"Is minic go mbíonn daoine aosta ina gcónaí leo féin, agus tá sé an-tábhachtach go mbeadh duine éigin acu chun ceangal a choinneáil leo“

Aleksandra, Monika agus Agata Ag déanamh ceangal le daoine aosta atá ag aonrú An Pholainn, Lublin

Oibrithe deonacha óga as an bPolainn atá ag tacú le daoine aosta is ea “Recipe for Help”. Is é craobh Lublin de Chros Dhearg na Polainne a chur tús leis an tionscnamh, a spreagann daoine óga glao a chur ar sheanóirí sa réigiún, chun píosa cainte a dhéanamh nó cúnamh breise a thairiscint ag brath ar riachtanais gach duine aonair. “Braithim go bhfuil géargha leis an gcineál seo tacaíochta,” arsa Aleksandra, oibrí deonach óg. “Is féidir le daoine aosta labhairt linn ar feadh uaireanta an chloig faoina saol agus faoi na luachanna atá acu. Sílim go mbaineann sé seo le níos mó ná díreach scéal COVID-19 amháin: is maith le daoine aosta am a chaitheamh le daoine níos óige agus a dtaithí a roinnt leo.” Tá daoine aosta an-bhuíoch as an tionscnamh seo mar go léiríonn sé a éasca is atá sé pobail a neartú le cúpla beart beag simplí. Mar a deir an chraobh áitiúil de Chros Dhearg na Polainne, “le sábháilteacht, faisnéis, dea-thoil agus rud beag ama, déantar difríocht ollmhór le linn phaindéim COVID-19.”

"A bhuíochas do threalamh leighis a ceannaíodh le cistí AE, is féidir linn cóir leighis a chur ar thuilleadh othar“

Piotr Cabhraíonn sé le pobail ag an teorainn nuair a bhíonn éigeandáil sláinte ann An Pholainn, Tomaszów Lubelski

Ní stopann an teorainn an coróinvíreas, ach níl teorainn ach oiread lenár n-iarrachtaí é a chomhrac. Ag an réigiún teorann taobh leis an bPolainn, an Bhealarúis agus an Úcráin, tá tionscadal RESCUE, atá maoinithe ag AE, ag cur otharcharranna agus aerálaithe chuig ospidéil chun cuidiú le dochtúirí troid in aghaidh phaindéim an choróinvíris trasna tíortha agus ag imeallchríoch an Aontais. Tá Piotr Gozdek i gceannas ar Leigheas Inmheánach agus Cairdeolaíocht ag ionad sláinte in Tomaszów Lubelski. ‘Táimid gar dá chéile agus tugtar ardchaighdeán cúraim do na hothair uile as na tíortha éagsúla. Tugann sé le chéile saineolaithe leighis ó gach cearn den Eoraip chun go roinnfear an chomhairle is fearr faoin gcaoi le cóir leighis a chur ar othair a bhfuil an coróinvíreas orthu.’ Ní trealamh amháin a chuirtear ar fáil. tairgeann an tionscadal sainchúrsaí oiliúna do 69 ndochtúir, 48 dtarrthálaí agus 137 altra, agus i láthair na huaire tá tionscnaimh foghlama ann do 4,500 áitritheoir.

"Cuid lárnach de shaol na nGasóg is ea cúnamh a thabhairt agus obair dheonach a dhéanamh“

Anna Breis agus 3000 béile dáilte ar sheanóirí agus daoine a fhaigheann cúnamh sóisialta An Pholainn, Wieliczka

Níl slua oibrithe deonacha ag teastáil chun éacht a dhéanamh. In Wieliczka – cathair gar do Kraków – tá cúpla duine fásta ó Chumann Gasóg agus Banóglach na Polainne (ZHP) ag cabhrú ar gach bealach ar féidir leo ó lár mhí an Mhárta. Tá athrú ollmhór tagtha ar a saol agus tá dhá phríomhghníomhaíocht ar bun acu anois: gníomhaíochtaí spéisiúla a chur ar fáil ar líne do ghasóga óga, agus tacú le daoine aosta agus leo siúd a fhaigheann cúnamh sóisialta. Tá níos mó ná 3,000 béile curtha ar fáil ag an ngrúpa cheana féin, mar aon le trealamh cosanta agus earraí grósaera dóibh siúd atá i ngátar. “Cuid lárnach de shaol na nGasóg is ea cúnamh a thabhairt agus obair dheonach a dhéanamh,” arsa Anna. “Is féidir le muintir Wieliczka brath orainn i gcónaí, bíodh COVID-19 ann nó ná bíodh.

