An margadh inmheánach: prionsabail ghinearálta

Is limistéar rathúnais agus saoirse é an margadh inmheánach, lena dtugtar rochtain ar earraí, ar sheirbhísí, ar phoist, ar dheiseanna gnó agus ar chultúr. Áirithítear le hiarrachtaí leanúnacha forbairt bhreise lena dtugtar tairbhe do thomhaltóirí agus cuideachtaí AE. Cuireann an margadh digiteach deiseanna ar fáil chun borradh a chur faoin ngeilleagar (trí ríomhthráchtáil) agus déanann sé an rómhaorlathas a laghdú trí ríomhrialachas. Tá dúshláin fós ann, áfach, mar shampla, an chaoi ar tugadh isteach le COVID-19 bacainní ar na ceithre shaoirse an athuair (saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine).

Bunús Dlí

Airteagail 4(2)(a), 26, 27, 114 agus 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuspóirí

Ba é aidhm an chómhargaidh, a cruthaíodh le Conradh na Róimhe in 1958, deireadh a chur le bacainní ar thrádáil idir na Ballstáit chun rathúnas eacnamaíoch a mhéadú agus chun rannchuidiú le ‘haontas buandlúite i measc phobail na hEorpa’. Áiríodh san Ionstraim Eorpach Aonair, 1986 cuspóir an margadh inmheánach a bhunú i gConradh Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), á shainmhíniú mar ‘limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ndéantar saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú’.

A bhfuil bainte amach

A. Cómhargadh 1958

Baineadh amach an cómhargadh, príomhchuspóir Chonradh na Róimhe, trí aontas custaim 1968, trí fháil réidh le cuótaí, trí shaorghluaiseacht saoránach agus oibrithe, agus trí chomhchuibhiú áirithe cánach nuair a tugadh isteach cáin bhreisluacha (CBL) go ginearálta in 1970. Bhí an tsaoirse trádála ó thaobh earraí agus seirbhísí de agus an tsaoirse bhunaíochta teoranta go fóill, áfach, mar gheall ar chleachtais frithiomaíocha leanúnacha a bhí á bhforchur ag na húdaráis phoiblí.

B. Seoladh an mhargaidh inmheánaigh sna 1980idí agus an Ionstraim Eorpach Aonair

Measadh gur bhacainní ar dhul chun cinn é an cur chuige tosaigh maidir le comhchuibhiú mionsonraithe reachtach agus an gá le haontoilíocht sa Chomhairle. Tháinig athrú air sin le rialuithe ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcásanna Dassonville (Cás 8-74) agus Cassis de Dijon (Cás 120/78) sna 1970idí, inar measadh go raibh srianta áirithe allmhairiúcháin neamhdhleathach, lenar tugadh isteach aitheantas frithpháirteach. Rinneadh leis na rialuithe sin plé maidir le trádáil idirphobail a athbheochan agus Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a stiúradh i dtreo an margadh inmheánach a chur chun feidhme.

Tháinig an Ionstraim Eorpach Aonair i bhfeidhm an 1 Iúil 1987, ag leagan síos an 31 Nollaig 1992 mar spriocdháta beacht chur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh. Rinneadh sásraí-cinnteoireachta don mhargadh inmheánach a neartú ag tabhairt isteach vótáil trí thromlach cáilithe le haghaidh comhtharaifí custaim, saoirse chun seirbhísí a sholáthar, saorghluaiseacht caipitil agus comhfhogasú ar dhlíthe náisiúnta. Faoin am a bhí an spriocdháta imithe in éag, bhí os cionn 90 % de na gníomhartha reachtacha a liostaítear sa Pháipéar Bán, 1985 glactha, a fhormhór díobh faoi riail an tromlaigh cháilithe.

C. I dtreo na freagrachta comhroinnte chun an margadh inmheánach a chur i gcrích: 2003-2010

Tá an margadh inmheánach tar éis cur go mór le rathúlacht agus comhtháthú gheilleagar an Aontais Eorpaigh. Díríodh i straitéis nua an mhargaidh inmheánaigh ó 2003-2010 ar an ngá atá ann saorghluaiseacht earraí a éascú, margaí seirbhísí a chomhtháthú, tionchar na gconstaicí cánach a laghdú agus an timpeallacht rialála a shimpliú. Rinneadh dul chun cinn mór ó thaobh na margaí iompair, teileachumarsáide, leictreachais, gáis agus seirbhísí poist a oscailt don iomaíocht.

