An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Ionstraim thábhachtach um dhaonlathas rannpháirteach in AE is ea an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES), lenar féidir le haon mhilliún saoránach a bhfuil cónaí orthu sa cheathrú chuid de na Ballstáit a iarraidh ar an gCoimisiún togra le haghaidh gníomh dlíthiúil a thíolacadh chun Conarthaí AE a chur chun feidhme. Ó cuireadh i bhfeidhm Rialachán 2011 lena mbunaítear nósanna imeachta mionsonraithe i ndáil le TES, rinneadh deich dtionscnamh a thíolacadh go rathúil don Choimisiún. Amhail ó Eanáir 2020, tá feidhm ag rialacha nua chun TES a dhéanamh níos inrochtana.

Bunús dlí

  • Airteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);
  • Airteagal 24(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
  • Rialacháin (AE) Uimh. 211/2011 agus 2019/788;
  • Rialacha 222 agus 230 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte.

Cúlra

Is ionann tionscnaimh ó na saoránaigh agus ionstraimí atá ar fáil do shaoránaigh i mbunáite na mBallstát, bíodh sé sin ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil, ach tá difríocht shuntasach eatarthu ó thaobh raon feidhme agus nós imeachta de. Coincheap shaoránacht AE, ónar eascair an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh (TES), tugadh isteach a chéaduair é i gConradh Maastricht (1.1.3). Thiar in 1996, roimh Chomhdháil Idir-rialtasach Amstardam, mhol Aire Gnóthaí Eachtracha na hOstaire agus Aire Gnóthaí Eachtracha na hIodáile go dtabharfaí isteach an ceart ar thionscnaimh den sórt sin a thíolacadh i dteannta an chirt chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, ach níor choinnigh an Chomhdháil an togra. Bhí forálacha maidir le tionscnamh ó na saoránaigh a bhí an-chosúil leis an gcóras reatha ar áireamh i dtosach i ndréacht-Chonradh an Bhunreachta. Cé gur dhiúltaigh Praesidium an Choinbhinsiúin do na forálacha sin a bheith ar áireamh sa téacs críochnaitheach, mar thoradh ar iarrachtaí comhbheartaithe eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, bhíothas in ann iad a choinneáil. I ndiaidh mhainneachtain an phróisis daingniúcháin do Chonradh an Bhunreachta, tugadh forálacha comhchosúla isteach an athuair le linn Conradh Liospóin a bheith á dhréachtú.

Ar na saolta seo, tá an ceart chun tionscnamh ó na saoránaigh a thíolacadh cumhdaithe faoi Theideal II CAE (forálacha maidir le prionsabail dhaonlathacha). Le hAirteagal 11(4) CAE, bunaítear an creat bunúsach don cheart sin, agus leagtar amach in Airteagal 24(1) CFAE na prionsabail ghinearálta i gcomhair rialachán lena sainmhínítear nósanna imeachta nithiúla agus coinníollacha mionsonraithe. Ba thoradh ar chomhairliúchán fairsing é an togra le haghaidh rialacháin[1]. Ghlac sé roinnt míonna an téacs críochnaitheach a chaibidliú agus a shocrú – rinneadh dréacht-togra a thíolacadh don Pharlaimint agus don Chomhairle an 31 Márta 2010, agus thángthas ar chomhaontú polaitiúil an 15 Nollaig 2010, rud a d’fhág gurbh fhéidir leis an bParlaimint agus leis an gComhairle an téacs a ghlacadh go foirmiúil an 16 Feabhra 2011. An téacs a ndearna an Pharlaimint agus an Chomhairle é a chomhaontú, an 1 Aibreán 2011, tháinig sé i bhfeidhm faoi Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 (an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh). Mar gheall ar roinnt oiriúnuithe teicniúla a raibh gá leo ar leibhéal na mBallstát chun próiseas fíorúcháin chuíchóirithe a bhunú, níor tháinig an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun bheith infheidhme go dtí bliain ina dhiaidh sin. Faoin 1 Aibreán 2015, agus faoin dáta céanna gach trí bliana ina dhiaidh sin, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin maidir leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh d’fhonn go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh air. Rinne an Coimisiún na tuarascálacha sin a ghlacadh an 31 Márta 2015 mar COM(2015)0145 agus an 28 Márta 2018 mar COM(2018)0157. Sna teachtaireachtaí sin, tugadh léargas ar an staid mar a bhí, bhí measúnú inti ar chur chun feidhme TES agus leagadh amach inti liosta dúshlán a sainaithníodh tar éis na chéad sé bliana de chur chun feidhme an chreata reachtaigh agus institiúidigh nua sin. Tarraingíodh aird iontu ar roinnt easnamh agus cuireadh san áireamh iontu líon moltaí a ndearna an Pharlaimint iad a áireamh ina tuarascálacha, maille le cuid den taighde substainteach a rinneadh ar thionscnamh na Parlaiminte[2].

