An comhbheartas iascaigh: bunús agus forbairt
Tá an-dul chun cinn déanta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI) ónar ceapadh ar dtús i gConradh na Róimhe é. Bhí an comhbheartas iascaigh nasctha leis an gcomhbheartas talmhaíochta i dtús báire, ach le himeacht ama tugadh níos mó neamhspleáchais dó. Seoladh príomhréimse an CBI - stoc éisc a chaomhnú agus a bhainistiú - i 1983. Rinneadh athchóiriú ar an mbeartas i 1992, 2002 agus 2013. Tá sé mar aidhm leis an gcreat reatha, a tháinig as an athchóiriú a rinneadh ar CBI in 2013, a áirithiú go bhfuil iascach AE inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de.
Bunús dlí
An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), Airteagail 3-4, 38-44, 218.
Rialachán (AE) 1380/2013 an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (an Bunrialachán)
Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 an 11 Nollaig 2013 maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe (Rialachán CEM).
Cuspóirí
Áiritheofar le CBI go mbeidh gníomhaíochtaí iascaireachta agus dobharshaothraithe inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil san fhadtéarma agus go mbainisteofar iad ar bhealach a bheidh ag luí leis na cuspóirí tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach, agus lena gcuirfear le hinfhaighteacht soláthairtí bia. Chun saothrú inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh a áirithiú, caithfidh an CBI an cur chuige réamhchúraim a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú iascaigh. Ina theannta sin, caithfidh CBI an cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith bainistiú iascaigh a chur chun feidhme lena áirithiú gur lú agus is féidir na tionchair dhiúltacha a bheidh ag gníomhaíochtaí iascaireachta ar éiceachóras na mara, agus féachfar leis lena áirithiú go seachnófar sna gníomhaíochtaí maidir le dobharshaothrú agus iascaigh an díghrádú ar an gcomhshaol muirí.
Cúlra
Tugadh isteach beartas iascaigh i ndlí an Aontais Eorpaigh le Conradh na Róimhe in 1958, ach ba mar chuid den chomhbheartas talmhaíochta amháin a bhí sé agus bhí na cuspóirí céanna ag gabháil leis. Tugadh na chéad eilimintí de bheartas iascaigh ar leith isteach i 1970, agus reachtaíocht glactha a rinne comheagrú an mhargaidh do tháirgí iascaigh agus beartas struchtúrach le haghaidh iascaigh a bhunú. I 1970 chomh maith, ghlac an Comhphobal leis an mbunphrionsabal go bhféadfadh na Ballstáit uile an rochtain chéanna a bheith acu ar acmhainní éisc atá in uiscí thíortha eile an Aontais, a shín 12 mhuirmhíle ón gcladach ag an uair.
Bhí ról suntasach ag iascach sna caibidlíochtaí a bhí ina gcúis le haontachas na Ríocht Aontaithe, na hÉireann agus na Danmhairge i 1973. Tugadh isteach maolú sealadach 10 mbliana ar an bprionsabal sin chun rochtain an chabhlaigh iascaireachta áitiúil ar uiscí Ballstáit laistigh de 12 mhuirmhíle amach ón gcósta a chothabháil mar thoradh ar na caibidlíochta. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, chomhaontaigh na Ballstáit a limistéir iascaireachta feadh chósta Atlantach agus agus na Mara Thuaidh den Chomhphobal a leathnú, lenar dearbhaíodh limistéar eacnamaíoch eisiach (EEZ) de 200 muirmhíle i 1977. Le dearbhú EEZ, tugadh dlínse do na Ballstáit ar acmhainní nua iascaigh, agus bhí sé sin ar oscailt do gach Ballstát faoi phrionsabal na saor-rochtana. Leis sin, tháinig chun cinn an gá leis na hacmhainní coiteanna sin a bhainistiú agus le bealach a aimsiú chun na cearta iascaireachta a leithdháileadh i measc na mBallstát.
