Fiontair bheaga agus mheánmhéide

Is micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) iad 99 % de na cuideachtaí in AE. Is é is aidhm le cláir ghníomhaíochta éagsúla a glacadh ná feabhas a chur ar iomaíocht FBManna trí thaighde agus nuálaíocht, agus rochtain níos fearr ar mhaoiniú a chur ar fáil. Tá neodracht carbóin agus an t-aistriú digiteach curtha san áireamh freisin i straitéisí chun dálaí níos fearr a áirithiú do FBManna. Thairis sin, de bharr an mhéid a thit amach le déanaí ó thaobh na geopholaitíochta de, spreagadh smaointeoireacht nua i ndáil le téarnamh eacnamaíoch, atógáil agus athléimneacht FBManna a fhorbairt.

An bunús dlí

Feidhmíonn FBManna ar an leibhéal náisiúnta go príomha, mar nach bhfuil mórán acu páirteach i ngnó trasteorann laistigh de AE. Mar sin féin, bíonn tionchar ag reachtaíocht AE ar FBManna i réimsí éagsúla, amhail cánachas (Airteagail 110 go 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)), iomaíocht (Airteagail 101 go 109 CFAE) agus dlí na gcuideachtaí (ceart bunaíochta – Airteagail 49 go 54 CFAE). Is féidir teacht ar shainmhíniú an Choimisiúin maidir le FBManna i Moladh 2003/361/CE.

Cuspóirí

Fostaíonn FMBanna tuairim is 100 milliún duine agus is foinse ríthábhachtach fiontraíochta agus nuálaíochta iad, atá ríthábhachtach d’iomaíochas chuideachtaí an Aontais. Tá sé mar aidhm le beartas AE do FBManna a áirithiú go mbeidh beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais báúil do ghnólachtaí beaga agus go rannchuideoidh siad chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí mar áit chun cuideachta a chur ar bun agus gnó a dhéanamh.

A bhfuil bainte amach

A. An tAcht um Ghnólachtaí Beaga (SBA)

I Meitheamh 2008, chuir an Coimisiún tionscnamh cuimsitheach maidir le FBManna chun cinn, i bhfoirm Teachtaireacht maidir leis an Acht um Ghnólachtaí Beaga (SBA). Bhí sé mar aidhm aici creat beartais nua a chruthú lena gcomhtháthófar na hionstraimí a bhí ann cheana agus lena gcuirfí leis an gCairt Eorpach um Ghnóthais Bheaga agus le Beartas FBM Comhaimseartha um Fhás agus Fostaíocht. Ghlac sé ‘cur chuige comhpháirtíochta polaitiúla le Ballstáit’ seachas cur chuige Comhphobail lánfheidhme a mholadh.

1. Rialáil chliste

Tá sé mar ardtosaíocht ag an gCoimisiún in SBA gearradh siar ar mhaorlathas. Ba mhór an cúnamh do ghnólachtaí beaga iad an leasú ar an Treoir maidir le hÍocaíochtaí Déanacha (a cheanglaíonn ar údaráis phoiblí íocaíochtaí a dhéanamh laistigh de 30 lá, a bhíonn mar ráthaíocht slándála ag FBManna) agus an Treoir maidir le r-shonrascú (a thugann stádas do r-shonraisc atá comhionann le sonraisc ar pháipéar). Ina theannta sin, ciallaíonn an nuachóiriú ar bheartas AE um sholáthar poiblí go bhfuil ualach riaracháin níos éadroime ar FBManna agus iad i mbun rochtana ar sholáthar poiblí agus go bhfuil deiseanna níos fearr acu tairiscintí comhpháirteacha a dhéanamh. Leis an gcur chuige céanna déantar simpliú ar na hoibleagáidí a bhaineann le tuairisciú airgeadais agus laghdú ar ualaí riaracháin do FBManna trí nuachóiriú a dhéanamh ar sholáthar poiblí in AE agus ar an Treoir Chuntasaíochta araon (Treoir 2013/34/AE anois).

