"Is oidhreacht de chuid phobal an damhsa é an stiúideo seo againn, bhí orainn é a shábháil!“

David Chuir siad tús le feachtas sluamhaoinithe chun ionad ealaíne agus damhsa chomhaimseartha a shábháil An Bheilg, An Bhruiséil

Is fiú fiontair áirithe a shábháil i gcónaí, is cuma céard a theastaíonn. Is mar sin a mhothaigh foireann an ionaid ealaíne Tictac sa Bheilg nuair a thosaigh an dianghlasáil. “Is eagraíocht óg neamhbhrabúis muid a chuireann an ealaín agus an damhsa comhaimseartha chun cinn ón leibhéal áitiúil go dtí an leibhéal idirnáisiúnta. Tháinig forbairt ar an ionad de réir a chéile agus is áit anois é a dtagann go leor daoine ó shaol damhsa na hEorpa agus an domhain le chéile ann”, arsa David Zambrano, stiúrthóir Tictac. De réir mar a chuir an Bheilg a bearta srianta féin i bhfeidhm, thuig an grúpa go raibh an baol ann nach dtiocfadh a dtionscadal iomlán slán ón ngéarchéim. Tar éis roinnt seachtainí a chaitheamh ag iarraidh teacht ar réiteach, chuir siad tús le feachtas sluamhaoinithe. “Bhí orainn an tionscadal a shábháil, agus bhí an sluamhaoiniú ar cheann de na roghanna a bhí fágtha againn. D’éirigh go han-mhaith leis an bhfeachtas. Is féidir linn a rá anois go cinnte nach bhféadfaimis maireachtáil gan tacaíocht na n-ealaíontóirí, na ndamhsóirí, na mac léinn agus na ndíograiseoirí ealaíne a thug airgead dúinn", arsa David.

"Tá teaghlaigh ó Thóga ag streachailt. Bhí orm rud éigin a dhéanamh“

Kadi Ullmhaíonn sí pacáistí bia do mháithreacha óga agus naíonáin nuabheirthe i dTóga An Bheilg, An Bhruiséil

Tá Kadi ina cónaí sa Bheilg agus ghoill sé uirthi go raibh teaghlaigh ag streachailt i dtír a dúchais. ‘Is as Tóga dom atá buailte go dona ag COVID-19. Tá cuirfiú i bhfeidhm agus tá teacht isteach na ndaoine laghdaithe go mór.’ Bhí uirthi rud éigin a dhéanamh Shocraigh sí pacáistí bia a dháileadh do mhná torracha agus naíonáin nuabheirthe. Tá os cionn 100 pacáiste réidh lena ndáileadh ar fud Sokodé (Tóga) cheana féin. ‘Tá sé i gceist na rudaí is bunúsaí a thabhairt do na teaghlaigh seo ionas go mbeidh na máithreacha in ann tús maith a bheith acu’, arsa Kadi. ‘Táimid ag comhoibriú le dochtúirí agus ag íoc as cuairteanna dochtúra nuair is gá.’ Is eol do AE na deacrachtaí atá ag tíortha lasmuigh den Aontas. Tá pacáiste EUR 20 billiún, ar a dtugtar ‘Team Europe’, curtha le chéile do na tíortha sin chun déileáil le géarchéim COVID-19. Freisin, tá aerdhroichead daonnachtach ag cur soláthairtí éigeandála chuig limistéir ar fud an domhain atá i ndroch-chaoi.

"Ní raibh uaim ach a bheith ann“

Elena Bhain sí leas as an taithí atá faighte aici i seirbhís leighis Pharlaimint na hEorpa ar mhaithe le hothair COVID-19 san ospidéal An Bheilg, An Bhruiséil

