Tá an tsaorghluaiseacht chaipitil ar cheann de cheithre shaoirse bhunúsacha mhargadh aonair an Aontais. Ní hé amháin gurb í an ceann is déanaí í, ach is í an ceann is leithne í freisin mar gheall ar an ngné shuaithinseach tríú tír a ghabhann léi. Is de réir a chéile a rinneadh dul chun cinn i dtaobh léirscaoileadh ar shreafaí caipitil. Ó bhí tús 2004 ann, mar thoradh ar Chonradh Maastricht, tá toirmeasc ar shrianta ar ghluaiseachtaí agus íocaíochtaí caipitil, idir Ballstáit agus le tríú tíortha araon, cé go bhféadfadh eisceachtaí a bheith ann.

An bunús dlí

Airteagail 63 go 66 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuspóirí

Ba cheart deireadh a chur le gach srian ar ghluaiseachtaí caipitil idir Ballstáit agus idir Ballstáit agus tríú tíortha, ach eisceachtaí a bheith ann in imthosca áirithe. Tá an tsaorghluaiseacht chaipitil ina bonn taca don mhargadh aonair agus tá sí ina comhlánú ar na trí shaoirse eile. Rannchuidíonn sí leis an bhfás eacnamaíoch freisin ar an ábhar gur féidir caipiteal a infheistiú go héifeachtúil dá barr agus déanann sí úsáid an euro mar airgeadra idirnáisiúnta a chur chun cinn, agus, ar an dóigh sin, rannchuidíonn sí le ról AE mar ghníomhaí domhanda. Chomh maith leis sin, ní raibh déanamh dá huireasa maidir le forbairt an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus le tabhairt isteach an euro.

A bhfuil bainte amach

A. An dícheall tosaigh (sularbh ann don mhargadh inmheánach)

Bhí bearta tosaigh an Chomhphobail teoranta ó thaobh raon feidhme de. Le Conradh na Róimhe (1957), éilíodh nach gcuirfí deireadh leis na srianta ach a mhéid ba ghá sin d’fheidhmiú an chómhargaidh. Leis an ‘ gCéad Treoir Chaipitil ’ ó 1960, a leasaíodh in 1962, cuireadh deireadh le srianta ar chineálacha áirithe gluaiseachtaí caipitil tráchtála agus príobháideacha, amhail ceannacháin réadmhaoine, iasachtú gearrthéarmach nó meántéarmach le haghaidh idirbhearta tráchtála, agus ceannacháin urrús a thrádáiltear ar an stocmhalartán. Chuaigh roinnt Ballstát céim níos faide ná sin trí bhearta náisiúnta aontaobhacha a thabhairt isteach, agus, leis sin, rinneadh nach mór gach srian ar ghluaiseachtaí caipitil (e.g. an Ghearmáin agus tíortha Benelux) a dhíothú. Tháinig treoir eile maidir le sreafaí caipitil idirnáisiúnta i bhfeidhm in 1972.

B. Tuilleadh dul chun cinn agus léirscaoileadh ginearálta i bhfianaise an mhargaidh inmheánaigh

As siocair leasuithe ar an ‘gCéad Treoir Chaipitil’ in 1985 agus in 1986, rinneadh tuilleadh léirscaoilte i réimsí amhail iasachtú fadtéarmach d’idirbhearta tráchtála agus ceannacháin urrús nach dtrádáiltear ar an stocmhalartán. Rinneadh gluaiseachtaí caipitil a léirscaoileadh go hiomlán le Treoir ón gComhairle in 1988 lenar díscíodh na srianta uile a bhí fós ann ar ghluaiseachtaí caipitil idir cónaitheoirí na mBallstát amhail ón 1 Iúil 1990. Bhí sé mar aidhm léi freisin gluaiseachtaí caipitil a raibh baint ag tríú tíortha leo a léirscaoileadh ar an gcaoi chéanna.