Nuair a tháinig an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh chun bheith infheidhme, léiríodh mórimní maidir le feidhmiú na hionstraime. Arís is arís eile, d’iarr an Pharlaimint go ndéanfaí athchóiriú ar an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh d’fhonn na nósanna imeachta a shimpliú agus a chuíchóiriú. Faoi dheoidh, an 13 Meán Fómhair 2017, thíolaic an Coimisiún a thogra reachtach chun TES a athbhreithniú. I ndiaidh caibidlíochtaí idirinstitiúideacha a bhí ar siúl idir Meán Fómhair agus Nollaig na bliana 2018, an 12 Nollaig 2018, tháinig an Chomhairle agus an Pharlaimint ar chomhaontú polaitiúil. Rinne an Pharlaimint an téacs comhaontaithe a ghlacadh an 12 Márta 2019 agus rinne an Chomhairle é a ghlacadh an 9 Aibreán. Rinneadh an gníomh críochnaitheach a shíniú an 17 Aibreán agus foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO L 130) é an 17 Bealtaine 2019.

Le rialacha nua TES (Rialachán (AE) 2019/788), aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 agus tá feidhm acu amhail ón 1 Eanáir 2020. Maidir leis an gceart chun TES a thíolacadh, ba cheart é a scaradh go soiléir ón gceart chun achainí a thíolacadh, nós imeachta a bhfuil sé éagsúil leis ar mhórán bealaí substainteacha. Is féidir le saoránaigh AE nó le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil cónaí orthu san Aontas achainíocha a thíolacadh (4.1.4), agus ní mór aghaidh a thabhairt iontu ar shaincheisteanna a thagann laistigh de réimse gníomhaíochta de chuid an Aontais Eorpaigh agus a dhéanann difear don achainíoch go díreach. Is faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, ina cáil mar ionadaí díreach na saoránach ar leibhéal AE, a chuirtear achainíocha. Is ionann TES agus iarraidh dhíreach ar ionstraim shonrach dlí AE a bheith ann agus ní mór dó cloí le rialacha sonracha chun bheith cáilithe. Thairis sin, sa deireadh thiar, is faoi bhráid an Choimisiúin a chuirtear é, arb é siúd amháin as measc na n-institiúidí a bhfuil sé de cheart aige tograí reachtacha a thíolacadh. I dtaca leis sin, tá TES comhchosúil ó thaobh cineáil leis an gceart tionscnaimh arna thabhairt don Pharlaimint (Airteagal 255 CFAE) agus don Chomhairle (Airteagal 241 CFAE).

Nós imeachta

A. Coiste saoránach

Ar a laghad, tá gá le bunstruchtúr eagrúcháin i gcomhair tionscnamh chomh mór sin. Is é an chéad chéim maidir le TES a chruthú ná coiste eagrúcháin a bhunú, ar a dtugtar ‘coiste saoránach’. Ní mór do sheachtar ar a laghad, a bhfuil cónaí orthu i seacht mBallstát éagsúla ar a laghad (ach ní gá go mbeadh seacht náisiúntacht éagsúla acu) agus atá sean go leor le vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha, an coiste a bhunú. Ní mór don choiste ionadaí agus comhalta ionaid a ainmniú chun gníomhú ina ndaoine teagmhála don TES sonrach.

Murab ionann agus tograí sin an Choimisiúin agus na Parlaiminte, leis an Rialachán nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, ní dhéantar an aois íosta ag ar féidir tacú le TES a laghdú go 16 bliana d’aois, ach tá cead ag na Ballstáit an aois íosta a shocrú ag 16 bliana d’aois, más é a rogha é déanamh amhlaidh.

