Conarthaí Maastricht agus Amstardam

Le Conradh Maastricht, athraíodh na conarthaí Eorpacha mar a bhí, agus cruthaíodh Aontas Eorpach a bhí bunaithe ar thrí cholún: na Comhphobail Eorpacha, an comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus comhar i réimse an cheartais agus gnóthaí baile (CGB). Ag féachaint do mhéadú an Aontais, rinneadh le Conradh Amstardam na coigeartuithe a bhí de dhíth chun a chur ar chumas an Aontais feidhmiú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos daonlathaí.

Conradh Maastricht

Tháinig feidhm leis an gConradh ar an Aontas Eorpach[1], a síníodh in Maastricht an 7 Feabhra 1992, an 1 Samhain 1993.

A. Struchtúir an Aontais

Le Conradh Maastricht cuireadh tús leis an Aontas Eorpach agus sa mhéid sin céim nua chun cinn a bhí sa phróiseas chun ‘aontas buandlúite a chur ar bun idir pobail na hEorpa’. Bhí an tAontas bunaithe ar na Comhphobail Eorpacha agus bhí beartais agus cineálacha comhair a ndéantar foráil dóibh sa Chonradh ar an Aontas Eorpach mar thaca dó. Struchtúr institiúideach aonair a bhí aige, comhdhéanta den Chomhairle, Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach, an Chúirt Bhreithiúnais agus an Chúirt Iniúchóirí (arb iad sin a raibh ann d’institiúidí AE ag an am) a d’fheidhmigh a gcuid cumhachtaí i gcomhréir leis na Conarthaí. Bunaíodh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún leis an gConradh, a raibh cumhachtaí comhairleacha acu. Bunaíodh Córas Eorpach Banc Ceannais agus Banc Ceannais Eorpach faoi fhorálacha an Chonartha anuas ar na hinstitiúidí airgeadais a bhí i ngrúpa BEI cheana, is iad sin an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Ciste Eorpach Infheistíochta.

B. Cumhachtaí an Aontais

Leis an gConradh, tugadh cumhachtaí faoi leith don Aontas a cruthaíodh le Conradh Maastricht, agus aicmíodh na cumhachtaí sin i dtrí ghrúpa agus tagraíodh dóibh go minic mar ‘cholúin’: na Comhphobail Eorpacha a bhí sa chéad cholún, agus chuir sé creat ar fáil faoinar fheidhmigh institiúidí an Chomhphobail na cumhachtaí a raibh ceannasacht aistrithe ag na Ballstáit chucu ina leith sna réimsí a bhí á rialáil ag an gConradh. Is é a bhí sa dara colún ná an comhbheartas eachtrach agus slándála arna leagan síos i dTeideal V den Chonradh. Is é a bhí sa tríú colún ná comhar i réimsí an cheartais agus gnóthaí baile arna leagan síos i dTeideal VI den Chonradh. Foráladh do chomhar idir-rialtasach le Teideal V agus VI trí úsáid a bhaint as na comhinstitiúidí, lenar áiríodh roinnt gnéithe fornáisiúnta amhail ról a thabhairt don Choimisiún agus dul i gcomhairle leis an bParlaimint.

1. An Comhphobal Eorpach (an chéad cholún)

Is é an cúram a cuireadh ar an gComhphobal ná a chinntiú go n-oibreodh an margadh aonair agus, i measc nithe eile, forbairt chomhchuí, chothromúil agus inbhuanaithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, ardleibhéal fostaíochta agus cosanta sóisialta, agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn. Shaothraigh an Comhphobal na cuspóirí sin, agus é ag gníomhú laistigh de theorainneacha a chumhachtaí, trí chómhargadh a bhunú mar aon le bearta gaolmhara arna leagan amach in Airteagal 3 de Chonradh CE agus trí thús a chur leis an mbeartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta aonair dá dtagraítear in Airteagal 4. Le gníomhaíochtaí Comhphobail ba ghá prionsabal na comhréireachta a urramú agus, i gcás réimsí nár tháinig faoi réir inniúlacht eisiach an Chomhphobail, prionsabal na coimhdeachta a urramú (Airteagal 5 de Chonradh CE).

2. An comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) (an dara colún)

Bhí sé de chúram ar an Aontas comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme trí mhodhanna idir-rialtasacha. Bhí na Ballstáit le tacú go gníomhach agus gan chuntar leis an mbeartas seo de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí. Is iad na cuspóirí a bhí aige ná: comhluachanna, bunleasanna, neamhspleáchas agus iomláine an Aontais a choimirciú i gcomhréir le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe; slándáil an Aontais a neartú ar gach bealach; comhar idirnáisiúnta a chur chun cinn; an daonlathas agus an smacht reachta a fhorbairt agus a chomhdhlúthú, mar aon le hurraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha.

