An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), an Eilvéis agus an Tuaisceart

Cuireadh an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ar bun in 1994 chun forálacha an Aontais Eorpaigh maidir lena mhargadh inmheánach a leathnú chuig tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE). Is páirtithe sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Is comhalta de CSTE í an Eilvéis ach níl sí rannpháirteach in LEE. Tá ceangal freisin idir AE agus comhpháirtithe LEE agus CSTE (an Iorua agus an Íoslainn) trí ‘bheartais thuaisceartacha’ agus fóraim éagsúla a dhíríonn ar na críocha is sia ó thuaidh san Eoraip atá ag forbairt go tapa agus ar réigiún an Artaigh ina iomláine.

An bunús dlí

I gcás LEE: Airteagal 217 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (Comhaontuithe Comhlachais).

I gcás na hEilvéise: Comhaontú Árachais 1989, Comhaontuithe Déthaobhacha I 1999, Comhaontuithe Déthaobhacha II 2004.

LEE

A. Cuspóirí

Is éard is cuspóir don Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) ná margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh a leathnú chuig tíortha i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa (LSTE). Ní mian leis na tíortha sin atá i gComhlachas Saorthrádála na hEorpa faoi láthair ballraíocht a ghlacadh san Aontas. Ar iad a chomhaontú í a ionchorprú, is cuid de reachtaíocht thíortha LEE agus CSTE í reachtaíocht AE a bhaineann leis an margadh inmheánach. Tá riarachán agus bainistiú LEE roinnte idir an tAontas agus tíortha LEE agus CSTE i struchtúr décholúnach. Is comhchomhlachtaí LEE (Comhairle LEE, Comhchoiste LEE, Comhchoiste Parlaiminteach LEE agus Coiste Comhairleach LEE) a dhéanann na cinntí.

B. Cúlra

In 1992, rinne comhaltaí CSTE, a raibh seacht gcomhalta ann an uair sin, comhaontú a chaibidliú lenar lamháladh dóibh páirt a ghlacadh san tionscadal uaillmhianach i dtaobh mhargadh inmheánach an Chomhphobail Eorpaigh, ar cuireadh tús leis in 1985 agus a cuireadh i gcrích i ndeireadh 1992. Síníodh Comhaontú LEE an 2 Bealtaine 1992 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 1994.

Ba ghearr, áfach, gur tháinig laghdú ar líon chomhaltaí LEE agus CSTE: Roghnaigh an Eilvéis gan an comhaontú a dhaingniú tar éis toradh diúltach i reifreann ar an ábhar, agus chuaigh an Ostair, an Fhionlainn agus an tSualainn isteach in AE in 1995. Níor fhan in LEE ach an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin. Nuair a ghlac na 10 mBallstát nua ballraíocht in AE an 1 Bealtaine 2004, rinneadh comhaltaí de LEE go huathoibríoch iad. Níor thaise don Bhulgáir ná don Rómáin é nuair a chuaigh siadsan isteach san Aontas in 2007. Bhí an méid sin amhlaidh i gcás na Cróite in 2013, ach sa chás seo, tá an comhaontú maidir lena rannpháirtíocht in LEE á chur i bhfeidhm go sealadach ó mhí Aibreáin 2014 i leith. Tiocfaidh sé i bhfeidhm go foirmiúil a luaithe a bheidh sé daingnithe ag na Ballstáit go léir.

I mí an Mheithimh 2009, rinne an Íoslainn iarratas ar bhallraíocht in AE mar bhealach chun teacht slán as géarchéim airgeadais dhomhanda 2007-2008. An 17 Meitheamh 2010, ghlac an Chomhairle le hiarratas na hÍoslainne, agus cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i mí an Mheithimh 2011. I mí an Mhárta 2015, áfach, mhaígh Rialtas na hÍoslainne an méid seo a leanas i litir chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh: ‘níor cheart a mheas go bhfuil an Íoslainn ina tír is iarrthóir do bhallraíocht san Aontas Eorpach’. Cé nár tharraing an rialtas siar an t-iarratas go hoifigiúil, ní chaitheann AE leis an Íoslainn faoi láthair mar thír is iarrthóir.