D. Athsheoladh an mhargaidh inmheánaigh in 2010

Chun borradh a chur faoin margadh aonair Eorpach arís agus an pobal, tomhaltóirí agus FBManna a chur i gcroílár beartais margaidh aonair, d’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal Towards a Single Market Act [I dTreo Gníomh um Margadh Aonair] i mí Dheireadh Fómhair 2010 (COM(2010)0608). Tíolacadh sraith beart a bhí ceaptha borradh a chur faoi gheilleagar AE agus poist a chruthú, as a dtiocfadh beartas margaidh aonair níos uaillmhianaí.

I mí Dheireadh Fómhair 2012, thíolaic an Coimisiún gníomh dar teideal Single Market Act II [Gníomh um an Margadh Aonair II] (COM(2012)0573) chun a acmhainneacht neamhshaothraithe a fhorbairt tuilleadh agus tairbhe a bhaint as mar ní a spreagann fás. Sa ghníomh, leagtar amach 12 phríomhbheart i gceithre phríomhghné lena nglacadh go mear ag institiúidí AE. (1) líonraí comhtháite; (2) soghluaiseacht trasteorann do shaoránaigh agus do ghnólachtaí; (3) an geilleagar digiteach; agus (4) bearta lena ndéantar comhtháthú agus tairbhí do thomhaltóirí a threisiú.

I dteachtaireacht dar teideal Better governance for the Single Market [Rialachas níos fearr don Mhargadh Aonair] (COM(2012)0259), mhol an Coimisiún bearta cothrománacha amhail béim a leagan ar rialacháin shoiléire nua a d’fhéadfaí a chur chun feidhme go héasca, úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí TF atá ann cheana chun feidhmiú chearta an mhargaidh aonair a éascú, agus bunú ionad náisiúnta chun oibriú an mhargaidh aonair a mhaoirsiú. Is cuid dhílis é faireachán de na tuarascálacha bliantúla ar chomhtháthú an mhargaidh aonair i gcomhthéacs phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

An 28 Deireadh Fómhair 2015, d’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal Upgrading the Single Market: More opportunities for people and business [An Margadh Aonair a Uasghrádú: tuilleadh deiseanna do dhaoine agus do ghnó] (COM(2015)0550). Bhí sé mar aidhm leis tairbhí praiticiúla a sholáthar do dhaoine agus deiseanna do thomhaltóirí agus cuideachtaí a mhéadú. Tugadh tacaíocht leis sin d’iarrachtaí an Choimisiúin feabhas a chur ar infheistíocht, leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair dhigitigh agus iomaíochas a mhéadú. Díríodh leis an straitéis ar mhargadh fuinnimh dea-fheidhmiúil freisin agus ar shoghluaiseacht an lucht saothair a chur chun cinn gan mí-úsáid a bhaint as na rialacha. Thairis sin, glacadh Treoir (AE) 2019/633 maidir le cleachtais éagóracha trádála an 17 Aibreán 2019.

I mí na Bealtaine 2015, ghlac an Coimisiún straitéis maidir le margadh aonair digiteach (COM(2015)0192), ina leagtar amach an dianchlár reachtach chun geilleagar digiteach Eorpach a fhorbairt. I gClár Oibre 2019 don Eoraip, faoi stiúir Ursula von der Leyen, chuir an Coimisiún go láidir neartú an mhargaidh aonair dhigitigh i gcroílár a threoirlínte oibre. Rinneadh an tiomantas sin a athnuachan sa pháipéar straitéise ón gCoimisiún dar teideal Shaping Europe’s Digital Future [Todhchaí Digiteach na hEorpa a mhúnlú] i mí Feabhra 2020, ina leagtar amach conas a bhainfear amach comhlánú an mhargaidh aonair dhigitigh. Go sonrach, tá sé sin le déanamh trí mhargadh aonair Eorpach a bhunú le haghaidh sonraí agus trí mhachaire comhréidh a chruthú, ar líne agus as líne, trí bhíthin rialáil chomhsheasmhach.

