócmhainní nó de phraghsanna forluiteacha, féachfaidh siad le ceann amháin nó níos mó de Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar.’;
"
(11) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:"
‘Airteagal 24
Tagarmharcanna suntasacha
1. Tagarmharc nach tagarmharc criticiúil é, is tagarmharc suntasach a bheidh ann i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
úsáidtear an tagarmharc go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna laistigh den Aontas mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, ag a bhfuil meánluach iomlán EUR 50 billiún ar a laghad, ar bhonn shaintréithe an tagarmhairc, lena n-áirítear:
(i)
raon aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme, thar thréimhse 6 mhí;
(ii)
airgeadraí uile nó aonaid tomhais eile an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme, thar thréimhse 6 mhí; agus
(iii)
na modheolaíochtaí uile chun torthaí a ríomh, i gcás inarb infheidhme, thar thréimhse 6 mhí;
(b)
ainmníodh an tagarmharc mar thagarmharc suntasach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 3, 4 agus 5 nó leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 6.
2. Tabharfaidh riarthóir fógra láithreach do ESMA agus, má tá sé lonnaithe i mBallstát de chuid an Aontais, d’údarás inniúil an Bhallstáit sin ▌, i gcás ina sáraíonn ceann amháin nó níos mó de thagarmharcanna an riarthóra sin an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Tar éis dó an fógra sin a fháil, foilseoidh ▌ESMA▌ ráiteas ar a shuíomh gréasáin lena sonrófar go bhfuil an tagarmharc sin suntasach i mBallstát amháin nó laistigh den Aontas.
Arna iarraidh sin do riarthóir, soláthróidh sé faisnéis do ESMA agus d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe ▌a mhéid a bhaineann le cé acu a sáraíodh nó nár sáraíodh an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) go héifeachtach.
I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil nó▌ ag ESMA chun a mheas go sáraíonn tagarmharc an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil nó ESMA fógra a eisiúint lena gcuirtear an méid sin in iúl. Leis an bhfógra sin, spreagfar na hoibleagáidí céanna ar an riarthóir tagarmharcanna agus a spreagfaí le fógra dá dtagraítear i mír 2. 10 lá oibre ar a laghad sula n-eiseofar an fógra sin, cuirfidh an t-údarás inniúil nó ESMA riarthóir an tagarmhairc lena mbaineann ar an eolas faoina thorthaí, agus iarrfaidh sé ar an riarthóir sin aon bharúil a chur faoina bhráid.
3. Féadfaidh údarás inniúil, tar éis dul i gcomhairle le ESMA i gcomhréir le mír 4 agus an chomhairle uaidh a chur san áireamh, tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe san Aontas nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonann an tagarmharc sin na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
níl aon ionadaí oiriúnach atá faoi stiúir an mhargaidh ag an tagarmharc, nó is fíorbheagán ionadaithe den sórt sin atá aige;
(b)
i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhochracha▌ ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí ina Bhallstát nó san Aontas;
(c)
níor ainmnigh údarás inniúil Ballstáit eile nó ESMA an tagarmharc.
I gcás ina dtagann údarás inniúil ar an gconclúid go gcomhlíonann tagarmharc na critéir a leagtar amach sa chéad fhomhír, ullmhóidh an t-údarás inniúil dréachtchinneadh chun an tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin don riarthóir lena mbaineann agus d’údarás inniúil Bhallstát baile an riarthóra i gcás inarb ábhartha. Rachaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann i gcomhairle le ESMA maidir leis an dréachtchinneadh freisin.
Beidh 15 lá oibre ón dáta a thugtar fógra faoin dréachtchinneadh ón údarás inniúil ainmniúcháin lena mbaineann ag na riarthóirí lena mbaineann agus ag údarás inniúil Bhallstát baile an riarthóra chun barúlacha agus tráchtanna a thabhairt i scríbhinn. Cuirfidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin lena mbaineann ESMA ar an eolas faoi na barúlacha agus na tuairimí a gheofar agus déanfaidh sé breithniú cuí ar na barúlacha agus na tráchtanna sin sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin fógra do ESMA faoina chinneadh, agus foilseoidh sé an cinneadh, lena n-áirítear na cúiseanna ar lena n-aghaidh a ndearnadh é agus iarmhairtí an ainmniúcháin sin, ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí.’;
4. I gcás ina rachaidh údarás inniúil i gcomhairle le ESMA maidir lena rún tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcomhréir le mír 3, an chéad fhomhír, déanfaidh ESMA, laistigh de 3 mhí, comhairle a eisiúint lena gcuirfear na tosca seo a leanas san áireamh, i bhfianaise shaintréithe sonracha an tagarmhairc lena mbaineann:
(a)
cé acu atá nó nach bhfuil cuí-réasúnú leormhaith déanta ag an údarás inniúil a théann i gcomhairle le ESMA ar a mheasúnú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír á gcomhlíonadh;
(b)
i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthraítear é, an mbeadh tionchair shuntasacha agus dhochracha▌ ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí san Aontas nó i mBallstáit seachas Ballstát an údaráis inniúil a théann i gcomhairle le ESMA.
Chun críoch phointe (b), tabharfaidh ESMA aird chuí, i gcás inarb ábhartha, ar an bhfaisnéis arna soláthar ag an údarás a théann i gcomhairle leis de bhun an tríú fomhír de mhír 3.
5. I gcás ina suífidh ESMA go gcomhlíonann tagarmharc na coinníollacha faoi mhír 3, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), san Aontas nó i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoi sin. ▌
Ullmhóidh ESMA dréachtchinneadh chun an tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach laistigh den Aontas agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin don riarthóir lena mbaineann agus do na húdaráis inniúla ábhartha i gcás ina bhfuil feidhm ag pointe (b). Beidh 15 lá oibre ón dáta a thugtar fógra faoin dréachtchinneadh ó ESMAag na riarthóirí lena mbaineann agus ag na húdaráis inniúla ábhartha chun barúlacha agus tráchtanna a thabhairt i scríbhinn. Déanfaidh ESMAbreithniú cuí ar na barúlacha agus na tráchtanna sin sula ndéanfaidh sé cinneadh críochnaitheach a ghlacadh agus a fhoilsiú.
6. Féadfaidh ESMA, arna iarraidh sin d’údarás inniúil, nó ar a thionscnamh féin, tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír nach gcomhlíonann an tairseach a leagtar síos i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonann an tagarmharc sin na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
níl aon ionadaí oiriúnach atá faoi stiúir an mhargaidh ag an tagarmharc, nó is fíorbheagán ionadaithe den sórt sin atá aige;
(b)
i gcás ina scoirfeadh an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh ná ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó gur ar bhonn sonraí ionchuir neamhiontaofa a sholáthrófaí é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhochracha▌ ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí san Aontas nó i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.
Roimh an gcinneadh ainmniúcháin agus a luaithe is féidir, cuirfidh ESMA riarthóir an tagarmhairc ar an eolas faoina rún, agus iarrfaidh sé ar an riarthóir sin ráiteas réasúnaithe a sholáthar do ESMA laistigh de 15 lá oibre ina mbeidh aon fhaisnéis ábhartha chun críoch an mheasúnaithe a bhaineann le hainmniúchán an tagarmhairc mar thagarmharc suntasach.
I gcás inarb infheidhme, iarrfaidh ESMA, a luaithe is féidir, ar údarás inniúil na dlínse ina bhfuil an riarthóir lonnaithe aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar chun críoch an mheasúnaithe a bhaineann le hainmniúchán an tagarmhairc.
Tabharfaidh ESMA cúis le haon chinneadh ainmniúcháin agus cuirfidh sé san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo á gcomhlíonadh, i bhfianaise shaintréithe sonracha an tagarmhairc lena mbaineann.
Foilseoidh ESMA an cinneadh réasúnaithe uaidh ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil iarrthach nó do na húdaráis inniúla iarrthacha gan moill mhíchuí.
6a. Riarthóirí tagarmharcanna nach gcomhlíonann na ceanglais lena meas mar thagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh dá ndeoin féin ar rochtain ar an gclár dá bhforáiltear in Airteagal 36 trí bhíthin údarú, clárú, aitheantas nó formhuiniú.
Riarthóirí a chineann an Rialachán seo a chur chun feidhme dá ndeoin féin, déanfaidh siad amhlaidh i scríbhinn lena n-údarás maoirseachta reatha, in aghaidh an tagarmhairc, agus measfar gach ceann de na tagarmharcanna sin a bheith ina dtagarmharcanna suntasacha faoin Rialachán seo.
Le tarscaoileadh deonach an chórais sin, ní chuirfear cosc ar na freagrachtaí riaracháin comhfhreagracha a fhorchur i gcás neamhchomhlíonadh Rialachán (AE) 2016/1011 nó sárú air le linn a rannpháirtíochta deonaí sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 36.
7. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an méid seo a leanas a shonrú:
(i)
an modh ríofa, lena n-áirítear foinsí sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann, atá le húsáid chun an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a chinneadh;
(ii)
na critéir chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an sáraíonn tagarmharc an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a,) d’Airteagal 24(1) i mBallstát amháin nó ar fud an Aontais;
(iii)
an fhaisnéis a chuirfidh na húdaráis inniúla ar fáil nuair a rachaidh siad i gcomhairle le ESMA mar a cheanglaítear de bhun Airteagal 24, mír 3;
(iv)
na critéir dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), d’Airteagal 24 agus aon sonraí lena gcabhraítear le measúnú a dhéanamh ar an tionchar suntasach agus dochrach atá ag scor an tagarmhairc nó ag neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit á chur i gcuntas.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin ... [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
7a. Faoin ... [2 bhliain tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], cuirfidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar le ESMA, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le leordhóthanacht na tairsí dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus forbairtí rialála. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí. Déanfar an t-athbhreithniú sin gach 3 bliana ar a laghad.
7b. I gcás ina measann ESMA gur iomchuí athbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a) tráth is luaithe i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus i bpraghsanna agus forbairtí rialála, cuirfidh sé iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tairseach. Ar an iarraidh sin a fháil dó, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an ngá atá le athmheasúnú a dhéanamh ar an tairseach agus gníomhóidh sé i gcomhréir le mír 7a.;
"
(12) cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 24a
Ceanglais maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha
(1)
Laistigh de 60 lá oibre tar éis an fógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2) a thabhairt, riarthóir tagarmhairc a chomhlíonann an critéar dá dtagraítear i mír (1), pointe (a), den Airteagal sin, lorgóidh sé údarú nó clárú le húdarás inniúil an Bhallstáit i gcás ina bhfuil an tagarmharc suntasach sa Bhallstát sin, nó le ESMA i gcás ina bhfuil an tagarmharc suntasach laistigh den Aontas. I gcás ina bhfuil an riarthóir sin lonnaithe i dtríú tír agus mura rud é go gcumhdaítear an tagarmharc lena mbaineann le cinneadh coibhéise arna ghlacadh de bhun Airteagal 30, déanfaidh an riarthóir sin, laistigh de 60 lá oibre tar éis an fógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2) a thabhairt, iarratas chuig ESMA ar cheachtar de na nithe seo a leanas:
(a)
aitheantas ▌de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32;
(b)
formhuiniú de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 33.
(2)
Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniúchán dá dtagraítear in Airteagal 24(3), lorgóidh riarthóir an tagarmhairc lena mbaineann údarú nó clárú leis an údarás inniúil ainmniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 34, mura rud é go bhfuil an riarthóir sin údaraithe nó cláraithe cheana féin ag údarás náisiúnta inniúil.
(2a)
Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniúchán dá dtagraítear in Airteagal 24(5), lorgóidh riarthóir an tagarmhairc lena mbaineann údarú nó clárú le ESMA i gcomhréir le hAirteagal 34, mura rud é go bhfuil an riarthóir sin údaraithe nó cláraithe cheana féin. Má tá an riarthóir sin údaraithe nó cláraithe cheana féin i mBallstát, aistreofar an t-údarú nó an clárú sin chuig ESMA.
(3)
Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniúchán dá dtagraítear in Airteagal 24(6), déanfaidh riarthóir an tagarmhairc lena mbaineann▌ iarratas chuig ESMA ar cheachtar de na nithe seo a leanas:
(a)
aitheantas ▌de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32;
(b)
formhuiniú de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 33.
Roghnóidh riarthóirí tagarmharcanna tríú tír riarthóir formhuiniúcháin san Aontas.
(4)
Bainfidh ESMA nó údaráis inniúla úsáid as na cumhachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí a chuirtear ar a n-iontaoibh faoin Rialachán seo chun a áirithiú go gcomhlíonann na riarthóirí ábhartha a n-oibleagáidí.
(5)
Eiseoidh an t-údarás inniúil nó ESMA fógra poiblí lena sonrófar nach gcomhlíonann tagarmharc suntasach arna sholáthar ag riarthóir an Rialachán seo agus go bhfuil úsáideoirí le staonadh ón tagarmharc sin a úsáid i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
laistigh de 60 lá oibre tar éis an fógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2) a thabhairt, tar éis an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(3) nó tar éis an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 24(6), níor thionscain an riarthóir lena mbaineann nósanna imeachta chun mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh;
(b)
theip ar na nósanna imeachta um údarú, clárú, aitheantas nó formhuiniú;
(c)
rinne ESMA clárú an riarthóra a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 31;
(d)
rinne ESMA aitheantas an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 32(8);
(e)
tá formhuiniú an riarthóra lena mbaineann imithe in éag;
(f)
rinne an t-údarás inniúil údarú nó clárú an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar nó a chur ar fionraí.
Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ESMA faoi gach fógra poiblí arna eisiúint gan moill mhíchuí. Foilseoidh ESMA gach fógra poiblí arna eisiúint ar a shuíomh gréasáin. Bainfidh ESMA nó an t-údarás inniúil an fógra poiblí gan moill mhíchuí a luaithe nach mbeidh an chúis ar eisíodh é bailí a thuilleadh.;
"
(13) i dTeideal III, scriostar Caibidil 6;
(13a) leasaítear Airteagal 28, mír 2, mar a leanas:"
‘2. Déanfaidh eintitis faoi mhaoirseacht, nach riarthóir amhail dá dtagraítear i mír 1 iad, a úsáideann tagarmharc, pleananna láidre i scríbhinn a chur ar fáil agus a chothabháil ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a dhéanfaidís i gcás ina n-athraítear tagarmharc go hábhartha nó ina scoireann sé de bheith á sholáthar. I gcás inarb indéanta agus iomchuí sin, déanfar tagarmharc malartach amháin nó roinnt tagarmharcanna malartacha a ainmniú sna pleananna sin, ar tagarmharcanna iad a bhféadfaí tagairt dóibh chun teacht in ionad tagarmharcanna nach mbeadh á soláthar a thuilleadh, ina léirítear na cúiseanna maidir le hoiriúnacht tagarmharcanna malartacha den sórt sin. Soláthróidh na heintitis faoi mhaoirseacht, arna iarraidh sin orthu agus gan moill mhíchuí, na pleananna sin mar aon le haon nuashonruithe don údarás inniúil ábhartha agus déanfar iad a léiriú sna forálacha cúltaca conarthacha is infheidhme maidir le conarthaí airgeadais, ionstraimí airgeadais agus cistí infheistíochta.;
"
(14) leasaítear Airteagal 29 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"
‘Úsáid tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras’;
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Ní chuirfidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagairtí nua le tagarmharc criticiúil, le tagarmharc suntasach ná le teaglaim de thagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás ina bhfuil an tagarmharc sin nó an teaglaim de thagarmharcanna sin ina ábhar nó ina hábhar d’fhógra poiblí arna eisiúint ag ESMA nó ag údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 24a(5). Ní chuirfidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagairtí nua le tagarmharc criticiúil, le tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, le Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE, le Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ná le teaglaim de thagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás nach bhfuil riarthóir na dtagarmharcanna sin ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36.
Ceadóidh eintitis faoi mhaoirseacht an tIonad Eorpach Ilfhreastail Aonair (ESAP) dá dtagraítear in Airteagal 28a, nó clár ESMA dá dtagraítear in Airteagal 36, go tráthrialta chun fíorú a dhéanamh ar stádas rialála riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a bhfuil sé beartaithe acu iad a úsáid.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh ESMA nó an t-údarás inniúil, de réir mar is iomchuí, úsáid tagarmhairc a cheadú faoi réir fógra poiblí arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24a(5) go ceann tréimhse 6 mhí tar éis an fógra poiblí a bheith foilsithe, agus a bheidh in-athnuaite uair amháin, i gcás inar gá chun míshocracht thromchúiseach sa mhargadh a sheachaint, nó go ceann tréimhse 24 mhí, nach mbeidh in-athnuaite, maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
cruthú margaidh chun tacú le gníomhaíocht cliant a bhaineann le hidirbhearta arna ndéanamh ar dháta éifeachtach an toirmisc;
(b)
idirbhearta nó gníomhaíochtaí eile lena ndéantar neamhchosaint an eintitis faoi mhaoirseacht ar an tagarmharc toirmiscthe nó neamhchosaint aon chliaint de chuid an eintitis faoi mhaoirseacht air a laghdú nó a fhálú;
(c)
nuachan idirbheart;
(d)
idirbhearta arna ndéanamh ar mhaithe le rannpháirtíocht i nós imeachta ceant de chuid contrapháirtí lárnach i gcás mainneachtain comhalta, lena n-áirítear idirbhearta chun an neamhchosaint a thiocfaidh as sin a fhálú;
(e)
idirshuíomh nó úsáid eile dá bhforáiltear i socruithe cúltaca conarthacha i ndáil leis an tagarmharc toirmiscthe.’;
"
(c) cuirtear míreanna nua 1b, 1ba, 1bb agus 1bc isteach:"
‘1b. Eintiteas faoi mhaoirseacht a úsáideann tagarmharc, ar tagarmharc is ábhar d’fhógra poiblí de bhun Airteagal 24a(5) é, i gconarthaí airgeadais atá ann cheana nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta nó ionstraimí airgeadais a thomhas, cuirfidh sé rogha mhalartach iomchuí in ionad an tagarmhairc sin laistigh de 6 mhí tar éis an fógra sin a bheith foilsithe, nó eiseoidh agus foilseoidh sé ráiteas ar a shuíomh gréasáin lena gcuirfear míniú réasúnaithe ar fáil do chliaint maidir leis an gcúis nach féidir leis déanamh amhlaidh.’
1ba. Ní fhéadfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht úsáid a bhaint as tagarmharc lena maítear, ina dhoiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta, nó ina ainmníocht, go gcuirtear tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais san áireamh ina mhodheolaíocht, ach amháin i gcás ina nochtann a riarthóir an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 13(1), pointe (d), agus in Airteagal 27(2a). Le gach ceanglas maidir le nochtadh modheolaíochta, féachfar le comhleanúnachas le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) 2019/2088 a bhaint amach.
Beidh feidhm ag an mír seo maidir le tagarmharcanna an Aontais agus tagarmharcanna nach de chuid an Aontais iad araon.
"
(ca) leasaítear mír 2 mar a leanas:"
2. I gcás inarb é is cuspóir do réamheolaire atá le foilsiú faoi Threoir 2003/71/CE nó faoi Threoir 2009/65/CE ná urrúis inaistrithe nó táirgí infheistíochta eile a dhéanann tagairt do thagarmharc criticiúil, tagarmharc suntasach, tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, déanfaidh eisitheoir, tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é a áirithiú, nuair a bheidh fógra poiblí faoin tagarmharc a úsáidtear ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo, laistigh de 9 mí tar éis an fógra a bheith foilsithe, go n-áireofar an fhaisnéis sin sa réamheolaire freisin ar bhealach soiléir agus feiceálach.
"
(cb) cuirtear mír 2a nua isteach:"
2a. Féachfaidh riarthóirí tagarmharcanna a úsáidtear san Aontas le cód aitheantóra arna chomhaontú go domhanda a iarraidh le haghaidh gach ceann de na tagarmharcanna a sholáthraíonn siad lena n-úsáid san Aontas.’;
"
(15) leasaítear Airteagal 32 mar a leanas:
(a) scriostar mír 1;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:"
‘2. Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil dá dtagraítear in Airteagal 24a(1) agus (3), comhlíonfaidh sé an Rialachán seo, cé is moite d’Airteagal 11(4) agus d’Airteagail 16, 20, 21 agus 23. Féadfaidh an riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír an coinníoll sin a chomhlíonadh trí phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ar choinníoll go bhfuil cur i bhfeidhm den sórt sin coibhéiseach le comhlíonadh an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 11(4), agus d’Airteagail 16, 20, 21 agus 23.
Le linn do ESMA a chinneadh an bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh agus le linn dó measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, féadfaidh sé an méid seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
measúnú ar an riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír arna dhéanamh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách;
(b)
deimhniú arna sholáthar ag údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir sin lonnaithe.
I gcás ina bhfuil riarthóir tríú tír in ann a léiriú, agus a mhéid atá sé in ann a léiriú, gurb é atá i dtagarmharc a sholáthraíonn sé tagarmharc sonraí rialáilte nó tagarmharc tráchtearraí nach bhfuil bunaithe ar aighneachtaí ó rannchuiditheoirí arb eintitis faoi mhaoirseacht a bhformhór, ní chuirfear d’oibleagáid ar an riarthóir na ceanglais nach infheidhme maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte agus tagarmharcanna tráchtearraí, de bhun Airteagal 17 agus Airteagal 19(1), a chomhlíonadh.
3. Beidh ionadaí dlíthiúil ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil. Is é a bheidh san ionadaí dlíthiúil duine ▌dlítheanach atá lonnaithe san Aontas, agus arna cheapadh go sainráite ag an riarthóir sin chun gníomhú thar ceann an riarthóra sin a mhéid a bhaineann le hoibleagáidí an riarthóra faoin Rialachán seo. Déanfaidh an t-ionadaí dlíthiúil, i gcomhar leis an riarthóir, an fheidhm formhaoirseachta a chomhall maidir le soláthar na dtagarmharcanna a dhéanann an riarthóir faoin Rialachán seo agus▌ beidh sé cuntasach do ESMA. Féadfaidh ESMA beart maoirseachta a fhorchur, i gcomhréir le hAirteagal 48e, ar an ionadaí dlíthiúil agus ar an riarthóir as ceann de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 42(1) nó i ndáil le haon chás de neamh-chomhoibriú nó neamhchomhlíonadh maidir le himscrúdú, le hiniúchadh nó le hiarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 de Chaibidil 4.';
"
(c) i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"
‘Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas le ESMA. Soláthróidh an riarthóir is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun go bhféadfaidh ESMA a bheith deimhin de go mbeidh bunaithe aige, tráth an aitheantais, na socruithe uile is gá chun na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh i ndáil lena thagarmharc nó lena thagarmharcanna a ainmníodh i gcomhréir le hAirteagal 24. I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an riarthóir is iarratasóir le fios an t-údarás inniúil sa tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air.
Laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ESMA measúnú ar an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir. I gcás ina bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, cuirfidh an t-iarratasóir isteach an fhaisnéis bhreise atá de dhíth ar ESMA. Beidh feidhm ag an teorainn ama dá dtagraítear san fhomhír seo ón dáta a sholáthraíonn an t-iarratasóir an fhaisnéis bhreise sin.’;
"
(15a) in Airteagal 33(1), leasaítear an fhoclaíocht réamhráiteach mar a leanas:"
‘1. Riarthóir atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 34, ag a bhfuil ról soiléir dea-shainithe faoi chreat rialaithe nó cuntasachta riarthóra tríú tír, atá in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar tagarmhairc, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig ESMA ar thagarmharc nó fine tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír a fhormhuiniú lena n-úsáid san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
"
(15b) leasaítear Airteagal 33, mír 3, mar a leanas:"
3. Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, scrúdóidh ESMA an t-iarratas agus glacfaidh sé cinneadh chun an formhuiniú a údarú nó a dhiúltú.
"
(15c) leasaítear Airteagal 33, mír 6, mar a leanas:"
6. I gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo ag údarás inniúil an riarthóra formhuiniúcháin lena mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos faoi mhír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chumhacht aige a cheangal ar an riarthóir formhuiniúcháin scor den fhormhuiniú agus cuirfidh sé an méid sin in iúl do ESMA. Beidh feidhm ag Airteagal 28 i gcás ina scoirfear den fhormhuiniú.
"
(16) leasaítear Airteagal 34 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas a ghníomhaíonn nó a bhfuil sé ar intinn aige gníomhú mar riarthóir, déanfaidh sé iarratas chuig an údarás inniúil atá ainmnithe faoi Airteagal 40 den Bhallstát ina bhfuil an duine sin lonnaithe nó chuig ESMA, chun go bhfaighidh an duine sin:
(a)
údarú i gcás ina soláthraíonn sé innéacsanna nó i gcás ina bhfuil sé ar intinn aige iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna criticiúla, mar thagarmharcanna suntasacha, mar thagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, mar Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó mar Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras;
(b)
clárú i gcás inar eintiteas faoi mhaoirseacht é, seachas riarthóir, a sholáthraíonn innéacsanna nó a bhfuil sé ar intinn aige iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna suntasacha, mar Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó mar Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ar choinníoll nach bhfuil gníomhaíocht an tsoláthair tagarmhairc faoi chosc ag an disciplín earnálach is infheidhme maidir leis an eintiteas faoi mhaoirseacht agus nach gcáileodh aon cheann de na hinnéacsanna arna soláthar mar thagarmharc criticiúil.’;
"
(aa) leasaítear Airteagal 34, mír 1a, mar a leanas:"
1a. I gcás ina gcáileodh ceann amháin nó níos mó de na hinnéacsanna arna soláthar ag an duine dá dtagraítear i mír 1 mar thagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointí (a) agus (c), nó mar thagarmharcanna suntasacha dá dtagraítear in Airteagal 24(2), (5) agus (6), nó i gcás ina mbeartaíonn an duine tagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 33 a fhormhuiniú, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid ESMA.
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"
‘3. An t-iarratas dá dtagraítear i mír 1, déanfar é laistigh de 30 lá oibre ó aon chomhaontú a dhéanfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht chun innéacs arna sholáthar ag an iarratasóir a úsáid mar thagairt in ionstraim airgeadais nó i gconradh airgeadais nó chun feidhmíocht ciste infheistíochta a thomhas, nó laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 24a(2) agus (3), de réir mar is infheidhme.’;
"
(16a) in Airteagal 36(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a) go (d):"
‘1. Bunóidh agus cothabhálfaidh ESMA clár poiblí ina mbeidh an fhaisnéis seo a leanas:
(a)
céannachtaí na riarthóirí atá údaraithe nó cláraithe de bhun Airteagal 34, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, Aitheantóir Eintitis Dhlítheanaigh (LEI) na riarthóirí sin, agus na húdaráis inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;
(b)
céannachtaí na riarthóirí a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 30(1), lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, LEI na riarthóirí sin, an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear i bpointe (c) d'Airteagal 30(1), lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, uimhreacha aitheantais urrús idirnáisiúnta (ISINanna) na dtagarmharcanna sin, agus na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;
(c)
céannachtaí na riarthóirí a fuair aitheantas i gcomhréir le hAirteagal 32, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, LEI na riarthóirí sin, an liosta de thagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 32(7), lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ISINanna na dtagarmharcanna sin, agus, i gcás inarb infheidhme, na húdaráis inniúla tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh orthu;
(d)
na tagarmharcanna atá formhuinithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 33, céannachtaí riarthóirí na dtagarmharcanna sin, agus céannachtaí na riarthóirí formhuiniúcháin nó na n-eintiteas formhuiniúcháin faoi mhaoirseacht.;
"
(17) in Airteagal 36(1):
(a) leasaítear pointí (e) go (j):"
‘(e) na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ISINanna na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ráiteas arna fhoilsiú ag ESMA nó ag údarás inniúil de bhun Airteagal 24(2), agus na hipearnaisc chuig na ráitis sin;
(f)
na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ISINanna na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ainmniúcháin ag údaráis inniúla a dtugtar fógra fúthu do ESMA de bhun Airteagal 24(4), agus na hipearnaisc chuig na hainmniúcháin sin;
(g)
na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ISINanna na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir ainmniúcháin ag ESMA, agus na hipearnaisc chuig na hainmniúcháin sin;
(h)
na tagarmharcanna, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ISINanna na dtagarmharcanna sin, atá faoi réir fógraí poiblí arna n-eisiúint ag ESMA agus ag údaráis inniúla de bhun Airteagal 24a(5), agus na hipearnaisc chuig na fógraí poiblí sin;
(i)
an liosta de Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus de Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ISINanna na dtagarmharcanna sin, atá ar fáil lena n-úsáid san Aontas;
(j)
an liosta de thagarmharcanna criticiúla, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ISINanna na dtagarmharcanna sin.’;
"
(b) cuirtear pointe (ja) leis:"
‘(ja) an liosta de thagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, lena n-áirítear, i gcás ina bhfuil fáil orthu, ISINanna na dtagarmharcanna sin, atá ar fáil lena n-úsáid san Aontas.;
"
(17a) leasaítear Airteagal 40, mír 1, mar a leanas:"
‘1. Chun críoch an Rialacháin seo, beidh ESMA ina údarás inniúil le haghaidh na riarthóirí seo a leanas:
(a)
riarthóirí tagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointí (a) agus (c);
(b)
riarthóirí na dtagarmharcanna dá dtagraítear in Airteagal 32;
(c)
riarthóirí na dtagarmharcanna atá suntasach laistigh den Aontas dá dtagraítear in Airteagal 24(2), (5) agus (6);
(d)
riarthóirí a fhormhuiníonn tagarmharcanna arna soláthar i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 33;
(e)
riarthóirí Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras dá dtagraítear in Airteagal 3(23a) agus (23b).;
"
(18) in Airteagal 41(1), cuirtear na pointí (k) agus (l) seo a leanas leis:"
‘(k) tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach de bhun Airteagal 24(3);
(l)
i gcás forais réasúnacha le bheith in amhras faoi shárú ar aon cheann de na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil 3A, a cheangal go scoirfidh riarthóir de na nithe seo a leanas a dhéanamh, go ceann uastréimhse 12 mhí:
(i)
Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a sholáthar;
(ii)
tagairt a dhéanamh do Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó do Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras in ainm na dtagarmharcanna a chuireann siad ar fáil lena n-úsáid san Aontas, nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin;
(iii)
tagairt a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le soláthar na dtagarmharcanna sin in ainm na dtagarmharcanna a chuireann siad ar fáil lena n-úsáid san Aontas, nó sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta le haghaidh na dtagarmharcanna sin;’;
"
(19) leasaítear Airteagal 42 mar a leanas:
(a) i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):"
‘(a) aon sárú ar Airteagail 4 go 16, ar Airteagail 19a, 19b, 19c agus 21, ar Airteagail 23 go 29 nó ar Airteagal 34 i gcás ina bhfuil feidhm ag na hAirteagail sin; agus’;
"
(b) leasaítear mír 2 mar a leanas:
(i) i bpointe (g), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):"
‘(i) i gcás sáruithe ar Airteagail 4 go 10, ar Airteagal 11(1), pointí (a), (b), (c) agus (e), ar Airteagal 11(2) agus 3, ar Airteagail 12 go 16, ar Airteagal 21, ar Airteagail 23 go 29 agus ar Airteagal 34, EUR 500 000 nó sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 31 Nollaig 2023; nó’;
"
(ii) i bpointe (h), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):"
‘(i) i gcás sáruithe ar Airteagail 4 go 10, ar Airteagal 11(1), pointí (a), (b), (c) agus (e), ar Airteagal 11(2) agus 3, ar Airteagail 12 go 16, ar Airteagal 21, ar Airteagail 23 go 29 agus ar Airteagal 34, EUR 1 000 000 nó, sna Ballstáit sin nach é an euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 31 Nollaig 2023, nó 10 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán de réir na gcuntas is déanaí atá ar fáil agus atá formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta, cibé acu is airde; nó’;
"
(19a) in Airteagal 48e(1), leasaítear an fhoclaíocht réamhráiteach mar a leanas:"
Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go bhfaigheann ESMA go ndearna duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 42(1), d’aon ghnó nó le faillí, nó nár chomhoibrigh duine le himscrúdú, le hiniúchadh nó le hiarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 den Chaibidil seo nó nár chomhlíon sé iad, glacfaidh ESMA cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar thosca oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh. ;
"
(19b) in Airteagal 48f, mír 1, leasaítear an chuid réamhráiteach mar a leanas:"
‘Más rud é, i gcomhréir le hAirteagal 48i(5), go bhfaigheann ESMA go ndearna aon duine ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear i bpointe (a) d’Airteagal 42(1), d’aon ghnó nó le faillí, nó aon chás de neamh-chomhoibriú nó neamhchomhlíonadh maidir le himscrúdú, le hiniúchadh nó le hiarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 den Chaibidil seo, glacfaidh ESMA cinneadh lena ngearrfar fíneáil i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo. Measfar go ndearnadh sárú d’aon ghnó má thagann ESMA ar thosca oibiachtúla lena léirítear gur ghníomhaigh duine d’aon ghnó chun an sárú a dhéanamh.;
"
(19c) in Airteagal 54, cuirtear mír nua leis:"
‘7a. Faoin 31 Nollaig 2028, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ESMA, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an ngá atá le rialáil a dhéanamh ar thagarmharcanna lena ndéantar éilimh a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais, i dteannta Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Thagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, agus staid agus infhaighteacht tagarmharcanna comhshaoil, sóisialta agus rialachais i margaí Eorpacha agus domhanda agus a nglacadh sa mhargadh á gcur san áireamh, anailís á déanamh i dtaobh an measfaí iad a bheith ina dtagarmharcanna suntasacha, agus staidéar á dhéanamh ar na costais agus ar na héifeachtaí ar infhaighteacht an mhargaidh agus ar chineál athraitheach na dtáscairí inbhuanaithe agus na modhanna a úsáidtear chun iad a thomhas. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil freisin an gá atá le comhleanúnachas agus comhsheasmhacht le dlí eile an Aontais, go háirithe Rialachán (AE) 2019/2088, Treoir 2011/61/AE agus Treoir 2009/65/CE, chomh maith le Treoirlínte ESMA maidir le hainmneacha cistí a úsáideann téarmaí a bhaineann le tosca comhshaoil, sóisialta nó rialachais nó le hinbhuanaitheacht. Beidh measúnú tionchair agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin.;
"
(20) leasaítear Airteagal 49 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3:"
‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(7), 27(2b), 33(7), 51(6) agus 54(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 30 Meitheamh 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2028, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí breise comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(7), 27(2b), 30(2a), 30(3a), 33(7), 48i(10), 48l(3), 51(6) agus 54(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht aige an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.’;
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:"
‘6. Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6), 24(7), 27(2b) 30(2a), 30(3a), 33(7), 48i(10), 48l(3), 51(6) nó 54(3), ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbíonn aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.’.
"
(21) in Airteagal 51, cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"
‘4c. Maidir le húdaráis náisiúnta inniúla a bhfuil sé ar intinn acu tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir a áiríodh i gclár ESMA an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo – 1 lá] a ainmniú, agus le ESMA a bhfuil sé ar intinn aige tagarmharc a áiríodh i gclár ESMA nó ar áiríodh a riarthóir i gclár ESMA an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo – 1 lá] a ainmniú, déanfaidh siad amhlaidh faoin ... [9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo].
Riarthóirí tagarmharcanna a údaraíodh, a cláraíodh, a formhuiníodh nó ar tugadh aitheantas dóibh an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], coinneoidh siad an stádas sin go ceann 9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo. I gcás inandéantar ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna a ainmniú laistigh de 9 mí tar éis [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ní bheidh sé d’oibleagáid ar na riarthóirí ainmnithe iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 24a(1), (2), nó (3), de réir mar is infheidhme.
Riarthóirí tagarmharcanna suntasacha a údaraíodh, a cláraíodh, a formhuiníodh nó ar tugadh aitheantas dóibh an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ní bheidh sé d’oibleagáid orthu iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú de bhun Airteagal 24a(1) i gcás ina bhfuil ceann amháin nó níos mó dá dtagarmharcanna suntasach de bhun Airteagal 24(1)(a).’
Riarthóirí tagarmharcanna a údaraíodh, a cláraíodh, a formhuiníodh nó ar tugadh aitheantas dóibh an [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], a chineann an Rialachán seo a chur chun feidhme dá ndeoin féin faoin ... [9 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], ní bheidh sé d’oibleagáid orthu iarratas a dhéanamh an athuair ar údarú, clárú, aitheantas ná formhuiniú. ;
"
(21a) in Airteagal 53, scriostar mír 1;
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
* Tá na hathruithe ar fud an téacs mar thoradh ar leasú 1 a ghlacadh. Tá téacs nua nó téacs atá curtha in ionad téacs eile aibhsithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.
Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (IO L 171, 29.6.2016, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir le togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce (COM(2022)0540 – C9-0361/2022 – 2022/0344(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0540),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0361/2022),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an Dé Céadaoin 22 Feabhra 2023(1),
– tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0238/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(2);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 d'fhonn go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce, Treoir 2006/118/CE maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath agus Treoir 2008/105/CE maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(-1) Ní táirge tráchtála cosúil le haon cheann eile é uisce ach, ina ionad sin, leas coiteann agus oidhreacht, ar gá é a chosaint, agus déileáil leis mar sin, chun a chinntiú go gcaomhnaítear éiceachórais agus go bhfuil rochtain uilíoch ar uisce glan. [leasú 1]
(-1a) Aithnítear Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, an 28 Iúil 2010, an ceart chun uisce glan sábháilte agus sláintíocht mar cheart daonna atá bunriachtanach chun tairbhe iomlán a bhaint as an mbeatha agus na cearta daonna go léir. Tar éis an rath a bhí ar Thionscnamh Eorpach 2014 ó na Saoránaigh dar teideal ‘Right2Water’, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh athbhreithniú ar an Treoir maidir le huisce óil in 2018 agus tháinig an Treoir leasaithe chomhfhreagrach i bhfeidhm an 12 Eanáir 2021. Leagtar síos sa Treoir sin oibleagáid ar na Ballstáit feabhas a chur ar an rochtain ar uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine agus, ag an am céanna, brath, inter alia, ar an eolas a fuarthas agus ar na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi Threoir 2000/60/CE. Ba cheart do na Ballstáit éifeachtacht an chirt chun uisce glan agus sláintíochta a áirithiú freisin trí cháilíocht an uisce dromchla agus an screamhuisce araon a fheabhsú. [Leasú 2]
(1) Is bagairt é truailliú ceimiceach uisce dromchla agus screamhuisce don timpeallacht uisceach, agus éifeachtaí i gceist leis amhail géarthocsaineacht agus tocsaineacht ainsealach in orgánaigh uisceacha, carnadh truailleán san éiceachóras agus caillteanas gnáthóg agus bithéagsúlachta, mar aon le bagairt ar shláinte an duine. Trí chaighdeáin cáilíochta comhshaoil a leagan síos, cuidítear leis an uaillmhian maidir le truailliú nialasach le haghaidh timpeallacht saor ó thocsainí a chur chun feidhme, atá ar cheann de na spriocanna tosaíochta san 8ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil(5). [Leasú 3]
(1a) De réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, tuairiscítear go bhfuil stádas maith cainníochtúil ag thart ar 90 % d’achar na ndobharlach screamhuisce, tá stádas maith ceimiceach ag thart ar 75 % d’achar an dobharlaigh screamhuisce, tá stádas maith nó ard éiceolaíoch ag 40 % de dhobharlaigh dromchla, agus tá stádas maith ceimiceach ag 38 % de dhobharlaigh dromchla, agus sa tuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an 4 Nollaig 2019 dar teideal ‘The European environment – state and outlook 2020: Knowledge for transition to a sustainable Europe’ [Comhshaol na hEorpa — staid agus forbhreathnú 2020: Eolas ar mhaithe le haistriú chuig Eoraip inbhuanaithe] sonraítear gur tháinig feabhas ar cháilíocht an uisce de bharr laghdú ar thruailliú, ach go raibh an tAontas i bhfad ó stádas maith éiceolaíoch a bhaint amach do gach dobharlach faoi 2020. [Leasú 4]
(1b) Thángthas ar an gconclúid, sa mheastóireacht ar an tSeiceáil Oiriúnachta 2019 (‘an tSeiceáil Oiriúnachta’) ar an Treoir Réime maidir le hUisce, go mbeidh ról lárnach ag an gcéad bhabhta eile de chláir beart chun an dul chun cinn is gá a áirithiú maidir le cuspóirí comhshaoil Threoir 2000/60/CE a bhaint amach faoi spriocdháta 2027, agus luadh inti go bhfuil níos mó ná leath de dhobharlaigh uisce uile na hEorpa díolmhaithe faoi Threoir 2000/60/CE, rud a fhágann gur mó na dúshláin atá roimh na Ballstáit na Caighdeáin Cháilíochta Comhshaoil do shubstaintí tosaíochta a bhaint amach laistigh den sprioc-am a leagadh síos. Ina theannta sin, thángthas ar an gconclúid sa tSeiceáil Oiriúnachta nár baineadh amach na cuspóirí comhshaoil go hiomlán den chuid is mó mar gheall ar chistiú neamhleor, ar chur chun feidhme mall agus ar chomhtháthú neamhleor na gcuspóirí comhshaoil i mbeartais earnálacha, agus ní mar gheall ar easnamh sa reachtaíocht. [Leasú 5]
(1c) Mar gheall ar fhachtóirí geografacha agus socheacnamaíocha, tá roinnt daonraí, lena n-áirítear daoine dúchasacha, níos leochailí do thruailliú uisce. Táthar ag súil go dtiocfaidh fás ar earnáil na mianadóireachta san Aontas Eorpach chun forbairt an tionscail glan-nialais a chinntiú. Mar a dúradh i dTuarascáil 09/2021 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil(6), bíonn tionchar díreach ag earnáil na mianadóireachta ar cháilíocht agus ar chainníocht an uisce. Is gá, mar sin, na creataí reachtaíochta atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr agus úsáid agus scaoileadh uisce a phleanáil agus a rialú in oibríochtaí mianadóireachta freisin. [Leasú 6]
(1d) Bíonn a lán críoch san Aontas faoi réir srianta uisce móra méadaitheacha. Cuireann na triomaigh shuntasacha leanúnacha le blianta beaga anuas, go háirithe i réigiúin na Meánmhara, táirgeadh talmhaíochta i mbaol agus bíonn siad ina gcúis le laghdú ollmhór ar chúltaiscí uisce dromchla agus screamhuisce(7). [Leasú 7]
(1e) Is earra poiblí é uisce atá ann chun leasa gach duine agus mar acmhainn nádúrtha riachtanach atá do-athsholáthraithe agus riachtanach don bheatha agus nach mór a bhreithniú go cúramach i bhfianaise a ghnéithe sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil. Bíonn drochthionchar ag an athrú aeráide, lena n-áirítear an méadú ar mhinicíocht tubaistí nádúrtha agus teagmhais adhaimsire agus meathlú na bithéagsúlachta, ar cháilíocht agus cainníocht an uisce, rud a chuireann tuilleadh brú ar earnálacha a bhraitheann ar infhaighteacht uisce, go háirithe an earnáil talmhaíochta. [Leasú 8]
(1f) Cé gur shainaithin an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) cleachtais talmhaíochta áirithe mar chonstaicí in aghaidh stádas ceimiceach maith screamhuisce a bhaint amach san Aontas, ar tharla truailliú níotráití agus lotnaidicídí dá mbarr, ina Tuarascáil ó 2018 ar ‘uiscí na hEorpa - measúnú ar stádas agus ar fhoinsí brú’, tugadh faoi deara laghdú de réir a chéile ar úsáid leasachán mianrach agus barrachais cothaitheach san Aontas leis na deicheanna de bhlianta anuas(8). Foinsí suntasacha truaillithe eile atá ann ná cásanna sceite nach bhfuil ceangailte le córas séarachais, láithreáin éilithe nó láithreáin tionsclaíocha tréigthe. [Leasú 9]
(1g) Is tosaíocht don talmhaíocht é stádas maith na ndobharlach agus bainistíocht éifeachtúil ar acmhainní uisce, ós rud é go mbraitheann feirmeoirí ar uisce chun tabhairt faoina ngníomhaíochtaí, agus dá bharr, tá leas dílsithe acu in úsáid inbhuanaithe d’acmhainní den sort sin. [Leasú 10]
(1h) Chun éascú a dhéanamh ar athrú chuig earnáil talmhaíochta níos inbhuanaithe agus níos táirgiúla atá frithsheasmhach athléimneach i ndáil le srianta uisce, ba cheart dreasachtaí a chur i bhfeidhm d’fheirmeoirí chun bainistiú uisce agus nuachóiriú córas agus teicnící uiscithe a fheabhsú. [Leasú 11]
(1i) Is féidir le húsáíd lotnaidicídí dul i bhfeidhm go mór ar cháilíocht agus cainníocht an uisce atá ar fáil le haghaidh úsáid talmhaíochta, rud a mbíonn drochthionchar aige ar an mbithéagsúlacht uisceach agus talún araon. Tá sé oiriúnach, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar thionchar agus ar dhán éiceatocsaineolaíoch lotnaidicídí agus a meitibilítí i ndobharlaigh. [Leasú 12]
(1j) Tá sé ríthábhachtach a chur san áireamh na hiarrachtaí a rinneadh go dtí seo in earnálacha amhail an earnáil talmhaíochta, ina rabhthas in ann éilliú fíteashláintíochta a laghdú faoi 14 % cheana i gcomparáid le 2015--2017 agus faoi 26 % má bhreithnítear ar na truailleáin is dochraí. Dá bhrí sin, léiríonn na figiúirí laghdú leanúnach ar úsáid ceimiceán agus baol na gceimiceán, agus ba é 2020 an dara bliain i ndiaidh a chéile inar tháinig laghdú suntasach ar úsáid lotnaidicídí, go háirithe na cinn is dainséaraí(9). [Leasú 13]
(1k) Is bagairt é truailliú ceimiceach uisce dromchla agus screamhuisce don talmhaíocht toisc go ndéanann sé infhaighteacht an uisce atá oiriúnach d’uisciú barr a theorannú, rud a chuireann leis an nganntanas uisce. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit tacaíocht i gcomhair taighde agus nuálaíochta a mhéadú chun réitigh a rachaidh i ngleic le ganntanas agus truailliú uisce dromchla agus screamhuisce a chur in úsáid go tapa, lena n-áirítear digiteáil, talmhaíocht bheacht, uisciú barrfheabhsaithe agus nuachóiriú uiscithe agus úsáid chiorclach acmhainní, le haghaidh bainistíocht uisce feabhsaithe atá frithsheasmhach in aghaidh na haeráide agus úsáid níos dírithe a bhaint as lotnaidicídí agus leasacháin i gcomhair barr, ionchur talmhaíochta a chruthaíonn níos lú truaillithe agus malairtí ionchuir talmhaíochta níos sábháilte, cineálacha barra níos frithsheasmhaí agus níos éifeachtúla i leith cothaitheach agus méadú ar úsáid fuíolluisce chóireáilte le haghaidh uisciú talmhaíochta. Ba cheart dó sin cur le córas bia inbhuanaithe seasmhach de chuid an Aontais a bhaint amach agus truailliú idirleata ó thalmhaíocht agus an gá le hastarraingt talmhaíochta á laghdú ag an am céanna. [Leasú 14]
(2) De bhun Airteagal 191(2), an dara habairt, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol le bunú ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail go bhfuil gníomhaíocht choisctheach le déanamh, go bhfuil damáiste don chomhshaol le cur ina cheart, mar thosaíocht, ag an bhfoinse agus gurb é an truaillitheoir a íocfaidh as.
