Tugann Fondúireacht Banco Alimentare Onlus cúnamh do 1,500,000 duine san Iodáil, trí fharasbarr bia a sheachadadh ar 7,500 eagraíocht charthanach. Le dhá mhí anuas, tháinig méadú 40% ar líon na n-iarratas ar chúnamh bia san Iodáil mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Bhí méadú os cionn 60% i roinnt réigiún. D’fhan an Banc Bia ar oscailt ós rud é go gcuireann sé seirbhís ríthábhachtach ar fáil don tír. Go dtí seo in 2020, tá 30,000 tonna bia seachadta ag Fondúireacht Banco Alimentare Onlus agus í ag brath go mór ar chúnamh Eorpach chun a hoibríochtaí a chur i gcrích. Nuair a dhéanann siad seachadadh, fanann an fhoireann lasmuigh, cinntíonn siad go bhfanann daoine scartha amach go sábháilte óna chéile agus míníonn siad do dhaoine nach bhfágfar ocras ar aon duine. “Tharla mar a bheadh súnámaí dlúthpháirtíochta”, a mhíníonn Uachtarán na fondúireachta, Giovanni Bruno. Labhair Maria, oibrí deonach as Salerno, faoin scéal freisin. “Leis an ráig seo, tháinig méadú ar líon na ndaoine atá ag tabhairt faoi obair dheonach. Tá tocht orm aige. San am i láthair, tá dualgas orainn níos mó seachas níos lú a dhéanamh,” a deir sí.