B. Clárú

Sular féidir leis ráitis tacaíochta ó shaoránaigh a bhailiú, ní mór don choiste an tionscnamh a chlárú leis an gCoimisiún. Mar chuid de sin, is gá doiciméad a thíolacadh ina bhfuil teideal agus ábhar an tionscnaimh, agus cur síos gearr air, agus ina leagtar amach an bunús dlí a mholtar le haghaidh caingean dlí agus ina soláthraítear faisnéis faoi chomhaltaí an choiste agus faoi gach foinse tacaíochta agus cistiúcháin don tionscnamh atá á mholadh. Féadfaidh na heagraithe faisnéis níos mionsonraithe agus ábhar eile, amhail dréacht den doiciméad reachtach atá á mholadh, a sholáthar in iarscríbhinn.

Bíonn dhá mhí ag an gCoimisiún chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh ar cheart an tionscnamh atá á mholadh a chlárú. Ní chlárófar é mura mbeidh na ceanglais nós imeachta comhlíonta nó má thagann sé lasmuigh de chreat chumhachtaí an Choimisiúin togra le haghaidh gníomh reachtach a thíolacadh chun críche na Conarthaí a chur chun feidhme. Diúltófar don chlárú freisin más léir go bhfuil an tionscnamh suaibhreosach, míchuí nó cráiteach, nó más rud é go bhfuil sé contrártha do luachanna an Aontais amhail mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE iad. Féadfaidh an cinneadh ón gComhairle a bheith faoi réir sásamh breithiúnach nó seachbhreithiúnach. Déantar tionscnaimh chláraithe a fhoilsiú ar thairseach ghréasáin an Choimisiúin.

Chun an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a dhéanamh níos inrochtana agus chun a chinntiú go ndéanfar an líon tionscnamh is mó is féidir a chlárú, tá an fhéidearthacht sa rialachán nua freisin tionscnaimh a chlárú go páirteach.

C. Ráitis tacaíochta a bhailiú

A luaithe a chláraítear an tionscnamh, is féidir leis na heagraithe tosú ar ráitis tacaíochta a bhailiú. Ní mór é sin a dhéanamh laistigh de 12 mhí tar éis an chláraithe. Is féidir ráitis tacaíochta a bhailiú ar pháipéar nó go leictreonach. Má bhailítear go leictreonach iad, ní mór do na húdaráis náisiúnta ábhartha an córas bailithe ar líne a dheimhniú ar dtús. Déantar rialacha mionsonraithe maidir le sonraíochtaí teicniúla na gcóras bailithe ar líne a leagan síos i rialachán cur chun feidhme ón gCoimisiún (Rialachán (AE) 2019/1799). Gan beann ar cibé acu ar phaipéar nó go leictreonach a bhailítear na ráitis tacaíochta, tá feidhm ag na ceanglais chéanna sonraí chun críche fíorú a dhéanamh. Chun go ndéanfaidh an Coimisiún é a bhreithniú, ní mór don TES aon mhilliún ráiteas tacaíochta a chruinniú laistigh de 12 mhí.

A bhuí leis an Rialachán nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tá saoránaigh AE in ann tacú le TES gan beann ar a n-áit chónaithe. Tugtar níos mó solúbthachta isteach leis freisin i ndáil leis an dáta tosaigh a roghnú don tréimhse le haghaidh sínithe a bhailiú, laistigh den sé mhí i ndiaidh an chláraithe. Ina theannta sin, déantar simpliú breise leis ar na ceanglais maidir le sonraí pearsanta do shínitheoirí TES. Bíodh sin mar atá, tá cead i gcónaí ag na Ballstáit a cheangal ar shínitheoirí a n-uimhreacha aitheantais iomlána a sholáthar.

Lena chois sin, leis an rialachán nua, leagtar síos an oibleagáid atá ar an gCoimisiún lárchóras bailithe ar líne a chur ar bun agus a oibriú agus deireadh a chur de réir a chéile le córais bhailithe aonair iar-2022.

