Trí chomharsa ó Chomhpháirtíocht an Oirthir i gCugas Theas

Le beartas an Aontais maidir le Comhpháirtíocht an Oirthir, arna thionscnamh in 2009, cumhdaítear sé Stát iar-Shóivéadacha: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin. Cruthaíodh an beartas chun tacú le hiarrachtaí athchóirithe polaitiúla, sóisialta agus eacnamaíocha sna tíortha sin agus é mar aidhm leis sin an daonlathú, an dea-rialachas, an tslándáil fuinnimh, cosaint an chomhshaoil, agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a mhéadú. Déanann na tíortha rannpháirteacha go léir (seachas an Bhealarúis a bhfuil a comhaltas ar fionraí) toscaireachtaí a sheoladh chuig Tionól Parlaiminteach Euronest.

Sa bhreis ar an obair a dhéanann na coistí inniúla um ghnóthaí eachtracha agus um thrádáil idirnáisiúnta, tá buantoscaireacht ag Parlaimint na hEorpa don chaidreamh le Cugas Theas (DSCA), a dhéanann maoirseacht ar chaidreamh AE le trí stát Chugas Theas faoi chreataí an Choiste Pharlaimintigh Comhlachais leis an tSeoirsia, an Choiste Comhpháirtíochta Pharlaimintigh leis an Airméin agus an Choiste um Chomhar Parlaiminteach leis an Asarbaiseáin, agus a dhéanann faireachán ar obair Ionadaí Speisialta AE do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia.

An tSeoirsia

Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an tSeoirsia, lena n-áirítear Comhaontú Domhain Cuimsitheach Saorthrádála (DCFTA), i bhfeidhm i mí Iúil 2016. Tá iarrachtaí suntasacha déanta ag an tSeoirsia ó thaobh a cuid reachtaíochta a ailíniú le caighdeáin an Aontais, iarrachtaí as ar eascair, inter alia, tarscaoileadh ar víosaí gearrfhanachta i limistéar Schengen amhail ó mhí an Mhárta 2017. Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSeoirsia, arb ionann é agus 21% dá trádáil iomlán (2021). Soláthraíonn an tAontas os cionn EUR 100 milliún don tSeoirsia gach bliain mar thacaíocht theicniúil agus airgeadais, trína ndírítear ar fhorbairt eacnamaíoch, dea-rialachas, gluaiseacht daoine agus oideachas.

Mar chuid d’iarrachtaí ‘Fhoireann na hEorpa’ ar chuidiú le tíortha comhpháirtíochta dul i ngleic le hiarmhairtí socheacnamaíocha ghéarchéim COVID-19, rinneadh pacáiste freagartha saincheaptha EUR 183-mhilliún a thairiscint don tSeoirsia, lena ndéanfaí meascán de chistí atá ann cheana agus cistí nua a shlógadh chun tacaíocht nithiúil a thabhairt do dhaoine agus chun cobhsaíocht mhacra-airgeadais na Seoirsia a neartú.

Tá deighilt ghéar ann sa saol polaitiúil agus i saol na meán sa tSeoirsia. Anuas air sin, tharla roinnt nithe conspóideacha le cúpla bliain anuas a fhágann cúlú daonlathach géar a bheith ann agus an bonn a bheith á bhaint i gcónaí ó shaoirsí sibhialta. Áirítear orthu sin, go háirithe, saoirse fhorleathan ó phionós i leith an éillithe ardleibhéil, na póilíní a bheith ag dul le forneart, easpa leanúnach neamhspleáchais agus trédhearcachta sna breithiúna, srianta ar shaoirse na meán (bhí an phianbhreith príosúnachta 3.5 bliana a cuireadh ar Nika Gvaramia, bunaitheoir Mtavari Channel, bealach teilifíse a bhfuil bá leis an bhfreasúra aige, ina léiriú ar na srianta sin – rinne Uachtarán na Seoirsia pardún a thabhairt don Uasal Gvaramia faoi dheoidh i mí an Mheithimh 2003), ionsaithe ó bhéal agus ionsaithe fisiceacha ar iriseoirí agus ar oibrithe sin na meán a bhfuil bá leis an bhfreasúra acu, agus náiriú leanúnach an phobail LADTIA+ agus an t-idirdhealú seasta ar an bpobal LADTIA+, a raibh an hionsaithe foréigneacha ar Mhorshiúl na Dínite an 5 Iúil 2021 a d’fhág gurbh éigean é a chur ar ceal ina léiriú air. Ina theannta sin, tugadh roinnt easnamh agus míchleachtas faoi deara le linn thoghchán uachtaránachta 2018, le linn thoghcháin pharlaiminteacha 2020 agus le linn thoghcháin bhardasacha 2021. Sa chomhthéacs deacair seo, tá dhá rún chriticiúla glactha ag Parlaimint na hEorpa: maidir le sáruithe ar shaoirse na meán agus ar shabháilteacht iriseoirí sa tSeoirsia (an 9 Meitheamh 2022) agus maidir le staid Iar-Uachtarán na Seoirsia, Mikheil Saakashvili (an 15 Feabhra 2023). I mí Iúil 2021, tharraing ceannairí an pháirtithe rialaithe, ‘aisling na Seoirsia’, siar go haontaobhach as an gcomhaontú polaitiúil arna chaibidliú ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí Charles Michel (comhaontú an 19 Aibreán). Sa doiciméad, tugadh aghaidh, ar bhealach cuimsitheach, ar an gceartais polaitithe, ar fheabhas a chur ar an gcreat toghcháin agus ar an athchóiriú breithiúnach. Measann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa fós go bhfuil comhaontú an 19 Aibreán mar bhonn taca d’fhorbairt dhaonlathach na Seoirsia.

Tar éis achainí phráinneach na hÚcráine dul isteach san Aontas Eorpach agus í ag troid in aghaidh ionradh na Rúise, chuir an tSeoirsia (chomh maith le Poblacht na Moldóive) a hiarratas féin ar stádas mar iarrthóir isteach an 3 Márta 2022 faoi nós imeachta brostaithe. I gcomhréir leis na tuairimí a d’eisigh an Coimisiún Eorpach agus i bhfianaise an chúlaithe dhaonlathaigh, arb ábhar imní é, a tugadh faoi deara le blianta beaga anuas, an 23 Meitheamh, chinn an Chomhairle Eorpach gan ach ‘dearcadh Eorpach’ na Seoirsia a aithint, cé gur tugadh stádas mar iarrthóir don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive.

Tá meithleacha téamacha bunaithe ag Parlaimint na Seoirsia chun aghaidh a thabhairt ar an 12 phríomhthosaíocht a shainaithin an Coimisiún Eorpach, rud a fhágann an bpróiseas chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin a bheith faoi lán seoil. Ag an seachtú cruinniú den Chomhairle Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia, áfach, a tionóladh an 6 Meán Fómhair sa Bhruiséil, chuir an tAontas in iúl gur cúis mhór imní dó nach bhfuil dul chun cinn suntasach ar bith déanta sa tSeoirsia, agus gur thit tuilleadh nithe diúltacha amach inti, i ndáil le caighdeáin dhaonlathacha agus i ndáil leis an smacht reachta.

I bhfianaise fhorghabháil na Rúise ar an Abcáis agus ar réigiún Tskhinvali/na hOiséite Theas, tá an tSeoirsia ag brath go mór ar chaidreamh níos dlúithe a bheith acu leis an Aontas Eorpach agus le ECAT. Tá sé ráite arís agus arís eile ag an Aontas go dtacaíonn sé go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na Seoirsia laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta, mar a cuireadh in iúl i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meitheamh 2018 maidir le críocha sin na Seoirsia atá faoi fhorghabháil 10 mbliana tar éis ionradh na Rúise. Tacaíonn an tAontas leis na hiarrachtaí réitigh choinbhleachta a rinneadh trí obair Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chugas Theas agus don ghéarchéim sa tSeoirsia, trí Mhisean Faireacháin an Aontais agus trí Ionstraim sin an Aontais lena rannchuidítear le Cobhsaíocht agus le Síocháin, agus, uime sin, lena gcomhlánaítear Plé Idirnáisiúnta na Ginéive. Is comhartha iontaoibhe sa chaidreamh idir an dá thaobh é an t-Idirphlé Straitéiseach Bliantúil idir an tAontas agus an tSeoirsia. Tá cuid mhór déanta ag an tSeoirsia maidir le rannchuidiú le roinnt oibríochtaí de chuid Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais, bunaithe ar chreatchonradh um rannpháirtíocht na Seoirsia, ar creatchonradh é a tháinig i bhfeidhm in 2014. Ar an drochuair, tá bá mó sa mhó ag údaráis na Seoirsia leis an gCreimil le blianta beaga anuas, mar is léir ó dhiúltú na n-údarás glacadh le smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise agus eitiltí díreacha idir an tSeoirsia agus an Rúis a bheith ann athuair.

A. Seasamh Pharlaimint na hEorpa agus comhar idirpharlaiminteach

An 9 Meitheamh 2022, d’iarr Comhdháil na nUachtarán de chuid Pharlaimint na hEorpa ar an gComhairle Eorpach stádas mar thír is iarrthóir ar an Aontas Eorpach a dheonú don Úcráin agus do Phoblacht na Moldóive, agus ‘obair a dhéanamh chun an stádas céanna a thabhairt’ don tSeoirsia. Bunaithe ar na trí thuairim a d’eisigh an Coimisiún Eorpach an 17 Meitheamh, ní dhearna an Chomhairle Eorpach ach aitheantas a thabhairt do ‘dhearcadh Eorpach’ na Seoirsia an 23 Meitheamh, cé gur thug sí stádas mar thír is iarrthóir don Úcráin agus don Mholdóiv.