(2a) Le linn na n-iarrachtaí chun leibhéal ard cosanta don chomhshaol a bhaint amach agus chun an Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach a chur chun feidhme, ba cheart don Aontas éagsúlacht na gcásanna i réigiúin dhifriúla an Aontais, an tionchar ar shlándáil bia, táirgeadh bia agus inacmhainneacht bia, chomh maith le haistí bia sláintiúla inbhuanaithe, a chur san áireamh. [Leasú 15]
(3) An Comhaontú Glas don Eoraip(10) is é sin straitéis an Aontais chun geilleagar ciorclach, glan agus aeráidneodrach a áirithiú, faoi 2050, agus bainistíocht acmhainní á barrfheabhsú agus an truailliú á íoslaghdú. Le Straitéis Ceimiceán an Aontais um an Inbhuanaitheacht(11) agus leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach(12) tugtar aghaidh go sonrach ar ghnéithe den Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaineann leis an truailliú. Ar na beartais chomhlántacha eile atá ábhartha go háirithe, áirítear Straitéis an Aontais um Plaistigh 2018(13), an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip 2021(14), an Straitéis Bhithéagsúlachta(15), an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc(16), Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030(17), Straitéis Dhigiteach an Aontais(18) agus an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí(19).
(3a) Tagann na cuspóirí a bhaineann le ‘stádas maith dobharlach’ agus infhaighteacht uisce a áirithiú salach ar a chéile agus ní minic a dhéantar iarracht iad a bhaint amach ar bhealach réasúnta comhtháiteach. Ba cheart dea-bhainistiú uisce a phríomhshruthú i ngach beartas de chuid an Aontais a bhaineann le hearnálacha a úsáideann uisce. [Leasú 16]
(3b) Leis an Seiceáil Oiriúnachta tugadh faoi deara go raibh comhtháthú níos fearr na gcuspóirí uisce i mbeartas talmhaíochta ag teastáil. Thug CBT nua isteach bearta a rinne próiseas níos inbhuanaithe de bhainistiú uisce. Chun comhleanúnachas níos fearr idir beartas talmhaíochta agus beartas uisce a fháil, ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na deiseanna atá ar fáil in CBT nua agus saincheisteanna uisce a chomhtháthú go hiomlán ina bpleananna straitéiseacha, lena n-áirítear úsáid na gCóras um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS), agus forbairt seirbhísí comhairleoireachta a éascú chun dea-chleachtas a chur chun cinn maidir le bainistiú uisce. [Leasú 17]
(4) Le Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20) leagtar síos creat chun uiscí dromchla intíre, uiscí trasdultacha, uiscí cósta agus screamhuisce a chosaint. Is éard atá i gceist leis an gcreat sin substaintí tosaíochta a shainaithint ina measc siúd lena mbaineann riosca substaintiúil don timpeallacht uisceach, nó tríd an timpeallacht sin, ar leibhéal an Aontais. Le Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(21) leagtar síos caighdeáin cáilíochta comhshaoil (EQS) uile-Aontais le haghaidh na 45 shubstaint tosaíochta a liostaítear in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2000/60/CE agus ocht dtruailleán eile a bhí á rialáil ar leibhéal an Aontais cheana féin sular tugadh Iarscríbhinn X isteach le Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(22). Le Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(23) leagtar caighdeáin cáilíochta uile-Aontais síos le haghaidh níotráití agus substaintí gníomhacha i lotnaidicídí agus critéir maidir le luachanna tairsí náisiúnta a leagan síos le haghaidh truailleáin screamhuisce eile. Leagtar síos freisin leis íosliosta de 12 thruailleán agus a dtáscairí a gceanglaítear ar na Ballstáit cuimhneamh ar luachanna tairsí náisiúnta den sórt sin a leagan síos lena n‑aghaidh. Leagtar na caighdeáin cáilíochta screamhuisce amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE. [Leasú 18]
(4a) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go scoirfear den truailliú trí sceitheadh, astú nó caillteanas substaintí guaiseacha tosaíochta nó go gcuirfear deireadh leis de réir a chéile laistigh d’amlíne iomchuí agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 20 bliain tar éis substaint tosaíochta ar leith a liostú mar shubstaint ghuaiseach i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an amlíne sin gan dochar do chur i bhfeidhm amlínte níos déine in aon reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais. [Leasú 19]
(5) Meastar substaintí lena liostú in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2000/60/CE nó in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE bunaithe ar mheasúnú ar an riosca a bhaineann leo do dhaoine agus don timpeallacht uisceach. Is iad príomh‑chomhpháirteanna an mheasúnaithe sin eolas ar thiúchain na substaintí sa chomhshaol, lena n‑áirítear faisnéis a bhailítear ón bhfaireachán a dhéantar ar an liosta faire, agus ar (éicea)thoscaineolaíocht na substaintí, mar aon lena marthanacht, bithbhailiú, tocsaineacht, soghluaiseacht, carcanaigineacht, só‑ghineachtsó-ghineacht, tocsaineacht maidir le síolrú agus poitéinseal suaite inchríneach. [Leasú 20]
(6) Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar liosta na substaintí tosaíochta in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2000/60/CE i gcomhréir le hAirteagal 16(4) den Treoir sin agus le hAirteagal 8 de Threoir 2008/105/CE, agus ar an liosta substaintí in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE i gcomhréir le hAirteagal 10 den Treoir sin agus chinn sé, i bhfianaise eolas eolaíoch nua, gurb iomchuí na liostaí sin a leasú trí shubstaintí nua a chur leo, EQS nó caighdeáin cáilíochta screamhuisce a leagan síos le haghaidh na substaintí sin a chuirtear leis na liostaí sin den chéad uair, athbhreithniú a dhéanamh ar EQS le haghaidh substaintí áirithe atá ann cheana i gcomhréir leis an dul chun cinn eolaíoch agus EQS maidir le bithra a leagan síos le haghaidh substaintí áirithe atá ann cheana agus substaintí a cuireadh leis an liosta den chéad uair. Shainaithin an Coimisiún freisin cé na substaintí breise is dócha a charnfaidh i ndríodar nó i mbithra, agus shoiléirigh gur cheart faireachán a dhéanamh ar threochtaí na substaintí sin i ndríodar nó i mbithra. Bhí comhairliúchán fairsing le saineolaithe ó sheirbhísí an Choimisiúin, ó na Ballstáit, ó ghrúpaí páirtithe leasmhara agus ón gCoiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte agus Comhshaoil, agus Rioscaí atá ag Teacht chun Cinn (SCHEER) ina thacaíocht leis na hathbhreithnithe ar na liostaí substaintí.
(7) Tá gá le meascán de bhearta, lena ndéantar rialú ag an bhfoinse agus ag deireadh an phíopa araon, chun déileáil go héifeachtach le formhór na dtruailleán ar feadh a saolré, lena n‑áirítearn-áirítear, de réir mar is ábhartha, dearadh ceimiceach, údarú nó formheas, rialú astaíochtaí le linn monaraíochta agus úsáide agus próisis eile, agus láimhseáil dramhaíola. Dá bhrí sin, trí chaighdeáin cháilíochta nua nó níos déine i ndobharlaigh a leagan síos, comhlánaítear reachtaíocht eile de chuid an Aontais agus bíonn na caighdeáin ag teacht leis an reachtaíocht sin, reachtaíocht lena dtugtar aghaidh ar fhadhb an truaillithe nó lena bhféadfaíar cheart di déanamh amhlaidh ag ceann amháin nó níos mó de na céimeanna sin, lena n‑áirítearn-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24), Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25), Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(26), Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27), Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(28), Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(29), Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(30) agus Treoir 91/271/CEE ón gComhairle(31). Chun go bhféadfaidh na Ballstáit na cuspóirí comhshaoil a leagtar síos in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE a bhaint amach ar an mbealach is fearr agus is costéifeachtaí is féidir, ba cheart dóibh a áirithiú, agus a gcláir beart á mbunú acu, go dtabharfar tosaíocht do bhearta rialaithe foinse thar bhearta ceann píopa agus go bhfuil na bearta sin i gcomhréir le reachtaíocht earnálach ábhartha an Aontais maidir le truailliú. Nuair atá baol ann go dteipfidh ar bhearta rialaithe foinse stádas maith na ndobharlach a bhaint amach, ba cheart bearta ceann píopa a chur i bhfeidhm. Ba cheart don Choimisiún treoir a fhorbairt maidir leis na cleachtais is fearr le haghaidh beart rialaithe foinse agus comhlántacht beart ceann píopa. [Leasú 21]
(7a) Tá truailliú uisce mar thoradh go príomha ar ghníomhaíochtaí tionsclaíocha agus talmhaíochta, doirteadh séarachais, agus rith chun srutha uirbeach, lena n-áirítear uisce stoirme. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tosaíocht a thabhairt ina gcuid gníomhaíochtaí do bhearta lena laghdaítear an truailliú ag an bhfoinse, chomh maith lena bhforghníomhú. Chun na críche sin, ba cheart comhleanúnachas a áirithiú idir gach píosa reachtaíochta de chuid an Aontais agus reachtaíochta náisiúnta lena dtugtar aghaidh ar astaíochtaí truailleán ag an bhfoinse chun truailliú a laghdú go leibhéil nach meastar a thuilleadh a bheith díobhálach don tsláinte agus d’éiceachórais nádúrtha. [Leasú 22]
(7b) Chun a áirithiú go mbeidh an reachtaíocht atá beartaithe chun truailliú uisce dromchla agus screamhuisce a chosc cothrom le dáta i ndáil le luas mearathraitheach ceimiceán nua agus ceimiceán atá ag teacht chun cinn, ar ceimiceáin iad a bhfuil sé d’acmhainn acu, mar thruailleáin, a bheith ina gcúis le rioscaí suntasacha do shláinte an duine agus don chomhshaol uisceach, ba cheart sásraí beartais a neartú chun substaintí den sórt sin ar ábhar imní iad atá ag teacht chun cinn a bhrath agus a mheasúnú. Chuige sin, ba cheart cur chuige a cheapadh lena gceadófaí faireachán agus anailís a dhéanamh ar líon breise de shubstaintí nó grúpaí substaintí den sórt sin faoi na liostaí faire le haghaidh uisce dromchla agus screamhuisce. Maidir leis na substaintí nó an ghrúpa substaintí a bheidh le háireamh ar an liosta faire, ba cheart iad a roghnú as measc na substaintí sin lena léirítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil go bhféadfadh riosca substaintiúil a bheith ag baint leo ar leibhéal an Aontais don timpeallacht uisceach, nó tríd an timpeallacht uisceach, agus nach leordhóthanach na sonraí faireacháin lena n-aghaidh. Níor cheart teorainn a chur le líon na substaintí nó na ngrúpaí substaintí sin a bhfuil faireachán agus anailís le déanamh orthu faoi na liostaí faire le haghaidh uisce dromchla agus screamhuisce. [Leasú 23]
(8) Tugtar le fios leis an eolas eolaíoch nua go mbaineann riosca mór le truailleáin éagsúla eile a bhíonn le fáil i ndobharlaigh, i dteannta na dtruailleán a rialáiltear cheana féin.I gcás screamhuisce, sainaithníodh fadhb áirithe tríd an bhfaireachán deonach le haghaidh substaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile (PFAS) agus earraí cógaisíochta. Braitheadh PFAS ag breis agus 70 % de na pointí tomhais screamhuisce san Aontas agus is léir go sáraítear tairseacha náisiúnta atá ann cheana ag líon nach beag áiteanna, agus go mbíonn substaintí cógaisíochta le fáil go forleathan freisin. Ba cheart dá bhrí sin go gcuirfí fo-thacar PFAS áirithe chomh maith le fo-thacar iomlán PFAS leis an liosta de thruailleáin screamhuisce. I gcás uiscí dromchla, tá aigéad sulfónach sárfhluarochtáin agus a dhíorthaigh liostaithe cheana féin mar shubstaintí tosaíochta, ach aithnítear anois go mbaineann riosca le PFAS eile freisin. Ba cheart dá bhrí sin go gcuirfí fo-thacar PFAS áirithe chomh maith le fo-thacar iomlán PFAS leis an liosta substaintí tosaíochta. Chun cur chuige comhchuibhithe agus cothroime iomaíochta a áirithiú san Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE a leasú trí chaighdeán cáilíochta a shocrú d’Iomlán PFAS. Leis an bhfaireachán a dhéantar faoin Liosta faire faoi Airteagal 8b de Threoir 2008/105/CE, deimhníodh freisin riosca ó roinnt substaintí cógaisíochta in uiscí dromchla, substaintí ar cheart iad a chur leis an liosta substaintí tosaíochta dá bhrí sin. [Leasú 24]
(8a) Is í gliofosáit an luibhicíd is minice a úsáidtear laistigh den Aontas le haghaidh úsáid talmhaíochta. Mar shubstaint ghníomhach, is cúis mhór imní í maidir leis an tionchar atá aici ar shláinte an duine agus ar thocsaineacht uisceach. I mí na Nollag 2022, chinn an Coimisiún síneadh sealadach ar an údarú margaíochta gliofosáite a dheonú ar feadh bliain amháin eile, go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia athmheasúnú ar an tsubstaint ghníomhach, a bhfuiltear ag súil leis i mí Iúil 2023. Tugtar le fios i staidéir eolaíocha éagsúla a rinneadh le déanaí(32) , áfach, gur cheart caighdeán cáilíochta comhshaoil (EQS) atá níos ísle ná 0,1 μg/L do gach dobharlach dromchla a mheas bunaithe ar thocsaineacht uisceach luibhicídí gliofosáite, AMPA agus luibhicídí gliofosáit-bhunaithe. I bhfianaise na measúnuithe leanúnacha arna ndéanamh ag rialálaithe inniúla an Aontais agus thorthaí eolaíocha na staidéar ábhartha maidir leis an tionchar a bhíonn ag gliofosáit ar an mbeatha uisceach, agus chun dea-stádas ceimiceach fhormhór uiscí an Aontais a áirithiú, bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim, ba cheart AA-EQS coiteann aontaithe d’uiscí dromchla intíre agus, go leithleach, d'uiscí dromchla eile, a ghlacadh i ndáil le gliofosáit. [Leasú 25]
(8b) Is luibhicíd é Atraisín a úsáidtear le haghaidh fiailí leathanduilleacha bliantúla agus féara bliantúla i ngránaigh. Níl úsáid atraisín i dtáirgí cosanta plandaí údaraithe a thuilleadh laistigh den Aontas de bhun Chinneadh 2004/248/CE ón gCoimisiún(33). Tá sé cruthaithe gur suaiteoir inchríneach é Atraisín, agus fianaise ann go gcuireann sé isteach ar atáirgeadh agus ar fhorbairt, agus go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le hailse. Chinn an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, agus measúnú á dhéanamh aici ar lotnaidicídí i gcoinne tairseacha éifeachta nó cáilíochta idir 2013 agus 2020, gur braitheadh sáruithe lotnaidicídí amháin nó níos mó, sáruithe ar atraisín agus a meitibilítí go príomha, ag idir 4% agus 11% de shuíomhanna monatóireachta screamhuisce. Agus a láithreacht leanúnach in uisce dromchla agus screamhuisce de chuid an Aontais á cur san áireamh agus chun a áirithiú nach sáróidh na luachanna tairsí le haghaidh atraisín an EQS maidir le hiomlán na lotnaidicídí agus na meitibilítí, ba cheart an luach tairsí le haghaidh atraisín in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE a choigeartú, i gcomhréir freisin leis an luach tairsí don tsubstaint chéanna atá leagtha síos i dTreoir (AE) 2020/2184(34). [Leasú 26]
(8c) De réir SCHEER(35) agus EMA(36), bunaíodh sna 1980idí an caighdeán cáilíochta cineálach 0,1 µg/L agus 0,5 µg/L do screamhuisce, a mholtar do lotnaidicídí aonair agus do shuim na lotnaidicídí go léir faoi seach, mar atá sonraithe i dTreoir 2006/118/CE, bunaithe ar an íogaireacht cheimiceach-anailíseach a bhí ar fáil ag an tráth sin. Ní léir go bhruil an luach réamhshocraithe 0,1 μg/L do lotnaidicídí a bheith go leor cosanta do shláinte an duine agus don éiceachóras screamhuisce, agus uaireanta bíonn sé i bhfad níos airde i gcomparáid le luachanna tairsí do go leor lotnaidicídí agus fungaicídí ar an liosta substaintí tosaíochta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Agus tuairim SCHEER nár cheart go mbeadh aon luachanna tairsí screamhuisce níos airde ná EQS d’uisce dromchla á chur san áireamh freisin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na luachanna tairsí do lotnaidicídí aonair agus ar shuim na lotnaidicídí uile, lena n-áirítear a gcuid meitibilítí ábhartha, in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE trí mhodhanna anailíse nua-aimseartha a chur i bhfeidhm agus iad a chur i gcomparáid maidir leis an eolas tocsaineolaíoch is fearr atá ar fáil. Go dtí go ndéanfar an t-athbhreithniú seo, agus i gcomhréir leis an gcur chuige réamhchúraim a chuir soláthraithe uisce óil in iúl sa Mheabhrán Eorpach um Screamhuisce(37), ba cheart luachanna tairsí eatramhacha a bhunú, bunaithe ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil. [Leasú 27]
(8d) Ba cheart Bisfeanól-A a láimhseáil mar shubstaint ghuaiseach tosaíochta agus ba cheart í a chur leis an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Léirítear i dtuarascálacha eolaíocha go bhfuil poitéinseal suaite inchríneach cruthaithe ag bispheanóil seachas bisfheanól-A freisin agus go bhfuil riosca éiceathocsaineolaíoch ag baint le meascáin na mbisfeanól sin. Ós rud é go n-ardaíonn na torthaí eolaíocha sin imní maidir le húsáid shábháilte roghanna malartacha ar dhéfheinóil a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol, ba cheart don Choimisiún paraiméadar ‘Iomlán Bispheanól’ agus EQS iomchuí a bhunú le haghaidh iomlán na substaintí bispheanól. [Leasú 28]
(8e) De réir na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA)(38), tá éagsúlacht bhunúsach ag baint le héiceachórais screamhuisce agus mar sin is féidir leo a bheith níos leochailí i leith strusóirí ná éiceachórais uisce dromchla mar níl an cumas acu teacht chucu féin tar éis suaití. Dá bhrí sin, ba cheart cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm agus luachanna tairsí screamhuisce á socrú chun sláinte an duine, éiceachórais screamhuisce agus éiceachórais a bhraitheann ar screamhuisce a chosaint. I gcomhréir le comhairle ón EMA, mar thoradh ar an leochaileacht seo, ba cheart go mbeadh na luachanna tairsí is infheidhme maidir le screamhuisce 10 n-oiread níos ísle de ghnáth ná na luachanna tairsí comhfhreagracha d'uiscí dromchla. Mar sin féin, i gcás inar féidir an riosca iarbhír do na héiceachórais screamhuisce a bhunú, d'fhéadfadh sé a bheith iomchuí luachanna tairsí a shocrú do screamhuisce ar leibhéal difriúil. [Leasú 29]
(9) Le Treoir 2000/60/CE, ceanglaítear ar na Ballstáit dobharlaigh a shainaithint ar dobharlaigh iad a úsáidtear chun uisce a asbhaint atá beartaithe lena thomhailt ag an duine, faireachán a dhéanamh orthu, agus na bearta is gá a dhéanamh chun meath ar a gcáilíocht a sheachaint agus laghdú a dhéanamh ar an leibhéal cóireála íonghlanta is gá chun uisce atá oiriúnach lena thomhailt ag an duine a tháirgeadh. Sa chomhthéacs sin, sainaithníodh micreaphlaistigh mar riosca féideartha do shláinte an duine, ach tá gá le tuilleadh sonraí faireacháin chun a dheimhniú gur gá caighdeán cáilíochta comhshaoil a leagan síos le haghaidh micreaphlaistigh in uiscí dromchla agus screamhuisce. Ba cheart micreaphlaistigh a áireamh dá bhrí sin sna liostaí faire uisce dromchla agus screamhuisce agus ba cheart faireachán a dhéanamh orthu a luaithe a bheidh modhanna faireacháin oiriúnacha sainaitheanta ag an gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart na modheolaíochtaí a chur san áireamh chun faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí ó mhicreaphlaistigh in uisce óil, modheolaíochtaí a forbraíodh faoi Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(39).
(9a) De bhun dhlí infheidhme an Aontais, tá sé mar oibleagáid ag na Ballstáit uiscí truaillithe agus uiscí atá i mbaol a shainaithint, limistéir leochaileacha ó thaobh níotráite de a shannadh, cláir ghníomhaíochta a fhorbairt agus bearta ábhartha a chur chun feidhme. I ndáil leis sin, tá gá fós ann le comhchuibhiú na mbeart rialaithe agus na gcóras tomhais cáilíochta uisce idir na Ballstáit a fheabhsú, ionas go lamháiltear do chaighdeáin chomhchuibhithe ar fud an Aontais a chumasaíonn inchomparáideacht idir na Ballstáit, rud a sheachnaíonn, dá bhrí sin, fadhbanna iomaíochta san earnáil talmhaíochta Eorpach, ar fadhbanna iad a chuireann isteach ar an margadh inmheánach. [Leasú 30]
(10) Meastar in 2019, go raibh idir 900 000 agus 1,7 milliún bás ar fud an domhain inchurtha i leith ionfhabhtuithe frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh (AMR)(40). Ag an am céanna, cuireadh imní in iúl faoin riosca a bhaineann le forbairt na frithsheasmheastachta frithmhiocróbaí de dheasca microrgánaigh frithsheasmheastachta frithmhiocróbaí agus géinte frithsheasmheastachta frithmhiocróbaí a bheith i láthair sa timpeallacht uisceach, ach is beag faireachán atá déanta go dtí seo. Ba cheart géinte frithsheasmheastachta frithmhiocróbaí ábhartha a áireamh freisin sna liostaí faire uisce dromchla agus screamhuisce agus ba cheart faireachán a dhéanamh orthu a luaithe a bheidh modhanna faireacháin oiriúnacha forbartha. Tá sé sin i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha, a ghlac an Coimisiún i mí an Mheithimh 2017, agus leis an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip, lena dtugtar aghaidh ar an ábhar imní sin freisin. [Leasú 31]
(10a) Déanann Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1729 ón gCoimisiún lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/652/AE1 an creat a leagan síos chun sonraí inchomparáide iontaofa maidir le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach san Aontas Eorpach a fháil, lena n-áirítear trí fhaireachán a dhéanamh ar fhuíolluisce ó sheamlais mar iomprán féideartha do bhaictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach, agus dá bhrí sin, mar mhodh féideartha éillithe don chomhshaol. Aimsíodh baictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach in uisce a sceitheadh ó sheamlais. [Leasú 32]
(10b) Léiríodh imní faoin riosca a bhaineann le sulfáití agus xantáití sa chomhshaol uisceach. Ní hamháin go gcuireann sulfáití isteach ar cháilíocht an uisce óil, bíonn tionchar acu freisin ar thimthriallta ábhar carbóin, nítrigine agus fosfair. I measc nithe eile, méadaítear leis seo na hualaí cothaitheach i ndobharlaigh agus mar sin fás plandaí agus algaí agus méadaítear leis an soláthar bia d’orgánaigh uisceacha agus laghdaítear ocsaigin san uisce dá bharr. Is féidir le sulfáití agus a gcuid táirgí díghrádaithe, go háirithe suilfíd, faoi choinníollacha áirithe, éifeacht tocsaineach a bheith acu ar an saol uisceach. Léiríonn torthaí tástála caighdeánacha go bhfuil roinnt xantáití agus a dtáirgí díghrádaithe tocsaineach d'inveirteabraigh uisceacha agus do speicis éisc agus go bhféadfadh siad bithcharnú. Tá sulfáití liostaithe cheana féin mar thruailleán do screamhuisce, ach níor leor an faireachán a rinneadh. Mar sin ba cheart sulfáití a áireamh ar na liostaí faire uisce dromchla agus screamhuisce. Ba cheart xantáití a áireamh ar na liostaí faire uisce dromchla agus screamhuisce. [Leasú 33]
(10c) Is bagairtí follasacha iad substaintí amhail micreaphlaistigh ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcomhshaol, ach is bagairtí iad ar ghníomhaíochtaí bunúsacha freisin ar nós fhorbairt na talmhaíochta. Maidir le bheith i láthair substaintí den sort sin agus cáithníní eile a bheith i láthair, is féidir impleachtaí a bheith acu ní hamháin ar an uisce a fhaigheann beostoc agus bairr, ach ar thorthúlacht na hithreach freisin, rud a chuireann, dá bhrí sin, folláine agus dea-fhorbairt na mbarr atá ann cheana agus na mbarr a bheidh ann amach anseo i mbaol(41). [Leasú 34]
(11) Go ginearálta, ní féidir leis na modhanna faireacháin reatha agus traidisiúnta maidir le stádas ceimiceach dobharlach an tionchar a bhíonn ag meascáin chasta ceimiceán ar cháilíocht an uisce a chinneadh. I bhfianaise feasacht a bheith ag dul i méid ar ábharthacht na meascán agus dá bhrí sin an ar ábharthacht an fhaireacháin éifeachtbhunaithe chun stádas ceimiceach a chinneadh, agus i bhfianaise gurb ann cheana féin do mhodhanna faireacháin éifeachtbhunaithe atá sách láidir le haghaidh substaintí éastraigineacha, ba cheart do na Ballstáit na modhanna sin a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí carnacha na substaintí éastraigineacha in uiscí dromchla ar feadh tréimhse 2 bhliain ar a laghad. Fágfaidh sé sin go mbeifear in ann comparáid a dhéanamh idir na torthaí éifeachtbhunaithe, agus na torthaí a gheofar agus na modhanna traidisiúnta á n‑úsáidn-úsáid, chun faireachán a dhéanamh ar na trí shubstaint éastraigineacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. ÚsáidfearBa cheart an chomparáid sin chun measúnú a dhéanamh ara chur san áireamh i dtuarascáil mheastóireachta arna foilsiú ag an gCoimisiún ina measfadh sé cé acu an seachadann nó nach sheacadann modhanna faireacháin bunaithe ar éifeacht sonraí beachta agus stóinsithe agus cé acu a fhéadfar nó nach bhféadfar modhanna faireacháin éifeachtbhunaitheiad a úsáid mar mhodhanna scagtha iontaofa. Bheadh sé de bhuntáiste leis na modhanna scagtha sin a úsáid go mbeifí in ann éifeachtaí na substaintí éastraigineacha uile ag a bhfuil éifeachtaí comhchosúla a chumhdach, seachas iad sin amháin a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun Treoir 2008/105/CE a fhorlíonadh chun rialacha mionsonracha a leagan amach do na Ballstáit chun úsáid a bhaint as modhanna éifeachtbhunaithe chun faireachán a dhéanamh chun a mheas an bhfuil substaintí eile i ndobharlaigh freisin, in oirchill go bhféadfaí truicearuachanna éifeachtbhunaithe a shocrú amach anseo. Ba cheart an sainmhíniú ar EQS i dTreoir 2000/60/CE a mhodhnú chun a áirithiú go bhféadfar a chumhdach leis, amach anseo, luachanna truicir a d’fhéadfaí a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí faireacháin éifeachtbhunaithe. [Leasú 35]
(11a) Ba cheart luachanna tairsí níos déine a bhunú i gcás ina bhféadfadh sé, mar thoradh ar chaighdeáin cháilíochta screamhuisce, nach mbainfí amach cuspóirí comhshaoil Threoir 2000/60/CE maidir le dobharlaigh ghaolmhara, mar a cheanglaítear faoi Threoir 2006/118/CE. Ba cheart an ceanglas sin faoi Threoir 2006/118/CE a leathnú tuilleadh chun cosaint níos fearr a thabhairt do láithreáin leochaileacha ar thruailliú. [Leasú 36]
(12) Leis an meastóireacht a rinneadh ar reachtaíocht uisce an AontaisAontais(42) (an ‘mheastóireacht’) thángthas ar an gconclúid go bhféadfaí dlús a chur leis an bpróiseas chun truailleáin a shainaithint agus a liostú ar truailleáin iad lena ndéantar difear d’uisce dromchla agus screamhuisce agus caighdeáin cháilíochta a leagan síos nó a athbhreithniú lena n‑aghaidhn-aghaidh i bhfianaise eolas eolaíoch nua. Dá mbeadh na cúraimí sin le déanamh ag an gCoimisiúnbhrí sin, seachas faoi chuimsiú na ngnáthnósanna imeachta reachtacha dá bhforáiltear faoi láthair in Airteagail 16 agus 17 de Threoir 2000/60/CEaon athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE maidir leis an liosta substaintí tosaíochta agus an EQS comhfhreagrach atá leagtha amach i gCuid A den Iarscríbhinn sin agus in Airteagal 10 de ThreoirIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE, d’fhéadfaíba cheart feabhas a chur ar fheidhmiú na sásraí liosta faire uisce dromchla agus screamhuisce, go háirithe i dtéarmaí liostú, faireachán agus measúnú torthaí a uainiú agus a sheicheamhú, d’fhéadfaíba cheart na naisc idir an sásra liosta faire agus na hathbhreithnithe ar na liostaí truailleán a láidriú, agus trí bhíthin athruithe arba cheart an tréimhse athbhreithnithe do na liostaí truailleán, d’fhéadfaí a choigeartú chun an dul chun cinn eolaíoch a chur san áireamh ar bhealach níos gasta. Dá bhrí sin, agus i bhfianaise gur gá na liostaí truailleán agus EQS a ghabhann leo a leasú go pras i bhfianaise eolas eolaíoch agus teicniúil nua, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE a leasú a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí tosaíochta agus le EQS comhfhreagrach a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn sin agus chun Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE a leasú a mhéid a bhaineann leis an liosta truailleán screamhuisce agus leis na caighdeáin cáilíochta screamhuisce a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Sa chomhthéacs seo, ba cheart don Choimisiún torthaí an fhaireacháin ar shubstaintí atá ar na liostaí faire uisce dromchla agus screamhuisce a chur san áireamh. Mar iarmhairt air sin, ba cheart AirteagailAirteagal 16 agus Airteagal 17 de Threoir 2000/60/CE agus Iarscríbhinn X a ghabhann leis an Treoir sin, mar aon le hAirteagal 10 de Threoir 2006/118/CE, a scriosadh, agus cothabháil á déanamh ar an oibleagáid atá ann bearta a dhéanamh a bhfuil sé mar aidhm leo deireadh a chur le sceitheadh, astaíochtaí agus caillteanas substaintí guaiseacha tosaíochta nó deireadh a chur leo de réir a chéile. [Leasú 37]
(12a) Ar an iomlán, léirítear i dtorthaí na seiceála Oiriúnachta go bhfuil na Treoracha oiriúnach don fheidhm go forleathan, le deis i gcomhair feabhais, lena n-áirítear dlús a chur le cur chun feidhme beacht na gcuspóirí a bhaineann leo, rud a d’fhéadfaí a bhaint amach le tuilleadh cistithe ón Aontas. Léirítear sa mheasúnú go raibh na Treoracha ina gcúis le leibhéal níos airde cosanta dobharlach agus bainistíochta riosca i gcás tuilte go ginearálta go dtí seo. [Leasú 38]
(13) Leis an meastóireacht, thángthas ar an gconclúid freisin go bhfuil an iomarca éagsúlachta idir na Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin cháilíochta agus na luachanna tairsí a leagtar síos ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha agus truailleáin screamhuisce faoi seach. Go dtí seo, truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha agus nach sainaithnítear mar shubstaintí tosaíochta faoi Threoir 2000/60/CE, bhí siad faoi réir EQS náisiúnta agus comhaireadh iad mar eilimintí cáilíochta fisiciceimicí a thacaíonn leis an measúnú ar stádas éiceolaíoch in uiscí dromchla. I gcás screamhuiscí, bhí na Ballstáit in ann a luachanna tairsí féin a leagan síos freisin, fiú le haghaidh substaintí sintéiseacha de dhéantús an duine. D’eascair torthaí fo‑optamacha as an tsolúbthacht sin i dtéarmaí inchomparáideacht stádas na ndobharlach idir na Ballstáit, agus i dtéarmaí cosanta comhshaoil. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir le nós imeachta lena gceadaítear comhaontú ar leibhéal an Aontais maidir le EQS agus luachanna tairsí atá le cur i bhfeidhm le haghaidh na substaintí sin más rud é go sainaithnítear iad mar shubstaintí ar ábhar imní náisiúnta iad agus chun stórtha a bhunú de EQS is infheidhme agus de luachanna tairsí.
(13a) Ba cheart aon chinneadh maidir le roghnaithe, athbhreithniú substaintí agus leagan síos EQS a bheith bunaithe ar mheasúnú riosca agus cur chuige comhréireach, trédhearcach agus atá bunaithe ar eolaíocht a leanúint, agus moltaí ó Pharlaimint na hEorpa, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara ábhartha, a chur san áireamh. [Leasú 39]
(13b) Cé gur socraíodh le Treoir 2000/60/CE na rialacha is gá chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le cainníocht agus cáilíocht uisce, léiríodh sa tástáil Oiriúnachta gur féidir an dul chun cinn mall atá déanta maidir le cuspóirí na Treorach seo a bhaint amach, a chur i leith, i measc nithe eile, easpa acmhainní airgeadais leordhóthanacha chomh maith le castacht rialaitheach agus éiceolaíoch, lena n-áirítear agaí moille féideartha maidir le freagairt an screamhuisce do na bearta agus maidir le hamlínte tuairiscithe. Cuireann bearta a fheabhsaíonn stádas dobharlach trí athchóiriú aibhneacha agus trí sheirbhísí éiceachórais buntáistí airgeadais ar fáil atá níos mó ná na costais agus d’fhéadfaidís caiteachas neamhriachtanach a laghdú do na Ballstáit. Thairis sin, léirítear sa mheasúnú easpa cur chun feidhme, raon feidhme neamhleordhóthanach, agus bearta athchóirithe neamhleordhóthanacha nó neamhimleora lena n-áirithítear nascacht hidreolaíoch agus éiceolaíoch(43). [Leasú 40]
(14) Thairis sin, le truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a chomhtháthú sa sainmhíniú ar stádas ceimiceach in uiscí dromchla, áirithítear cur chuige níos comhordaithe, níos comhleanúnaí agus níos trédhearcaí i dtéarmaí faireachán agus measúnú a dhéanamh ar stádas ceimiceach dobharlach dromchla agus ar fhaisnéis ghaolmhar don phobal. Éascaítear cur chuige níos spriocdhírithe leis freisin i leith bearta a shainaithint agus a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar gach fadhb ‘a bhaineann le ceimiceáin’ ar bhealach níos iomlánaíche, níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Dá bhrí sin, ba cheart na sainmhínithe ar ‘stádas éiceolaíoch’ agus ‘stádas ceimiceach’ a mhodhnú agus raon feidhme ‘stádais cheimicigh’ a leathnú chun go gcumhdófar na truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha freisin, a bhí ina chuid roimhe seo den sainmhíniú ar ‘stádas éiceolaíoch’ faoi Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE. Dá thoradh sin, ba cheart coincheap EQS le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha agus nósanna imeachta gaolmhara a áireamh i dTreoir 2008/105/CE.
(15) Chun cur chuige comhchuibhithe agus cothroime iomaíochta a áirithiú san Aontas, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Cuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE a leasú tríd an liosta truailleán a oiriúnú, truailleáin nach mór do na Ballstáit cuimhneamh ar luachanna tairsí náisiúnta a leagan síos lena n‑aghaidhn-aghaidh. [Leasú 41]
(16) I bhfianaise gur gá oiriúnú go gasta don eolas eolaíoch agus teicniúil agus cur chuige comhchuibhithe agus cothroime iomaíochta a áirithiú san Aontas i leith truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/105/CE a leasú maidir le liosta na gcatagóirí truailleán a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn sin agus chun Cuid C d’Iarscríbhinn II a oiriúnú a mhéid a bhaineann le EQS comhchuibhithe le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha nó le haghaidh grúpaí díobh. Ba cheart do na Ballstáit na EQSanna comhchuibhithe sin a chur i bhfeidhm agus measúnú á dhéanamh acu ar stádas na ndobharlach dromchla dá gcuid i gcás ina sainaithnítear riosca ó na truailleáin sin.
(17) Leis an athbhreithniú ar liosta na substaintí tosaíochta i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE, thángthas ar an gconclúid nach ábhar imní ar fud an Aontais a thuilleadh iad substaintí tosaíochta éagsúla agus dá bhrí sin nár cheart iad a áireamh a thuilleadh i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin. Ba cheart na substaintí sin a mheas mar thruailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha dá bhrí sin agus iad a áireamh i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2008/105/CE in éineacht le EQS comhfhreagrach. I bhfianaise nach meastar gur ábhar imní ar fud an Aontais a thuilleadh iad na truailleáin sin, ní gá EQS a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhféadfadh na truailleáin sin a bheith ina n‑ábhar imní áitiúil nó réigiúnach nó náisiúnta fós.
(18) Chun cothroime iomaíochta a áirithiú agus chun go mbeifear in ann stádas dobharlach a chur i gcomparáid idir na Ballstáit, is gá luachanna tairsí náisiúnta a chomhchuibhiú le haghaidh roinnt truailleáin screamhuisce. Dá bhrí sin, ba cheart stór de luachanna tairsí comhchuibhithe le haghaidh truailleáin screamhuisce ar ábhar imní áitiúil nó réigiúnach nó náisiúnta iad a thabhairt isteach mar Chuid D nua in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE. Ní gá na tairseacha comhchuibhithe a leagtar amach sa stór sin a chur i bhfeidhm ach amháin sna Ballstáit sin ina ndéanann na truailleáin atá faoi réir na dtairseacha sin difear don stádas screamhuisce. I gcás shuim an dá thruailleán shintéiseacha, tríchlóireitiléin agus teitreaclóireitiléin, is gá na luachanna tairsí náisiúnta a chomhchuibhiú ós rud é nach gcuireann na Ballstáit uile ina bhfuil na truailleáin ábhartha luach tairsí i bhfeidhm le haghaidh shuim na dtruailleán sin agus nach ionann na luachanna tairsí náisiúnta uile a leagtar síos. Ba cheart an luach tairsí comhchuibhithe a bheith comhsheasmhach leis an luach paraiméadrach a leagtar síos i gcás shuim na dtruailleán sin san uisce óil faoi Threoir (AE) 2020/2184.
(19) Chun cur chuige comhchuibhithe agus cothroime iomaíochta a áirithiú san Aontas, ba cheart an chumhacht le gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Cuid D d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE a leasú chun stór na luachanna tairsí comhchuibhithe a oiriúnú, a mhéid a bhaineann leis na truailleáin a áirítear agus leis na luachanna tairsí comhchuibhithe, don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
(20) Ba cheart forálacha uile Threoir 2006/118/CE a bhaineann leis an measúnú ar stádas ceimiceach screamhuisce a oiriúnú don tríú catagóir de luachanna tairsí comhchuibhithe a thugtar isteach i gCuid D d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin, i dteannta na gcaighdeán cáilíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus do na luachanna tairsí náisiúnta a leagtar amach i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin.
(20a) Chun foráil a dhéanamh do chaighdeáin chosanta leordhóthanacha do limistéir ardluacha éiceolaíochta, leochaileachta nó truaillithe, amhail uaimheanna agus limistéir charstacha, ina bhfuil éiceachórais atá i measc iad siúd is leochailí i leith éillithe agus atá ina soláthairtí uisce óil tábhachtacha, chomh maith le haghaidh iar-láithreáin thionsclaíocha agus limistéir eile a bhfuil éilliú stairiúil aitheanta orthu, ba cheart don Choimisiún measúnú ar stádas ceimiceach na limistéar sin a fhoilsiú agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar Theoir 2006/118/CE. [Leasú 42]
(21) Chun an chinnteoireacht éifeachtach agus chomhleanúnach a áirithiú agus sineirgí a fhorbairt leis an obair a dhéantar faoi chuimsiú reachtaíocht eile an Aontais maidir le ceimiceáin, ba cheart ról a bheidh buan agus teorannaithe go soiléir a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘ECHA’) maidir le tosaíocht a thabhairt do shubstaintí a bheidh le háireamh ar na liostaí faire agus ar na liostaí substaintí in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2008/105/CE agus in Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE, agus maidir le caighdeáin cháilíochta iomchuí a dhíorthú a bheidh bunaithe ar an eolaíocht. An Coiste um Measúnú Riosca (RAC) agus an Coiste um Anailís Shocheacnamaíoch (SEAC) de chuid ECHA, ba cheart dóibh cur i gcrích cúraimí áirithe a thugtar do ECHA a éascú trí thuairimí a thabhairt. Ba cheart do ECHA comhordú níos fearr a áirithiú freisin idir píosaí éagsúla den dlí comhshaoil trí thrédhearcacht mhéadaithe a mhéid a bhaineann le truailleáin atá ar liosta faire nó trí EQS nó tairseacha náisiúnta nó uile-Aontais a fhorbairt, trí thuarascálacha eolaíocha ábhartha a chur ar fáil go poiblípoiblí. Maidir le luachanna tairsí do shubstaintí cógaisíochta a mheasúnú, ba cheart don ECHA comhoibriú leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach ('EMA'). [Leasú 43]
(22) Thángthas ar an gconclúid leis an meastóireacht gur gá tuairisciú leictreonach a dhéanamh níos minice agus agus ar bhealach níos cuíchóirithe chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos fearr i leith reachtaíocht uisce an Aontais a chothú. I bhfianaise an róil atá ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) chun faireachán a dhéanamh níos tráthrialta freisin ar staid an truaillithe mar a thuairiscítear sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach, ba cheart don Ghníomhaireacht tuairisciú níos minice agus níos cuíchóirithe den sórt sin a dhéanfaidh na Ballstáit a éascú. Tá sé tábhachtach go gcuirfear faisnéis chomhshaoil faoi stádas uisce dromchla agus screamhuisce an Aontais ar fáil don phobal agus don Choimisiún go tráthúil. Ba cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit dá bhrí sin na sonraí faireacháin a bhailítear faoi chuimsiú Threoir 2000/60/CE a chur ar fáil don Choimisiún agus do EEA, agus úsáid á baint as na sásraí um thuairisciú uathoibrithe agus um sheachadadh sonraí uathoibrithe trí Chomhéadan Ríomhchláraithe Feidhmchlár nó sásraí coibhéiseacha a úsáid. Tá coinne leis go mbeidh an t‑ualach riaracháin teoranta sa mhéid go gceanglaítear ar na Ballstáit cheana féin téamaí sonraí spásúla a chur ar fáil go poiblí laistigh de raon feidhme Threoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(44) agus faoi Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chomh maith(45). Áirítear ar na téamaí sonraí spásúla sin suíomh agus oibriú saoráidí faireacháin chomhshaoil, tomhais ghaolmhara astaíochtaí agus staid na meán comhshaoil.