C. An córas cinntitheach

1. Prionsabal

Le Conradh Maastricht, tugadh isteach an tsaorghluaiseacht chaipitil mar shaoirse Conartha. Sa lá atá inniu ann, toirmeasctar le hAirteagal 63 CFAE gach srian ar ghluaiseacht chaipitil agus íocaíochtaí idir Ballstáit, agus idir Ballstáit agus tríú tíortha. Tá sé de chúram ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh na forálacha a bhaineann le saorghluaiseacht chaipitil a léirmhíniú, agus tá cásdlí fairsing ann sa réimse sin. I gcásanna ina ndéanann na Ballstáit an tsaorghluaiseacht chaipitil a shrianadh ar bhealach nach bhfuil údar leis, bíonn feidhm ag an ngnáthnós imeachta um shárú a leagtar amach in Airteagal 258-260 CFAE.

2. Eisceachtaí, agus srianta a bhfuil údar leo

Tá eisceachtaí teoranta den chuid is mó do ghluaiseachtaí caipitil a bhaineann le tríú tíortha (Airteagal 64 CFAE). Sa bhreis ar an rogha atá ag na Ballstáit srianta ar an infheistíocht dhíreach agus ar idirbhearta eile arbh ann dóibh ar dháta ar leith a choimeád i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle freisin, i ndiaidh di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, bearta a ghlacadh d’aontoil arb ionann iad agus céim ar gcúl i ndáil le léirscaoileadh gluaiseachtaí caipitil le tríú tíortha. Sa bhreis air sin, féadfaidh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa bearta reachtacha a ghlacadh a bhfuil infheistíocht dhíreach, bunaíocht, soláthar seirbhísí airgeadais nó glacadh le hurrúis i margaí caipitil i gceist leo. Cumhdaítear in Airteagal 66 CFAE bearta éigeandála i leith tríú tíortha, agus iad teoranta do thréimhse sé mhí.

Déantar na srianta ar ghluaiseachtaí caipitil i gcoitinne, arb iadsan amháin a bhfuil údar leo, lena n-áirítear gluaiseachtaí laistigh de AE,, a leagan síos in Airteagal 65 CFAE. Orthu sin, tá: (i) bearta chun sáruithe ar an dlí náisiúnta a chosc (eadhon i gcás cánachais agus i gcás na maoirseachta stuamachta ar sheirbhísí airgeadais); (ii) nósanna imeachta le haghaidh dearbhú gluaiseachtaí caipitil chun críocha riaracháin nó staidrimh; agus (iii) bearta a bhfuil údar leo de bharr an bheartais phoiblí nó na slándála poiblí. Rinneadh an dara ceann díobh sin a chúlghairm le linn ghéarchéim fiachais cheannasaigh na hEorpa, nuair a cuireadh iallach ar an gCipir (2013) agus ar an nGréig (2015) rialuithe caipitil a thabhairt isteach chun cosc a chur ar eis-sreabhadh iomarcach caipitil. In 2015, chuir an Chipir deireadh leis na srianta a bhí fós ann agus rinne an Ghréig amhlaidh in 2019. D’fhéadfadh teacht chun cinn an airgeadais dhigitigh, go háirithe criptea-airgeadraí atá bunaithe ar bhlocshlabhra, dul i ngleic leis na coincheapa reatha atá ceaptha chun saorghluaiseacht chaipitil a áirithiú.

Faoi Airteagal 144 CFAE, ceadaítear, faoi chuimsiú na gclár cúnaimh um chomhardú na n-íocaíochtaí, bearta cosanta um chomhardú íocaíochtaí a bheith ann i gcás ina gcuireann deacrachtaí feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh i mbaol nó i gcás ina dtarlaíonn géarchéim gan choinne. Níl an clásal cosanta sin ar fáil ach do na Ballstáit sin nach bhfuil sa limistéar euro.

