Comhtháthú, fás agus poist

Comhtháthú, fás agus poist

Tá bearta struchtúrtha ceaptha chun comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach in AE a chothú trí thacaíocht a thabhairt do chruthú fostaíochta, d’iomaíochas, do thaighde agus nuálaíocht, agus d’fhorbairt inbhuanaithe, agus trí fheabhas a chur ar cháilíocht saoil shaoránaigh an Aontais. Maidir le comhtháthú, talmhaíocht, iascach agus iompar, is réimsí iad sin a bhfuil ról ag an Aontas iontu. Ceann de phríomhaidhmeanna AE ná na héagsúlachtaí sna leibhéil forbartha ar fud a réigiún a laghdú. Leis an gcomhbheartas talmhaíochta féachtar le caighdeán maireachtála cóir a áirithiú d’fheirmeoirí agus a áirithiú go mbeidh táirgí ar fáil ar phraghas réasúnta do thomhaltóirí, agus tacaíocht á tabhairt do chleachtais inbhuanaithe. Tá an comhbheartas iascaigh ceaptha chun iascaigh agus dobharshaothrú inbhuanaithe a áirithiú, agus chun ioncam agus poist sheasmhacha a ráthú do na táirgeoirí uile, trí úsáid a bhaint as bearta margaidh agus airgeadais chun tacú leis na cuspóirí sin. Chomh maith le hoscailt suas na margaí iompair agus an Gréasán Tras-Eorpach Iompair a chruthú, is dúshlán ollmhór í an tsoghluaisteacht inbhuanaithe san am i láthair. Tá ról gníomhach ag an Aontas freisin i réimsí na turasóireachta, an chultúir, an oideachais agus an spóirt.