Prionsabail ghinearálta bheartas tionsclaíoch AE

Is é an cuspóir atá ag beartas tionsclaíoch AE ná tionscal na hEorpa a dhéanamh níos iomaíche ionas gur féidir leis fanacht i dtús cadhnaíochta ag spreagadh fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus fostaíochta san Eoraip. Mar thoradh ar an aistriú digiteach agus ar an aistriú i dtreo geilleagair atá neodrach ó thaobh carbóin de, glacadh straitéisí éagsúla chun dálaí creata níos fearr a áirithiú do thionscal AE. Spreag tionchar phaindéim COVID-19 agus tionchar an chogaidh san Úcráin smaointe nua ar théarnamh eacnamaíoch, ar atógáil agus ar athléimneacht a fhothú.

Bunús Dlí

Airteagal 173 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuspóirí

Is dual do bheartas tionsclaíoch a bheith cothrománach agus tá sé mar aidhm aige dálaí creata atá fabhrach don iomaíochas tionsclaíoch a dhaingniú. Tá sé comhtháite go domhain i roinnt beartas eile AE amhail iad siúd a bhaineann le trádáil, an margadh inmheánach, taighde agus nuálaíocht, fostaíocht, cosaint an chomhshaoil, cosaint agus sláinte phoiblí. Tá beartas tionsclaíoch an Aontais Eorpaigh dírithe go sonrach ar na nithe seo a leanas: (1) ‘oiriúnú an tionscail d’athruithe struchtúracha a bhrostú’; (2) ‘timpeallacht a chothú atá fabhrach don tionscnamh agus d’fhorbairt ghnóthas ar fud an Aontais, go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide’; (3) ‘timpeallacht a chothú atá fabhrach do chomhar idir gnóthais’; agus (4) ‘taobhú le hacmhainneacht thionsclaíoch beartas nuála, taighde agus forbartha teicneolaíche a shaothrú níos fearr’ (Airteagal 173 CFAE).

A bhfuil bainte amach

A. Réamhrá

Tá sé mar chuspóir ag ionstraimí bheartas tionsclaíoch AE na dálaí ginearálta a chruthú inar féidir le fiontraithe agus le gnólachtaí dul san fhiontar agus a smaointe agus deiseanna a shaothrú. Mar sin féin, ba cheart don bheartas tionsclaíoch riachtanais shonracha agus saintréithe sonracha na n-earnálacha ar leithligh a chur san áireamh. Déanann na Tuarascálacha bliantúla maidir le hIomaíochas Eorpach anailís ar láidreachtaí agus ar laigí gheilleagar AE i gcoitinne agus ar thionscal AE go háirithe, agus tig leis tús a chur le tionscnaimh beartais trasearnála nó earnála.

B. I dtreo beartas comhtháite tionsclaíoch

Cé gur dhírigh institiúidí an Aontais sna 1980idí agus na 1990idí go príomha ar mhargadh aonair a chruthú, nuair a bunaíodh Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus nuair a méadaíodh AE, cuireadh an bhéim ar bheartas tionsclaíoch. I nDeireadh Fómhair 2005, i dteachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Implementing the Community Lisbon Programme: A policy framework to strengthen EU manufacturing – towards a more integrated approach for industrial policy’ [Clár Comhphobail Liospóin a chur chun feidhme: creat beartais chun monaraíocht AE a neartú – i dtreo cur chuige níos comhtháite maidir le beartas tionsclaíoch] (COM(2005)0474), leagadh amach an chéad chur chuige comhtháite riamh de chuid an Aontais maidir le beartas tionsclaíoch bunaithe ar chlár oibre nithiúil de thionscnaimh trasearnála agus earnála.

Sna blianta ina dhiaidh sin, dhírigh na príomhghníomhaíochtaí a rinneadh, i measc nithe eile, ar inbhuanaitheacht an tomhaltais agus an táirgthe a áirithiú (COM(2008)0397), rochtain ar amhábhair chriticiúla neamhfhuinnimh a chothú (COM(2008)0699), agus eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin (ETCanna) a úsáid laistigh dá chreat beartais (COM(2009)0512).