C. Raon feidhme LEE

Téann LEE níos faide ná comhaontuithe saorthrádála traidisiúnta (CSTanna) trí chearta agus oibleagáidí iomlána mhargadh inmheánach AE a leathnú chuig tíortha LEE agus CSTE (cé is moite den Eilvéis). Cuimsíonn LEE ceithre shaoirse an mhargaidh inmheánaigh (saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil) agus beartais ghaolmhara (iomaíocht, iompar, fuinneamh, agus comhar eacnamaíoch agus airgeadaíochta). Tá beartais chothrománacha a bhaineann go docht leis na ceithre shaoirse mar chuid den chomhaontú: beartais shóisialta (lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair, dlí an tsaothair agus cóir chomhionann d’fhir agus do mhná); beartais maidir le cosaint tomhaltóirí, maidir leis an gcomhshaol, maidir le staidreamh agus maidir le dlí na gcuideachtaí; agus roinnt beartais tionlacain, amhail iad siúd a bhaineann le taighde agus forbairt theicneolaíoch, nach bhfuil bunaithe ar acquis AE ná ar ghníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí ach a chuirtear chun feidhme trí ghníomhaíochtaí comhair.

D. Teorainneacha LEE

Le Comhaontú LEE, ní bhunaítear forálacha ceangailteacha i ngach earnáil den mhargadh inmheánach nó i mbeartais eile faoi Chonarthaí AE. Ní bhaineann a fhorálacha ceangailteacha leis an méid seo a leanas go háirithe:

  • an comhbheartas talmhaíochta agus an comhbheartas iascaigh (cé go bhfuil forálacha sa chomhaontú maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta agus iascaigh);
  • an t-aontas custaim;
  • an comhbheartas trádála;
  • an comhbheartas eachtrach agus slándála;
  • an réimse ceartais agus gnóthaí baile (cé go bhfuil tíortha uile CSTE i limistéar Schengen); nó
  • an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta

E. Institiúidí agus sásraí LEE

1. Ionchorprú reachtaíocht AE

Scrúdaíonn Comhchoiste LEE, ar a bhfuil ionadaithe ó AE agus ó thrí stát LEE agus CSTE, téacsanna nua maidir le margadh inmheánach AE. Buaileann an coiste sin le chéile uair sa mhí agus cinneann sé cén reachtaíocht – agus, ar bhonn níos ginearálta, cé na gníomhartha AE (gníomhaíochtaí, cláir, etc.) – ba cheart a ionchorprú in LEE. Déantar reachtaíocht a ionchorprú go foirmiúil trí na gníomhartha ábhartha a chur san áireamh i liostaí de na prótacail agus na hiarscríbhinní a ghabhann le Comhaontú LEE. Rinneadh na mílte gníomh a chuimsiú i gComhaontú LEE ar an gcaoi sin. Comhairle an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch, atá comhdhéanta d’ionadaithe ó Chomhairle AE agus d’Airí Gnóthaí Eachtracha stát LEE agus CSTE, tagann sí le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad chun treoirlínte polaitiúla a tharraingt suas don Chomhchoiste. Tá forálacha i gComhaontú LEE maidir le hionchur ó thíortha LEE agus CSTE a éascú ag céimeanna éagsúla de nós imeachta reachtach an Aontais sula nglactar reachtaíocht nua (múnlú cinntí).

2. Trasuí

A luaithe a dhéantar gníomh AE a chorprú i gComhaontú LEE, ní mór é a thrasuí i reachtaíocht náisiúnta thíortha LEE agus CSTE (má cheanglaítear amhlaidh faoin reachtaíocht náisiúnta sin). Chun é sin a dhéanamh, b’fhéidir nach mbeadh de dhíth ach cinneadh ón rialtas, nó b’fhéidir go mbeadh formheas na parlaiminte ag teastáil ina leith. Cúram foirmiúil is ea an trasuí, agus ní féidir na gníomhartha a choigeartú ach ar bhealach teicniúil ag an tráth sin.

3. Faireachán

Tar éis reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh a leathnú go tíortha LEE agus CSTE, déanann Údarás Faireacháin CSTE agus Cúirt CSTE faireachán ar thrasuí agus cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin. Coinníonn Údarás Faireacháin CSTE scórchlár don mhargadh inmheánach lena rianaítear cur chun feidhme na reachtaíochta i dtíortha LEE.