Sa bhreis air sin, an 9 Meitheamh 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le sáruithe ar shaoirse na meán agus ar shábháilteacht iriseoirí sa tSeoirsia. Sa doiciméad sin, cháin na Feisirí an ghabháil stáit arna déanamh ag Rogha Páirtí na Seoirsia agus ag a bhunaitheoir, an t-olagarc Bidzina Ivanishvili, agus chuir siad in iúl gur saoth leo an meath suntasach atá tagtha ar staid na meán sa tír.

Tionóladh an t-ochtú cruinniú den Choiste Parlaiminteach Comhlachais idir an tAontas agus an tSeoirsia an 8 Meitheamh 2023. D’aithin na rannpháirtithe go ndearnadh dul chun cinn i leith an chomhchuibhithe i réimsí teicniúla, ach chuir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa in iúl gur shaoth leo an cúlú i ndáil leis an smacht reachta, i ndáil le neamhspleáchas agus éifeachtúlacht na mbreithiúna, i ndáil le dlí an tsaothair agus i ndáil leis an neamh-idirdhealú. D’iarr siad ar a gcomhpháirtithe sa tSeoirsia oibriú i gcomhar le geallsealbhóirí na sochaí sibhialta chun dul i ngleic leis an 12 phríomhthosaíocht a shainaithin an Coimisiún Eorpach. Thug siad dá n-aire freisin go raibh staid chearta an duine sna réigiúin atá faoi fhorghabháil ag dul in olcas.

An 14 Nollaig 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le cur chun feidhme Chomhaontú Comhlachais an Aontais leis an tSeoirsia bunaithe ar thuarascáil arna dréachtú ag an mBuanrapóirtéir, an Feisire Sven Mikser (S&D, an Eastóin). Agus aird á tabhairt acu ar athchóirithe leanúnacha na Seoirsia in ainneoin na ndúshlán a bhaineann le paindéim COVID-19, d’iarr na Feisirí go mbeadh ról níos córasaí ag gníomhaithe na sochaí sibhialta sa chinnteoireacht agus chuir siad in iúl gur shaoth leo an cúlú i ndáil leis an smacht reachta, go háirithe cásanna an cheartais pholaitithe.

B. Breathnóireacht toghcháin

Rinne an tSeoirsia misin ón Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) a óstáil, ar misin iad a ndearnadh faireachán lena linn ar thoghcháin pharlaiminteacha, uachtaránachta agus áitiúla na tíre ó bhí 1995 ann. Mar is gnách i réimse ESCE, tá breathnóirí ó Pharlaimint na hEorpa leabaithe i misin ODIHR ESCE. Measadh go raibh na toghcháin pharlaiminte in 2016 daonlathach agus cothrom den chuid is mó, in ainneoin roinnt neamhrialtachtaí nós imeachta agus líomhaintí maidir le himeaglú. Bhí an bua ag Rogha Comhrialtas na Seoirse, agus an ‘tromlach bunreachtúil’ (75% de na Feisirí Parlaiminte) is gá chun leasuithe bunreachtúla a rith bainte amach acu. Rinne an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus an tAontas Eorpach toghcháin uachtaránachta 2018 a cháineadh as mí-úsáid a bhaint as acmhainní riaracháin, as an deighilt ghéar a rinneadh ar na meáin phríobháideacha agus as feachtasaíocht dhiúltach, ach bhí an measúnú foriomlán dearfach. Mar gheall ar ghéarchéim COVID-19 agus ar shrianta gaolmhara maidir leis an sláinte phoiblí agus maidir le taisteal, níor sheol Parlaimint na hEorpa breathnóirí gearrthéarmacha chun faireachán a dhéanamh ar thoghcháin pharlaiminteacha 2020. Chuaigh ODIHR ESCE de mhisean teoranta breathnóireachta toghcháin, a chuimsigh croí-fhoireann saineolaithe agus breathnóirí fadtéarmacha. Ar lá an toghcháin, chuaigh ODIHR i mbun oibre i gcomhar le breathnóirí gearrthéarmacha a bhí seolta ag Tionól Parlaiminteach ESCE, ag Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa agus ag Tionól Parlaiminteach ECAT, agus i gcomhar le Faireachán Taidhleoireachta Eorpach, a imlonnaíodh ar thionscnamh Thoscaireacht an Aontais sa tSeoirsia. Bhí bua glan arís sna toghcháin sin ag Rogha Comhrialtas na Seoirse a bhí i gceannas. Chinn na breathnóirí go raibh na toghcháin iomaíoch agus mheas siad go ndearnadh saoirsí a urramú, ar an iomlán, lena linn. Is cinnte gurb ionann an méid sin agus forbairt dhearfach don tír, in ainneoin roinnt cásanna aonair ar leith inar cuireadh brú ar vótálaithe, agus cásanna ina ndearnadh an t-idirdhealú idir an páirtí i gceannas agus an stát a dhoiléiriú i rith an fheachtais agus ar lá an toghcháin. Reáchtáladh toghcháin áitiúla sa tSeoirsia i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus ghlac Parlaimint na hEorpa páirt sa mhisean idirnáisiúnta breathnóireachta toghchán faoi stiúir ODIHR de chuid ESCE.

An Airméin

Tá caidreamh na hAirméine leis an Aontas Eorpach bunaithe ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe (CEPA), a síníodh i mí na Samhna 2017 agus a tháinig i bhfeidhm go hiomlán an 1 Márta 2021. Le CEPA, a tháinig in ionad Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair 1999 a bhí ann roimhe sin, déantar an caidreamh déthaobhach a dhoimhniú i raidhse réimsí, agus déantar an chomhoiriúnacht le ballraíocht na hAirméine san Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach a áirithiú leis freisin. Is ionann an trádáil a dhéanann an Airméin le AE-27 agus tuairim is 16% dá trádáil iomlán (2022); i ndiaidh na Rúise, tá AE-27 ar an dara comhpháirtí trádála is mó atá ag an tír sin.

Tháinig athrú ó bhonn ar an staid pholaitiúil san Airméin i mí na Bealtaine 2018, tráth a d’fhág agóidí sráide síochánta ceannaire an fhreasúra, Nikol Pashinyan, a theacht i gcumhacht (‘Réabhlóid na Veilbhite’) agus an rialtas nua a dhul i gceann clár oibre uaillmhianach athchóirithe, lena n-áirítear i réimsí an smachta reachta, na trédhearcachta agus an chomhraic i gcoinne an éillithe. D’athdheimhnigh na toghcháin pharlaiminteacha luatha i mí an Mheithimh 2021 an t-athrú sin, agus fuair an páirtí Conartha Sibhialta a bhí i gceannas 54 % den vóta, in ainneoin na frithfhreagartha polaitiúla intíre agus na ndúshlán daonnúil suntasach a d’eascair as treascairt na tíre sa dara cogadh sa Nagarna-Carabaic in 2020.

Ba ionann an cogadh sé seachtaine sin, a d’fhear an Asarbaiseáin, agus an ráig foréigin ba mhó sa choinbhleacht fhadtréimhseach ó bhí an sos cogaidh ann in 1994. Tháinig deireadh leis trí shos cogaidh a ndearna an Rúis idirghabháil air an 9 Samhain 2020. Le linn na ráige foréigin sin, chaill na hAirméanaigh smacht ar chuid den Nagarna-Carabaic – eintiteas iarfhéinrialaitheach laistigh d’Asarbaiseáin na Sóivéide, a bhfuil an pobal ann de bhunadh na hAsarbaiseáine agus atá ina stát neamhaitheanta de facto ón uair a scaoileadh as a chéile an tAontas Sóivéadach – agus ar cheantair mháguaird sin na hAsarbaiseáine a bhí 26 bliana faoi fhorghabháil na hAirméine. Ghéaraigh ar an teannas tar éis ionsaithe na hAsarbaiseáine ar thargaidí laistigh de chríoch Phoblacht na hAirméine (i.e. críoch nach Nagorno-Karabakh í) i mí Mheán Fómhair 2022. An 19 Meán Fómhair 2023, tar éis di an Nagarna-Carabaic a chur faoi imshuí ar feadh naoi mí, a raibh géarchéim dhaonnúil uafásach mar thoradh air, rinne an Asarbaiseáin ionsaí míleata ar an réigiún, inar maraíodh na céadta duine agus inar cloíodh agus inar treascraíodh an stát de facto. Theith an pobal áitiúil iomlán de bhreis is 100,000 Airméanach Carabaice chun na hAirméine laistigh de chúpla lá.

Tá an tAontas ag obair i gcomhar le leis an Airméin mó sa mhó agus tá níos mó cúnaimh á sholáthar aige chun cabhrú leis an tír dul i ngleic, go háirithe, leis na dúshláin iomadúla a bhaineann leis an gcoinbhleacht, lena n-áirítear staid na ndídeanaithe. Is faoin Ionstraim don Eoraip Dhomhanda is mó a sholáthraíonn an tAontas tacaíocht don Airméin, agus thart ar EUR 180 milliún leithdháilte don tréimhse 2021-2024. Dírítear leis sin go háirithe ar athléimneacht a chothú, agus freisin ar thacaíocht leanúnach a sholáthar chun cabhrú le hathchóirithe na tíre chun an daonlathas agus an smacht reachta a neartú. Rannchuidíonn cuid den chistiú sin le Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta an Aontais don Airméin, ina n-áirítear pacáiste deontas, iasachtaí agus ráthaíochtaí a bhféadfaí EUR 2.6 bhilliún a shlógadh in infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha tríd.

Trí bhíthin idirghabháil Uachtarán na Comhairle Eorpaí, tá an tAontas rannpháirteach go gníomhach sna hiarrachtaí ar theacht ar réiteach caibidlithe ar an gcoinbhleacht idir an Airméin agus an Asarbaiseáin. Léiríonn sé freisin gur gá a áirithiú go gcosnófar cearta agus slándáil na nAirméanach Carabaice, chun go bhféadfar iad a chur ar ais chuig an gcríoch. Ó mhí Feabhra 2023 ann, bunaithe ar chuireadh ón Airméin, tá breathnóirí sibhialtacha de chuid an Aontais imscartha ag an teorainn leis an Asarbaiseáin mar chuid de Mhisean an Aontais Eorpaigh san Airméin. Tá sé curtha in iúl ag an Aontas arís is arís eile go dtacaíonn sé go daingean le neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hAirméine.

A. Seasamh Pharlaimint na hEorpa agus comhar idirpharlaiminteach

Thacaigh Parlaimint na hEorpa go daingean le daonlathas na hAirméine agus le réiteach síochánta a aimsiú ar an gcoinbhleacht fhada leis an Asarbaiseáin. I mí an Mhárta 2023, ghlac an Pharlaimint rún cuimsitheach maidir leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Airméin, a bhí ina theachtaireacht láidir tacaíochta do na hathchóirithe daonlathacha sa tír, don chaidreamh déthaobhach a dhoimhniú agus do rannpháirtíocht an Aontais i dtaca leis an tslándáil a mhéadú, go háirithe trí Mhisean an Aontais san Airméin agus trí iarrachtaí idirghabhála an Aontais. I mí Dheireadh Fómhair 2023, ‘cháin an Pharlaimint go láidir an t-ionsaí míleata réamhbheartaithe gan údar a rinne an Asarbaiseáin’ ar Airméinigh na Nagarna-Carabaice agus d’iarr sí go dtabharfadh an tAontas i bhfad níos mó cúnaimh don Airméin mar fhreagairt ar an mórphlódú dídeanaithe, ar bhagairtí na hAsarbaiseáine agus ar iarrachtaí na Rúise ar an gcríoch a shuaitheadh. D’éiligh sí freisin go dtabharfadh an tAontas freagairt dhaingean ar ghníomhaíochtaí na hAsarbaiseáine, lena n-áireofaí smachtbhannaí spriocdhírithe agus athbhreithniú cuimsitheach ar an gcaidreamh. I rúin roimhe sin, i mí Eanáir 2023, rinne an Pharlaimint cáineadh géar ar ‘ionsaí míleata sin na hAsarbaiseáine’ a rinneadh i mí Mheán Fómhair 2022, agus freisin ar ‘imshuí neamhdhleathach na hAsarbaiseáine ar chonair Lachin’, agus chuir sí in iúl gur shaoth léi iarmhairtí daonnúla an imshuí sin. I rún ó mhí an Mhárta 2022, rinne an Pharlaimint ‘cáineadh láidir ar iarrachtaí leanúnacha na hAsarbaiseáine ar oidhreacht chultúrtha na hAirméine a dhíothú agus a shéanadh sa Nagarna-Carabaic agus thart timpeall na Nagarna-Carabaice’. I mí na Bealtaine 2021, ghlac an Pharlaimint rún inar iarradh, go háirithe, go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll príosúnaigh chogaidh uile na hAirméine agus na príosúnaigh eile atá fós á gcoinneáil ag an Asarbaiseáin. Tar éis chogadh na Nagarna-Carabaice in 2020, rith an Pharlaimint rún i mí Eanáir 2021 inar chuir sí in iúl gurbh oth léi ‘go ndearnadh athruithe ar an status quo trí fhórsa míleata’ agus inar chuir sí i bhfáth go raibh ‘socrú marthanach fós le haimsiú’. D’athdhearbhaigh sí freisin gur cheart caibidlíocht ar mhaithe le réiteach marthanach a bhunú ar phrionsabail a bhaineann le neamhúsáid fornirt, iomláine chríochach, agus cearta comhionanna pobal agus féinchinntiúchán pobal, atá mar bhonn le prionsabail bhunúsacha Ghrúpa ESCE Mhionsc. In 2015, rith Parlaimint na hEorpa rún maidir le comóradh céad bliain chinedhíothú na hAirméine.

Déantar caidreamh idirpharlaiminteach déthaobhach a fhorbairt i gcomhthéacs an Choiste Pharlaimintigh Comhpháirtíochta, ar tionóladh an cruinniú is déanaí de i mí an Mhárta 2023. Tá sraith ráiteas eisithe ag na Feisirí atá ag coinneáil súil ar an staid san Airméin, inar áitíodh, go háirithe, go bhfuil gá le socrú cuimsitheach caibidlithe ar an gcoinbhleacht agus inar léiríodh imní faoi shaincheisteanna amhail an t-imshuí ar chonair Lachin, teagmhais agus ionsaithe teorann, príosúnaigh Airméanacha, mianaigh talún, roscaireacht ghríosaitheach, rochtain dhaonnúil agus cosaint na hoidhreachta cultúrtha.

B. Breathnóireacht toghcháin

D’óstáil an Airméin Feisirí de Pharlaimint na hEorpa – mar chuid de mhisin bhreathnóireachta toghchán de chuid ODIHR ESCE – roinnt uaireanta, lena n-áirítear toghcháin thobanna pharlaiminte na tíre in 2018. Measadh gur éirigh go maith le toghcháin 2018, go raibh siad dea-eagraithe agus gan mórán neamhrialtachtaí, agus thug toscaireacht Pharlaimint na hEorpa laghdú mór ar mhíchleachtas toghcháin faoi deara. Mar gheall ar phaindéim COVID-19, ní raibh Parlaimint na hEorpa in ann breathnóireacht a dhéanamh ar na toghcháin i mí an Mheithimh 2021, ach thug na Feisirí dá n-aire go raibh measúnú ODIHR ESCE dearfach ar an mórgóir.

An Asarbaiseáin

Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair ag an Aontas Eorpach leis an Asarbaiseáin ó 1999 i leith. Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhaontú feabhsaithe i mí Feabhra 2017, ach ní raibh toradh uirthi go dtí seo. Is é an tAontas príomh-chomhpháirtí trádála na hAsarbaiseáine, arb ionann é agus 52% de thrádáil iomlán na tíre (2022), go príomha mar gheall ar onnmhairí ola agus gáis chuig an Aontas (arbh ionann í agus thart ar 4.1% agus 3.7% d’allmhairí ola agus gáis an Aontais in 2022 faoi seach de réir ganmhaise). Cuireadh tús le honnmhairí gáis nádúrtha na hAsarbaiseáine chuig an Aontas i mí na Nollag 2020, tar éis tionscadal Chonair Gáis an Deiscirt a bheith curtha i gcrích. I mí Iúil 2022, dhearbhaigh an tAontas agus an Asarbaiseáin go raibh sé ar intinn acu acmhainneacht Chonair Gáis an Deiscirt a dhúbailt faoi 2027.

Rangaíodh an Asarbaiseáin sa 134ú áit as 167 dtír in Innéacs The Economist Intelligence Unit maidir leis an Daonlathas, 2022, agus aicmíodh í mar thír gan saoirse i dtuarascáil na bliana 2023 ar an ‘tSaoirse sa Domhan’. Tháinig an tUachtarán Ilham Aliyev, atá ina cheathrú téarma uachtaránachta faoi láthair, i gcomharbacht ar a athair, Heydar Aliyev, in 2003. In 2017, cheap sé a bhean chéile, Mehriban Aliyeva, i bpost nuachruthaithe an Chéad Leas-Uachtaráin. De réir na Tuarascála Bliantúla is déanaí ón Aontas ar Chearta an Duine agus an Daonlathas sa Domhan a foilsíodh i mí Iúil 2023, ‘is cúis imní i gcónaí an staid mar atá maidir le coimirciú chearta an duine agus saoirsí bunúsacha, agus urraim don smacht reachta san Asarbaiseáin’, go háirithe a mhéid a bhaineann le heaspa neamhspleáchais na mbreithiúna, na srianta ar shaoirsí bunúsacha, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, saoirse comhthionóil agus comhlachais, mar aon le himeaglú, gabhálacha, coinneáil agus cásanna cúirte i gcoinne chosantóirí chearta an duine, gníomhaithe sibhialta, iriseoirí agus gníomhaithe de chuid an fhreasúra pholaitiúil. Tá an t-iolrachas polaitiúil teoranta a thuilleadh le dlí nua maidir le páirtithe polaitiúla.

