Na Gréasáin Thras-Eorpacha a mhaoiniú

Tá na Gréasáin Thras-Eorpacha (TENanna) á maoiniú i bpáirt ag an Aontas Eorpach agus i bpáirt ag na Ballstáit. Spreagadh is ea an tacaíocht airgeadais a thugann an tAontas, ach tá sé de cheanglas ar na Ballstáit an sciar is mó den mhaoiniú a sholáthar. Is féidir maoiniú na TENanna a chomhlánú freisin le maoiniú faoi Chiste Struchtúrach, le cúnamh ón mBanc Eorpach Infheistíochta nó le ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach. Tugadh athchóiriú ollmhór isteach i leith na TENanna ar fad tráth a bunaíodh an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa in 2013.

Bunús dlí

Sonraítear faoi Airteagal 171 de Theideal XVI den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) gur féidir cabhair ón Aontas a dheonú do thionscadail lena ngabhann leas coiteann agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sna treoirlínte.

Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010.

Cuspóirí

Rannchuidiú le Gréasáin Thras-Eorpacha a bhunú, trí thacaíocht spriocdhírithe ón Aontas, i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus na teileachumarsáide (3.5.1).

A bhfuil bainte amach

A. Coinníollacha ginearálta a shainiú le haghaidh maoiniú tionscadal

Go ginearálta, bíonn maoiniú ón Aontas ina spreagadh do thionscadail. Is ar na Ballstáit atá sé an sciar is mó den mhaoiniú a tharraingt le chéile, ach amháin i gcás cabhair faoi Chiste Comhtháthaithe, arb é an tAontas, go traidisiúnta, a dhéanann an ranníocaíocht is mó ina leith.

Leagadh síos na chéad phrionsabail lena rialaítear maoiniú i Rialachán (CE) Uimh. 2236/95 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 1995 lena leagtar amach rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach.

1. Is ar cheann amháin nó níos mó de na bealaí seo a leanas a bhfuil leas bainte as cabhair ón Aontas do thionscadail:

  • Staidéir a bhaineann le tionscadail agus bearta eile tacaíochta teicniúla a chómhaoiniú (go ginearálta, gan dul thar 50 % den chostas iomlán);
  • Ranníocaíochtaí a dhéanamh i leith táillí ar ráthaíochtaí le haghaidh iasachtaí arna dtabhairt ag an gCiste Eorpach Infheistíochta nó ag institiúidí airgeadais eile;
  • Fóirdheontais úis le haghaidh iasachtaí arna dtabhairt ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) nó ag comhlachtaí airgeadais poiblí nó príobháideacha eile.
  • Deontais dhíreacha le haghaidh infheistíochtaí i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.

2. Rinneadh na critéir thionscadail seo a leanas a leagan síos de réir a chéile:

  • Ní fhéadfaidh cabhair ón Aontas do ghréasáin teileachumarsáide agus fuinnimh a bheith ina cúis le saobhadh iomaíochta idir gnólachtaí san earnáil lena mbaineann;
  • Ní mór do thionscadail a bheith ina gcuidiú le cuspóirí na ngréasán a bhaint amach;
  • Ní mór do thionscadail a bheith inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de;
  • Aibíocht an tionscadail agus éifeacht spreagthach idirghabháil an Aontais;
  • Éifeachtaí díreacha nó indíreacha ar an gcomhshaol agus ar an bhfostaíocht, ar a n-áireofaí, de réir a chéile, anailísí costais agus sochair (CBAnna) agus anailísí ar an tionchar ar an gcomhshaol (EIAnna), etc.;
  • Comhordú ar uainiú codanna éagsúla den tionscadal, i gcás tionscadail tras-teorann, mar shampla.

