Treisíodh saorghluaiseacht earraí trí dheireadh a chur le dleachtanna custaim chomh maith le bacainní neamhtharaife eile. Rinne prionsabail amhail aitheantas frithpháirteach agus caighdeánú an margadh inmheánach a chur chun cinn tuilleadh. Chuir an Creat Reachtach Nua in 2008 feabhas ar shaorghluaiseacht earraí, ar fhaireachas margaidh an Aontais agus ar mharcáil CE (Comhréireacht Eorpach). Tá dúshláin fós ann, áfach, maidir le comhchuibhiú mhargadh inmheánach, ós rud é nach féidir le leas iomlán a bhaint go fóill as saorghluaiseacht earraí mar gheall ar phaindéim COVID-19 agus saobhadh eile.

Bunús Dlí

Airteagal 26 agus Airteagail 28-37 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuspóirí

Is ceann de phrionsabail bhunúsacha an Chonartha é an ceart chun saorghluaiseachta earraí de thionscnamh na mBallstát agus earraí ó thríú tíortha atá ar saorchúrsaíocht sna Ballstáit (Airteagal 28 de CFAE). I dtús aimsire, breathnaíodh ar shaorghluaiseacht earraí mar chuid d’aontas custaim idir na Ballstáit, arb é a bhí i gceist leis dleachtanna custaim, srianta cainníochtúla ar thrádáil agus bearta comhéifeachta a dhíothú agus comhtharaif sheachtrach a bhunú don Aontas. Tráth níos faide anonn, díríodh ar gach uile cheann de na bacainní eile a bhí fós ar shaorghluaiseacht earraí a dhíothú d’fhonn an margadh inmheánach a chruthú.

A bhfuil bainte amach

An obair a bhain le dleachtanna custaim agus srianta cainníochtúla idir na Ballstáit a dhíothú (cuótaí), cuireadh i gcrích í faoin 1 Iúil 1968. Ach níor comhlíonadh an spriocdháta sin i gcás na gcuspóirí forlíontacha – bearta comhéifeachta a thoirmeasc agus dlíthe náisiúnta ábhartha a chomhchuibhiú. Maidir leis na cuspóirí sin rinneadh croíchuid díobh den iarracht atá fós ar bun saorghluaiseacht earraí a bhaint amach.

A. Muirir atá ar comhéifeacht le dleachtanna custaim a thoirmeasc: Airteagal 28(1) agus Airteagal 30 de CFAE.

Ós rud é nach bhfuil aon sainmhíniú ar an gcoincheap réamhluaite sa Chonradh, b’éigean ceann a sholáthar i gcásdlí. Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) den tuairim gur féidir a mheas mar mhuirear comhéifeachta aon mhuirear, ‘a bhfuil an éifeacht chéanna aige ar shaorghluaiseacht earraí agus atá ag dleacht chustaim, má dhéantar é a fhorchur ar tháirge a allmhairítear as Ballstát, seachas ar tháirge intíre comhchosúil, trí phraghas an táirge sin a athrú’ (Cásanna Uamtha 2/62 agus 3/62, agus Cás 232/78).

B. Bearta atá ar comhéifeacht le srianta cainníochtúla a thoirmeasc: Airteagal 34 agus Airteagal 35 de CFAE.

Ina breithiúnas ‘Dassonville’, bhí CBAE den tuairim, maidir leis na rialacha trádála go léir arna n-achtú ag na Ballstáit agus ar féidir leo bac a chur ar thrádáil laistigh den-Chomhphobal (bíodh go díreach nó go hindíreach, go hiarbhír nó go féideartha), go measfaí gur bearta iad atá ar comhéifeacht le srianta cainníochtúla (féach Cás 8/74 Dassonvillean 11 Iúil 1974 agus míreanna 63 go 67 de Chás C-320/03 an 15 Samhain 2005). Rinneadh tuilleadh forbartha ar réasúnaíocht na Cúirte sa bhreithiúnas Cassis de Dijon, inar leagadh síos an prionsabal go gcaithfí a ligean isteach ar mhargadh aon Bhallstáit eile aon táirge a dhéantar a mhonarú agus a mhargú go dleathach i mBallstát i gcomhréir lena dhlíthe cothroma agus traidisiúnta, agus i gcomhréir le próisis mhonaraíochta na tíre sin. Ba é sin an réasúnaíocht bhunúsach ba bhonn leis an díospóireacht ar shainmhíniú a thabhairt ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, a mbaintear úsáid as cheal comhchuibhithe. Dá bhrí sin, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit, fiú in éagmais bearta AE um chomhchuibhiú (reachtaíocht thánaisteach an Aontais), cead a thabhairt earraí a chur i gcúrsaíocht agus a chur ar a margaí, arb earraí iad a dhéantar a tháirgeadh agus a mhargú go dleathach i mBallstáit eile.