Sa Teachtaireacht maidir le ‘Better Regulation: Joining forces to make better laws’ [Rialáil níos fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh], i mí Aibreáin 2021, rinne an Coimisiún an cur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ a thabhairt isteach le haghaidh ceapadh beartas ar leibhéal AE, lena ndírítear aird lucht ceaptha beartas níos dlúithe ar na himpleachtaí agus ar na costais a bhaineann le reachtaíocht a chur i bhfeidhm, go háirithe do FBManna. Ba é ab aidhm leis an gcur chuige sin an t-ualach riaracháin nua a eascraíonn as tograí reachtacha an Choimisiúin a chúiteamh trí líon coibhéiseach ualaí atá ann cheana a laghdú.

2. Rochtain ar mhaoiniú

Theip ar mhargaí airgeadais go minic an maoiniú a theastaigh ó FBManna a chur ar fáil dóibh. Tá roinnt dul chun cinn déanta maidir le feabhas a chur ar infhaighteacht maoinithe agus creidmheasa do FBManna trí iasachtaí, ráthaíochtaí agus caipiteal fiontair a sholáthar. Tá dlús curtha ag na hinstitiúidí airgeadais Eorpacha – an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) – lena n-oibríochtaí a bhaineann le FBManna.

I mí na Samhna 2011, mhol an Coimisiún ‘Plean Gníomhaíochta chun rochtain ar mhaoiniú do FBManna a fheabhsú’. I measc nithe eile, áiríodh tionscnaimh bheartais sa phlean gníomhaíochta chun rochtain ar mhargaí caipitil fiontair a éascú do FBManna.

3. FBManna sa mhargadh aonair

In SBA agus sna teachtaireachtaí ón gCoimisiún dar teidil ‘I dTreo Gníomh um an Margadh Aonair – Do gheilleagar sóisialta margaidh an-iomaíoch’, agus ‘Gníomh um an Margadh Aonair IIcuirtear béim ar an ngá atá le feabhas leantach ar dhálaí an chreata do ghnólachtaí sa mhargadh aonair. Tá tionscnaimh agus bearta éagsúla ann nó beartaithe chun éascú a dhéanamh ar bhunú agus ar fheidhmiú FBManna sa mhargadh inmheánach. Deonaíodh maoluithe do FBManna in go leor réimsí, amhail rialacha iomaíochta, cánachas agus dlí na gcuideachtaí.

4. Beartas iomaíochta

Le fada an lá, caitear go fabhrach le FBManna i mbeartas Státchabhrach AE agus tugtar aitheantas do na deacrachtaí speisialta a bhíonn os a gcomhair. In 2014, ghlac an Coimisiún Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine athbhreithnithe do Státchabhair (Rialachán (AE) Uimh. 651/2014). Ceann de na codanna sa nuachóiriú ar státchabhair ba ea an tsolúbthacht mhéadaithe a thugtar do Bhallstáit chun státchabhair a dheonú gan réamhfhógra ná réamhcheadú ón gCoimisiún, ar choinníoll gur comhlíonadh coinníollacha ar leith. Ar bhonn an Rialacháin sin, bhí FBManna in ann tacaíocht phoiblí suas le EUR 7.5 milliún a fháil.

B. Líonraí AE do FBManna

I measc samplaí de líonraí atá dírithe ar FBManna áirítear, i dtús báire, seirbhísí tacaíochta ginearálta do FBManna in AE, amhail an ‘Líonra Fiontar Eorpach’, ‘SOLVIT’, ‘Your Europe – Business’, ‘FBManna agus an Comhshaol’ agus ‘Ag Déileáil le Ceimiceáin: Deasca cabhracha náisiúnta REACH’. Ar an dara dul síos, tacaíochtaí don nuálaíocht agus taighde, lena n-áirítear an ‘Deasc Chabhrach um Chearta Maoine Intleachtúla’, ‘SME Techweb’, ‘China IPR Helpdesk for SMEs’, ‘Líonra (EBN) ag na Lárionaid Eorpacha um Gnó agus Nuálaíocht (BIC)’, ‘European Workplace Innovation Network’ agus ‘Gate2Growth’.