In 1983, tar éis roinnt blianta a chaitheamh i mbun caibidlíochta, ghlac an Chomhairle Rialachán (CEE) Uimh. 170/83, lena mbunaítear na prionsabail chun bainistiú a dhéanamh ar acmhainní coiteanna, agus Rialachán (CEE) Uimh. 171/83, lena leagtar síos bearta teicniúla chun iad a chaomhnú. Leis sin cruthaíodh príomhréimse an CBI: Caomhnú agus bainistiú na n-iascach coiteann. Bhí an CBI bunaithe ar chóras maidir le teorainneacha gabhála (‘gabhálacha iomlána incheadaithe’ nó TACanna, mar a thugtar orthu), a ndéanann an Chomhairle cinneadh ina leith gach bliain. Bhí na TACanna roinnte i measc na mBallstát mar chuótaí, de réir foirmle chéatadáin sheasta, atá cobhsaí le himeacht ama, ‘ cobhsaíocht choibhneasta’ mar a thugtar air. Le CBI, rinneadh an maolú a chomhtháthú i bprionsabal na comhrochtana laistigh den chrios 12 míle ar feadh tréimhse 10 mbliana, lenar féidir leis an stát cósta rochtain ar an gcéad 6 mhíle a choinneáil dá náisiúnaigh ach cead a thabhairt do na Ballstáit eile leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta sa chrios idir 6 mhíle agus 12 mhíle. táthar á chothabháil ó shin leith agus déantar é a athnuachan gach 10 mbliana.
Seoladh CBI le linn imthosca na luath 1980í: Comhphobal de 10 mBallstát, le huiscí coiteanna nach bhfuil chomh leathnaithe is atá inniu agus stoic éisc sách flúirseach. Tá go leor athraithe le himeacht ama. Tá staid roinnt mhaith stoc éisc ídithe, tá méid agus struchtúr earnáil an iascaigh athraithe, tá tábhacht ar leith ag baint le saincheisteanna comhshaoil agus tá athraithe tagtha ar an gcoincheap a bhaineann le dea-rialachais, ag cur le tionchar garspriocanna polaitiúla amhail na babhtaí méadaithe a tháinig ina dhiaidh sin agus, níos déanaí ná sin, tarraingt siar na Ríochta Aontaithe. Bhí ar CBI dul in oiriúint d'imeachtaí éagsúla le tionchar suntasach ar earnáil iascaigh de chuid AE.
Na hathchóirithe
Ó bunaíodh é, rinneadh athchóiriú ar CBI faoi thrí, in 1992, 2002 agus 2013.
1. Athchóiriú 1992
Is beag difríocht a rinne an chéad athbhreithniú, arna chur in iúl i Rialachán (CEE) Uimh. 3760/92, ar an gcaoi a stiúrtar CBI. Mar sin féin, thug sé isteach na coincheapa amhail rialachú iarrachtaí iascaireachta agus bainistiú ilbhliantúil, a cuireadh i bhfeidhm níos déanaí, a thiocfadh le bheith ina bpríomhghnéithe den chóras bainistíochta. Foráladh sa Rialachán rochtain ar acmhainní trí chóras éifeachtach ceadúnúcháin.
Cé nár chlúdaigh an t-athchóiriú bainistiú ar chabhlaigh iascaireachta, beartaíodh dul i ngleic leis an tsaincheist seo trí chabhlaigh na mBallstát a laghdú trí phleananna treoracha ilbhliantúla, mar gheall ar an éagothroime thromchúiseach idir acmhainneacht cabhlaigh agus poitéinseal gabhála a aithint de réir a chéile.
2. Athchóiriú 2002
D’fhéadfaí féachaint ar athchóiriú 2002 mar aistriú ó luathchéim forbartha beartas bunaithe ar eilimintí éagsúla, go foirm níos comhsheasmhaí de bhainistiú lánpháirtithe. ChuirRialachán (AE) Uimh. 2371/2002 béim athnuaite ar bhainistiú iascaigh fadtéarmach, ag tabhairt isteach pleananna téarnaimh ilbhliantúla do stoic lasmuigh de na teorainneacha bitheolaíocha atá sábháilte agus pleananna bainistíochta ilbhliantúla do stoic eile. Tugadh ról níos mó d’iascairí i gcinntí a dhéanann difear dóibh trí Chomhairlí Comhairleacha Réigiúnacha (RACanna) a chruthú, comhdhéanta d’iascairí, saineolaithe eolaíocha, ionadaithe ó earnálacha eile a bhaineann le hiascach agus dobharshaothrú, údaráis réigiúnacha agus náisiúnta, grúpaí comhshaoil agus tomhaltóirí. Ina theannta sin, chuir Rialachán (CE) Uimh.2369/2002 deireadh iomlán le cúnamh do chabhlaigh d'árthaí nua a thógáil, trí rialacha maidir le cúnamh struchtúrach don earnáil a leasú. Cuir an t-athchóiriú deireadh leis na pleananna treoracha ilbhliantúla chomh maith, agus cuireadh ina n-ionad oibleagáid ar na Ballstáit acmhainneacht iascaireachta a gcabhlach a chur in oiriúint ionas go mbeidh siad ag teacht i gcomhréir lena ndeiseanna iascaireachta.