Ar deireadh, déantar foráil le hAirteagail 75 agus 215 CFAE maidir leis an bhféidearthacht go mbeadh smachtbhannaí airgeadais ann chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac nó go mbeidís bunaithe ar chinntí arna nglacadh faoi chuimsiú chreat an chomhbheartais eachtraigh agus slándála. Tá srian ar shaorghluaiseacht chaipitil i ndáil leis na smachtbhannaí eacnamaíocha a forchuireadh ar an Rúis tar éis di ionradh a dhéanamh ar an Úcráin.

3. Íocaíochtaí

Sonraítear in Airteagal 63(2) CFAE ‘go dtoirmiscfear na srianta uile ar íocaíochtaí idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha’.

In 2001, glacadh rialachán lenar comhchuibhíodh costais íocaíochtaí intíre agus trasteorann laistigh den limistéar euro. Aisghaireadh é agus cuireadh rialachán eile ina ionad in 2009, rud a d’fhág tairbhí a bheith ann do chónaitheoirí de na Ballstáit mar gheall ar na táillí d’íocaíochtaí trasteorann in euro a bheith laghdaithe go chóir a bheith nialas. Aisghaireadh é ina dhiaidh sin é in 2021, agus é mar aidhm leis sin na táillí d’íocaíochtaí trasteorann idir Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu a laghdú.

Bhí an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD) ina bunús dlíthiúil le haghaidh sraith rialacha a bhunú a bheadh infheidhme maidir le gach seirbhís íocaíochta in AE chun íocaíochtaí trasteorann a dhéanamh chomh héasca, chomh héifeachtúil agus chomh slán céanna le híocaíochtaí ‘náisiúnta’, agus chun éifeachtúlacht agus laghdú costais a chothú trí níos mó iomaíochta trí mhargaí íocaíochta a oscailt d’iontrálaithe nua. Bhí an Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta ina chreat riachtanach i gcomhair tionscnamh de chuid thionscal baincéireachta agus íocaíochtaí na hEorpa, ar a dtugtar an ‘Limistéar Aonair d’Íocaíochtaí Euro’ (SEPA). Bhí ionstraimí SEPA ar fáil, ach ní raibh mórán úsáide á baint astu faoi dheireadh 2010. Dá réir sin, in 2012, glacadh rialachán lenar leagadh síos críochdhátaí ar fud AE d’aistriú na sean-aistrithe creidmheasa náisiúnta agus dochar díreach chuig ionstraimí SEPA. In 2015, ghlac na comhreachtóirí an Treoir athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD 2), lena ndearnadh an treoir a bhí ann cheana a aisghairm. Feabhsaítear an trédhearcacht agus cosaint tomhaltóirí agus oiriúnaítear na rialacha chun freastal ar sheirbhísí íocaíochta nuálacha, lena n-áirítear íocaíochtaí idirlín agus móibíleacha. Tháinig an treoir i bhfeidhm an 12 Eanáir 2016 agus ghabh éifeacht léi an 13 Eanáir 2018.

D. Tuilleadh forbairtí

D’ainneoin an dul chun cinn a rinneadh i ndáil le sreafaí caipitil in AE a léirscaoileadh, is amhlaidh atá margaí caipitil fós ilroinnte ar an mórgóir. I mí Mheán Fómhair 2015, sheol an Coimisiún a thionscnamh suaitheanta, a raibh an Plean Infheistíochta don Eoraip ina bhunús dó, dar teideal: Aontas na Margaí Caipitil(CMU). Áirítear ann roinnt beart a bhfuil sé mar aidhm leo margadh aonair fíor-chomhtháite do chaipiteal a chruthú faoi 2019. Foilsíodh athbhreithniú meántéarma ar Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil i mí an Mheithimh 2017. Sa bhreis air sin, tá an Coimisiún agus na Ballstáit ag obair chun deireadh a chur le constaicí ar an infheistíocht trasteorann a thagann laistigh d’inniúlachtaí náisiúnta. Rinneadh an sainghrúpa ar bhacainní ar an tsaorghluaiseacht chaipitil a chur ar bun chun an tsaincheist sin a scrúdú. I mí an Mhárta 2017, mar bheart leantach ar obair an tsainghrúpa, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil inar tugadh breac-chuntas ar an staid sna Ballstáit. I mí an Mhárta 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal ‘Aontas na Margaí Caipitil: dul chun cinn i leith margadh aonair do chaipiteal a thógáil i gcomhair aontas láidir eacnamaíoch agus airgeadaíochta’. Ansin tháinig an dara plean gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil, a raibh 16 thosaíocht ag gabháil leis, i mí Mheán Fómhair 2020.