Le linn phaindéim COVID-19, sa teachtaireacht uaidh dar teideal Europe’s moment: Repair and Prepare for the Next Generation [Uain na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile], thug an Coimisiún chun suntais go mbeadh ról ríthábhachtach ag digitiú an mhargaidh aonair i dtéarnamh an bhloic ar deireadh. Bheadh sé sin bunaithe ar cheithre ghné: (1) infheistíocht i nascacht níos fearr; (2) láithreacht thionsclaíoch agus theicneolaíoch níos láidre i gcodanna straitéiseacha den slabhra soláthair (e.g. an intleacht shaorga, an chibearshlándáil, an néalbhonneagar, 5G); (3) fíorgheilleagar sonraí agus spásanna coiteanna sonraí Eorpacha; agus (4) timpeallacht ghnó níos córa agus níos éasca.

Ról Pharlaimint na hEorpa

A. Ginearálta

Bhí Parlaimint na hEorpa ina ceann feadhna sa phróiseas as ar tháinig an margadh inmheánach. Go sonrach, i rún uaithi an 20 Samhain 1997, thug sí tacaíocht don smaoineamh go n-aistreofaí an margadh inmheánach ina mhargadh aonair lán-chomhtháite faoi 2002. I roinnt rún a glacadh in 2006 (e.g. rúin an 12 Feabhra, an 14 Feabhra, an 16 Bealtaine agus an 6 Iúil), thacaigh Parlaimint na hEorpa leis an smaoineamh gur cheart go mbeadh an margadh inmheánach ina chreat comhchoiteann agus ina phointe tagartha do go leor beartas de chuid AE.

Bhí ról gníomhach ag Parlaimint na hEorpa freisin in athsheoladh an mhargaidh inmheánaigh. I rún uaithi an 20 Bealtaine 2010 maidir le margadh aonair a sholáthar do thomhaltóirí agus do shaoránaigh, leag Parlaimint na hEorpa béim air gur cheart bearta a dhéanamh chun eolas agus cumhacht a thabhairt do thomhaltóirí agus do FBManna ar bhealach níos éifeachtaí, agus chun muinín na saoránach a mhéadú. D’eisigh Parlaimint na hEorpa tuilleadh freagraí ar an nGníomh um an Margadh Aonair le trí rún a glacadh an 6 Aibreán 2011: Governance and Partnership in the Single Market, [Rialachas agus comhpháirtíocht sa mhargadh aonair],A Single Market for Europeans[Margadh aonair do mhuintir na hEorpa] agus A Single Market for Enterprises and Growth [Margadh aonair d’fhiontair agus d’fhás].

Bhí an Pharlaimint gníomhach sa réimse maidir le rialú an mhargaidh inmheánaigh freisin. Ghlac sí rún an 7 Feabhra 2013 le moltaí don Choimisiún maidir le rialú an mhargaidh inmheánaigh, lenar iarraidh go mbunófaí timthriall rialachais um an margadh aonair mar cholún ar leith sa Seimeastar Eorpach. Thairis sin, ghlac Parlaimint na hEorpa rún an 25 Feabhra 2014 maidir le rialachas an mhargaidh aonair laistigh den Seimeastar Eorpach 2014, agus ina dhiaidh sin rún an 27 Feabhra 2014 ar SOLVIT, an tseirbhís uile-Aontais a sholáthraíonn réitigh ar fhadhbanna a bhaineann le cearta AE. Ar deireadh, ghlac Parlaimint na hEorpa rún an 12 Aibreán 2016 dar teideal Towards improved single market regulation [I dtreo rialáil fheabhsaithe an mhargadh aonair].

Sa taighde a rinne an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra in 2016, leagadh béim ar aistriú gheilleagar an Aontais i dtreo beartais dhigiteacha, ghlasa agus shóisialta[1]. Bunaithe air sin, d’iarr an Pharlaimint go mbeadh margadh aonair níos nuálaí, níos doimhne agus níos córa ann. Chun feabhas a chur ar inrochtaineacht faisnéise agus seirbhísí ar líne do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, ghlac an Pharlaimint a seasamh ar an gcéad léamh maidir leis an togra le haghaidh tairseach aonair dhigiteach an 13 Meán Fómhair 2018. Is minic a bhíonn sé deacair do chuideachtaí, go háirithe i dtíortha eile AE, na rialacha is infheidhme a thuiscint. Tá an tairseach aonair dhigiteach beartaithe chun cabhrú leis sin. Glacadh Rialachán (AE) 2018/1724 an 2 Deireadh Fómhair 2018, agus dátaí céimnithe iarratais i gceist leis go dtí an 12 Nollaig 2023.