C. Ón straitéis Eoraip 2020 go dtí an Straitéis Thionsclaíoch Nua

In 2010, cuireadh an straitéis ‘Eoraip 2020’ don fhás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (COM(2010)2020)) in ionad Straitéis Liospóin. Chuir an straitéis nua seacht dtionscnamh shuaitheanta ar aghaidh, agus díríonn ceithre cinn acu ar thionscal AE a dhéanamh níos iomaíche: ‘An tAontas Nuálaíochta’ (COM(2010)0546); "clár digiteach don Eoraip", (COM(2010) 0245); ‘Beartas tionsclaíoch comhtháite do ré an domhandaithe’ (COM(2010)0614); agus ‘Scileanna Nua do Phoist Nua’ (COM(2008)0868). D’éiligh an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Beartas Tionsclaíoch: Iomaíochas a neartú’ (COM(2011)0642), a glacadh in 2011, athchóirithe struchtúracha doimhne chomh maith le beartais chomhleanúnacha agus chomhordaithe ar fud na mBallstát chun iomaíochas eacnamaíoch agus tionsclaíoch AE a fheabhsú agus fás eacnamaíoch fadtéarmach inbhuanaithe a chothú.

In 2012, d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal ‘A Stronger European Industry for Growth and Economic Recovery – Industrial Policy Communication Update’ [Tionsclaíocht láidir Eorpach don Fhás agus don Téarnamh Eacnamaíoch — Nuashonrú ar an teachtaireacht um Beartas tionsclaíoch] (COM(2012)0582), chun go dtacófaí le hinfheistíocht sa nuálaíocht, dírithe ar shé réimse tosaíochta a bhfuil acmhainn mhór acu: teicneolaíochtaí ardmhonaraíochta le haghaidh táirgeadh glan; eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin; táirgí bithbhunaithe; beartas tionsclaíoch agus tógála inbhuanaithe agus amhábhair inbhuanaithe; feithiclí glana agus soithí glana; agus eangacha cliste.

In 2014, sheol an Coimisiún teachtaireacht dar teideal For a European Industrial Renaissance’ [I gcomhair Athbheochan Tionsclaíoch Eorpach] (COM(2014)0014). Dhírigh an teachtaireacht sin ar mheath tionsclaíoch a chúlú agus an sprioc 20% OTI do ghníomhaíochtaí monaraíochta a bhaint amach faoi 2020. Chomhlánaigh teachtaireacht in 2016 dar teideal ‘Digitising European Industry – Reaping the full benefits of a Digital Single Market’ [Tionsclaíocht na hEorpa a Dhigitiú – leas iomlán a bhaint as margadh aonair digiteach] (COM(2016)0180) an beartas sin. Dhírigh an teachtaireacht sin ar chlaochlú digiteach agus thug sí aghaidh ar dhúshláin ghaolmhara amhail cistiú, caighdeánú TFC, mórshonraí agus scileanna. Thairis sin, bhí sé mar aidhm ag an Tionscnamh um Ghnólachtaí Nuathionscanta agus um Ghnólachtaí atá i mbun Fáis (COM(2016)0733), a seoladh in 2016, gach deis is féidir a thabhairt d’fhiontraithe nuálacha iomadúla na hEorpa chun cuideachtaí a bheidh ina gceannairí domhanda a thógáil.

Cuireadh tionscail amhail TFC, stroighin, teicstílí agus ceimiceáin san áireamh sa treochlár fairsing maidir le príomhghníomhaíochtaí a tugadh isteach in 2019 leis an teachtaireacht ón gCoimisiún ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640), arbh é ab aidhm dó tionscal a shlógadh le haghaidh geilleagar glan agus ciorclach. Sa teachtaireacht ón gCoimisiún ar a chéad chlár oibre Bliantúil (COM(2020)0037), Eanáir 2020, chuir an Coimisiún béim ar an bhfíoras go gcuirfí borradh faoi staid an Aontais mar cheannaire digiteach trí Straitéis Eorpach maidir le Sonraí agus Páipéar Bán maidir le hIntleacht Shaorga. I Márta 2020, thíolaic an Coimisiún an teachtaireacht ‘A New Industrial Strategy for Europe’ [Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip] (COM(2020)0102) chun cabhrú le tionscal na hEorpa na haistrithe dúbailte i dtreo na haeráidneodrachta agus na ceannaireachta digití a stiúradh agus chun iomaíochas agus uathriail straitéiseach na hEorpa a neartú.

Mar sin féin, seoladh an straitéis tréimhse a bhí comhuaineach le briseadh amach phaindéim COVID-19 agus tharla sé sular cuireadh plean Next Generation EU ar bun. Mar gheall air sin, ní raibh údair na straitéise in ann tionchar na paindéime ar thionscail an Aontais a chur san áireamh. Mar fhreagairt ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 ar shlabhraí soláthair tionsclaíocha agus ar iomaíochas AE, ghlac an Pharlaimint a rún ó mhí Aibreáin 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac. I mí na Samhna 2020, d’iarr FPEnna ar an gCoimisiún straitéis thionsclaíoch athbhreithnithe a thíolacadh.