(23) Le sreabha sonraí a thuairiscítear do EEA faoi reachtaíocht uisce an Aontais agus, go háirithe na fardail astaíochtaí a cheanglaítear le Treoir 2008/105/CE a chomhtháthú ar bhealach níos fearr, leis na sreabha sonraí a thuairiscítear don Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha faoi Threoir 2010/75/AE agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(46), fágfar go mbeidh an tuairisciú fardail i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2008/105/CE níos simplí agus níos éifeachtúla. An tráth céanna, laghdófar leis an t‑ualach riaracháin agus an buaic‑ualach oibre in ullmhúcháin na bpleananna bainistíochta abhantraí. In éineacht le díothú an tuairiscithe eatramhaigh ar dhul chun cinn na gclár beart, rud nach raibh éifeachtach, leis an tuairisciú simplithe sin, cuirfear ar a gcumas do na Ballstáit iarracht níos mó a dhéanamh i dtaobh an tuairiscithe astaíochtaí nach gcumhdaítear leis an reachtaíocht maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha ach a chumhdaítear leis an tuairisciú astaíochtaí faoi Airteagal 5 de Threoir 2008/105/CE. [Leasú 44]
(24) Le Conradh Liospóin, tugadh idirdhealú isteach idir cumhachtaí arna dtarmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe i ngníomh reachtach (gníomhartha tarmligthe) a fhorlíonadh nó a leasú, agus na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún gníomhartha a ghlacadh chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le gníomhartha de chuid an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí de (gníomhartha cur chun feidhme) a chur chun feidhme. Ba cheart Treoir 2000/60/CE agus Treoir 2006/118/CE a ailíniú leis an gcreat dlíthiúil a thugtar isteach le Conradh Liospóin.
(25) Na cumhachtuithe in Airteagal 20(1), an chéad fhomhír, de Threoir 2000/60/CE agus i bpointe 1.4.1(ix) d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin lena ndéantar foráil maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a úsáid, comhlíontar leis na cumhachtuithe sin na critéir in Airteagal 290(1) CFAE, ós rud é go mbaineann siad le hoiriúnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin agus le glacadh na rialacha lena bhforlíontar an Treoir. Ba cheart iad a thiontú ina gcumhachtuithe dá bhrí sin le haghaidh an Choimisiúin chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
(26) An cumhachtú in Airteagal 8 de Threoir 2006/118/CE lena ndéantar foráil maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a úsáid, comhlíontar leis an gcumhachtú sin na critéir in Airteagal 290(1) CFAE, ós rud é go mbaineann sé le hoiriúnuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir sin. Ba cheart é a thiontú ina chumhachtú dá bhrí sin don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
(27) Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú, le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag na saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(28) An cumhachtú in Airteagal 8(3) de Threoir 2000/60/CE lena ndéantar foráil maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a úsáid, comhlíontar leis an gcumhachtú sin na critéir in Airteagal 290(2) CFAE, ós rud é go mbaineann sé le glacadh na sonraíochtaí teicniúla agus na modhanna caighdeánaithe chun anailís agus faireachán a dhéanamh ar stádas uisce agus gurb é is aidhm dó dá bhrí sin coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le cur chun feidhme comhchuibhithe na Treorach sin. Ba cheart é a thiontú ina chumhachtú dá bhrí sin don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh. Chun inchomparáideacht na sonraí a áirithiú, ba cheart síneadh a chur leis an gcumhachtú freisin chun leagan síos formáidí a áireamh, ar formáidí iad a úsáidfear chun sonraí faireacháin agus stádais a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 8(4). Na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(47).
(29) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2000/60/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáidí teicniúla a ghlacadh chun sonraí faireacháin agus stádais uisce a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Threoir 2000/60/CE. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
(30) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Treoir 2008/105/CE a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun formáidí caighdeánaithe a ghlacadh maidir le hastaíochtaí poncfhoinse a thuairisciú do EEA nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(48). Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
(31) Is gá dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil chomh maith leis na modhanna is fearr atá ar fáil i réimse an fhaireacháin ar stádas na ndobharlach a chur san áireamh i gcomhréir leis na ceanglais faireacháin a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE. Dá bhrí sin, ba cheart a cheadú do na Ballstáit sonraí agus seirbhísí a úsáid ó theicneolaíochtaí cianbhraiteachta, faire na cruinne (seirbhísí Copernicus), braiteoirí agus feistí in‑situin-situ, nó sonraí eolaíochta saoránach, lena ndéantar na deiseanna a thagann leis an intleacht shaorga, anailís agus próiseáil ardleibhéil sonraí a ghiaráil. [Leasú 45]
(31a) D’fhéadfadh gníomhaíochtaí tionsclaíocha a bhaineann leis an aistriú fuinnimh tionchar diúltach ar cháilíocht an uisce a mhéadú. Chun a leithéid de thionchair sa todhchaí a mhaolú, amhail athruithe ar phatrúin sreafa nádúrtha agus ar theocht, agus truailliú uisce, ní mór measúnú a dhéanamh ar raon iomlán na bhfachtóirí féideartha chomh maith le bearta a ghlacadh chun dea-cháilíocht uisce a bhaint amach agus a chothabháil. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit meastóireacht rialta a dhéanamh ar an tionchar ar cháilíocht uisce na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha a bhaineann leis an aistriú fuinnimh agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi bhagairtí nua-aitheanta d’fhonn an liosta faire a nuashonrú dá réir. Ba cheart go mbeadh an mheastóireacht inrochtana go héasca don phobal agus ba cheart go gceadófaí don nuashonrú tarlú lasmuigh de na timthriallta uasdátaithe ginearálta, chun feabhsú leanúnach ar mheasúnú ar cháilíocht an uisce a áirithiú. [Leasú 46]
(31b) Ina theachtaireacht an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus ina theachtaireacht an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le feabhas a chur ar rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil, gheall an Coimisiún gníomhaíocht a dhéanamh chun rochtain ar cheartas os comhair cúirteanna náisiúnta i ngach Ballstát a fheabhsú do shaoránaigh agus d’eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha a bhfuil ábhair shonracha imní acu faoi chomhoiriúnacht gníomhartha riaracháin a bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol le dlí an chomhshaoil. Sa teachtaireacht dheireanach sin, dearbhaíonn an Coimisiún gur ‘beart tacaíochta tábhachtach í rochtain ar cheartas in ábhair chomhshaoil, trí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) agus trí chúirteanna náisiúnta mar chúirteanna an Aontais, chun cuidiú le haistriú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus chun an ról is féidir leis an tsochaí shibhialta a imirt mar foras faire sa spás daonlathach a neartú’. Ba cheart na gealltanais sin a chur chun feidhme freisin faoi Threoir 2000/60 CE. [Leasú 47]
(31c) Mar a dheimhnítear le cásdlí CBAE(49), ba cheart seasamh dlíthiúil a thabhairt d’eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha agus do dhaoine aonair lena mbaineann go díreach chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinnidh, arna ghlacadh ag údarás poiblí, ar cinneadh é atá ag sárú na gcuspóirí comhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE. Chun rochtain ar cheartas a fheabhsú sna hábhair lena mbaineann os comhair cúirteanna náisiúnta san Aontas agus chun go mbeidh na heagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil agus na daoine aonair lena mbaineann go díreach in ann brath ar dhlíthe náisiúnta agus agóid á déanamh acu i gcoinne cinntí a sháraíonn Treoir 2000/60 CE, ba cheart forálacha a bhunú i dTreoir 2000/60 CE chun rochtain ar cheartas a áirithiú. [Leasú 48]
(32) I bhfianaise na méaduithe ar imeachtaí aimsire nach féidir a thuar, go háirithe tuilte foircneacha agus tréimhsí triomaigh fada, agus ar theagmhais truaillithe móra as a n‑eascraíonnn-eascraíonn truailliú trasteorann de thimpiste nó ina gcuirtear an truailliú sin in olcas, ba cheart é a chur de cheangal ar na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar faisnéis láithreach maidir le teagmhais den sórt sin do Bhallstáit eile dá bhféadfaí difear a dhéanamh agus dul i gcomhar go héifeachtach le Ballstáit dá bhféadfaí difear a dhéanamh chun éifeachtaí na himeachta nó an teagmhais a mhaolú. Is gá freisin an comhar idir na Ballstáit a threisiú agus nósanna imeachta maidir le comhar trasteorann a chuíchóiriú i gcás fadhbanna níos struchtúraí, i.e. fadhbanna trasteorann níos fadtéarmaí nach de dheasca timpiste iad agus nach féidir a réiteach ar leibhéal na mBallstát, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir 2000/60/CE. I gcás ina bhfuil gá le cúnamh Eorpach, féadfaidh údaráis inniúla iarrataí ar chúnamh a sheoladh chuig Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Choimisiúin, a chomhordóidh tairiscintí cúnaimh féideartha agus úsáid na dtairiscintí sin trí Shásra Aontais um Chosaint Shibhialta, i gcomhréir le hAirteagal 15 de Chinneadh 1313/20131313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(50). Ós rud é gur féidir le ceantair abhantraí síneadh thar chríoch an Aontais freisin, rannchuideofaí freisin leis na cuspóirí mar a leagtar amach i dTreoir 2000/60/CE do na ceantair shonracha abhantraí sin, dá dtagraítear in Airteagal 3(5) de Threoir 2000/60/CE, na forálacha ábhartha maidir le cosaint uisce faoi Threoir 2000/60/CE a chur chun feidhme go héifeachtach chomh maith le comhordú iomchuí leis na Stáit ábhartha nach Ballstáit iad. Ina theannta sin, ba cheart coinbhleachtaí armtha a tharlaíonn i ndlúthghaireacht gheografach don Aontas a mheas freisin mar imeachtaí eisceachtúla mar gheall ar a dtionchar fairsing trasteorann ar an gcomhshaol, lena n-áirítear truailliú aeir, ithreach agus uisce. Ós rud é go bhféadfadh na habhantracha a mbeadh tionchar ag coinbhleachtaí den sórt sin orthu a shíneadh isteach laistigh de theorainneacha an Aontais, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a n-iarrachtaí a mhéadú chun comhordú iomchuí a bhunú leis na stáit ábhartha nach Ballstáit iad dá dtagraítear in Airteagal 3(5) de Threoir 2000/60/CE. [Leasú 49]
(32a) I dtuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 dar teideal 'The Polluter Pays Principle: Inconsistent application across EU environmental policies and actions’ [An Prionsabal gurb é Udar an Truaillithe a Íocfaidh as: Cur i bhfeidhm neamhréireach i mbeartais agus gníomhaíochtaí comhshaoil an Aontais Eorpaigh] tugann sí dá haire go gcaitheann na Ballstáit thart ar EUR 100 billiún in aghaidh na bliana ar sholáthar uisce agus ar shláintíocht cheana féin agus go meastar go mbeidh méaduithe ar an gcaiteachas sin os cionn 25 % chun cuspóirí reachtaíocht an Aontais maidir le cóireáil fuíolluisce agus uisce óil a bhaint amach, agus nach bhfuil infheistíochtaí san áireamh a theastaíonn chun an bonneagar atá ann cheana a athnuachan nó chun cuspóirí na Treorach Réime Uisce agus na Treorach maidir le Tuilte a bhaint amach. Ina theannta sin, san Aontas, íocann úsáideoirí ar an meán thart ar 70 % den chostas a bhaineann le seirbhísí uisce a sholáthar, trí tharaifí uisce, agus maoinítear an 30 % eile le hairgead poiblí, cé go bhfuil difríochtaí suntasacha idir na réigiúin agus na Ballstáit. Is gnách go sheasann teaghlaigh an Aontais an chuid is mó de na costais don soláthar uisce agus do na seirbhísí sláintíochta cé nach n-ídíonn siad ach 10 % den uisce agus cé gurb iad na hearnálacha eacnamaíocha is mó a chuireann an brú is mó ar acmhainní fionnuisce in-athnuaite is lú a dhéanann ranníocaíochtaí chun na costais sin a sheasamh. [Leasú 50]
(32b) Is trí bhuiséid na mBallstát amháin a mhaoinítear na costais a bhaineann le cláir faireacháin chun stádas uisce dromchla agus screamhuisce a chinneadh. Ós rud é go bhfuil líon na gceimiceán a bhraitear sa timpeallacht uisceach ag síorathrú, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtruailleán atá ag teacht chun cinn agus atá le feiceáil le déanaí sa timpeallacht uisceach, go bhfuil gá le feabhsú leanúnach ar mhodhanna anailíseacha ceimiceacha chun na truailleáin sin atá ag teacht chun cinn agus truailleáin nua a bhrath agus chun measúnú ceart a dhéanamh ar a dtionchar éiceolaíoch, agus gur gá modhanna nua faireacháin a fhorbairt freisin chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar éifeachtaí meascán ceimiceach, meastar go dtiocfaidh méadú breise ar na costais faireacháin sin. Chun na costais sin a chumhdach, agus i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus a chuirtear in iúl in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá sé fíor-riachtanach go nglacfaidh táirgeoirí a chuireann ar mhargadh an Aontais táirgí ina bhfuil substaintí a bhfuil tionchar cruthaithe nó féideartha diúltach acu ar shláinte an duine agus ar an timpeallacht uisceach freagracht airgeadais as na bearta is gá chun substaintí a rialú a ghintear i gcomhthéacs a ngníomhaíochtaí tráchtála agus a fhaightear in uisce dromchla agus screamhuisce. Is docha gurb é córas freagrachta leathnaithe táirgeora an bealach is oiriúnaí chun é sin a bhaint amach, toisc go gcuirfeadh sé teorainn leis an ualach airgeadais ar an gcáiníocóir, agus ag an am céanna go gcuirfeadh sé dreasacht ar fáil chun táirgí níos glaise a fhorbairt. Ba cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, measúnú tionchair a ullmhú lena scrúdófar córas freagrachta leathnaithe táirgeora a bheith curtha san áireamh i dTreoir 2006/118/CE agus i dTreoir 2008/105/CE ar córas é a bheadh infheidhme maidir le substaintí tosaíochta a shainmhínítear faoi Threoir 2006/118/CE agus faoi Threoir 2008/105/CE, chomh maith le truailleáin atá ag teacht chun cinn agus truailleáin nua, mar a shainmhínítear sna liostaí faire faoi Threoir 2006/118/CE agus faoi Threoir 2008/105/CE. Ba cheart togra reachtach chun Treoir 2006/118/CE agus Treoir 2008/105/CE a athbhreithniú a bheith ag gabháil leis an measúnú tionchair, i gcás inarb iomchuí. [Leasú 51]
(32c) Tá costais mhéadaithe i gceist le faireachán a dhéanamh ar líon méadaithe substaintí nó grúpa substaintí agus tá gá freisin le cumas riaracháin neartaithe sna Ballstáit, go háirithe iad siúd a bhfuil acmhainní tearca acu. I bhfianaise an mhéid thuas, ba cheart don Choimisiún saoráid faireacháin chomhpháirteach Eorpach a bhunú chun na ceanglais faireacháin a bhainistiú nuair a iarrann na Ballstáit amhlaidh, chun a n-ualaí airgeadais agus riaracháin a éascú. Ba cheart don Choimisiún modhanna oibriúcháin na saoráide faireacháin a shainiú. Ba cheart go n-úsáidfí saoráid den sórt sin go deonach agus gan dochar do na socruithe atá i bhfeidhm cheana féin ag na Ballstáit. [Leasú 52]
(32d) Léiríonn fianaise go bhfuil gá le hinfheistíocht san earnáil uisce agus tá maoiniú ón Aontas ríthábhachtach do roinnt Ballstát chun na hoibleagáidí dlíthiúla a leagtar síos i dTreoir 2000/60/CE, i dTreoir 2008/105/CE agus i dTreoir 2006/118/CE a chomhlíonadh. Ní mór do na Ballstáit go léir a gcaiteachas a mhéadú 20 % ar a laghad chun caighdeáin uisce de chuid an Aontais a bhaint amach agus tá bearna maoinithe chomhiomlánaithe EUR 289 billiún suas go dtí 2030(51). Is gá a áirithiú, dá bhrí sin, go gcuirtear acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna ar fáil chun faireachán agus cigireachtaí a dhéanamh ar dhobharlaigh sna Ballstáit uile, lena n-áirítear trí chistí struchtúracha ábhartha agus trí chláir ábhartha de chuid an Aontais, chomh maith le trí ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear faoin sásra um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí, a luaithe a chuirtear i bhfeidhm é. [Leasú 53]
(33) Dá bhrí sin ba cheart Treoracha 2000/60/AE, 2006/118/CE agus 2008/105/CE a leasú dá réir sin.
(34) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na Treorach seo a ghnóthú go leordhóthanach ina n‑aonar, is é sin ardleibhéal cosanta comhshaoil agus feabhas ar cháilíocht comhshaoil fhionnuiscí na hEorpa a áirithiú, ach gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais i ngeall ar thréithe trasteorann an truaillithe uisce, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú,
(34a) Ba cheart do na Ballstáit sineirgí a spreagadh idir ceanglais na dtreoracha ábhartha maidir le bailiú sonraí agus cur in úsáid uirlisí digiteacha, amhail teicneolaíochtaí cianbhraiteachta agus faire na cruinne (seirbhísí Copernicus), araon. [Leasú 54]
(34b) Ba cheart do na húdaráis inniúla tacaíocht a thabhairt don oiliúint, do chláir forbartha scileanna agus d’infheistíocht i gcaipiteal daonna chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach na dteicneolaíochtaí agus na réiteach nuálach is fearr faoi chuimsiú na dtreoracha. Ba cheart go mbeifí in ann rochtain a dhéanamh ar fhaisnéis sna teangacha náisiúnta éagsúla chun inrochtaineacht na sonraí ábhartha a threisiú ar fud na hEorpa do na gníomhaithe áitiúla ábhartha agus do na saoránaigh. [Leasú 55]
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasuithe ar Threoir 2000/60/CE
Leasaítear Treoir 2000/60/CE é mar a leanas:
(1) in Airteagal 1, pointe (e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheathrú fleasc: [Leasú 56]"
‘— cuspóirí na gcomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha a ghnóthú, lena n‑áirítear na cuspóirí sin a bhfuil sé d’aidhm acu truailliú na muirthimpeallachta a chosc agus deireadh a chur leis, trí ghníomhaíocht an Aontais chun scor den sceitheadh, d’astaíochtaí agus de chaillteanais substaintí guaiseacha tosaíochta nó deireadh a chur leo de réir a chéile, agus é ina aidhm dheiridh tiúchain sa mhuirthimpeallacht a ghnóthú a bheidh gar do luachanna cúlra i gcás substaintí arb ann dóibh go nádúrtha agus gar do nialas i gcás substaintí sintéiseacha de dhéantús an duine.;’
"
(2) leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (24):"
“(24) Ciallaíonn ‘Stádas ceimiceach maith san uisce dromchla’ an stádas ceimiceach is gá chun na cuspóirí comhshaoil le haghaidh uiscí dromchla a chomhlíonadh, ar cuspóirí iad a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (a), den Treoir seo, is é sin, an stádas ceimiceach arna ghnóthú ag dobharlach dromchla nach sáraíonn tiúchain truailleán iontu na caighdeáin cáilíochta comhshaoil le haghaidh substaintí tosaíochta a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus na caighdeáin cáilíochta comhshaoil le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha agus a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 8(2), pointe (c), agus Airteagal 8d(1) den Treoir sin.”
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (30):"
‘(30) Ciallaíonn ‘substaintí tosaíochta’ substaintí a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE, is é sin, substaintí lena mbaineann riosca substaintiúil don timpeallacht uisceach nó tríd an timpeallacht sin i gcion ard de na Ballstáit.;’
"
(c) cuirtear pointí (30a) agus (30b) seo a leanas isteach:"
‘(30a) Ciallaíonn ‘substaintí guaiseacha tosaíochta’ substaintí tosaíochta a dhéantar a mharcáil mar ‘ghuaiseach’ ar an mbonn go n‑aithnítear i dtuarascálacha eolaíocha iad, i reachtaíocht ábhartha an Aontais nó i gcomhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha iad, mar shubstaintí tocsaineacha, marthanacha, isatá tocsaineach, marthanach agus ar dócha a bhithcharnfargo mbithbhaileofar iad (PBT) nó an-mharthanach agus an-inbhithbhailithe (vPvB), nó marthanach, móibíleach agus tocsaineach (PMT) nó an-mharthanach agus an-mhóibíleach (vPvM) nó as a n‑eascraíonn leibhéal imní coibhéiseach, i gcás inarb ábhartha an imní sin don timpeallacht uisceach, agus ar gá bearta a ghlacadh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 4, (1), pointe (a), pointe (iv). [Leasú 57]
(30b)
Ciallaíonn ‘truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha’ truailleáin nach sainaithnítear nó nach sainaithnítear a thuilleadh mar shubstaintí tosaíochta ach a shainaithníonn na Ballstáit, ar bhonn an mheasúnaithe ar bhrúnna agus ar thionchair ar dhobharlaigh dhromchla arna ndéanamh i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, mar shubstaintí lena mbaineann riosca substaintiúildon timpeallacht uisceach nó tríd an timpeallacht sin laistigh dá gcríoch.;’
"
(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (35):"
‘(35) Ciallaíonn ‘caighdeán cáilíochta comhshaoil’ tiúchan truailleáin áirithe nó grúpa truailleán áirithe in uisce, dríodar nó bithra nach bhfuil le sárú chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint nó luach truicirspreag-luach maidir leis an éifeacht dhíobhálach ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol ón truailleán sin nó ón ngrúpa truailleán sin, tiúchan arna thomhas agus modh éifeachtbhunaithe iomchuí atá suite go heolaíochtúil á úsáid.’; [Leasú 58]
* Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc agus rialú ar thruailliú uisce dromchla, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin na Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).;’
"
(da) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (37):"
“(1)tá an bhrí chéanna le ‘uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine’ atá leis faoi Threoir (AE) 2020/2184. [Leasú 59]”
"
(db) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d’Airteagal 2, pointe (40):"
“(1)Ciallaíonn ‘luachanna teorann astaíochta’ an mhais, arna shloinneadh i dtéarmaí paraiméadair shonracha áirithe, tiúchan agus/nó leibhéal astaíochta, nach féidir a shárú le linn aon tréimhse ama amháin nó níos mó. Féadfar luachanna teorann astaíochtaí a leagan síos freisin do ghrúpaí áirithe substaintí, do fhinte áirithe substaintí nó do chatagóirí áirithe substaintí, go háirithe dóibh siúd a shainaithnítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. [Leasú 60]”
"
(3) in Airteagal 3, cuirtear isteach an mhír 4a seo a leanas:"
‘4a. I gcás imthosca eisceachtúla de thionscnamh nádúrtha nó force majeure, go háirithe tuilte foircneacha, tréimhsí triomaigh fada, nó teagmhais truaillithe mhóra, lena bhféadfaí difear a dhéanamh do dhobharlaigh síos an abhainn atá lonnaithe i mBallstáit eile, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na húdaráis inniúla le haghaidh dobharlaigh síos an abhainn sna Ballstáit sin, mar aon leis an gCoimisiún, ar an eolas láithreach agus go gcuirfear an comhar is gá ar bun chun na cúiseanna a imscrúdú agus chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na n‑imthosca eisceachtúla nó na dteagmhas.;
Déanfaidh na Ballstáit Ballstáit eile, dá bhféadfaí dochar a dhéanamh mar gheall ar an teagmhas truaillithe ábhartha, a chur ar an eolas faoi.
Chun comhar agus malartú faisnéise a fheabhsú a thuilleadh sa cheantair abhantraí idirnáisiúnta, ba cheart go mbeadh socruithe i bhfeidhm ag gach ceantar abhantraí idirnáisiúnta maidir le cumarsáid éigeandála agus práinnfhreagairt. [Leasú 61]’
"
(4) Leasaítear Airteagal 4(1) mar a leanas:
(a) i bpointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):"
‘(iv) cuirfidhcuirfiidh na Ballstáit na bearta is gá chun feidhme chun laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar an truailliú, an sceitheadh, na hastaíochtaí agus na caillteanais ó shubstaintí tosaíochta agus ó thruailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha, agus chun scor d’astaíochtaí, den sceitheadh, agus de chaillteanais substaintí guaiseacha tosaíochta nó deireadh a chur leo de réir a chéile laistigh d’amlíne iomchuí agus, i gcás ar bith, tráth nach déanaí ná 20 bliain tar éis substaint tosaíochta ar leith a liostú mar shubstaint ghuaiseach i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE. Ba cheart feidhm a bheith ag an amlíne sin gan dochar do chur i bhfeidhm amlínte níos déine in aon reachtaíocht eile is infheidhme de chuid an Aontais; [Leasú 62]’
"
(b) i bpointe (b)(iii), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:"
‘Cuirfear bearta chun feidhme chun aisiompú treochta a ghnóthú i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2006/118/CE agus le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir sin, faoi réir míreanna 6 agus 7 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm agus gan dochar do mhír 8 den Airteagal seo.;’
"
(ba) cuirtear an fhomhír 1a seo a leanas le pointe (c):"
“Socróidh na Ballstáit caighdeáin nó luachanna tairsí níos déine más gá chun na limistéir atá liostaithe in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo a chosaint go leordhóthanach, lena n-áirítear limistéir chaomhantais speisialta faoi Threoir 92/43/CEE ón gComhairle. Na cláir agus na bearta is gá i ndáil leis na luachanna tairsí sin, beidh feidhm acu freisin maidir le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 91/676/CEE. [Leasú 63]”
"
(5) in Airteagal 7, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"
‘2. I gcás gach dobharlaigh a shainaithnítear faoi mhír 1, i dteannta cuspóirí Airteagal 4 a chomhlíonadh i gcomhréir le ceanglais na Treorach seo maidir le dobharlaigh dhromchla lena n‑áirítear na caighdeáin cháilíochta a leagtar síos ar leibhéal an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais, go gcomhlíonfaidh an t‑uisce atá faoi réir an chórais cóireála uisce a chuirtear i bhfeidhm, ceanglais Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
* Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1);’
"
(6) Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"
‘3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhmetarmligthe a ghlacadh chun sonraíochtaíi gcomhréir le hAirteagal 20a lena bhforlíontar an Treoir seo trí shonraíochtaí teicniúla agus modhanna caighdeánaithe a leagan amach chun anailís agus faireachán a dhéanamh ar an stádas uisce i gcomhréir le hIarscríbhinn V agusa leagtar amach in Iarscríbhinn V. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun formáidí a leagan síos chun sonraí faireacháin agus stádais a thuairisciú i gcomhréir le mír 4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2).; [Leasú 64]’
"
(aa) Cuirtear an mhír seo a leanas isteach:"
“1.Faoin … [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], foilseoidh an Coimisiún measúnú cuimsitheach ar chur i bhfeidhm féideartha na gcóras faireacháin ar thruailliú leanúnach, beacht agus fíor-ama (ar líne) tomhais cháilíocht an uisce, lena n-áirítear gnéithe indéantachta eacnamaíocha agus teicniúla de chórais den sórt sin atá ábhartha do na Ballstáit, chomh maith le húsáid caighdeán comhchuibhithe.
Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2), chun caighdeáin chomhchuibhithe maidir le faireachán uisce ar líne a leagan amach. [Leasú 65]”
"
(b) cuirtear an mhír 4 agus an mhír 5 seo a leanas leis:"
‘4. Maidir leis na sonraí faireacháin aonair atá ar fáil agus a bhailítear i gcomhréir le pointe 1.3.4 agus pointe 2.4.3 d’Iarscríbhinn V agus maidir leis an stádas a eascróidh as sin i gcomhréir le hIarscríbhinn V, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear ar fáil don phobal agus don Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) iad agus, gan mhoill mhíchuí agus ar bhealach sorochtana don phobal go leictreonach ar a laghad uair sa bhliain i bhformáid mheaisín‑inléitemheaisín-inléite i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle** agus Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***. Chun na gcríoch sin, úsáidfidh na Ballstáit na formáidí a leagtar síos i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. [Leasú 66]
5. Áiritheoidh EEA go ndéanfar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil i gcomhréir le mír 4 a phróiseáil agus a anailísiú go tráthrialta chun í a chur ar fáil trí thairseacha ábhartha an Aontais, lena hathúsáid ag an gCoimisiún agus ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus chun faisnéis a sholáthar don Choimisiún, na Ballstáit agus an pobal a bheidh cothrom le dáta, oibiachtúil, iontaofa agus inchomparáide, go háirithe maidir le stádas, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle****.
* Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n‑aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lch. 26).
** Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
*** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
**** Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (IO L 126, 21.5.2009, lch. 13).;’
"
(7) Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"
‘2. Chun na cuspóirí, caighdeáin cháilíochta agus tairseacha a chomhlíonadh a leagtar síos de bhun na Treorach seo, áiritheoidh na Ballstáit go leagfar síos agus go gcuirfear na nithe seo a leanas chun feidhme:
(a)
rialuithe astaíochtaí bunaithe ar na teicnící is fearr atá ar fáil;
(b)
teorainnluachanna astaíochtaí ábhartha;
(c)
i gcás tionchar idirleata, rialuithe lena n‑áirítear, de réir mar is iomchuí, na dea‑chleachtais chomhshaoil mar a leagtar amach sna Treoracha seo a leanas:
—
Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*;
—
Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
—
Treoir 91/271/CEE ón gComhairle***;
—
Treoir 91/676/CEE ón gComhairle****;
—
agus in aon reachtaíocht eile ón Aontas atá ábhartha chun aghaidh a thabhairt ar an truailliú poncfhoinse nó idirleata.
* Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).
** Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
*** Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).
**** Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta, (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).;’
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:"
‘3. I gcás ina gceanglófar coinníollacha níos déine le cuspóir cáilíochta, caighdeán cáilíochta nó tairseach, cibé acu a leagtar síos síos iad de bhun na Treorach seo, de bhun Threoracha 2006/118/CE nó 2008/105/CE, nó de bhun aon reachtaíochta eile de chuid an Aontais, coinníollacha atá níos déine ná na coinníollacha sin a d’eascródh as cur i bhfeidhm mhír 2, leagfar rialuithe astaíochtaí níos déine síos dá réir.;’
"
(7a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(1):"
“1.Áiritheoidh gach Ballstát go mbunófar clár beart do gach ceantar abhantraí, nó don chuid de cheantar abhantraí idirnáisiúnta laistigh dá chríoch, agus torthaí na n-anailísí a cheanglaítear faoi Airteagal 5 á gcur san áireamh, chun na cuspóirí arna mbunú faoi Airteagal 4 a bhaint amach. Tabharfaidh cláir beart den sórt sin tosaíocht do bhearta rialaithe foinse i gcomhréir le reachtaíocht earnálach ábhartha an Aontais maidir le truailliú. Cuirfear bearta ceann píopa i bhfeidhm i dteannta le bearta rialaithe foinse i gcás ina bhfuil an baol ann go dteipfidh ar bhearta rialaithe foinse stádas maith a bhaint amach do na dobharlaigh. Féadfaidh cláir beart den sórt sin tagairt a dhéanamh do bhearta a leanann as reachtaíocht arna glacadh ar an leibhéal náisiúnta agus lena cumdaítear críoch iomlán Ballstáit. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh Ballstát bearta a ghlacadh is infheidhme maidir le gach ceantar abhantraí agus/nó na codanna de cheantair abhantracha idirnáisiúnta a thagann faoina chríoch. Déanfaidh an Coimisiún treoir a fhorbairt maidir leis na cleachtais is fearr le haghaidh beart rialaithe foinse agus comhlántacht beart ceann píopa. [Leasú 67]”
"
(7b) in Airteagal 11(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):"
“(a)bearta chun úsáid éifeachtúil inbhuanaithe uisce, lena n-áirítear sa talmhaíocht, a áirithiú, ionas nach gcuirfear isteach ar bhaint amach na gcuspóirí a shonraítear in Airteagal 4; [Leasú 68]”
"
(8) in Airteagal 11(3), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (k):"
‘(k) bearta chun deireadh a chur le truailliú uiscí dhromchla ó shubstaintí guaiseacha tosaíochta agus chun laghdú a dhéanamh de réir a chéile ar an truailliú ó shubstaintí eile lena gcuirfí bac ar na Ballstáit na cuspóirí comhshaoil a ghnóthú le haghaidh na ndobharlach dromchla, cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4;;’
"
(8a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11(5), fleasc 2:"
“-go ndéantar ceadanna agus údaruithe ábhartha a scrúdú agus a athbhreithniú agus, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go gcuirtear iad ar fionraí, de réir mar is cuí,” [Leasú 69]
"
(9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:"
“Airteagal 12
Fadhbanna nach féidir déileáil leo ar leibhéal na mBallstát
1. I gcás ina sainaithneoidh Ballstát fadhb ag a bhfuil tionchar ar bhainistíocht an uisce atá aige ach nach féidir leis an mBallstát sin í a réiteach, tabharfaidh sé fógra faoin bhfadhb don Choimisiún agus d’aon Bhallstát eile lena mbaineann agus déanfaidh moltaí maidir leis an bhfadhb a réiteach.
Freagróidh an Coimisiún d’aon fhógra ó Bhallstát taobh istigh de thréimhse 6 mhí. I gcás ina mbaineann fadhb le mainneachtain stádas maith ceimiceach a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún gníomh i gcomhréir le hAirteagal 7a de Threoir 2008/105/CE. [Leasú 70]
2. Rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhar le chéile chun foinsí na bhfadhbanna dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint mar aon leis na bearta is gá chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin.
Freagróidh na Ballstáit dá chéile go tráthúil, agus tráth nach déanaí ná 32 mhí tar éis fógra a fháil ó Bhallstát eile i gcomhréir le mír 1. [Leasú 71]
3. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas faoi aon chomhar dá dtagraítear i mír 2 agus iarrfar ar an gCoimisiún cúnamh a thabhairt leis an gcomhar sin. I gcás inarb iomchuí, measfaidh an Coimisiún, agus na tuarascálacha arna leagan síos de bhun Airteagal 13 á gcur san áireamh, cé acu is gá nó nach gá tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun na tionchair thrasteorann ar dhobharlaigh a laghdú.;”
"
(9a) in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:"
“4a.Diúltóidh an Coimisiún do na pleananna bainistíochta abhantraí arna dtíolacadh ag na Ballstáit nuair nach n-áirítear sna pleananna sin na heilimintí a liostaítear in Iarscríbhinn VII.” [Leasú 72]
"
(9b) Cuirtear isteach an t-Airteagal seo a leanas:"
“Airteagal 14a
Rochtain ar an gceartas
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag daoine den phobal, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a bhfuil leas leordhóthanach acu ann nó a líomhnaíonn lagú ar cheart, ar nós imeachta um athbhreithniú os comhair cúirt dlí, nó comhlacht neamhspleách neamhchlaonta eile arna bhunú le dlí, chun agóid a dhéanamh i gcoinne dlíthiúlacht shubstainteach nó dlíthiúlacht nós imeachta na gcinntí, na ngníomhartha nó na neamhghníomhartha uile faoin Treoir seo maidir leis an méid seo a leanas, inter alia:
(a)
pleananna agus tionscadail a d’fhéadfadh a bheith contrártha le ceanglais Airteagal 4, lena n-áirítear cosc a chur ar mheath ar stádas dobharlach agus stádas maith uisce, acmhainneacht mhaith éiceolaíoch agus/nó dea-stádas ceimiceach uisce a bhaint amach, sa mhéid nach bhforáiltear do na ceanglais sin cheana faoi Airteagal 11 de Threoir 2011/92/AE;
(b)
cláir beart dá dtagraítear in Airteagal 11, pleananna bainistíochta abhantracha na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 13(1) agus cláir fhorlíontacha nó pleananna bainistíochta na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 13(5).
2. Cinnfidh na Ballstáit cad is leas leordhóthanach ann agus cad is sárú leordhóthanach ann ar cheart, ar bhealach atá i gcomhréir leis an gcuspóir rochtain leathan ar cheartas a sholáthar don phobal. Chun críocha mhír 1, aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann cosaint an chomhshaoil chun cinn agus a chomhlíonann aon cheanglas faoin dlí náisiúnta, measfar go bhfuil cearta acu ar féidir iad a shárú agus measfar gur leor a leas.
3. Beidh na nósanna imeachta athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1 cóir, cothrom agus curtha i gcrích go tráthúil, agus ní bheidh siad róchostasach. Áireofar leis na nósanna imeachta sin freisin sásamh leordhóthanach agus éifeachtach a sholáthar, lena n-áirítear faoiseamh urghaire i gcás inarb iomchuí.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear faisnéis phraiticiúil ar fáil don phobal maidir le rochtain ar na nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin agus athbhreithniú breithiúnach dá dtagraítear san Airteagal seo.” [Leasú 73]
"
(10) in Airteagal 15, scriostar mír 3; [Leasú 74]
(10a) in Airteagal 15(3), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:"
“Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte agus teimpléid maidir le hinneachar, struchtúr agus formáid na dtuarascálacha eatramhacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tráth nach déanaí ná [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo].” [Leasú 75]
"
(11) scriostar Airteagail 16 agus 17;
(12) leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:
(a) i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):"
‘(e) achoimre ar aon togra, bheart rialaithe agus straitéis chun truailliú ceimiceach a rialú nó chun scor de shubstaintí guaiseacha tosaíochta nó deireadh a chur leo de réir a chéile;;’
"
(b) scriostar mír 4; [Leasú 76]
(13) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 20:"
‘Airteagal 20
Oiriúnuithe teicniúla agus an Treoir seo a chur chun feidhme
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20a chun Iarscríbhinní I agus III agus roinn 1.3.6 d’Iarscríbhinn V a leasú chun na ceanglais maidir le faisnéis a bhaineann le húdaráis inniúla, ábhar na hanailíse eacnamaíche agus na caighdeáin faireacháin roghnaithe, faoi seach, a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na luachanna a chinneadh a leagtar síos le haghaidh aicmithe chóras faireacháin an Bhallstáit i gcomhréir leis an nós imeachta um idirchalabrú a leagtar amach i bpointe 1.4.1 d’Iarscríbhinn V.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na formáidí teicniúla a leagan amach maidir leis na sonraí, dá dtagraítear in Airteagal 8(4), a tharchur. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 21(2). Nuair a bheidh na formáidí sin á leagan síos, tabharfaidh EEA cúnamh don Choimisiún, i gcás inar gá sin;’
"
(14) cuirtear an tAirteagal 20a seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 20a
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20(1) a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ó [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20(1) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.
4. Sula nglacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe, rachaidh sé i gcomhairle le saineolaithe arna n‑ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí i ndiaidh fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon i ndiaidh a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.;’
"
(15) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:"
“Airteagal 21
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh sa choiste sin*.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm Airteagal 5(4), an tríú fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
* Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).;”
"
(16) in Airteagal 22, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"
‘4. Na cuspóirí comhshaoil in Airteagal 4, na caighdeáin cáilíochta comhshaoil a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE agus na tairseacha maidir le truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a leagtar síos de bhun Airteagail 8 agus 8d den Treoir sin, measfar gur caighdeáin cáilíochta comhshaoil iad chun críocha Threoir 2010/75/AE.;’
"
(17) Leasaítear Iarscríbhinn V i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;
(18) i gCuid A d’Iarscríbhinn VII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7.7:"
‘7.7. achoimre ar na bearta arna ndéanamh chun astaíochtaí na substaintí tosaíochta a laghdú agus chun deireadh a chur de réir a chéile le hastaíochtaí substaintí guaiseacha tosaíochta;;’
"
(18a) Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte agus teimpléid maidir le hinneachar, struchtúr agus formáid na dtuarascálacha eatramhacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, tráth nach déanaí ná [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo]."
“(1)achoimre ar na bearta a rinneadh chun gnéithe faireacháin na hearnála uisce a dhigitiú; [Leasú 77]”
"
(19) Leasaítear Iarscríbhinn VIII i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo;
(20) Scriostar Iarscríbhinn X.Iarscríbhinní IX agus X. [Leasú 78]
Airteagal 2
Leasuithe ar Threoir 2006/118/CE
Leasaítear Treoir 2006/118/CE mar a leanas:
(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"
‘Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le truailliú screamhuisce a chosc agus a rialú;’
"
(2) in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Leagtar bearta sonracha síos leis an Treoir seo chun truailliú screamhuisce a chosc agus a rialú, bearta arb é is aidhm dóibh na cuspóirí comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 4(1), pointe (b), de Threoir 2000/60/CE a ghnóthú. Le hordlathas na mbeart a bheidh le déanamh, tabharfar tosaíocht do shrianta agus bearta eile lena ndéantar rialú ag an bhfoinse, gan dochar do thábhacht bearta ceann píopa, i gcás inarb iomchuí. Áirítear ar na bearta sin an méid seo a leanas: [Leasú 79]
(a)
critéir chun measúnú a dhéanamh ar stádas ceimiceach maith sa screamhuisce;
(b)
critéir chun treochtaí marthanacha móra in airde a shainaithint agus a aisiompú agus chun túsphointí aisiompuithe treochta a shainmhíniú.;
(ba)
critéir chun dea-stádas éiceolaíoch screamhuisce a mheas. [Leasú 80]’
"
(3) in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):"
‘(2) ciallaíonn ‘luach tairsí’ caighdeán cáilíochta screamhuisce a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le hAirteagal 3(1), pointe (b), nó ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 8(3);;’
"
(4) leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a) i mír 1, an chéad fhomhír, cuirtear an pointe (c) seo a leanas leis:"
‘(c) luachanna tairsí a leagtar síos ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 8(3) agus a liostaítear i gCuid D d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.;’
"
(aa) cuirtear an fhomhír seo a leanas le mír 1:"
“Beidh na luachanna tairsí is infheidhme maidir le screamhuisce 10 n-oiread níos ísle ná an EQS comhfhreagrach d’uisce dromchla, ach amháin i gcásanna inar féidir an riosca iarbhír do na héiceachórais screamhuisce a shuíomh, féadfaidh sé a bheith iomchuí luachanna tairsí a shocrú do screamhuisce ar leibhéal difriúil. [Leasú 81]”
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"
‘2. Luachanna tairsí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), féadfar iad a leagan síos ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an cheantair abhantraí nó an chuid den cheantar abhantraí idirnáisiúnta atá laistigh de chríoch an Bhallstáit, nó ar leibhéal dobharlaigh nó grúpa de dhobharlaigh screamhuisce.;’
"
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"
‘5. Na luachanna tairsí uile dá dtagraítear i mír 1, foilseofar iad sna pleananna bainistíochta abhantraí atá le táirgeadh faoi Airteagal 13 de Threoir 2000/60/CE, in éineacht le hachoimre ar an bhfaisnéis a leagtar amach i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.