"Is rud nádúrtha é cúnamh agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a bhfuil gá ach leis, go háirithe i gcás daoine a dhéanann beatha daoine eile a tharrtháil“

Krzysztof, Gabriela agus Dagmara Déanann siad tacaíocht shíceolaíoch a sholáthar saor in aisce do ghairmithe sláinte a bhfuil gá acu leis An Pholainn, Vársá

Is comhartha mór siombalach do chúramóirí é bualadh na mbos. Ach de réir mar a ghéaraítear ar an mbrú sna hospidéil, is beag eile freisin a bhíonn an tionscnamh in acmhainn a thógáil. Tagann méadú ar an tnáitheadh, géaraítear ar an strus agus d’fhéadfadh sé go mbeadh na gairmithe sláinte imníoch faoina sláinte féin nó faoi shláinte na ndaoine sin atá muinteartha leo. Is maith is eol don Lárionad um Strus agus um Spíonadh a Chosc, ag Ollscoil Łazarski, sa Pholainn, go bhfuil an baol sin ann. Chun an baol sin a mhaolú, sheol siad tionscnamh maidir le cúnamh síceolaíoch atá saor in aisce do dhochtúirí, altraí, paraimhíochaineoirí agus diagnóiseoirí saotharlainne. Déanann síceolaithe a bhfuil taithí acu iad féin a chur ar fáil ar an Luan, ar an gCéadaoin, ar an Déardaoin agus ar an Domhnach chun cúnamh a thabhairt ar líne theileafóin thiomnaithe. “Tríd an #HelpingTalking (#PomagamyRozmawiamy), tá uainn fíorchúnamh a thairiscint doíbh siúd ar fad atá chun tosaigh sa chomhrac i gcoinne phaindéim COVID-19. Bíonn comhráití aonair againn chun an teannas agus an strus a laghdú, leis an tsúil go gcuideoidh sé sin leis an bhfoireann leighis déileáil ar bhealach níos fearr leis na cásanna diana a mbíonn orthu dul i ngleic leo gach lá”, a mhíníonn an grúpa.

"An rud ba shuntasaí domsa ná an buíochas ónár bpaisinéirí“

Olga Aeróstach ar eitiltí aisdúichithe An Pholainn, Vársá

Bhí #LOTdoDOMU (Eitil abhaile le LOT), ar cheann de na hoibríochtaí eitlíochta ba dhúshlánaí ó thaobh an eagrúcháin agus na lóistíochta de i stair eitlíochta sibhialta na Polainne. In imeacht 22 lá, d'eitil iompróir náisiúnta na Polainne chuig 71 chathair i 53 thír ar fud an domhain. Ba gheall le curiarracht an bealach ar ullmhaíodh na hoibríochtaí chun cuidiú le comhthírigh a bhí sáinnithe thar lear, i bhfad óna dteaghlaigh, de dheasca phaindéim COVID-19. “Ar bhealaí go leor, bhí na heitiltí sin éagsúil ó na heitiltí rialta a dhéanaimid. Ba gheall le misean tarrthála iad”, a dúirt Olga, duine den fhoireann a bhí ar chuid de na heitiltí. Rinne an aerlíne 388 n-eitilt as 6 mhór-roinn, ag bailiú paisinéirí as Peiriú, Meicsiceo, an Airgintín, an tSeapáin, na Stáit Aontaithe, an Astráil agus go leor tíortha eile. Ar an iomlán, thug LOT breis agus 54,000 Polannach abhaile.

"Tugaimid tacaíocht leanúnach do ghnólachtaí beaga trí cheisteanna dlí a bhaineann leis an bpaindéim a fhreagairt dóibh“

Małgosia agus Katarzyna Ag cur comhairle dlí pro bono ar fáil do ghnólachtaí a bhfuil tionchar ag an bpaindéim orthu An Pholainn, Poznan

Chuir COVID-19 isteach go mór ar fhiontraithe agus ar a ngnólachtaí. Conas dul i ngleic le deacrachtaí sa slabhra soláthair? Conas a théann forálacha force majeure i bhfeidhm ar a gcuideachtaí? Chun ceisteanna mar seo a fhreagairt, chinn Malgosia, dlíodóir Polannach, cainéal YouTube ‘Bringing the law closer to entrepreneurs’ [Tuiscint níos fearr ar an dlí d’fhiontraithe] a chruthú. “Cuirim treoir ar fáil d’fhiontraithe maidir leis na rialacháin is deireanaí agus an cúnamh airgeadais poiblí atá ar fáil dóibh,” a deir sí. “Tá nuashonrú rialta á dhéanamh ar rialacháin COVID-19 sa Pholainn agus le cabhair Katarzyna, tá an tionscnamh tugtha céim eile chun cinn againn.” Anois tá siad ag díriú ar sheimineáir ar líne agus ar chomhairliúcháin pro bono ar an nguthán le gnólachtaí beaga. I measc na n-ábhar a chlúdaítear tá, cosaint sonraí agus príobháideachas na n-oibrithe atá ag obair ón mbaile. Tá eolas faoin tionscnamh ar fáil ar shuíomh idirlín agus leathanach Facebook na cuideachta.