C. FBManna agus taighde

Tá taighde agus nuálaíocht ríthábhachtach do rath agus d’fhás inbhuanaithe na FBManna in AE. Tá an clár Fís 2020 don tréimhse 2014-2020 dírithe ar thimpeallacht tacaíochta níos fearr agus níos cuimsithí a chruthú do ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta na FBManna. Mar chuid den chur chuige seo, spreagadh FBManna le bheith rannpháirteach trí ‘ionstraim shonrach FBM’ nua a raibh sé mar aidhm léi na bearnaí a líonadh i maoiniú do thaighde agus nuálaíocht luathchéime, ardriosca ag FBManna.

Ina theannta sin, bhí sé ar cheann de na 11 chuspóir théamacha don bheartas comhtháthaithe don tréimhse 2014-2020 feabhas a chur ar iomaíocht FBManna. Rinneadh infheistíochtaí breise in FBManna freisin faoi na cuspóirí téamacha eile, go háirithe taighde agus nuálaíocht, an geilleagar ísealcharbóin agus teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide.

Fís Eorpach, clár cistiúcháin taighde agus nuálaíochta an Aontais a bheidh ar siúl go dtí 2027, ina bhfuil gné nua nach raibh ag a réamhtheachtaí – an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach, a bhfuil buiséad EUR 10.1 billiún aige chun tacú le nuálaíochtaí a athrú le linn na saolré ó thaighde luathchéime go maoiniú agus uas-scálú gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna.

D. Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (COSME)

I mí na Nollag 2013 glacadh Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (COSME) don tréimhse 2014-2020. Le buiséad de EUR 2.3 billiún thar an tréimhse 2014-2020, saothraíodh na cuspóirí ginearálta seo a leanas le COSME:

  • Rochtain ar mhaoiniú do FBManna a fheabhsú i bhfoirm cothromais agus fiachais: saoráid chothromais d’infheistíocht i gcéim an fháis, agus saoráid ráthaíochta iasachta a sholáthair socruithe díreacha nó socruithe roinnte riosca eile do FBManna le hidirghabhálaithe airgeadais chun iasachtaí a chumhdach; leithdháileadh EUR 1.3 billiún de bhuiséad COSME ar ionstraimí airgeadais;
  • D’fhonn rochtain ar an margadh a fheabhsú laistigh den Aontas agus ar an leibhéal domhanda araon: soláthraíodh seirbhísí tacaíochta gnó dírithe ar fhás tríd an Líonra Fiontar Eorpach chun fairsingiú gnó a éascú;
  • D’fhonn fiontraíocht a chur chun cinn: lena n-áirítear forbairt a dhéanamh ar scileanna agus ar mheon na fiontraíochta, go háirithe i measc fiontraithe nua, daoine óga agus na mban.

E. Na tionscnaimh is déanaí

I dteachtaireachtaí ón gCoimisiún i mí an Mhárta 2020 dar teidil ‘Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip’ agus ‘Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach’ áiríodh tograí chun cabhrú le FBManna oibriú, uas-scálú agus fairsingiú. D’fhreagair an Pharlaimint ar thionchar phaindéim COVID-19 ar shlabhraí soláthair tionsclaíocha agus ar FBManna trí rún 2020/2616(RSP) a ghlacadh maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun tacú le bearta téarnaimh eacnamaíocha i mí Aibreáin 2020. I mí na Samhna 2020, ghlac na Feisirí rún 2020/2076(INI) lena n-iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach straitéis thionsclaíoch athbhreithnithe a thíolacadh.