Déanfaidh na Ballstáit, faoi [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorachseo], an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) a chur ar an eolas faoi na luachanna tairsí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b). Cuirfidh ECHA an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.;
"
(ca) i mír 5, cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas: "
‘Maidir leis na cónaitheoirí sa cheantar abhantraí lena mbaineann nó sa chuid den cheantar abhantraí idirnáisiúnta atá laistigh de chríoch an Bhallstáit, áiritheoidh an Ballstát sin go gcuirfear ar an eolas iad ar bhealach sásúil tráthúil.’ [Leasú 82]
"
(d) i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"
‘Leasóidh na Ballstáit an liosta luachanna tairsí a chuirtear i bhfeidhm ina gcríoch nuair a léiríonn faisnéisfhaisnéis nua ar thruailleáin, grúpaí truailleán nó táscairí truailleántruaillithe, agus prionsabal an réamhchúraim á chur san áireamh freisin, gur gá luach tairsí a leagan síos le haghaidh substaint bhreise, gur gá luach tairsí atá ann cheana a mhodhnú, nó gur gá luach tairsí a baineadh den liosta roimhe a chur isteach an athuair. Má leagtar luachanna tairsí ábhartha síos nó má leasaítear ar leibhéal an Aontais iad, oiriúnóidh na Ballstáit an liosta luachanna tairsí a chuirtear i bhfeidhm ina gcríoch do na luachanna sin. ;[Leasú 83]’
"
(e) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 7:"
“7.Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar na luachanna tairsí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), bliain amháin tar éis do na Ballstáit an fhaisnéis sin a sholáthar d’ECHA i gcomhréir le mír 5. [Leasú 84]”
"
(5) in Airteagal 4(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):"
‘(b) na luachanna le haghaidh na gcaighdeán cáilíochta screamhuisce a liostaítear in Iarscríbhinn I agus na luachanna tairsí dá dtagraítear i Airteagal 3(1), pointí (b) agus (c), ní sháraítear iad ag aon phointe faireacháin sa dobharlach nó sa ghrúpa dobharlach screamhuisce sin; nó;’
"
(6) cuirtear an tAirteagal 6a seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 6a
Liosta faire
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta faire substaintí a bhunú, ag féachaint do thuarascálacha eolaíocha a ullmhaíonn ECHA, ar substaintí iad dá bhfuil sonraí faireacháin uile-Aontais le bailiú ag na Ballstáit agus chun na formáidí a leagan síos a bheidh le húsáid ag na Ballstáit chun torthaí an fhaireacháin sin agus faisnéis ghaolmhar a thuairisciú don Choimisiún. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2).
Beidh cúig shubstaint nó ghrúpa substaintí ar a mhéadlaghad sa liosta faire agus léireoidh sé na maitrísí faireacháin agus na modhanna anailíse a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh gach substainte. Na maitrísí agus modhanna faireacháin sin, ní bheidh costais iomarcacha i gceist leo le haghaidh na n‑údarás inniúil. Na substaintí a bheidh le háireamh ar an liosta faire, roghnófar iad as measc na substaintí sin lena léirítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil go bhféadfadh riosca substaintiúil a bheith ag baint leo ar leibhéal an Aontais don timpeallacht uisceach, nó tríd an timpeallacht uisceach, agus nach leordhóthanach sonraí faireacháin lena n‑aghaidh. Áireofar substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad agus a roghnófar as measc na substaintí sin a léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil ina leith, i gcomhréir freisin le fomhír (4) thíos, go bhféadfadh siad a bheith ina mbaol suntasach ar leibhéal an Aontais don chomhshaol uisceach nó tríd an gcomhshaol uisceach, agus nach leor na sonraí faireacháin ina leith, ach amháin i gcás ina bhfuil líon na substaintí nó na ngrúpaí substaintí a léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil ina leith go bhféadfadh siad a bheith ina riosca suntasach don chomhshaol uisceach nó tríd an chomshaol uisceach níos lú na cúig agus sa chás sin, beidh na substaintí sin go léir san áireamh ar an liosta faire sin.
Chomh maith leis an líon íosta substaintí nó grúpa substaintí, féadfaidh táscairí truaillithe a bheith sa liosta faire freisin.
Sonrófar sa liosta faire na maitrísí faireacháin agus na modhanna anailíse a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh gach substainte. Na maitrísí agus modhanna faireacháin sin, ní bheidh costais iomarcacha i gceist leo le haghaidh na n-údarás inniúil. [Leasú 85]
A luaithe a shainaithneofarDéanfar modhanna faireacháin oiriúnacha forbartha le haghaidh micreaphlaistigh agus géinte frithsheasmheastachta frithmhiocróbaífrithsheasmhachta fhrithmhiocróbacha áirithe , áireofar na substaintí sina shainaithint a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná [an chéad lá den mhí tar éis 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. A luaithe a shainaithneofar na modhanna faireacháin sin, áireofarmicreaphlaistigh agus géinte frithsheasmhachta fhrithmhiocróbacha áirithe ar an liosta faire. Breithneoidh an Coimisiún freisin más gá sulfáití a chur san áireamh sa chéad liosta faire chun infhaighteacht sonraí maidir lena bheith i láthair a fheabhsú i leith raon feidhme na treorach seo. [Leasú 86]
Ullmhóidh ECHA tuarascálacha eolaíocha chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún na substaintí agus na tascairí truaillithe le haghaidh an liosta faire a roghnú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: [Leasú 87]
(a)
Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus torthaí an athbhreithnithe is déanaí ar an Iarscríbhinn sin;
(b)
na liostaí faire a bunaíodh i gcomhréir le Treoir 2008/105/CE agus le Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(c)
ceanglais chun aghaidh a thabhairt ar an truailliú ithreach, lena n‑áirítear sonraí faireacháin gaolmhara;
(d)
Saintréithriú na gceantar abhantraí a dhéanann na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2000/60/CE agus torthaí na gclár faireacháin a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir sin;
(e)
faisnéis ar mhéideanna táirgeachta, patrúin úsáide, airíonna intreacha (lena n‑áirítear soghluaisteacht in ithreacha agus, i gcás inarb ábhartha, méid cáithnín), tiúchain sa chomhshaol agus éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an timpeallacht uisceach de dheasca substaint áirithe nó grúpa substaintí áirithe, lena n‑áirítear faisnéis a bhailítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle****, Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*****, Rialachán (AE) 2019/6 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle******, Treoir 2001/83/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle******* agus Treoir 2009/128/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle********;
(f)
tionscadail taighde agus foilseacháin agus fianaise eolaíocha, lena n‑áirítearn-áirítear faisnéis faoi thionchar ábhar salaithe agus ábhar salaithe chomh maith le tionchair ghníomhaíochtaí eastóscacha agus bonneagair os cionn na talún agus faoi thalamh ar éiceachórais screamhuisce agus éiceachórais a bhraitheann ar screamhuisce agus a mbithéagsúlacht, faisnéis faoi threochtaí agus réamhaisnéisí bunaithe ar shamhaltú nó measúnuithe réamh-mheastacháin eile, chomh maith le faisnéis agus sonraí arna mbailiú ag teicneolaíochtaí cianbhraiteacha, faisnéis faoi threochtaí agus tuartha bunaithe ar an samhaltú nó ar mheasúnuithe réamhfháistineacha eile agus sonraí agus faisnéis ó theicneolaíochtaí cianbhraiteachta, faire na cruinne (seirbhísí Copernicus), braiteoirí agus feistí in‑situin situ, nó sonraí eolaíochta saoránach, lena ndéantaragus leas a bhaint as na deiseanna a thagann leisarna n-oscailt ag an intleacht shaorga, agus ag anailís agus próiseáil ardleibhéil sonraí a ghiaráil;; [Leasú 88]
(g)
moltaí ó pháirtithe leasmhara.
Gach 3 bliana, ullmhóidh ECHA tuarascáil ina dtabharfar achoimre ar thorthaí na dtuarascálacha eolaíocha a leagtar síos faoin gceathrú fomhír, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Cuirfear an chéad tuarascáil ar fáil faoin X [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den aonú mí agus fiche tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
2. Bunófar liosta faire faoin ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 24 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Tabharfar an liosta faire cothrom le dáta gach 36 mhí dá éis sin ar a dhéanaí nó níos minice má thagann fianaise eolaíoch nua chun cinn a d’fhágfadh go gcaithfí an liosta a nuashonrú san idirthréimhse idir athbhreithnithe aonair. [Leasú 89]
Déanfaidh Ballstáit meastóireacht gach dara bliain ar an tionchar ar cháilíocht uisce na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha a bhaineann leis an aistriú fuinnimh agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi bhagairtí nua-aitheanta ionas gur féidir leis an liosta faire a nuashonrú dá réir. Beidh rochtain éasca ag an bpobal ar an meastóireacht. [Leasú 90]
Agus an liosta faire á thabhairt cothrom le dáta aige, bainfidh an Coimisiún aon substaint nó aon ghrúpa substaintí den liosta faire atá ann cheana, a mheasann sé gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann leis don timpeallacht uisceach gan sonraí faireacháin breise. Nuair a bheidh an liosta faire tugtha cothrom le dáta, féadfar substaint aonair nó grúpa substaintí a choimeád ar an liosta faire ar feadh tréimhse 3 bliana eile i gcás inar gá sonraí faireacháin breise chun measúnú a dhéanamh ar an riosca don timpeallacht uisceach. Áireofar freisin ar an liosta faire a bheidh tugtha cothrom le dáta substaint bhreise amháin nó níos mó ná sin a measann an Coimisiún, ag féachaint do thuarascálacha eolaíocha ECHA, go bhféadfadh riosca a bheith ann don timpeallacht uisceach.
3. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar gach substaint nó ar gach grúpa substaintí sa liosta faire ag stáisiúin faireacháin ionadaíocha roghnaithe ar feadh tréimhse 24 mhí. Cuirfear tús leis an tréimhse faireacháin laistigh de 6 mhí ó bhunú an liosta faire.
Roghnóidh gach Ballstát dhá stáisiún faireacháin amháin ar a laghad, móide an líon stáisiún atá cothrom lena limistéar iomlán de dhobharlaigh screamhuisce in km2 arna roinnt ar 60 00030 000 (arna slánú chuig an slánuimhir is gaire). [Leasú 91]
Agus na stáisiúin faireacháin ionadaíocha á roghnú, mar aon le minicíocht an fhaireacháin agus an t‑uainiú séasúrach le haghaidh gach substainte nó grúpa substaintí, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na patrúin úsáide agus tarlú féideartha na substainte nó an ghrúpa substaintí. Ní bheidh an mhinicíocht faireacháin níos lú ná uair sa bhliain.
I gcás ina mbeidh Ballstát in ann sonraí faireacháin ionadaíocha, inchomparáide, leordhóthanacha a taifeadadh le déanaí a ghiniúint le haghaidh substaint áirithe nó grúpa substaintí áirithe ó chláir nó ó staidéir faireacháin atá ann cheana, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh gan faireachán breise a dhéanamh faoin sásra liosta faire le haghaidh na substainte sin nó an ghrúpa substaintí sin, ar choinníoll go ndearnadh faireachán ar an tsubstaint nó ar an ngrúpa substaintí agus trí bhíthin modheolaíocht a chomhlíonann na maitrísí faireacháin agus na modhanna anailíse dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an liosta faire.
4. Cuirfidh na Ballstáit torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 2000/60/CE agus i gcomhréir leis an ngníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an liosta faire mar a ghlactar de bhun mhír 1. Cuirfidh siad faisnéis ar fáil freisin faoi ionadaíochas na stáisiún faireacháin agus faoin straitéis faireacháin.
5. Déanfaidh ECHA athbhreithniú ar na torthaí faireacháin ag deireadh na tréimhse 24 mhí dá dtagraítear i mír 3 agus déanfaidh siad measúnú ar na substaintí nó ar na grúpaí substaintí is gá faireachán a dhéanamh orthu ar feadh tréimhse 24 mhí eile agus dá bhrí sin atá le coimeád ar an liosta faire agus cé na substaintí nó na grúpaí substaintí is féidir a bhaint den liosta faire.
I gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid, ag féachaint don mheasúnú a dhéanann ECHA dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gá aon fhaireachán eile a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh a thuilleadh ar an riosca don timpeallacht uisceach, cuirfear an measúnú sin san áireamh san athbhreithniú ar Iarscríbhinn I nó II dá dtagraítear in Airteagal 8.
* Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc agus rialú ar thruailliú uisce dromchla, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin na Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).
** Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
*** Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Measúnú, Údarú agus Teorannú Ceimiceán (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
**** Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
***** Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil sa mhargadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).
****** Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).
******* Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
******** Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71). ”
"
(6a) cuirtear an t-Airteagal seo a leanas isteach:"
“Article 6aa
Feabhas a chur ar chosaint na n-éiceachóras screamhuisce
Foilseoidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 4 bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], measúnú ar thionchair eilimintí fisiciceimiceacha, amhail pH, ocsaiginiú agus teocht, ar shláinte na n-éiceachóras screamhuisce, agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun an Treoir seo a athbhreithniú dá réir, chun na paraiméadair chomhfhreagracha a shocrú, foráil a dhéanamh do mhodhanna comhchuibhithe faireacháin, agus sainiú cad is ‘stádas maith éiceolaíoch le haghaidh screamuisce’ ann. [Leasú 92]”
"
(6b) cuirtear an t-Airteagal seo a leanas isteach:"
“Airteagal 6b
Cóireáil shonrach do limistéir ardluacha éiceolaíochta, leochaileachta nó truaillithe
Déanfaidh an Coimisiún,... [tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], measúnú a fhoilsiú ar stádas ceimiceach na limistéar a bhfuil ardluach éiceolaíochta iontu, leochaileacht nó truaillithe iontu, amhail limistéir uaimheanna agus charst, iar-láithreáin thionsclaíocha agus limistéir eile a bhfuil éilliú stairiúil aitheanta ag gabháil leo, agus, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun an Treoir seo a athbhreithniú. [Leasú 93]”
"
(6c) cuirtear an t-Airteagal seo a leanas isteach:"
“Airteagal 6ac
Tráth nach déanaí ná ... [bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], tíolacfaidh an Coimisiún measúnú tionchair lena scrúdófar meicníocht um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí a áireamh sa Treoir seo, lena n-áiritheofar go rannchuideoidh táirgeoirí a chuireann táirgí ar an margadh ina bhfuil aon cheann de na substaintí nó na comhdhúile a liostaítear in Iarscríbhinn I, chomh maith le substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad agus atá ar an liosta faire faoin Treoir seo, leis na costais a bhaineann le cláir faireacháin arna gceapadh faoi Airteagal 2000/60/CE. Beidh togra reachtach chun an Treoir seo a athbhreithniú a bheith ag gabháil leis an measúnú tionchair, i gcás inarb iomchuí. [Leasú 94]”
"
(6d) Cuirtear an t-Airteagal seo a leanas isteach:"
“Airteagal 6ad
Saoráid faireacháin Eorpach
Déanfaidh an Coimisiún faoin ... [bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], saoráid chomhpháirteach faireacháin a bhunú chun na ceanglais faireacháin a bhainistiú nuair a iarrann na Ballstáit amhlaidh.
Saineoidh an Coimisiún feidhmiú na saoráide faireacháin, lena cumhdófar, inter alia, an méid seo a leanas:
(a)
cineál deonach úsáid na saoráide faireacháin, rud a bheidh gan dochar do na socruithe atá curtha i bhfeidhm cheana féin ag na Ballstáit;
(b)
na nósanna imeachta oibríochtúla do Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe acu úsáid a bhaint as an tsaoráid faireacháin, lena n-áireofar, inter alia, an fógra is gá don Choimisiún maidir lena riachtanais nó lena gcumas faireacháin beachta, na prótacail bheachta maidir le samplaí a bhainistiú, chomh maith leis an bhfad ama atá beartaithe acu fanacht mar chuid den sásra;
(c)
na foinsí cistiúcháin, a bhféadfaidh cistí agus cláir struchtúracha ábhartha an Aontais a áireamh, chomh maith le ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear faoin sásra um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí, a luaithe a chuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le hAirteagal 6ac. [Leasú 95]”
"
(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:"
“Airteagal 8
Athbhreithniú ar Iarscríbhinní I go IV
1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, den chéad uair faoin … [Oifig na bhFoilseachán... [OP: Cuir isteach, le do thoil, an dáta = 6ceithre bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus gach 6ceithre bliana ina dhiaidh sin, ar an liosta truailleánna dtruailleán a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus ar na caighdeáin cháilíochta le haghaidh na dtruailleándo na truailleáin sin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, mar aonchomh maith leis an liosta truailleán agus na táscairí a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn II. [Leasú 96]
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 8a,Bunaithe ar an athbhreithniú, tabharfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha ar aghaidh chun Iarscríbhinn I a leasú chun é a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil trí thruailleáin screamhuisce agus caighdeáin cháilíochta a chur isteach nó a bhaint le haghaidh na dtruailleán sin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 8a, agus chun Cuid B d’Iarscríbhinn II a leasú chun é a oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíocht trí thruailleáin nó táscairí a chur leis nach mór do na Ballstáit cuimhneamh ar thairseacha náisiúnta a leagan síos ina leith. [Leasú 97]
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun Cuid D d’Iarscríbhinn II a leasú chun é a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil trí luachanna tairsí comhchuibhithe a chur isteach nó a leasú le haghaidh truailleán amháin nó níos mó a liostaítear i gCuid B den Iarscríbhinn sin.
4. Agus tograí reachtacha agus gníomhartha tarmligthe a dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 á nglacadh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé na tuarascálacha eolaíocha a ullmhaíonn ECHA de bhun mhír 6 den Airteagal seo san áireamh. [Leasú 98]
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a chun leasú a dhéanamh ar Chodanna A agus C d’Iarscríbhinn II agus ar Iarscríbhinní III agus IV chun iad a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil.
6. Chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an athbhreithniú ar Iarscríbhinní I agus II, ullmhóidh ECHA tuarascálacha eolaíocha. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sna tuarascálacha sin:
(a)
tuairim an Choiste um Measúnú Riosca agus an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch de chuid ECHA;
(b)
torthaí na gclár faireacháin a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2000/60/CE;
(c)
na sonraí faireacháin a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 6a(4) den Treoir seo;
(d)
toradh na n‑athbhreithnithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2008/105/CE agus le Treoir (AE) 2020/2184;
(e)
faisnéis agus ceanglais chun aghaidh a thabhairt ar an truailliú ithreach;
(f)
cláir thaighde agus foilseacháin eolaíochaeolaíochta ón Aontas, lena n‑áirítearn-áirítear faisnéis nuashonraithe atá cothrom le dáta a eascraíonn as teicneolaíochtaí cianbhraiteachta, faire na cruinne (seirbhísí Copernicus), braiteoirí agus gairis in‑situfeistí in-situ agus/nó sonraí eolaíochta saoránach, lena ndéantar na deiseanna a thagann leis na teicnící is fearr atá ar fáil a d’fhéadfadh an intleacht shaorga, anailís agus próiseáil ardleibhéil sonraí a bheith cuimsithe leo a ghiaráil; [Leasú 99]
(g)
barúlacha agus faisnéis ó pháirtithe leasmhara ábhartha, lena n-áirítear údaráis rialála náisiúnta agus comhlachtaí ábhartha eile. [Leasú 100]
6a. Faoin 12 Eanáir 2025, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte teicniúla a chur ar bun a bhaineann le modhanna anailíse le haghaidh faireachán ar shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile faoin bparaiméadar ‘Iomlán PFAS’. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8a lena leasaítear an Treoir seo trí chaighdeán cáilíochta a leagan síos don ‘Iomlán PFAS’ agus Iarscríbhinn I a leasú dá réir. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin faoi 12 Eanáir 2026. [Leasú 101]
7. Gach 6ceithre bliana, ullmhóidh ECHA tuarascáil, agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí í, tuarascáil ina dtabharfar achoimre ar thorthaí an athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3. Cuirfear an chéad tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin anar ... [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = 5trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. [Leasú 102]”
"
(8) cuirtear an t-Airteagal 8a seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 8a
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (2)8(2), (3) agus (6a) a thabhairt don Choimisiún ar feadhgo ceann tréimhse neamhchinntithe ó [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = 6 bliana ón ... [dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 6 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. [Leasú 103]
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (2)8(2), (3) agus (6a) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. [Leasú 104]
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe a ainmníonnarna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontúi gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 .. [Leasú 105]
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(1) nó (2)8(2), (3) nó (6a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí i ndiaidh fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon i ndiaidh a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear tréimhse 2 mhí leisDéanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.; [Leasú 106]’
"
(9) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:"
‘Airteagal 9
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheidh sa choiste sin*.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’;
* Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).;’
"
(10) scriostar Airteagal 10;
(11) cuirtear an téacs atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo in ionad Iarscríbhinn I;
(12) leasaítear Iarscríbhinn II i gcomhréir le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo;
(13) in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2(c):"
‘(c) aon fhaisnéis ábhartha eile lena n‑áirítear comparáid idir meántiúchan uimhríochtúil bliantúil na dtruailleán ábhartha ag pointe faireacháin agus na caighdeáin cáilíochta screamhuisce a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na luachanna tairsí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (b) agus (c).;’
"
(14) in Iarscríbhinn IV, cuid B, pointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití:"
‘is é an túsphointe a bheidh ann chun bearta a chur chun feidhme, d’fhonn treochtaí marthanacha móra in airde, lena n-áirítear treochtaí séasúracha in airde mar gheall ar, inter alia, sceitheadh íseal dobharlaigh, a aisiompú, an tráth a shroichfidh tiúchan an truailleáin 75 % de luachanna paraiméadracha na gcaighdeán cáilíochta screamhuisce a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus de na luachanna tairsí dá dtagraítear in Airteagal 3(1), pointí (b) agus (c), ach amháin i gcás:. [Leasú 107]’
"
Airteagal 3
Leasuithe ar Threoir 2008/105/CE
Leasaítear Treoir 2008/105/CE mar a leanas:
(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:"
‘Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le cosc agus rialú ar thruailliú uisce dromchla, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin na Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;’
"
(1a) Leasaítear Airteagal 1 mar a leanas:"
“Airteagal 1
Ábhar
Leis an Treoir seo, leagtar síos caighdeáin cáilíochta comhshaoil (EQS) do shubstaintí tosaíochta agus do shubstaintí guaiseacha tosaíochta, d’fhonn stádas maith ceimiceach san uisce dromchla a bhaint amach agus i gcomhréir le forálacha agus cuspóirí d’Airteagal 4de Threoir 2000/60/CE. [Leasú 108]”
"
(2) leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
(a) i mír 1a, an chéad fhomhír, cuirtear an pointe (iii) seo a leanas léi:"
‘(iii) na substaintí a uimhrítear 5, 9, 13, 15, 17, 21, 23, 24, 28, 30, 34, 37, 41, 44 i gCuid A d’Iarscríbhinn I, dár leagan síos EQS athbhreithnithe, agus na substaintí nua‑aitheanta a uimhrítear 46 go 70 i gCuid A d’Iarscríbhinn I, le héifeacht ón ... [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Treorach seo], agus é d’aidhm aige sin meath ar stádas ceimiceach dobharlach dromchla a chosc agus stádas ceimiceach maith san uisce dromchla a bhaint amach i ndáil leis na substaintí sin.;’
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"
‘2. Maidir le substaintí a leagtar EQS bithra nó EQS dríodair síos ina leith i gCuid A d’Iarscríbhinn I, cuirfidh na Ballstáit an EQS bithra nó an EQS dríodair sin i bhfeidhm.
Maidir le substaintí seachas iad siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír, cuirfidh na Ballstáit EQS uisce i bhfeidhm a leagtar síos i gCuid A d’Iarscríbhinn I.;’
"
(c) i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte sa chéad fhomhír:"
‘Déanfaidh na Ballstáit socruithe le haghaidh na hanailíse treochta fadtéarmaí ar thiúchain na substaintí tosaíochta sin a shainaithnítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I mar shubstaintí is dócha a charnfaidh i ndríodar agus/nó i mbithra, ar bhonn faireacháin ar dhríodar nó ar bhithra mar chuid den fhaireachán ar an stádas uisce dromchla a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2000/60/CE.;’
"
(d) scriostar mír 7;
(e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8:"
’8. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a chun Cuid B, pointe 3, d’Iarscríbhinn I a leasú chun é a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch nó teicniúil.;’
"
(3) Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Ar bhonn na faisnéise a bhailítear i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 8 de Threoir 2000/60/CE, agus le Rialachán (AE).../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus sonraí eile atá ar fáil, bunóidh na Ballstáit fardal, lena n‑áirítearn-áirítear léarscáileanna, más infhaighte, d’astaíochtaí, sceitheadh agus caillteanais gach substainte tosaíochta dáa liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus de na truailleáin uile a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo le haghaidh gach ceantar abhantraí nó cuid de cheantar abhantraí atá laistigh dá chríoch, lena n‑áiríteargcríoch, lena n-áirítear a dtiúchain i ndríodair agus i mbithra, de réir mar is iomchuí. [Leasú 109]
__________________
1a Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad COM (2022) 157.
Cuirfear na fardail astaíochtaí ar fáil i mbunachar sonraí leictreonach a nuashonrófar go rialta agus a mbeidh rochtain éasca ag an bpobal air. [Leasú 110]
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le hastaíochtaí, sceitheadh ná caillteanais a thuairiscítear don Choimisiún go leictreonach i gcomhréir le Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. ;’ [Leasú 111]
"
(b) scriostar míreanna 2 agus 3;
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:"
‘4. Tabharfaidh na Ballstáit a bhfardail cothrom le dáta mar chuid de na hathbhreithnithe ar na hanailísí a shonraítear in Airteagal 5(2) de Threoir 2000/60/CE agus áiritheoidh maidir leis na hastaíochtaí nach dtuairiscítear, lena n-áirítear iad siúd a thuairiscítear don Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha arna bunú faoi Rialachán (AE) ../.. ++, go bhfoilseofar iad ina bpleananna bainistíochta abhantraí mar a thugtar cothrom le dáta iad i gcomhréir le hAirteagal 13(7) den Treoir sin. [Leasú 112]
An tréimhse thagartha chun na luachanna a leagan síos sna fardail a thabharfar cothrom le dáta, is í sin an bhliain roimh an mbliain ina mbeidh na hanailísí dá dtagraítear sa chéad fhomhír le cur i gcrích.
Le haghaidh substaintí tosaíochta nó truailleáin a chumhdaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, féadfar na hiontrálacha a ríomh mar mheán na 3 bliana roimh chur i gcrích na hanailíse dá dtagraítear sa chéad fhomhír. [Leasú 113]
Le haghaidh astaíochtaí poncfhoinse nach dtuairiscítear i gcomhréir le Rialachán (AE) ../… +++, toisc nach dtagann siad ar fad faoi raon feidhme an Rialacháin sin nó toisc go bhfuil siad faoi bhun na dtairseacha tuairiscithe bliantúla a leagtar amach sa Rialachán sin, comhlíonfar an oibleagáid tuairiscithe a leagtar amach sa chéad fhomhír den Airteagal seo trí thuairisciú leictreonach don Tairseach um Astaíochtaí Tionsclaíocha arna bunú faoin Rialachán sin.
Glacfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos formáid, leibhéal gráinneachta agus minicíocht an tuairiscithe dá dtagraítear sa cheathrú fomhír. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2).;’
"
(d) scriostar mír 5;
(4) In Airteagal 7a(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:"
“1. Le haghaidh substaintí tosaíochta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, nó faoi raon feidhme Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**, Threoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*** nó Threoir 2010/75/AE, déanfaidh an Coimisiún, mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Threoir 2000/60/CE, measúnú gach dhá bhliain ar cé acu atá na bearta atá ar bun ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát leordhóthanach chun na caighdeáin cáilíochta comhshaoil (EQS) le haghaidh substaintí tosaíochta a bhaint amach agus chun scor de sceití, astaíochtaí agus caillteanais substaintí guaiseacha tosaíochta nó deireadh a chur de réir a chéile lena leithéid i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (a), de Threoir 2000/60/CE. [Leasú 114]
Le hordlathas na mbeart a bheidh le déanamh, tabharfar tosaíocht do shrianta agus bearta eile lena ndéantar rialú ag an bhfoinse. I dtaca leis sin, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí a thíolacadh chun gníomhartha dlí de chuid an Aontais a leasú chun a áirithiú go gcuirfear stop le sceitheadh, astaíochtaí agus caillteanais substaintí tosaíochta ag an bhfoinse. [Leasú 115]
* Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirge íocshláinte tréidliachta agus lena n‑aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).
** Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
*** Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).;”
"
(4a) In Airteagal 7a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:"
“2.Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ar thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis a mheasúnaithe agus beidh aon tograí iomchuí, lena n-áirítear bearta rialaithe, ag gabháil lena thuarascáil. [Leasú 116]”
"
(5) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:"
‘Airteagal 8
Athbhreithniú ar Iarscríbhinní I agus II
1. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, den chéad uair faoin …... [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach, le do thoil, an dáta = 6ceithre bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo] agus gach 6sé bliana ina dhiaidh sin, ar an liosta na substaintí tosaíochta agus EQS comhfhreagrach le haghaidhdo na substaintí sin a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn I agus an liosta truailleánna dtruailleán a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn II. [Leasú 117]
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadhBunaithe ar an athbhreithniú, tabharfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, tograí reachtacha ar aghaidh, ag féachaint do na tuarascálacha eolaíochta a ullmhaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) de bhun mhír 6 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 9a chun Iarscríbhinn I a leasú chun é a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil ar na bealaí seo a leanas: [Leasú 118]
(a)
substaintí a chur leis an liosta substaintí tosaíochta nó substaintí a bhaint de;
(b)
substaintí áirithe a ainmniú nó a dhí‑ainmniú mar shubstaintí guaiseacha tosaíochta agus/nó mar shubstaintí Marthanacha, Bithcharnacha agus Tocsaineacha uileláithreacha (uPBTanna) agus/nó mar shubstaintí a bhailíonn i ndríodar agus/nó i mbithra sa liosta sin;
(c)
caighdeán cáilíochta comhshaoil comhfhreagrach a shocrú le haghaidh uisce dromchla, dríodair nó bithra, de réir mar is iomchuí.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ag féachaint do na tuarascálacha eolaíochta a ullmhaíonn ECHA de bhun mhír 6 den Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 9a chun Iarscríbhinn II a leasú chun é a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil ar na bealaí seo a leanas:
(a)
truailleáin a chur leis an liosta catagóirí truailleán a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn II nó a bhaint de;
(b)
an mhodheolaíocht a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn II a nuashonrú;
(c)
na truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a liostú i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, truailleáin ar shuigh sé nach mór EQS a leagtar síos ar leibhéal an Aontais a chur i bhfeidhm ina leith, i gcás inarb ábhartha, chun cur chun feidhme comhchuibhithe agus eolaíocht‑bhunaithe na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE a áirithiú, agus trí EQS comhfhreagrach i gcomhair na dtruailleán sin a liostú i gCuid C d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.
4. Nuair a bheidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha á sainaithint ag an gCoimisiún, truailleáin a d’fhéadfadh sé gur gá EQS a leagan amach ina leith ar leibhéal an Aontais, ní mór don Choimisiún na critéir seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
an riosca atá i gceist leis na truailleáin sin, lena n‑áirítearn-áirítear an ghuais a bhaineann leo, a dtiúchain chomhshaoil agus an tiúchan a mbeadh coinne le héifeachtaí os a chionn, lena n-áirítear a n-éifeachtaí carnacha; [Leasú 119]
(b)
an neamhionannas idir EQS náisiúnta a shocraíonn Ballstáit éagsúla le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha agus a mhéid is féidir bonn cirt a thabhairt leis an neamhionannas sin;
(c)
líon na mBallstát a chuireann EQS i bhfeidhm cheana féin maidir leis na truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha faoi bhreithniú.
5. Substaintí tosaíochta a baineadh, de thoradh an athbhreithnithe dá dtagraítear i mír 1, ón liosta substaintí tosaíochta toisc nach mbaineann riosca uile-Aontais leo a thuilleadh, cuirfear na substaintí sin san áireamh i gCuid C d’Iarscríbhinn II, lena liostaítear na truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha agus EQS comhchuibhithe lena mbaineann atá le cur chun feidhme i gcás inar ábhar imní náisiúnta agus réigiúnach iad na truailleáin, i gcomhréir le hAirteagal 8d.
6. Chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir leis an athbhreithniú ar Iarscríbhinní I agus II, ullmhóidh ECHA tuarascálacha eolaíocha. Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh sna tuarascálacha eolaíochta sin:
(a)
tuairimí an Choiste um Measúnú Riosca agus an Choiste um Anailís Shocheacnamaíoch de chuid ECHA;
(b)
torthaí na gclár faireacháin a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2000/60/CE;
(c)
na sonraí faireacháin a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 8b(4) den Treoir seo;
(d)
toradh na n‑athbhreithnithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(e)
ceanglais chun aghaidh a thabhairt ar an truailliú ithreach, lena n‑áirítear na sonraí faireacháin lena mbaineann;
(f)
cláir thaighde agus foilseacháin eolaíochta ón Aontas, lena n‑áirítear faisnéis a eascraíonn as teicneolaíochtaí cianbhraiteachta, faire na cruinne (seirbhísí Copernicus), braiteoirí agus feistí in‑situ agus/nó sonraí eolaíochta saoránach, lena ndéantar na deiseanna a thagann leis an intleacht shaorga, anailís agus próiseáil ardleibhéil sonraí a ghiaráil;
(g)
barúlacha agus faisnéis ó pháirtithe leasmhara ábhartha.
6a. Faoi 12 Eanáir 2025, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte teicniúla a chur ar bun a bhaineann le modhanna anailíse le haghaidh faireachán ar shubstaintí sárfhluarailcile agus polafluarailcile faoin bparaiméadar ‘Iomlán PFAS’. Faoin 12 Eanáir 2026, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 9a lena leasaítear an Treoir seo trí chaighdeán cáilíochta a shocrú le haghaidh ‘Iomlán PFAS’ agus trí Iarscríbhinn I a leasú dá réir. [Leasú 120]
6b. Faoin ... [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo], bunóidh an Coimisiún treoirlínte teicniúla maidir le modhanna anailíse chun faireachán a dhéanamh ar bhisfeanól, lena n-áirítear ar a laghad Bisfeanól-A, Bisfeanól-B agus Bisfeanól-S, faoin bparaiméadar ‘Iomlán Bisfeanól’. Faoin... [trí bliana tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach seo] glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 9a lena leasaítear an Treoir seo trí EQS a shocrú le haghaidh ‘Iomlán Bispheanól’ ag baint úsáide as cur chuige maidir le factóir cumhachta coibhneasta agus ag leasú Iarscríbhinn I dá réir sin. [Leasú 121]
7. Gach 6ceithre bliana, ullmhóidh ECHA tuarascáil, a chuirfidh sé ar fáil go poiblí, ina dtabharfar achoimre ar thorthaí na dtuarascálacha eolaíocha a bhunaítear faoi mhír 6. Cuirfear an chéad tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin anar ... [Oifig na bhFoilseachán: Cuir isteach an dáta = 5trí bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. [Leasú 122]
* Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le truailliú screamhuisce a chosc agus a rialú (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).
** Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).;’
"
(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8a:"
‘Airteagal 8a
Forálacha sonracha maidir le substaintí áirithe
1. Sna pleananna bainistíochta abhantraí a tháirgtear i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2000/60/CE, gan dochar do cheanglais Roinn 1.4.3 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin maidir le cur i láthair an stádais cheimicigh fhoriomláin agus na cuspóirí agus na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 4(1), pointe (a) den Treoir sin, féadfaidh na Ballstáit léarscáileanna breise a sholáthar ina léireofar an fhaisnéis maidir le stádas ceimiceach ceann amháin nó níos mó de na substaintí seo a leanas, ar leithligh ón bhfaisnéis faoi na substaintí eile a shainaithnítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo:
(a)
substaintí a shainaithnítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I mar shubstaintí a iompraíonn iad féin amhail substaintí marthanacha, bithcharnacha agus tocsaineacha uileláithreacha (uPBTanna);
(b)
substaintí a sainaithníodh den chéad uair san athbhreithniú is déanaí i gcomhréir le hAirteagal 8;
(c)
substaintí ar leagadh síos EQS níos déine ina leith san athbhreithniú is déanaí i gcomhréir le hAirteagal 8.
FéadfaidhDéanfaidh na Ballstáit méid aon imeachta ó luach EQS le haghaidh na substaintí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a), (b) agus (c), a chur i láthair sna pleananna bainistíochta abhantraí a tháirgtear i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir 2000/60/CE. I gcás Ballstáit a sholáthraíonn léarscáileanna breise dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féachfaidh siad le hidir-inchomparáideacht a áirithiú ar leibhéal an abhantraigh agus ar leibhéal an Aontais agus cuirfidh siad na sonraí a chur ar fáil i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE, Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* agus Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**. [Leasú 123]
2. Féadfaidh na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar shubstaintí a shainaithnítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I mar shubstaintí a iompraíonn iad féin amhail substaintí marthanacha, bithcharnacha agus tocsaineacha uileláithreacha (uPBTanna), agus nach bhfuil údaraithe a thuilleadh san Aontas ar bhealach níos scaoilte ná mar a éilítear i leith substaintí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Treoir seo agus Iarscríbhinnle hIarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE, ar choinníoll go bhfuil an faireachán ionadaíoch agus go bhfuil bonnlíne atá láidir ó thaobh staidrimh de ar fáil maidir le láithreacht na substaintí sin sa timpeallacht uisceach. Mar threoirlíne, i gcomhréir le hAirteagal 3(6), an dara fomhír, den Treoir seo, ba cheart faireachán a dhéanamh gach 3 bliana, ach amháin i gcás ina dtugtar bonn cirt d’eatramh eile mar gheall ar eolas teicniúil agus breithiúnas saineolaithe. [Leasú 124]
3. Déanfaidh na Ballstáit faireachán le haghaidh substaintí éastraigineacha i ndobharlaigh, agus modhanna faireacháin bunaithe ar éifeacht á n‑úsáid acu, ar feadh tréimhse 2 bhliain, ón … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh siad an faireachán ceithre huaire ar a laghad le linn gach ceann den 2 bhliain ag suíomhanna ina bhfuil faireachán á dhéanamh ar na trí hormón éastraigineacha 7‑Béite éastraidé‑ól (E2), Éastrón (E1) agus Éastraidé‑ól alfa‑eitinile (EE2) a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, agus modhanna anailíseacha traidisiúnta á n‑úsáid i gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2000/60/CE agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin. Féadfaidh na Ballstáit leas a bhaint as an líonra suíomhanna faireacháin arna sainaithint chun faireacháin faireachais a dhéanamh ar dhobharlaigh dhromchla ionadaíocha i gcomhréir le pointe 1.3.1 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE.
3a. Laistigh de 12 mhí ón tréimhse dhá bhliain dá dtagraítear i mír 3, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ar iontaofacht na modhanna atá bunaithe ar éifeachtaí trí na torthaí a chur i gcomparáid leis na torthaí a fuarthas trí úsáid a bhaint as na modhanna traidisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar na trí shubstaintí éastraigineacha atá liostaithe i mír 3 in oirchill socrú féideartha spreag-luachanna bunaithe ar éifeachtaí sa todhchaí.
A luaithe a bheidh modhanna bunaithe ar éifeachtaí réidh le húsáid le haghaidh substaintí eile freisin, tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9a chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí cheanglas a chur ar na Ballstáit na modhanna bunaithe ar éifeachtaí a úsáid, i gcomhthráth le gnáthmhodhanna faireacháin, chun faireachán a dhéanamh chun láithreacht na substaintí sin i ndobharlaigh a mheas. [Leasú 125]
* Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE), (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).;’
"
(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8b:"
‘Airteagal 8b
Liosta faire
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun liosta faire substaintí a leagan síos, ag féachaint do thuarascálacha eolaíocha a ullmhaíonn ECHA, ar substaintí iad nach mór sonraí faireacháin uile-Aontais a bhailiú ó na Ballstáit ina leith agus chun na formáidí a leagan síos a bheidh le húsáid ag na Ballstáit chun torthaí an fhaireacháin sin agus faisnéis ghaolmhar a thuairisciú don Choimisiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 9(2).
Beidh deich substaint nó ngrúpacúig shubstaint nó ghrúpa substaintí ar a mhéad sa liosta faire ag aon uair amháin agus léireoidh sé na maitrísí faireacháin agus na modhanna anailíse féideartha le haghaidh gach substainte. Na maitrísí agus modhanna faireacháin sin, ní bheidh costais iomarcacha i gceist leo le haghaidh na n‑údarás inniúil. Na substaintí a bheidh le háireamh ar an liosta fairear a laghad, roghnófar iad as measc na substaintí sin a léirítear leis an bhfaisnéis atá ar fáil ina leith go bhféadfaidh riosca substaintiúil a bheith ag baint leo ar leibhéal an Aontais don timpeallacht uisceach, nó tríd an timpeallacht uisceach, agus nach leordhóthanach sonraí faireacháin lena n‑aghaidh. Beidh substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad agus a roghnófar as measc na substaintí sin a léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil ina leith, i gcomhréir freisin leis an gceathrú fomhír, go bhféadfadh siad a bheith ina mbaol suntasach ar leibhéal an Aontais don chomhshaol uisceach nó tríd an gcomhshaol uisceach, agus nach leor na sonraí faireacháin ina leith, ach amháin i gcás ina bhfuil líon na substaintí nó na ngrúpaí substaintí a léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil ina leith go bhféadfadh siad a bheith ina riosca suntasach don chomhshaol uisceach nó tríd an chomshaol uisceach níos lú na cúig agus sa chás sin, beidh na substaintí sin go léir san áireamh ar an liosta faire.
Chomh maith leis an líon íosta substaintí nó grúpa substaintí, féadfaidh táscairí truaillithe a bheith sa liosta faire freisin.
Sonrófar sa liosta faire na maitrísí faireacháin agus na modhanna anailíse a d'fhéadfaí a úsáid le haghaidh gach substainte. Na maitrísí agus modhanna faireacháin sin, ní bheidh costais iomarcacha i gceist leo le haghaidh na n-údarás inniúil. [Leasú 126]
A luaithe a shainaithneofarDéanfar modhanna faireacháin oiriúnacha le haghaidh micreaphlaistigh agus géinte frithsheasmheastachta frithmhiocróbaífrithsheasmhachta fhrithmhiocróbacha áirithe a shainaithint a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná [an chéad lá den mhí tar éis 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo]. A luaithe a shainaithneofar na modhanna faireacháin sin, áireofar na substaintí sin ar anmicreaphlaistigh agus géinte áirithe frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha sa liosta faire. Breithneoidh an Coimisiún freisin más gá sulfáití, xantáití agus meitibilítí lotnaidicídí neamhábhartha (NrManna) a chur san áireamh sa liosta chun infhaighteacht sonraí maidir lena bheith i láthair a fheabhsú i leith raon feidhme na treorach seo. [Leasú 127]
Ullmhóidh ECHA tuarascálacha eolaíocha chun cúnamh a thabhairt don Choimisiún na substaintí agus na tascairí truaillithe le haghaidh an liosta faire a roghnú, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: [Leasú 128]
(a)
torthaí an athbhreithnithe tráthrialta is déanaí ar Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo;
(b)
moltaí ó na páirtithe leasmhara dá dtagraítear in Airteagal 8 de Threoir 2008/105/CE;
(c)
Saintréithriú na gceantar abhantraí ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 5 de Threoir 2000/60/CE agus torthaí na gclár faireacháin a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 8 den Treoir sin;
(d)
faisnéis ar mhéideanna táirgeachta, patrúin úsáide, airíonna intreacha (lena n‑áirítear, i gcás inarb ábhartha, méid cáithnín), tiúchain sa chomhshaol agus éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine agus ar an timpeallacht uisceach i ndáil le substaint áirithe, lena n‑áirítear faisnéis a bhailítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006, Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, Rialachán (AE) 2019/6, Treoir 2001/83/CE agus Treoir 2009/128/CE;
(e)
tionscadail taighde agus foilseacháin eolaíocha agus fianaise, lena n-áirítear, lena n‑áirítear faisnéis faoi threochtaí agus tuartharéamhaisnéisí bunaithe ar shamhaltú nó measúnaithe réamhfháistineacha, chomh maith le faisnéis agus sonraí agus faisnéis ó theicneolaíochtaíarna bailiú ag teicneolaíochtaí cianbhraiteachta, faire na cruinne (seirbhísí Copernicus), braiteoirí agus feistí in‑situin situ, nó sonraí eolaíochta saoránach, lena ndéantar na deiseanna a thagann leiseascraíonn as an intleacht shaorga, agus anailís agus próiseáil sonraí ar ardleibhéal a ghiaráilthapú. [Leasú 129]
Gach 3 bliana, ullmhóidh ECHA tuarascáil ina dtabharfar achoimre ar thorthaí na dtuarascálacha eolaíocha a bhunaítear faoin gceathrú fomhír, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin ar fáil go poiblí. Cuirfear an chéad tuarascáil ó ECHA ar fáil faoin … [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den aonú mí agus fiche tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
2. Tabharfar an liosta faire sin cothrom le dáta faoin X [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an lá deireanach den tríú mí agus fiche tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], agus, ar a dhéanaí, gach 36 mí ina dhiaidh sin. Agus nó níos minice má thagann fianaise eolaíoch nua chun cinn a mbeadh gá leis an liosta faire á thabhairt cothrom le dáta ag an gCoimisiún, bainfidh sé aon substaint den liosta faire atá ann cheana má mheasann sé gur féidir measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann léi don timpeallacht uisceach gan sonraí faireacháin breise. Nuair a bheidh an liosta faire tugtha cothrom le dáta, féadfar substainta nuashonrú sa tréimhse idir athbhreithnithe aonair nó grúpa substaintí a choimeád ar an liosta faire ar feadh uastréimhse 3 bliana eile ar a mhéad i gcás inar gá sonraí faireacháin breise chun measúnú a dhéanamh ar an riosca don timpeallacht uisceach. Áireofar freisin ar gach liosta faire a bheidh tugtha cothrom le dáta substaint nua amháin nó níos mó a mheasann an Coimisiún, ar bhonn thuarascálacha eolaíocha ECHA, go bhféadfadh riosca a bheith ann don timpeallacht uisceach dá bharr.