Rud nach beag a thábhacht, déantar teorainn a chur le réimse feidhme Airteagal 34 de CFAE le breithiúnas Keck, ina sonraítear nach dtagann socruithe díolacháin áirithe faoi raon feidhme an airteagail, ar choinníoll go bhfuil siad neamh-idirdhealaitheach (i.e. go bhfuil feidhm acu maidir leis na trádálaithe ábhartha go léir a oibríonn laistigh den chríoch náisiúnta, agus go n-imríonn siad tionchar ar an mbealach céanna, i ndlí agus i bhfíoras, ar mhargú táirgí intíre agus táirgí ó Bhallstáit eile).

C. Eisceachtaí ar dhíothú beart atá ar comhéifeacht le srianta cainníochtúla

Le hAirteagal 36 CFAE, ceadaítear do na Ballstáit srianta a fhorchur atá coibhéiseach le teorainneacha cainníochtúla ar chúiseanna neamheacnamaíocha amhail an mhoráltacht phoiblí, an beartas poiblí nó an tslándáil phoiblí. Ba cheart na heisceachtaí sin a léirmhíniú go cúng agus ní féidir idirdhealú treallach ná bacainní trádála ceilte idir na Ballstáit a bheith mar thoradh orthu. Ní mór dóibh freastal go díreach ar leas an phobail agus a bheith comhréireach leis an leibhéal cosanta atá beartaithe.

D’aithin an Chúirt Bhreithiúnais, i gcás Cassis de Dijon, gur féidir leis na Ballstáit bearta náisiúnta áirithe a dhíolmhú ó shrianta trádála an Aontais má chomhlíonann siad ceanglais éigeantacha, amhail maoirseacht fhioscach éifeachtach, cosaint na sláinte poiblí, cothroime tráchtála, agus cosaint tomhaltóirí. Ceanglaítear ar na Ballstáit an Coimisiún a chur ar an eolas faoi na díolúintí sin. Bunaíodh nósanna imeachta um malartú faisnéise agus córas faireacháin chun maoirseacht a dhéanamh ar bhearta den sórt sin, mar a leagtar amach in Airteagal 114 agus in Airteagal 117 de CFAE agus i Rialachán (CE) Uimh. 2679/98 ón gComhairle). Rinneadh na nósanna imeachta sin a uasdátú agus a chur ar bhonn níos foirmiúla le Rialachán (CE) Uimh. 2019/515 maidir le haitheantas frithpháirteach, a ritheadh in 2019, a ghabhann ionad an rialacháin a bhí ann roimhe sin.

D. An reachtaíocht náisiúnta a chomhchuibhiú

I ngeall ar dhlíthe comhchuibhithe a glacadh, is féidir bacainní a cruthaíodh a bhaint (mar shampla trí fhorálacha náisiúnta a dhéanamh neamh-infheidhme) agus is féidir freisin comhrialacha a bhunú arb é is aidhm leo saorchúrsaíocht earraí agus táirgí a ráthú, agus urraim do chuspóirí eile de chuid Chonarthaí AE, amhail cosaint an chomhshaoil agus an tomhaltóra nó iomaíochas.

Rinneadh an próiseas comhchuibhithe san Aontas a chuíchóiriú trí vótáil trí thromlach cáilithe a ghlacadh le haghaidh treoracha a bhaineann leis an margadh aonair, mar a leagtar amach in Airteagal 95 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, arna leasú le Conradh Maastricht. I bPáipéar Bán 1985 ón gCoimisiún, tugadh isteach ‘cur chuige nua’ chun comhchuibhiú mionsonraithe a sheachaint, lena ndírítear ar aitheantas frithpháirteach do rialacháin náisiúnta. Faoin gcur chuige sin, a dhearbhaigh rúin agus cinntí ón gComhairle, tá comhchuibhiú teoranta do cheanglais fhíor-riachtanacha agus tarlaíonn sé nuair nach bhfuil na rialacha náisiúnta coibhéiseach agus nuair a chuireann siad bac ar thrádáil. Is é is aidhm don mhodh seo saorghluaiseacht earraí a áirithiú trí earnálacha iomlána a chomhchuibhiú go teicniúil agus ardleibhéal cosanta a choinneáil ar bun ar mhaithe le leas an phobail, rud a dhéanann difear do réimsí amhail bréagáin, ábhair thógála, innealra, fearais gháis, agus trealamh teileachumarsáide.

