Faigh amach faoi chroílár an daonlathais Eorpaigh!

An 9 Bealtaine, déanfaidh an tAontas Eorpach ceiliúradh ar éachtaí na haontachta agus na síochána fadtéarmaí, ag comóradh Dhearbhú Schuman in 1950.

Tugann Parlaimint na hEorpa cuireadh duit páirt a ghlacadh in imeachtaí idirghníomhacha ar fud na hEorpa agus an Daonlathas Eorpach a cheiliúradh.

Bí linn sa Bhruiséil agus i Lucsamburg (Dé Sathairn, 9 Bealtaine), in Strasbourg (Dé Domhnaigh, 17 Bealtaine), nó sna Ballstáit.

  • Strasbourg

    • Dé Domhnaigh, 17 Bealtaine
    • 10:00 - 18:00 (UTC +2)

    Cuir eolas ar an gcaoi a ndéanann reachtaíocht an Aontais difear do do shaol agus faigh amach conas is féidir tionchar a bheith agat ar chinntí comhchoiteanna amach anseo. Cuir aithne ar na grúpaí polaitiúla Eorpacha, tabhair cuairt ar an Seomra Tionóil, ar ár seastáin eolais agus glac páirt i ngníomhaíochtaí (cead isteach is déanaí 17.30)

    Clár do Strasbourg (i mBéarla) Clár do Strasbourg (i mBéarla)
  • An Bhruiséil

    • Dé Sathairn, 9 Bealtaine
    • 10:00 - 18:00 (UTC +2)

    Cuir eolas ar an gcaoi a ndéanann reachtaíocht an Aontais difear do do shaol agus faigh amach conas is féidir tionchar a bheith agat ar chinntí comhchoiteanna amach anseo. Cuir aithne ar na grúpaí polaitiúla Eorpacha, tabhair cuairt ar an Seomra Tionóil, ar ár seastáin eolais agus glac páirt i ngníomhaíochtaí (cead isteach is déanaí 17.30)

    Clár don Bhruiséil (i mBéarla) Clár don Bhruiséil (i mBéarla)
  • Lucsamburg

    • Dé Sathairn, 9 Bealtaine
    • 10:00 - 18:00 (UTC +2)

    Ceiliúradh Lá na hEorpa i Lucsamburg

    Clár do Lucsamburg (i mBéarla) Clár do Lucsamburg (i mBéarla)
  • Glac páirt in imeacht de chuid Lá na hEorpa gar duit agus foghlaim faoi obair Pharlaimint na hEorpa.

  • Faigh amach faoin gcaoi a ndéantar an 9 Bealtaine a cheiliúradh ar fud institiúidí an Aontais Eorpaigh, foghlaim tuilleadh faoin méid atá ar siúl agus bí páirteach ann leis an raon fairsing gníomhaíochtaí atá á dtairiscint.