Tugtar le fios i dtaighde a rinneadh in 2019 go ngineann prionsabail na saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí agus reachtaíocht sa réimse sin tairbhí a mheastar gurb é EUR 985 bhilliún in aghaidh na bliana a luach[2]. Mar sin féin, i staidéar[3] a foilsíodh i mí na Samhna 2020 dar teideal Legal obstacles in Member States to Single Market rules [Na constaicí dlíthiúla sna Ballstáit roimh rialacha an mhargaidh aonair], fuarthas amach cé gur cás de chomhtháthú margaidh an-rathúil é margadh aonair an Aontais, tá bacainní fós ann i mBallstáit a chuireann cosc ar an margadh aonair barr a chumais a bhaint amach. Iarradh sa staidéar níos mó grinnscrúdú áitiúil a dhéanamh ar rialacha náisiúnta a mholtar a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le rialacha agus prionsabail an mhargaidh aonair.

Baineann coinbhleacht amháin le saorghluaiseacht seirbhísí. An 2 Nollaig 2020, ghlac an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra tuarascáil féintionscnaimh dar teideal Strengthening the Single Market: the future of free movement of services [An Margadh Aonair a Neartú: todhchaí na saorghluaiseachta seirbhísí]. Cuirtear i bhfios go láidir sa tuarascáil, a glacadh sa seisiún iomlánach an 20 Eanáir 2021, gur gá cur chun feidhme rialacha an mhargaidh aonair do sheirbhísí a áirithiú agus forfheidhmiú ghníomhaíocht an Choimisiúin a fheabhsú.

Tá na tairbhí a bhaineann le creat ríomhrialtais aitheanta ag an bParlaimint, lena ndéantar cuíchóiriúar phróisis riaracháin, lena gcuirtear feabhas ar cháilíocht na seirbhísí agus lena méadaítear éifeachtúlacht na hearnála poiblí. Le seirbhísí poiblí digiteacha, déanfar ualaí riaracháin a mhaolú, dlús a chur le hidirghníomhaíochtaí leis an rialtas agus costais a laghdú, agus, sa chaoi sin, buntáistí eacnamaíocha agus sóisialta an mhargaidh aonair a chatalú. Dá thoradh sin, ghlac an Coiste IMCO tuarascáil chríochnaitheach inar leagadh amach straitéisí chun dlús a chur le seirbhísí poiblí a dhigitiú, ar rith an Pharlaimint ina dhiaidh sin í an 18 Aibreán 2023.

B. An margadh aonair ag sárú COVID-19

Bhí tionchar suntasach ag paindéim COVID-19 ar shaorghluaiseacht earraí sa mhargadh inmheánach. I bhfianaise an méid sin, ghlac an Pharlaimint rún an 17 Aibreán 2020, inar chuir sí in iúl go láidir gurb é an margadh aonair is foinse le rathúnas agus folláine chomhchoiteann na hEorpa agus gur príomhghné é den fhreagairt láithreach agus leanúnach ar an bpaindéim. I seimineár gréasáin[4] de chuid Choiste IMCO a tionóladh i mí na Samhna 2020, rinneadh anailísiú ar thionchar COVID-19 ar an margadh inmheánach agus ar chosaint do thomhaltóirí, agus moladh cad a d’fhéadfaí a dhéanamh chun margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a áirithiú anois agus i ngéarchéimeanna amach anseo.

Cuireadh staidéar[5] ar an ábhar céanna i láthair an 22 Feabhra 2021 sa Choiste IMCO. De réir an taighde, laghdaíodh go mór ní hamháin an tsaorghluaiseacht earraí ach an tsaorghluaiseacht seirbhísí agus daoine chomh maith laistigh den mhargadh inmheánach de bharr dhúnadh na dteorainneacha agus bearta eile a rinne na Ballstáit ar dtús. An mhí chéanna, bhunaigh an Pharlaimint, in éineacht leis an gComhairle, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, inar dearbhaíodh gur cheart FBManna láidre a bheith rannpháirteach i dtéarnamh inbhuanaithe margaidh inmheánaigh dea-fheidhmiúil. Tá an dréacht-tuarascáil féintionscnaimh maidir le dul i ngleic le bacainní neamhtharaife agus neamhchánach sa mhargadh aonair (2021/2043(INI)) ó mhí an Mheithimh 2021 an-ábhartha ina leith sin, ós rud é nach amháin go dtugtar aghaidh inti ar bhacainní ginearálta agus seasmhacha ar shaoirse earraí agus ar shaoirse seirbhísí, ach pléitear go sonrach inti freisin an chaoi a chuir COVID-19 agus freagraí beartais ar an bpaindéim bac ar na ceithre shaoirse.