4. Ról na bparlaimintí

Tá dlúthbhaint ag Parlaimint na hEorpa agus ag parlaimintí náisiúnta stáit LEE agus CSTE leis an bhfaireachán a dhéantar ar Chomhaontú LEE. Le hAirteagal 95 den chomhaontú, bunaítear Comhchoiste Parlaiminteach LEE (CCP), a thagann le chéile faoi dhó sa bhliain. Déanann Parlaimint na hEorpa agus parlaimintí náisiúnta LEE agus CSTE sealaíocht ar an gcoiste sin a óstáil. Déanann Feisire de Pharlaimint na hEorpa agus feisire náisiúnta ó LEE sealaíocht gach bliain ar chathaoirleacht an choiste. Tá 12 comhalta ar gach toscaireacht. Freastalaíonn feisirí ó Chomhdháil Chónaidhme na hEilvéise ar na cruinnithe mar bhreathnóirí. Déanann CCP LEE grinnscrúdú ar reachtaíocht uile AE atá infheidhme maidir le LEE. Tá an ceart ag comhaltaí CCP ceisteanna ó bhéal agus i scríbhinn a chur ar ionadaithe de chuid Chomhairle LEE agus Chomhchoiste LEE agus a dtuairimí a chur in iúl i dtuarascálacha nó i rúin. Is é an nós imeachta céanna atá ann le haghaidh grinnscrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta. Gach bliain, glacann CCP rún maidir le tuarascáil bhliantúil an Chomhchoiste ar fheidhmiú Chomhaontú LEE, ina luaitear a thuairimí faoin dul chun cinn atá déanta maidir le hionchorprú dhlí an Aontais agus an riaráiste atá ann cheana, agus ina ndéantar moltaí maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

An Eilvéis

Mar chomhalta de CSTE, ghlac an Eilvéis páirt sna caibidlíochtaí le haghaidh Chomhaontú LEE agus rinne sí an comhaontú a shíniú an 2 Bealtaine 1992. Díreach ina dhiaidh sin, an 22 Bealtaine 1992, rinne Rialtas na hEilvéise iarratas ar aontachas leis an Aontas Eorpach a chur isteach. Tar éis reifreann a ritheadh an 6 Nollaig 1992, áfach, arbh é vóta in aghaidh an tír a bheith rannpháirteach in LEE a thoradh, scor Comhairle Chónaidhmeach na hEilvéise de thóraíocht na ballraíochta in AE agus in LEE don tír. Ó shin i leith, tá a caidreamh le AE forbartha ag an Eilvéis trí chomhaontuithe déthaobhacha chun a lánpháirtíocht eacnamaíoch leis an Aontas Eorpach a choimirciú. Cuireadh brú ar an gcaidreamh de dheasca an tionscnaimh i gcoinne na hinimirce san Eilvéis ó mhí na Feabhra 2014, a raibh mar thoradh air gur caitheadh amhras ar phrionsabail na saorghluaiseachta agus an mhargaidh aonair atá mar bhonn don chaidreamh sin. An 16 Nollaig 2016, ghlac Parlaimint na hEilvéise an tAcht Cónaidhme maidir le Náisiúnaigh Eachtracha agus Lánpháirtíocht lenar cuireadh toradh reifreann 2014 chun feidhme ar bhealach lenar cuireadh teorainn lena éifeacht, ní a réitigh an bealach chun tús a chur le normalú an chaidrimh idir AE agus an Eilvéis.

Tá breis agus 120 comhaontú déthaobhach sínithe ag AE agus an Eilvéis, lena n-áirítear comhaontú saorthrádála in 1972 agus dhá shraith mhóra de chomhaontuithe déthaobhacha earnála lenar cuireadh cuid mhór de dhlí na hEilvéise i gcomhréir le dlí AE tráth an tsínithe. Síníodh an chéad tacar comhaontuithe earnála (ar a dtugtar Déthaobhach I) in 1999 agus tháinig sé i bhfeidhm in 2002. Cumhdaíonn na seacht gcomhaontú sin (maidir le saorghluaiseacht daoine, aeriompar, iompar de thalamh, trádáil i dtáirgí talmhaíochta, bacainní trádála teicniúla, soláthar poiblí agus comhar taighde) saincheisteanna na saorghluaiseachta agus oscailt fhrithpháirteach an mhargaidh. Síníodh tacar breise comhaontuithe earnála (ar a dtugtar Déthaobhach II) in 2004 agus tháinig siad sin i bhfeidhm de réir a chéile ó 2005 go 2009. Baineann na comhaontuithe sin go príomha le comhar eacnamaíoch a neartú agus le comhar maidir le tearmann agus saorthaisteal a leathnú laistigh de theorainneacha Schengen. Cumhdaítear leo freisin rannpháirtíocht na hEilvéise i gcóras Bhaile Átha Cliath, clár MEDIA an Aontais agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, chomh maith le cánachas ar choigilteas, táirgí talmhaíochta próiseáilte, staidreamh, calaois a chomhrac, agus ranníocaíochtaí airgeadais ón Eilvéis le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta i mBallstáit nua an Aontais.

