Tá rialacha comhchoiteanna leagtha síos chun iarracht a dhéanamh a chinntiú go bhfaighidh paisinéirí leibhéal íosta cúnaimh ar a laghad i gcás moilleanna tromchúiseacha ar a n-aistear nó má chuirtear ar ceal é, gan beann ar an modh iompair a úsáideadh, agus, go háirithe, chun taistealaithe atá níos leochailí a chosaint. Tá foráil sna rialacha maidir le scéimeanna cúitimh freisin. Féadfar, áfach, raon leathan maoluithe le haghaidh seirbhísí iompair iarnróid agus de bhóthar a dheonú, agus tá caingne cúirte a chuireann i gcoinne chur chun feidhme na rialacha fós coitianta.

An bunús dlí

Airteagal 91(1) agus Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuspóirí

Féachann reachtaíocht AE maidir le cearta paisinéirí lena chinntiú go mbeidh leibhéal íosta comhchuibhithe cosanta ag paisinéirí, gan beann ar an modh iompair a úsáidtear, d’fhonn soghluaisteacht a éascú agus daoine a spreagadh le húsáid a bhaint as iompar poiblí.

Torthaí

Le himeacht ama, ghlac AE corpas rialacha atá ceaptha paisinéirí a chosaint, gan beann ar an modh iompair a úsáideann siad. Tógann na rialacha sin ar an reachtaíocht roimhe seo maidir le cosaint do thomhaltóirí[1] agus do shaoirí láneagraithe[2] agus ar na coinbhinsiúin idirnáisiúnta[3] is infheidhme, an Chairt um Chearta Bunúsacha agus na forálacha náisiúnta ábhartha. Mar sin féin, tá sé deacair iad a chur i bhfeidhm, agus go minic, is iad faoi deara cásanna cúirte. Tá ról ceannasach ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir leis na rialacha a léirmhíniú.

Leagann na rialacha síos sraith de chearta bunúsacha is coiteann do gach modh iompair, amhail neamh-idirdhealú, cosaint speisialta do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe[4], faisnéis don lucht taistil, comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe, agus socruithe chun gearáin a láimhseáil.

A. Aeriompar: Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006

Ba é Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 faoi deara roinnt díospóidí agus rinneadh é a shoiléiriú i sraith rialuithe[5].

I gcás nach gceadaítear do phaisinéir bordáil:

  • Ní mór don iompróir daoine a lorg atá toilteanach gan eitilt, agus déanfar na nithe seo a leanas a thairiscint dóibh: (i) suim airgid mar chúiteamh a dhéanfar a chaibidliú go neamhshrianta, agus (ii) an rogha idir aisíocaíocht a fháil laistigh de sheacht lá (agus, más gá, eitilt saor in aisce go dtí an túsphointe imeachta) nó go gcuirfí ar mhalairt slí iad nó leanúint ar aghaidh lena n-aistear a luaithe is féidir, nó ar dháta níos déanaí a chomhaontófar go frithpháirteach;
  • Caithfear na nithe seo a leanas a thairiscint do phaisinéirí nach féidir leo dul ar bord: (i) cúnamh (béile, glaonna teileafóin agus cóiríocht más gá), (ii) an rogha idir aisíocaíocht a fháil laistigh de sheacht lá (agus, más gá, eitilt saor in aisce go dtí an chéad phointe imeachta) nó go gcuirfí ar mhalairt slí iad nó leanúint ar aghaidh lena n-aistear a luaithe is féidir, nó ar dháta níos déanaí a chomhaontófar go frithpháirteach, agus (iii) suim airgid réamhshocraithe mar chúiteamh a íocfar láithreach bonn mar a leanas:

Eitiltí ≤ 1 500 km Eitiltí 1 500-3 500 km
Eitiltí AE ≥ 1 500 km
Eitiltí ≥ 3 500 km
EUR 250 (EUR 125 má chuirtear ar mhalairt slí iad agus má shroichtear an ceann scríbe níos lú ná dhá uair an chloig déanach) EUR 400 (EUR 200 má chuirtear ar mhalairt slí iad agus má shroichtear an ceann scríbe níos lú ná trí uair an chloig déanach) EUR 600 (EUR 300 má chuirtear ar mhalairt slí iad agus má shroichtear an ceann scríbe níos lú ná ceithre uair an chloig déanach)