E. An margadh inmheánach a chomhlánú

Chun an margadh aonair a chruthú, ba ghá na bacainní uile a bhí fós ar shaorghluaiseacht earraí a dhíothú. I bPáipéar Bán an Choimisiúin (1985), leagadh amach na bacainní fisiciúla agus teicniúla a bhí le baint, mar aon leis na bearta a bhí le glacadh ag an gCoimisiún chun na críche sin. Glacadh an formhór na mbeart sin ó shin i leith. Mar sin féin, is gá i gcónaí athchóirithe suntasacha a dhéanamh ar an margadh aonair má tá sé chun na dúshláin a ghabhann le dul chun cinn teicneolaíochta a shárú, agus tá roinnt bacainní neamhtharaife ann go fóill.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Tacaíonn an Pharlaimint go láidir leis an margadh inmheánach a chur i gcrích, agus béim ar leith á leagan aici ar an ‘gcur chuige nua’ chun saorghluaiseacht earraí a éascú. Bhí ról suntasach aici i dtaca leis na treoracha um chomhchuibhiú a mhúnlú agus bhí sí go mór ar son Chreata Reachtaigh Nua a glacadh in 2008. Ba iad tosaíochtaí na Parlaiminte a áirithiú go bhfuil gach oibreoir margaidh freagrach as comhlíonadh agus sábháilteacht táirgí agus feabhas a chur ar infheictheacht agus tuiscint na marcála CE i measc tomhaltóirí. Tá sí gníomhach i gcónaí sna hiarrachtaí sin, agus í ag obair ar an bPacáiste Ailínithe, ina bhfuil 9 dtreoir lena rialaítear táirgí éagsúla amhail ardaitheoirí, earraí piriteicniúla agus pléascáin.

I rún uaithi an 8 Márta 2011, d’iarr an Pharlaimint go gcruthófaí córas aontaithe maidir le faireachas margaidh do gach táirge, rud as a dtáinig an ‘Pacáiste maidir le Sábháilteacht Táirgí agus Faireachas Margaidh’ in 2013. Faoi Aibreán 2019, bhí Rialachán (AE) 2019/1020 glactha ag an bParlaimint chun faireachas margaidh a fheabhsú agus comhlíonadh táirgí a áirithiú. In 2021, mhol an Coimisiún rialachán nua chun sábháilteacht táirgí tomhaltais neamhbhia a áirithiú tuilleadh. I mí an Mhárta 2023, d’fhormhuinigh an Pharlaimint go foirmiúil na rialacha nuashonraithe maidir le sábháilteacht táirgí, arb é is aidhm dóibh ardchaighdeáin sábháilteachta a ráthú le haghaidh na dtáirgí uile a dhíoltar san Aontas, ar líne agus as líne araon, a raibh foilsiú an Rialacháin maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí an 10 Bealtaine 2023 mar thoradh air.

Tá ról lárnach ag an gcaighdeánú maidir le dea-oibriú an mhargaidh inmheánaigh. Cuidíonn caighdeáin chomhchuibhithe AE le saorghluaiseacht earraí a áirithiú laistigh den mhargadh inmheánach, tugann siad an deis do ghnólachtaí san Aontas a bheith níos iomaíche agus déanann siad sábháilteacht tomhaltóirí agus an chomhshaoil a chosaint. Agus é mar aidhm aici feabhas a chur ar a bhfuil san athchóiriú ar an gcaighdeánú, ghlac an Pharlaimint rún an 21 Deireadh Fómhair 2010.