Ábhar díomá a bhí i dtorthaí athchóiriú 2002 ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de. Níor tharla aon dul chun cinn fiúntach maidir le haisghabháil stoc éisc. Lean an laghdú i ngabhálacha ar aghaidh agus mhéadaigh acmhainneacht iascaireachta, ag cur le leochaileacht eacnamaíoch na hearnála. Bualadh an earnáil le méadú ar allmhairí, praghsanna luaineacha breosla agus an ghéarchéim airgeadais. Ag an am céanna, níor cuireadh roinnt fadhbanna móra, amhail saincheist na n-iasc aischurtha, san áireamh mar ba cheart.
3. Athchóiriú 2013
Glacadh leis an athchóiriú CBI is déanaí, a chuaigh i bhfeidhm ar an gcreat reatha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i mí na Nollag 2013. Áiritheofar leis go bhfuil iascach AE inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de san fhadtéarma, agus go bhfuil a mbainistiú ag teacht le tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a bhaint amach. Le hathchóiriú 2013 tugadh isteach sprioc chun saothrú inbhuanaithe na stoc éisc a bhaint amach. Ciallaíonn sé sin go gcaithfear stoic éisc a athbhunú agus a chothabháil os cionn leibhéal atá in acmhainn an uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) a tháirgeadh, i.e. an méid is airde iasc a d’fhéadfaí a thógáil ó stoc gan difear a dhéanamh dá atáirgeadh. Chuir athchóiriú 2013 roinnt uirlisí tábhachtacha ar fáil chun an sprioc seo a bhaint amach. Is uirlis tosaíochta um chaomhnú iad na pleananna ilbhliantúla anois. Sainítear leis na pleananna sin an creat do bhainistiú fadtéarmach na stoc de réir iascaigh agus imchuach farraige, agus áirítear leo spriocanna inchainníochtaithe (amhail rátaí básmhaireachta iascaigh agus bithmhais stoic sceithigh), agus coimircí chun a áirithiú go gcomhlíonfar spriocanna inchainníochtaithe. Tugadh isteach leis freisin an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás na ngabhálacha go léir, agus a ceapadh chun deireadh a chur leis an gcleachtas diomailteach éisc indíolta, agus iad marbh de ghnáth, a scaoileadh ar ais san fharraige. Gné eile d’athchóiriú 2013 ná an tacaíocht a bhí ann do chinnteoireacht ar bhonn réigiúnach, lena bhféadfaí bearta caomhnaithe in imchuach farraige ar leith a ghlacadh bunaithe ar mholtaí comhpháirteacha ag na Ballstáit lena mbaineann. Maidir le hacmhainneacht cabhlaigh, cuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit a n-acmhainneacht iascaireachta a choigeartú trí phleananna náisiúnta ionas go mbeidh siad ag teacht i gcomhréir lena ndeiseanna iascaireachta.
Le Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 , a glacadh ag an am céanna, bunaíodh na rialacha maidir le comheagrú na margaí i dtáirgí iascaigh agus dobharshaothraithe. Thug sé don earnáil breis freagrachta ó thaobh soláthar táirgí iascaigh a bhainistiú, agus dhírigh sé ar phleananna de sholáthar táirgí iascaigh margaíochta eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta. Bhí sé mar aidhm leis freisin lipéadú a fheabhsú chun tacú le tomhaltóirí roghanna níos fearr a dhéanamh agus iad ag ceannach tairgí iascaigh. Ciallaíonn sé sin go dtéann na ceanglais reatha do na tairgí seo thar a bhfuil ann do bhia-ábhair.
Athraíodh patrún athchóiriú CBI gach deich mbliana nuair a rinneadh athnuachan deich mbliana eile ar mhaolaithe ar chomhtháthú i bprionsabal na comhrochtana, a bhí le dul in éag ag deireadh 2022, lasmuigh de rialachais athchóirithe CBI. An 21 Feabhra 2023, d’fhoilsigh an Coimisiúin tuarascáil cur chun feidhme maidir le CBI, mar chuid den ‘phacáiste iascaigh agus muirí’ inar áiríodh freisin tuarascáil cur chun fiedhme maidir le comheagrú na margaí, ‘plean gníomhaíochta iascaigh’ maidir le cosaint mhuirí agus iascaigh a réiteach le chéile, agus plean gníomhaíochta maidir le haistriú fuinnimh earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe AE. Meastar sa tuarascáil maidir le CBI go bhfuil an Bunrialachán reatha oiriúnach don fheidhm agus moltar inti feabhsuithe a dhéanamh ar a chur chun feidhme, amhail gné shóisialta CBI a chur san áireamh, bainistíocht bunaithe ar éiceachóras a chur i bhfeidhm chun dul chun cinn a dhéanamh ionsar TACanna ilbhliantúla a chur in iúl, agus trédhearcacht a mhéadú maidir leis na critéir atá in úsáid ag na Ballstáit do leithdháileadh cuóta.