Cé gur neartaigh na comhaontuithe an caidreamh eacnamaíoch, bhíodar ina n-údar freisin le gréasán casta, éadáite uaireanta, oibleagáidí. Is gá comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus níl an gus atá ag roinnt le comhaontú LEE ag roinnt le comhaontuithe déthaobhacha. Lena chois sin, tá siad ar uireasa socruithe faireachais nó sásraí éifeachtacha um réiteach díospóidí. Chun na fadhbanna sin a réiteach, an 22 Bealtaine 2014, cuireadh tús le caibidlíocht idir AE- agus an Eilvéis do Chreat-Chomhaontú Institiúideach. Bhí sé mar aidhm leis an gcaibidlíocht réiteach a fháil ar shaincheisteanna éagsúla achrannacha, ó na coinníollacha do sholáthraithe seirbhíse AE san Eilvéis go dtí ról na Cúirte Breithiúnais i réiteach díospóidí. Cuireadh bailchríoch ar an gcaibidlíocht don Chreat-Chomhaontú Institiúideach ar an leibhéal polaitiúil an 23 Samhain 2018. Mar sin féin, níorbh fhéidir leis an gComhairle Cónaidhme teacht ar chomhaontú maidir leis an téacs deiridh mar gheall ar imní Rialtas na hEilvéise nár léiríodh go leormhaith na ‘bearta tionlacain’[1] ná ionchorprú acquis AE maidir le saorghluaiseacht daoine. Ina dhiaidh sin, sheol sé comhairliúchán inmheánach leathan leis na coistí ábhartha de Thionól na Cónaidhme, páirtithe, cantúin, comhpháirtithe sóisialta agus lucht léinn/an lucht taighde, a bheidh mar bhonn chun cinneadh a dhéanamh faoi cibé an comhaontú a chur faoi bhráid Thionól Cónaidhme na hEilvéise lena fhormheas. Le linn an chomhairliúcháin, ar cuireadh deireadh leis i mí Aibreáin 2019, ardaíodh roinnt saincheisteanna ar ina leith a theastaigh tuilleadh soiléirithe ó Rialtas na hEilvéise.

Le linn an chomhairliúcháin, cuireadh imní in iúl maidir leis an tsaorghluaiseacht daoine idir an Eilvéis agus AE. An 27 Meán Fómhair 2020, bhí vótáil phoiblí ag an Eilvéis, a bhí urraithe ag Páirtí Phobal na hEilvéise (SVP), maidir le foirceannadh an chomhaontaithe leis an Aontas maidir le saorghluaiseacht daoine. Dhiúltaigh beagnach 62 % de na vótálaithe do thionscnamh SVP.

Tar éis vótáil an phobail agus tar éis na gcoinníollacha a bhaineann le COVID-19 a bheith ceadaithe, cuireadh tús arís leis an bplé maidir le soiléirithe IFA i mí Eanáir 2021. An 26 Bealtaine 2021, áfach, chuir Comhairle Chónaidhme na hEilvéise an Coimisiún Eorpach ar an eolas faoina cinneadh deireadh a chur leis an gcaibidlíocht. D’eisigh an Coimisiúnráiteas áiféala maidir leis an gcinneadh a rinne Comhairle Chónaidhme na hEilvéise, inar áitíodh nach bhféadfaí an caidreamh déthaobhach a nuachóiriú gan an comhaontú sin, agus go dtiocfadh meath ar na comhaontuithe déthaobhacha atá ann cheana le himeacht ama.

An 23 Feabhra 2022, ghlac Comhairle Chónaidhme na hEilvéise sraith treoirlínte dá pacáiste caibidlíochta leis an Aontas. Tháinig príomh-idirbheartaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus Chomhairle Chónaidhme na hEilvéise le chéile roinnt uaireanta ó mhí an Mhárta 2022 chun raon feidhme na dtograí nua a shoiléiriú.