Ar deireadh, tar éis don Pharlaimint é a éileamh, déantar foráil sa rialachán nua do thacaíocht fheabhsaithe d’eagraithe an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh trí bhíthin pointí teagmhála i ngach Ballstát agus ardán comhoibritheach ar líne ar a bhfuil faisnéis agus cúnamh, tacaíocht phraiticiúil agus comhairle dhlíthiúil i dtaobh TES.

D. Fíorú agus deimhniú

Agus an líon riachtanach ráiteas tacaíochta bailithe acu ó líon leordhóthanach Ballstát, ní mór do na heagraithe iad a thíolacadh do na húdaráis náisiúnta inniúla, a bhfuil sé de chúram orthu na ráitis tacaíochta arna dtiomsú ag an gCoimisiún a fhíorú bunaithe ar fhaisnéis arna craobhscaoileadh ag na Ballstáit. Is iondúil gur aireachtaí inmheánacha, coimisiúin toghcháin nó cláir daonra iad na húdaráis a gcuirtear an cúram sin orthu. Bíonn trí mhí ag na húdaráis náisiúnta na ráitis tacaíochta a dheimhniú, ach ní cheanglaítear orthu na sínithe a fhíorú.

E. Tíolacadh agus scrúdú

Ag an gcéim seo, iarrtar ar na heagraithe deimhnithe ábhartha ó na húdaráis náisiúnta a thíolacadh i dtaca le líon na ráiteas tacaíochta, agus ní mór dóibh faisnéis a sholáthar faoi chistiú arna fháil ó fhoinse ar bith. I bprionsabal, ní foláir ranníocaíochtaí ar mó a suim ná EUR 500 a dhearbhú.

Ar an aighneacht a bheith faighte aige, tá sé de cheangal ar an gCoimisiún í a fhoilsiú láithreach i gclár, agus bualadh leis na heagraithe ar an leibhéal iomchuí chun deis a thabhairt dóibh mionsonraí a n-iarrata a mhíniú. I ndiaidh malartú tuairimí leis an gCoimisiún, tugtar deis do na heagraithe an tionscnamh a chur i láthair ag éisteacht phoiblí a ndéanann an Pharlaimint í a reáchtáil. Is é an coiste atá freagrach as ábhar an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh a eagraíonn an éisteacht (Riail 222 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte).

Leis an Rialachán nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, déantar an tréimhse ama a fhadú, ó thrí go sé mhí, inar gá don Choimisiún freagra a thabhairt ar thionscnamh bailí. I dteachtaireacht ina leagtar amach a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla i ndáil le gach tionscnamh, is gá don Choimisiún liosta foirmiúil de ghníomhaíochtaí a bhfuil sé de rún aici iad a dhéanamh, maille le hamlíne shoiléir dá gcur chun feidhme, a sholáthar. Thairis sin, in amas ar lán-trédhearcacht a chinntiú, leis an rialachán, cuirtear de cheangal ar na heagraithe tuairisc a thabhairt go rialta maidir le foinsí an chistithe agus na tacaíochta eile a thugtar. Cuirtear de cheangal ar an gCoimisiún leis freisin foirm theagmhála a chur ar fáil ar an gclár agus ar shuíomh gréasáin poiblí TES ionas gur féidir le saoránaigh gearán a thaisceadh i dtaca le hiomláine agus cirte na faisnéise sin.

Treisítear arís eile le ról na Parlaiminte trí Rialachán nua TES agus trí leasuithe ar a Rialacha Nós Imeachta. Chun tionchar polaitiúil tionscnamh rathúil a threisiú, i ndiaidh na héisteachta poiblí, is féidir leis an bParlaimint díospóireacht a reáchtáil sa suí iomlánach agus rún a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh ar an tacaíocht pholaitiúil don tionscnamh. Ar deireadh, déanfaidh an Pharlaimint grinnscrúdú ar na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún mar fhreagairt ar an tionscnamh, a ndéantar iad a leagan amach freisin i dteachtaireachtaí sonracha ón gCoimisiún.

Tionscnaimh reatha

Go dtí seo, tá an líon sínithe is gá bainte amach ag deich dtionscnamh (Right2Water, One of Us, Stop Vivisection, Ban Glyphosate, Minority SafePack, End the Cage Age, Save bees agus farmers, Stop finning – stop the trade, Save cruelty-free cosmetics, agus Fur Free Europe) agus cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin iad. D’eagraigh an Pharlaimint éisteachtaí le hionadaithe na dtionscnamh. Thug an Coimisiún freagra orthu sin inar leagadh amach a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla. Ón uair a seoladh TES, tá 103 thionscnamh san iomlán cláraithe ag an gCoimisiún.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Is díol mór spéise i gcónaí don Pharlaimint í ionstraim an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Sular tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, ghlac an Pharlaimint rún ina raibh togra mionsonraithe le haghaidh chur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, bhí an Pharlaimint rannpháirteach go gníomhach sa chaibidlíocht ar an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Rannchuidigh an Pharlaimint go rathúil le hionstraim daonlathais rannpháirtíoch a bhí níos inrochtana agus níos saoráidí do na saoránaigh a dhéanamh den Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. I measc nithe eile, bhain sí amach laghdú, go dtí an ceathrú cuid díobh, ar an líon íosta Ballstát ónar gá ráitis tacaíochta a fháil; d’áitigh sí gur gá an fíorú ar inghlacthacht a dhéanamh ag céim an réamhchláraithe; agus d’éiligh sí na forálacha a bheith ann a d’fhágfadh go mbeadh sé de cheart ag saoránaigh agus cónaitheoirí uile AE, gan beann ar a náisiúntacht, TES a shíniú.

Rinne an Pharlaimint roinnt iarrataí polaitiúla ar shimpliú agus cuíchóiriú a dhéanamh ar na nósanna imeachta le haghaidh TES a reáchtáil, agus ar a thionchar a mhéadú. Rinne an Pharlaimint rún maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe don Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a ghlacadh an 28 Deireadh Fómhair 2015, inar iarradh, inter alia, go ndéanfaí athbhreithniú ar an rialachán d’fhonn simpliú a dhéanamh ar na ceanglais maidir le sonraí pearsanta agus d’fhonn cistiú a sholáthar chun tacú le heagrú na dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. In 2017, sheol an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla tuarascáil reachtach féintionscnaimh d’fhonn fíorathbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. I mí Mheán Fómhair 2017, bunaithe ar iarrataí na Parlaiminte agus ar chomhairliúchán poiblí, faoi dheoidh, rinne an Coimisiún a thogra le haghaidh rialachán nua maidir leis an Tionscamh Eorpach ó na Saoránaigh a eisiúint. An 20 Meitheamh 2018, ghlac an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla a thuarascáil ar an togra ón gCoimisiún, agus is é a bhí ann ina dhiaidh sin ná vóta iomlánach, a bhí ar siúl an 5 Iúil 2018, chun tús a chur le caibidlíochtaí idirinstitiúideacha ar an Rialachán nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh.

An 12 Nollaig 2018, tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil. I ndiaidh rún ón bParlaimint an 12 Márta agus fhormheas na Comhairle an 9 Aibreán, rinneadh an gníomh críochnaitheach a shíniú an 17 Aibreán 2019 agus foilsíodh san Iris Oifigiúil é an 17 Bealtaine 2019. Le rialacha nua TES (Rialachán (AE) 2019/788), aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 211/2011 agus tá feidhm acu amhail ón 1 Eanáir 2020.

A bhuí leis an Rialachán nua maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, tá TES níos inrochtana, ar bheagán maorlathais agus is fusa ag eagraithe agus ag tacadóirí é a úsáid, agus is treise an obair leantach ina leith dá bharr freisin.

An 15 Iúil 2020, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle bearta sealadacha chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar chur chun feidhme an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Fágann na rialacha nua gur féidir síneadh a chur le tréimhsí bailiúcháin na dtionscnamh ó na saoránaigh dá ndearna an phaindéim difear.

An 3 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún cinneadh cur chun feidhme chun síneadh a chur leis an tréimhse le haghaidh ráitis tacaíochtaí do na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh a bhailiú; rinneadh uasfhad na tréimhse bailithe a fhadú go dtí an 31 Nollaig 2022.

An 13 Meitheamh 2023, ghlac an Pharlaimint rún maidir le cur chun feidhme na Rialachán maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh.

 

[1]Páipéar Uaine ón gCoimisiún (COM(2009)0622).

Alessandro Davoli