Bhí sé mar cheanglas go gcloífeadh na tionscadail a maoiníodh le dlí an Aontais agus lena chuid beartas, go háirithe a mhéid a bhaineann le cosaint an chomhshaoil, le hiomaíochas agus le dámhachtain conarthaí poiblí. Leis na rialacháin chomhleantacha lenar leagadh síos rialacha ginearálta maidir le cúnamh airgeadais ón Aontas a thabhairt, tugadh isteach raon eilimintí nua, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

  • Cláir ilbhliantúla agus cláir bhliantúla i réimsí an iompair agus an fhuinnimh chun cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú do thionscadail roghnaithe;
  • Cuireadh uasteorainn 50 % le cabhair ón Aontas do staidéir, gan beann ar an tionscadal, agus cuireadh uasteorainn idir 10 % agus 30 % le cabhair do thionscadail tosaíochta i réimse an iompair (agus 30 % ar a mhéad le haghaidh na gcodanna trasteorann de thionscadail tosaíochta);
  • Rinneadh caipiteal riosca a áireamh agus a idirnascadh mar chuid den chúnamh airgeadais ón Aontas;
  • Faoin gcreat airgeadais don tréimhse 2007-2013, rinneadh EUR 8 168 milliún a leithdháileadh ar na TENanna, as ar leithdháileadh EUR 8 013 mhilliún ar iompar (TEN-T) agus EUR 155 mhilliún ar fhuinneamh (TEN-E).

B. Deiseanna cistiúcháin breise

1. Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe an Aontais

Sa tréimhse 2000-2006, cuireadh thart ar EUR 26 bhilliún le tionscadail TEN faoi na cistí sin — go háirithe tríd an gCiste Comhtháthaithe sa Ghréig, in Éirinn (go dtí 2013), sa Phortaingéil, sa Spáinn, agus i mBallstáit AE-10. Leithdháileadh EUR 2.48 billiún i gcabhair réamhaontachais ar Bhallstáit AE-10, mar aon le EUR 4.24 billiún ón gCiste Comhtháthaithe agus EUR 2.53 billiún ó Chistí Struchtúracha eile. Rinneadh thart ar 50 %, nó EUR 3.9 billiún, den chistiú comhiomlán réamhaontachais agus comhtháthaithe atá i gceist a leithdháileadh ar thionscadail TEN-T.

2. Cabhair ón mBanc Eorpach Infheistíochta

Níl feidhm ag aon srianta críochacha maidir le hiasachtaí BEI, ós rud é go ndeonaítar iad ar bhonn critéir bhaincéireachta, ar a n-áirítear indéantacht an tionscadail ó thaobh airgeadais (an cumas aisíoc), gnéithe teicniúla agus an chomhshaoil de. Sa tréimhse idir 1995 agus 2005, mar shampla, dheonaigh BEI iasachtaí le haghaidh thionscadail TEN arbh fhiú EUR 65 bhilliún san iomlán iad.

C. Creat airgeadais 2007-2013

I gcás thréimhse airgeadais 2007-2013, mhol an Coimisiún ar dtús báire, le tacaíocht ón bParlaimint, go gcuirfí EUR 20.35 billiún ar fáil don Ghréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) agus go gcuirfí EUR 0.34 billiún ar fáil don Ghréasán Tras-Eorpach Fuinnimh (TEN-E). Mar sin féin, d’áitigh an Chomhairle go laghdófaí na méideanna sin go suntasach agus, sa deireadh, rinneadh foráil faoi chreat airgeadais TEN do EUR 8.01 billiún i réimse an iompair agus do EUR 0.16 billiún i réimse an fhuinnimh (i.e. ní dhearnadh foráil ach do 40 % den mhéid a moladh i gcéaduair i réimse an iompair agus do 45 % den mhéid a moladh i gcás fuinnimh). Ós rud é go bhfuill ganntanas acmhainní ann, sonraíodh i Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 go raibh acmhainní an Aontais le díriú – chun foinsí (poiblí nó príobháideacha) náisiúnta airgeadais a chomhlánú – ar chatagóirí áirithe tionscadal a raibh an breisluach is mó don ghréasán trí chéile ag baint leo (amhail codanna trasteorann agus tionscadail arb é is aidhm dóibh scrogaill a bhaint). De bhreis air sin, ba ionann agus EUR 43 bhilliún an ranníocaíocht le TEN-T ó na cláir oibríochtúla um an mbeartas ginearálta comhtháthaithe a ghlac an Coimisiún.

An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa

Ó mhí na Nollag 2013, tá beartas bonneagair nua TEN i bhfeidhm san Aontas, a bhfuil corradh le EUR 30.4 billiún de bhuiséad ag gabháil leis don tréimhse go dtí 2020: is é is aidhm don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) sineirgí a bhaint amach in earnálacha an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh, éifeachtacht ghníomhaíocht an Aontais a fheabhsú agus barrfheabhsú na gcostas cur chun feidhme a chumasú. Tá sé mar aidhm léi freisin dlús a chur le hinfheistíocht i réimse na ngréasán tras-Eorpach agus cistiú a ghiaráil ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach agus, san am céanna, deimhneacht dhlíthiúil á méadú agus prionsabal na neodrachta teicneolaíche á urramú.