Thug an Coimisiún an Straitéis Thionsclaíoch don Eoraip (COM(2021)0350) cothrom le dáta i mí na Bealtaine 2021, agus béim á leagan ar athléimneacht mhargadh aonair an Aontais, ar spleáchais an Aontais i bpríomhréimsí straitéiseacha agus tacaíocht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do ghnólachtaí nuathionscanta, chomh maith le béim ar dhlús a chur leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach. I mí Mheán Fómhair 2020, bhí Plean Gníomhaíochta maidir le hAmhábhair Chriticiúla glactha ag an gCoimisiún cheana féin, lenar áiríodh staidéar fadbhreathnaitheachta ar amhábhair chriticiúla le haghaidh teicneolaíochtaí straitéiseacha agus earnálacha straitéiseacha faoi 2030 agus 2050.

I mí Feabhra 2021, thíolaic an Coimisiún Plean Gníomhaíochta maidir le Sineirgí idir an tionscal sibhialta, an tionscal cosanta agus tionscal an spáis (COM(2021)0070) chun tuilleadh feabhais a chur ar bhuntáiste teicneolaíochta na hEorpa agus chun tacú lena bonn tionsclaíoch. Is é is aidhm dó nuálaíocht na hEorpa a threisiú trí iniúchadh a dhéanamh ar ionchas suaiteach teicneolaíochtaí ag an gcomhéadan idir úsáidí cosanta, úsáidí an spáis agus úsáidí sibhialta, amhail an néal, próiseálaithe, cibearobair, teicneolaíocht chandamach agus intleacht shaorga.

D. Ré na Glan-nialasachta

Chuir an Coimisiún ‘Green Deal Industrial Plan for the Net-Zero Age’ [Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais do Ré na Glan-nialasachta] (COM(2023)0062) i láthair an 1 Feabhra 2023, ina leagtar amach cur chuige Eorpach chun borradh a chun borradh a chur faoi thionscal glan-nialasachta an Aontais Eorpaigh trí bhíthin na nithe seo a leanas:

.  Bearta chun iomaíochas thionscal glan-nialasachta an Aontais a fheabhsú.

Cuimsíonn na bearta sin na trí thogra reachtacha seo a leanas, a thíolaic an Coimisiún an 14 Márta 2023:

i.  an ‘gníomh um an tionscal glan-nialasachta’ an 16 Márta 2023 (COM(2023)0161), arb é is aidhm dó simpliú a dhéanamh ar an gcreat rialála le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí a tháirgeadh, spriocanna a leagan síos d’acmhainneacht thionsclaíoch an Aontais in 2030, mearphróisis cheadaithe a chur chun cinn, forbairt caighdeán Eorpach le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí a chur chun cinn agus údaráis phoiblí a spreagadh chun teicneolaíochtaí níos glaine a cheannach trí sholáthar poiblí.

ii.  an ‘gníomh um amhábhair chriticiúla’ an 16 Márta 2023 (COM(2023)0160), arb é is aidhm dó slándáil an tsoláthair a fheabhsú le haghaidh na n-amhábhar is gá chun an t-aistriú glan-nialasach a áirithiú.

iii.  Athchóiriú ar dhearadh an mhargaidh leictreachais, chun an margadh a dhéanamh níos athléimní, chun tionchar na bpraghsanna gáis ar bhillí leictreachais a laghdú agus chun tacú leis an aistriú fuinnimh.

.  Bearta chun rochtain ar mhaoiniú poiblí náisiúnta/AE, agus ar mhaoiniú príobháideach, a mhéadú agus a bhrostú.

Is é is aidhm don Chreat Sealadach um Ghéarchéim agus Aistriú le haghaidh Státchabhrach deonú státchabhrach a shimpliú le haghaidh úsáidí fuinnimh in-athnuaite agus dícharbónú na bpróiseas tionsclaíoch, rud a thabharfaidh an rogha do na Ballstáit leibhéil níos airde cabhrach a dheonú chun teicneolaíochtaí straitéiseacha glan-nialasacha a tháirgeadh chun an chabhair a fhaigheann iomaitheoirí atá lonnaithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas a mheaitseáil. D’fhormhuinigh an Coimisiún freisin leasú ar an Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (GBER), lena dtugtar níos mó solúbthachta do na Ballstáit bearta tacaíochta a dhearadh agus a chur chun feidhme i bpríomhearnálacha don tionscal glan-nialasachta, gan formheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré.