3. Comhar i réimsí an cheartais agus gnóthaí baile (an tríú colún)

Ba é cuspóir an Aontais comhghníomhaíocht sna réimsí seo a fhorbairt trí mhodhanna idir-rialtasacha chun ardleibhéal sábháilteachta a chur ar fáil do shaoránaigh laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Cuimsíodh na réimsí seo a leanas leis:

  • rialacha maidir le trasnú theorainneacha seachtracha an Chomhphobail agus an trasnú sin a rialú;
  • sceimhlitheoireacht, coireacht thromchúiseach, gáinneáil ar dhrugaí agus calaois idirnáisiúnta a chomhrac;
  • comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus shibhialta;
  • Oifig Eorpach Póilíní (Europol) a chruthú mar aon le córas chun faisnéis a mhalartú idir fórsaí póilíneachta náisiúnta;
  • inimirce neamhdhleathach a rialú;
  • comhbheartas tearmainn.

Conradh Amstardam

An 1 Bealtaine 1999, tháinig feidhm le Conradh Amstardam ag leasú an Chonartha ar an Aontas Eorpach, na gConarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus ionstraimí gaolmhara áirithe[2], a síníodh in Amstardam an 2 Deireadh Fómhair 1997.

A. Cumhachtaí méadaithe don Aontas

1. An Comhphobal Eorpach

Maidir le cuspóirí, leagadh suntas faoi leith ar fhorbairt chothromúil agus inbhuanaithe agus ar ardleibhéal fostaíochta. Cuireadh sásra ar bun chun beartais fostaíochta na mBallstát a chomhordú, agus bhí an fhéidearthacht ann go mbeadh roinnt beart Comhphobail ann sa réimse sin. Ionchorpraíodh an Comhaontú maidir le Beartas Sóisialta i gConradh CE agus rinneadh roinnt feabhsuithe air (rogha an diúltaithe a bhaint as). Bhain an modh Comhphobail anois le roinnt mór-réimsí ar áiríodh iad roimhe seo faoin tríú colún, amhail tearmann, inimirce, trasnú teorainneacha seachtracha, calaois a chomhrac, comhar custaim agus comhar breithiúnach in ábhair shibhialta, chomh maith le roinnt den chomhar faoi Chomhaontú Schengen, ar thacaigh AE agus na Comhphobail leo ina n-iomláine.

2. An tAontas Eorpach

Treisíodh comhar idir-rialtasach i réimsí an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh trí chuspóirí agus cúraimí beachta a shainiú agus trí ionstraim dlí nua atá cosúil le treoir a chruthú. Forbraíodh ionstraimí an chomhbheartais eachtraigh agus slándála ina dhiaidh sin, go háirithe trí ionstraim nua – an chomhstraitéis, oifig nua – ‘Ard-Rúnaí na Comhairle atá freagrach as CBES’, agus struchtúr nua – ‘an tAonad um Pleanáil Beartais agus um Luathrabhadh’, a chruthú.

B. Seasamh níos láidre don Pharlaimint

1. Cumhacht reachtach

Rinneadh comhreachtóirí a bhí nach mór ar comhchéim den Pharlaimint agus den Chomhairle faoi nós imeachta na comhchinnteoireachta, ar nós imeachta é a leathnaíodh chuig na 15 bhunús dlí a bhí ann cheana faoi Chonradh CE. Bhain nós imeachta na comhchinnteoireachta le gach réimse ina raibh cead ag an gComhairle cinntí a ghlacadh trí thromlach cáilithe, ach amháin sa bheartas talmhaíochta agus sa bheartas iomaíochta. I gceithre chás (Airteagail 18, 42 agus 47 agus Airteagal 151 maidir leis an mbeartas cultúir, nár tháinig aon athrú air), cuireadh de cheangal le nós imeachta na comhchinnteoireachta gur le haontoilíocht a ghlacfaí cinneadh sa Chomhairle. Ní raibh na réimsí reachtacha eile a raibh aontoilíocht ag teastáil lena n-aghaidh faoi réir comhchinnteoireachta.

2. Cumhacht rialaithe

Chomh maith le vóta a chaitheamh chun an Coimisiún a fhormheas mar chomhlacht, bhí vóta ag an bParlaimint freisin chun an duine arna ainmniú mar Uachtarán ar an gCoimisiún a bheidh ann amach anseo a fhormheas roimh ré (Airteagal 214).