Agus é ar cheann de na hospidéil atá chun tosaigh sa chomhrac i gcoinne COVID-19 sa Bhruiséil, bhí gach cúnamh ab fhéidir ag teastáil ó CHU Saint-Pierre. Níor thóg sé i bhfad ar Elena a cúnamh a thairiscint: “Ní raibh uaim ach a bheith ann”, ar sise. Ní raibh ach bliain caite ag Elena ag obair i seirbhís leighis Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil nuair a chuaigh sí ag obair le haonad dianchúraim CHU Saint-Pierre ar an 16 Aibreán. “Tháinig mé nuair a bhí an chuid ba mheasa thart, ach bhí na leapacha ar fad san aonad dianchúraim fós tógtha ag othair COVID-19. Bhí sé de dhualgas orm cabhrú leis na haltraí ar an líne thosaigh. Thugamar aire d’othair, chuireamar cóir leighis orthu, agus thugamar tacaíocht ríthábhachtach dóibh", ar sise. Agus cúrsaí ag éirí níos fearr sa Bheilg anois, dúradh le Elena gur féidir léi filleadh abhaile. “Bhí mé ag iarraidh fanacht go dtí go mbeadh deireadh le COVID-19, ach bhí sé in am dom filleadh ar mo phost. Beidh mo chroí i gcónaí san ospidéal agus sa Pharlaimint araon", ar sise.

"Murach an cúnamh ón Aontas ní bheinn in ann filleadh abhaile“

Awa Seck Fillte slán abhaile a bhuíochas do chúnamh an Aontais An Bheilg, An Bhruiséil

Bhí roinnt saoránach de chuid an Aontais sáinnithe thar lear nuair a thosaigh Ballstáit an Aontais ag dúnadh a dteorainneacha. Tuigimid ar fad gurb é an baile an áit is fearr le bheith le linn géarchéime, ach má bhí tú sáinnithe thar lear nuair a bhuail an víreas? Féach scéal Awa, mar shampla. Is as an mBeilg di ó dhúchas agus bhí sí sáinnithe sa tSeineagáil. D’eagraigh Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha na hEorpa eitiltí ar ais chun na hEorpa chun go bhféadfadh Awa, agus na mílte áitritheoirí eile de chuid an Aontais, filleadh abhaile go sábháilte. Tá an tAontas Eorpach ag cuidiú leis na Ballstáit chun comhordú a dhéanamh ar an gcúnamh agus aisdúichiú consalach do shaoránaigh an Aontais ó gach cearn den domhan, is cuma cá bhfuil siad. Go dtí seo, chuidigh siad le suas le 85,000 duine filleadh abhaile chun na hEorpa le linn na géarchéime.

"Déanann Vie Féminine dian-iarracht cuidiú le mná a gcearta sóisialta a éileamh agus ceangail shóisialta a chothú ag an am céanna“

Yasmina agus Fatima Ag cur seirbhís gutháin agus grúpa Facebook ar fáil do mhná atá i gcruachás áit ar féidir leo cuidiú le chéile An Bheilg, Charleroi

Sa Bheilg, is féidir le mná atá i gcruachás glaoch ar an eagraíocht “Vie Féminine” [Saol Baineann] chun cúnamh a lorg. Ach chruthaigh COVID-19 dúshlán breise: mhéadaigh ar an gcúnamh a theastaigh ó mhná, ach ag an am céanna, bhí sé níos deacra ar an eagraíocht a cuid oibre a eagrú. Chun an fhadhb a réiteach, b’éigean do Fatima agus Yasmina a bheith nuálaíoch. D’eagraigh siad beolínte seacht lá na seachtaine chun an ceangal sóisialta a chothú agus deis a thabhairt do mhná in Charleroi tacaíocht a fháil ar an nguthán. Tá an tacaíocht chéanna ar fáil ó Vie Féminine i gcúig réigiún sa Vallúin. Chomh maith leis sin, chruthaigh siad grúpa Facebook “Confined and United” [Faoi dhianghlasáil agus Aontaithe]. “Cuireann an grúpa ar chumas na mban fanacht i dteagmháil agus i ndlúthpháirt le chéile. Idir smaointe chun siamsaíocht a chruthú do leanaí, dáileadh bia, nó cúnamh i gcás éigeandála, d’éirigh linn spiorad an chúnaimh chomhpháirtigh a chruthú i measc an ghrúpa,” a deir Fatima agus Yasmina.