Déanfaidh na Ballstáit meastóireacht gach dara bliain ar an tionchar ar cháilíocht uisce na ngníomhaíochtaí tionsclaíocha a bhaineann leis an aistriú fuinnimh agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi bhagairtí nua-aitheanta ionas go bhféadfaidh sé an liosta faire a nuashonrú dá réir. Beidh rochtain éasca ag an bpobal ar an meastóireacht.
[Leasú 130]
3. Déanfaidh na Ballstáit faireachán ar gach substaint nó ar gach grúpa substaintí sa liosta faire ag stáisiúin faireacháin ionadaíocha roghnaithe ar feadh tréimhse 24 mhí. Cuirfear tús leis an tréimhse faireacháin laistigh de 6 mhí ón tráth a chuirtear an substaint ar an liosta.
Roghnóidh gach Ballstát stáisiún faireacháin amháin ar a laghad, móide stáisiún amháin eile má tá níos mó ná 1 mhilliún cónaitheoir ann, móide an líon stáisiún atá cothrom lena limistéar geografach in km2 arna roinnt ar 60 000 (arna slánú chuig an slánuimhir is gaire), móide an líon stáisiún atá cothrom leis an daonra arna roinnt ar 5 mhilliún (arna slánú chuig an slánuimhir is gaire).
Agus na stáisiúin faireacháin ionadaíocha á roghnú, mar aon le minicíocht an fhaireacháin agus an t‑uainiút-uainiú séasúrach le haghaidh gach substainte nó grúpa substaintí, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na patrúin úsáide agus tarlú féideartha na substainte nó an ghrúpa substaintí. Déanfar an faireachánNí bheidh an mhinicíocht faireacháin níos lú ná dhá uair sa bhliain ar a laghad, ach amháin le haghaidh substaintí atá faoi réir éagsúlachtaí aeráide nó séasúracha, ar a ndéanfar faireachán níos minice. Beidh an mhinicíocht níos airde, mar a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an liosta faire arna ghlacadh de bhun mhír 1, le haghaidh substaintí atá faoi réir éagsúlachtaí aeráide, lena n-áirítear báisteach, agus le haghaidh substaintí ar dóigh dóibh buaicphointe a dtiúchan a bhaint amach thar thréimhsí gearra mar thoradh ar luaineachtaí séasúracha in úsáid na substaintí sin. [Leasú 131]
I gcás ina mbeidh Ballstát in ann sonraí faireacháin ionadaíocha, inchomparáide, leordhóthanacha a taifeadadh le déanaí a ghiniúint agus a sholáthar don Choimisiún i ndáil le substaint áirithe nó grúpa substaintí áirithe ó chláir nó ó staidéir faireacháin atá ann cheana, féadfaidh sé cinneadh a dhéanamh gan faireachán breise a dhéanamh faoin sásra liosta faire le haghaidh na substainte sin nó an ghrúpa substaintí sin, ar choinníoll go ndearnadh faireachán ar an tsubstaint sin nó ar an ngrúpa substaintí sin agus modheolaíocht á húsáid lena gcomhlíontar na maitrísí faireacháin agus na modhanna anailíse dá dtagraítear sa ghníomh cur chun feidhme lenar bunaíodh an liosta faire, chomh maith le Treoir 2009/90/CE*.
4. Cuirfidh na Ballstáit torthaí an fhaireacháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 8(4) de Threoir 2000/60/CE agus leis an ngníomh cur chun feidhme lenar bunaíodh an liosta faire arna ghlacadh de bhun mhír 1. Cuirfidh siad faisnéis ar fáil freisin faoi ionadaíochas na stáisiún faireacháin agus faoin straitéis faireacháin.
5. Déanfaidh ECHA athbhreithniú ar na torthaí faireacháin ag deireadh na tréimhse 24 mhí dá dtagraítear i mír 3 agus déanfaidh sé measúnú ar na substaintí nó ar na grúpaí substaintí is gá faireachán a dhéanamh orthu ar feadh tréimhse 24 mhí eile agus dá bhrí sin atá le coimeád ar an liosta faire agus cé na substaintí nó na grúpaí substaintí is féidir a bhaint den liosta faire.
I gcás inarb é conclúid an Choimisiúin, ag féachaint don mheasúnú arna dhéanamh ag ECHA dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nach gá aon fhaireachán eile a dhéanamh chun tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar an riosca don timpeallacht uisceach, cuirfear an measúnú sin san áireamh san athbhreithniú ar Iarscríbhinn I nó II dá dtagraítear in Airteagal 8.’
* Treoir 2009/90/CE ón gCoimisiún an 31 Iúil 2009 lena leagtar síos, de bhun Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sonraíochtaí teicniúla maidir le hanailís cheimiceach agus faireachán a dhéanamh ar stádas an uisce (IO L 201, 1.8.2009, lch. 36).;’
"
(7a) Cuirtear isteach an t-Airteagal 8ba seo a leanas:"
“Airteagal 8ba
Tráth nach déanaí ná ... [bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo], tíolacfaidh an Coimisiún measúnú tionchair lena scrúdófar sásra um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí lena áirithiú go ndéanfaidh táirgeoirí a chuireann táirgí ar an margadh ina bhfuil aon cheann de na substaintí nó na comhdhúile atá liostaithe in Iarscríbhinn I, chomh maith le substaintí ar ábhar imní atá ag teacht chun cinn iad atá ar an liosta faire faoin Treoir seo, rannchuidiú leis na costais a bhaineann leis na cláir faireacháin arna gceapadh faoi Airteagal 8 de Threoir 2000/60/CE. Beidh togra reachtach chun an Treoir seo a athbhreithniú in éineacht leis an measúnú tionchair, i gcás inarb iomchuí. [Leasú 132]”
"
(7b) cuirtear an t-Airteagal seo a leanas isteach:"
“Airteagal 8bb
Saoráid faireacháin Eorpach
Déanfaidh an Coimisiún … [bliain amháin tar éis dháta theacht i bhfeidhm na treorach seo], saoráid chomhpháirteach faireacháin a bhunú chun na ceanglais faireacháin a bhainistiú nuair a iarrann na Ballstáit amhlaidh.
Saineoidh an Coimisiún feidhmiú na saoráide faireacháin, lena cumhdófar, inter alia, an méid seo a leanas:
(a)
cineál deonach úsáid na saoráide faireacháin, rud a bheidh gan dochar do na socruithe atá curtha i bhfeidhm cheana féin ag na Ballstáit;
(b)
na nósanna imeachta oibríochtúla do Bhallstáit a bhfuil sé beartaithe acu úsáid a bhaint as an tsaoráid faireacháin, lena n-áireofar, inter alia, an fógra is gá don Choimisiún, a riachtanais nó a gcumas faireacháin beachta, na prótacail bheachta maidir le bainistíocht samplaí, chomh maith leis an bhfad ama atá beartaithe acu fanacht mar chuid den sásra;
(c)
na foinsí cistiúcháin, a bhféadfaidh cistí agus cláir struchtúracha ábhartha an Aontais a áireamh, chomh maith le ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach, lena n-áirítear faoin sásra um fhreagracht leathnaithe táirgeoirí, a luaithe a chuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le hAirteagal 8ba. [Leasú 133]”
"
(8) cuirtear an tAirteagal 8d seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 8d
Truailleáin a Bhaineann go Sonrach le hAbhantracha
1. Leagfaidh na Ballstáit EQS síos maidir leis na truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a chumhdaítear leis na catagóirí a liostaítear i gCuid A d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo, i gcás ina mbíonn riosca i gceist leis na truailleáin sin do dhobharlaigh i gceann amháin nó níos mó dá gceantair abhantraí bunaithe ar na hanailísí agus na hathbhreithnithe faoi Airteagal 5 de Threoir 2000/60/AE, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo.
Cuirfidh na Ballstáit ECHA ar an eolas faoi EQS dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Cuirfidh ECHA an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí.
2. I gcás inar bunaíodh EQS le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha ar leibhéal an Aontais agus go liostaítear iad i gCuid C d’Iarscríbhinn II, i gcomhréir le hAirteagal 8, tabharfar tús áite do na EQS sin thar EQS le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha arna leagan síos ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le mír 1. Cuirfidh na Ballstáit EQS arna leagan síos ar leibhéal an Aontais i bhfeidhm freisin chun a fháil amach an bhfuil riosca i gceist leis na truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha a liostaítear i gCuid C d’Iarscríbhinn II nó nach bhfuil.
3. Is gá EQS náisiúnta is infheidhme nó EQS arna leagan síos ar leibhéal an Aontais, i gcás inarb ábhartha, a chomhlíonadh chun dea‑stádas ceimiceach a bheith ag dobharlach, i gcomhréir leis an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 2(24) de Threoir 2000/60/CE.;
3a. Agus EQS á socrú agus á gcur i bhfeidhm acu maidir le truailleáin shonracha abhantraí, féadfaidh na Ballstáit bith-infhaighteacht miotail a chur san áireamh. [Leasú 134]’
"
(8a) In Airteagal 9a, leasaítear mír 2 mar a leanas:"
‘2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 3(8), Airteagal 8(3), (6a), (6b) agus Airteagal 8a(3a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 6 bliana ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = dáta theacht i bhfeidhm na Treorach seo]. Déanfaidh an Coimisiún, 9 mí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse 6 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.’ [Leasú 135]”
"
(8b) In Airteagal 9a, leasaítear mír 3 mar a leanas:"
‘3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3(8), Airteagal 8(3), (6a), (6b) agus Airteagal 8a(3a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.’ [Leasú 136]”
"
(8c) In Airteagal 9a, cuirtear isteach mír 3a:"
‘3a. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.' [Leasú137]”
"
(8d) Leasaítear Airteagal 9a, mír 5, mar a leanas:"
‘5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 3(8), Airteagal 8(3), (6a), (6b) nó Airteagal 8a(3a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.' [Leasú 138]”
"
(9) Scriostar Airteagal 10;
(10) Leasaítear Iarscríbhinn I i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir seo;
(11) Cuirtear Iarscríbhinn II leis, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir seo.
Airteagal 4
1. Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a thabhairt i bhfeidhm faoin [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 18 mí tar éis dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo].
2. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach. Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún
Airteagal 5
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 6
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna dhéanamh sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN I
Leasaítear Iarscríbhinn V a ghabhann le Treoir 2000/60/CE mar a leanas:
(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí 1.1.1 go 1.1.4:
“1.1.1. Aibhneacha
Eilimintí bitheolaíocha
Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhlóra uiscigh
Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhána inveirteabraigh bheantaigh
Comhdhéanamh, líonmhaireacht agus struchtúr aoise an fhána éisc
Eilimintí hidreamoirfeolaíochta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha
Córas hidreolaíoch
cainníocht agus dinimic an tsreafa uisce
nasc le dobharlaigh screamhuisce
Leanúnachas abhann
Dálaí moirfeolaíocha
éagsúlacht i ndoimhneacht agus i leithead abhann
struchtúr agus substráit ghrinneall na habhann
struchtúr an chreasa bhruachánaigh
Eilimintí fisiciceimiceacha ginearálta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha
Dálaí teirmeacha
Dálaí ocsaiginithe
Salandacht
Stádas aigéadúcháin
Dálaí cothaitheach
1.1.2. Lochanna
Eilimintí bitheolaíocha
Comhdhéanamh, líonmhaireacht agus bithmhais an fhíteaplanctóin
Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhlóra uiscigh eile
Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhána inveirteabraigh bheantaigh
Comhdhéanamh, líonmhaireacht agus struchtúr aoise an fhána éisc
Eilimintí hidreamoirfeolaíochta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha
Córas hidreolaíoch
cainníocht agus dinimic an tsreafa uisce
aga cónaithe
nasc leis an dobharlach screamhuisce
Dálaí moirfeolaíocha
éagsúlacht i ndoimhneacht locha
cainníocht, struchtúr agus substráit ghrinneall an locha
struchtúr an chladaigh locha
Eilimintí fisiciceimiceacha ginearálta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha
Trédhearcacht
Dálaí teirmeacha
Dálaí ocsaiginithe
Salandacht
Stádas aigéadúcháin
Dálaí cothaitheach
1.1.3. Uiscí trasdultacha
Eilimintí bitheolaíocha
Comhdhéanamh, líonmhaireacht agus bithmhais an fhíteaplanctóin
Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhlóra uiscigh eile
Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhána inveirteabraigh bheantaigh
Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhána éisc
Eilimintí hidreamoirfeolaíochta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha
Dálaí moirfeolaíocha
éagsúlacht i ndoimhneacht
cainníocht, struchtúr agus substráit an ghrinnill
struchtúr an chreasa idirthaoidigh
Córas taoidí
sreabhadh fionnuisce
neamhchosaint ar thonn
Eilimintí fisiciceimiceacha ginearálta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha
Trédhearcacht
Dálaí teirmeacha
Dálaí ocsaiginithe
Salandacht
Dálaí cothaitheach
1.1.4. Uiscí cósta
Eilimintí bitheolaíocha
Comhdhéanamh, líonmhaireacht agus bithmhais an fhíteaplanctóin
Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhlóra uiscigh eile
Comhdhéanamh agus líonmhaireacht an fhána inveirteabraigh bheantaigh
Eilimintí hidreamoirfeolaíochta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha
Dálaí moirfeolaíocha
éagsúlacht i ndoimhneacht
struchtúr agus substráit an ghrinnill cósta
struchtúr an chreasa idirthaoidigh
Córas taoidí
treo na sruthanna ceannasacha
neamhchosaint ar thonn
Eilimintí fisiciceimiceacha ginearálta a thacaíonn leis na heilimintí bitheolaíocha
Trédhearcacht
Dálaí teirmeacha
Dálaí ocsaiginithe
Salandacht
Dálaí cothaitheach.;”
(2) i bpointe 1.2.1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Eilimintí cáilíochta fisiceimiceacha’:
“Eilimintí ginearálta cáilíochta fisiciceimicí
Gné
Stádas ard
Stádas maith
Stádas measartha
Dálaí ginearálta
Comhfhreagraíonn luacha na n‑eilimintí ginearálta fisiciceimiceacha go hiomlán nó beagnach go hiomlán do dhálaí neamhshuaite. Fanann tiúcháin cothaitheach laistigh den ghnáthraon atá bainteach le dálaí neamhshuaite. Ní thaispeántar comharthaí na suaiteachta antrapaiginí sna leibhéil salandachta, pH, cothromaíocht na hocsaigine, cumas neodraithe aigéad agus teocht; agus fanann siad laistigh den ghnáthraon atá bainteach le dálaí neamhshuaite.
Ní bhaineann an teocht, cothromaíocht na hocsaigine, an pH, an cumas neodraithe aigéid agus an tsalandacht amach leibhéil atá lasmuigh den raon a bhunaítear le feidhmiú an éiceachórais chineálsonraigh a áirithiú agus leis na luachanna thuas‑sonraithe a bhaint amach le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche. Ní sháraíonn tiúcháin cothaitheach na leibhéil a bhunaítear le feidhmiú an éiceachórais a áirithiú agus leis na luachanna thuas‑sonraithe a bhaint amach le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche.
Dálaí atá comhsheasmhach le baint amach na luachanna thuas‑sonraithe le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche.’;
’”
(3) i bpointe 1.2.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Eilimintí cáilíochta fisiceimiceacha’:
“Eilimintí ginearálta cáilíochta fisiciceimicí
Gné
Stádas ard
Stádas maith
Stádas measartha
Dálaí ginearálta
Comhfhreagraíonn luacha na n‑eilimintí ginearálta fisiciceimiceacha go hiomlán nó beagnach go hiomlán do dhálaí neamhshuaite. Fanann tiúcháin cothaitheach laistigh den ghnáthraon atá bainteach le dálaí neamhshuaite. Ní thaispeántar comharthaí na suaiteachta antrapaiginí sna leibhéil salandachta, pH, cothromaíocht na hocsaigine, cumas neodraithe aigéad, trédhearcacht agus teocht; agus fanann siad laistigh den ghnáthraon atá bainteach le dálaí neamhshuaite.
Ní bhaineann an teocht, cothromaíocht na hocsaigine, an pH, an cumas neodraithe aigéid, an trédhearcacht agus an tsalandacht amach leibhéil atá lasmuigh den raon a bhunaítear le feidhmiú an éiceachórais chineálsonraigh a áirithiú agus leis na luachanna thuas‑sonraithe a bhaint amach le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche. Ní sháraíonn tiúcháin cothaitheach na leibhéil a bhunaítear le feidhmiú an éiceachórais a áirithiú agus leis na luachanna thuas‑sonraithe a bhaint amach le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche.
Dálaí atá comhsheasmhach le baint amach na luachanna thuas‑sonraithe le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche.’;
’”
(4) i bpointe 1.2.3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Eilimintí cáilíochta fisiceimiceacha’:
“Eilimintí ginearálta cáilíochta fisiciceimicí
Gné
Stádas ard
Stádas maith
Stádas measartha
Dálaí ginearálta
Comhfhreagraíonn na heilimintí ginearálta fisiciceimiceacha go hiomlán nó beagnach go hiomlán do dhálaí neamhshuaite. Fanann tiúcháin cothaitheach laistigh den ghnáthraon atá bainteach le dálaí neamhshuaite. Ní thaispeántar comharthaí den suaitheadh antrapaigineach sa teocht, i gcothromaíocht na hocsaigine agus sa trédhearcacht, agus tá siad ag fanacht laistigh den ghnáthraon atá bainteach le dálaí neamhshuaite.
Ní bhaineann an teocht, na dálaí ocsaiginithe agus an trédhearcacht amach leibhéil atá lasmuigh de na raonta a bhunaítear le feidhmiú an éiceachórais a áirithiú agus leis na luachanna thuas‑sonraithe a bhaint amach le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche. Ní sháraíonn tiúcháin cothaitheach na leibhéil a bhunaítear le feidhmiú an éiceachórais a áirithiú agus leis na luachanna thuas‑sonraithe a bhaint amach le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche.
Dálaí atá comhsheasmhach le baint amach na luachanna thuas‑sonraithe le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche.’;
’”
(5) i bpointe 1.2.4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Eilimintí cáilíochta fisiceimiceacha’:
“ ‘Eilimintí ginearálta cáilíochta fisiciceimicí
Gné
Stádas ard
Stádas maith
Stádas measartha
Dálaí ginearálta
Comhfhreagraíonn na heilimintí ginearálta fisiciceimiceacha go hiomlán nó beagnach go hiomlán do dhálaí neamhshuaite. Fanann tiúcháin cothaitheach laistigh den ghnáthraon atá bainteach le dálaí neamhshuaite. Ní thaispeántar comharthaí den suaitheadh antrapaigineach sa teocht, i gcothromaíocht na hocsaigine agus sa trédhearcacht, agus tá siad ag fanacht laistigh de na gnáthraonta atá bainteach le dálaí neamhshuaite.
Ní bhaineann an teocht, na dálaí ocsaiginithe agus an trédhearcacht amach leibhéil atá lasmuigh de na raonta a bhunaítear le feidhmiú an éiceachórais a áirithiú agus leis na luachanna thuas‑sonraithe a bhaint amach le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche. Ní sháraíonn tiúcháin cothaitheach na leibhéil a bhunaítear le feidhmiú an éiceachórais a áirithiú agus leis na luachanna thuas‑sonraithe a bhaint amach le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche.
Dálaí atá comhsheasmhach le baint amach na luachanna thuas‑sonraithe le haghaidh na n‑eilimintí cáilíochta bitheolaíche.’;
’”
(6) i bpointe 1.2.5, leasaítear an tábla mar a leanas:
(a) scriostar an cúigiú sraith don iontráil ‘Truailleáin shonracha shintéiseacha’;
(b) scriostar an séú sraith don iontráil ‘Truailleáin shonracha neamhshintéiseacha’;
(c) scriostar an seachtú sraith do nóta tábla (1);
(7) scriostar pointe 1.2.6;
(8) i bpointe 1.3, cuirtear isteach an ceathrú agus an cúigiú mír seo a leanas:
‘I gcás ina mbaineann an líonra faireacháin le faire na cruinne agus an chianbhraiteacht seachas pointí samplála logánta , nó le teicnící nuálacha eile, áireofar ar an léarscáil den líonra faireacháin faisnéis maidir leis na heilimintí cáilíochta agus na dobharlaigh nó na grúpaí dobharlach ar a ndearnadh faireachán le modhanna faireacháin den sórt sin. Déanfar tagairt do CEN, ISO, agus caighdeáin idirnáisiúnta nó náisiúnta eile a cuireadh i bhfeidhm lena áirithiú go mbíonn na sonraí ama agus spásúla a fhaightear chomh hiontaofa agus na cinn a fhaightear trí mhodhanna faireacháin traidisiúnta a úsáid ag pointí samplála logánta.
Féadfaidh Ballstáit modhanna samplála éighníomhacha a chur i bhfeidhm le faireachán a dhéanamh ar thruailleáin cheimiceacha, i gcás inarb iomchuí, go háirithe ar mhaithe le cuspóirí scagtha, ar an gcoinníoll nach ndéantar gannmheastachán leis na modhanna samplála sin ar thiúchain na dtruailleán a bhfuil feidhm ag caighdeáin cáilíochta comhshaoil maidir leo, agus ‘teip chun stádas maith a bhaint amach’ a shainaithint go hiontaofa, agus go ndéantar anailís cheimiceach ar shamplaí uisce, bithra nó dríodair, de réir na gcaighdeán cáilíochta comhshaoil a chuirtear i bhfeidhm, cibé áit ina mbreathnaítear teip den sórt sin. Féadfaidh Ballstáit modhanna samplála bunaithe ar éifeacht a chur i bhfeidhm freisin faoi réir na ndálaí céanna.;’
(9) i bpointe 1.3.1., an mhír dheireanach, cuirtear an méid seo a leanas in ionad ‘Roghnú eilimintí cáilíochta’:
‘Roghnú na n‑eilimintí cáilíochta
Déanfar an faireachán faireachais le haghaidh gach suíomh faireacháin go ceann thréimhse 1 bhliain amháin le linn na tréimhse a chumhdaítear le plean bainistíochta abhantraí. Cumhdófar leis an bhfaireachán faireachais an méid seo a leanas:
(a) paraiméadair lena dtásctar gach eilimint cáilíochta bitheolaíche;
(b) paraiméadair lena dtásctar gach eilimint cáilíochta hidreamoirfeolaíochta;
(c) paraiméadair lena dtásctar gach eilimint cáilíochta fisiciceimicí;
(d) truailleáin ar an liosta tosaíochta a sceitear nó a dheasctar ar bhealach eile amach san abhantrach nó san fho‑abhantrach;
(e) truailleáin eile a sceitear nó a dheasctar ar bhealach eile i gcainníochtaí suntasacha san abhantrach nó san fho‑abhantrach.
I gcás inar léiríodh sa chleachtadh faireacháin faireachais roimhe seo gur shroich an dobharlach stádas maith áfach, agus nach bhfuil aon fhianaise ón athbhreithniú faoi thionchar na gníomhaíochta daonna dá dtagraítear in Iarscríbhinn II go bhfuil athrú tagtha ar na tionchair ar an dobharlach, déanfar an faireachán faireachais uair amháin le linn na tréimhse a chlúdaítear le trí phlean bainistíochta abhantraí as a chéile.;’
(10) leasaítear pointe 1.3.2 mar a leanas:
(a) sa tríú mír, ‘Roghnú na suíomhanna faireacháin’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Déanfar faireachán oibríochtúil le haghaidh na ndobharlach sin uile a shainaithnítear ar bhonn an mheasúnaithe tionchair a dhéantar i gcomhréir le hIarscríbhinn II nó an fhaireacháin faireachais de bheith i mbaol na mainneachtana a gcuspóir comhshaoil a chomhlíonadh de réir Airteagal 4 agus le haghaidh na ndobharlach sin a sceitear nó a dheasctar ar bhealach eile substaintí ar an liosta tosaíochta amach iontu nó a sceitear nó a dheasctar ar bhealach eile truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantrach amach iontu i gcainníochtaí suntasacha.;
(b) sa cheathrú mír, ‘Roghnú na n‑eilimintí cáilíochta’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:
‘– gach substaint tosaíochta a sceitear nó a dheasctar ar bhealach eile amach i ndobharlaigh agus gach truailleán a bhaineann go sonrach le habhantrach a sceitear nó a dheasctar ar bhealach eile amach i ndobharlaigh i gcainníochtaí suntasacha.;’
10a. I bpointe 1.3.4, leasaítear mír (4) mar a leanas:
“Roghnófar minicíochtaí faireacháin, agus méadófar iad más gá, chun éagsúlacht na bparaiméadar a eascraíonn as dálaí nádúrtha agus antrapaigineacha araon a chur san áireamh. Ina theannta sin, roghnófar na hamanna ag a ndéanfar faireachán chun tionchar na luaineachtaí séasúracha in úsáid substaintí agus na héagsúlachta i leibhéil an uisce ar an measúnú stádais agus ar an gcaoi sin a áirithiú go léireoidh na torthaí athruithe sa dobharlach de bharr brú antrapaigineach agus de bharr athraithe aeráide. Maidir le substaintí tosaíochta atá íogair d’éagsúlachtaí aeráide agus substaintí tosaíochta ar dócha go dtiocfaidh buaicphointe a dtiúchan thar thréimhsí gearra mar thoradh ar luaineachtaí séasúracha in úsáid na substaintí sin, déanfar an faireachán níos minice ná mar a dhéantar i gcás substaintí eile. [Leasú 139]”
(11) i bpointe 1.3.4, an tábla, an séú sraith faoin gceannteideal ‘Fisiciceimiceach’, cuirtear ‘Truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantrach’ in ionad na bhfocal ‘Truailleáin eile’;
(12) leasaítear pointe 1.4.1 mar a leanas:
(a) i bpointe (vii), scriostar an dara habairt.;
(b) scriostar pointe (viii);
(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ix):
‘(ix) Torthaí an chleachtaidh idirchalabrúcháin agus na luachanna a bhunaítear le haghaidh aicmí chóras faireacháin an Bhallstáit i gcomhréir le pointí (i) go (viii), foilseofar laistigh de 6 mhí iad ó ghlacadh an ghnímh tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20.;’
(13) i bpointe 1.4.2, scriostar pointe (iii);
(14) i bpointe 1.4.3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Taifeadfar baint amach stádais mhaithe cheimicigh i ndobharlach i gcás inar comhlíontach le gach caighdeán cáilíochta comhshaoil é a shocraítear i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE agus leis na caighdeáin cáilíochta comhshaoil a bhunaítear de bhun Airteagail 8 agus 8d den Treoir sin.;’
(15) i bpointe 2.2.1., cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘I gcás ina mbaineann modhanna faire na cruinne nó cianbhraiteachta seachas pointí samplála logánta leis an líonra faireacháin, nó ina mbaineann teicnící nuálacha eile leis, déanfar tagairt do CEN, ISO, nó do chaighdeáin idirnáisiúnta nó náisiúnta eile a cuireadh i bhfeidhm lena áirithiú go mbíonn na sonraí ama agus spásúla a fhaightear chomh hiontaofa agus na cinn a fhaightear trí mhodhanna faireacháin traidisiúnta a úsáid ag pointí samplála logánta.;’
(16) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.3.2:
“2.3.2. ‘Sainiú ar stádas maith ceimiceach screamhuisce
Gnéithe
Stádas maith
Ginearálta
Ciallaíonn cineál an chomhdhéanaimh cheimicigh atá ag an dobharlach screamhuisce nach ndéanann na dtiúchan truailleán: — mar a shonraítear thíos, éifeachtaí a thaispeáint ó ionsánna sáile ná eile — na caighdeáin cáilíochta screamhuisce a shárú, dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE, na luachanna tairsí le haghaidh thruailleáin screamhuisce agus tháscairí truaillithe a shocraítear de bhun Airteagal 3(1), pointe (b), den Treoir sin agus de luachanna tairsí ar fud an Aontais a shocraítear de bhun Airteagal 8(3) den Treoir sin — difríocht go mainneofaí dá dtoradh na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach a shonraítear faoi Airteagal 4 le aghaidh uiscí dromchla gaolmhara ná go ndéanfar aon laghdú suntasach ar cháilíocht éiceolaíochta nó cheimiceach dobharlach den sórt sin ná go ndéanfar aon damáiste suntasach d’éiceachórais talún a bhraitheann go díreach ar an dobharlach screamhuisce
Seoltacht
Ní tásc ar an tsalandacht ná ar ionsá eile amach sa dobharlach screamhuisce iad athruithe sa tseoltacht’;
’”
(17) i bpointe 2.4.1., cuirtear an mhír seo a leanas leis:
‘I gcás ina mbaineann faire na cruinne nó an chianbhraiteacht seachas pointí samplála logánta leis an líonra faireacháin, nó ina mbaineann teicnící nuálacha eile leis, déanfar tagairt do CEN, ISO, nó do chaighdeáin idirnáisiúnta nó náisiúnta eile a cuireadh i bhfeidhm lena áirithiú go mbíonn na sonraí ama agus spásúla a fhaightear chomh hiontaofa agus na cinn a fhaightear trí mhodhanna faireacháin traidisiúnta a úsáid ag pointí samplála logánta.;’
(18) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.4.5:
“2.4.5. Léirmhíniú agus cur i láthair stádas ceimiceach an screamhuisce
Agus measúnú á dhéanamh ar stádas ceimiceach an screamhuisce, déanfar torthaí na bpointí faireacháin aonair laistigh de dhobharlach screamhuisce a chomhiomlánú don dobharlach ina iomláine. Déanfar meánluach thorthaí an fhaireacháin ag gach pointe sa dobharlach screamhuisce nó sa ghrúpa dobharlach a ríomh le haghaidh na bparaiméadar seo a leanas:
(a) paraiméadair cheimiceacha dá bhfuil caighdeáin cháilíochta socraithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/118/CE;
(b) paraiméadair cheimiceacha dá bhfuil tairseacha náisiúnta socraithe de bhun Airteagal 3(1), pointe (b), de Threoir 2006/118/CE;
(c) paraiméadair cheimiceacha dá bhfuil tairseacha ar fud an Aontais socraithe de bhun Airteagal 8(3) de Threoir 2006/118/CE.
Úsáidfear na meánluachanna dá dtagraítear sa chéad mhír chun comhlíontacht le stádas maith screamhuisce a léiriú, a shainítear faoi threoir na gcaighdeán cáilíochta agus na luachanna tairsí dá dtagraítear sa chéad mhír.
Faoi réir pointe 2.5, soláthróidh Ballstáit léarscáil de stádas ceimiceach an screamhuisce, arna dathchódú mar a leanas:
Go maith: glas
Go dona: dearg
Tabharfaidh Ballstáit le fios freisin trí phonc dubh ar an léarscáil freisin, na dobharlaigh screamhuisce sin atá faoi réir threocht shuntasach agus mharthanach suasthreochtaí suntasacha agus marthanacha aníos, lena n-áirítear treochtaí séasúracha aníos de bharr, inter alia, sceitheadh íseal dobharlaigh, ó thaobh tiúchain d’aon truailleán atá de thoradh tionchar na gníomhaíochta daonna. Is le ponc gorm ar an léarscáil a thabharfar iompú treochta le fios. [Leasú 140]
Cuirfear na léarscáileanna seo san áireamh leis na pleananna bainistíochta abhantraí..”
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Treoir 2000/60/CE mar a leanas:
(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 10:
‘10. Ábhair ar fuaidreamh, lena n‑áirítearn-áirítear micreaphlaistigh/nanaphlaistigh., chomh maith le hábhair is eol go n-eascraíonn micrea- nó nanaplaistigh astu; [Leasú 141]’
(2) cuirtear isteach pointe 13:
’13. Miocrorgánaigh, géinte nó ábhar géiniteach ina léirítear láithreacht miocrorgánach atá frithsheasmhach in aghaidh oibreáin fhrithmhiocróbacha, go háirithe miocrorgánaigh atá pataigineach don duine nó don bheostoc..’
IARSCRÍBHINN III
“IARSCRÍBHINN I
CAIGHDEÁIN CHÁILÍOCHTA SCREAMHUISCE (QS)
Nóta 1: Beidh feidhm ag QS do na truailleáin a liostaítear faoi iontrálacha 3 go 7 ó…[Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach an dáta = an chéad lá den mhí i ndiaidh 186 mí tar éis theacht i bhfeidhm na Treorach leasaithí seo], leis an aidhm stádas ceimiceach maith uisce a bhaint amach ar a dhéanaí faoin 22 Nollaig 2033. [Leasú 142]
I gcás limistéar screamhuisce ar leith, go háirithe limistéar screamhuisce atá suite sa ghréasán éiceolaíoch de limistéir chaomhantais speisialta faoi Threoir 92/43/CEE ón gComhairle, go meastar go bhféadfadh sé gurb é an toradh a bheadh ar na caighdeáin cháilíochta screamhuisce mainneachtain na cuspóirí comhshaoil a shonraítear in Airteagal 4 de Threoir 2000/60/CE a bhaint amach maidir le dobharlaigh ghaolmhara uisce dromchla, nó aon mheathlú suntasach ar cháilíocht éiceolaíoch nó cheimiceach na ndobharlach sin, nó aon damáiste suntasach do screamhuisce nó d’éiceachórais talún a bhraitheann go díreach ar an limistéar screamhuisce sin, bunófar luachanna tairsí níos déine i gcomhréir le hAirteagal 3 agus le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo. Na cláir agus na bearta is gá i ndáil leis na luachanna tairsí sin, beidh feidhm acu freisin maidir le gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Threoir 91/676/CEE. [Leasú 143]
(1)
(2)
(3)
(4)
(5)
(6)
[Iontráil] Uimhir
Ainm na substainte
Catagóir substaintí
Uimhir CAS (1)
Uimhir AE (2)
Caighdeán Cáilíochta (3) [µg/l mura dtugtar a mhalairt le fios]
1
Níotráití
Cothaithigh
neamhbhainteach
neamhbhainteach
50 mg/l
2 [Leasú 144]
Substaintí gníomhacha i lotnaidicídí, lena n‑áirítear a meitibilití, táirgí díghrádúcháin agus imoibriúcháin ábhartha (4)
Lotnaidicídí
neamhbhainteach
neamhbhainteach
0,10,05(aonair) (4a)
0,50,25 (iomlán) (5)
3
Substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS) – suim na 24 (6)
Substaintí tionsclaíocha
Féach an nóta le tábla 6
Féach an nóta le tábla 6
0.0044(7)
3a. [Leasú 145]
Iomlán PFAS
Substaintí tionsclaíocha
neamhbhainteach
neamhbhainteach
(7a)
4 [Leasú 146]
Carbamasaipín
Earraí cógaisíochta
298-46-4
neamhbhainteach
00,025
5
Sulfaimeatocsasól
Earraí cógaisíochta
723-46-6
neamhbhainteach
0,01
6 [Leasú 147]
Substaintí cógaisíochta gníomhacha – iomlán (8)
Earraí cógaisíochta
neamhbhainteach
neamhbhainteach
0,25
7 [Leasú 148]
Meitibilítí neamhábhartha na lotnaidicídí (nrManna)
Lotnaidicídí
neamhbhainteach
neamhbhainteach
0,1 (aonair)
0,(iomlán) (12)
(1) CAS: Uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha.
(2) Uimhir AE: Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) nó Liosta Eorpach na Substaintí Ceimiceacha faoina dTugtar Fógra (ELINCS).
(3) Sloinntear an paraiméadar QS mar mheánluach bliantúil. Mura sonraítear a mhalairt, tá feidhm aige maidir le comhchruinniú iomlán na substaintí agus na n‑isiméirí uile.
(4) Ciallaíonn ‘lotnaidicídí’ táirgí cosanta plandaí agus táirgí bithicíde dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil sa mhargadh agus a úsáid, faoi seach.
4a. Ní bheidh feidhm ag an luach tairsí sin ach amháin go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú.
(5) Ciallaíonn ‘iomlán’ suim na lotnaidicídí aonair a bhraitear agus a chainníochtaítear sa nós imeachta faireacháin, lena n‑áirítear a meitibilítí, táirgí díghrádúcháin agus imoibriúcháin ábhartha. Ní bheidh feidhm ag an luach tairsí atá socraithe do shuim na lotnaidicídí aonair go léir ach amháin go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú. [Leasú 144]
(7) Tagraítear le QS do shuim na 24 PFAS a liostaítear i bhfonóta 6 a shloinntear mar choibhéisí PFAS ar bhonn neartúlachtaí na substaintí i gcoibhneas le neartúlacht PFOA, i.e. na RPFanna i bhfonóta 6.
7a. Socróidh an Coimisiún an caighdeán cáilíochta trí ghníomh tarmligthe. [Leasú 145]
(8) Ciallaíonn ‘iomlán’ suim gach earra cógaisíochta aonair a bhraitear agus a chainníochtaítear sa nós imeachta faireacháin, lena n‑áirítear gach meitibilít agus táirge díghrádúcháin ábhartha.
(9) Is infheidhme maidir le nrManna atá ar bheagán sonraí, i.e. nrManna nach bhfuil sonraí turgnamhacha iontaofa maidir le héifeachtaí géara ná ainsealacha ar fáil dóibh i ndáil leis an ngrúpa tacsanomaíochta a ndéantar tuar muiníneach gurb é is íogaire.
(10) Is infheidhme maidir le nrManna atá ar mhéid réasúnta sonraí, i.e. nrManna dá bhfuil sonraí turgnamhacha iontaofa ar fáil i ndáil leis an ngrúpa tacsanomaíochta a ndéantar tuar muiníneach gurb é is íogaire, ach i gcás nach bhfuil sonraí leordhóthanacha ann chun na substaintí a cháiliú mar ‘ar mhórán sonraí’.
(11) Is infheidhme maidir le nrManna atá ar mhórán sonraí, i.e. nrManna dá bhfuil sonraí turgnamhacha iontaofa ar fáil, a fhaightear trí mhodhanna malartacha ar a ndéantar bailíochtú eolaíochta, maidir le héifeachtaí ainsealacha nó géara an nrManna ar speiceas amháin ar a laghad de gach alga, d’inveirteabraigh, agus d’éisc, rud a cheadaíonn do dheimhniú muiníneach an ghrúpa tacsanomaíochta is íogaire, agus dár féidir QS a ríomh trí chur chuige cinntitheach a úsáid a bhunaítear ar shonraí tocsaineachta ainsealacha iontaofa faoin ngrúpa tacsanomaíochta sin; Féadfaidh Ballstáit an treoraíocht is déanaí a chur i bhfeidhm chun na críche sin a bhunaítear faoi chuimsiú na Comhstraitéise Cur chun Feidhme um Threoir 2000/60/CE (Treoirdhoiciméad Uimh. 27, arna thabhairt cothrom le dáta). Beidh feidhm ag QS 2.5 do nrManna aonair murab airde é QS a ríomhtar leis an gcur chuige cinntitheach, ina mbeidh feidhm ag QS 5 sa chás sin.
(12) Ciallaíonn ‘iomlán’ suim gach nrM aonair i ngach catagóir sonraí a bhraitear agus a chainníochtaítear sa nós imeachta faireacháin.”
IARSCRÍBHINN IV
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2006/118/CE mar a leanas:
(1) i gcuid A, cuirtear isteach an mhír seo a leanas tar éis na chéad mhíre:
‘Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh údaráis inniúla an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán ECHA ar an eolas faoi luachanna tairsí maidir le truailleáin agus táscairí truaillithe. Foilseoidh ECHA an fhaisnéis sin gan mhoill.;’
(1a) i gCuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
“Liosta íosta truailleán agus a dtáscairí nach mór do na Ballstáit luachanna tairsí a bhunú ina leith i gcomhréir le hAirteagal 3. [Leasú 149]”
(2) i gcuid B, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:
‘2. Substaintí sintéiseacha de dhéantús an duine
Primeadón
Tríchlóireitiléin
Teitreaclóireitiléin’
(3) i gCuid C, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘Faisnéis atá le soláthar ag Ballstáit a mhéid a bhaineann leis na truailleáin agus a dtáscairí dá bhfuil luachanna tairsí bunaithe ag na Ballstáit;’
(4) cuirtear leis Cuid D seo a leanas:
“Cuid D
Taisclann de luachanna tairsí comhchuibhithe le haghaidh thruailleáin screamhuisce ar ábhar imní ar bhonn náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil iad
(1)
(2)
(3)
(4)
(5)
(6)
[Iontráil] Uimhir
Ainm na substainte
Catagóir substaintí
Uimhir CAS(1)
Uimhir AE(2)
Luach tairsí [µg/l mura dtugtar a mhalairt le fios]
1
Tríchlóireitiléin agus Teitreaclóireitiléin (suim an dá cheann)
Substaintí tionsclaíocha
79-01-6 agus 127-18-4
201-167-4 agus 204-825-9
10 (iomlán)(3)
(1) CAS: Uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha.
(2) Uimhir AE: Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) nó Liosta Eorpach na Substaintí Ceimiceacha faoina dTugtar Fógra (ELINCS).
(3) Ciallaíonn ‘Iomlán’ suim na dtiúchan de Thríchlóireitiléin agus Teitreaclóireitiléin”
IARSCRÍBHINN V
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE mar a leanas:
(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:
‘CAIGHDEÁIN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL (EQS) UM SHUBSTAINTÍ TOSAÍOCHTA IN UISCÍ DROMCHLA;’
(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid A:
‘CUID A: CAIGHDEÁIN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL
Nóta 1: I gcás ina liostaítear EQS idir [], tá an luach sin faoi réir a dheimhnithe i bhfianaise na tuairime arna hiarraidh ón gCoiste Eolaíoch um Rioscaí Sláinte agus Comhshaoil, agus Rioscaí atá ag Teacht chun Cinn.
(1)
(2)
(3)
(4)
(5)
(6)
(7)
(8)
(9)
(10)
(11)
(12)
(13)
[Iontráil] Uimh.