Beartais thuaisceartacha

Tá an tAontas rannpháirteach go gníomhach i roinnt beartas agus fóram a dhíríonn ar na críocha i dtuaisceart na hEorpa atá ag athrú go tapa agus ar an réigiún Artach ina iomláine (i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, cuireadh stop leis an gcomhar uile leis an Rúis i ndáil leis sin), go háirithe trí rannchuidiú leis an méid seo a leanas:

  • Diminsean an Tuaiscirt, atá ina chomhbheartas ag AE, ag an Rúis, ag an Iorua agus ag an Íoslainn ó bhí 2007 ann. Mar thoradh ar an mbeartas sin, cruthaíodh comhpháirtíochtaí earnála éifeachtacha le haghaidh comhair i réigiúin Mhuir Bhailt agus Barents. Mar chuid de Dhiminsean an Tuaiscirt, tá comhlacht parlaiminteach – Fóram Parlaiminteach Dhiminsean an Tuaiscirt – a bhfuil Parlaimint na hEorpa ar cheann de na comhaltaí bunaitheacha de.
  • Cuireadh Comhairle Stáit Mhuir Bhailt (CSMB) ar bun in 1992 tar éis díscaoileadh APSS. Ba iad AE agus na stáit bhruachánacha a chuir ar bun í. Glacann gach Ballstát in CSMB páirt i gComhdháil Pharlaiminteach Mhuir Bhailt agus is comhalta di freisin í Parlaimint na hEorpa;
  • Comhar i réigiún Barents, trína dtugtar le chéile réigiúin thuaidh na Fionlainne, na hIorua agus na Sualainne agus réigiúin thiar thuaidh na Rúise. Déantar é trí Chomhairle Réigiúnach Barents (atá faoi bhun leibhéal an stáit), trí Chomhairle Eora-Artach Barents (comhairle idir stáit a bhfuil AE mar chomhalta di), agus trí chomhdháil pharlaiminteach (a bhfuil Parlaimint na hEorpa ina comhalta di).
  • Gnóthaí impholacha a bhaineann leis an Artach: tá beartas Artach AE bunaithe ar theachtaireachtaí ón gCoimisiún/ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) (2008, 2012, 2016 agus 2021), ar chonclúidí na Comhairle (2009, 2014, 2016 agus 2019) agus ar rúin ó Pharlaimint na hEorpa (2011, 2014, 2017 agus 2021). An 16 Márta 2017, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le beartas comhtháite AE don Artach, agus an rún is déanaí uaithi sa réimse sin, dar teideal ‘The Arctic: opportunities, concerns and security challenges [An tArtach: deiseanna, ábhair imní agus dúshláin slándála], glacadh é sa suí iomlánach an 7 Deireadh Fómhair 2021.
  • An 13 Deireadh Fómhair 2021, nocht an Coimisiún Eorpach agus SEGS beartas nua an Aontais don Artach. Ó bhí 2013 ann, tá AE ag freastal ar chruinnithe den Chomhairle Artach, nach bhfuil cinneadh déanta aici fós, áfach, faoin iarraidh ar stádas foirmiúil mar bhreathnóir a rinne AE in 2008. Is comhalta de Chomhdháil Pharlaiminteoirí an Artaigh í Parlaimint na hEorpa.
  • Tugtar cuireadh go rialta do Pharlaimint na hEorpa chuig seisiúin bhliantúla na Comhairle Nordaí agus glacann sí páirt iontu. An 6 Deireadh Fómhair 2020, d’fhormheas Comhdháil na nUachtarán sa Pharlaimint an iarraidh ón gComhairle Nordach tús a chur le caidreamh níos foirmiúla idir an dá institiúid agus tionóladh an chéad chruinniú idirpharlaiminteach idir AE agus an Chomhairle Nordach an 20-21 Feabhra 2022. Chomh maith leis sin, tagann toscaireachtaí ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Nordach Thiar (atá comhdhéanta d’fheisirí parlaiminte ó na hOileáin Fharó, ón nGraonlainn agus ón Íoslainn) le chéile uair sa bhliain.

 

[1]Bearta tionlacain‘: roinnt beart a thug an Eilvéis isteach go haontaobhach in 2006 chun a margadh saothair a chosaint. Áirítear orthu sin ceanglais fógra do sholáthraithe seirbhíse AE, ranníocaíochtaí ó oibreoirí AE chun costais choimisiúin thrípháirteacha na hEilvéise a chumhdach, an oibleagáid atá ar ghnólachtaí AE ráthaíochtaí taiscí a sholáthar maille le smachtbhannaí áirithe. Measann AE nach bhfuil na bearta sin ag teacht le saorghluaiseacht daoine agus gur bacainn iad ar thrádáil agus ar sheirbhísí.

María Álvarez López / Algirdas Razauskas