"Is breá liom mo phost agus tá sé i gceist agam leanúint leis, cinnte“

Jacqueline Curtha ag obair i roinn COVID a hospidéil An Bheilg, An Bhruiséil

D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an bhliain 2020 mar “Bhliain an Altra agus na Mná Cabhrach” mar chomóradh 200 bliain ar lá breithe Florence Nightingale. Ní raibh súil ar bith go dtarlódh géarchéim shláinte idirnáisiúnta i mbliana freisin atá ag imirt tionchar ar gach gné den tsochaí faoi seo. Tá an domhan ar fad ag dul i ngleic le tionchar na paindéime, agus altraí ar na línte tosaigh sa chomhrac seo. B’éigean do go leor altraí an ról a bhíonn acu de ghnáth a chur in oiriúint do riachtanais nua. Is amhlaidh atá ag Jacqueline, a bhíonn ag obair le fisiteiripe go hiondúil ach atá ag cuidiú go díreach le hothair COVID-19 anois. Ní haon scéal nua i saol an altra an cineál seo oiriúnaithe. Bhí ról lárnach ag gairm an altranais in am an ghátair i gcónaí agus chuir altraí cúram agus nuálaíocht ar fáil a shábháil beatha daoine agus a laghdaigh go mór ar an bhfulaingt. Tá an tAontas Eorpach ag obair go dian le cinntiú go mbeidh rochtain ag gach oibrí cúraim sláinte ar an trealamh cuí a theastaíonn uatha le fanacht sábháilte agus iad i mbun na hoibre riachtanaí seo.

"Táimid ar fáil dár gcustaiméirí, 100%“

Erika Úinéir siopa grósaera a chuir dlús le seirbhísí seachadta i ndlúthpháirtíocht le custaiméirí An Bheilg, Heppenbach

De réir mar a leanann an phaindéim ar aghaidh, d’fhéadfadh drogall a bheith ar dhaoine níos sine agus orthu siúd atá leochaileach a n-aghaidh a thabhairt ar an ollmhargadh. Is mar gheall air sin go bhfuil siopa Erika, atá lonnaithe i mbaile beag sa Bheilg, ag cur lena sheirbhísí seachadta chun go mbeidh teacht ag gach duine ar earraí riachtanacha. Baineann Erika úsáid as na meáin shóisialta chun a chur in iúl dá custaiméirí go bhfuil na táirgí atá de dhíth orthu ar fáil sa siopa. Chomh maith leis sin, tá sí ag tacú le táirgeoirí áitiúla mar bhealach breise chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis an slabhra soláthar áitiúil. Tá Erika páirteach san eagraíocht ‘Emma 2.0’, a thugann le chéile siopaí áitiúla i gceantair na Beilge ina labhraítear an Ghearmáinis. I láthair na huaire, tá siad dírithe ar thionscadail a bhaineann le freagracht shóisialta i gceantair thuaithe ina bhfuil daonra níos ísle.

"I ngeall ar Covid, tá go leor daoine ann nach bhfuil a ndóthain le hithe acu. Is féidir le deonú bia difríocht mhór a dhéanamh“

Mohamed, Bilal agus Hamza Déanann siad pacáistí bia a sheachadadh chuig teaghlaigh atá i ngátar An Bheilg, An Bhruiséil

I ngeall ar thionchar eacnamaíoch phaindéim Covid-19, tá go leor teaghlach atá faoi bhrú airgeadais agus a bhfuil níos lú airgid le caitheamh ar bhia acu. Bíonn ganntanas bia ar theaghlaigh aontuismitheora, daoine dífhostaithe, mic léinn, dídeanaithe, inimircigh agus ar go leor eile. Is féidir, dá bhrí sin, le deonú pacáistí bia dóchas a thabhairt do go leor teaghlach. Is é sin an t-údar a ndearna Mohamed, Bilal, agus Hamza, triúr cairde as ceantar Anneessens na Bruiséile, an cinneadh tionscnamh dlúthpháirtíochta a bhunú nuair a cuireadh tús leis na bearta dianghlasála. Déanann siad pacáistí bia a dheonaíonn daoine aonair nó miondíoltóirí go díreach a ullmú agus a sheachadadh, gan aon urraíocht airgeadais. Sa lá atá inniu ann, glacann níos mó ná fiche oibrí deonach páirt sa ghníomhaíocht agus, an leis an tionchar a bhíonn acu mar ábhar spreagtha, tá tionscnaimh dá samhail tar éis a bheith curtha ar bun i gceantair eile sa Bhruiséil.

