Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Samhain 2023
EPUB 159kPDF 726k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN VI  :  CUMHACHTAÍ AGUS FREAGRACHTAÍ NA MBUANCHOISTÍ(1)
XV.   An Coiste um Chultúr agus um Oideachas

Tá an coiste freagrach as na nithe seo a leanas:

1.   gnéithe cultúrtha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe:

(a)   feabhas a chur ar an eolas ar chultúr agus ar scaipeadh an chultúir,
(b)   éagsúlacht chultúrtha agus éagsúlacht teanga a chosaint agus a chur chun cinn,
(c)   an oidhreacht chultúrtha, malartuithe cultúrtha agus cruthaíocht ealaíonta a chaomhnú agus a choimirciú;

2.   beartas oideachais an Aontais, lena n-áirítear réimse ardoideachais na hEorpa mar aon le córas na scoileanna Eorpacha agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;

3.   an beartas closamhairc agus gnéithe cultúrtha agus oideachais de shochaí na faisnéise;

4.   beartas óige;

5.   beartas spóirt agus áineasa a fhorbairt;

6.   beartas faisnéise agus meán;

7.   comhar le tríú tíortha i réimsí an chultúir agus an oideachais agus caidreamh leis na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí idirnáisiúnta iomchuí.

(1)Arna ghlacadh le cinneadh ón bParlaimint an 15 Eanáir 2014.
An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais