Déanann an tOmbudsman Eorpach fiosrúcháin ar chásanna drochriaracháin ar pháirt institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, ag gníomhú dó nó di ar a thionscnamh nó a tionscnamh féin nó ar bhonn gearán ó shaoránaigh AE nó ó aon dhuine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí orthu nó a bhfuil oifig cláraithe acu i mBallstát. Déanann Parlaimint na hEorpa an tOmbudsman a thoghadh ar feadh thréimhse an téarma pharlaimintigh.

Bunús dlí

Airteagal 20, Airteagal 24 agus Airteagal 228 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 43 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

Léirigh an Pharlaimint stádas agus dualgais an Ombudsman go soiléir i gcinneadh an 9 Márta 1994 a glacadh tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le formheas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh[1]. Ghlac an tOmbudsman Eorpach forálacha ina dhiaidh sin lena ndearnadh an cinneadh sin a chur chun feidhme. Rinneadh an cinneadh a aisghairm agus cuireadh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 ina ionad, de réir an nós imeachta chéanna[2]. Leagtar síos i Rialacha 231 go 233 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte na nósanna imeachta maidir leis an Ombudsman Eorpach a thoghadh agus a chur as oifig.

Cuspóirí

Arna bunú ag Conradh Maastricht (1992), tá sé mar chuspóir ag comhlacht an Ombudsman Eorpaigh:

  • feabhas a chur ar chosaint na saoránach nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil cónaí orthu nó a bhfuil oifig cláraithe acu i mBallstát i ndáil le cásanna drochriaracháin ar pháirt institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh; agus
  • ar an tslí sin, oscailteacht agus cuntasacht dhaonlathach a fheabhsú maidir le cinnteoireacht agus riar institiúidí an Aontais Eorpaigh.

A. Stádas

1. Toghadh

a. Ceanglais

Ní mór an tOmbudsman Eorpach a roghnú as measc daoine ar fíor an méid seo a leanas ina leith:

  • tá siad ina saoránaigh den Aontas Eorpach;
  • tá lánchearta sibhialta agus polaitiúla acu;
  • tugann siad gach ráthaíocht neamhspleáchais;
  • comhlíonann siad na coinníollacha is gá chun an oifig bhreithiúnach is airde ina dtír féin a fheidhmiú nó tá an inniúlacht agus na cáilíochtaí aitheanta acu is gá chun dul i mbun dhualgais an Ombudsman Eorpaigh;
  • ní raibh siad ina gcomhaltaí de rialtais náisiúnta ná ina gcomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, den Chomhairle Eorpach, ná den Choimisiún Eorpach laistigh de 2 bhliain roimh dháta foilsithe an ghlao ar ainmniúcháin.

b. Nós imeachta

Ag tús gach téarma pharlaimintigh, nó i gcás ina bhfaigheann an tOmbudsman Eorpach bás, ina n-éiríonn sé nó sí as oifig nó ina gcuirtear as oifig é nó í, déanann Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ainmniúcháin i gcomhair oifig an Ombudsman Eorpaigh a iarraidh agus teorainn ama a shocrú lena dtíolacadh. Maidir le hainmniúcháin, ní mór tacaíocht a bheith acu ó 40 Feisire ar a laghad ó dhá Bhallstát ar a laghad. Chuirtear ainmniúcháin faoi bháid Choiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa, a dhéanann breithniú ar a n-inghlacthacht. Féadfaidh an Coiste a iarraidh éisteacht leis na hainmnithe. Cuirtear liosta d’iarrthóirí inghlactha chun vóta i bParlaimint na hEorpa ansin. Déantar an tOmbudsman Eorpach a thoghadh de réir thromlach na vótaí a chaitear.

2. Téarma oifige

a. Fad

Déanann Parlaimint na hEorpa an tOmbudsman Eorpach a thoghadh tar éis gach toghcháin Eorpaigh ar feadh thréimhse a reachtais. Féadfar iad a atoghadh.

b. Oibleagáidí

Le linn an téarma oifige, ní mór don Ombudsman Eorpach:

  • a bheith go hiomlán neamhspleách agus neamhchlaonta, agus cuid dualgas na hoifige á gcomhlíonadh;
  • gan glacadh le treoracha ó aon rialtas, institiúid, comhlacht, oifig nó eintiteas;
  • staonadh ó aon ghníomh nach luíonn lena chuid dualgas nó lena cuid dualgas;
  • gan gabháil d’aon slí bheatha pholaitiúil, riaracháin nó phroifisiúnta eile, bíodh sí sochrach nó ná bíodh.

3. Briseadh as Oifig

Féadfaidh Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) an tOmbudsman Eorpach a chur as oifig ar iarraidh ó Pharlaimint na hEorpa mura gcomhlíonfaidh sé nó sí na coinníollacha a thuilleadh a éilítear chun dualgais an phoist a fheidhmiú nó má bhíonn sé nó sí ciontach i mí-iompar tromchúiseach.

B. Ról

1. Raon feidhme

Bíonn an tOmbudsman Eorpach ag plé le cásanna drochriaracháin ar pháirt institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh.

a. Féadfaidh an tOmbudsman Eorpach a chinneadh go bhfuil drochriarachán i gceist má mhainníonn institiúid an méid seo a leanas a urramú:

  • cearta bunúsacha;
  • rialacha nó prionsabail dhlíthiúla;
  • prionsabail an dea-riaracháin.

Baineann fiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh leis an méid seo a leanas go príomha:

  • trédhearcacht sa chinnteoireacht agus sa bhrústocaireacht/cuntasaíocht;
  • rochtain ar dhoiciméid;
  • cultúr seirbhíse;
  • urraim do chearta nós imeachta;
  • úsáid cheart an chórais lánrogha;
  • urraim do chearta bunúsacha;
  • earcaíocht;
  • dea-bhainistiú ar shaincheisteanna maidir le pearsanra agus ceapacháin AE;
  • bainistiú fónta airgeadais;
  • eitic;
  • rannpháirtíocht phoiblí i gcinnteoireacht an Aontais.

Baineann thart ar aon trian de na fiosrúcháin a dhéanann an tOmbudsman Eorpach gach bliain le heaspa faisnéise nó le soláthar faisnéise a dhiúltú.

b. Eisceachtaí

Ní féidir na hábhair seo a leanas a imscrúdú:

  • caingean a dhéanann CBAE agus é ag gníomhú ina ról breithiúnach. Ní bhaineann fiosrúcháin an Ombudsman Eorpach i ndáil le CBAE ach le gníomhaíochtaí neamhbhreithiúnacha, mar shampla, tairiscintí, conarthaí agus cásanna foirne;
  • gearáin i gcoinne údaráis áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta, fiú nuair a thagraíonn na gearáin sin d’ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach;
  • caingne a dhéanann na cúirteanna náisiúnta nó na hombudsmain náisiúnta: ní fhónann an tOmbudsman Eorpach mar chúirt achomhairc i gcoinne cinntí arna nglacadh ag na comhlachtaí sin;
  • aon chásanna nach ndeachaigh trí na nósanna imeachta riaracháin iomchuí laistigh de na heagraíochtaí lena mbaineann;
  • gearáin i gcoinne oifigigh AE maidir lena n-iompraíocht.

2. Tarchuir

Déanann an tOmbudsman Eorpach fiosrúcháin, a bhfuil call leo dar leis nó léi, ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin nó ar bhonn gearáin arna dtíolacadh ag saoránaigh AE nó ag aon duine nádúrtha nó aon duine dlíthiúil a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nó a bhfuil a n-oifig chláraithe i mBallstát, go díreach nó trí Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, ach amháin i gcás ina bhfuil, nó ina raibh, na fíorais a líomhnaítear ina n-ábhar d’imeachtaí dlíthiúla.

3. Cumhachtaí fiosrúcháin

Is féidir leis an Ombudsman Eorpach faisnéis a iarraidh ó:

  • institiúidí agus comhlachtaí, nach mór dóibh géilleadh don iarraidh agus rochtain a thabhairt ar na comhaid lena mbaineann, ach amháin mura féidir leo déanamh amhlaidh ar fhorais chuí-réasúnaithe rúndachta;
  • oifigigh nó baill foirne eile na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí sin, a bhfuil ceangal orthu fianaise a thabhairt ar iarraidh ón Ombudsman Eorpoach, cé go leanfaidh siad de bheith faoi cheangal na rialacha a bhfuil siad faoi réir acu;
  • údaráis na mBallstát, nach mór dóibh géilleadh mura rud é go dtoirmisctear dualgas nochta den sórt sin de réir dlí nó rialacháin. Fiú i gcásanna den sórt sin, áfach, is féidir leis an Ombudsman Eorpach an fhaisnéis a fháil ar an tuiscint nach gcuirfear ar aghaidh í.

Mura bhfaigheann an tOmbudsman Eorpach an cúnamh a iarrtar, cuireann sé nó sí é sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa, a dhéanann an ghníomhaíocht iomchuí. Is féidir leis an Ombudsman Eorpach oibriú i gcomhar lena chontrapháirtithe nó lena contrapháirtithe sna Ballstáit freisin, faoi réir fhorálacha an dlí náisiúnta lena mbaineann. Más rud é go ndealraíonn sé go mbaineann an fhaisnéis le hábhar dlí choiriúil, áfach, tugann an tOmbudsman Eorpach fógra don údarás náisiúnta inniúil agus don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF). Más iomchuí, féadfaidh an tOmbudsman Eorpach fógra a thabhairt freisin don institiúid AE a bhfuil an t-oifigeach nó comhalta den fhoireann freagrach di.

4. Toradh na bhfiosrúchán

In aon chás inar féidir, feidhmíonn an tOmbudsman i gcomhar leis an institiúid nó an comhlacht lena mbaineann chun teacht ar réiteach atá sásúil don ghearánach. I gcás ina suíonn an tOmbudsman Eorpach go raibh drochriarachán i gceist, cuirtear a mholtaí nó a moltaí ar aghaidh chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht lena mbaineann, a bhfuil trí mhí acu ansin chun a gcuid tuairimí a chur in iúl don Ombudsman. Mura nglacann an institiúid leis na moltaí a bheartaítear, is féidir leis an Ombudsman Eorpach tuarascáil a tharraingt suas lena cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ar a seal, tuarascáil a tharraingt suas ar an tuarascáil speisialta arna tíolacadh ag an Ombudsman Eorpach. Ar deireadh, cuireann an tOmbudsman Eorpach toradh an fhiosrúcháin, an tuairim arna tabhairt ag an institiúid nó ag an comhlacht lena mbaineann agus aon mholtaí pearsanta in iúl don ghearánach.

C. Riarachán

Faigheann an tOmbudsman Eorpach cúnamh ó rúnaíocht, a bhfuil a baill foirne faoi réir rialacha na Seirbhíse Sibhialta Eorpaí. Déanann an tOmbudsman Eorpach ceann na rúnaíochta a cheapadh.

D. Gníomhaíochtaí

Chuir an chéad Ombudsman Eorpach, Jacob Söderman, dhá théarma oifige i gcrích, ó mhí Iúil 1995 go dtí an 31 Márta 2003. Le linn a théarma, rinne Parlaimint na hEorpa an Cód Eorpach um Dhea-Iompraíocht Riaracháin a fhormheas (in 2001). Is cód nós imeachta atá sa Chód lena gcuirtear san áireamh prionsabail dhlí riaracháin an Aontais atá i gcásdlí CBAE agus tá sé faoi anáil freisin ag dlíthe náisiúnta. Baineann an tOmbudsman Eorpach úsáid as an gcód seo agus imscrúdú ar bun aige nó aici chun a fháil amach an raibh drochriarachán ann, ag baint leas as forálacha an chóid ina chuid fiosrúchán nó ina cuid fiosrúchán. Ina theannta sin, feidhmíonn an Cód mar threoir agus mar acmhainn d’oifigigh AE, rud a spreagann na caighdeáin riaracháin is airde.

Ba é Nikiforos Diamandouros an tOmbudsman Eorpach ó Aibreán 2003 go dtí an 14 Márta 2013, nuair a d’éirigh sé as le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2013. An 11 Iúil 2006, thíolaic sé moladh maidir le coigeartuithe ar Reacht an Ombudsman Eorpaigh, moladh a fuair tacaíocht ó Choiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Rinneadh leasú ar an Reacht chun ról an Ombudsman Eorpaigh a neartú agus a shoiléiriú, mar shampla a mhéid a bhaineann le rochtain ar dhoiciméid agus le fógra faoi fhaisnéis do OLAF nuair a d’fhéadfadh sé teacht faoina chúram.

Tar éis di a bheith tofa ag Parlaimint na hEorpa le linn an pháirtseisiúin i mí Iúil 2013, chuaigh Emily O’Reilly, an t-iar-Ombudsman Éireannach, i mbun oifige mar Ombudsman Eorpach an 1 Deireadh Fómhair 2013 agus rinneadh í a athdhearbhú dhá uair ó shin, tar éis na dtoghchán Eorpach in 2014 agus in 2019. D’fheabhsaigh sí feiceálacht ról an Ombudsman Eorpaigh trí dhíriú ar na saincheisteanna is ábhartha do shaoránaigh, trína áirithiú go mbaineann AE amach na caighdeáin is airde maidir le riarachán, trédhearcacht agus eitic. Chuir sí an trédhearcacht chun cinn i bpróiseas cinnteoireacht an Aontais agus go háirithe i gcruinnithe tríthaobhacha agus sa Chomhairle, agus maidir le brústocaireacht, sainghrúpaí, coinbhleachtaí leasa, doirse imrothlacha, gníomhaireachtaí AE (amhail Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, Frontex) agus caibidlíochtaí idirnáisiúnta (amhail an Chomhpháirtíocht Thrasatlantach Trádála agus Infheistíochta) chomh maith. Tá obair déanta aici freisin chun feabhas a chur ar na rialacha a bhaineann le sceithireacht, leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh agus le míchumas. Scrúdaigh sí freisin cásanna drochriaracháin maidir le ceapachán iar-Ardrúnaí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Chomh maith leis sin, déanann an tOmbudsman Eorpach comhordú ar Líonra Eorpach na nOmbudsman agus ó 2017 i leith tá an ‘Duais don Dea-Riarachán’ bronnta aice uair amháin gach dhá bhliain.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Cé go bhfuil sé nó sí go hiomlán neamhspleách maidir lena chuid dualgas nó lena cuid dualgas a fheidhmiú, is ombudsman parlaiminteach é an tOmbudsman Eorpach. Is é sin an fáth a bhfuil Airteagal 228 CFAE luaite i gCaibidil 1, ina bpléitear Parlaimint na hEorpa. Tá dlúthchaidreamh ag an Ombudsman Eorpach le Parlaimint na hEorpa, a bhfuil de chumhacht aici, agus aici amháin, an tOmbudsman a thoghadh agus a iarraidh ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an tOmbudsman a chur as oifig. Leagann an Pharlaimint síos na rialacha lena rialaítear feidhmiú a dhualgas nó a dualgas, tugann sí cúnamh d’fhiosrúcháin agus faigheann sí a chuid tuarascálacha nó a cuid tuarascálacha. Déanann Coiste Achainíocha Pharlaimint na hEorpa tuarascáil a tharraingt suas gach bliain, ar bhonn na Rialacha Nós Imeachta (Riail 232), maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Ombudsman Eorpach. Sna tuarascálacha sin, chuir sé a thacaíocht iomlán in iúl arís is arís eile d’obair an Ombudsman agus chuir sé i bhfios go láidir gur cheart d’institiúidí AE comhoibriú go hiomlán leis an Ombudsman Eorpach chun trédhearcacht agus cuntasacht an Aontais a mhéadú, go háirithe trína mholtaí nó trína moltaí a chur chun feidhme. An 12 Feabhra 2019, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le dréachtrialachán ina ndéantar reacht nuashonraithe an Ombudsman a mholadh, a bhfuil sé d’aidhm aige neamhspleáchas agus cumhachtaí an Ombudsman a neartú. Tar éis di tuairim an Aontais Eorpaigh a fháil ón gCoimisiún Eorpach agus toiliú Chomhairle an Aontais Eorpaigh a fháil an 18 Meitheamh 2021, ghlac Parlaimint na hEorpa an Rialachán lena leagtar síos Reacht nua an Ombudsman Eorpaigh, lena gcódaítear go leor de na cleachtais oibre oifige, amhail an chumhacht fiosrúcháin féintionscnaimh a sheoladh.

 

[1]IO L 113, 4.5.1994, lch. 15 – arna leasú ag cinntí ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2002 (IO L 92, 9.4.2002, lch. 13) agus an 18 Meitheamh 2008 (IO L 189, 17.7.2008, lch. 25).
[2]Rialachán (AE, Euratom) 2021/1163 ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (Reacht an Ombudsman Eorpaigh) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 94/262/CEGC, CE, Euratom (OJ L 253, 16.7.2021, p. 1).

Georgiana Sandu