"Le chéile, bíodh ár gcomharsana dofheicthe le feiceáil inár gcroíthe“

Cynthia Tugann sí béilí ar ardchaighdeán do dhaoine gan dídean An Bheilg, An Bhruiséil

Is eagraíocht faoi stiúir saorálaithe atá sa chumann ‘Solidarité Grands Froids’ a bhíonn ag obair le daoine gan dídean sa Bhruiséil ó cheann ceann na bliana. Mar gheall ar ghéarchéim Covid, tá formhór na n-eagraíochtaí a bhíonn ag obair le daoine gan dídean dúnta rud a dhéanann an saol laethúil dá ‘gcomharsana dofheicthe’ níos deacra fós. Shocraigh Cynthia Simpson, bunaitheoir na heagraíochta, nach bhféadfadh sí a bheith díomhaoin agus an ghéarchéim sláintíochta ag déanamh díobhála níos mó don ghrúpa soghonta seo. In éineacht le grúpa d’ochtar saorálaithe agus le beirt chócairí cháiliúla, shocraigh sí bia folláin ar ardchaighdeán a thabhairt do dhaoine i ngátar. Níor fhada an scéal ag scaipeadh go raibh bia blasta á riar ar a 16:00 sna príomhstáisiúin traenach sa Bhruiséil agus ar fud lár na cathrach. Bhí málaí ‘sóláistí’ á dtabhairt amach freisin acu ina raibh táirgí sláintíochta, stocaí agus táirgí eile a bhí tugtha dóibh ag deontóirí.

"Cé go bhfuil bearta COVID-19 ríthábhachtach, caithfidh siad urraim a léiriú do chearta an duine agus caithfidh siad dínit a léiriú do chách“

Anne-Sophie Cuireann sí na riachtanais atá ag daoine scothaosta san áireamh An Bheilg, Overisje

Caithfear urraim a léiriú do chearta agus dínit sheanóirí le linn COVID-19. Is í Anne-Sophie an tArdrúnaí ar AGE Platform Europe, gréasán mór AE a chuireann na cearta sin chun cinn. Cuireann seanóirí go mór lena dteaghlaigh agus lenár bpobal – go minic á gcur féin amach chun cúram a dhéanamh do dhaone eile, idir gharchlann, ghaolta agus chomharsana. Ó thús ghéarchéim COVID-19, tá foireann AGE ag ardú feasachta ar thionchar an víris ar na cearta atá ag seanóirí agus ag soiléiriú saincheisteanna eiticiúla. Caithfidh seirbhísí cúraim sláinte agus fadtéarmacha do sheanóirí a aithint go bhfuil dúshláin ar leith ann do sheanóir, lena n-áirítear a gcumas cóireáil liachta agus cúram a rochtain, agus caithfear aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin. I gcomhairle lena gcomhaltaí, tá páipéar seasaimh ar COVID-19 agus Cearta Daoine Scothaosta foilsithe ag AGE agus tá leathanach gréasáin speisialta cruthaithe aige le samplaí den chaoi le tacú le seanóirí atá ag maireachtáil ar leithlis.

"Táimid tiomanta ár gcion féin a dhéanamh chun vacsaín COVID-19 a chur ar fáil ar phraghas réasúnta a luaithe agus is féidir“

Cuibhreannas uile-Eorpach ag obair ar mhearfhorbairt vacsaíne aon dáileoige COVID-19 Ag comhoibriú chun vacsaín nua bunaithe ar adanaivíreas nua a fhorbairt agus a mhonarú An Bheilg, An Bhruiséil, An Róimh, Beirlín

Tá géarghá le vacsaín chun grúpaí ardriosca a chosaint, leathadh an víris a shrianadh agus an t-ualach ar chórais cúraim sláinte a mhaolú. Ní hamháin gur gá vacsaín atá sábháilte agus cosantach a fhorbairt, ach tá sé ríthábhachtach freisin go gcuirfí na milliúin dáileog den vacsaín ar fáil ar phraghas réasúnta chomh luath agus is féidir. Chun tacú leis na cuspóirí sin, tá cuibhreannas uile-Eorpach bunaithe ag trí chuideachta biteicneolaíochta Eorpacha. D’fhógair an chuideachta Iodálach ReiThera Srl., an chuideachta Ghearmánach LEUKOCARE AG, agus an chuideachta Bheilgeach Univercells S.A., go bhfuil siad ag comhoibriú chun vacsaín i gcoinne COVID-19 a fhorbairt agus a mhonarú. Táthar ag súil tús a chur le trialacha cliniciúla don vacsaín i rith shamhradh 2020 agus tá táirgeadh na vacsaíne ar scála ollmhór beartaithe go luath ina dhiaidh sin. Déanfaidh na comhpháirtithe a saineolas ar leith maidir le forbairt vacsaíne bunaithe ar veicteoirí, foirmliú vacsaíne, agus monarú vacsaíne, faoi seach, a chomhroinnt. Tá bailiúchán airgid ar líne eagraithe ag an Aontas Eorpach agus é mar aidhm leis €7.5 billiún a bhailiú do vacsaíní, cógais leighis agus diagnóisic chun an coróinvíreas a throid ar fud an domhain.

"Cuidíonn na hoibrithe linn, agus anois tá muidne ag cuidiú le cosaint a thabhairt dóibhsean“

Julie agus Cathy Ag ceangail deontóirí agus mná fuála leis na hoibrithe sin a bhfuil gúnaí cosanta de dhíth orthu An Bheilg, an Bhruiséil

Trína ghnólacht GVS, tá ról ríthábhachtach á imirt go dtí seo ag Massimo sa chomhrac i gcoinne COVID-19. Tá an eagraíocht ag obair go leanúnach go dtí seo chun táirgeadh na masc is gá a mhéadú, trína saoráidí táirgthe a mhéadú chun díriú ar TCP agus ar tháirgí scagacháin leighis go sonrach do mhargadh na hIodáile. Tá GVF ag comhoibriú le hOllscoil Bologna, ag tástáil maisc aghaidhe do bhaill foirne leighis, ag déanamh taighde ar phróisis ghlantacháin, agus ag seoladh tionscadal oideachais dhigitigh. Tá an tAontas Eorpach ag obair chun tacú le táirgeadh trealaimh leighis den sórt sin. Bainfidh na Ballsáit uile leas anois as an gcéad stoc-charn riamh de chuid rescEU de threalamh leighis, lena n-áirítear maisc chosanta, mar chuid de Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

"Tabhair snáitheanna agus snáithidí dúinn ionas gur féidir linn naisc na dlúthpháirtíochta a fhí“

Masque tissu - Solidarité Coronavirus Grúpa, atá ag cothú pobail chun maisc DFÉ a chruthú agus a dháileadh An Bheilg, an Bhruiséil

Is uirlisí úsáideacha iad na maisc chun cosc a chur ar scaipeadh COVID-19, agus na daoine timpeall orainn a chosaint. De bharr an éilimh mhóir, áfach, tá sé deacair teacht ar mhaisc aonúsáide. Theastaigh ó 'Masque tissu - Solidarité Coronavirus - Belgique’ an fhadhb seo a réiteach trí mhaisc in-athúsáidte a chruthú agus a dháileadh. Tugann an grúpa Facebook cead dóibh siúd ar gá dóibh maisc dul i dteagmháil go díreach leis na daoine atá á ndéanamh.

"Táim bródúil as mo chomhghleacaithe atá ag obair go dian chun cuidiú lenar bpobal áitiúil “

Joelle Tá sí ag obair i gcuideachta a thugann rogha bia sláintiúil do shiopadóirí An Bheilg, an Bhruiséil

Tá sé tábhachtach a bheith sláintiúil agus rochtain ar roghanna bia atá freagrach agus inbhuanaithe a áirithiú le linn na ndiansrianta gluaiseachta. Tá Joelle ag obair i siopa grósaera comharchumainn do tháirgí áitiúla, eiticiúla, agus orgánacha. Mhínigh sí go n-oibríonn an chuideachta chun bia folláin a chur chun cinn, fiú sna tréimhsí eisceachtúla seo. I ndálaí deacra den sórt seo, tá dlúthpháirtíocht ríthábhachtach idir comhghleacaithe, custaiméirí, agus muintir na hEorpa ar fad. Caithfimid na hiarrachtaí móra atá á ndéanamh ag gnólachtaí chun tacú lena bpobail agus lena dtáirgeoirí, go háirithe i dtráthanna géarchéime, a aithint.

"Ní fhéadfaimis fanacht ar an gclaí agus an Iodáil ag fulaingt. Do chion féin a dhéanamh, is é sin is cúis leis an Eoraip“

Gréasán na nIodálach Óg sa Bheilg Tiomsaíonn siad airgead chun tacú le Cros Dhearg na hIodáile An Bheilg, Bhruiséil

Don phobal Iodálach atá lonnaithe thar sáile, is mór an briseadh croí é a dtír dhúchais a fheiceáil buailte chomh dona sin ag an bpaindéim. Bheartaigh Gréasán na nIodálach Óg sa Bheilg (REGIB) ar chabhair phraiticiúil a thabhairt trí airgead a thiomsú chun tacú le Cros Dhearg na hIodáile (CRI). Tá an t-airgead a bailíodh á úsáid chun cuidiú le foireann agus oibrithe deonacha CRI atá sa bhearna bhaoil chun cúnamh leighis a thabhairt, tacú leis an bpobal, agus seirbhísí cúnaimh a eagrú. Cuirtear tuilleadh le bearta dlúthpháirtíochta den chineál sin ón bpobal ar an leibhéal Eorpach. Chun comhar idir na Ballstáit a éascú, tá bearta glactha ag an Aontas Eorpach lena chinntiú go bhfuil teacht ar threalamh leighis ar phraghas réasúnta i ngach cearn den Eoraip, rud a chabhraíonn le tíortha mar an Iodáil, a bualadh go han-dona, teacht ar an trealamh a theastaíonn uathu.

"Táim ag cuidiú le hEorpaigh eile agus mé i mbun na hoibre is mó a thaitníonn liom“

Elena Ranganna ióga saor in aisce curtha ar fáil ar líne aici An Bheilg, an Bhruiséil

Ó thosaigh an saol á eagrú féin ar an idirlíon, chinn Elena ranganna ióga saor in aisce a thairiscint ar líne dóibh siúd atá sáinnithe sa bhaile mar gheall ar ordú dianghlasála. Ní raibh súil ar bith aici leis an bhfreagairt ollmhór a tugadh, agus os cionn €800 ar son ospidéil na hIodáile bailithe aici ó na rannpháirithe laistigh den chéad dá sheachtain. Is féidir luach an mhuintearais agus an chur le chéile Eorpach a chur chun cinn ar go leor bealaí. Is sampla spreagúil é cur chuige Elena, den chaoi ar féidir daoine a thabhairt le chéile ó cheann ceann na hEorpa agus na moltaí sláinte agus ár ndualgais phoiblí a chomhlíonadh ag an am céanna. Tá an dlúthpháirtíocht dhigiteach léirithe ag go leor comhlachtaí móra, mar shampla Netflix, YouTube agus Facebook a d’aontaigh caighdeán an fhís-sruthaithe a ísliú san Eoraip, ar iarratas ón Aontas. Is bealach é sin chun ualach rómhór ar an idirlíon a sheachaint fad is atá líon níos mó daoine sáinnithe sa bhaile.

"Léirítear sa cheol a thugann daoine le chéile thar theorainneacha, ár n-anam agus oidhreacht Eorpach chomhchoiteann“

Roch Chuir sé cian-cheolfhoireann ar bun lena scoláirí chun dlúthpháirtíocht agus cairdeas a chur chun cinn ar fud na hEorpa An Bheilg, Houyet

A luaithe agus a dúnadh na scoileanna ceoil, thosaigh Roch ag cuardach bealach chun teagmháil a choinneáil lena scoláirí agus an múineadh a choinneáil ar bun. Ar dtús, d’iarr sé orthu taifeadtaí ar a saothair a chur chuige ionas go bhféadfadh sé aiseolas a thabhairt. Léirigh na scoláirí an méid sin díocais oibre gur bheartaigh Roch ar chian-cheolfhoireann a chur ar bun chun Óid don Áthas le Beethoven a sheinm, mar a rinne Ceolfhoireann Fhiolarmónach Rotterdam. Leis an tionscnamh sin, ní hamháin gur choinnigh Roch oideachas a chuid scoláirí ar bun, ach thug sé deis dóibh dul i mbun eachtraíocht thar a bheith daonna. Agus é mar aidhm leis cairdeas agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn thar theorainneacha, léirítear sa tionscadal seo ról an cheoil - agus ról na n-ealaíon trí chéile - i dtabhairt le chéile mhuintir na hEorpa sa tréimhse dhúslánach seo. Leis an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn trína chur i gcuimhne do mhuintir na hEorpa an cultúr comhchoiteann atá acu, léirítear do phobal gach tíre san Aontas an méid atá i bpáirt acu. Aontaithe san oidhreacht, agus aontaithe sa chomhrac in aghaidh COVID-19.

