An 1 Iúil 2013, tháinig an Chróit chun bheith ina 28ú (an 27ú anois) Ballstát den Aontas Eorpach. Ó shin i leith, níor tháinig aon tír eile isteach san Aontas Eorpach, agus d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas an 31 Eanáir 2020. Tá tús curtha le caibidlíocht agus caibidlí idirbheartaíochta aontachais le Montainéagró, leis an tSeirbia agus leis an Tuirc. Chuir an Albáin agus an Mhacadóin Thuaidh tús le caibidlíocht aontachais i mí Iúil 2022. I mí na Nollag 2022, fuair an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin stádas mar thír is iarrthóir agus thíolaic an Chosaiv a hiarratas ar bhallraíocht san Aontas. I mí an Mheithimh 2022, dheonaigh an tAontas Eorpach stádas mar iarrthóir don Úcráin agus don Mholdóiv. An 8 Samhain 2023, mhol an Coimisiún go gcuirfeadh an Chomhairle tús le caibidlíocht aontachais leis an Moldóiv agus leis an Úcráin (5.5.6).

Bunús Dlí

  • Le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leagtar síos na stáit ar féidir leo iarratas a dhéanamh;
  • Le hAirteagal 2 CAE déantar cur síos ar luachanna bunaidh an Aontais.

Cuspóirí

Is é is aidhm do bheartas méadaithe an Aontais ná tíortha na hEorpa a thabhairt le chéile i gcomhthionscadal polaitiúil agus eacnamaíoch. Á threorú ag luachanna an Aontais agus faoi réir coinníollacha diana, is léir go bhfuil an méadú ar cheann de na huirlisí is rathúla i dtaobh athchóirithe polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta a chur chun cinn, agus i dtaobh an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an daonlathas a chomhdhlúthú ar fud Mhór-Roinn na hEorpa. A bhuí leis an mbeartas um méadú cuirtear le seasamh an Aontais os comhair an domhain mhóir freisin.

Cúlra

A. Coinníollacha aontachais

Féadfaidh aon Stát Eorpach iarratas a dhéanamh chun bheith ina bhall den Aontas más rud é go n-urramaíonn sé a luachanna coiteanna agus go bhfuil sé tiomanta dá gcur chun cinn (Airteagal 49 CAE). Tá critéir Chóbanhávan, a bhunaigh an Chomhairle Eorpach i gCóbanhávan in 1993, bunriachtanach i bpróiseas lánpháirtíochta aon tíre is iarrthóir nó aon tíre is iarrthóir ionchasaí. Ar na critéir sin tá:

  • cobhsaíocht na n-institiúidí a ráthaíonn an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus urraim do na mionlaigh agus cosaint na mionlach;
  • geilleagar margaidh atá feidhmiúil, agus a bheith in ann déileáil le brú iomaíochta agus le fórsaí margaidh laistigh den Aontas;
  • a bheith in ann dul i gceann na n-oibleagáidí a ghabhann le ballraíocht, lena n-áirítear cloí le haidhmeanna an aontais pholaitiúil, eacnamaíoch agus airgeadaíochta, agus na rialacha comhchoiteanna, na caighdeáin agus na beartais atá mar chuid de chorpas dlí an Aontais Eorpaigh a ghlacadh (an acquis communautaire).

I mí na Nollag 2006, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú maidir le ‘comhthoil athnuaite i ndáil le méadú’, bunaithe ar ‘chomhdhlúthú, coinníollacht agus cumarsáid’ agus ar acmhainneacht an Aontais baill nua a lánpháirtiú.

B. Acmhainneacht lánpháirtíochta an Aontais: socruithe institiúideacha

Bhí na méaduithe i ndiaidh a chéile ina gcuid mhór den chaibidlíocht institiúideach ar glacadh Conradh Liospóin mar gheall uirthi. B’éigean don Aontas a chuid institiúidí agus próiseas cinnteoireachta a oiriúnú do theacht isteach na mBallstát nua agus a chinntiú nach mbeadh cinnteoireacht éifeachtúil agus fhreagrach thíos leis an méadú. Le Conradh Liospóin, tugadh isteach athruithe móra ar chomhdhéanamh agus obair institiúidí príomha an Aontais Eorpaigh. Léiríodh le cuid de na hathruithe sin an gá a bhí le sraith rialacha inbhuanaithe nach mbeadh leasuithe nua de dhíth orthu ina leith tar éis gach méadaithe nua.

C. Próiseas

Aon tír ar mian léi teacht isteach san Aontas, cuireann sí iarratas faoi bhráid na Comhairle, a iarrann ansin ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt. Tugtar fógra don Pharlaimint faoin iarratas sin. Má tá an tuairim ón gCoimisiún fabhrach, féadfaidh an Chomhairle Eorpach a chinneadh – d’aon toil – stádas mar thír is iarrthóir a dheonú. Tar éis don Choimisiún moladh a thabhairt, cinneann an Chomhairle – d’aon toil arís – ar cheart tús a chur leis an gcaibidlíocht. Tá reachtaíocht uile an Aontais Eorpaigh (an acquis communautaire) roinnte i níos mó ná 30 caibidil beartais. Sula dtosaíonn an chaibidlíocht féin, tíolacann an Coimisiún tuarascáil ‘scagtha’ ar gach caibidil. Bunaithe ar an moladh ón gCoimisiún, cinneann an Chomhairle d’aon toil cibé acu a dhéanfar níos mó caibidlí idirbheartaíochta nó cnuasaigh caibidlí idirbheartaíochta a oscailt nó nach ndéanfar. Gach uair a mheastar dul chun cinn sásúil a bheith déanta, féadfaidh an Coimisiún moladh a dhéanamh an chaibidil sin nó cnuasach caibidlí ‘a dhúnadh go sealadach’. Arís, is d’aon toil a dhéanann an Chomhairle cinneadh, agus an dul chun cinn ginearálta i réimse an smachta reachta á chur san áireamh. Nuair a bhíonn an chaibidlíocht ar na caibidlí nó na cnuasaigh caibidlí ar fad curtha i gcrích, déantar na téarmaí agus coinníollacha – lena n-áirítear clásail choimirce agus socruithe idirthréimhseacha a d’fhéadfadh a bheith ann – a ionchorprú i gconradh aontachais idir na Ballstáit agus an tír aontachais. Ní féidir an conradh aontachais a shíniú go dtí go mbeidh toiliú na Parlaiminte tugtha aici agus go mbeidh formheas d’aon toil faighte ón gComhairle. Ag an bpointe sin cuireann gach stát conarthach ar aghaidh é lena dhaingniú, i gcomhréir lena gceanglais bhunreachtúla (i.e. daingniú ag an bparlaimint nó reifreann).

Méaduithe roimhe seo

Tír Ina Ballstát ó Sainghnéithe
An Bheilg
An Fhrainc
An Ghearmáin
An Iodáil
Lucsamburg
An Ísiltír
1958 Sínitheoirí bunaidh Chonradh na Róimhe 1957
An Danmhairg
Éire
An Ríocht Aontaithe[1]
1973  
An Ghréig 1981 Rinneadh an daonlathas a chomhdhlúthú sa Ghréig a bhuí lena haontachas.
An Phortaingéil
An Spáinn
1986 Rinneadh an daonlathas a chomhdhlúthú sa Phortaingéil agus sa Spáinn leis an méadú seo.
An Ostair
An Fhionlainn
An tSualainn
1995  
An Chipir
An tSeicia
An Eastóin
An Ungáir
An Laitvia
An Liotuáin
Málta
An Pholainn
An tSlóvaic
An tSlóivéin
2004 Seoladh an méadú seo ag an gcruinniú den Chomhairle Eorpach i mí na Nollag 1997, agus é mar aidhm leis an mhór-roinn a athaontú tar éis thitim Bhalla Bheirlín agus chliseadh an Aontais Shóivéadaigh. Reáchtáladh an chaibidlíocht le gach tír ar leithligh, bunaithe ar chreat caibidlíochta aonair.
An Bhulgáir
An Rómáin
2007 Níor ligeadh isteach an Bhulgáir agus an Rómáin in 2004 de bharr fhadáil an athchóirithe. Bunaíodh ‘sásra comhair agus fíorúcháin’ i bpríomhréimsí amhail athchóiriú breithiúnach, an comhrac i gcoinne an éillithe agus an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe (níor bhain an ceann sin ach leis an mBulgáir) chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn tar éis an aontachais.
An Chróit 2013 Bhí an chaibidlíocht aontachais leis an gCróit faoi réir coinníollacht níos doichte a chuir an Chomhairle Eorpach ar bun i mí na Nollag 2006 le ‘comhthoil athnuaite i ndáil leis an méadú’.

A. Na Balcáin Thiar

Tá an caidreamh leis na Balcáin Thiar faoi chuimsiú an Phróisis Cobhsaíochta agus Comhlachais, ar próiseas é a seoladh in 1999. Tá sé bunaithe ar chomhaontuithe déthaobhacha cobhsaíochta agus comhlachais.

Tá aontachas na Cróite leis an Aontas an 1 Iúil 2013 ina spreagadh mór do thíortha eile sa réigiún. Agus é ag tógáil ar an taithí a fuarthas leis an gCróit, mhol an Coimisiún tuilleadh feabhsuithe ar a chur chuige caibidlíochta ina Straitéis um Méadú don tréimhse 2011-2012, lena n-áirítear níos mó béime a chur ar cheisteanna an smachta reachta. Ciallaíonn sé sin go n-osclófar na caibidlí idirbheartaíochta ar athchóiriú breithiúnach agus cearta bunúsacha (caibidil 23) agus ar cheartas, saoirse agus slándáil (caibidil 24) ag céim luath sa chaibidlíocht amach anseo agus gurb iadsan na cinn dheireanacha a bheidh le dúnadh. Athdhearbhaíodh agus treisíodh an cur chuige sin i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte de chuid an Aontais Eorpaigh do na Balcáin Thiar’, teachtaireacht lenar tugadh isteach modheolaíocht athbhreithnithe le haghaidh na Balcáin Thiar a mhéadú. Tá sé ina chuid den Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar freisin, plean a foilsíodh mar chuid de phacáiste um méadú 2020 ón gCoimisiún. An 8 Samhain 2023, ghlac an Coimisiún plean fáis nua EUR 6 bhilliún do na Balcáin Thiar, bunaithe ar cheithre cholún agus lena gcumhdaítear an tréimhse 2024-2027. Tá sé beartaithe leis an bplean roinnt de na tairbhí a bhaineann le ballraíocht AE a thabhairt sa réigiún roimh an aontachas, le coinníollacht láidir ex ante le haghaidh íocaíochtaí.

Spreag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus cinneadh an Aontais i mí an Mheithimh 2022 chun stádas tír is iarrthóir a dheonú don Úcráin agus don Mholdóiv, díospóireacht leanúnach maidir le próiseas lánpháirtithe an Aontais le tíortha na mBalcán Thiar ar tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha iad.

Go dtí seo, osclaíodh gach ceann de na 33 chaibidil idirbheartaíochta scagtha le Montainéagró, agus níor dúnadh ach trí chaibidil díobh sin ar bhonn sealadach. Tá 22 chaibidil idirbheartaíochta as 35 oscailte ag an tSeirbia agus tá dhá cheann díobh dúnta go sealadach aici. D’ainneoin líon suntasach na gcaibidlí a osclaíodh, tá stop curtha den chuid is mó le blianta beaga anuas le hathchóirithe a bhaineann le lánpháirtiú san Aontas sa dá thír.

I mí an Mhárta 2020, rinne an Chomhairle cinneadh sa deireadh thiar caibidlíocht aontachais a thionscnamh leis an Albáin agus an Mhacadóin Thuaidh (i dteannta sraith coinníollacha don Albáin). I mí Iúil 2020, rinne an Coimisiún na dréachtchreataí caibidlíochta – an chéad cheann chun ‘an mhodheolaíocht athbhreithnithe le haghaidh méadú go dtí na Balcáin Thiar’ a chur san áireamh – a chur faoi bhráid na mBallstát. Cuireadh tús go hoifigiúil le caibidlíocht aontachais leis an dá thír i mí Iúil 2022 tar éis moilleanna fada a bhain den chuid is mó le saincheisteanna féiniúlachta, teanga agus staire idir an Mhacadóin Thuaidh agus an Bhulgáir.

Tháinig an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2015. I mí Feabhra 2016, thíolaic an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a hiarratas ballraíochta. Sa tuairim uaidh i mí na Bealtaine 2019, liostaigh an Coimisiún 14 phríomhthosaíocht nach mór don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a chomhlíonadh chun tús a chur le caibidlíocht aontachais. In ainneoin nár éirigh léi formhór na dtosaíochtaí sin a bhaint amach, tugadh stádas mar thír is iarrthóir don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin i mí na Nollag 2022. An 8 Samhain 2023, mhol an Coimisiún go n-osclófaí caibidlíocht aontachais AE leis an mBoisnia agus leis an Heirseagaivéin ‘a luaithe a bheidh an leibhéal riachtanach de chomhlíonadh na gcritéar ballraíochta bainte amach’.

Tháinig an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas agus an Chosaiv i bhfeidhm an 1 Aibreán 2016. I mí na Nollag 2022, rinne an Chosaiv iarratas ar bhallraíocht san Aontas. Tar éis vóta cinntitheach sa Pharlaimint i mí Aibreáin 2023, bainfidh an Chosaiv tairbhe as taisteal gan víosa chuig limistéar Schengen faoi mhí Eanáir 2024 ar a dhéanaí. Tá idirphlé ar siúl freisin idir an Chosaiv agus an tSeirbia atá á éascú ag an Aontas, idirphlé ar cheart comhaontú cuimsitheach a theacht as a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí de maidir le normalú a dhéanamh ar a gcaidreamh. Tá an Chosaiv agus an tSeirbia araon fós le tosú ar a n-oibleagáidí a chur chun feidhme a eascraíonn as comhaontú athchóirithe go luath in 2023 chun an t-idirphlé a athbhunú, nach ndearnadh aon dul chun cinn leis.

B. An Tuirc

Rinne an Tuirc iarratas ar bhallraíocht an Aontais in 1987 agus dearbhaíodh í mar thír is iarrthóir in 1999. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i mí Dheireadh Fómhair 2005. Tá ocht gcaibidil blocáilte, agus ní dhúnfar go sealadach aon chaibidil go dtí go gcuirfidh an Tuirc ‘Prótacal Breise a ghabhann le Comhaontú Comhlachais Ankara’ i bhfeidhm maidir leis an gCipir. Tá Ballstáit aonair tar éis cur i gcoinne caibidlí eile a oscailt. Agus an chaibidlíocht ina stad ar feadh níos mó ná trí bliana, osclaíodh caibidil idirbheartaíochta nua i mí na Samhna 2013. Osclaíodh caibidil eile i mí na Nollag 2015. An 18 Márta 2016, d’athdhearbhaigh an Tuirc agus an tAontas a dtiomantas a gcomhphlean gníomhaíochta a chur chun feidhme chun sreabhadh na n-imirceach neamhrialta chuig an Aontas a chosc agus chun borradh a chur faoin bpróiseas aontachais. Osclaíodh caibidil eile mar thoradh air sin i mí an Mheithimh 2016, ag tabhairt líon iomlán na gcaibidlí oscailte go 16 as 35 agus tá ceann díobh dúnta go sealadach. I bhfianaise mheath suntasach an smachta reachta sa Tuirc, áfach, go háirithe sa tréimhse tar éis na hiarrachta ar coup i mí Iúil 2016, tá an próiseas aontachais leis an Tuirc de facto ina stad. Tá an caidreamh idir an tAontas agus an Tuirc tar éis dul in olcas níos mó mar gheall ar na cinntí atá déanta ag an Tuirc maidir lena beartas eachtrach, a cuid gníomhaíochtaí aontaobhacha sa Mheánmhuir Thoir agus réiteach ‘dhá stát ar oileán amháin’ a chur chun cinn i leith shaincheist na Cipire.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Faoi Airteagal 49 CAE, ní mór don Pharlaimint a toiliú a thabhairt i leith aon aontachas nua leis an Aontas. Tá ionchur nach beag aici freisin maidir le gnéithe airgeadais den aontachas: trína cuid cumhachtaí buiséadacha, tá tionchar díreach aici ar na méideanna a leithdháiltear ar an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais.

Déanann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha sa Pharlaimint buanrapóirtéirí a cheapadh do na tíortha uile is iarrthóirí agus do na tíortha uile is iarrthóirí ionchasacha. Déanann an Pharlaimint a seasaimh maidir le méadú a chur in iúl i bhfoirm rúin bhliantúla mar fhreagra ar na ‘tuarascálacha bliantúla tíre’ is déanaí ón gCoimisiún. An 23 Samhain 2022, ghlac sí moltaí maidir le straitéis nua an Aontais don mhéadú. Coinníonn an Pharlaimint caidreamh déthaobhach freisin le parlaimintí thíortha uile an mhéadaithe trína toscaireachtaí, a phléann go rialta lena gcontrapháirtithe saincheisteanna atá ábhartha dá gconairí lánpháirtíochta AE faoi seach. Tá sí tar éis breathnóireacht a dhéanamh ar thoghcháin i ngach tír de chuid an mhéadaithe seachas an Tuirc, nár thug cuireadh fós don Pharlaimint é sin a dhéanamh.

 

[1]D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020 (ar 11 p.m. in GMT).

André De Munter