Ról Pharlaimint na hEorpa
Le Conradh Liospóin tugadh isteach freisin athrú bunúsach i bpróiseas cinnteoireachta CBI: athainmníodh comhchinnteoireacht idir an Chomhairle agus an Pharlaimint mar an gnáthnós imeachta reachtach faoi Airteagal 43(2) CFAE, a tháinig in ionad an nós imeachta roimhe sin (Rialachán ón gComhairle le tuairim neamhcheangailteach ón bParlaimint). An t-aon eisceacht atá ar an ngnáthnós imeachta reachtach maidir le caomhnú na n-acmhainní iascaigh is ea deiseanna iascaireachta a shocrú agus a dháileadh (i.e. TACanna agus cuótaí), rud atá fós faoi inniúlacht na Comhairle, faoi Airteagal 43(3) CFAE. Sonraítear le Conradh Liospóin freisin gur gá toiliú na Parlaiminte a fháil chun glacadh le comhaontú iascaigh AE le tíortha nach bhfuil san Aontas agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta (Airteagal 218 CFAE).
Go luath i ndiaidh do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009, chuir cumhacht na Parlaiminte ar a chumas di ról tábhachtach a bheith aici in athchóiriú CBI. Le deich mbliana anuas, rinne an Pharlaimint maoirseoireacht ar na rialacha lena rialaítear gníomhaíochtaí na hearnálacha iascaigh agus dobharshaothraithe san Aontas.
Tá an Pharlaimint tar éis seasaimh a ghlacadh go minic maidir le raon leathan gnéithe CBI reatha, lena n-áirítear sraith rún le déanaí:
- Rún ón bParlaimint an 18 Eanáir 2024 maidir le staid na himeartha i gcur chun feidhme CBI agus peirspictíochtaí amach anseo agus sprioc leis an rún sin treoir pholaitiúil a chur ar fáil maidir le hathbhreithnithe ar CBI amach anseo. Díríonn an rialachán seo ar stoc éisc a chaomhnú agus a bhainistiú den chuid is mó, agus ag cur le tuarascálacha sonracha a glacadh le blianta beaga anuas maidir le saincheisteanna amhail uastáirgeacht inbhuanaithe, oibleagáid gabhálacha agus leithdháileadh cuótaí.
- Tacaíonn Rún ón bParlaimint an 18 Eanáir 2024 maidir le cur chun feidhme Rialachán maidir le Comheagrú na Margaí i dtáirgí iascaireachta agus dobharshaothraithe le caighdeáin aonfhoirmeacha margaíochta do thairgí iascaigh a chuirtear ar mhargadh AE, gan beann ar a dtionscnamh, agus lipéadú cruinn ar tháirgí éisc.
- Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Eanáir 2024 ar Phlean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh: éiceachórais mhuirí a chosaint agus a athbhunú ar mhaithe le hiascaigh inbhuanaithe athléimneacha ina meastar gur cheart plean Gníomhaíochta an Choimisiúin a bheith comhleanúnach le tosaíochtaí amhail slándáil bia agus uathriail straitéiseach a áirithint. Áitíonn sé freisin go gcuireann an plean cur chuige róshimplithe i láthair maidir le limistéir mhuirí faoi chosaint agus cosc a chur ar iascaireacht ghrinnill.
Áirítear na staidéir seo a leanas i dtaighde a rinneadh le déanaí don Choiste um Iascach maidir le maoiniú iascaigh:
- Roghanna beartais chun iomaíochas earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe an Aontais a neartú, maidir le tionchar rialacha reatha CBI ar iomaíochas na hearnála;
- Scéimeanna oiliúna agus slándála sóisialta d’iascairí - Staid na himeartha agus peirspictíochtaí san Aontas Eorpach, maidir le léargas nua ar ghné shóisialta CBI;
- Gnéithe dícharbónaithe agus gnéithe den gheilleagar ciorclach le haghaidh iascaigh, maidir le réitigh fhéideartha chun feidhmiú soithí iascaireachta de chuid an Aontais a fheabhsú.
Rudolfs Verdins / Irina Popescu