  • Cúnamh (béile, glaonna teileafóin agus cóiríocht, más gá)[6];
  • Rogha idir (i) aisíocaíocht a fháil laistigh de sheacht lá (agus, más gá, eitilt saor in aisce go dtí an túsphointe imeachta) nó (ii) go gcuirfí ar mhalairt slí iad nó leanúint ar aghaidh lena n-aistear a luaithe is féidir nó (iii) ar dháta níos déanaí a chomhaontófar go frithpháirteach;
  • Cúiteamh láithreach, mar a dhéantar i gcás nach gceadaítear dóibh bordáil, mura rud é gur tugadh fógra don phaisinéir sular cuireadh an eitilt ar ceal[7] nó go bhfuil imthosca urghnácha ann[8].

Moilleanna dhá uair an chloig ar a laghad i gcás eitiltí 1 500 km nó níos giorra, trí uair an chloig ar a laghad i gcás eitiltí idir 1 500 agus 3 500 km agus eitiltí in AE atá níos faide ná 1 500 km, agus ceithre uair an chloig ar a laghad i gcás eitiltí atá níos faide ná 3 500 km:

  • Cúnamh (béile, glaonna teileafóin agus cóiríocht, más gá);
  • I gcás moill níos faide ná trí uair an chloig, ba cheart aisíocaíocht laistigh de sheacht lá a thairiscint do phaisinéirí (agus, más gá, eitilt saor in aisce go dtí an túsphointe imeachta) agus cúiteamh mar a tharlaíonn i gcás cealú[9].

Uasghrádú/íosghrádú:

  • Ní ceadmhach don iompróir íocaíocht bhreise a lorg nuair a dhéanann sé paisinéir a uasghrádú;
  • I gcás ina ndéantar íosghrádú, ní mór don iompróir an paisinéir a aisíoc laistigh de sheacht lá mar a leanas: (i) 30% de phraghas an ticéid i gcomhair eitiltí 1 500 km nó níos giorra, (ii) 50% de phraghas an ticéid i gcomhair eitiltí idir 1 500 agus 3 500 km agus eitiltí in AE atá níos faide ná 1 500 km, agus (iii) 75% i gcomhair eitiltí atá níos faide ná 3 500 km.

Paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

Ba cheart tosaíocht a thabhairt i gcónaí do bhordáil paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad siúd atá á dtionlacan. Nuair nach gceadaítear bordáil, nó i gcás ina gcuirtear eitilt ar ceal nó i gcás ina gcuirtear moill uirthi, gan beann ar fhad na moille, ba cheart cúnamh a thairiscint dóibh i gcónaí (béilí, glaonna teileafóin agus cóiríocht, más gá).

Thíolaic an Coimisiún togra nua lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 i Márta 2013 d’fhonn feabhas breise a chur ar fhorfheidhmiú rialacha AE trí shoiléiriú a dhéanamh ar na príomhphrionsabail agus ar na cearta intuigthe atá ag paisinéirí atá mar thoradh ar go leor díospóidí idir aerlínte agus paisinéirí san am atá thart. Tá próiseas na comhchinnteoireachta fós ar bun agus tá réitigh chríochnaitheacha fós le comhaontú idir an Pharlaimint agus Comhairle AE. Tá togra le haghaidh athbhreithniú ar an gcreat rialála maidir le cearta paisinéirí sceidealaithe do 2023 i gclár oibre 2023 an Choimisiúin.

B. Iompar d’iarnród: Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007

Féadfaidh na Ballstáit maolú ó fhormhór na rialacha seo i gcomhair seirbhísí iarnróid intíre do phaisinéirí (go dtí 2024) agus do sheirbhísí áitiúla (i.e. seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha), agus do sheirbhísí idirnáisiúnta má chuirtear cuid shuntasach den aistear ar fáil lasmuigh de AE[10].