Thairis sin, tá an Coimisiún ag obair chun na conarthaí reatha déthaobhacha infheistíochta (BITanna) laistigh de AE, a raibh go leor díobh ann roimh na babhtaí is déanaí i dtaobh mhéadú AE, a chur ar neamhní. Is dóigh leis an gCoimisiún go bhfuil na comhaontuithe sin idir na Ballstáit ina mbac ar an margadh aonair mar go bhfuil siad ar neamhréir le creat reachtach AE agus go bhfuil siad ina bhforluí air. Mar shampla, leis na sásraí eadrána atá comhtháite sna BITanna, eisiatar na cúirteanna náisiúnta agus Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh araon, rud a chuireann cosc ar dhlí AE a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, d’fhéadfadh BITanna a bheith ina siocair le cóireáil níos fabhraí a bheith á tabhairt d’infheisteoirí ó Bhallstáit áirithe a thug BITanna laistigh de AE i gcrích. Thángthas ar chomhaontú an 24 Deireadh Fómhair 2019 lena réitítear an bealach dóibh sin a fhoirceannach. An 29 Bealtaine 2020, shínigh 23 Bhallstát comhaontú le haghaidh foirceannadh BITanna idir na Ballstáit agus an tAontas. Lena chois sin, foilsíonn an Coimisiún tuarascálacha agus staidéir bhliantúla ar shreafaí caipitil laistigh den Aontas agus sa chomhthéacs domhanda. Le linn na géarchéime arna spreagadh ag COVID-19, in ainneoin an dianstruis a cuireadh ar an gcóras airgeadais, níor bhain aon Bhallstát AE leas as rialuithe caipitil ar eis-sreafaí airgeadais.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Thacaigh an Pharlaimint go láidir leis na hiarrachtaí ar léirscaoileadh gluaiseachtaí caipitil a spreagadh. Is é tuairim na Parlaiminte, áfach, gur cheart go mbeadh an léirscaoileadh sin níos forbartha in AE i gcomparáid leis an gcuid eile den domhan, chun a áirithiú go mbeadh tosaíocht á tabhairt do choigilteas AE a bheith á úsáid d’infheistíocht AE. Tá sé curtha in iúl aici freisin gur cheart go mbeadh léirscaoileadh iomlán seirbhísí airgeadais agus comhchuibhiú an dlí cánach ina mbonn don léirscaoileadh caipitil chun margadh airgeadais aontaithe de chuid an Aontais a chruthú. Ba mar gheall ar bhrú polaitiúil ón bParlaimint a bhí an Coimisiún in ann reachtaíocht maidir le comhchuibhiú íocaíochtaí intíre agus trasteorann a sheoladh.

Thacaigh an Pharlaimint le seoladh Aontas na Margaí Caipitil. Ghlac sí rún inar cuireadh i bhfáth gur ghá cothroime iomaíochta a bheith ann i measc rannpháirtithe chun feabhas a chur ar leithdháileadh an chaipitil in AE. Iarradh sa rún go gcuirfí deireadh leis na bacainní a bhí ann ar an maoiniú trasteorann, go háirithe i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus go mbeadh ról níos láidre ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) i ndáil le feabhas a chur ar an gcóineasú maoirseachta. I mí Aibreáin 2019, tháinig an Pharlaimint ar chomhaontú maidir le sraith de ghníomhartha reachtacha lenar leagadh bunchlocha Aontas na Margaí Caipitil.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach suíomh gréasáin an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta.

 

Christian Scheinert