An 2 Feabhra 2022, thug an Coimisiún straitéis um chaighdeánú isteach chun margadh aonair athléimneach, glas agus digiteach a chothú, ina moltar athruithe a dhéanamh ar Rialachán 2012 maidir le Caighdeánú. Ina dhiaidh sin, ritheadh Rialachán (AE) 2022/2480 an 14 Nollaig 2022, lena nuashonraíodh creat dlíthiúil an Aontais maidir le caighdeáin a bhunú. Ina dhiaidh sin, thionóil an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (IMCO) éisteacht an 23 Eanáir 2023 chun plé a dhéanamh ar threoracha stairiúla agus treoracha a bheidh ann amach anseo sa bheartas um chaighdeánú, le haighneachtaí ón gCoimisiún agus ó gheallsealbhóirí éagsúla.

Ag tógáil ar an straitéis nua um chaighdeánú, d’fhoilsigh an Coimisiún togra maidir le comhchuibhiú a dhéanamh ar mhargú táirgí foirgníochta an 30 Márta 2022, inar dhírigh sé go sonrach ar chaighdeánú an mhargaidh inmheánaigh ghlais. Thionóil Coiste IMCO, in éineacht leis an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (ENVI), éisteacht phoiblí agus ar deireadh, ghlac sé tuarascáil i ndáil leis an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta an 23 Bealtaine 2023, lena n-áirítear beagnach 300 leasú. Táthar ag dréim anois leis an tríú babhta de chaibidlíochtaí idirinstitiúideacha an 13 Nollaig 2023 i leith an rialacháin.

Dhírigh an t-ochtú reachtas ar rialacháin maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh, fearais a dhónn breoslaí gásacha, feistí leighis agus trealamh cosanta pearsanta (TCP), chomh maith leis an Rialachán e-Call maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís uimhreacha éigeandála 112. Faoi chuimsiú an Phacáiste don Gheilleagar Ciorclach, ghlac an Pharlaimint reachtaíocht maidir le táirgí leasacháin, ar a bhfuil an comhartha-CE, a chur ar fáil ar an margadh aonair (Rialachán (AE) 2019/1009).

Meastar i dtaighde a rinneadh in 2019 gurb ionann luach na dtairbhí a eascraíonn ó phrionsabal na saorghluaiseachta earraí agus ón reachtaíocht lena mbaineann agus EUR 386 bhilliún gach bliain[1]. Tá bacainní fós ann, áfach, ar shaorghluaiseacht iomlán earraí a bhaint amach. Tá faisnéis ar na bacainní sin a bheith ann i staidéar[2] eile a foilsíodh i mí na Samhna 2020 ar rialacha náisiúnta a chuireann srian ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí agus ar an gceart bunaíochta ar fud mhargadh AE. Conclúid amháin a bhí ann ná cé gurb é Margadh Aonair an Aontais Eorpaigh an sampla is mó agus is rathúla de chomhtháthú eacnamaíoch ar domhan, níl an tAontas saor fós ó bhacainní ar shaorghluaiseacht earraí atá díréireach.

Le linn phaindéim COVID-19, ina rún uaithi an 17 Aibreán 2020, leag an Pharlaimint béim ar an ngéarghá atá le teorainneacha inmheánacha oscailte AE a choinneáil le haghaidh earraí, agus béim á leagan aici ar ról an mhargaidh aonair i rathúnas comhchoiteann AE agus mar fhreagairt ríthábhachtach ar an ngéarchéim. Moladh i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2020 straitéis chomhordaithe i leith saorghluaiseacht a athbhunú agus deireadh a chur le rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha. Bhí an cur chuige comhoibríoch sin ríthábhachtach trí ligean d’earraí riachtanacha, lena n-áirítear soláthairtí agus trealamh leighis, bogadh ar fud an Aontais, rud a mhaolódh tionchar na srianta teorann arna bhforchur ag an stát.

I rún uaithi an 19 Meitheamh 2020, mheabhraigh an Pharlaimint gur éacht caomhnaithe é limistéar Schengen atá ag croílár thionscadal an Aontais Eorpaigh, agus d’iarr sí ar na Ballstáit srianta ar shaorghluaiseacht a laghdú agus dlús a chur lena n-iarrachtaí ar bhailchríoch a chur ar lánpháirtiú ar limistéar Schengen le Ballstáit uile AE.