C. An Margadh Aonair Digiteach (2.1.7)

Ar an gcaoi chéanna leis an gCoimisiún, le 10 mbliana anuas, tá an Pharlaimint ag díriú níos mó agus níos mó ar na dúshláin agus na deiseanna don mhargadh aonair a eascraíonn as an digiteáil. An 11 Nollaig 2012, ghlac an Pharlaimint dhá rún neamhreachtacha a bhaineann leis an margadh inmheánach: ceann amháin acu maidir leis an margadh aonair digiteach a chur i gcrích agus an ceann eile maidir le straitéis saoirse digití i mbeartas eachtrach AE. Leis na rúin sin, tugtar tacaíocht don tsaoirse dhigiteach i mbeartas eachtrach AE, lena leagtar béim ar neodracht an idirlín chun a áirithiú nach gcuireann soláthraithe srian éagórach ar úsáid an idirlín. Bhí sé mar aidhm leis na rúin beartais um an margadh digiteach a chomhchuibhiú ar fud an Aontais. Is éard a bhí mar thoradh ar an tionscnamh sin bearta reachtacha le haghaidh margadh aontaithe cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear neodracht an idirlín agus deireadh a chur le táillí fánaíochta.

An 20 Bealtaine 2021, ghlac an Pharlaimint rún maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa, ina n-aithnítear ról ríthábhachtach na bhforbairtí digiteacha sa mhargadh aonair agus an gá atá le bacainní a chuireann bac ar fheidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh a bhaint. Éascaíonn an Gníomh um Margaí Digiteacha (GMD) agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) margadh aonair digiteach atá iomaíoch, cothrom, comhchuibhithe agus níos sábháilte. Ina theannta sin, le bailiúchán staidéar a chuir an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha ar fáil, fiosraíodh na deiseanna agus na dúshláin roimh an margadh aonair digiteach i bhfianaise GMD agus GSD.

I mí Dheireadh Fómhair 2022, d’eagraigh an Coiste IMCO éisteacht chun comóradh 30 bliain a dhéanamh ar mhargadh aonair an Aontais agus ar a bhfuil bainte amach aige. I bhfianaise na staide dúshlánaí atá ann faoi láthair, leag na cainteoirí béim freisin ar a thábhachtaí atá sé tuilleadh acmhainneachta fáis a lorg agus an margadh aonair a chomhdhlúthú, agus béim á leagan ar an togra reachtach maidir leis an Ionstraim Éigeandála don Mhargadh Aonair.

An 23 Samhain 2022, shínigh an Pharlaimint agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2022/2399 maidir le Timpeallacht an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam. Is é an cuspóir atá aige trádáil idirnáisiúnta a dhéanamh níos éasca tríd an ualach riaracháin agus na costais riaracháin a laghdú, le cabhair ó uirlisí digiteacha. Dá bhrí sin, beidh gnólachtaí agus trádálaithe in ann na sonraí custaim agus neamhchustaim is gá le haghaidh imréiteach earraí agus foirmiúlachtaí iomlána a sholáthar i dtairseach aonair amháin i mBallstát ar leith.

I mí Iúil 2023, d’fhormhuinigh an Coiste IMCO an Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair, agus mhol sé go n-athainmneofaí í mar an Gníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh, chun ullmhú níos fearr do ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. Agus na dúshláin a bhain leis an bpaindéim mar spreagadh léi, tá sé beartaithe leis an reachtaíocht sin saorghluaiseacht laistigh de AE a chosaint agus bunaítear léi leibhéil éagsúla foláirimh chun géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a bhainistiú go réamhghníomhach. Dhéanfadh an Coimisiún formhaoirseacht ar bhearta géarchéime na mBallstát chun comhsheasmhacht agus dlíthiúlacht a áirithiú, agus bhunódh sé bealaí brostaithe d’oibrithe agus earraí riachtanacha dá ndúnfaí teorainneacha. Thairis sin, thabharfaí de chumhacht dó orduithe tosaíochta le haghaidh earraí riachtanacha a eisiúint chun ganntanais a sheachaint. Ghlac an Pharlaimint an tuarascáil an 13 Meán Fómhair 2023 agus tá caibidlíochtaí idirinstitiúideacha ar siúl cheana féin.