Áirítear freisin le cur chuige ré na glan-nialasachta bearta chun lucht saothair atá oilte go cuí a fhorbairt agus bearta maidir le comhar domhanda agus trádáil idirnáisiúnta.

E. Cláir thacaíochta AE

Faoi láthair, rannchuidíonn líon mór beartas, clár agus tionscnamh, a chumhdaíonn raon leathan réimsí, le beartas tionsclaíoch AE. Samplaí de thionscnaimh le himchlúdach buiséid ná: an beartas comhtháthaithe, Fís Eorpach (2021-2027), an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa agus Clár AE um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (COSME). In éineacht leis sin, bhí sé mar aidhm ag an bPlean Infheistíochta don Eoraip agus ag an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) EUR 500 billiún ar a laghad in infheistíocht phríobháideach agus in infheistíocht phoiblí a shlógadh faoi 2020. Dhá thosaíocht a fheictear arís is arís ar fud na gclár sin ná FBManna agus nuálaíocht.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Den chéad uair riamh, bhí saincheisteanna i dtaca le beartas tionsclaíoch mar chuid de na hathruithe a rinneadh in Maastricht ar Chonradh CE – ar éacht é arb iad tionscnaimh ag an bParlaimint ba shiocair leis. Chabhraigh siad atheagrú ar an earnáil cruach a spreagadh agus d’éiligh siad go mbeadh beartas tionsclaíoch níos dinimiciúla ann. Ó shin i leith, ghlac an Pharlaimint le hiliomad rún a neartaigh tuilleadh beartas tionsclaíoch an Aontais Eorpaigh. Liostaítear roinnt de na cinn is déanaí thíos:

  • rún uaithi an 9 Márta 2011 maidir le Beartas Tionsclaíoch do Ré an Domhandaithe, d’áitigh an Pharlaimint ar an gCoimisiún béim níos mó a chur ar athnuachan tionsclaíoch, iomaíochas agus inbhuanaitheacht, agus chun straitéis tionsclaíochta AE uaillmhianach, éicéifeachtúil agus ghlas a fhorbairt;
  • rún uaithi an 26 Deireadh Fómhair 2011 maidir leis an gClár Oibre do Scileanna Nua agus Poist inar cuireadh béim ar an tábhacht a bhaineann le comhar níos dlúithe a fhorbairt idir institiúidí taighde agus tionscail;
  • rún uaithi an 4 Feabhra 2014 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta do thionscal cruach atá iomaíoch agus inbhuanaithe san Eoraip;
  • rún uaithi an 9 Meitheamh 2016 maidir le hiomaíochas thionscal soláthair iarnróid na hEorpa,
  • rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2017 maidir le Straitéis Spáis don Eoraip;
  • rún uaithi an 12 Feabhra 2019 ar bheartas tionsclaíoch cuimsitheach Eorpach maidir le hintleacht shaorga agus róbataic;
  • rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac;
  • cinneadh uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir le coiste speisialta um an intleacht shaorga i ré dhigiteach a chur ar bun, lena n-áirítear an bhréagaisnéis, agus lena sainítear a fhreagrachtaí, a neart uimhriúil agus a théarma oifige;
  • rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip;
  • rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le cur chun feidhme na Straitéise Nua Tionsclaíochta nuashonraithe don Eoraip: ag ailíniú caiteachas le beartas;
  • rún uaithi an 18 Eanáir 2023 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta – tuarascáil bhliantúil 2022, inar cuireadh in iúl gur díol sásaimh di an fógra ón gCoimisiún go dtíolacfaidh sé straitéis spáis don tslándáil agus don chosaint;
  • rún uaithi an 16 Feabhra 2023 maidir le straitéis de chuid an Aontais chun borradh a chur faoin iomaíochas tionsclaíoch, faoin trádáil agus faoi phoist ardcháilíochta, inar luadh gur cheart straitéis tionsclaíochta na hEorpa a cheapadh chun ceannaireacht Eorpach a dhaingniú i dteicneolaíochtaí fuinnimh ghlain agus chun feabhas a chur ar an mbonn tionsclaíoch atá ann cheana chun poist ardcháilíochta agus fás eacnamaíoch a chur ar fáil do gach Eorpach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach.
  • seasamh uaithi an 14 Meán Fómhair 2023, lena nglactar leasuithe ar an rialachán atá beartaithe maidir le creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach suíomh gréasáin an Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh.

 

Corinne Cordina