Cealú nó moill os cionn 60 nóiméad:

  • Rogha idir (i) go gcuirfí ar mhalairt slí iad nó leanúint ar aghaidh lena n-aistear a luaithe is féidir, nó (ii) ar dháta níos déanaí a chomhaontófar go frithpháirteach, nó (iii) aisíocaíocht a fháil laistigh de mhí amháin (agus, más gá, aistear saor in aisce go dtí an túsphointe imeachta);
  • I gcás nach ndéanfar aisíocaíocht, is ann i gcónaí don teidlíocht iompair, agus ní mór an aisíocaíocht a dhéanamh laistigh de mhí amháin arna iarraidh sin ag an bpaisinéir (ach amháin má bhí sé nó sí ar an eolas faoin moill sular cheannaigh sé nó sí an ticéad) mar a leanas: 25% de phraghas an ticéid a íocadh i gcás moilleanna idir 60 agus 119 nóiméad agus 50% i gcás moilleanna níos faide;
  • Béile ag an stáisiún nó ar bord na traenach, más féidir, agus cóiríocht, más gá agus indéanta sin;
  • Níl an t-iompróir faoi dhliteanas más imthosca urghnácha faoi deara an chealaithe nó na moille; bíonn cúiteamh dlite i gcónaí, áfach, fiú i gcásanna den sórt sin[11].

Soláthraíonn athmhúnlú Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 a sheol an Coimisiún i mí Mheán Fómhair 2017 an bunús le creat níos soiléire fós a bhunú le haghaidh an chaidrimh idir na hiompróirí agus na custaiméirí. Ba cheart leis an Rialachán seo na rialacha is infheidhme maidir leis an iompar d’iarnród a bhunú chun foráil a dhéanamh do chosaint éifeachtach paisinéirí agus chun an taisteal d’iarnród a spreagadh.

Ghlac an Pharlaimint an Rialachán ar an dara léamh in Aibreán 2021 (Rialacháin (AE) 2021/782). Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún rialachán cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/782 chun simpliú a dhéanamh ar an bpróiseas do phaisinéirí iarnróid le haghaidh aisíocaíocht nó cúiteamh a iarraidh trí fhoirm chaighdeánach a chruthú i gcás ina gcuirtear moill ar sheirbhísí iarnróid nó ina gcuirtear ar ceal iad.

C. Iompar muirí agus ar uiscebhealaí intíre: Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010

Ní féidir cearta paisinéirí atá ag taisteal ar an bhfarraige nó ar uiscebhealach intíre (i gcomhair turais atá níos faide ná 500 m, ag baint úsáid as soithí innealta a iompraíonn níos mó ná 12 phaisinéir agus triúr den fhoireann) a fhorfheidhmiú ach amháin má (i) tá an calafort bordála nó (ii) an calafort cinn scríbe suite in AE agus más iompróir AE atá i mbun na seirbhíse. Ní mór do phaisinéirí ar long chúrsála dul ar bord ag calafort in AE chun tairbhe a bhaint as na cearta sin agus ní chumhdaítear iad faoi roinnt de na forálacha maidir le moilleanna.

Cealú nó moill os cionn 90 nóiméad tráth an imeachta:

  • Ba cheart paisinéirí a chur ar an eolas faoin moill nó faoin gcealú tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis an am imeachta sceidealta;
  • Ba cheart rogha idir (i) go gcuirfí ar mhalairt slí iad nó leanúint ar aghaidh lena n-aistear a luaithe is féidir, nó (ii) aisíocaíocht a fháil laistigh de sheacht lá (agus, más gá, aistear saor in aisce go dtí an túsphointe imeachta) a thairiscint;
  • Cúnamh (ach amháin má cuireadh an paisinéir ar an eolas faoin moill sular cheannaigh sé an ticéad): béilí, más féidir, agus cóiríocht ar bord nó i dtír, más gá; tá cóiríocht i dtír srianta go trí oíche ag costas EUR 80 an oíche; ní gá cóiríocht a chur ar fáil más drochaimsir atá faoi deara an chealaithe nó na moille.

