An Comhbheartas Talmhaíochta (CBT) a mhaoiniú: fíricí agus figiúirí

De ghnáth dhéantaí an comhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú trí chiste amháin, an Ciste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT), ar tháinig an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ina ionad an 1 Eanáir 2007. Le rialachán CBT 2023-2027, tugtar isteach samhail nua seachadta (plean straitéiseach) le haghaidh chaiteachas uile CBT.

An bunús dlí

  • An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), Airteagal 40(3).
  • Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027;
  • Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013.
  • Rialachán (AE) Uimh. 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013.
  • Rialachán (AE) 2021/2117 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas.

Forbairt an chreata airgeadais le haghaidh talmhaíochta

Bunaithe i mí Eanáir 1962, cuireadh CBT chun feidhme ag an am sin trí CETRT. In 1964, roinneadh CETRT ina dhá chuid: an Roinn ‘Ráthaíochta’ agus an Roinn ‘Treoraíochta’, a bhí á rialú ag rialacha éagsúla.

Ó 1988 ar aghaidh, cuireadh na cistí faoi réir diansmacht buiséadach tar éis an chéad Chomhaontú Idirinstitiúideach a thabhairt isteach, ina raibh peirspictíocht airgeadais do 1988-1992.

Formheasadh creat airgeadais ilbhliantúil 2007-2013 in 2006 (1.4.3). Le Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 cruthaíodh dhá chiste talmhaíochta Eorpacha, lena maoinítear an CBT: an Ciste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) Maoiníonn CERT (an chéad cholún de CBT) an caiteachas uile a bhaineann le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí (3.2.8) agus an caiteachas uile a bhaineann leis an margadh (3.2.4). I Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 sainmhínítear saintréithe airgeadais agus clársceidealaithe CETFT (an dara colún de CBT) (3.2.9). Le CETFT cómhaoinítear bearta lena gcuirtear feabhas ar iomaíochas sna hearnálacha talmhaíochta agus foraoiseachta, bearta agra-chomhshaoil, agus bearta lena gcuirtear feabhas ar cháilíocht an tsaoil i gceantair thuaithe agus lena spreagtar éagsúlú an gheilleagair tuaithe agus fothú acmhainní áitiúla (tionscnamh LEADER). Faoi CFAE (3.2.1), faoi láthair is iad dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) a dhéanann na cinntí comhpháirteacha i dtaca leis an gcaiteachas talmhaíochta uile.

Formheasadh creat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 in 2013. Cinneadh le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 an caiteachas talmhaíochta don tréimhse 2014-2020, arbh ionann é agus EUR 408 313 billiún (71.3 % i gcás íocaíochtaí díreacha, 24.4 % don fhorbairt tuaithe agus 4.3 % do bhearta an mhargaidh).

I mí na Nollag 2020, d’fhormhuinigh na comhreachtóirí Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. Dá thoradh sin, cuirtear EUR 378 532,3 milliún (i bpraghsanna reatha) ar fáil do thairbhithe CBT ón 1 Eanáir 2021, arb ionann é agus 31 % de bhuiséad iomlán an Aontais (féach an tábla thíos). Bainfidh bearta forbartha tuaithe CBT tairbhe as acmhainní breise chlár AE na Chéad Ghlúine Eile (NGEU) chun téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a mhaoiniú tar éis ghéarchéim COVID-19 (EUR 8 070,5 milliún). Dá bhrí sin, is ionann méid iomlán ghealltanais CBT don tréimhse 2021-2027 agus EUR 386 602,8 milliún.