"Le chéile táimid ag cruthú deiseanna do ghníomhú sibhialta agus dlúthpháirtíocht“

Les Badass Solidaires Na comhphobail atá ag fulaingt a neartú trí éascú a dhéanamh ar mhalartú seirbhísí ríthábhachtacha An Bheilg, an Bhruiséil

Chruthaigh naonúr ban óg ón mBruiséil grúpa Facebook 'Solidarité Solidariteit Brussels Bruxelles Coronavirus’ chun dlúthpháirtíocht a spreagadh idir saoránaigh agus eagraíochtaí nó gairmithe leighis a bhfuil cúnamh ag teastáil uathu. Déanann an grúpa nasc idir iad siúd atá ag iarraidh cúnamh a thabhairt agus na daoine a dteastaíonn cúnamh uathu: bíonn formhór daoine ag iarraidh cúnamh a thabhairt ach ní móide go mbíonn a fhios acu i gcónaí conas tabhairt faoi. Tríd an gcomhar idir na daoine sa ghrúpa cuireadh straitéisí éifeachtúla ar bun chun cuidiú le daoine a dteastaíonn cúnamh uathu agus chun tacú leis na daoine atá ag obair sna seirbhísí riachtanacha. Tá níos mó ná díreach smaoineamh i gceist le dlúthpháirtíocht anois, a bhuíochas don tionsnamh seo: is féidir le daoine ar mian leo obair dheonach a dhéanamh a fháil amach anois cá háit is mó ar féidir leo cúnamh a thabhairt.

"Táimid ag obair gach aon lá chun an víreas seo a thuiscint - agus chun foghlaim conas é a chomhrac“

Philippe Ag treorú taighde chun tuiscint níos fearr a fháil ar COVID-19 agus é a chomhrac An Bheilg, Leuven

Maraon leis an iliomad eolaithe ar fud na hEorpa, tá Philippe agus a chomhghleacaithe ag KU Leuven ag obair chun tuiscint níos fearr a fháil ar eipidéimí ar nós COVID-19. Le tacaíocht ó chistí an Aontais, tá eipidéimeolaithe cosúil le Philippe i dtús cadhnaíochta i bhfreagairt eolaíoch an Aontais ar an mbagairt ó víris. Chun eipidéimí amhail COVID-19 a chomhrac, is é an taighde eolaíoch an freagra is fearr, agus is mar sin a bheidh sé i gcónaí: is í an tuiscint an chéad cheim i dtreo réiteach a fháil ar cheisteanna sláinte poiblí. Is air seo atá Philippe agus a chomhghleacaithe ag díriú a n-iarrachtaí ar fad faoi láthair.

"Tá sé de dhualgas orm leanúint ar aghaidh ag cur oideachas ar dhaoine óga na linne seo“

Mihaela Ag obair i scoil chódaithe do leanaí, ag cur ceachtanna ar líne ar fáil An Bheilg, an Bhruiséil

Tá Mihaela ag obair in Logischool Montgomery, institiúid sa Bhruiséil a chuireann ceachtanna códaithe ar fáil do leanaí agus do dhéagóirí. Nuair a cuireadh an tréimhse aonraithe i bhfeidhm, chuaigh an scoil i mbun físeáin teagaisc agus ranganna ar líne chun leanúint ag teagasc na ndaltaí: tá na teicneolaíochtaí digiteacha, róbataic agus an Intleacht Shaorga i measc na réimsí taighde is tábhachtaí atá ann, mar atá léirithe ag an ngéarchéim reatha. Braitheann Mihaela agus a comhghleacaithe go bhfuil sé de dhualgas orthu leanúint ar aghaidh ag teagasc na ndaoine óga seo sna réimsí sin a chuireann ar chumas mhuintir na hEorpa dul i ngleic le dúshláin ar nós na paindéime seo agus na drochthionchair a bhaineann léi. Ar fud na hEorpa, tá tíortha, réigiúin agus cathracha ag cuidiú lena bpobal, agus ag an am céanna tá ciste dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh ag cur suas le €800 milliún ar fáil chun cuidiú lenár dtíortha an coróinvíreas a chomhrac.