A. Cuspóirí ginearálta

Is é is aidhm do SCE:

  • Tacú le cur chun feidhme tionscadal lena ngabhann leas coiteann agus lena bhféachtar le bonneagar agus seirbhísí nua a fhorbairt agus a thógáil in earnálacha an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh, nó le bonneagar agus seirbhísí atá ann cheana sna hearnálacha sin a uasghrádú;
  • Cuidiú a thabhairt chun tacú le tionscadail lena ngabhann breisluach Eorpach agus tairbhí suntasacha don tsochaí ach nach bhfuil maoiniú leordhóthanach á fháil ón margadh acu;
  • Rannchuidiú leis an straitéis Eoraip 2020 trí ghréasáin thras-Eorpacha a fhorbairt lena ndéanfaí sreafaí tráchta a bhfuil súil leo san am atá teacht a chur san áireamh agus trí thimpeallacht a bheadh níos fabhraí don infheistíocht phríobháideach, don infheistíocht phoiblí nó don infheistíocht phoiblí-phríobháideach a chruthú;
  • An tAontas a chumasú a spriocanna don fhorbairt inbhuanaithe a bhaint amach agus rannchuidiú á dhéanamh, sa dóigh sin, lena gcuid spriocanna dícharbónaithe sa mheán-téarma agus san fhadtéarma.

1. In earnáil an iompair, forchoimeádfar tacaíocht do thionscadail lena ngabhann leas coiteann agus arb é is aidhm dóibh:

  • Scrogaill a bhaint, an bhearna a líonadh idir naisc atá in easnamh agus, go háirithe, codanna trasteorann a fheabhsú;
  • Córais inbhuanaithe éifeachtúla a áirithiú san fhadtéarma, d’fhonn ullmhú do na sreafaí tráchta a bhfuil súil leo san am atá le teacht, agus an bealach a réiteach ionas go bhféadfar an uile mhodh iompair a dhícharbónú; agus
  • Comhtháthú agus idirnascadh modhanna iompair a bharrfheabhsú agus idir-inoibritheacht seirbhísí iompair a fheabhsú, agus inrochtaineacht an bhonneagair iompair a áirithiú.

2. Is é a bheidh mar aidhm le tacaíocht in earnáil an fhuinnimh:

  • Borradh a chur faoin iomaíochas trí chomhtháthú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh agus idir-inoibritheacht na ngréasán leictreachais agus gáis thar theorainneacha a chothú;
  • Slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a fheabhsú; agus
  • Rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe trí fhuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chomhtháthú sa ghréasán tarchuir agus trí ghréasáin fuinnimh chliste agus gréasáin dé-ocsaíde carbóin a fhorbairt.

3. Beidh SCE ina thacú leis an méid seo a leanas in earnáil na cumarsáide:

  • Seirbhísí cineálacha, ardáin chroísheirbhíse agus gníomhaíochtaí tacaíochta cláir atá le maoiniú trí dheontais agus/nó soláthar;
  • Gníomhaíochtaí i réimse na ngréasán leathanbhanda atá le maoiniú trí ionstraimí airgeadais.

B. Buiséad SCE 2014-2020

Ar dtús, socraíodh os cionn EUR 33.2 billiún mar imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme SCE don tréimhse 2014-2020. Mar sin féin, rinneadh an méid tosaigh sin a laghdú in 2015 go EUR 30.4 billiún i ngeall gur aistríodh EUR 2.8 billiún chuig an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) a bhí nuachruthaithe ag an am. Is mar a leanas a leithdháiltear buiséad SCE:

  • Earnáil an iompair: EUR 24.05 billiún, as ar aistríodh EUR 11.3 billiún ón gCiste Comhtháthaithe atá le caitheamh i gcomhréir le Rialachán SCE sna Ballstáit sin atá incháilithe chun maoiniú a fháil ón gCiste Comhtháthaithe;
  • Earnáil na teileachumarsáide: EUR 1.04 billiún;
  • Earnáil an fhuinnimh: EUR 5.35 billiún.