Buiséad CBT AE-27 (Spriocanna faoi chomhair oibleagáidí – EUR milliún i bpraghsanna reatha) (A)
Bliain 2021
(B)
An creat airgeadais ilbhliantúil
2021/-2027 (CAI)
 
% (B)
 
(1) COLÚN 1 CBT
Íocaíochtaí díreacha (ÍD) agus bearta sna margaí talmhaíochta
 
40 368.0
 
290 534.0
 
76.8%
(2) COLÚN 2 CBT
(2a) Bearta Forbartha Tuaithe (FT) faoi CAI
(2b) Bearta breise forbartha tuaithe faoi NGEU (ionstraim téarnaimh shealadaigh)
 
15 345.0
 
2 387.7
 
87 998.3
 
8 070.5
 
23.2%
 
---
 
(3) IOMLÁN CBT 2021-2027 AE - 27 [(1) + (2a)] 55 713.0 378 532.3 100%
(4) IOMLÁN GEALLTANAS AE 168 496.0 1 221 719.5 ---
(5) % CBT [(3) / (4)] 33.1% 31.0% ---
(6) CBT IOMLÁN: CAI 2021-2027 + NGEU 2021-2022 [(1) + (2a) + (2b)] 58 100.7 386 602.8 ---
(7) IOMLÁN CAI 2021-2027 + NGEU 2021-2022 333 108.9 1 642 788.7 ---
(8) % CBT [(5) / (6)] 17.4% 23.5% ---

CAITEACHAS CBT DE RÉIR BALLSTÁIT (AE-27, 2021)

  Dáileadh de réir Ballstáit
Cabhracha díreacha/margaí díreacha agus bearta eile 2021 / Forbairt tuaithe 2021(EUR milliún)
BALLSTÁT a. Cabhracha díreacha
(1ú colún - CERT)
b. Iomlán
1ú colún - CERT
(lena n-áirítear (a.))
c. Iomlán
CETFT
(2ú colún)
(b+c)
% d’iomlán AE
BE 498.6 557.3 83.2 1.17%
BG 843.2 867.9 354.6 2.25%
HR 347.7 360.7 382.1 1.36%
CZ 852.3 869.4 357.1 2.25%
DK 798.5 808.2 116.7 1.7%
DE 4 615.1 4 739.8 1 354.0 11.2%
EE 165.4 167.1 91.6 0.47%
EL 1 990.9 2 232.6 635.8 5.3%
ES 5 055.0 5 666.8 1 149.3 12.5%
FR 6 807.7 7 372.2 1 913.1 17.1%
IE 1 180.7 1 190.6 343.3 2.8%
IT 3 552.3 4 241.7 1 470.8 10.5%
CY 47.3 52.71 22.2 0.14%
LV 294.7 297.1 124.0 0.77%
LT 510.2 514.7 188.9 1.3%
LU 34.3 34.9 15.41 0.1%
HU 1 276.6 1 310.4 576.5 3.5%
MT 5.1 5.2 14.9 0.04%
NL 651.3 703.1 163.1 1.6%
AT 683.3 707.3 580.7 2.37%
PL 3 319.7 3 351.3 1419 8.8%
PT 756.4 8 60.9 393.7 2.3%
RO 1 885.2 1 953.0 1 215.1 5.8%
SI 132.5 139.5 119.1 0.5%
SK 384.7 395.8 138.9 1.0%
FI 517.3 526.0 388.3 1.7%
SE 673.0 686.3 319.7 1.85%
EU 0.0 164.2 0.0 0.3%
AE-27 37 878.8 40 776.5 14566.4

Foinsí: An Coimisiún Eorpach, an 15ú Tuarascáil Airgeadais maidir le CERT agus CETFT don bhliain airgeadais 2021.

I mí na Nollag 2021, ghlac an Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle trí thogra reachtacha maidir le CBT 2023-2027. Le Rialachán (AE) 2021/2115, Rialachán (AE) 2021/2116, agus Rialachán (AE) 2021/2117, tugadh isteach samhail seachadta nua maidir le maoiniú CBT bunaithe ar phleananna straitéiseacha náisiúnta atá le dréachtú ag gach Ballstát. Díríonn reachtaíocht nua CBT ar fheidhmíocht agus ar thorthaí agus cuirtear cur chuige saincheaptha i bhfeidhm lena dtugtar níos mó solúbthachta do na Ballstáit chun an beartas a chur i bhfeidhm ar an leibhéal áitiúil. Féach an tábla thíos le haghaidh mhaoiniú leithdháilte an chaiteachais phoiblí bheartaithe a leagtar amach sna pleananna faoin dá chiste.