De bharr bhua na hAsarbaiseáine sa chogadh sé seachtaine idir an Nagarna-Carabaic agus an Airméin, a d’fhear sí i mí Mheán Fómhair 2020, tá staid an Uachtaráin Aliyev neartaithe tuilleadh. Mar thoradh ar shos cogaidh an 9 Samhain 2020, tá na ceantair in aice na Nagarna-Carabaice faoi rialú na hAsarbaiseáine athuair, ar ceantair iad a bhí faoi fhorghabháil na hAirméine le breis agus 26 bliana, rud a fhágann go bhféadfadh na céadta míle duine a easáitíodh ina dtír féin filleadh uirthi amach anseo. Ghlac sí ceannas freisin ar chuid den Nagarna-Carabaic féin, réigiún a bhí ina réigiún féinrialaithe tráth a aithnítear go hidirnáisiúnta mar chuid den Asarbaiseáin ach a bhfuil cónaí ar dhaoine de bhunadh na hAirméine ann. I Meán Fómhair 2023, tar éis di críoch iarmharach na Nagarna-Carabaice a chur faoi imshuí ar feadh naoi mí, a raibh géarchéim dhaonnúil uafásach mar thoradh air, rinne an Asarbaiseáin ionsaí míleata ar an réigiún, inar cloíodh agus inar treascraíodh stát de facto na nAirméineach. Theith an pobal áitiúil iomlán de bhreis is 100,000 Airméanach Carabaice chun na hAirméine laistigh de chúpla lá. I mí Mheán Fómhair 2022, rinne an Asarbaiseáin ionsaithe ar chríoch na hAirméine mar a bhí sí ó cheart i ngéarú contúirteach, rud a d’fhág imní a bheith ann go ndéanfaí ionsaithe ar áiteanna eile seachas an Nagarna-Carabaic.

Tá an tAontas rannpháirteach go gníomhach sna hiarrachtaí ar theacht ar réiteach caibidlithe ar an gcoinbhleacht idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, go háirithe trí idirghabháil Uachtarán na Comhairle Eorpaí. Cuireann sí i bhfios go láidir gur gá urraim fhrithpháirteach don cheannasacht agus don iomláine chríochach a áirithiú, gur gá dul i gceann theorannú na teorann idirstáit agus gur gá a áirithiú go gcosnófar cearta agus slándáil na nAirméanach Carabaice chun go bhféadfar iad a chur ar ais chuig an gcríoch. Tá breathnóirí Eorpacha imscartha san Airméin ó bhí mí Feabhra 2023 ann chun rannchuidiú leis an tslándáil réigiúnach. Níl an Asarbaiseáin toilteanach breathnóirí de chuid an Aontais a imlonnú ar a thaobh siúd den teorainn, áfach.

A. Seasamh Pharlaimint na hEorpa agus comhar idirpharlaiminteach

I mí an Mhárta 2023, ghlac Parlaimint na hEorpa rún cuimsitheach maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an Asarbaiseáin, inar chuir sí in iúl ‘gur cúis mhór bhuartha di go leanann sáruithe ar chearta bunúsacha an duine san Asarbaiseáin patrún córasach agus forleathan agus go ndéanann siad difear do chearta na saoránach chun saoirse agus chun slándála’. Chuir sí i bhfios go láidir gur cheart tuilleadh comhair idir an tAontas agus an Asarbaiseáin a bheith coinníollach ar dhul chun cinn éifeachtach agus nithiúil a bheith á dhéanamh ag an tír i dtreo caighdeáin idirnáisiúnta agus gealltanais idirnáisiúnta a urramú agus gur coinníoll bunriachtanach le haghaidh comhaontú comhpháirtíochta nua é na príosúnaigh pholaitiúla uile a scaoileadh saor. Ag an am céanna, chuir an Pharlaimint in iúl gur gheal léi cabhair dhaonnúil na hAsarbaiseáine don Úcráin agus d’aithin sí an ról straitéiseach atá ag an Asarbaiseáin mar sholáthraí fuinnimh breosla iontaise don Aontas. Sa rún freisin, cáineadh go láidir cogadh foghach na hAsarbaiseáine i gcoinne na hAirméine agus imshuí chonair Lachin, agus iarradh ann ar an Asarbaiseáin, go háirithe, urraim a thabhairt don rialú ón gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir leis an imshuí agus cead a thabhairt do bhreathnóirí de chuid an Aontais atá imlonnaithe san Airméin dul chomh fada leis an taobh den teorainn atá san Asarbaiseáin.

