An geilleagar, eolaíocht agus cáilíocht saoil

An geilleagar, eolaíocht agus cáilíocht saoil

Is é an margadh aonair an t-éacht is mó a bhain AE amach. Leis na bacainní trádála a bhíodh ann díchurtha anois, is féidir le daoine, le hearraí, le seirbhísí agus le caipiteal gluaiseacht go saor ar fud na hEorpa. Chun é sin a thabhairt chun críche, ghlac reachtóirí AE na céadta dlíthe chun fáil réidh le bacainní teicniúla, rialála agus dlí laistigh den Aontas. Chun an margadh aonair a chomhlánú, d’fhorbair an tAontas Eorpach tacar beartas a bhfuil tionchar ollmhór acu ar shaol na saoránach agus ar ghnólachtaí. Maidir le comhshaol, sláinte, cearta an tomhaltóra, iomaíocht, cánachas, fuinneamh, tionscal, taighde agus an beartas sóisialta, is réimsí iad sin uile a bhfuil ról ag an Aontas iontu. Ciallaíonn an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) go bhfuil comhordú níos fearr ann ag leibhéal Eorpach ar bheartais eacnamaíocha agus airgeadaíochta na mBallstát agus go bhfuil tiomantas ann maidir le heasnaimh bhuiséadach iomarcacha a sheachaint.