Moill shuntasach ar theacht isteach:

Ba cheart cúiteamh a íoc laistigh de mhí amháin ar iarratas ón bpaisinéir (ach amháin má bhí sé nó sí ar an eolas faoin moill sular cheannaigh sé nó sí an ticéad nó más drochaimsir nó force majeure atá faoi deara na moille) mar a leanas:

Cúiteamh 25% de phraghas an ticéid a íocadh 50% de phraghas an ticéid a íocadh
Aistear ≤ 4 uair an chloig Moill ≥ 1 uair an chloig Moill ≥ 2 uair an chloig
Aistear 4 go 8 n-uair an chloig Moill ≥ 2 uair an chloig Moill ≥ 4 uair an chloig
Aistear 8 go 24 uair an chloig Moill ≥ 3 uair an chloig Moill ≥ 6 uair an chloig
Aistear ≥ 24 uair an chloig Moill ≥ 6 uair an chloig Moill ≥ 12 uair an chloig

Ní féidir cearta paisinéirí atá ag taisteal ar bhus nó ar chóiste a fhorfheidhmiú ina n-iomláine ach amháin ar sheirbhísí rialta níos mó ná 250 km i gcás ina dtéann na paisinéirí ar bord nó ina dtuirlingíonn siad i gcríoch Ballstáit[12].

Cealú nó moill os cionn 120 nóiméad tráth an imeachta:

  • Ba cheart paisinéirí a chur ar an eolas faoin moill nó faoin gcealú tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis an am imeachta sceidealta;
  • Ba cheart rogha idir (i) go gcuirfí ar mhalairt slí iad nó leanúint ar aghaidh lena n-aistear a luaithe is féidir, nó (ii) aisíocaíocht a fháil laistigh de 14 lá (agus, más gá, aistear saor in aisce go dtí an túsphointe imeachta) a thairiscint; mura ndéanfaidh an t-iompróir an rogha sin a thairiscint don phaisinéir, caithfear aisíocaíocht a dhéanamh leis an bpaisinéir agus tá an ceart aige nó aici freisin cúiteamh arb ionann é agus 50% de phraghas an ticéid a fháil, atá le híoc laistigh de mhí amháin;
  • I gcomhair aistir atá níos faide ná trí uair an chloig, má tá an tseirbhís 90 nóiméad déanach, caithfear cúnamh a thairiscint (béilí agus cóiríocht, más gá, i gcomhair dhá oíche ar a mhéad ag luach EUR 80 an oíche); ní gá cóiríocht a chur ar fáil más drochaimsir nó tubaiste nádúrtha faoi deara an cealú nó an mhoill.

Freagairt ar ghéarchéim COVID-19

Spreag scaipeadh COVID-19 an Coimisiún le Treoirlínte Léirmhínitheacha a ghlacadh faoi na rialacháin ó AE maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs staid COVID-19 a bhí ag forbairt an 18 Márta 2020, inar mheabhraigh sé go bhfuil an ceart ag paisinéirí rogha a dhéanamh idir aisíocaíocht agus malairt slí. An 13 Bealtaine 2020, ghlac an Coimisiún moladh breise maidir le dearbháin a thairgtear do phaisinéirí agus do thaistealaithe mar mhalairt ar aisíocaíocht ar sheirbhísí taistil agus iompair láneagraithe a cuireadh ar ceal i gcomhthéacs phaindéim COVID-19.