Ainm na substainte
Catagóir substaintí
Uimhir CAS (1)
Uimhir AE (2)
AA‑EQS (3) Uiscí dromchla intíre (4) [µg/l]
AA‑EQS (3) Uiscí dromchla eile [µg/l]
MAC‑EQS (5) Uiscí dromchla intíre(4) [µg/l]
MAC‑EQS (5) Uiscí dromchla eile [µg/l]
EQS Bithra (6) [fliuchmheáchan μg/kg] nó Dríodar EQS [µg /kg i meáchan tirim] i gcás ina dtásctar amhlaidh
Sainaithnítear mar shubstaint ghuaiseach tosaíochta í
Sainaithnítear mar shubstaint Mharthanach, Bhithcharnach agus Thocsaineach atá Uileláithreach (uPBT) í
Sainaithnítear mar shubstaint le claonadh chun carnadh i ndríodar agus/nó i mbithra í
(1)
Bogadh an tsubstaint Alaclór chuig Cuid C d’Iarscríbhinn II
(2)
Antraicéin
Substaintí tionsclaíocha
120-12-7
204-371-1
0,1
0,1
0,1
0,1
X
X
(3)[Leasú 150]
Atraisín
Luibhicídí
1912-24-9
217-617-8
0,6
0,6
2,0
2,0
(4)
Beinséin
Substaintí tionsclaíocha
71-43-2
200-753-7
10
8
50
50
(5)
Éitir dhéfheinile bhróimínithe
Substaintí tionsclaíocha
neamhbhainteach
neamhbhainteach
0,14 (7)
0,014 (7)
[0,00028] (7)
X (8)
X
X
(6)
Caidmiam agus a chomhdhúile (ag brath ar aicmí an chruais uisce) (9)
Substaintí sárfhluarailcile agus pholafluarailcile (PFAS) – suim na 24 (27)
Substaintí tionsclaíocha
neamhbhainteach
neamhbhainteach
Suim na gcoibhéisí PFOA 0,0044 (28)
Suim na gcoibhéisí PFOA 0,0044 (28)
neamhbhainteach
neamhbhainteach
Suim na gcoibhéisí PFOA 0,077 (28)
X
X
X
(66)
Airgead
Miotail
7440-22-4
231-131-3
0,01
0,006 (salandacht 10 %) 0,17 (salandacht 30 %)
0,022
neamhdhíorthaithe
(67)
Tiaclóiprid
Lotnaidicídí neoinicitíonóideacha
111988-49-9
601-147-9
0,01
0,001
0,05
0,005
(68)
Tiaimeatocsam
Lotnaidicídí neoinicitíonóideacha
153719-23-4
428-650-4
0,04
0,004
0,77
0,077
(69)
Tríchlósan
Bithicídí
3380-34-5
222-182-2
0,02
0,002
0,02
0,002
(70)
Iomlán na substaintí gníomhacha i lotnaidicídí, lena n‑áirítear a meitibilítí, táirgí díghrádúcháin agus imoibriúcháin ábhartha (29)
Táirgí cosanta plandaí agus bithicídí
0,5 (30)
0,5 (30)
70a [Leasú 152]
Bisfeanól
Ceimiceáin thionsclaíocha;
neamhbhainteach
neamhbhainteach
*
*
*
*
70b {leasú 153]
Iomlán PFAS
Ceimiceáin thionsclaíocha;
neamhbhainteach
neamhbhainteach
*
*
*
*
70c {Leasú 154]
Substaintí cógaisíochta gníomhacha – iomlán
Earraí cógaisíochta
neamhbhainteach
neamhbhainteach
0,25
0,025
*Socróidh an Coimisiún an caighdeán cáilíochta trí ghníomh tarmligthe
(1) CAS: Uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha.
(2) Uimhir AE: Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) nó Liosta Eorpach na Substaintí Ceimiceacha faoina dTugtar Fógra (ELINCS).
(3) Is ionann an paraiméadar seo agus EQS arna shloinneadh mar mheánluach bliantúil (AA‑EQS). Mura sonraítear a mhalairt, tá feidhm aige maidir le comhchruinniú iomlán na substaintí agus na n‑isiméirí uile.
(4) Le huiscí dromchla intíre cuimsítear aibhneacha agus lochanna agus dobharlaigh ghaolmhara atá saorga nó an‑mhodhnaithe.
(5) Is ionann agus paraiméadar seo agus EQS arna shloinneadh mar chomhchruinniú uasta incheadaithe (MAC EQS). I gcás ina marcáiltear MAC EQS a bheith ‘neamhbhainteach’, meastar na luachanna AA EQS a bheith cosantach in aghaidh roinnt buaice truaillithe ghearrthéarmaigh sna sceití leanúnacha óir tá siad i bhfad níos ísle ná na luachanna a dhíorthaítear ar bhonn na géarthocsaineachta.
(6) Má thugtar bithra EQS, is eisean a chuirfear i bhfeidhm, seachas EQS an uisce, gan dochar don fhoráil in Airteagal 3(3) den Treoir seo ina gceadaítear tacsón bithra malartach, nó maitrís eile, le faireachán a dhéanamh air/uirthi ina ionad sin, a fhad agus a sholáthraítear leibhéal coibhéiseach cosanta leis an EQS a chuirtear i bhfeidhm. Mura dtugtar a mhalairt le fios, baineann EQS an bhithra le héisc. I gcás na substaintí a uimhrítear 15 (Fluaraintéin), 28 (PAHanna), agus 51 (Bisfeanól‑A) tagraíonn EQS an bhithra do chrústaigh agus moilisc. Chun na críche measúnú a dhéanamh ar stádas ceimiceach, ní beart iomchuí é faireachán a dhéanamh ar Fhluaraintéin agus PAHanna, agus ar Bhisfeanól‑A sna héisc. I gcás shubstaint uimhir 37 (Dé‑ocsainí agus comhdhúile dé‑ocsainiúla), baineann EQS an bhithra le héisc, crústaigh agus moilisc, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1259/2011* ón gCoimisiún Roinn 5.3 den Iarscríbhinn.
(7) I gcás an ghrúpa substaintí tosaíochta a chuimsítear le héitir dhéfheiníle bhróimínithe (Uimh. 5), tagraítear le EQS do shuim na dtiúchan d’uimhreacha comhaicmeacha 28, 47, 99, 100, 153 agus 154.
(8) Teitrea, Peintea, Heicsea, Heiptea, Ochta agus Deacabrómadéfheinil éitear (uimhreacha CAS 40088-47-9, 32534-81-9, 36483-60-0, 68928-80-3, 32536-52-0, 1163-19-5, faoi seach).
(9) I gcás caidmiam agus a chuid comhdhúl (Uimh. 6) tá na luachanna EQS éagsúil óna chéile ag brath ar chruas an uisce mar a shonraítear i gcúig chatagóir aicme (Aicme 1: < 40 mg CaCO3/l, Aicme 2: 40 go <50 mg CaCO3/l, Aicme 3: 50 go <100 mg CaCO3/l, Aicme 4: 100 go < 200 mg CaCO3/l agus Aicme 5: ≥ 200 mg CaCO3/l).
(10) Ní sholáthraítear aon pharaiméadar táscach le haghaidh an ghrúpa substaintí sin. Ní mór an paraiméadar táscach (nó na paraiméadair tháscacha) a shainmhíniú tríd an modh anailíseach).
(17) I gcás an ghrúpa hidreacarbón polaramatach (PAHanna) (Uimh. 28), tagraíonn EQS an bhithra do shuim na dtiúchan de sheacht gcinn de na hocht PAH a liostaítear i bhfonóta 17 arna sloinneadh mar choibhéisí beinsi[a]piréine ar bhonn charcanaigineacht na substaintí i gcoibhneas le carcanaigineacht na beinsi[a]piréine, i.e. na RPFanna i bhfonóta 16. Ní gá beinsi(g,h,i)peiriléin a thomhas i mbithra chun na gcríoch comhlíontacht leis an mbithra EQS foriomlán a chinneadh.
(18) Comhdhúile tríbhúitiltine lena n‑áirítear tríbhúitiltin‑caitian (CAS 36643-28-4).
(19) EQS dríodair
(20) Níl dóthain faisnéise ar fáil le MAC‑EQS a shocrú le haghaidh na substaintí sin.
(21) Tagraítear leis seo do na comhdhúile seo a leanas:
12 dhéfheinil pholaclóirínithe (PCB‑DLanna): 3,3’,4,4’-T4CB (PCB 77, CAS 32598-13-3), 3,3’,4’,5-T4CB (PCB 81, CAS 70362-50-4), 2,3,3',4,4'-P5CB (PCB 105, CAS 32598-14-4), 2,3,4,4',5-P5CB (PCB 114, CAS 74472-37-0), 2,3',4,4',5-P5CB (PCB 118, CAS 31508-00-6), 2,3',4,4',5'-P5CB (PCB 123, CAS 65510-44-3), 3,3’,4,4’,5-P5CB (PCB 126, CAS 57465-28-8), 2,3,3',4,4',5-H6CB (PCB 156, CAS 38380-08-4), 2,3,3',4,4',5'-H6CB (PCB 157, CAS 69782-90-7), 2,3',4,4',5,5'-H6CB (PCB 167, CAS 52663-72-6), 3,3’,4,4’,5,5’-H6CB (PCB 169, CAS 32774-16-6), 2,3,3',4,4',5,5'-H7CB (PCB 189, CAS 39635-31-9).
(22) I gcás an ghrúpa Dé‑ocsainí agus comhdhúl dé‑ocsainiúil (Uimh. 37), tagraíonn EQS an bhithra do shuim na dtiúchan de na substaintí a liostaítear i bhfonóta 20 arna sloinneadh mar choibhéisí tocsaineacha ar bhonn Fhachtóirí Coibhéise Tocsainí 2005 na hEagraíochta Domhanda Sláinte.
(23) Tagraítear le CAS 52315-07-8 do mheascán isiméirí den chipirmeitrin, alfa‑chipirmeitrin (CAS 67375-30-8, AE 257-842-9), béite‑chipirmeitrin (CAS 65731-84-2, AE 265-898-0), téite‑chipirmeitrin (CAS 71691-59-1) agus zéite‑chipirmeitrin (CAS 52315-07-8, AE 257-842-9).
(24) Tagraítear leis seo do 1,3,5,7,9,11‑Heicseabrómaiciogladóideacán (CAS 25637-99-4, AE 247-148-4), 1,2,5,6,9,10‑ Heicseabrómaiciogladóideacán (CAS 3194-55-6, AE 221-695-9), α‑Heicseabrómaiciogladóideacán (CAS 134237-50-6), β‑Heicseabrómaiciogladóideacán (CAS 134237-51-7) agus γ‑ Heicseabrómaiciogladóideacán (CAS 134237-52-8).
(25) I gcás an fhionnuisce a úsáidtear le huisce óil a astarraingt agus a ullmhú.
(26) I gcás an fhionnuisce nach n‑úsáidtear le huisce óil a astarraingt agus a ullmhú. [Leasuú 151]
(27) Tagraítear leis seo do na comhdhúile seo a leanas, a liostaítear lena n‑uimhir CAS, uimhir AE agus Fachtóir Neartúlachta Coibhneasta (RPF):
(28) I gcás an ghrúpa PFAS (Uimh. 65), tagraítear le EQS do shuim na dtiúchan de na 24 PFAS a liostaítear i bhfonóta 27 arna sloinneadh mar choibhéisí PFOA ar bhonn neartúlachtaí na substaintí i gcoibhneas le neartúlacht PFOA, i.e. na RPFanna i bhfonóta 27.
(29) Ciallaíonn ‘lotnaidicídí’ táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus táirgí bithicídeacha mar a shainítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.
(30) Ciallaíonn ‘Iomlán’ suim na lotnaidicídí aonair a bhraitear agus a chainníochtaítear sa nós imeachta faireacháin, lena n‑áirítear a meitibilítí, táirgí díghrádúcháin agus imoibriúcháin ábhartha .;’
(3) Leasaítear Cuid B seo a leanas:
(a) i bpointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘I gcás aon dobharlaigh uisce dromchla ar leith, ciallaítear le cur i bhfeidhm AA‑EQS, le haghaidh gach pointe faireacháin ionadaíoch laistigh den dobharlach, ní sháraíonn meán uimhríochtúil na dtiúchan a thomhaistear ag tráthanna difriúla le linn na bliana an caighdeán.;’
(b) i bpointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:
‘I gcás aon dobharlaigh uisce dromchla ar leith, ciallaítear le MAC‑EQS nach sáraíonn an comhchruinniú tomhaiste ag aon phointe faireacháin ionadaíoch laistigh den dobharlach an caighdeán..’
IARSCRÍBHINN VI
‘IARSCRÍBHINN II
CAIGHDEÁIN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL UM THRUAILLEÁIN A BHAINEANN GO SONRACH LE hABHANTRACH
Cuid A: LIOSTA CATAGÓIRÍ NA dTRUAILLEÁN A BHAINEANN GO SONRACH LE hABHANTRACH
1. Comhdhúile orgánahailigine agus substaintí lena bhféadfaí comhdhúile den sórt sin a fhoirmiú sa timpeallacht uisceach.
2. Comhdhúile orgánafosfair.
3. Comhdhúile orgánastáin.
4. Substaintí agus ullmhóidí, nó táirgí dianscaoilte na substaintí agus na n‑ullmhóidí sin, a cruthaíodh go mbaineann airíonna carcanaigineacha nó só‑ghineacha leo, nó airíonna a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fheidhmeanna stéaróidigineacha, tíoróideacha, atáirgthe nó d’fheidhmeanna eile a bhaineann leis an gcóras inchríneach sa timpeallacht uisceach nó trína meán.
5. Hidreacarbóin mharthanacha agus substaintí tocsaineacha orgánacha atá marthanach agus in‑bhithcharntha.
6. Ciainídí.
7. Miotail agus a gcomhdhúile.
8. Arsanaic agus a comhdhúile.
9. Bithicídí agus táirgí cosanta plandaí.
10. Ábhair ar fuaidreamh, lena n‑áirítearn-áirítear micreaphlaistigh/nanaphlaistigh, chomh maith le hábhair is eol go n-eascraíonn micreaphlaistigh/nanaphlaistigh; [Leasú 155]
11. Substaintí a rannchuireann leis an eotrófúchán (go háirithe, níotráití agus fosfáití).
12. Substaintí ag a bhfuil tionchar mífhabhrach ar an gcothromaíocht ocsaigine, agus is féidir a thomhas ach paraiméadair amhail BOD, COD, etc. a úsáid.
13. Miocrorgánaigh, géinte nó ábhar géiniteach ina léirítear láithreacht miocrorgánach atá frithsheasmhach in aghaidh oibreáin fhrithmhiocróbacha, go háirithe miocrorgánaigh atá pataigineach don duine nó don bheostoc.
CUID B: AN NÓS IMEACHTA CHUN CAIGHDEÁIN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL A DHÍORTHÚ LE hAGHAIDH TRUAILLEÁIN A BHAINEANN GO SONRACH LE hABHANTRACHA
Áirítear na céimeanna seo a leanas le modhanna a úsáidtear chun EQS a leagan síos le haghaidh truailleáin a bhaineann go sonrach le habhantracha:
(a) sainaithint na ngabhdóirí agus na n‑urrann nó na maitrísí i mbaol ón tsubstaint is ábhar imní;
(b) comhthiomsú agus measúnú cáilíochta ar shonraí maidir le sonraí na substainte i gceist, lena n‑áirítear a (héicea)thocsaineacht, go háirithe ó thuairiscí maidir le staidéir shaotharlainne, mhéiseacosma agus allamuigh lena gclúdaítear idir éifeachtaí ainsealacha agus géara sna timpeallachtaí fíoruisce agus sáile araon;
(c) eachtarshuíomh na sonraí (éicea)t(h)ocsaineachta chuig tiúchain gan aon éifeacht nó comhchosúla ach modhanna cinntitheacha nó dóchúlachta a úsáid, agus roghnú agus cur i bhfeidhm na bhfachtóirí measúnúcháin iomchuí le haghaidh a thabhairt ar neamhchinnteachtaí agus le EQS a dhíorthú;
(d) comparáid idir EQS le haghaidh gabhdóirí agus urranna difriúla, agus roghnú EQS chriticiúil, i.e. an EQS a thugann cosaint don ghabhdóir is íogaire san urrann nó sa mhaitrís is ábhartha.
(da) agus EQS do mhiotail á socrú, measfar go seasfaidh samhlacha bith-infhaighteachta do pharaiméadair cháilíochta uisce éagsúla a dhéanann difear do bhith-infhaighteacht miotal. [Leasú 156]
CUID C: TAISCLANN NA gCAIGHDEÁN CÁILÍOCHTA COMHSHAOIL COMHCHUIBHITHE UM THRUAILLEÁIN A BHAINEANN GO SONRACH LE hABHANTRACH
[Iontráil] Uimh.
Ainm na substainte
Catagóir substaintí
Uimhir CAS (1)
Uimhir AE (2)
AA‑EQS (3) Uiscí dromchla intíre (4) [µg/l]
AA‑EQS (3) Uiscí dromchla eile [µg/l]
MAC‑EQS (5) Uiscí dromchla intíre (4) [µg/l]
MAC‑EQS (5) Uiscí dromchla eile [µg/l]
EQS Bithra (6 [µg/kg i bhfliuchmheáchan] nó Dríodar EQS i gcás ina dtásctar amhlaidh [µg /kg i meáchan tirim]
1
Alaclór (7)
Lotnaidicídí
15972-60-8
240-110-8
0,3
0,3
0,7
0,7
2
Teitreaclóiríd charbóin (7)
Substaintí tionsclaíocha
56-23-5
200-262-8
12
12
neamhbhainteach
neamhbhainteach
3
Clóirfeinveanfos (7)
Lotnaidicíd
470-90-6
207-432-0
0,1
0,1
0,3
0,3
4
Siomaisín (7)
Lotnaidicíd
122-34-9
204-535-2
1
1
4
4
(1) CAS: Uimhir Sheirbhís na gCoimrithe Ceimiceacha.
(2) Uimhir AE: Fardal Eorpach de Shubstaintí Ceimiceacha Tráchtálacha Reatha (EINECS) nó Liosta Eorpach na Substaintí Ceimiceacha faoina dTugtar Fógra (ELINCS).
(3) Is ionann an paraiméadar seo agus EQS arna shloinneadh mar mheánluach bliantúil (AA‑EQS). Mura sonraítear a mhalairt, tá feidhm aige maidir le comhchruinniú iomlán na substaintí agus na n‑isiméirí uile.
(4) Le huiscí dromchla intíre cuimsítear aibhneacha agus lochanna agus dobharlaigh ghaolmhara atá saorga nó an‑mhodhnaithe.
(5) Is ionann agus paraiméadar seo agus EQS arna shloinneadh mar chomhchruinniú uasta incheadaithe (MAC EQS). I gcás ina marcáiltear MAC EQS a bheith ‘neamhbhainteach’, meastar na luachanna AA EQS a bheith cosantach in aghaidh roinnt buaice truaillithe ghearrthéarmaigh sna sceití leanúnacha óir tá siad i bhfad níos ísle ná na luachanna a dhíorthaítear ar bhonn na géarthocsaineachta.
(6) Má thugtar EQS an bhithra, is eisean a chuirfear i bhfeidhm, seachas EQS an uisce, gan dochar don fhoráil in Airteagal 3(3) den Treoir seo ina gceadaítear tacsón bithra malartach, nó maitrís eile, le faireachán a dhéanamh air/uirthi ina ionad sin, a fhad agus a sholáthraítear leibhéal coibhéiseach cosanta leis an EQS a chuirtear i bhfeidhm. Mura dtugtar a mhalairt le fios, baineann EQS an bhithra le héisc.
(7) Substaint a liostaíodh roimhe seo mar shubstaint tosaíochta in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2000/60/CE nó in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2008/105/CE..’
Tá an seasamh seo i gcomhréir leis na leasuithe a glacadh an 12 Meán Fómhair 2023 (IO C, C/2024/1777, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1777/oj).
Cinneadh (AE) 2022/591 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030.
Drivers of and pressures arising from selected key water management challenges : A European overview, report 09/2021, EEA [Spreagaí príomhdhúshlán roghnaithe bainistíochta uisce agus na brúnna a eascraíonn astu: Forbhreathnú Eorpach, tuarascáil 09/2021, EEA].
Communication from the Commission to the European Parliament, the European Council, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions, The European Green Deal [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, an Comhaontú Glas don Eoraip], COM(2019) 640 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht i dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí] COM(2020) 667 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair chuig Pláinéad Sláintiúil do Chách, Plean gníomhaíochta an Aontais um uisce, aer agus ithir saor ó thruailliú], COM(2021) 400 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A European Strategy for Plastics in a Circular Economy [Straitéis Eorpach um Plaistigh i nGeilleagar Ciorclach], COM/2018/028 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Pharmaceutical Strategy for Europe [An Straitéis Chógaisíochta don Eoraip] COM/2020/761 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030, Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] COM(2020) 380 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally‑friendly food system [Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol], COM(2020) 381 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal EU Soil Strategy for 2030,Reaping the benefits of healthy soils for people, food, nature and climate[Straitéis Ithreach an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030, ag baint shochair na n‑ithreacha sláintiúla le haghaidh daoine, bia, an dúlra agus na haeráide], COM/2021/699 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal Shaping Europe's digital future [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] COM/2020/67 final.
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal A European strategy for data [Straitéis Eorpach maidir le sonraí], COM(2020) 66 final.
Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
Treoir 2008/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin cáilíochta comhshaoil i réimse an bheartais uisce, lena leasaítear agus lena n‑aisghairtear ina dhiaidh sin Treoracha 82/176/CEE, 83/513/CEE, 84/156/CEE, 84/491/CEE, 86/280/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 348, 24.12.2008, lch. 84).
Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2001 lena mbunaítear liosta na substaintí tosaíochta i réimse an bheartais uisce agus lena leasaítear Treoir 2000/60/CE (IO L 331, 15.12.2001, lch. 1).
Treoir 2006/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le screamhuisce a chosaint ar thruailliú agus ar mheath (IO L 372, 27.12.2006, lch. 19).
Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006, maidir le Clárú, Measúnú, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n‑aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicíde a chur ar fáil sa mhargadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n‑aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43).
Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a bhaint amach (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71).
Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
Comharthaíocht thras-traipeolaíoch i suthanna iasc séabrach faoi lé comhchruinnithe comhshaoil de gliofosáit, 2022. Éifeachtaí gliofosáite ar thiúchan íseal agus aigéid aimínmeitil fosfónaigh ar fhorbairt suthanna iasc séabrach, 2021. Léiríonn próifíliú tras-traipeolaíoch domhanda ionduchtú struis ocsaídiúcháin agus freagraí cúitimh ar strus ceallach i mbreac donn a nochtar do gliofosáit agus Roundup, 2018.
Cinneadh 2004/248/CE ón gCoimisiún an 10 Márta 2004 maidir le neamh-áirítear atraisín in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle agus tarraingt siar údaruithe do tháirgí cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach seo (IO L 78, 16.3.2004, lch. 53).
Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
SCHEER. Rannchuidiú le comhairliúchán ENV: Barúlacha ar thogra an Choimisiúin chun WFD/GWD/EQSD a leasú, Márta 2023. SCHEER. Caighdeáin cháilíochta screamhuisce do thruailleáin bhreise bheartaithe sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir um Screamhuisce (2006/118/CE), Iúil 2022.
EMA. Measúnú a dhéanamh ar an riosca tocsaineolaíoch do shláinte an duine agus pobail screamhuisce ó chógaisíocht tréidliachta i screamhuisce - Treoirlíne eolaíoch, Aibreán 2018.
European Groundwater Memorandum: To secure the quality and quantity of drinking water for future generations, March 2022. [Meabhrán Eorpach um Screamhuisce: cáilíocht agus cainníocht uisce óil a chinntiú do na glúine atá le teacht, Márta 2022]
EMA. Measúnú a dhéanamh ar an riosca tocsaineolaíoch do shláinte an duine agus pobail screamhuisce ó chógaisíocht tréidliachta i screamhuisce - Treoirlíne eolaíoch, Aibreán 2018.
Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
‘Global burden of bacterial antimicrobial resistance in 2019: a systematic analysis’, Lancet, 19 January 2022 https://www.sciencedirect.com/science/article/pii/S0140673621027240?via%3Dihub [‘Ualach domhanda maidir le frithsheasmhacht bhaictéarach in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha in 2019: anailís chórasach’, Lancet, 19 Eanáir 2022].
Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Seiceáil oiriúnachta ar an Treoir Réime maidir le hUisce, an Treoir maidir le Screamhuisce, an Treoir maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil agus Treoir maidir le Tuilte, SWD(2019) 439 final.
Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spásúil sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir leis an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú, agus lena leasaítear Treoracha 91/689/CEE agus 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
+OP: Cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad COM (2022) 157 agus cuir isteach uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO na Treorach sin san fhonóta
Cás C-535/18, Breithiúnas ón gCúirt (an Chéad Dlísheomra) an 28 Bealtaine 2020; IL and Others v Land Nordrhein Westfalen. Cás C-664/15, Breithiúnas ón gCúirt (an Dara Dlísheomra) an 20 Nollaig 2017; Protect Natur-, Arten- und Landschaftsschutz Umweltorganisation v Bezirkshauptmannschaft Gmünd.
Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
OECD, 6th Roundtable on Financing Water. [ECFE, 6ú Chruinniú Comhchéime maidir le Maoiniú Uisce.] Ar fáil ag: https://www.oecd.org/water/6th-Roundtable-on-Financing-Water-in-Europe-Summary-and-Highlights.pdf
Tionscnamh EuroHPC i gcás gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpasan Intleacht Shaorga iontaofa
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san Intleacht Shaorga iontaofa (COM(2024)0029 – C9-0013/2024 – 2024/0016(CNS))
(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2024)0029),
– ag féachaint d’Airteagal 187 agus don chéad fhomhír d’Airteagal 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0013/2024),
– ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0161/2024),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Togra le haghaidh RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san Intleacht Shaorga iontaofa
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 187 agus Airteagal 188, an chéad mhír de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa(2),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(3),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(4) lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (‘Gníomh um an Intleacht Shaorga’) feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le forbairt, margú agus úsáid na hintleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais.
(2) Ó bhí 2021 ann, nuair a glacadh Rialachán (AE) 2021/1173(5) ón gComhairle, tá dul chun cinn teicniúil ollmhór déanta i réimse na hintleachta saorga (IS) agus tá sé ina réimse an-straitéiseach agus iomaíoch ar fud an domhain. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun tacú leis an nuálaíocht eiticiúil agus fhreagrach in IS iontaofa, agus san am céanna ráillí cosanta a leagan síos agus rialachas éifeachtach a fhorbairt.
(3) An 13 Meán Fómhair 2023, mar chuid de chur chuige cuimsitheach chun tacú le nuálaíocht fhreagrach in IS, d’fhógair an Coimisiún tionscnamh straitéiseach nua chun acmhainneacht ríomhaireachta ardfheidhmíochta an Aontais a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha nuálacha in IS iontaofa chun a samhlacha a oiliúint. Comhlánaíonn sé sin obair maidir le ráillí cosanta le haghaidh IS trí Rialachán (AE) 2024/..., lena mbunaítear struchtúir rialachais, agus lena dtacaítear leis an nuálaíocht tríd an bPlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga.
(3a) D’fhonn leas a bhaint as a bhonneagar sár-ríomhaireachta agus chun éiceachóras IS nuálach Eorpach a chothú, lena n-áirítear trí Mhonarchana IS a bhunú ar fud an Aontais, leagtar amach leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024 maidir le ‘Borradh a chur faoi ghnólachtaí nuathionscanta agus nuálaíocht i ndáil le hintleacht shaorga iontaofa’ creat straitéiseach infheistíochta chun ligean do ghnólachtaí nuathionscanta agus do thionscal san Aontas a n-acmhainneacht a chomhlíonadh maidir le bheith chun tosaigh ar fud an domhain maidir le samhlacha, córais agus feidhmchláir IS ardteicneolaíochta iontaofa.
(4) Ós rud é go bhfuil an acmhainneacht sár-ríomhaireachta den chéad scoth is cumhachtaí atá ag an Aontas le fáil i saoráidí an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh (an ‘Comhghnóthas’), is iad na saoráidí sin ba cheart a chur ar fáil chun tionscnamh an Choimisiúin a fhíorú. Dá réir sin, is gá cuspóir breise a thabhairt isteach leis na sé chuspóir de chuid an Chomhghnóthais atá ann cheana, cuspóir lena gcumhdófaí an rannchuidiú arna dhéanamh ag sár-ríomhairí le tionscnamh IS nua an Aontais, rud lena n-áiritheofaí cothroime, trédhearcacht, iontaofacht agus tionchar dearfach sochaíoch agus lena bhfreagrófaí do riachtanais agus spriocanna an Aontais.
(5) Leis an gcuspóir nua, bheadh an Comhghnóthas in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh sna réimsí a bhaineann le sár-ríomhairí tiomnaithe IS nó codanna de shár-ríomhairí a uasghrádú nó a fháil agus a oibriú chun meaisínfhoghlaim thapa agus oiliúint ar bhunsamhlacha móra iontaofa agus eiticiúla IS a chumasú, rud lena neartófaí iomaíochas agus bonn tionsclaíoch an Aontais in IS dá réir. Ba cheart cead a bheith ag an gComhghnóthas freisin modh rochtana nua ar a acmhainní ríomhaireachta a chruthú go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta IS agus don phobal eolaíochta i gcoitinne atá gníomhach in IS agus chun feidhmeanna, samhlacha agus córais atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga a bheidh optamaithe chun rith ar a shár-ríomhairí a fhorbairt agus rochtain oscailte,cothroime agus trédhearcacht á gcoimirciú ag an am céanna. Chuirfí na hathruithe sin ar a chumas don Chomhghnóthas cumhacht ríomhaireachta saincheaptha agus seirbhísí ríomhaireachta saincheaptha a thairiscint chun oiliúint agus forbairt agus glacadh IS ar mhórscála a chothú san Aontas, rud nach bhfuil indéanta faoin Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair.
(5a) Ba cheart don Chomhghnóthas ionad ilfhreastail a bhunú ar bhonn phrionsabail na rochtana oscailte, ar bhealach ina bhféadfaidh cineálacha éagsúla úsáideoirí acmhainneacht IS i réimse na sár-ríomhaireachta a ghiaráil go hiomlán. Ba cheart na deiseanna a chuireann Monarchana IS ar fáil a chur in iúl go forleathan do ghnólachtaí nuathionscanta, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), an t-éiceachóras nuálaíochta agus taighdeoirí atá ag gabháil do chláir de chuid an Aontais, ag cur béime ar na tairbhí iomadúla is féidir le IS a thairiscint i bhfeidhmeanna sár-ríomhaireachta. Thairis sin, ba cheart go gcuirfeadh comhar ar leibhéal an Aontais idir Monarchana IS cumhacht ríomhaireachta ar fáil mar sheirbhís ar fud an Aontais, rud atá bunriachtanach do na seirbhísí tacaíochta a thairgtear, agus rochtain ar an mbonneagar ríthábhachtach sin á éascú tuilleadh. Ba cheart go bhfónfaidh sé sin freisin chun sár-ríomhairí EuroHPC atá dírithe ar an éileamh a fhorbairt, ag áirithiú go bhfreastalaíonn an bonneagar ar riachtanais athraitheacha úsáideoirí agus earnálacha ar fud an Aontais.
(5b) Le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 ar an nuálaíocht, an iomaíochas tionsclaíoch agus teicneolaíoch a mhéadú trí thimpeallacht fhabhrach do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú,(6) cuirtear i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag gnólachtaí atá ag méadú maidir le nuálaíocht, cruthú post agus fás eacnamaíoch a spreagadh san Aontas agus iarrtar ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sainmhíniú ceart a ghlacadh ar ghnólachtaí atá ag méadú bunaithe ar inscálaitheacht, agus ag an am céanna an difríocht idir iad agus gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a chur san áireamh. Ba cheart do bhord rialaithe an Chomhghnóthais coinníollacha a shainiú chun rochtain a fháil ar shár-ríomhairí den sórt sin atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus ar sheirbhísí tacaíochta ábhartha d’úsáideoirí catagóirí éagsúla, amhail gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú, FBManna, institiúidí ardoideachais agus ionaid taighde, d’fhonn srianta costais agus easpa saineolais acmhainní a shárú.
(5c) Ós rud é go n-éilíonn úsáid sár-ríomhairí le haghaidh na hIntleachta Saorga níos mó sonraí, tá sé tábhachtach go mbeidís suite in aice láimhe nó nasctha le lárionad sonraí atá ann cheana nó atá beartaithe trí líonraí ardluais. Ina theannta sin, ba cheart go gcomhlíonfadh lárionaid sonraí den sórt sin go hiomlán na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 12 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) agus ba cheart, amach anseo, iad a bheith idirnasctha leis na Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha chun oiliúint samhlacha i bpríomhréimsí earnála a éascú. Ba cheart go mbeadh eintitis óstála in ann tacaíocht airgeadais ó na Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha a úsáid go héifeachtach chun a mbonneagar a fheabhsú, lena n-áirítear chun lárionaid sonraí a fháil nó a uasghrádú. Ba cheart sineirgí idir na tionscnaimh éagsúla a chur chun cinn.
(5d) Ós rud é go n-éilíonn úsáid sár-ríomhairí le haghaidh na hIntleachta Saorga méadú suntasach ar chumhacht ríomhaireachtúil, rud as a dtagann tomhaltas fuinnimh níos mó, ba cheart go mbeadh pleananna ag na heintitis óstála maidir lena n-éifeachtúlacht fuinnimh agus a n-inbhuanaitheacht comhshaoil. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na pleananna sin go bhfuil rochtain ag an sár-ríomhaire ar nasc leis an eangach atá slán agus cobhsaí agus ar sholáthar leictreachais, de rogha trí fhuinneamh glan inacmhainne, lena n-áirítear comhaontuithe ceannaigh cumhachta a úsáid, ar féidir a bheith bunaithe freisin ar fhuinneamh in-athnuaite, agus úsáid leictreachais a ghintear go háitiúil. Ina theannta sin, ba cheart go gcomhlíonfadh samhlacha IS na ceanglais maidir le tomhaltas fuinnimh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/... [An Gníomh um an Intleacht Shaorga]. Ní mór na hoibleagáidí tuairiscithe maidir le samhlacha ilchuspóireacha IS a leagtar síos sa Rialachán sin a chomhlíonadh.
(5e) Soláthróidh Monarchana IS seirbhísí tacaíochta cuimsitheacha sár-ríomhaireachta do ghnólachtaí nuathionscanta IS, do chuideachtaí beaga nuálaíocha, agus don éiceachóras taighde agus nuálaíochta níos leithne. Tá na seirbhísí sin ríthábhachtach chun rochtain ar shár-ríomhairí a éascú, chun saoráidí tiomnaithe ríomhchláraithe agus tacaíocht algartamach a thairiscint chun samhlacha agus córais oiliúna IS a fhorbairt, a thástáil, a mheasúnú agus a bhailíochtú. Ina theannta sin, cuidíonn siad le cásanna úsáide núíosacha agus feidhmchláir atá ag teacht chun cinn a chruthú ar fud réimsí straitéiseacha an Aontais, lena n-áirítear róbataic agus monarú, ábhair nua agus ceallraí, aeraspás, soghluaisteacht, tiomáint nasctha agus uathoibrithe, sláinte agus cúram, biteicneolaíocht, fuinneamh, athrú aeráide agus oiriúnú, dinimic an chórais chasta, domhain fhíorúla agus leathchúplaí digiteacha, cibearshlándáil, cleachtais talmhaíochta, taighde agus nuálaíocht agus an earnáil phoiblí.
(6) Chun dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga, ba cheart feidhm a bheith aige gan moill mhíchuí.
(7) Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1173 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 mar a leanas:
(1) leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
(a) cuirtear pointí (3a) agus (3b) seo a leanas isteach:"
‘(3b) ciallaíonn ‘Sár-ríomhaire atá tiomnaithe don intleacht shaorga’ sár-ríomhaire a dheartar go príomha chun oiliúint a chur ar shamhlacha mórscála intleachta saorga ilchuspóireacha sibhialta agus feidhmeanna intleachta saorga atá ag teacht chun cinn, agus chun teicneolaíochtaí agus córais a fhorbairt;
(3c)
ciallaíonn ‘Monarcha na hIntleachta Saorga’ éiceachóras oscailte láraithe nó dáilte a sholáthraíonn bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta Intleachta Saorga atá comhdhéanta de shár-ríomhaire atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga nó cuid Intleachta Saorga de shár-ríomhaire, nó sár-ríomhaire EuroHPC arna uasgrádú le haghaidh na hIntleachta Saorga, lárionad gaolmhar sonraí, rochtain thiomnaithe agus seirbhísí sár-ríomhaire atá dírithe ar an intleacht shaorga a dhéanann tallann a fhorbairt, a mhealladh, a choinneáil agus a chomhthiomsúar bhealach oscailte agus gníomhach chun na hinniúlachtaí, na scileanna agus an t-eolas is gá a sholáthar, a thugann cúnamh agus treoird’úsáideoirí maidir le húsáid na sár-ríomhairí le haghaidh na hIntleachta Saorga, agus a sholáthraíonn na seirbhísí is gá chun iad a chothabháil;’;
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):"
‘(9) ciallaíonn ‘sár-ríomhaire EuroHPC’ aon chóras ríomhaireachta atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais nó atá faoi chomhúinéireacht le Stáit Rannpháirteacha eile nó le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, ar féidir leis a bheith ina shár-ríomhaire clasaiceach (sár-ríomhaire ardleibhéil, sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch, sár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga nó sár-ríomhaire lár-raoin), ina ríomhaire clasaiceach-candamach hibrideach, ina ríomhaire candamach nó ina ionsamhlóir candamach;’;
"
(2) in Airteagal 3(2), cuirtear isteach an pointe (h) seo a leanas:"
‘(h) Monarchana Intleachta Saorga a fhorbairt agus a oibriú chun tacú le héiceachóras Intleachta Saorga atá an-iomaíoch, inbhuanaithe, iontaofa agus eiticiúil agus éiceachóras Intleachta Saorga nuálach a fhorbairt a thuilleadh san Aontas’;
"
(3) in Airteagal 4(1), cuirtear isteach an pointe (h) seo a leanas:"
‘(h) colún Monarcha na hIntleachta Saorga le haghaidh Intleacht Shaorga iontaofa agus eiticiúil, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí chun bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta atá dírithe ar an Intleacht Shaorga a sholáthar, arb é is aidhm dó cumais agus scileanna nuálaíochta éiceachóras na hIntleachta Saorga a fhorbairt a thuilleadh; tabharfaidh na gníomhaíochtaí sinaghaidh,inter alia, ar an méid seo a leanas:
(i)
fáil agus oibriú sár-ríomhairí atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga arna gcomhshuíomh le ▌lárionaid sonraí nó atá nasctha le lárionaid sonraí trí líonraí fíor-ardluais;
(ii)
sár-ríomhairí EuroHPC atá ann cheana a bhfuil cumas Intleachta Saorga acu a uasghrádú;
(iii)
rochtain a sholáthar ar na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga nó ar na sár-ríomhairí EuroHPC arna n-uasghrádú le cumais Intleachta Saorga, lena n-áirítear a n-úsáid a leathnú chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú, FBManna, institiúidí ardoideachais agus an pobal eolaíochta i gcoitinne;
(iiia)
na deiseanna a chuireann na Monarchana Intleachta Saorga ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí atá ag méadú agus do phobail taighde agus nuálaíochta a chur in iúl go forleathan;
(iv)
lárionaid seirbhísí sár-ríomhaireachta láraithe nó dáilte atá dírithe ar an Intleacht Shaorga a oibriú chun tacú le héiceachóras nuathionscanta taighde agus nuálach na hIntleachta Saorga, chun cúnamh agus treoir a thabhairt d’úsáideoirí, chun taighde idirdhisciplíneach a chothú lena soláthraítear tacaíocht algartamach, tacaíocht chun samhlacha agus córais oiliúna Intleachta Saorga a fhorbairt tuilleadh, a chur faoi oiliúint, a thástáil, a mheas agus a bhailíochtú, agus tacaíocht chun forbairt feidhmeanna Intleachta Saorga ar mhórscála atá ag teacht chun cinn i réimsí straitéiseacha ▌;
(v)
saoráidí ríomhchláraithe atá fabhrach don sár-ríomhaire a oibriú, lena n-áirítear chun feidhmeanna Intleachta Saorga a chomhthreorú chun an úsáid is fearr a bhaint as cumais sár-ríomhaireachta, agus feidhmiú seirbhísí sár-ríomhaireachta eile lena gcumasaítear an Intleacht Shaorga;
▌
(vii)
trí phróiseas trédhearcach, comhionann agus oscailte lena ndéantar tallann a mhealladh, a chomhthiomsú, ▌a chur faoi oiliúint agus a choinneáil,lena n-áirítear mic léinn, forbróirí, taighdeoirí, eolaithe agus an pobal úsáideoirí chun a n-inniúlachtaí, ▌scileanna agus a n-eolasa fhorbairt maidir le húsáid na sár-ríomhairí EuroHPC le haghaidh na hIntleachta Saorga, chomh maith le cóitseáil shaincheaptha a sholáthar;
(viii)
idirghníomhú leis na Monarchana Intleachta Saorga eile, rochtain ar a seirbhísí a chur ar fáil ar fud na hEorpa, ag tabhairt aird leanúnach ar chothromaíocht thíreolaíoch agus inscne, agus comhoibriú le Lárionaid Inniúlachtaí agus Lárionaid Barr Feabhais EuroHPC, agus le tionscnaimh ábhartha Intleachta Saorga de chuid an Aontais, amhail moil na ngnólachtaí nuathionscanta um Intleacht Shaorga, na héiceachórais Intleachta Saorga agus sonraí, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta na hIntleachta Saorga, an t-ardán lárnach Eorpach um an Intleacht Shaorga, na Moil Nuálaíochta Digití atá dírithe ar an Intleacht Shaorga, Pobail Eolais agus Nuálaíochta na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, na comhghnóthais agusna comhpháirtíochtaí le Fís Eorpach a bhaineann le hIntleacht Shaorga, bonneagair thaighde Eorpacha ábhartha agus tionscnaimh ghaolmhara eile.
(viiia)
sár-ríomhairí a bhfuil cumais intleachta saorga acu a chothabháil agus a bharrfheabhsú, ag áirithiú a n-iontaofachta agus a bhfeidhmíochta le haghaidh ardtascanna ríomhaireachtúla.’;
"
(4) ▌leasaítear Airteagal 9(5) mar a leanas:
(a) cuirtear isteach an pointe (g) seo a leanas:"
‘(g) i gcás na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga, beidh feidhm ag na critéir roghnúcháin bhreise seo a leanas maidir leis na heintitis óstacha:
(i)
gaireacht nó nasc trí líonraí an-ardluais le lárionad sonraí pleanáilte nó bunaithe, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2023/1791;
(ia)
fís agus pleananna an eintitis óstaigh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht chomhshaoil an sár-ríomhaire atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga, ag baint úsáide as cur chuige saolré, infhaighteacht rochtana leordhóthanaí ar fhuinneamh glan inacmhainne, chomh maith le trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, agus úsáid leictreachais a ghintear go háitiúil;
(ii)
fís, pleananna agus cumas an eintitis óstaigh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éiceachóras nuathionscanta, taighde agus nuálach na hIntleachta Saorga agus phobal úsáideoirí na hIntleachta Saorga, éiceachóras den sórt sin a fheabhsú trí shineirgí agus nuálaíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí na todhchaí, agus rannchuidiú le seirbhís tacaíochta láraithe nó dáilte sár-ríomhaireachta atá dírithe ar an Intleacht shaorga agus an tseirbhís sin a chur ar fáil;
(iii)
cáilíocht agus ábharthacht na taithí agus an tsaineolais atá ar fáil ag an bhfoireann atá beartaithe agus a bheadh i gceannas ar thimpeallacht thacúil na seirbhíse sár-ríomhaireachta atá dírithe ar an Intleacht Shaorga;
(iv)
pleananna le haghaidh idirghníomhaíochta agus comhair le Monarchana Intleachta Saorga eile, le Lárionaid Inniúlachta EuroHPC agus le Lárionaid Barr Feabhais EuroHPC agus le gníomhaíochtaí ábhartha Intleachta Saorga amhail moil ghnólachtaínuathionscanta na hIntleachta Saorga, éiceachórais na hIntleachta Saorga agus na sonraí, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta na hIntleachta Saorga, agus ardán lárnach Eorpach maidir leis an Intleacht Shaorga, na Moil Nuálaíochta Digití atá dírithe ar an Intleacht Shaorga agus tionscnaimh ghaolmhara eile;
(v)
cumais atá ann cheana agus pleananna amach anseo de chuid an eintitis óstaigh chun rannchuidiú le forbairt, mealladh, oiliúint agus coinneáil na díorma tallainne agus cruthú scileanna, cumais agus inniúlachtaí chun na sár-ríomhairí a úsáid, lena n-áirítear i bhfoirm tacaíochta do ghnólachtaí nuathionscanta trí chláir ghorlainne nó luasaire.’;
(ga)
féadfaidheintiteas óstála atá ann cheana arna roghnú ag an mBord Rialaithe trí phróiseas cóir agus trédhearcach, agus tar éis glao ar léirithe spéise, Monarcha Intleachta Saorga a bhunú má chomhlíonann sé na critéir dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (g).’;
"
(5) in Airteagal 9, cuirtear an mhír (6a) seo a leanas leis:"
‘(6a) I gcás na sár-ríomhairí atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga dá dtagraítear in Airteagal 12a, agus i gcás na sár-ríomhairí EuroHPC dá dtagraítear in Airteagail 11, 12, 12a, 14, 15 chomh maith, cruthóidh na heintitis óstála ionad ilfhreastail do na gnólachtaí nuathionscanta, na gnólachtaí atá ag méadú,FBManna agus úsáideoirí eile chun rochtain ar a seirbhísí tacaíochta a éascú agus chun tacú le forbairt a gcuid scileanna agus inniúlachtaí.’;
"
(6) in Airteagal 10(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):"
‘(l) na coinníollacha sonracha is infheidhme nuair a oibríonn an t-eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC le húsáid san earnáil tionsclaíochta, ▌nó sár-ríomhaire atá tiomnaithe don Intleacht Shaorganó do shár-ríomhaire EuroHPC atá ann cheana agus arna uasghrádú le cumais Intleachta Saorga.’;
"
(7) cuirtear isteach an tAirteagal 12a seo a leanas:"
‘Airteagal 12a
Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga
1. Gheobhaidh an Comhghnóthas sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus is é a bheidh ina úinéir orthu.
2. Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 50 % de na costais fála móide suas le 50 % de chostais oibriúcháin na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga.
Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó ag na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.
3. Beidh roghnú sholáthróir an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga bunaithe ar shonraíochtaí tairisceana a bheidh bunaithe ar an éileamh, a chuirfidh san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna sholáthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.
4. Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas.
5. Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694, nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.
6. Beidh na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga lonnaithe in eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC atá lonnaithe san Aontas.
7. Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, cúig bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga arna shuiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga a aistriú chuig an eintiteas óstach sin, é a dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcomhaontú óstach. I gcás aistriú úinéireachta sár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga, déanfaidh an t-eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an eintiteas óstach ach má chinntear é a dhíchoimisiúnú, roinnfear na costais ábhartha go cothrom idir an Comhghnóthas agus an t-eintiteas óstach. Ní bheidh dliteanas ar an gComhghnóthas maidir le haon chostas a thabhófar tar éis úinéireacht an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga a aistriú nó tar éis a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe.’
"
(8) leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Féadfaidh an Comhghnóthas glao ar léirithe spéise a sheoladh chun na sár-ríomhairí EuroHPC a bhfuil sé ina úinéir nó ina chomhúinéir orthu a uasghrádú, chun leibhéal feidhmíochta an tsár-ríomhaire a ardú gar don eicsea-scálú, nó chun cumais Intleachta Saorga an tsár-ríomhaire a mhéadú, nó chun feidhmíocht oibríochtúil an tsár-ríomhaire a mhéadú ar bhealach ar bith eile, lena n-áirítear luasairí candamacha.’; scriostar mír 2;
"
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:"
‘5. Beidh céatadán ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh chostais fála an uasghrádaithe mar an gcéanna leis an gcéatadán de ranníocaíocht airgeadais an Aontais don sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh, arna dhímheas thar shaolré ionchasach an tsár-ríomhaire bunaidh. Beidh céatadán ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh chostais oibríochtúla bhreise an uasghrádaithe mar an gcéanna leis an gcéatadán de ranníocaíocht airgeadais an Aontais don sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh.’;
"
(9) leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:
(a) cuirtear an mhír 1b seo a leanas isteach:"
‘1b. Úsáidfear na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus na sár-ríomhairí EuroHPC arna n‑uasghrádú le haghaidh cumais na hIntleachta Saorga go príomha chun samhlacha oiliúna mórscála ilchuspóireacha intleachta saorga agus feidhmeanna intleachta saorga atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, a thástáil, a mheas agus a bhailíochtú, chomh maith le forbairt bhreise a dhéanamh ar réitigh intleachta saorga san Aontas a éilíonn Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus algartaim mhórscála intleachta saorga a fhorghníomhú chun fadhbanna eolaíochta a réiteach.’;
"
(b) cuirtear an mhír 2b seo a leanas isteach:"
‘2b. Saineoidh an Bord Rialaithe ▌coinníollacha speisialta rochtana do na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus do shár-ríomhairí EuroHPC arna n-uasghrádú le haghaidh cumais intleachta saorga i gcomhréir le hAirteagal 17 agus riachtanais shonracha éiceachóras nuathionscanta agus taighde na hintleachta saorga á gcur san áireamh. Féadfaidh an Bord Rialaithe coinníollacha sonracha rochtana a shainiú le haghaidh cineálacha éagsúla úsáideoirí nó feidhmchlár, lena n-áirítear rochtain thiomnaithe ar ghnólachtaí nuathionscanta, ar ghnólachtaí atá ag méadú agus ar FBManna. Beidh slándáil agus cáilíocht na seirbhíse mar an gcéanna do na húsáideoirí go léir laistigh de gach catagóir úsáideora. Ní bheidh ach tograí chun samhlacha, córais agus feidhmchláir iontaofa agus eiticiúla um Intleacht Shaorga a fhorbairt atá i gcomhréir le rialacha agus luachanna an Aontais, go háirithe na cinn a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, incháilithe le haghaidh rochtana. Déanfar na critéir rochtana, na modheolaíochtaí agus an treoir maidir le tosaíochtaí rochtana a shainiú i gcomhréir leis an gcur chuige um Eitic Trí Dhearadh don Intleacht Shaorga agus le tacaíocht ón Sásra um Measúnú Eitice d’Fhís Eorpach.’;
"
(10) in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:"
‘1. Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC ardleibhéil, candamach, agus tiomnaithe don Intleacht Shaorga i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) le costas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC, agus dá bhrí sin ní rachaidh sé thar 50 % d’aga rochtana iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.’
"
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais (IO L ...).
Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1173/oj).
Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú), (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).
Dlí na gcuideachtaí - Úsáid uirlisí digiteacha agus próiseas digiteach a leathnú agus a uasghrádú tuilleadh
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/102/CE agus Treoir (AE) 2017/1132 maidir le húsáid uirlisí agus próisis dhigiteacha i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú a thuilleadh (COM(2023)0177 – C9-0121/2023 – 2023/0089(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0177),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 50(1) agus (2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0121/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Meitheamh 2023(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 20 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,)(
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0394/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoracha 2009/102/CE agus (AE) 2017/1132 a mhéid a bhaineann le húsáid uirlisí agus próiseas digiteach i ndlí na gcuideachtaí a leathnú agus a uasghrádú tuilleadh
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2025/25.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 (COM(2023)0031 – C9-0010/2023 – 2023/0008(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0031),
– ag féachaint d'Airteagal 294(2) agus d'Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0010/2023),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Aibreán 2023(1),
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0284/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 d'fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013(2)
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) Tá ról lárnach ag staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht i bpróisis ceaptha beartais agus chinnteoireachta agus, dá bhrí sin, tá siad ag teastáil chun beartais an Aontais a dhearadh, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu, go háirithe na beartais sin lena dtugtar aghaidh ar an athrú déimeagrafach, ar an aistriú glas agus an aistriú digiteach, ar an gcreat chun éifeachtúlacht fuinnimh, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun chinn, ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe (NA) a bhaint amach sa mhéad go dtagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
(2) Tá tábhachtach le staidreamh daonra i gcás réimse leathan táscairí beartais agus úsáidtear é mar thagairt ar fud an Staidrimh Eorpaigh, go háirithe chun frámaí samplála a sholáthar chun suirbhéanna ionadaíocha a dhéanamh ar dhaoine agus ar theaghlaigh, faoi Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(5).
(3) Tugann Comhairle na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais sainordú go rialta don Choiste um Beartas Eacnamaíoch chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht fhadtéarmach agus ar cháilíocht an airgeadais phoiblí ar bhonn réamh-mheastacháin daonra a chuireann Eurostat ar fáil. Úsáidtear na réamh-mheastacháin daonra freisin chun anailís a dhéanamh ar bheartais i gcomhthéacs an tseimeastair Eorpaigh. Ba cheart an staidreamh uile is gá chun réamh-mheastacháin daonra a sholáthar agus a fhoilsiú i gcomhréir le riachtanais faisnéise an Aontais a bheith ar fáil don Choimisiún (Eurostat).
(4) De bhun Airteagal 175(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá ar an gCoimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus do Choiste na Réigiún gach 3 bliana ar an dul chun cinn atá déanta i leith comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bhaint amach. Teastaíonn sonraí réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear sonraí le haghaidh tíopaí críochacha éagsúla amhail réigiúin teorann, cathracha agus a limistéir uirbeacha fheidhmiúla, réigiúin chathracha, réigiúin tuaithe, réigiúin sléibhteacha agus oileánacha, chun na tuarascálacha sin a ullmhú agus chun faireachán rialta a dhéanamh ar fhorbairtí déimeagrafacha agus ar dhúshláin dhéimeagrafacha a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo i gcríoch an Aontais.
(5) De bhun Airteagal 16(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá tromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle le sainiú inter alia ar bhonn dhaonra na mBallstát. Chun na críche sin, de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(6), tá oibleagáid ar na Ballstáit faoi láthair sonraí maidir leis an daonra iomlán ar an leibhéal náisiúnta a sholáthar don Choimisiún (Eurostat).
(6) In 2017, d’fhormhuinigh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (ESSC) Meabhrán Bhúdaipeist, inar sonraíodh an gá atá le staidreamh bliantúil i dtaobh mhéid agus shaintréithe áirithe sóisialta, eacnamaíocha agus déimeagrafacha an daonra agus le staidreamh feabhsaithe ó thaobh na himirce de. Chun go n-urramófar prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe maidir lena shaoránaigh i ngach gníomhaíocht agus cearta na saoránach aonair mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus in Airteagail 10 agus 19 CFAE, agus chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i leith chur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, tá staidreamh iontaofa inchomparáide ag teastáil ón Aontas. Le Rialachán (AE) 2019/1700 soláthraítear creat le haghaidh bailiúcháin sonraí ó shamplaí lena lamháiltear do shonraí maidir le comhionannas agus neamh-idirdhealú a bhailiú a mhéid is féidir ar shamplaí agus anailís a dhéanamh ar roinnt gnéithe den chomhionannas agus den idirdhealú trí tháscairí socheacnamaíocha agus faisnéis ar eispéireas an idirdhealaithe a sholáthar. Ina theannta sin, déanann an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha (FRA) agus an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) staidéir shonracha agus suirbhéanna tiomnaithe lenar féidir infhaighteacht an staidrimh comhionannais a leathnú tuilleadh ar leibhéal an Aontais. Ina theannta sin, soláthraíonn an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) sonraí agus faisnéis a bhailítear trí bhíthin suirbhéanna ar dhálaí maireachtála agus oibre. Ba cheart an comhar agus comhordú idir na Ballstáit, an Coimisiún (Eurostat) agus na gníomhaireachtaí sin a fheabhsú tuilleadh chun freastal ar éilimh mhéadaithe úsáideoirí ar shonraí iontaofa cuimsitheacha i dtaobh comhionannas agus éagsúlacht san Aontas.
(6a) Iarradh freisin i Meabhrán Bhúdaipeist go gcuirfí feabhas ar staidreamh maidir leis an imirce agus go bhforbrófaí agus go gcuirfí chun feidhme sainmhínithe coiteanna a bhaineann leis an daonra agus leis an imirce, agus an gá atá le coincheapa agus sainmhínithe atá fónta ó thaobh staidrimh de, atá ábhartha agus infheidhme a bhunú i bhfianaise na gcineálacha imirce atá ag teacht chun cinn á gcur san áireamh. Le himeachtaí a tharla san am atá caite agus atá ar siúl faoi láthair, amhail tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas agus, iarmhairtí chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus géarchéimeanna daonnúla eile, leagtar béim ar a thábhachtaí atá staidreamh tráthúil mionsonraithe maidir leis an imirce agus cosaint idirnáisiúnta, atá ríthábhachtach chun forléargas a thabhairt ar sreafaí imirce chuig an Aontas, laistigh den Aontas agus ón Aontas.
(7) Chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, teastaíonn staidreamh feabhsaithe maidir le húsáid fuinnimh agus éifeachtúlacht tithíochta, sonraí geografacha mionsonraithe ar dháileadh an daonra chomh maith le staidéir níos cuimsithí ar an ngaol atá idir an daonra agus tithíocht chun beartais éifeachtacha a fhorbairt agus a mheas. Le paindéim COVID-19 léiríodh an gá atá le staidreamh iontaofa, ardmhinicíochta agus tráthúla ar bhásanna san Aontas. Cé gur freastalaíodh ar riachtanais sonraí le bailiú deonach sonraí ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat), teastaíonn sásra leormhaith ón Aontas le haghaidh bailiú éigeantach na sonraí sin laistigh den Chóras Staidrimh Eorpach (CSE) faoi réir na minicíochta, na tráthúlachta agus na mionsonraí is gá.
(7a) Chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, phríomhspriocanna an Phlean Gníomhaíochta ghaolmhair agus na Ráthaíochta Eorpaí do Leanaí ar an leibhéal náisiúnta agus measúnú a dhéanamh ar thionchar dáileacháin an athraithe aeráide agus na mbeartas i gcoitinne, teastaíonn sásra leordhóthanach ón Aontas chun na sonraí sin a bhailiú go héigeantach laistigh de CSE, faoi réir na minicíochta, na tráthúlachta agus na mionsonraí is gá.
(8) Glacann Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta na Náisiún Aontaithe, ar mholadh ó Choimisiún Staidrimh na Náisiún Aontaithe, rúin gach 10 mbliana maidir le daonra an Domhain agus áireamh tithíochta agus iarrann sí ar Bhallstáit na Náisiún Aontaithe daonáirimh agus áirimh thithíochta a thionóil i gcomhréir le moltaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus trí shláine, iontaofacht, chruinneas agus luach thorthaí an daonáirimh agus an áirimh tithíochta a chaomhnú. Ba cheart na moltaí sin a chur san áireamh i staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht.
(9) Is cuspóir lárnach de chuid an Choimisiúin é oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú agus an t-ualach riaracháin a laghdú. An teachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Márta 2023, dar teideal Long-term competitiveness of the EU: looking beyond 2030 [Iomaíochas fadtéarmach an Aontais: ag féachaint níos faide chun cinn ná 2030], arb é is aidhm di ceanglais tuairiscithe a chuíchóiriú agus a shimpliú 25 % le haghaidh gnóthais agus riarachán, ach gan an bonn a bhaint ó na cuspóirí beartais gaolmhara. Le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(7) bunaíodh creat dlíthiúil i gcomhair fhorbairt, tháirgeadh agus scaipeadh an staidrimh Eorpaigh, bunaithe ar phrionsabail chomhchoiteanna staidrimh. Leagtar amach sa Rialachán sin na critéir cháilíochta agus tagraítear don ghá atá leis an ualach freagartha ar fhreagróirí suirbhéanna a íoslaghdú agus chun rannchuidiú leis an gcuspóir níos ginearálta maidir le hualaí riaracháin a laghdú. Le creat dlíthiúil nua le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht, ba cheart na critéir cháilíochta a leagtar amach sa Rialachán sin a chur chun feidhme agus forbairt a dhéanamh orthu, agus an t-ualach riaracháin a laghdú trí athúsáid éifeachtach agus éifeachtúil na bhfoinsí sonraí atá ar fáil, lena n-áirítear sonraí riaracháin, a chuimsiú.
(10) Sa mheastóireacht ar an staidreamh atá ann cheana(8) maidir le daonáirimh agus áirimh thithíochta san Aontas, léiríodh sa staidreamh maidir le sreafaí imirce idirnáisiúnta, líon imirceach agus fálacha saoránachta agus staidreamh déimeagrafaíochta go bhfuil feabhas suntasach ar an iomlán tagtha ar an staidreamh lena gcuimsítear Rialacháin (CE) Uimh. 862/2007(9), (CE) Uimh. 763/2008(10) agus (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, i gcomparáid le staid 2005 nuair nach raibh an creat dlíthiúil reatha a bheith i bhfeidhm. D’fhéadfadh easpa comhleanúnachais agus inchomparáideachta a bheith i gceist leis an gcreat sin, áfach, rud ar cheart aghaidh a thabhairt air.
(11) Leis an athrú aeráide, an claochlú digiteach, an staid dhéimeagrafach atá ag teacht chun cinn agus treochtaí imirce le déanaí cruthaíodh éilimh ar staidreamh Eorpach atá níos tráthúla, níos minice agus níos mionsonraithe maidir leis an daonra, forbairtí socheacnamaíocha, teagmhais bheatha agus tithíocht, lena n-áirítear sonraí faoi thopaicí nó faoi ghrúpaí atá éirithe níos ábhartha ar bhonn polaitiúil agus sochaíoch le 10 mbliana anuas. Ina theannta sin, níl an creat dlí atá ann cheana solúbtha go leor chun oiriúnú do riachtanais bheartais atá ag teacht chun cinn agus chun úsáid foinsí nua ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chumasú. Thairis sin, mar thoradh ar struchtúr an chreata dhlíthiúil reatha atá i bhfoirm trí rialachán ar leith, a glacadh ag amanna éagsúla, tá neamhréireachtaí bunúsacha sa staidreamh. Ar deireadh, ós rud é go scoirfidh Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 d’fheidhm a bheith aige an 31 Lúnasa 2028, tá gá le bunús dlí nua maidir leis an staidreamh déimeagrafach a bhailítear faoin Rialachán sin. Is gá, dá bhrí sin, creat nua atá níos comhleanúnaí agus níos solúbtha a chur in ionad an chreata dhlíthiúil reatha ar cheart codanna ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 a leasú leis agus Rialacháin (CE) Uimh. 763/2008 agus (AE) Uimh. 1260/2013 a aisghairm leis.
(12) Cumhdaítear le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 staidreamh faoi thír shaoránachta agus áit bhreithe an daonra chónaithigh (líon na n-imirceach), faoi athruithe ar áiteanna cónaithe idir tíortha (sreafaí imirce idirnáisiúnta) agus faoi fhálacha saoránachta an phobail chónaithigh, cé go mbaineann na staidrimh eile faoin Rialachán sin le nósanna imeachta riaracháin agus breithiúnacha a bhaineann le reachtaíocht inimirce agus le cosaint idirnáisiúnta. Tá dlúthnasc, dá bhrí sin, idir na staidrimh amhail dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán sin agus ba cheart go mbeidís comhsheasmhach leis na staidrimh maidir leis an daonra cónaitheach agus leis na hathruithe déimeagrafacha a foráladh faoi Rialacháin (CE) Uimh. 763/2008 agus (AE) Uimh. 1260/2013. Chun comhsheasmhacht bhunúsach a áirithiú, ba cheart, dá bhrí sin, na staidrimh sin a chomhtháthú in aon bhunús dlí amháin agus Airteagal 3 á scriosadh ó Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ag an am céanna.
(13) Ciallaítear leis an athrú mear atá ag teacht ar chineál roinnt saintréithe daonra agus tithíochta, go háirithe i ndáil le feiniméin dhéimeagrafacha, shocheacnamaíocha agus imirce, agus leis an ngá comhfhreagrach atá ann díriú ar bheartais agus iad a chur in oiriúint go mear, go bhfuil gá le staidreamh a bheith ar fáil ar bhonn tráthúil go luath i ndiaidh na tréimhse tagartha. Ba cheart, dá bhrí sin, tréimhsiúlacht agus tráthúlacht an staidrimh a chur chun cinn go follasach, i gcás inar féidir trí úsáid a bhaint as sonraí riaracháin agus taifid riaracháin. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit acmhainní leormhaithe a chur ar fáil dá n-institiúidí staidrimh náisiúnta.
(14) Le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(11), bunaítear modheolaíocht ghreillebhunaithe chun tíopeolaíochtaí críochacha a shainiú, bunaithe ar dháileadh an daonra de réir cealla greille 1 km2. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1799 ón gCoimisiún(12) mar ghníomh staidrimh díreach sealadach a ghabhann le daonáirimh agus áirimh thithíochta 2021, déantar foráil i leith aschuir thábhachtacha dhaonáirimh ar ghreille 1 km2 uile-Eorpach. Ba cheart go n-áiritheofaí le creat dlíthiúil scaipeadh leantach ar staidrimh geothagartha daonra atá bunaithe ar ghreillí agus ar a leathnú chuig staidreamh tithíochta.
(15) Ba cheart aonaid chríochacha agus greillí staidrimh a shainiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003.
(16) Maidir le geochódú suíomhanna, ba cheart téama na n-aonad staidrimh i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(13) a úsáid.
(17) Ní mór an creat dlíthiúil reatha le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht a thabhairt cothrom le dáta lena áirithiú go ndéantar na próisis staidrimh atá scartha faoi láthair a chomhtháthú go leormhaith i gcreat comhchoiteann lenar féidir le CSE freagairt go héifeachtach do riachtanais faisnéise nua an Aontais agus nuálaíocht staidrimh a spreagadh. Ní mór an t-aschur staidrimh ábhartha a fheabhsú ionas go mbeidh sé ábhartha i bhfianaise athruithe agus dúshláin dhéimeagrafacha, imirce, shóisialta agus eacnamaíocha, lena dtacaítear le ceapadh beartas agus cinnteoireacht.
(18) Ba cheart an staidreamh feabhsaithe rialta (bliantúil agus fobhliantúil) maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht a bhunaítear ar fhoinsí riaracháin a chomhlánú le faisnéis ó dhaonáirimh chomhordaithe agus ó áirimh chomhordaithe thithíochta san Aontas a dhéantar gach 10 mbliana i gcomhréir le prionsabail agus moltaí na Náisiún Aontaithe. Chomh tábhachtach céanna, le daonáirimh daonra agus áirimh thithíochta tugtar deis uathúil go mbeidh staidreamh oifigiúil le feiceáil, ó thaobh oibríochtaí agus torthaí de.
(19) Ba cheart go n-éireodh áirimh an Aontais níos cost-éifeachtúla trí leas iomlán a bhaint as an tsraith fhlúirseach sonraí riaracháin atá ar fáil ar fud na mBallstát nó trí theaglaim d’fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear foinsí a bhaineann le hIdirlíon na nEarraí agus soláthar seirbhísí digiteacha ar bhonn prótacail a thabhairt i gcrích idir institiúidí náisiúnta staidrimh na mBallstát agus soláthraithe sonraí ó bhunachair sonraí phríobháideacha. Ba cheart dóibh príobháideachas sonraí pearsanta a urramú trí na coimircí is gá a bhunú le haghaidh sonraí pearsanta a bhailiú chun aon mhí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus chun cearta bunúsacha a ráthú. Ba cheart iad a úsáid freisin chun an bhunlíne dhéimeagrafach a athbhunú agus chun suirbhéanna ar chumhdach na bhfoinsí sonraí riaracháin a chur san áireamh.
(20) Ba cheart rochtain inbhuanaithe a bheith ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún (Eurostat) ar an réimse is leithne is féidir d’fhoinsí sonraí chun staidreamh Eorpach ardchaighdeáin agus cost-éifeachtúil maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht a sholáthar. Ina leith sin, tá sé ríthábhachtach go bhfaigheann údaráis staidrimh náisiúnta rochtain in am agus i dtráth ar na sonraí riaracháin atá faoi úinéireacht na riarachán poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus go ligtear dóibh iad a úsáid go mear, i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Mar shampla, is féidir staidreamh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a bheith bunaithe ar shonraí riaracháin a bhaineann le heisiúint deimhnithe fuinnimh foirgneamh faoi Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(14). Ba cheart do na húdaráis staidrimh náisiúnta a bheith ábalta sonraí riaracháin ó na bunachair sonraí idir-inoibritheacha a athúsáid go hiomlán, ar mhodh rialta agus tráthúil, le haghaidh feidhmíocht fuinnimh foirgneamh atá ar fáil go náisiúnta de réir Threoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(15). Ní mór do na húdaráis staidrimh náisiúnta a bheith páirteach freisin i gcinntí maidir le dearadh agus athfhorbairt foinsí ábhartha sonraí riaracháin chun a áirithiú gur féidir iad a athúsáid tuilleadh chun staidreamh oifigiúil a thiomsú.
(21) Le blianta beaga anuas, forbraíodh bunachair sonraí agus córais idir-inoibritheachta chuimsitheacha ar leibhéal an Aontais a bhaineann le cónaí, teagmhais bheatha, saoránacht agus gluaiseachtaí imirce agus trasteorann an daonra amhail na cinn a bhunaítear faoi Rialacháin (AE) Uimh. 910/2014(16), (AE) 2018/1724(17), (AE) 2019/817(18) agus (AE) 2019/818(19) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Soláthraítear faisnéis luachmhar iontu is féidir a athúsáid le haghaidh tiomsú agus dearbhú cáilíochta an staidrimh Eorpaigh maidir leis daonra agus maidir le tithíocht.
(22) Ina leith sin, tá sé ríthábhachtach an Coimisiún (Eurostat) a chumasú chun na sonraí sin a athúsáid chun críoch staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin faoi réir rialacha maidir le cosaint sonraí agus príobháideacht sonraí a chur i bhfeidhm go docht, de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(20). Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin go háirithe maidir leis na sonraí staidrimh a stóráiltear sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) i gcomhréir le cuspóir CRRS a leagtar amach in Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2019/817 agus in Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2019/818 agus i gcomhréir leis na Rialacháin lena mbunaítear na córais a bhfuil a sonraí staidrimh stóráilte sa CRRS. Go sonrach, ós rud é go bhfuil CRRS chun sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a sholáthar chun críoch beartais, oibriúcháin agus cáilíochta sonraí, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) comhoibriú le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), a mhéid is féidir, d’fhonn an staidreamh Eorpach is gá a sholáthar.
(23) Tagraíonn sonraí a choinnítear go príobháideach don mhéid ollmhór sonraí atá á gcoinneáil ag eintiteas príobháideach a fuarthas mar thoradh ar a ngníomhaíocht, sonraí a d’fhéadfadh údaráis staidrimh agus an Coimisiún (Eurostat) a úsáid chun staidreamh oifigiúil a tháirgeadh. Leis na sonraí sin, is féidir feabhas a chur ar chumhdach, ar thráthúlacht agus ar acmhainneachtaí freagartha ar ghéarchéimeanna an staidrimh Eorpaigh maidir leis an daonra agus le tithíocht nó ▌ nuálaíocht staidrimh a chumasú. Tá an ionchasacht ag na sonraí sin staidreamh déimeagrafaíochta agus imirce atá ann cheana a chomhlánú, nuálaíocht staidrimh a sholáthar agus fiú fónamh chun luath-mheastacháin a sholáthar agus cosaint chearta agus shaoirsí na sealbhóirí sonraí á háirithiú ag an am céanna. Ba cheart rochtain a bheith ag na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus ag údaráis náisiúnta inniúla eile agus ag an gCoimisiún (Eurostat) ar na sonraí sin agus ar úsáid na sonraí sin agus dul i gcomhar leis na sealbhóirí sonraí príobháideacha i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 223/3009.
(24) Chun inchomparáideacht an Staidrimh Eorpaigh maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht ar leibhéal an Aontais a áirithiú, tá sé bunriachtanach go n-úsáidtear sainmhínithe comhchoiteanna daonra agus go gcuirtear chun feidhme ar bhealach comhchuibhithe iad. Chun an bonn daonra comhchuibhithe aonair a chur chun feidhme go comhsheasmhach, go láidir agus go costéifeachtach agus torthaí tráthúla á n-áirithiú ag an am céanna, ba cheart go bhféadfaí teicnící samhaltaithe agus modhanna staidrimh atá bunaithe ar an eolaíocht a chur i bhfeidhm amhail ‘comharthaí beatha’, i gcás inarb iomchuí.
(25) Ba cheart do na Ballstáit a gcuid sonraí agus meiteashonraí a sholáthar i bhfoirm leictreonach i bhformáid theicniúil iomchuí a sholáthraíonn an Coimisiún. Ba cheart caighdeáin idirnáisiúnta, amhail an tionscnamh um Malartú Sonraí agus Meiteashonraí Staidrimh, agus caighdeáin staidrimh nó theicniúla a fhorbraítear laistigh den Aontas, amhail caighdeáin maidir le meiteashonraí agus bailíochtú nó prionsabail an Chreata Eorpaigh Idir-inoibrithe, a úsáid a mhéid is ábhartha le haghaidh staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht. D’fhormhuinigh CCSE caighdeáin CSE le haghaidh meiteashonraí agus tuarascálacha cáilíochta, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Tá na caighdeáin sin chun rannchuidiú le comhchuibhiú an dearbhaithe cáilíochta agus an tuairiscithe cáilíochta faoin Rialachán seo agus ba cheart iad a thabhairt isteach dá bhrí sin.
(26) Ba cheart don staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht na critéir cháilíochta a chomhlíonadh maidir le hábharthacht, cruinneas, tráthúlacht agus poncúlacht, inrochtaineacht agus soiléire, inchomparáideacht agus comhleanúnachas a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Ba cheart cáilíocht na staidreamh sin a fheabhsú a mhéid a thagann éabhlóid ar riachtanais an Aontais, agus ba cheart sásraí a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar chásanna ionchasacha i gcás nach ráthaítear cáilíocht na sonraí. Ba cheart torthaí iomchuí ón measúnú cáilíochta a dhéanann an Coimisiún (Eurostat) a bheith ar fáil go poiblí d’úsáideoirí staidrimh trí rochtain saor in aisce agus éasca ar an staidreamh sin a áirithiú trí bhunachair shonraí an Choimisiúin (Eurostat) ar a shuíomh gréasáin agus ina chuid foilseachán.
(26a) Ba cheart don staidreamh Eorpach maidir le daonra agus tithíocht aghaidh a thabhairt ar an easpa leanúnach sonraí maidir le grúpaí leochaileacha, eadhon grúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu, amhail daoine atá ina gcónaí in institiúidí (e.g. institiúidí míleata, institiúidí ceartúcháin agus pionóis, suanliosanna scoile agus ollscoile, institiúidí reiligiúnacha, ospidéil, ionaid chúraim chónaithe, institiúidí do dhaoine faoi mhíchumas agus dílleachtlanna), daoine os cionn 75 bliana d’aois, daoine faoi mhíchumas, daoine gan dídean, daoine a mbaineann cúlra imirceach leo agus daoine gan stát. Chun an bhearna sonraí sin a dhúnadh agus chun neamhionannais shóisialta agus eacnamaíocha a eascraíonn aisti a chosc, ba cheart do na Ballstáit straitéisí agus réitigh spriocdhírithe a fhorbairt chun sonraí a bhailiú faoi ghrúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu, go háirithe maidir le pobail a aimsiú, teagmháil a dhéanamh leo, áitiú orthu agus iad a chur faoi agallamh.
(26b) Le beartais leormhaithe, tráthúla agus éifeachtacha éilítear sonraí iontaofa agus inchomparáide, atá chomhiomlánú de réir inscne, aoise agus, i gcás inarb ábhartha, náisiúntachta, stádais shocheacnamaíoch, limistéar geografach, agus saintréithe eile i gcomhréir leis na prionsabail staidrimh a leagtar síos in Airteagal 338(1) CFAE agus i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh agus sa Chreat um Dhearbhú Cáilíochta de chuid CSE. Tá na sonraí sin ábhartha chun tuiscint níos fearr a fháil ar threochtaí daonra agus tithíochta, chun idirdhealú trasnach a chomhrac agus chun beartais, cuspóirí agus gníomhaíochtaí polaitiúla an Aontais a chur chun feidhme agus a mheasúnú, amhail prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, Straitéis Cúraim na hEorpa, an Straitéis Eorpach maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas agus an tArdán Eorpach chun an Easpa Dídine a Chomhrac, a bhfuil gach ceann acu ag brath go mór ar shonraí faoi líonta tí agus teaghlaigh. Ba cheart dí-chomhiomlánú staidrimh de réir míchumais a spreagadh trí fhoinsí sonraí riaracháin atá ann cheana agus foinsí nua sonraí riaracháin a úsáid, ar cheart an úsáid a bhaintear astu a mhéadú chun féachaint le míchumas a shainaithint. Ní foláir bailiú agus úsáid na sonraí sin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt do chaighdeáin an Aontais agus do chaighdeáin náisiúnta maidir le príobháideachas agus cearta bunúsacha, go háirithe i gcás ina bhfuil staidrimh a bhaineann le mionaoisigh i gceist. Ba cheart dí-chomhiomlánú de réir inscne léiriú a thabhairt ar na sonraí atá ar fáil sna Ballstáit. Is féidir le daoine an tríú inscne a chlárú go dlíthiúil i roinnt Ballstát faoi láthair, agus is minic gur inscne neodrach a bhíonn i gceist. Ní dhéantar difear leis an Rialachán seo do na rialacha náisiúnta ábhartha lena dtugtar éifeacht don chlárú mar sin.
(27) Cuimsítear i Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 rialacha maidir le soláthar sonraí ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat) agus maidir le húsáid na sonraí sin, lena n‐áirítear maidir le tarchur agus cosaint sonraí rúnda. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na bearta arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán sin go ndéantar sonraí rúnda a sholáthar agus a úsáid chun críoch staidrimh agus chun na gcríoch sin amháin i gcomhréir le hAirteagail 21 agus 22 den Rialachán sin.
(28) Tá ar an gCoimisiún (Eurostat) urraim a thabhairt do rúndacht staidrimh na sonraí a sholáthraíonn ag na Ballstáit de bhun Rialachán (CE) Uimh. 223/2009. Maidir le staidreamh daonra a bhailítear faoin Rialachán seo, ba cheart forbairt a dhéanamh ar chur chuige comhchuibhithe i leith ardchaighdeán na gcomhiomlán Eorpach a áirithiú agus lena seachnaítear nochtadh sonraí rúnda in aschuir staidrimh, lena seachnaítear sochtadh sonraí a mhéid is féidir.
(29) Níltear ábalta i gcónaí le foinsí sonraí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta léiriú beacht a thabhairt ar an bhfeiniméin a bhaineann le saorghluaiseacht daoine san Aontas, ar rochtain daoine ar sheirbhísí trasteorann maidir le teagmhais bheatha dhéimeagrafacha agus ar fheidhmiú na gceart atá ag daoine maoin tithíochta a cheannach agus a shealbhú, a úsáidtear mar phríomhchóiríocht, mar chóiríocht saoire agus mar chóiríocht thánaisteach ar fud an Aontais. Tá neamhréireachtaí ann freisin sna sreafaí imirce déthaobhacha agus deacrachtaí grúpaí daonra a thomhas, mar shampla, i measc an daonra imirceach, daoine gan dídean nó daoine gan stát. Dá bhrí sin, chun críoch staidreamh daonra agus imirce a thiomsú agus cáilíocht na sonraí sin a áirithiú, ba cheart comhroinnt sonraí a threisiú agus a mheas mar fhoinse sonraí eile fós. Féadfaidh comhroinnt neartaithe sonraí dá leithéid réimse leathan sonraí ábhartha a chumhdach, idir shonraí ar léir nach féidir aonaid staidrimh a shainaithint leo, go díreach nó go hindíreach, agus sonraí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ceanglais rúndachta staidrimh. Ba cheart do na Ballstáit, ar mhaithe leo féin agus chun leasa na mBallstát eile, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí comhroinnte sonraí, lena n-áirítear i dtreoirthionscadail ina ndéantar measúnú ar réitigh shlána nuálacha. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) bonneagar slán a bhunú chun an chomhroinnt sonraí sin a éascú agus na coimircí riachtanacha uile á n-áirithiú le haghaidh cosaint sonraí.
▌
(31) Níor cheart sonraí rúnda a chomhroinnt ach amháin ar bhonn iarratais lena dtugtar údar cuí leis an ngá atá leis na sonraí sin a chomhroinnt i gcomhréir le Caibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
(32) San fhadtéarma, ba cheart, mar shampla, go rachadh aitheantóirí aonair digiteacha a bhunaítear ar leibhéal an Aontais le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014, chun tairbhe do na hiarrachtaí comhoibríocha a dhéantar in CSE ar shaincheisteanna cáilíochta staidrimh trasteorann a mhaolú, amhail comhaireamh dúbailte chónaitheoirí an Aontais a bhfuil saoirse gluaiseachta á teachtadh acu.
(33) Ní dochar an Rialachán seo do Rialacháin (AE) 2016/679(21) ná (AE) 2018/1725 ná do Threoir 2002/58/CE(22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Faoi chuimsiú a raoin feidhme faoi seach, beidh feidhm ag na Rialacháin deiridh sin i leith próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo, agus é á chur san áireamh freisin gur sonraí rúnda staidrimh iad sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críoch staidrimh ar mhaithe le leas an phobail, faoi réir phrionsabal na rúndachta staidrimh. Dá bhrí sin, níor cheart na sonraí sin a úsáid ach amháin chun críoch staidrimh agus níor cheart iad a úsáid riamh le haghaidh bearta nó cinntí a bhaineann le haon duine nádúrtha ar leith. Ba cheart sonraí anaithnide nó sonraí bréagainmnithe a úsáid más féidir chun sonraí pearsanta a phróiseáil, a chomhroinnt agus a chartlannú chun críoch staidrimh faoin Rialachán seo chun na coimircí a ghlactar faoi Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725 a ráthú. I gcás ina bpróiseáiltear sonraí pearsanta de réir Rialachán (AE) 2016/679 nó Rialachán (AE) 2018/1725, ba cheart prionsabail na dlíthiúlachta, na cothroime, na trédhearcachta agus an chruinnis, an teorannaithe de réir cuspóra, an íoslaghdaithe sonraí, an teorannaithe stórála agus na sláine agus na rúndachta a chur i bhfeidhm go hiomlán. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart feidhm a bheith ag na prionsabail staidrimh a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 agus a fhorbraítear a thuilleadh i gCód Cleachtais an Staidrimh Eorpaigh.
(34) Ba cheart staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíochta a fhorbairt chun aird a thabhairt ar riachtanais sonraí atá ag teacht chun cinn de bharr tosaíochtaí beartais atá ag athrú, chomh maith le hathruithe ar an staid dhéimeagrafach, imirce, shóisialta nó eacnamaíoch san Aontas. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) tabhairt faoi staidéir phíolótacha agus féidearthachta ina ndéanfar measúnú ar a indéanta atá na hoiriúnuithe lena mbaineann de réir mar is iomchuí agus ba cheart dó gnéithe amhail costais agus ualaí riaracháin ar na Ballstáit agus infhaighteacht foinsí iomchuí sonraí a chur san áireamh. Agus na staidéir sin á n-ullmhú, ba cheart don Choimisiún ionadaíochas na staidéar a áirithiú ar leibhéal an Aontais, ina léirítear éagsúlachtaí réigiúnacha. Ba cheart don Choimisiún (Eurostat) meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na staidéar i gcomhar leis na Ballstáit.
(35) Chun treochtaí déimeagrafacha, eacnamaíocha agus sóisialta, forbairtí teicneolaíocha agus an gá atá le beartais dea-spriocdhírithe a dhearadh ar bhealach tráthúil a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun liosta, tuairisc, tréimhsiúlachtaí agus amanna tagartha na dtopaicí mionsonraithe a chumhdaítear le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht a leasú; an tréimhsiúlacht agus na hamanna tagartha san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a thabhairt cothrom le dáta agus an fhaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit a shonrú ar bhonn ad hoc. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go dtéann an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéantar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr(23). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(35a) Léirítear tábhacht an staidrimh Eorpaigh mar chuid ríthábhachtach den chinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise sa chreat clársceidealaithe agus maoiniúcháin a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(24) chun staidreamh Eorpach a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh (Clár an Mhargaidh Aonair). Ba cheart do na Ballstáit a bheith ábalta iarratas ar thacaíocht airgeadais ó Chlár an Mhargaidh Aonair agus ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(25) a dhéanamh i gcomhréir le cuspóirí agus rialacha na n-ionstraimí sin, chun a gcórais staidrimh náisiúnta a oiriúnú, feabhas a chur ar mhodheolaíocht agus ar cháilíocht sonraí maidir le staidreamh agus pleanáil agus bailiú sonraí ad hoc a chur chun feidhme faoin Rialachán seo.
(36) I gcomhréir leis an Rialacháin (AE, Euratom) 2018/1046(26) agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(27) agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95(28), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96(29) agus (AE) 2017/1939 ón gComhairle(30), táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le haisghabháil na gcistí a cailltear, a íoctar go mícheart nó a úsáidtear go mícheart agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin ( Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 833/2013, tá sé de chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(31). I gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistiú ón Aontas ní mór dó comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, OIPE, agus a áirithiú go ndéanfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí ón Aontas cearta coibhéiseacha a dheonú.
(37) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme i ndáil le sonraíocht na gceanglas sonraí agus meiteashonraí, formáidí teicniúla agus nósanna imeachta maidir le soláthar sonraí agus meiteashonraí, ábhar agus struchtúr tuarascálacha cáilíochta, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle(32).
(38) I gcás ina mbeadh gá, de bharr chur chun feidhme an Rialacháin seo, nó na ngníomhartha tarmligthe agus na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun, le mórathruithe ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit maidir le soláthar sonraí a bhfuil tréimhsiúlacht níos lú ná 10 mbliana ag baint leis, ba cheart go mbeadh an Coimisiún ábalta, i gcásanna cuí-réasúnaithe agus ar feadh tréimhse theoranta, maoluithe a dheonú do na Ballstáit lena mbaineann.
(39) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht a sholáthar go córasach, a bhaint amach go leordhóthanach agus, ar chúiseanna comhsheasmhachta agus inchomparáideachta, gur fearr is féidir é a bhaint ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh chun an cuspóir sin a bhaint amach, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(40) Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 16 Márta 2023.
(41) Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Bunaítear leis an Rialachán seo creat coiteann dlí chun staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht a fhorbairt, a chur ar fáil agus a scaipeadh.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1) ciallaíonn ‘saoránacht’ an nasc dlí faoi leith idir duine nádúrtha agus a Stát, a rinneadh de bharr gur ann a rugadh é nó í, nó a rinneadh de bharr eadóirseachta, cé acu an eadóirseacht trí dhearbhú, de rogha, trí phósadh nó trí uchtú a bhí ann nó eadóirseacht trí aon mhodh eile i gcomhréir leis an dlí náisiúnta;
(2) ciallaíonn ‘gnátháit chónaithe’ an áit a gcaitheann duine an sos laethúil go hiondúil, is cuma é a bheith as láthair go sealadach chun críoch áineasa, saoire, cuairteanna ar chairde agus ar ghaolta, gnó, cóireála leighis nó oilithreachta reiligiúnaí. Ní mheasfar ach na daoine seo a leanas mar ghnáthchónaitheoirí i gceantar geografach sonrach:
(a) iad siúd a raibh cónaí orthu ina ngnátháit chónaithe an chuid is mó den am sa 12 mhí roimh agus lena n-áirítear an dáta tagartha; or
(b) daoine a tháinig go dtí a ngnátháit chónaithe le linn an 12 mhí roimh an dáta tagartha, an dáta sin san áireamh, agus a bhfuil sé ar intinn acu, nó a bhfuil coinne acu leis, fanacht ann an chuid is mó den am go ceann 12 mhí ar a laghad i ndiaidh dóibh teacht;
(3) ciallaíonn ‘comharthaí beatha’ aon fhaisnéis lena léirítear láithreacht agus gnátháit chónaithe iarbhír duine ar chríoch an leasa, lena n-áirítear faisnéis a fhaightear ó aon fhoinse iomchuí nó teaglaim díobh, lena n-áirítear rianta digiteacha a bhaineann leis an duine;
(4) ▌
(5) ciallaíonn ‘imirce idirnáisiúnta’ an teagmhas lena mbunaíonn duine a ghnátháit nó a gnátháit chónaithe i gcríoch Ballstáit nó tríú tír, i gcás ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo i mBallstát nó i dtríú tír eile;
(6) ciallaíonn ‘inimirceach’ duine a chuaigh ar imirce idirnáisiúnta le linn na tréimhse tagartha chun a ghnátháit nó a gnátháit chónaithe nua a bhunú laistigh den tír thuairiscithe;
(7) ciallaíonn ‘eisimirceach’ duine a chuaigh ar imirce idirnáisiúnta le linn na tréimhse tagartha chun a ghnátháit nó a gnátháit chónaithe nua a bhunú lasmuigh den tír thuairiscithe, i gcás ina raibh gnáthchónaí air nó uirthi roimhe seo sa tír thuairiscithe;
(8) ciallaíonn ‘imirce inmheánach’ an teagmhas lena n-athraíonn duine a ghnátháit nó a gnátháit chónaithe laistigh de chríoch na tíre tuairiscithe;
(8a) ciallaíonn ‘grúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu’ grúpaí daoine aonair a bhfuil bac iarbhír nó braite ann i leith a gcuimsithe iomláin ionadaíoch nó sainaitheanta maidir le bailiú sonraí staidrimh, de bharr easpa cumhdaigh na ngrúpaí faoi seach nó de bharr easpa saintréithe sonracha chun iad a shainaithint;
(9) ciallaíonn ‘ait chónaithe’ déanmhas sealadach nó buan, foscadh nó áit lóistín ina gcónaíonn duine amháin nó níos mó, gan beann ar a bhfuil sé deartha nó ceaptha mar áit chónaithe don duine;
(10) ▌ Is ionann ‘teaghaisí traidisiúnta’ agus áitreabh ar leithligh agus neamhspleách go struchtúrtha i suíomhanna seasta atá deartha mar áit chónaithe bhuan do dhaoine agus atá, ar an dáta tagartha:
(a) in úsáid mar ghnátháit chónaithe;
(b) neamháitithe; nó
(c) in úsáid mar theaghais thánaisteach nó shéasúrach.