Déantar tuairim agus 80 % go 85 % de bhuiséad foriomlán SCE a leithdháileadh ar thionscadail atá bunaithe ar chláir ilbhliantúla (feadh conairí croíghréasáin agus ar léiriú ar thosaíochtaí cothrománacha iad), agus tá 15 % go 20 % ag fónamh do chuspóirí laistigh de na cláir bhliantúla (i.e. na cláir sin atá de chineál gearrthéarmach agus a bhféadfaí iad a choigeartú ar bhonn bliantúil).

Déantar formhór na dtionscadal a chómhaoiniú ó SCE trí dheontais arna leithdháileadh i ndiaidh glaonna iomaíocha ar thograí. San am céanna, ní féidir níos mó ná 8.4 % de bhuiséad iomlán SCE a chur i dtreo tionscadal atá le cómhaoiniú trí ionstraimí airgeadais nuálacha amhail ráthaíochtaí agus bannaí tionscadail (ionstraim fiachais SCE). Go ginearálta, caithfear aghaidh a thabhairt, trí bhíthin na n-ionstraimí airgeadais a mbaintear leas astu faoi SCE, ar riachtanais shonracha margaidh i ndáil le gníomhaíochtaí ar léir go bhfuil breisluach Eorpach ag gabháil leo, agus níor cheart maoiniú príobháideach a phlódú de bharr na n-ionstraimí sin. Ní mór dóibh feabhas a chur ar an éifeacht ghiarála ar chaiteachas bhuiséad an Aontais agus ba cheart dóibh éifeacht iolraitheora níos airde a bhaint amach i dtaobh maoiniú a mhealladh ón earnáil phríobháideach.

In earnáil an iompair, tá an chuid is mó de bhuiséad SCE – i.e. EUR 22.5 billiún – le leithdháileadh, trí bhíthin deontas, ar thionscnóirí tionscadal.

C. Buiséad SCE 2021-2027

Faoi chuimsiú bhuiséad aon Aontais don tréimhse 2021-2027, mhol an Coimisiún an 6 Meitheamh 2018 go gcuirfí síneadh le clár SCE i ndiaidh 2020 agus é mar mhórsprioc tacú le hinfheistíochtaí sna gréasáin Eorpacha bhonneagair in earnálacha an iompair, an fhuinnimh agus na teileachumarsáide (COM(2018)0438). Is ionann buiséad iomlán SCE arna mholadh agus EUR 42.3 billiún (i bpraghsanna reatha) agus tá EUR 30.6 billiún curtha i leataobh go sainráite ann le haghaidh iompair, mar aon le EUR 8.65 billiún le haghaidh fuinnimh agus EUR 3 bhilliún le haghaidh gréasáin dhigiteacha. I measc na bpríomhréimsí a ndíreofar orthu in SCE i ndiaidh 2020 chun dlús a chur le digitiú agus dícharbónú gheilleagar an Aontais, tá sineirgí idir na trí earnáil agus comhar trasteorann feabhsaithe i réimse an fhuinnimh in-athnuaite. Thairis sin, tá sé á mholadh ag an gCoimisiún go ndéanfaí 60 % de bhuiséad iomlán SCE a chur i dtreo cuspóirí aeráide.

Maidir le hiompar, is é is aidhm do SCE cur i gcrích an dá shraith den Ghréasán Tras-Eorpach Iompair a luathú, mar aon le seoladh córas Eorpach um bainistiú tráchta, amhail an Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS) agus an tionscadail taighde um bainistíocht aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR), agus tá sé mar aidhm leis freisin tacú leis an aistriú i dtreo soghluaisteacht chliste, inbhuanaithe, chuimsitheach, shábháilte agus shlán, trí ghréasán Eorpach de bhonneagar luchtaithe le haghaidh breoslaí malartacha a thabhairt isteach. Beartaítear leis an togra go mbeidh an SCE nua ina thacú freisin le bonneagar iompair dé-úsáide sibhialta/míleata chun gréasáin iompair na hEorpa a chur in oiriúint do riachtanais mhíleata agus chun an tsoghluaisteacht mhíleata a fheabhsú san Aontas.

Mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, d’fhoilsigh an Coimisiún a thogra coigeartaithe maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an 27 Bealtaine 2020 (COM(2020)0442). Mar sin féin, bhí cruinniú úrghnách den Chomhairle Eorpach i mí Iúil 2020 ina shiocair le laghdú ar an gcistiú atá beartaithe do bhuiséad iompair SCE (EUCO 22/20). Thug Parlaimint na hEorpa a toiliú maidir leis an rialachán ar CAI 2021-2027 an 16 Nollaig 2020.

I mí an Mhárta 2021, tháinig idirbheartaithe ón gComhairle agus ón bParlaimint ar chomhaontú sealadach, i gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle Eorpach ó mhí Iúil 2020, chun an cistiúchán a leithdháileadh ar an gcaoi seo a leanas:

  • Earnáil an iompair: EUR 25.81 billiún, lena n-áirítear EUR 11.29 billiún do thíortha a mbaineann leas as an gCiste Comhtháthaithe;
  • Earnáil an fhuinnimh: EUR 5.84 billiún;
  • An earnáil dhigiteach: EUR 2.06 billiún.

I réimse an iompair, cuirfear chun cinn le SCE 2.0 gréasáin idirnasctha agus ilmhódacha chun bonneagar iarnróid, bóithre, uiscebhealaí intíre agus bonneagar muirí a fhorbairt agus a nuachóiriú, chomh maith le soghluaisteacht shlán agus shábháilte. Tabharfar tús áite do ghréasáin thras-Eorpach iompair (TEN-T) a fhorbairt a thuilleadh, ag díriú ar naisc atá in easnamh agus ar thionscadail trasteorann le breisluach AE. Maoineoidh EUR 1.56 billiún den bhuiséad iompair mórthionscadail iarnróid idir tíortha an Chiste Chomhtháthaithe.

Beidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an comhaontú a ghlacadh go foirmiúil.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Mar thacaíocht do na TENanna, d’iarr an Pharlaimint arís agus arís eile go dtabharfaí tús áite, i dtéarmaí cistiúcháin, do mhodhanna iompair atá níos fabhraí don chomhshaol – go leithdháilfí corradh le 50 % i gcistiúchán bonneagair ar thionscadail iarnróid (lena n-áirítear iompar comhcheangailte) agus go socrófaí uasteorainn 25 % le haghaidh tionscadail bhóthair. Thairis sin, chuir an Pharlaimint i bhfáth arís agus arís eile gur gá don Choimisiún comhordú agus comhsheasmhacht tionscadal a mhaoinítear le ranníocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais, ó BEI, ón gCiste Comhtháthaithe, ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ó ionstraimí maoiniúcháin eile de chuid an Aontais a áirithiú.

I ndiaidh don Chomhairle teacht ar chomhaontú i ndeireadh na bliana 2005 maidir le laghduithe suntasacha a dhéanamh ar an togra bunaidh ón gCoimisiún, d’iarr an Pharlaimint, i gcaibidlíochtaí a rinneadh ina dhiaidh sin ar na gnéithe airgeadais den togra, go méadófaí an méid a leithdháiltear ar na TENanna. Sa chomhaontú deiridh leis an gComhairle, fuair an Pharlaimint méadú is ionann agus EUR 500 milliún, chomh maith le cistiú breise ó BEI, chun na TENanna a thógáil.

An 7 Meitheamh 2011, mar chuid den athbhreithniú ar rialacha maidir le cánachas iompair de bhóthar (an treoir maidir le ‘hEoraifínéad’), d’fhormheas an Pharlaimint an comhréiteach leis an gComhairle, ar dá réir a dhéanfaí 15 %ar a laghad den ioncam ó mhuirir costas seachtrach agus ó chostas bonneagair gach Ballstáit a úsáid chun tionscadail TEN-T a mhaoiniú chun an tsoghluaisteacht iompair a fheabhsú. Tiocfaidh méadú leanúnach ar an gcéatadán sin le himeacht na haimsire.

Mar gheall ar an bpáirt a ghlac an Pharlaimint agus Rialachán SCE á mhúnlú (iarracht chomhoibríoch an triúr rapóirtéirí, lena raibh baint ag dhá choiste pharlaiminteacha agus gach grúpa polaitiúil), tá ról suntasach aici a mhéid a bhaineann le cistí móra Aontais a fháil do na TENanna thar thréimhse 2014-2020.