An 23 Bealtaine 2022, ghlac an Coimisiún an ‘Plean teagmhasach iompair’ chun ceachtanna a fhoghlaim ó phaindéim COVID-19 agus chun na dúshláin atá roimh an earnáil iompair mar gheall ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chur san áireamh. Bhí tionchar mór ag an dá ghéarchéim sin ar iompar earraí agus daoine.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Bhí an Pharlaimint ina crann taca i gcónaí do chearta paisinéirí gan beann ar an modh iompair a úsáideadh. Is é an príomhchuspóir atá aici anois ná a chinntiú go ndéanfar na téacsanna a glacadh le blianta beaga anuas a chur i bhfeidhm go cuí. Dá bhrí sin, d’éiligh an Pharlaimint go mbeadh rialacha ann atá níos furasta a thuiscint, go ndéanfaí faisnéis shoiléir agus chruinn a sholáthar do phaisinéirí roimh a n-aistear agus lena linn, go mbeadh nósanna imeachta gearáin atá díreach agus tapa ann, agus go ndéanfaí na rialacha atá ann cheana a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr.

Tá an Pharlaimint i bhfách freisin leis na cearta atá ann cheana a fheabhsú, go háirithe maidir le téarmaí míthreoracha nó éagóracha i gconarthaí iompair, agus rochtain ar bhonneagar iompair do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a fheabhsú agus cearta nua a thabhairt isteach, amhail caighdeáin cháilíochta íosta nó rialacha de chineál a thabharfadh cosaint do phaisinéirí atá ar aistir ilmhódacha. Chuirfeadh an pointe deireanach sin de cheangal ar na Ballstáit staonadh ó mhaoluithe a dhéanamh nuair a bhíonn na rialacha maidir le hiompar de bhóthar nó d’iarnród á gcur i bhfeidhm acu.

Na príomhchinntí ó Pharlaimint na hEorpa i dtaca le cearta paisinéirí:

  • Rún an 25 Samhain 2009 maidir le cúiteamh do phaisinéirí i gcás féimheacht aerlíne;
  • Rún an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le soghluaisteacht agus cuimsiú daoine faoi mhíchumas agus an Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020;
  • Rún an 29 Márta 2012 maidir le feidhmiú agus cur i bhfeidhm na gceart bunaithe do dhaoine atá ag taisteal d’aer;
  • Rún an 23 Deireadh Fómhair 2012 maidir le cearta paisinéirí i ngach modh iompair;
  • Rún reachtach an 5 Feabhra 2014 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu agus Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 maidir le dliteanas aeriompróra i ndáil le hiompar paisinéirí agus a gcuid bagáiste d’aer;
  • Rún an 7 Iúil 2015 maidir le ticéadú comhtháite ilmhódach san Eoraip a thabhairt i gcrích;
  • Rún an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac, inar iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún a chinntiú gur cuireadh chun feidhme go cuí na Treoirlínte Léirmhínitheacha uaidh faoi na rialacháin ó AE maidir le cearta paisinéirí i gcomhthéacs staid COVID-19 a bhí ag forbairt, a foilsíodh an 18 Márta 2020;
  • Rún an 13 Nollaig 2022 maidir leis an bplean gníomhaíochta chun borradh a chur faoi sheirbhísí fadraoin agus trasteorann iarnróid do phaisinéirí. D’iarr an Pharlaimint go n-áiritheofaí cosaint aonfhoirmeach do chearta paisinéirí i ngach modh iompair éagsúil.

 