Rinneadh athbhreithniú ar thionchar na paindéime ar shaorghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine i seimineár gréasáin[3] de chuid na Roinne Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha i mí na Samhna 2020 don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra. Pléadh na dúshláin ar an sreabhadh earraí a bhaineann le cúram sláinte amhail trealamh cosanta pearsanta agus béim á leagan ar an ngá atá le comhordú níos fearr ón Aontas sa soláthar poiblí agus i ngluaiseacht earraí le haghaidh géarchéimeanna a bheidh ann amach anseo. I staidéar[4] leantach a cuireadh i láthair i mí Feabhra 2021, rinneadh scrúdú breise ar éifeacht na paindéime ar an margadh inmheánach agus ar chosaint an tomhaltóra, ina moltar bearta breise chun feabhas a chur ar athléimneacht mhargadh inmheánach an Aontais i gcoinne géarchéimeanna amach anseo.

Bhí ról lárnach ag an bParlaimint i gcomhchuibhiú custaim, arb é an toradh a bhí air sin Timpeallacht Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam a bhunú trí Rialachán (AE) Uimh. 2022/2399. Leis an rialachán seo, a thiocfaidh chun cinn sna 10 mbliana amach romhainn, cuirtear tús le Córas Malartaithe Deimhnithe an Ionaid Ilfhreastail AE maidir le Custam (CSW-CERTEX AE) ag an gcéim phíolótach ó 2017 i leith. Is é is aidhm don chéad chéim suas go dtí 2025 ná feabhas a chur ar mhalartuithe idir-rialtasacha ag teorainneacha an Aontais, go háirithe i gcás nósanna imeachta neamhchustaim. Tabharfar isteach leis an gcéim ina dhiaidh sin, a thosóidh in 2031, córas gnólacht le rialtas chun an próiseas imréitigh a chuíchóiriú le haghaidh gnólachtaí a bhfuil baint acu le hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú, agus é mar aidhm léi na baic trádála atá ann faoi láthair a laghdú go suntasach.

Maidir le réitigh idir-inoibritheachta do riaracháin phoiblí an Aontais, do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí le haghaidh soláthar trasteorann gan uaim, tá Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach níos nuaí i mbun caibidlíochta faoi láthair, agus tá an Chomhairle agus an Pharlaimint i mbun díospóireachta faoi láthair ar shaintréithe teicniúla deiridh an rialacháin.

I staidéar[5] a rinne an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha a d’iarr Coiste IMCO, foilsíodh anailís an 9 Nollaig 2022 ar nósanna imeachta éagsúla na mBallstát maidir le húdarú custaim le haghaidh táirgí a thagann isteach san Aontas. Toisc go dtagann bacainní trádála agus saobhadh sa mhargadh inmheánach chun cinn mar thoradh ar na nósanna imeachta éagsúla sin, ba é ceann de na réitigh a bhí beartaithe ná gníomhaireacht Eorpach chustaim a chruthú.

Ina theannta sin, chonacthas togra ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2023 (COM(2023)0257) ina ndearnadh iarracht chuimsitheach creat custaim an Aontais a nuachóiriú. Gné shuntasach den togra is ea Mol Sonraí Custaim an Aontais a bhunú, a bheidh á bhainistiú ag Údarás Custaim an Aontais a tugadh isteach le déanaí. Beidh an mol sin ina stór mór sonraí chun calaois agus neamhchomhlíonadh a bhrath, agus cumasófar leis malartú sonraí idir an tAontas agus tríú tíortha, agus cothóidh sé comhar idir údaráis chustaim na mBallstát.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach suíomh gréasáin an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra.

 

[1]Poutvaara, P., Contribution to Growth: Free Movement of Goods – Delivering Economic Benefits for Citizens and Businesses, Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2019.
[2]Dahlberg, E. et al., Legal obstacles in Member States to Single Market rules, Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020.
[3]Milieu Consulting SRL, The impact of COVID-19 on the Internal Market and Consumer Protection - IMCO Webinar Proceedings, Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2020.
[4]Marcus, J. S. et al., The impact of COVID-19 on the Internal Market, Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2021.
[5]Hausemer, P. et al., A Comparative Analysis of Member States’ Customs Authorisation Procedures for the Entry of Products into the European Union, Foilseachán don Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, an Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha, Parlaimint na hEorpa, Lucsamburg, 2022.

Christina Ratcliff / Jordan De Bono / Barbara Martinello