Agus cinntí á ndéanamh aici maidir le buiséid bhliantúla an Aontais, tá aird tugtha ag an bParlaimint ar na leithreasuithe arna leithdháileadh ar SCE agus ar Fhís 2020 araon. Sa rún uaithi an 8 Iúil 2015 maidir leis an sainordú don chruinniú tríthaobhach ar dhréachtbhuiséad 2016, ba dhíol sásaimh don Pharlaimint gur cuireadh an Corrlach Foriomlán le haghaidh Oibleagáidí ar fáil chun maoiniú i bpáirt a dhéanamh ar Chiste Ráthaíochta CEIS, ar fiú EUR 8 mbilliún é, seachas brath ar na ciorruithe ar SCE agus ar Fhís 2020, agus orthu sin amháin. Mar sin féin, mheabhraigh an Pharlaimint an sprioc dheiridh atá aici, is é sin tionchar an dá chlár a laghdú a oiread is féidir. Dá réir sin, d’áitigh sí go ndéanfaí na ciorruithe ar Fhís 2020 agus ar SCE a fhritháireamh tuilleadh chun go bhféadfaí cuspóirí na gclár sin a bhaint amach ina n-iomláine.

Thairis sin, sa rún uaithi an 9 Márta 2016 maidir le treoirlínte ghinearálta i ndáil le buiséad 2017 a ullmhú, d’athdhearbhaigh an Pharlaimint go bhfuil sí tiomanta d’athneartú a dhéanamh ar Fhís 2020 agus ar SCE tríd an nós imeachta buiséadach bliantúil, chun na ciorruithe ar SCE a comhaontaíodh nuair a bhí bunú an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha faoi chaibidil a chúiteamh.

Mar fhreagairt ar an togra ón gCoimisiún in 2018 maidir le SCE i ndiaidh 2020, d’ullmhaigh an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN) agus an Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (ITRE) dréacht-tuarascáil chomhpháirteach. Chomhaontaigh an triúr rapóirtéirí go raibh easpa uaillmhéine sa togra ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le leithdháileadh SCE le haghaidh iompair, agus leag siad béim ar riachtanais infheistíochta na hearnála, agus freisin ar na buntáistí a bheadh ann don Aontas a bhuí le nascacht níos fearr. I measc na bpointí eile, chuir siad i bhfáth freisin gur gá rialacha SCE a dhéanamh níos simplí agus leag siad béim ar a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas a áirithiú idir cistí éagsúla de chuid an Aontais lena dtacaítear le tionscadail in earnáil an iompair, in earnáil an fhuinnimh agus san earnáil dhigiteach. Luaigh na rapóirtéirí gur gá treisiú leis an ngrinnscrúdú parlaiminteach ar thosaíochtaí SCE agus feabhas a chur ar an mbealach a ndéantar faireachán air.

Ghlac an dá choiste an tuarascáil chomhpháirteach i mí na Samhna 2018 agus bhí thart ar 10% de mhéadú ar an mbuiséad a leithdháiltear ar thionscadail iompair ar áireamh inti. Ghlac an Pharlaimint an cinneadh ar an gcéad léamh i mí Aibreáin 2019 agus tá an próiseas comhchinnteoireachta ag dul ar aghaidh faoi láthair (2018/0228(COD)).

I mí Feabhra 2019, d’fhormhuinigh an Pharlaimint an tuarascáil reachtach maidir le bearta TEN-T a chuíchóiriú (2018/0138(COD)), ina bhfuil treoshuíomhanna ar chúnamh airgeadais. Cuirtear san áireamh le foráil nua inti urraim do na spriocdhátaí atá leatha síos ag Rialachán SCE mar cheann de na critéir roghnúcháin do thionscadail a thíolactar do SCE. Cuireadh tús le caibidlíocht idirinstitiúideach i mí Mheán Fómhair 2019, agus thángthas ar mhargadh an 17 Meitheamh 2020.

I mí Iúil 2020, ghlac an Pharlaimint rún, inar chuir sí in iúl gur geal léi ,mar chéim dhearfach, an margadh maidir le bearta mar fhreagairt ar phaindéim an choróinvíris, ach chuir sí in iúl gurb oth léi na ciorraithe do chomhpháirt deontais an chiste téarnaimh, i measc nithe eile.

 

Frédéric Gouardères / Ariane Debyser / Davide Pernice