3. Toghcháin agus reacht na bhFeisirí

Maidir leis an nós imeachta do thoghcháin chuig an bParlaimint trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (Airteagal 190 de Chonradh CE), cuireadh cumhacht an Chomhphobail i dtaca le comhphrionsabail a ghlacadh leis an gcumhacht a bhí cheana ann nós imeachta aonfhoirmeach a ghlacadh. Rinneadh bunús dlí chun go bhféadfaí reacht aonair do FPEnna a ghlacadh a áireamh san airteagal céanna. Mar sin féin, ní raibh ann fós d’fhoráil a cheadódh bearta chun páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach a fhorbairt (cf. Airteagal 191).

C. Comhar níos dlúithe

Den chéad uair, bhí forálacha ginearálta sna Conarthaí a lig do Bhallstáit leas a bhaint as na comhinstitiúidí faoi choinníollacha áirithe chun comhar níos dlúithe a eagrú eatarthu féin. Bhí an rogha sin sa bhreis ar an gcomhar níos dlúithe ar déileáladh leis i bhforálacha faoi leith, amhail aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, cruthú an limistéir saoirse, slándála agus ceartais agus forálacha Schengen a ionchorprú. Is iad na réimsí ina raibh comhar níos dlúithe indéanta ná an tríú colún agus, faoi choinníollacha a bhí an-sriantach, ábhair a bhí faoi réir inniúlacht neamheisiach an Chomhphobail. Rinneadh na coinníollacha a chaithfí a chomhlíonadh le haghaidh aon chomhar níos dlúithe agus na nósanna imeachta comhchinnteoireachta a bhí beartaithe a tharraingt suas ar bhealach a chinnteodh go bhfanfadh an imthoisc nua seo sa phróiseas lánpháirtíochta ina himthoisc eisceachtúil agus, i ngach uile chás, nach bhféadfaí í a úsáid ach amháin chun bogadh i dtreo tuilleadh lánpháirtíochta agus nach leanfadh céim ar gcúl aisti.

D. Simpliú

Le Conradh Amstardam baineadh amach as na Conarthaí Eorpacha gach foráil a bhí ar neamhní nó imithe i léig le himeacht ama, agus ag an am céanna cinntíodh nach ndéanfadh sé sin difear do na héifeachtaí dlí a tháinig astu san am a caitheadh. Rinneadh athuimhriú ar airteagail an Chonartha freisin. Ar chúiseanna dlí agus polaitiúla, is i bhfoirm leasuithe ar na Conarthaí reatha a síníodh an Conradh agus ar tíolacadh le haghaidh a dhaingnithe é.

E. Athchóirithe institiúideacha ag féachaint do mhéadú

  1. Socraíodh i gConradh Amstardam gur 700 comhalta a bheadh in uaslíon na bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa, ag teacht le hiarraidh ón bParlaimint (Airteagal 189).
  2. Déileáladh le comhdhéanamh an Choimisiúin agus leis an tsaincheist maidir le vótaí ualaithe i ‘bPrótacal maidir leis na hInstitiúidí’ atá ag gabháil leis an gConradh. Rinneadh foráil leis sin, in Aontas a raibh suas le 20 Ballstát ann, go mbeadh an Coimisiún comhdhéanta de náisiúnach amháin ó gach Ballstát, ar choinníoll go mbeadh ualú na vótaí sa Chomhairle modhnaithe faoin dáta sin. In aon chás, agus ar a laghad bliain sula dtiocfadh an 21ú Ballstát isteach, bheadh ar chomhdháil idir-rialtasach nua athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar fhorálacha na gConarthaí maidir leis na hinstitiúidí.
  3. Bhí foráil ann go n-úsáidfeadh an Chomhairle vótáil trí thromlach cáilithe i líon áirithe bunús dlí a bhí nuabhunaithe le Conradh Amstardam. Mar sin féin, as na beartais Chomhphobail reatha, ní raibh forálacha nua maidir le vótáil trí thromlach cáilithe ann ach i gcás an bheartais taighde, agus bhí aontoilíocht fós ag teastáil le haghaidh na mbeartas eile.

F. Ábhair eile

Bhí prótacal ann inar déileáladh le nósanna imeachta Comhphobail chun prionsabal na coimhdeachta a chur chun feidhme. Cuireadh le trédhearcacht trí fhorálacha nua maidir le rochtain ar dhoiciméid (Airteagal 255) agus oscailteacht níos fearr in obair reachtach na Comhairle (Airteagal 207(3)).

Ról Pharlaimint na hEorpa

Chuathas i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa sula ndearnadh comhdháil idir-rialtasach a ghairm. Bhí baint ag an bParlaimint freisin leis na comhdhálacha idir-rialtasacha de réir foirmlí ad hoc; i rith na dtrí cinn is deireanaí, is é a hUachtarán nó beirt dá Feisirí a rinne ionadaíocht ar an bParlaimint.

Is í an Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla i bParlaimint na hEorpa a d’ullmhaigh an bhileog eolais seo.

 

Mariusz Maciejewski