I mí Dheireadh Fómhair 2023, rinne an Pharlaimint ‘cáineadh an-láidir ar an ionsaí míleata réamhbheartaithe gan údar a rinne an Asarbaiseáin’ ar Airméinigh na Nagarna-Carabaice agus d’éiligh sí go dtabharfadh an tAontas freagairt dhaingean ar ghníomhaíochtaí na hAsarbaiseáine, lena n-áirítear smachtbhannaí spriocdhírithe, an chaibidlíocht ar chomhaontú comhpháirtíochta feabhsaithe idir AE agus an Asarbaiseáin a chur ar fionraí, an Meabhrán Tuisceana maidir leis an bhfuinneamh a chur ar fionraí agus athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcaidreamh. I rúin roimhe sin, i mí Eanáir 2023, rinne an Pharlaimint cáineadh géar ar ‘ionsaí míleata sin na hAsarbaiseáine’ a rinneadh i mí Mheán Fómhair 2022, agus freisin ar ‘imshuí neamhdhleathach na hAsarbaiseáine ar chonair Lachin’, agus chuir sí in iúl gur shaoth léi iarmhairtí daonnúla an imshuí sin. I rún ó mhí an Mhárta 2022, rinne an Pharlaimint ‘cáineadh láidir ar iarrachtaí leanúnacha na hAsarbaiseáine ar oidhreacht chultúrtha na hAirméine a dhíothú agus a shéanadh sa Nagarna-Carabaic agus thart timpeall na Nagarna-Carabaice’. I mí na Bealtaine 2021, ghlac an Pharlaimint rún inar iarradh, go háirithe, go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll príosúnaigh chogaidh uile na hAirméine agus na príosúnaigh eile atá fós á gcoinneáil ag an Asarbaiseáin.

I rún ó mhí Mheán Fómhair 2023, tharraing Parlaimint na hEorpa aird ar chás an phríosúnaigh pholaitiúil, an Dr. Gubad Ibadoghlu, agus thathantaigh sí ar údaráis na hAsarbaiseáine ‘na príosúnaigh pholaitiúla uile, na hiriseoirí neamhspleácha uile agus cosantóir uile chearta an duine a scaoileadh saor, na cúisimh polaitiúla uile dar siocair an pholaitaíocht ina gcoinne a tharraingt siar agus deireadh a chur leis an gcos ar bolg seach-chríochach’. In 2019, rith an Pharlaimint rún inar iarradh go ndéanfaí Mehman Huseynov, blagálaí frithéillithe, agus príosúnaigh pholaitiúla eile a scaoileadh saor láithreach. In 2017, tar éis an méid a tháinig chun solais le ‘Laundromat na hAsarbaiseáine’, cháin sí ‘na hiarrachtaí a rinne an Asarbaiseáin agus réimis uathlathacha eile i dtríú tíortha ar thionchar a imirt ar chinnteoirí na hEorpa trí mhodhanna aindleathacha’.

Cuireadh tús athuair leis an gcaidreamh idirpharlaiminteach oifigiúil in 2016 tar éis sos ceithre bliana agus bhí an cruinniú deireanach den Choiste um Chomhar Parlaiminteach ar siúl i mí na Nollag 2021. Tá sraith ráiteas eisithe ag na Feisirí atá ag coinneáil súil ar an staid san Asarbaiseáin, inar áitíodh, go háirithe, go bhfuil gá le socrú cuimsitheach caibidlithe ar an gcoinbhleacht agus inar léiríodh imní faoi shaincheisteanna amhail an t-imshuí ar chonair Lachin, teagmhais agus ionsaithe teorann, príosúnaigh Airméanacha, mianaigh talún, roscaireacht ghríosaitheach, rochtain dhaonnúil agus cosaint na hoidhreachta cultúrtha.

B. Breathnóireacht toghcháin

D’óstáil an Asarbaiseáin Feisirí de Pharlaimint na hEorpa mar chuid de mhisin thoghchánacha ODIHR ESCE. I bhfianaise gur measadh gur mainníodh ceanglais idirnáisiúnta a chomhall i dtoghcháin uile sin na tíre arna mbreathnú mar chuid de na misin sin, áfach, agus i bhfianaise go bhfuil moltaí fós le cur chun feidhme, chinn an Pharlaimint gan breathnóirí a sheoladh chuig na toghcháin pharlaiminte in 2015 ná chuig na toghcháin uachtaránachta in 2018, agus níor tugadh cuireadh di toghcháin uachtaránachta 2020 a bhreathnú. Mhaígh misean ODIHR chuig toghcháin pharlaiminteacha 2020 go raibh ‘an reachtaíocht shriantach agus an timpeallacht pholaitiúil ina gcosc ar fhíoriomaíocht’, ‘nár tugadh rogha fhiúntach do vótálaithe mar gheall ar easpa fíorphlé polaitiúil’, go raibh cásanna ann inar ‘cuireadh brú ar vótálaithe, ar iarrthóirí agus ar a n-ionadaithe’ agus go ndearnadh ‘sáruithe suntasacha nós imeachta le linn an chomhairimh agus le linn an táblaithe, rud a d’fhág go raibh amhras ann an ndearnadh na torthaí a ríomh go hionraic’.

 

Florian Carmona / Michal Jiráček