DÁILEADH AN CHAITEACHAIS PHOIBLÍ IOMLÁIN ATÁ BEARTAITHE LE HAGHAIDH CERT AGUS CETFT DE RÉIR RIALACHÁN 2023-2027.

CINEÁL IDIRGHABHÁLA Ranníocaíocht ón Aontas (EUR) Cómhaoiniú náisiúnta* An caiteachas poiblí iomlán gan maoiniú náisiúnta a áireamh; % mar sciar den chaiteachas poiblí iomlán
Tacaíocht tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta (CERT)
BISS - Tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta (Airt. 21-28) 96 697 483 142 neamhbhainteach 96 697 483 142 31%
CIS – Tacaíocht ioncaim chúpláilte (Airt. 32-35) 23 030 903 969 23 030 903 969 7%
CIS-YIF – Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga (Airt. 30) 3 407 403 394 3 407 403 394 1%
CRISS – Tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta (Airt. 29) 20 094 247 101 20 094 247 101 7%
Éiciscéim – Scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe (Airt. 31) 44 712 639 715 44 712 639 715 15%
Cadás – Íocaíocht bharrshonrach do chadás (Airt. 36-41) 1 232 110 245 1 232 110 245 0.4%
Iomlán na n-íocaíochtaí díreacha CERT** 189 109 706 310 neamhbhainteach 189 109 706 310 62%
Beachadóireacht (Airt. 54-56) 285 607 172 324 387 287 609 994 458 0.2%
Ológa (Airt. 63-65) 218 729 300 neamhbhainteach 218 729 300 0.07%
Fíon (Airt. 57-60) 4 142 887 347 4 142 887 347 1%
Leannlusanna (Airt. 61-62) 10 940 000 10 940000 0.004%
Torthaí agus glasraí (Airt. 49-53) 4 142 887 347 4 142 887 347 1%
Earnálacha eile (Airt. 66-68) 110 171 983 110 171 983 0.04%
Tacaíocht earnála iomlán — CERT (Airt. 42-48 freisin) 8 915 271 473 324 387 287 9 239 658 760 3%
Tacaíocht tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)
AECC – Bainteach leis an gcomhshaol/aeráid/leas ainmhithe (Airt. 70)
20 289 987 423 12 922 384 337 33 212 371 761 11%
ANC— Limistéir a bhfuil srianta nádúrtha iontu (Airt.71) 10 598 347 767 8 117 856 724 18 716 204 491 6%
ASD — Limistéir faoi mhíbhuntáistí sonracha (Airt.72) 501 286 959 329 170 180 830 457 139 0.3%
INV — Infheistíochtaí (Airt. 73 agus 74) 18 433 062 578 12 945 827 188 31 378 889 766 10%
INSTAL — Feirmeoirí agus gnólachtaí nuathionscanta a chur ar bun (Airt. 75) 3 411 775 402 1 763 146 568 5 174 921 970 2%
RISK – Uirlisí bainistithe riosca (Airt.76) 2 731 774 898 1 859 749 688 4 591 524 586 1%
COOP – Comhar (Airt. 77) 7 033 768 843 4 125 997 116 11 159 765 960 4%
KNOW — Eolas agus faisnéis (Airt. 78) 1 134 104 929 939 153 317 2 073 258 246 0.7%
Cúnamh teicniúil*** 1 864 585 916 neamhbhainteach 1 864 585 916 0.6%
Tacaíocht iomlán trí CETFT — Forbairt tuaithe 65 998 694 714 43 003 285 120 109 001 979 834 35%
Caiteachas iomlán atá beartaithe faoi CBT 264 023 672 497 43 327 672 407 307 351 344 904  

Foinse: An Coimisiún Eorpach, 28 bPlean Straitéiseacha CBT Formheasta (2023-2027), mí an Mheithimh 2023

*Níl an maoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 146 den Rialachán maidir le Plean Straitéiseach CBT (CSP) san áireamh i ranníocaíocht náisiúnta ná i gcómhaoiniú náisiúnta. Ní áirítear íocaíochtaí le haghaidh tacaíocht faoi Rialachán (AE) 1308/2013 sna CSPanna. Tá aistrithe idir cistí san áireamh.

