Is chun an chumarsáid i measc na rannpháirtithe sa chruinniú a éascú, agus chuige sin amháin, a chuireann Parlaimint na hEorpa ateangaireacht chomhuaineach ar na díospóireachtaí ar fáil. Ní hionann é agus taifead barántúil ar na himeachtaí.
Is í an óráid bhunaidh amháin, nó an t-aistriúchán scríofa athcheartaithe den óráid sin, atá barántúil.
Sa chás ina mbíonn aon difríocht idir an ateangaireacht chomhuaineach agus an óráid bhunaidh (nó an t-aistriúchán scríofa athcheartaithe den óráid sin), is ag an óráid bhunaidh (nó an t-aistriúchán scríofa athcheartaithe) atá an forlámhas.
Mura rud é go bhfuil sé údaraithe go sainráite ag Parlaimint na hEorpa, tá cosc ar an ateangaireacht taifeadta a úsáid chun aon chríocha seachas na gcríoch thuasluaite.