[1]Áirítear sna rialacha sin Treoir 93/13/CEE maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí le tomhaltóirí, Treoir 2005/29/CE maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnó le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach, Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar i gcosaint tomhaltóirí, agus Treoir 2011/83/AE maidir le cearta tomhaltóirí.
[2]Treoir 90/314/CEE maidir le taisteal láneagraithe, saoirí láneagraithe agus turais láneagraithe. Ón 1 Iúil 2018, tháinig treoir nua in ionad an téacs sin (lena n-áirítear na forálacha ábhartha de Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE) a chuireann i gcuntas an ról ceannasach atá ag an idirlíon i dtaca le margaíocht do shaoirí láneagraithe (Treoir (AE) 2015/2302 an 25 Samhain 2015).
[3]Rinneadh na rialacha maidir le dliteanas aeriompróirí i gcás tionóiscí a thabhairt i gcomhréir leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta iomchuí: Coinbhinsiún Montréal maidir le haeriompar (rinneadh é a thrasuí i ndlí AE le Rialachán (CE) Uimh. 889/2002 agus, ag an am céanna, leathnaíodh na forálacha tuilleadh chun go gcumhdófaí eitiltí intíre); Coinbhinsiún na hAithne maidir le hiompar muirí (rinneadh forálacha ábhartha a thrasuí i ndlí AE le Rialachán (CE) Uimh. 392/2009 agus, ag an am céanna, leathnaíodh na forálacha tuilleadh chun go gcumhdófaí iompar intíre); An Coinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (rinneadh forálacha ábhartha a thrasuí i ndlí AE le Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 agus, ag an am céanna, leathnaíodh na forálacha tuilleadh chun go gcumhdófaí iompar intíre). I gcásanna nach bhfuil cumhdaithe faoi na coinbhinsiúin sin nó a dtrasuí i ndlí AE, beidh feidhm ag na forálacha náisiúnta ábhartha (iompar de bhus nó de chóiste agus iompar d’uiscebhealaí intíre).
[4]Ba cheart do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, mar shampla, cúnamh iomchuí a fháil gan ceangal a bheith orthu táillí breise a íoc – ar choinníoll gur cuireadh an t-iompróir ar an eolas roimh ré: 36 uair an chloig roimh an am fágála d’iompar de bhus nó de chóiste agus 48 uair an chloig roimh ré do gach modh iompair eile.
[5]I mí an Mhárta 2013, mhol an Coimisiún gur cheart na rialacha sin a shoiléiriú (agus gur cheart go háirithe an sainmhíniú ar ‘imthosca neamhghnácha’ a fheabhsú) chun cur i bhfeidhm na rialacha a éascú. Tá an togra fós á phlé agus rinneadh an chéad léamh air sa Pharlaimint an 5 Feabhra 2014 (IO C 93, 24.3.2017, lch. 336). Idir an dá linn, ghlac an Coimisiún léirmhíniú ar na rialacha atá i bhfeidhm faoi láthair ar bhonn chásdlí an 10 Meitheamh 2016.
[6]Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil an cúnamh dlite gan beann ar na forais atá leis an gcealú, agus gan teorainn ama nó teorainn airgid ar bith seachas i gcás na gcostas arna dtabhú iarbhír ag an bpaisinéir.
[7]Dhá sheachtain ar a laghad roimh dháta na heitilte. Féadfar an tréimhse ama sin a ghiorrú i gcás ina gcuirtear paisinéir ar mhalairt slí.
[8]Chuir cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh srian leis sin ach amháin do chásanna force majeure.
[9]D’admhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur féidir paisinéirí ar cuireadh moill níos mó ná trí uair an chloig ar a n-eitiltí a chur i gcomparáid le paisinéirí ar cuireadh a n-eitiltí ar ceal. D’fhoráil Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 don fhéidearthacht aisíocaíocht a fháil i gcomhair moilleanna os cionn cúig uair an chloig, agus don fhéidearthacht sin amháin.
[10]In 2017, mhol an Coimisiún an rialachán a leasú d’fhonn srian a chur le húsáid maoluithe náisiúnta. Tá an togra á mheas ag an údarás reachtach.
[11]In 2013, rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go bhfuil paisinéirí iarnróid i dteideal aisíocaíocht a fháil ar chuid de luach a dticéid i gcás moill shuntasach, fiú más rud é gur force majeure atá faoi deara na moille sin (C-509/11). Faoin togra lena leasaítear an rialachán, a thíolaic an Coimisiún in 2017, chuirfí deireadh le cúiteamh uathoibríoch den sórt sin.
[12]Baineann cearta áirithe le seirbhísí rialta a chlúdaíonn achar gearr (faisnéis do phaisinéirí, neamh-idirdhealú, rochtain do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe) nó le seirbhísí ócáideacha (neamh-idirdhealú, cúiteamh i gcás tionóisce nó díobháil do threalamh soghluaisteachta do phaisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe).

Davide Pernice