** Íocaíochtaí díreacha A mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn choigeartaithe V a ghabhann le Rialachán CSP (áirítear san iomlán an toradh measta ar an laghdú), i gcás ina bhfuil an rogha sin déanta ag na Ballstáit, áirítear san iomlán an méid measta a eascraíonn as uasteorannú na méideanna a dheonaítear d’fheirmeoirí, agus dá bhrí sin tá iomlán beartaithe na n-idirghabhálacha uile faoi íocaíochtaí díreacha níos airde ná an méid a leagtar amach in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán CSP, mar sin comhfhreagraíonn an difríocht don uasteorannú; níl íocaíochtaí cadáis beartaithe mar idirghabháil agus leagtar a leithdháiltí amach in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán CSP.

*** Forbairt tuaithe ní áirítear cúnamh teicniúil arna mhaoiniú ó chistí náisiúnta; ní áirítear íocaíochtaí luathscoir, ar beart é ó 2007-2013 le huasíocaíochtaí ar feadh 15 bliana (thart ar EUR 5 mhilliún san iomlán, lena n-áirítear EUR 2 mhilliún arna mhaoiniú trí CETFT).

Ról Pharlaimint na hEorpa

De thoradh ar chomhaontuithe idirinstitiúideacha 1988, 1993, 1999, agus 2006, tá tionchar níos mó ag an bParlaimint i ndáil le caiteachas éigeantach. Le teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin in 2009, cuireadh an Pharlaimint ar comhchéim leis an gComhairle i ndáil le buiséad iomlán AE. Thángthas ar chomhaontú i mí na Samhna 2013 i ngeall ar an gcaibidlíocht fhada maidir le Rialachán an Chreata Airgeadais do 2014-2020. D’éirigh leis an bParlaimint níos mó solúbthachta a fháil i mbainistiú na gceannteideal buiséid, neartaíodh aontacht an bhuiséid, d’áirithigh sí go mbainfeadh na Ballstáit úsáid láithreach as leithreasaí gan íoc ó bhuiséad 2013 agus d’áirithigh sí méadú ar leithreasaí arna leithdháileadh faoi Cheannteideal 1 (iomaíochas) (seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Samhain 2013 agus cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Samhain 2013). Tar éis na gcruinnithe tríthaobhacha deireanacha i mí Mheán Fómhair 2013, chuir an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe feabhas ar roinnt gnéithe airgeadais de chuid CBT nua.

Rinneadh togra le haghaidh Creat Airgeadais Ilbhliantúil i ndiaidh 2020 a thíolacadh an 2 Bealtaine 2018. Cuireadh an dara togra in ionad an dréachtbhuiséid fhadtéarmaigh sin i mí na Bealtaine 2020, ar togra é a treisíodh tríd a an gcéad Ghlúin Eile de chuid an Aontais chun a áirithiú gur fearr a bheidh cistí an Aontais in ann an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a rinne paindéim COVID-19 a dheisiú. Ghlac an Pharlaimint a seasamh ina rúin an 14 Samhain 2018, an 23 Iúil 2020 agus an 17 Nollaig 2020.

Tar éis próiseas caibidlíochta fada idir dhá bhrainse an údaráis bhuiséadaigh, thángthas ar chomhaontú an 17 Nollaig 2020.

I mí an Mheithimh 2021, d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal ‘A longterm vision for the EU’s rural areas’ [Fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais], inar cuireadh na dúshláin atá os comhair na gceantar tuaithe i gcroílár straitéisí an Aontais. An 13 Nollaig 2022 ghlac an Pharlaimint rún maidir le fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh – i dtreo ceantair thuaithe a bheidh níos láidre, nasctha, athléimneach agus rathúil faoi 2040. Aithnítear sa rún an ról lárnach atá ag ceantair thuaithe maidir le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil, tacaítear le comhshocrú tuaithe a fhorbairt, leagtar béim ar a thábhachtaí atá sásraí um dhíonadh na tuaithe agus leagtar béim ann ar an ngá atá le sineirgí agus comhordú idir ionstraimí cistiúcháin an Aontais do na críocha sin.

 

Vera Milicevic