I mí Dheireadh Fómhair 2023 foilsíodh staidéar maidir leis an bhfaireachas margaidh in AE lenar leagadh béim ar ról ríthábhachtach na n-údarás um fhaireachas margaidh chun tomhaltóirí a chosaint trí tháirgí a chomhlíonann caighdeáin sláinte, sábháilteachta agus comhshaoil a áirithiú. Sainaithnítear ann bearnaí san fhaireachas margaidh ar measa iad mar gheall ar fhás na ríomhthráchtála agus an phaindéim, amhail inrianaitheacht táirgí agus an dúshlán a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar dhíolachán ar líne. Áirítear ar na príomh-mholtaí saoráidí tástála AE a mhéadú, borradh a chur faoi bhonneagar digiteach, cuntasacht do mhargaí ar líne a mhéadú, agus comhar trasteorann agus comhroinnt faisnéise idir údaráis um fhaireachas margaidh agus údaráis chustaim a fheabhsú. Tá sé mar aidhm leis na bearta sin cleachtais faireachais margaidh a chomhchuibhiú, formhaoirseacht na dtáirgí arna ndíol ar líne a fheabhsú trína cheangal ar mhargaí ar líne bearta a chur chun feidhme lena n-áirithítear go gcomhlíonfar rialacháin AE, agus lena n-áirithítear cosaint chomhsheasmhach tomhaltóirí ar fud an Aontais.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach suíomh gréasáin an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra.

 

[1]Áirítear i measc na bpáipéar taighde: Godel, M. I. et al., 2016, Reducing Costs and Barriers for Businesses in the Single Market[Costais agus Bacainní do Ghnólachtaí sa Mhargadh Aonair a Laghdú], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2016; Montalvo, C. et al., A Lifetime Longer for Products: Benefits for Consumers and Companies [Saolré Níos Faide do Tháirgí: Buntáistí do Thomhaltóirí agus do Ghnólachtaí], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2016; Liger, Q. et al., 2016, Social Economy [an Geilleagar Sóisialta], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2016. Áirítear na nithe seo ar na samplaí le déanaí: Ström, P., The European Services Sector and the Green Transition [Earnáil Seirbhísí na hEorpa agus an tAistriú Glas], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020; Núñez Ferrer, J., The EU’s Public Procurement Framework [Creat an Aontais Eorpaigh um Sholáthar Poiblí], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, An Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020; Keirsbilck, B. et al., Sustainable Consumption and Consumer Protection Legislation [Tomhaltas Inbhuanaithe agus Reachtaíocht um Chosaint an Tomhaltóra], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020; Marcus, J. S. et al., The impact of COVID-19 on the Internal Market [Tionchar COVID-19 ar an Margadh Inmheánach], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020.
[2]Áirítear i measc an taighde ábhartha: Poutvaara, P. et al., Contribution to Growth: Free Movement of Goods. Delivering Economic Benefits for Citizens and Businesses [Rannchuidiú leis an bhFás: Saorghluaiseacht Earraí. Tairbhí Eacnamaíocha a bhaint amach do Shaoránaigh agus do Ghnólachtaí], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2019; Pelkmans, J. et al., Contribution to Growth: The Single Market for Services. Delivering economic benefits for citizens and businesses, [Rannchuidiú leis an bhFás: An Margadh Aonair le haghaidh Seirbhísí.Tairbhí eacnamaíocha a sholáthar do shaoránaigh agus do ghnólachtaí], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020.
[3]Dahlberg, E. et al., Legal obstacles in Member States to Single Market rules [Na constaicí dlíthiúla sna Ballstáit roimh rialacha an mhargaidh aonair], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020.
[4]Milieu Consulting SRL, The impact of COVID-19 on the Internal Market and Consumer Protection - IMCO Webinar Proceedings [Tionchar COVID-19 ar an Margadh Inmheánach agus ar Chosaint an Tomhaltóra - Tuairisc ar Sheimineár Gréasáin IMCO], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020.
[5]Marcus, J. S. et al., The impact of COVID-19 on the Internal Market [Tionchar COVID-19 ar an Margadh Inmheánach], Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2021.

Christina Ratcliff / Jordan De Bono / Barbara Martinello