(x) ciallaíonn ‘áitreabh ar leithligh’ áitribh atá timpeallaithe le ballaí agus clúdaithe le díon nó síleáil ar bhealach inar féidir le duine amháin nó níos mó ná sin a bheith ina chónaí ann gan bheith spleách ar dhaoine eile;
(xx) ciallaíonn ‘áitreabh neamhspleách’ áitreabh a bhfuil rochtain dhíreach ar an áit ar fáil ó shráid nó staighre, pasáiste, dorchla nó talamh;
(11) ciallaíonn ‘foirgneamh a bheartaítear chun cónaí ann’ buandéanmhas ina gcuimsítear teaghais thraidisiúnta amháin nó níos mó nó a bheartaítear a úsáid mar thithíocht institiúideach nó mar thithíocht chomhchoiteann;
(12) ciallaíonn ‘líon tí’ grúpa de bheirt nó níos mó a roinneann áit chónaithe ▌ nó duine aonair nach cuid d’aon líon tí eile é nó í;
(12a) ciallaíonn ‘institiúid’ áit chónaithe chomhchoiteann chun críche cónaithe fhadtéarmaigh agus soláthar seirbhísí le haghaidh an tsaoil laethúil do ghrúpa daoine;
(13) ciallaíonn ‘teaghlach’ grúpa de bheirt daoine nó níos mó a chónaíonn an chuid den am sa líon tí céanna agus atá gaolta trí thuismitheoireacht nó trí pháirtnéireacht phósta, chláraithe nó aontais chomhthoiligh;
(14) ciallaíonn ‘taifid riaracháin’ sonraí arna nginiúint ag foinse nach foinse staidrimh í, cláir de ghnáth atá i seilbh comhlachta phoiblí, agus nach é is príomhaidhm dó staidreamh a chur ar fáil;
(15) ciallaíonn ‘fearann’ tacar sonraí nó roinnt tacar sonraí a chumhdaíonn topaicí ar leith;
(16) ciallaíonn ‘topaic’ inneachar na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh, agus cumhdaítear roinnt topaicí mionsonraithe i ngach topaic;
(17) ciallaíonn ‘topaic mhionsonraithe’ inneachar mionsonraithe na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh a bhaineann le topaic, ina gcumhdaítear athróg amháin nó roinnt athróg i ngach topaic mhionsonraithe;
(18) ciallaíonn ‘tacar sonraí’ ▌ athróg amháin nó roinnt athróg atá eagraithe i bhfoirm struchtúrtha;
(19) ciallaíonn ‘daonáireamh agus áireamh tithíochta’ na tacair sonraí mhionsonraithe dheichbhliantúla agus na meiteashonraí atá le soláthar faoin Rialachán seo;
(20) ciallaíonn ‘aonad staidrimh’ ball amháin d’uilephobal eintiteas, eadhon daoine, réada nó teagmhais a mbailítear sonraí fúthu agus a dtiomsaítear staidreamh ▌ ina leith;
(21) ciallaíonn ‘athróg’ airí aonaid staidrimh ar féidir le níos mó ná tacar luachanna amháin a bheith ag gabháil leis;
(22) ciallaíonn ‘miondealú’ tacar luachanna réamhshainithe, scoite, uileghabhálach agus comheisiach ar féidir iad a shannadh d’athróga arb iad aonaid staidrimh a sainghné;
(24) ciallaíonn ‘leibhéal réigiúnach‘ leibhéal NUTS3 mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;
(25) ciallaíonn ‘leibhéal áitiúil’ leibhéal an aonaid riaracháin áitiúil ▌ mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;
(26) ciallaíonn ‘leibhéal greille’ greille staidrimh mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003;
(27) ciallaíonn ‘frámaí’ aon liosta, ábhar nó feiste a theormharcálann agus a shainaithníonn eilimintí an spriocphobail agus a d’fhéadfadh, ag brath ar a úsáid, rochtain ar na heilimintí a cheadú, nó saintréithe breise na n-eilimintí a sholáthar;
(28) ciallaíonn ‘dáta tagartha’ an t-am dá dtagraíonn an staidreamh;
(29) ciallaíonn ‘tréimhse thagartha‘ an t-eatramh ama dá dtagraíonn an staidreamh maidir le teagmhais;
(30) ciallaíonn ‘am tagartha’ dáta tagartha nó tréimhse thagartha, ag brath ar cé acu an mbaineann an staidreamh le teagmhais nó ar le haonaid staidrimh eile;
(31) ciallaíonn ‘meiteashonraí’ an fhaisnéis is gá chun staidreamh a úsáid agus a léiriú agus a chuireann síos ar thacair sonraí ar bhealach struchtúrtha;
(32) ciallaíonn ‘tacair sonraí réamhsheiceáilte’ tacair sonraí arna bhfíorú ag na Ballstáit, ar bhonn rialacha coiteanna maidir le bailíochtú;
(33) ciallaíonn ‘tuarascáil cháilíochta’ tuarascáil ina gcuirtear faisnéis in iúl maidir le cáilíocht táirge staidrimh nó próisis staidrimh.
Airteagal 3
An bonn daonra
1. Chun críocha an Rialacháin seo, is éard atá sa bhonn daonra na daoine go léir a bhfuil a ngnátháit chónaithe laistigh den Aontas in aonad críochach sonraithe de chuid Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil nó greille, ar an dáta tagartha.
2. Cuimseofar sa bhonn daonra gach duine gnáthchónaitheach, gan beann ar shaoránacht ná an bhfuil an duine gan stát ná an raibh an duine gan stát roimhe sin ▌.
3. Fágfar amach as an mbonn daonra daoine a bhfuil a ngnátháit chónaithe lasmuigh de chríoch an Bhallstáit gan beann ar áit bhreithe ná ar shaoránacht, agus gan beann ar aon nasc teaghlaigh, sóisialta, eacnamaíoch nó maoine a d’fhéadfadh a bheith ag an duine leis an mBallstát.
4. Sannfar ar dhaoine nach bhfuil aon ghnátháit chónaithe acu, mar ghnátháit chónaithe, an áit ag a raibh siad ar an dáta tagartha.
5. Cuirfidh na Ballstáit an sainmhíniú ar ghnátháit chónaithe dá bhforáiltear sa Rialachán seo i bhfeidhm i leith na dtacar sonraí go léir a sholáthraítear don Choimisiún (Eurostat) faoin Rialachán seo agus don leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus greille.
6. Agus an sainmhíniú ar ghnátháit chónaithe á chur i bhfeidhm, úsáidfidh na Ballstáit:
(a) ceann amháin de na foinsí sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) nó meascán díobh;
(b) modhanna meastacháin amhail ‘comharthaí beatha’chomh maith le modhanna meastacháin staidrimh eile atá eolaíocht-bhunaithe, dea-dhoiciméadaithe agus ar fáil go poiblí chun ceartúchán a dhéanamh le haghaidh láithreacht iarbhír san áit ghnáthchónaithe mheasta le linn an chuid is mó den am sa 12 mhí dar críoch an dáta tagartha, agus ▌ chun meastachán a dhéanamh ar an líon daoine a bhfuil sé ar intinn acu fanacht, nó a bhfuiltear ag súil go bhfanfaidh siad, le linn an chuid is mó den am sa 12 mhí i ndiaidh dóibh teacht.
6a. Chun críche vótála trí thromlach cáilithe sa Chomhairle, cuirfidh an Coimisiún an Chomhairle ar an eolas faoi dhaonra iomlán na mBallstát ag deireadh gach bliana tagartha mar a bheidh ar fáil ag an gCoimisiún (Eurostat) an 31 Lúnasa den bhliain féilire tar éis na bliana tagartha.
Airteagal 4
Sonraí staidrimh
Tiomsófar staidreamh faoin Rialachán seo maidir leis na haonaid staidrimh seo a leanas:
(a) daoine;
(b) teagmhais bheatha;
(c) teaghlaigh;
(d) líonta tí;
(e) foirgnimh atá beartaithe chun cónaí iontu, áiteanna cónaithe lena n-áirítear institiúidí, agus teaghaisí traidisiúnta.
Airteagal 5
Ceanglais staidrimh
1. Cumhdófar sa staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht na réimsí seo a leanas:
(a) déimeagrafaíocht;
(b) tithíocht;
(c) teaghlaigh agus líonta tí.
2. Déanfar an staidreamh sna réimsí a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo a eagrú ina thacair sonraí de réir na dtopaicí agus na dtopaicí mionsonraithe a leagtar amach san Iarscríbhinn. I gcás inar duine an t-aonad staidrimh, déanfar na tacair sonraí a dhí-chomhiomlánú de réir inscne agus aoise, agus i gcás inarb ábhartha de réir saintréithe eile.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun liosta na dtopaicí mionsonraithe san Iarscríbhinn a leasú. Glacfar na gníomhartha tarmligthe sin 12 mhí ar a laghad roimh thús an ama tagartha ábhartha.
4. Agus an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfear ualach suntasach díréireach ar na Ballstáit agus ar fhreagróirí suirbhéanna leis na gníomhartha sin. Déanfar aon ábhar mionsonraithe nua a mheasúnú i ndáil lena indéantacht trí bhíthin treoirstaidéar arna ndéanamh ag an gCoimisiún (Eurostat) agus ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 14.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar airíonna teicniúla na dtacar sonraí agus na meiteashonraí atá le soláthar don Choimisiún (Eurostat). Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin na gnéithe teicniúla seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:
(a) teidil na n-athróg, a sonraíochtaí teicniúla agus miondealuithe;
(b) sonraíochtaí mionsonraithe na n-aonad staidrimh agus na meiteashonraí;
(c) aicmithe staidrimh atá le húsáid;
(d) spriocdhátaí soláthair;
(e) formáidí teicniúla um sholáthar tacar sonraí agus meiteashonraí;
(f) ábhar, struchtúr, tréimhsiúlacht, módúlachtaí agus spriocdhátaí soláthair na dtuarascálacha cáilíochta chomh maith le sonraíochtaí breise nuair is gá agus nuair atá údar maith leo.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús an ama thagartha ábhartha, ach amháin maidir leis an daonáireamh agus leis an áireamh tithíochta ar ina leith a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme 24 mhí ar a laghad roimh thús na bliana a thitfidh an dáta tagartha.
Airteagal 6
Tréimhsiúlacht agus amanna tagartha
1. Soláthróidh na Ballstáit an staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht gach ráithe, gach sé mhí, gach bliain agus ar bhonn ilbhliantúil, agus i ndaonáireamh agus áireamh tithíochta deichbhliantúil.
2. Is iad na blianta dar críoch ‘1’ a bheidh sna blianta tagartha don daonáireamh agus don áireamh tithíochta deichbhliantúil.
3. Is iad na blianta dar críoch ‘1’, ‘5’ agus ‘8’ a bheidh sna blianta tagartha do staidreamh ilbhliantúil.
4. Is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh tréimhsiúlacht agus am tagartha ▌gach topaice mionsonraithe.
5. Is é an 31 Nollaig 2025 an chéad dáta tagartha a mbeidh staidreamh bliantúil ar an topaic ‘stoic daonra‘ le soláthar ina leith. Is in 2026 a sholáthrófar an chéad am tagartha a mbeidh aon staidreamh eile ina leith faoin Rialachán seo.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Iarscríbhinn a leasú trí na tréimhsiúlachtaí agus na hamanna tagartha a thabhairt cothrom le dáta.
Airteagal 7
Ceanglais staidrimh ad hoc
1. Cuirfidh na Ballstáit tacair sonraí agus meiteashonraí ad hoc ar fáil don Choimisiún (Eurostat).
2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 17 trí na tacair sonraí agus na meiteashonraí atá le soláthar ag na Ballstáit ar bhonn ad hoc a shonrú, i gcás ina measfar gur gá staidreamh breise a bhailiú chun freastal ar riachtanais staidrimh bhreise faoin Rialachán seo, agus tús áite á thabhairt d’fhoinsí agus taifid sonraí riaracháin atá le húsáid chun na sonraí arna n-iarraidh a bhailiú.
3. Maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, sonrófar an méid seo a leanas:
(a) na topaicí mionsonraithe atá le soláthar sna tacair sonraí ad hoc agus na cúiseanna leis na riachtanais bhreise staidrimh sin;
(b) na hamanna tagartha.
4. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh ag tosú leis an mbliain tagartha 2027 agus 2 bhliain ar a laghad idir gach bailiúchán ad hoc.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun airíonna teicniúla na dtacar sonraí ad hoc agus na meiteashonraí dá dtagraítear i mír 2 a shonrú. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin na gnéithe teicniúla seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:
(a) teidil na n-athróg, a sonraíochtaí teicniúla agus miondealuithe;
(b) sonraíochtaí mionsonraithe na n-aonad staidrimh agus na meiteashonraí;
(c) aicmithe staidrimh atá le húsáid;
(d) spriocdhátaí soláthair.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin in Airteagal 18(2) tráth nach déanaí ná 12 mhí roimh thosach an ama tagartha.
Airteagal 8
Tacair sonraí agus meiteashonraí atá le tarchur chuig an gCoimisiún
1. Tarchuirfidh na Ballstáit tacair sonraí agus meiteashonraí réamhsheiceáilte chuig an gCoimisiún (Eurostat) i gcomhréir leis an Iarscríbhinn ag baint úsáid as formáid theicniúil arna sonrú ag an gCoimisiún (Eurostat). Úsáidfear seirbhísí an phointe iontrála aonair chun na tacair shonraí agus na meiteashonraí a tharchur chuig an gCoimisiún (Eurostat).
2. I gcás ina bhfoilsíonn Ballstáit sonraí a cheanglaítear leis an Rialachán seo ar an leibhéal náisiúnta roimh na spriocdhátaí tarchuir arna mbunú de bhun Airteagal 5(5), pointe (d), agus Airteagal 7(5), pointe (d), cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún (Eurostat) iad gan moill mhíchuí, ar a dhéanaí laistigh de 21 lá féilire ón bhfoilsiú náisiúnta.
3. Tarchuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas chuig an gCoimisiún (Eurostat):
(a) tacair sonraí agus meiteashonraí athbhreithnithe má dhéantar athbhreithniú i ndiaidh na dtacar sonraí a cheanglaítear faoin Rialachán seo a sholáthar i dtosach;
(b) tacair sonraí agus meiteashonraí athbhreithnithe le haghaidh amshraitheanna ábhartha má dhéantar athbhreithniú ar thacair sonraí a cuireadh ar fáil don Choimisiún (Eurostat) roimh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
Tarchuirfear na tacair sonraí agus na meiteashonraí athbhreithnithe laistigh de 14 lá féilire ón athbhreithniú a dhéanamh agus comhlánófar iad le tuairisciú cáilíochta i gcomhréir le hAirteagal 12.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí faoi aon chinneadh maidir le tacair sonraí ar leith a athbhreithniú.
Airteagal 9
Foinsí sonraí agus modhanna
1. Úsáidfidh na Ballstáit agus an Coimisiún (Eurostat) ceann amháin nó teaglaim de na foinsí sonraí seo a leanas, ar choinníoll go n-éascófar leo staidreamh a sholáthar a chomhlíonann na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 12:
(a) foinsí sonraí riaracháin;
(b) suirbhéanna staidrimh nó bailiúcháin eile de shonraí staidrimh;
(c) foinsí eile lena n-áirítear sonraí a choinnítear ar bhonn príobháideach;
(d) athúsáid sonraí a fhaightear ó chomhroinnt sonraí idir na húdaráis náisiúnta staidrimh agus an Coimisiún (Eurostat) laistigh de CSE.
2. Déanfaidh na Ballstáit measúnú agus faireachán ar cháilíocht a bhfoinsí sonraí, lena n-áirítear taifid riaracháin agus foinsí iomchuí eile a úsáidtear.
3. Beidh sé d’aidhm ag na Ballstáit forbairt leanúnach a dhéanamh ar fhoinsí agus ar mhodhanna nuálacha agus úsáidfidh siad iad chun feabhas a chur ar an staidreamh arna thiomsú faoin Rialachán seo, ar choinníoll go mbeidh siad ábalta staidreamh a sholáthar a chomhlíonann na ceanglais cháilíochta a leagtar síos in Airteagal 12. ▌
4. Beidh an staidreamh a thiomsófar faoin Rialachán seo bunaithe ar mhodhanna a bheidh fónta ó thaobh staidrimh de agus a bheidh dea-dhoiciméadaithe agus moltaí idirnáisiúnta agus dea-chleachtas á gcur san áireamh amhail ‘comharthaí beatha’ ▌ agus modhanna eile meastacháin staidrimh eolaíocht-bhunaithe agus a úsáidfear chun an daonra gnáthchónaitheach sna Ballstáit a thiomsú.
5. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), cuirfidh na Ballstáit torthaí measúnúcháin na bhfoinsí sonraí, doiciméadacht na modhanna agus na soiléirithe is gá ar fáil don Choimisiún (Eurostat).
Airteagal 10
Sonraí riaracháin a rochtain agus a athúsáid go tráthúil
1. I gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ceadóidh na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar fhoinsí sonraí riaracháin atá ábhartha chun críocha an Rialacháin seo athúsáid a bhaint as na sonraí sin in am agus i minicíocht atá leordhóthanach chun staidreamh a sholáthar agus a thíolacadh laistigh de na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na ceanglais shonracha cháilíochta de réir an Rialacháin seo. Bunóidh na húdaráis staidrimh náisiúnta agus na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar na taifid riaracháin na sásraí comhair is gá le haghaidh rochtain thráthúil agus saor in aisce ar na taifid sin.
1a. Chun staidrimh ar an topaic mhionsonraithe maidir le saintréithe atá bainteach le fuinneamh a bhaineann le foirgnimh a chur ar fáil, beidh rochtain thráthúil agus rialta ag údaráis staidrimh náisiúnta ar na bunachair sonraí náisiúnta maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh de réir Theoir (AE) 2024/1275 agus ceadófar dóibh athúsáid a bhaint as sonraí riaracháin ó na bunachair sonraí sin.
1b. Chun miondealuithe daonra de réir inscne a tháirgeadh, úsáidfidh institiúidí staidrimh náisiúnta an fhaisnéis atá ar fáil i bhfoinsí sonraí riaracháin náisiúnta.
2. Chun críche an Rialacháin seo, ceadófar don Choimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin, rochtain agus athúsáid thráthúil a fháil ar shonraí ábhartha agus ar mheiteashonraí ábhartha ó bhunachair sonraí agus ó chórais idir-inoibritheachta arna gcoimeád ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialacháin (AE) Uimh. 910/2014, (AE) 2018/1724 agus ar shonraí staidrimh arna stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS). Go sonrach, beidh rochtain ag an gCoimisiún (Eurostat) ó CRRS ar shonraí ó na Córais Mhórscála TF idir-inoibritheacha (LSITanna)i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 agus leis na Rialacháin lena mbunaítear na córais a stóráiltear a gcuid sonraí staidrimh in CRRS. Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún (Eurostat) tuilleadh leis na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais d’fhonn na sonraí staidrimh agus meiteashonraí saincheaptha is gá a shonrú, i gcás inar féidir faoi dhlí an Aontais, maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, leis na módúlachtaí oibriúcháin maidir lena soláthar agus leis na cosaintí riachtanacha fisiceacha agus loighciúla a ghabhann leo.
Airteagal 11
Liostaí na dtíortha agus na gcríoch
1. I gcás ina gcuimsítear faisnéis de réir tíortha nó críoch i dtacar sonraí, úsáidfidh na Ballstáit miondealuithe sonracha chun críocha an Rialacháin seo agus Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar nó lena nuashonrófar liostaí na dtíortha agus na gcríoch a mbeidh feidhm acu maidir le miondealaithe staidrimh arna dtiomsú faoin Rialachán seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2) den Rialachán seo. ▌
3. Beidh feidhm ag gníomhartha cur chun feidhme lena leasaítear níos mó ná aon trian de na catagóirí miondealaithe tíortha nó críoch 12 mhí ar a luaithe i ndiaidh a dteacht i bhfeidhm.
Airteagal 12
Ceanglais cháilíochta agus tuairisciú cáilíochta
1. Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna tarchur a áirithiú.
2. Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí agus éifeachtacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) na rialacha a bhaineann leis an mbonn daonra mar a leagtar síos in Airteagal 3, a chur chun feidhme go haonfhoirmeach agus go neamhspleách ar na foinsí sonraí a úsáidtear;
(b) grúpaí daonra a bhfuil sé deacair teacht orthu a ghabháil nó a mheas;
(c) uileghabhálacht agus cruinneas an daonra a chumhdaítear i gcomhréir le hAirteagal 3 a rialú;
(d) frámaí a bhunú atá oiriúnach chun críocha an Rialacháin seo agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/1700;
(e) rioscaí go ndéanfaí tearcáireamh nó áireamh dúbailte a sheachaint a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht daoine san Aontas, rochtain ata ag daoine ar sheirbhísí trasteorann atá nasctha le teagmhais bheatha agus cearta an duine chun maoin tithíochta trasteorann a cheannach, a bheith acu agus a úsáid ar fud an Aontais, amhail trí aitheantóirí aonair digiteacha a thabhairt isteach;
(f) rioscaí féideartha maidir le tearcáireamh nó áireamh dúbailte a sheachaint agus inchomparáideacht níos fearr a áirithiú maidir le sreafaí imirce;
(g) na sonraí uile a bhfuil gá leo a sholáthar don Choimisiún (Eurostat) chun iomláine an Staidrimh Eorpaigh atá foilsithe a áirithiú.
2a. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht mheiteashonraí ar na sonraíochtaí, d’fhonn, inter alia, iad a fhoilsiú ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin (Eurostat).
3. Tarchuirfidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún (Eurostat), den chéad uair faoin 31 Márta 2027 agus gach bliain ina dhiaidh sin dar críoch ‘0’, ‘3’ nó ‘7’, tuarascáil cháilíochta ina mbeidh tuairisc ar cháilíocht an staidrimh arna sholáthar agus ar na próisis staidrimh le haghaidh na dtacar sonraí arna soláthar le linn na tréimhse sin. Áireofar sna tuarascálacha cáilíochta sin faisnéis faoi na foinsí sonraí agus na modhanna a úsáidtear, cur i bhfeidhm na gcoincheap agus na sainmhínithe agus na héifeachtaí gaolmhara a d’fhéadfadh a bheith acu ar cháilíocht na bhfoinsí sonraí roghnaithe, athbhreithnithe ar shonraí agus na cúiseanna agus na tionchair a bhaineann leo agus na modhanna rialaithe nochta staidrimh. Sonrófar sna tuarascálacha cáilíochta freisin an chaoi ar chuir na Ballstáit na bearta dá dtagraítear i mír 1 i bhfeidhm agus an chaoi ar comhlíonadh na critéir cháilíochta dá dtagraítear i mír 2.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar amach na socruithe praiticiúla le haghaidh na tuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta.
Ní chuirfear, leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, ualach ná costas suntasach breise ar na Ballstáit.
Glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
4a. Féadfaidh aon oiriúnú mór dá bhforáiltear leis na gníomhartha cur chun feidhme sin a bheith faoi réir tacaíocht airgeadais agus theicniúil de bhun Airteagal 15 nó maolú de bhun Airteagal 19(1a).
5. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas a luaithe is féidir faoi aon fhaisnéis ábhartha nó aon athrú i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo a mbeadh tionchar aige ar cháilíocht na sonraí arna soláthar, agus glacfaidh siad bearta chun an fhadhb a réiteach gan moill mhíchuí.
6. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón gCoimisiún (Eurostat), soláthróidh na Ballstáit, gan aon mhoill mhíchuí, na soiléirithe breise is gá chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh, amhail torthaí measúnúcháin na bhfoinsí sonraí agus doiciméadacht na modhanna.
Airteagal 13
Stóráil sonraí
1. Is é an cuspóir a bheidh le comhroinnt sonraí idir institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile atá ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 (údaráis staidrimh náisiúnta), agus idir na húdaráis staidrimh náisiúnta sin agus an Coimisiún (Eurostat), go heisiach staidreamh Eorpach a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a fhorbairt agus a tháirgeadh agus ▌a gcáilíocht a fheabhsú.
2. Ar mhaithe le comhroinnt shlán sonraí laistigh den CSE, déanfar na coimircí uile is gá lena n-áirítear bonneagar slán comhroinnte sonraí maidir le cosaint fhisiceach, theicniúil agus loighciúil sonraí. Bunóidh an Coimisiún (Eurostat) bonneagar slán chun comhroinnt sonraí dá dtagraítear i mír 1 a éascú. ▌Féadfaidh údaráis staidrimh náisiúnta an bonneagar slán comhroinnte sonraí sin a úsáid chun na críche a shonraítear i mír 1. Measfar gur rialaitheoirí comhpháirteacha iad an Coimisiún (Eurostat) agus na húdaráis staidrimh náisiúnta a úsáideann an bonneagar slán comhroinnte sonraí sin chun sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le mír 3 chun sonraí pearsanta a phróiseáil sa bhonneagar comhroinnte sonraí slán. I gcás ina n-úsáidfidh na húdaráis staidrimh náisiúnta bonneagar comhroinnte sonraí eile, áiritheoidh siad go ndéanfar foráil sa bhonneagar sin maidir le slándáil atá coibhéiseach ar a laghad leis an tslándáil arna bhunú ag an gCoimisiún (Eurostat).
3. Nuair is sonraí rúnda de réir bhrí Airteagal 3, pointe 7, de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 nó sonraí pearsanta de réir Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 iad na sonraí lena mbaineann, ceadófar na sonraí sin ▌ a chomhroinnt agus féadfar é sin a dhéanamh ar bhonn deonach ar choinníoll:
(a) go mbeidh sé bunaithe ar iarratas lena dtugtar údar maith leis an ngá na sonraí a chomhroinnt i ngach cás ar leith, go háirithe maidir leis na saincheisteanna cáilíochta ar cheart aghaidh a thabhairt orthu go sonrach;
(b) go mbeidh sé bunaithe ▌ ar theicneolaíochtaí cosanta príobháideachais atá deartha go sonrach chun prionsabail Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 a chur chun feidhme, go háirithe maidir le teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, teorannú stórála, sláine agus rúndacht;
(c) gan dochar do Chaibidil V de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.
3a. Chun críche na comhroinnte sonraí dá dtagraítear i mír 1, déanfar sonraí neamhrúnda a roinnt idir institiúidí staidrimh náisiúnta agus údaráis náisiúnta eile de chuid Ballstát éagsúil agus idir na húdaráis staidrimh náisiúnta sin agus an Coimisiún (Eurostat).
4. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) agus na Ballstáit, trí threoirstaidéir, tástáil agus measúnú ar an mbonneagar i gcomhair na dteicneolaíochtaí cosanta príobháideachais ábhartha chun sonraí a chomhroinnt agus ar a n-oiriúnacht.
5. I gcás ina sainaithneofar sna treoirstaidéir a dhéanfar de bhun mhír 4 den Airteagal seo réitigh éifeachtacha agus shlána maidir le comhroinnt sonraí chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla maidir le comhroinnt sonraí agus bearta maidir le rúndacht agus slándáil faisnéise. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).
Airteagal 14
Treoirstaidéir agus staidéir féidearthachta
1. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcás inar gá agus inarb iomchuí chun críocha an Rialacháin seo, treoirstaidéir agus staidéir féidearthachta a sheoladh ina bhféachfar leis an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a) measúnú a dhéanamh ar an bhfáil atá ar fhoinsí sonraí agus ar a gcáilíocht, lena n-áirítear sonraí a choinnítear ar bhonn poiblí agus ar bhonn príobháideach sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais;
(b) forbairt agus measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé topaicí nua ▌, topaicí mionsonraithe, aonaid staidrimh, athróga agus a miondealuithe a chur i bhfeidhm;
(ba) measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht foinsí sonraí agus feabhas a chur ar mhodhanna chun staidreamh a sholáthar maidir le míchumas daoine agus tástáil a dhéanamh ar dhí-chomhiomlánú staidrimh, lena n-áirítear a n-inchomparáideacht, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus leis an gcleachtas náisiúnta maidir le cosaint sonraí agus rialú nochta;
(c) modheolaíochtaí nua agus teicnící staidrimh nua a fhorbairt chun cáilíocht a threisiú agus chun feabhas a chur ar fhaisnéis faoi phobail ar deacair teacht orthu;
(d) neamhréireachtaí i sonraí sreabha imirce a laghdú agus a n-inchomparáideacht níos fearr a áirithiú;
(da) tearcáireamh nó áireamh dúbailte daoine a laghdú;
(e) tástáil agus measúnú a dhéanamh ar an mbonneagar i gcomhair na dteicneolaíochtaí cosanta príobháideachais ábhartha le haghaidh comhroinnt shlán sonraí laistigh den CSE i gcomhréir le hAirteagal 13(4) agus ar a n-oiriúnacht.
2. Féadfaidh na Ballstáit a bheith rannpháirteach sna staidéir sin ach áiritheoidh siad, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), go mbeidh na staidéir sin ionadaíoch ar leibhéal an Aontais.
3. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) meastóireacht ar thorthaí na staidéar sin i gcomhar leis na Ballstáit. Ullmhóidh an Coimisiún (Eurostat) i gcomhar leis na Ballstáit tuarascálacha ar thorthaí na staidéar sin.
Airteagal 15
Maoiniú
1. Maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, cuirfear ranníocaíocht airgeadais ar fáil ó Chlár an Mhargaidh Aonair arna bhunú le Rialachán 2021/690, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, do na húdaráis staidrimh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, le haghaidh na nithe seo a leanas:
(a) glacadh an bonneagair agus an oiliúna chóras staidrimh náisiúnta is gá chun foinsí sonraí nua nó feabhsaithe, modheolaíochtaí, comhroinnt sonraí, aonaid staidrimh, topaicí, topaicí mionsonraithe, athróga agus a miondealuithe a fhorbairt agus a chur chun feidhme;
(aa) bailiú sonraí ad hoc dá dtagraítear in Airteagal 7 a ullmhú agus a chur chun feidhme;
(b) rannpháirtíocht na mBallstát i dtreoirstaidéir agus staidéir féidearthachta ionadaíocha dá dtagraítear in Airteagal 14.
1a. Beidh méid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas a chuirfear ar fáil de bhun an Airteagail seo bunaithe i gcomhréir le rialacha Chlár an Mhargaidh Aonair mar chuid den nós imeachta buiséadach bliantúil, faoi réir an cistiú a bheith ar fáil.
Ina theannta sin, féadfaidh údaráis staidrimh náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 seo iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ó chláir airgeadais infheidhme eile de chuid an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le rialacha na gclár sin. Féadfaidh na Ballstáit iarratas a dhéanamh freisin ar thacaíocht ón Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil chun cáilíocht an staidrimh a fheabhsú agus chun modheolaíochtaí a fhorbairt de réir cheanglais an Rialacháin seo i gcomhréir le rialacha na hIonstraime um Thacaíocht Theicniúil agus leis an gcuspóir atá aici táirgeadh, soláthar agus faireachán cáilíochta sonraí agus staidrimh a chothú.
2. Ní rachaidh an ranníocaíocht airgeadais sin ón Aontas thar 90 % de na costais incháilithe.
Airteagal 16
Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint
I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialacháin seo trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus don OIPE chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áireofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.
Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(3), Airteagal 6(6) agus in Airteagal 7(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama faoin...[IO: cuir isteach dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3), in Airteagal 6(6) agus in Airteagal 7(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr agus déanfaidh sé Parlaimint na hEorpa a choinneáil ar an eolas faoin obair ullmhúcháin.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 5(3), Airteagal 6(6) agus Airteagal 7(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin, nó, sula rachaidh an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon don Choimisiún nach gcuirfidh siad ina choinne. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 18
Nós imeachta coiste
1. Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (ESSC), arna bhunú le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 19
Maoluithe
1. I gcás ina gceanglaítear le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ▌ go ndéanfar mór-oiriúnuithe ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún maoluithe a dheonú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, don Bhallstát sin ar feadh 7 seacht mbliana ar a mhéad.
1a. I gcás ina n-éilítear mór-oiriúnuithe ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit le gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ghlactar de bhun an Rialacháin seo, féadfaidh an Coimisiún maoluithe a dheonú, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, don Bhallstát sin ar feadh 3 bliana ar a mhéad.
2. Agus na maoluithe de bhun mhír 1 den Airteagal seo á ndeonú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh inchomparáideacht staidreamh na mBallstát agus ríomh tráthúil na gcomhiomlán Eorpach ionadaíoch iontaofa is gá. Agus na maoluithe sin á ndeonú aige, áiritheoidh an Coimisiún freisin go leanfar gan bhriseadh leis na ceanglais maidir le staidreamh, meiteashonraí agus cáilíocht a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a cumhdaíodh roimhe sin le Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 nó le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007.
3. Cuirfidh an Ballstát iarratas ar dheonú a mbeidh údar cuí leis faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 2 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh atá i gceist.
4. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1, 1a agus 3 1 den Airteagal seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in 18(2).
Airteagal 20
Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 862/2007
Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 mar a leanas:
(1) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil: ‘Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le nósanna imeachta tearmainn agus riaracháin agus breithiúnacha a bhaineann le reachtaíocht inimirce agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú’;
(2) In Airteagal 1, scriostar pointí (a) agus (b);
(3) in Airteagal 2(1), scriostar pointí (a), (b), (c), (f) agus (g);
(3a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2(1), pointe (d): "
“(d) ciallaíonn ‘saoránacht’ saoránacht mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*(33)’;
"
(4) Scriostar Airteagal 3;
(5) cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 9c
Sonraí riaracháin a rochtain agus a athúsáid go tráthúil
1. I gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, ceadóidh na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar fhoinsí sonraí riaracháin atá ábhartha chun críocha an Rialacháin seo athúsáid a bhaint as na sonraí sin in am agus faoi réir minicíocht atá leordhóthanach chun staidreamh a sholáthar agus a thíolacadh laistigh de na spriocdhátaí agus i gcomhréir leis na ceanglais shonracha cháilíochta de réir an Rialacháin seo. Bunóidh na húdaráis staidrimh náisiúnta agus na húdaráis náisiúnta atá i gceannas ar na taifid riaracháin na sásraí comhair is gá le haghaidh rochtain thráthúil agus saor in aisce ar na taifid sin.
2. Chun críche an Rialacháin seo, ceadófar don Choimisiún (Eurostat), arna iarraidh sin, rochtain agus athúsáid thráthúil a fháil ar shonraí ábhartha agus ar mheiteashonraí ábhartha ó bhunachair sonraí agus ó chórais idir-inoibritheachta arna gcoimeád ag comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, lena n-áirítear faoi Rialacháin (AE) Uimh. 910/2014, (AE) 2018/1724 agus ar shonraí staidrimh arna stóráil sa lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS). Go sonrach, beidh rochtain ag an gCoimisiún (Eurostat) ó CRRS ar shonraí ó na Córais Mhórscála TF idir-inoibritheacha (LSITanna)i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/818 agus leis na Rialacháin lena mbunaítear na córais a stóráiltear a gcuid sonraí staidrimh in CRRS. Chuige sin, comhoibreoidh an Coimisiún (Eurostat) tuilleadh leis na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais d'fhonn na sonraí staidrimh agus meiteashonraí saincheaptha is gá a shonrú , i gcás inar féidir faoi dhlí an Aontais, maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus le tithíocht, leis na módúlachtaí oibriúcháin maidir lena soláthar agus leis na cosaintí riachtanacha fisiceacha agus loighciúla a ghabhann leo.’
"
(6) cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:"
‘Airteagal 10a
Liostaí na dtíortha agus na gcríoch
Déanfar liosta na dtíortha agus na gcríoch dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) .../...*(34) ...a chur i bhfeidhm chun staidreamh a thiomsú faoin Rialachán seo chun inchomparáideacht sonraí a bhaineann go sonrach le tír agus críocha ar fud an Staidrimh Eorpaigh a áirithiú. Cuirfidh na Ballstáit na liostaí sin i bhfeidhm den chéad uair chun staidreamh atá dlite faoin Rialachán seo a thiomsú ag tosú le tarchur sonraí don bhliain tagartha 2026.'
________
* Rialachán (AE) .../... Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Eorpach maidir leis an daonra agus maidir le tithíocht, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 (IO ...).’.
"
Airteagal 21
Aisghairm
Déantar Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2026 gan dochar do na hoibleagáidí a leagtar amach sna gníomhartha dlíthiúla sin maidir le tréimhsí tagartha a thitfidh, go hiomlán nó go páirteach, roimh an dáta sin.
Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i/in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
IARSCRÍBHINN
Réimsí, topaicí agus topaicí mionsonraithe agus tréimhsiúlacht agus am tagartha in aghaidh na topaice mionsonraithe
Réimse
Topaic
Topaic mhionsonraithe
Tréimhsiúlacht
Am tagartha (dáta nó tréimhse)
Déimeagrafaíocht
Stoic daonra
Saintréithe bunúsacha an duine
6M
30.6.BB agus
31.12.YY
A
31.12.YY
MA
31.12.YY
D
31.12.YY
Saintréithe socheacnamaíocha an duine
A
31.12.YY
MA
31.12.YY
D
31.12.YY
Torthúlacht
Breitheanna
Q
Mí
A
Bliain
Foirceannadh toirchis go dleathach1
A
Bliain
Básmhaireacht
Básanna
Q
Mí, Seachtain
A
Bliain
Básanna naíonán
A
Bliain
Básanna déanacha féatais
A
Bliain
Páirtnéireachtaí
Póstaí agus páirtnéireachtaí cláraithe
A
Bliain
Saintréithe daoine a théann isteach i bpósadh nó i bpáirtnéireacht chláraithe
A
Bliain
Colscarthaí agus páirtnéireachtaí cláraithe foirceanta
A
Bliain
Imirce
Inimircigh
Q
Mí
A
Bliain
Eisimircigh
Q
Mí
A
Bliain
Imirce inmheánach
A
Bliain
Fáil agus cailliúint náisiúntacht Bhallstáit den Aontas agus saoránacht an Aontais
Daoine a fuair saoránacht
A
Bliain
Daoine a chaill /a ghéill saoránacht
A
Bliain
Tithíocht
Áiteanna cónaithe
Saintréithe na n-áiteanna cónaithe
D
31.12.YY
Teaghaisí traidisiúnta
Saintréithe bunúsacha foirgnimh
MA
31.12.YY
D
31.12.YY
Saintréithe foirgnimh a bhaineann le fuinneamh
MA
(A ó 2031 ar aghaidh)
31.12.YY
D
31.12.YY
Teaghaisí traidisiúnta áitithe
Saintréithe teaghaisí traidisiúnta áitithe
D
31.12.YY
Úsáid teaghaisí traidisiúnta áitithe
D
31.12.YY
Teaghlaigh agus líonta tí
Teaghlaigh
Saintréithe teaghlaigh
D
31.12.YY
Líonta tí
Saintréithe lín tí
A
31.12.YY
MA
31.12.YY
Staid lín tí an duine
A
31.12.YY
D
31.12.YY
_______________________________________
1 Is ar bhonn deonach a sholáthrófar na sonraí sin.
Eochair
Tréimhsiúlacht
Gach ráithe
Q
Gach 6 mhí
6M
Gach bliain
A
Go hilbhliantúil (blianta dar críoch ‘1’, ‘5’, ‘8’)
* Tá na hathruithe ar fud an téacs mar thoradh ar leasú 56 a ghlacadh. Léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.
Rialachán (AE) 2019/1700 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena mbunaítear creat comhchoiteann le haghaidh staidreamh Eorpach a bhaineann le daoine agus le teaghlaigh, bunaithe ar shonraí ar an leibhéal aonair arna mbailiú ó shamplaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 808/2004, (CE) Uimh. 452/2008 agus (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1177/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 577/98 ón gComhairle (IO L 261I, 14.10.2019, lch. 1).
Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach (IO L 330, 10.12.2013, lch. 39).
Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).
Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 311/76 ón gComhairle maidir le staidreamh i ndáil le hoibrithe ón gcoigríoch a thiomsú (IO L 199, 31.7.2007, lch. 23).
Rialachán (CE) Uimh. 763/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le daonáirimh agus maidir le háirimh thithíochta (IO L 218, 13.8.2008, lch. 14).
Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú comhchoiteann aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003, lch. 1).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1799 ón gCoimisiún an 21 Samhain 2018 maidir le gníomhaíocht staidrimh dhíreach shealadach a bhunú chun topaicí roghnaithe dhaonra agus áireamh tithíochta 2021 a scaipeadh agus iad geochódaithe go greille 1 km2 (IO L 296, 22.11.2018, lch. 19).
Treoir 2007/2/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2007 lena mbunaítear Bonneagar d’Fhaisnéis Spáis sa Chomhphobal Eorpach (INSPIRE) (IO L 108, 25.4.2007, lch. 1).
Treoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L 153, 18.6.2010, lch. 13).
Treoir (AE) 2024/1275 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Aibreán 2024 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh (IO L, 2024/1275, 8.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1275/oj).
Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).
Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch.1).
Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n-ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, 3.5.2021, lch. 1).
Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil (IO L 57, 18.2.2021, lch. 1).
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).
Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le cosaint ar leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).
Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).
Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).
Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lgh. 13).
+IO: cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad (2023/0008(COD))agus cuir uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin isteach san fhonóta.
+IO: cuir isteach sa téacs uimhir an Rialacháin atá i ndoiciméad (2023/0008(COD))agus cuir uimhir, dáta, teideal agus tagairt IO an Rialacháin sin isteach san fhonóta.
Leasú a dhéanamh ar Threoir 2013/36/AE maidir le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus priacail comhshaoil, shóisialta, agus rialachais, agus lena leasaítear Treoir 2014/59/AE (COM(2021)0663 – C9-0395/2021 – 2021/0341(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0663),
– ag féachaint d'Airteagal 294(2) agus d'Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0395/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 27 Aibreán 2022(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0029/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/36/AE a mhéid a bhaineann le cumhachtaí maoirseachta, smachtbhannaí, brainsí tríú tír, agus rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/1619.)
Leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca coigeartaithe luachála creidmheasa, riosca margaidh agus bonn aschuir
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh priacal creidmheasa, priacal um choigeartú luachála creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh agus an t íosráta aschuir (COM(2021)0664 – C9-0397/2021 – 2021/0342(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0664),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0397/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Márta 2022(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0030/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca um choigeartú luachála creidmheasa, riosca oibriúcháin, riosca margaidh agus an t-íosráta aschuir
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1623.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ón gCoimisiún i ndáil le hAirteagal 1, pointe (253), de Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hAirteagal 518c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Geallann an Coimisiún go ndéanfaidh sé measúnú cothrom agus cóir ar staid an Mhargaidh Aonair don bhaincéireacht, agus ceanglais stuamachta á gcur san áireamh go háirithe, lena n-áirítear leibhéal chur i bhfeidhm an íosráta aschuir agus na forálacha maidir le tarscaoileadh ceanglas caipitil agus leachtachta. Cuirfidh sé an sainordú sin i gcrích bunaithe ar ionchuir ón Údarás Baincéireachta Eorpach agus ón mBanc Ceannais Eorpach/Sásra Maoirseachta Aonair, agus rachaidh sé i gcomhairle le páirtithe leasmhara chun a áirithiú go ndéanfar breithniú iomchuí ar na dearcthaí éagsúla. Tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na sásraí atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849 (COM(2021)0423 – C9-0342/2021 – 2021/0250(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0423),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0342/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Feabhra 2022(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 8 Nollaig 2021(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0150/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na sásraí atá le cur ar bun ag na Ballstáit chun cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/849
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2024/1640.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid an chórais airgeadais chun sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc (COM(2021)0420 – C9-0339/2021 – 2021/0239(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0420),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0339/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 16 Feabhra 2022(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 8 Nollaig 2021(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0151/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha an sciúrtha airgid nó mhaoiniú na sceimhlitheoireachta
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1624.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta a Chomhrac agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) 1094/2010, (AE) 1095/2010 (COM(2021)0421 – C9-0340/2021 – 2021/0240(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0421),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0340/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 8 Nollaig 2021(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 29 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0128/2023),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 d’fhonn go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1620.)
Éisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an Ungáir chun an Smacht Reachta agus a impleachtaí buiséadacha a neartú
82k
42k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an Ungáir chun an smacht reachta a neartú agus a himpleachtaí buiséadacha (2024/2683(RSP))