Mar a léiríodh i Straitéis FBM, bíonn níos mó deacrachtaí ag gnólachtaí beaga ná ag fiontair eile maidir le maoiniú a fháil. I mí na Nollag 2022, d’fhoilsigh an Coimisiún togra lena leasaítear Treoir 2014/65/AE le go ndéanfar margaí caipitil poiblí san Aontas níos tarraingtí do chuideachtaí agus lena n-éascófar rochtain ar chaipiteal a éascú do FBManna.

Agus éifeacht dhochrach láidir an bhoilscithe agus na héiginnteachta á gcur san áireamh a bhí mar thoradh ar an ardú géar ar chostais fuinnimh agus amhábhar, ghlac an Coimisiún teachtaireacht maidir le Pacáiste Fóirithinte do FBManna i mí Mheán Fómhair 2023. Áirítear ann tograí le haghaidh rialachán maidir le cur in aghaidh íocaíochtaí déanacha in idirbhearta tráchtála (COM(2023)0533) agus le haghaidh treoir lena mbunaítear Córas Cánach Ceannoifige do mhicrifhiontair agus do FBManna (COM(2023)0528). Sonraítear ann freisin sraith beart chun rochtain ar mhaoiniú agus ar oibrithe oilte a fheabhsú, agus chun tacú le FBManna ar feadh a saolré gnó.

Ról Pharlaimint na hEorpa

In 1983, d’fhógair an Pharlaimint ‘Bliain na bhFiontar Beag agus Meánmhéide agus na dTionscal Ceirde’ agus sheol sí sraith tionscnamh chun a bhforbairt a spreagadh. Ó shin i leith, tá a tiomantas i leith forbairt FBManna Eorpacha a spreagadh léirithe go leanúnach ag an bParlaimint. Mar shampla:

  • I Meitheamh 2010, ghlac an Pharlaimint rún maidir le beartas nuálaíochta Comhphobail i ndomhan atá ag athrú. D’iarr sí go ndéanfaí forbairt ar uirlisí maoinithe FBM, amhail micrichreidmheas, caipiteal fiontair do dhaoine atá ag iarraidh infheistíocht a dhéanamh i bhfiontair nuálacha agus ‘aingil ghnó’ chun urraíocht a dhéanamh ar thionscadail ghnó ag taighdeoirí óga. D’iarr sí freisin go gcruthódh na Ballstáit agus an Coimisiún dreasachtaí cánach, maoinithe, gnó agus riaracháin don infheistíocht.
  • I mí na Bealtaine 2011, ghlac an Pharlaimint rún maidir leis an Athbhreithniú ar an Acht um Ghnólachtaí Beaga. Chuir an Pharlaimint béim ar an imní atá uirthi nár cuireadh an tástáil FBM i bhfeidhm go cuí agus go leanúnach sna tograí reachtacha nua uile, go háirithe ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, tugann sí rabhadh do na Ballstáit maidir le ‘hór-phlátáil’ trí dhul thar cheanglais reachtaíocht AE agus treoracha á dtrasuí ina ndlí náisiúnta.
  • I mí Dheireadh Fómhair 2012, ghlac an Pharlaimint rún dar teideal ‘Fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna): iomaíocht agus deiseanna gnó’. Cuireadh ann béim ar roinnt réimsí, lena n-áirítear laghdú ar ualaí riaracháin, tacaíocht don iomaíocht agus do chruthú post, seoladh gnólachtaí nuathionscanta agus rochtain ar fhaisnéis agus ar mhaoiniú.
  • I mí Eanáir 2014, ghlac an Pharlaimint rún maidir le tionscal a chur ar bun san Eoraip arís chun iomaíocht agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn, ag cur béim ar thábhacht na FBManna i ngeilleagar AE agus ag iarraidh go mbeidh tacaíocht agus cúnamh ar leith ann do FBManna.
  • I Meán Fómhair 2016, ghlac an Pharlaimint rún maidir le rochtain ar mhaoiniú do FBManna agus méadú a dhéanamh ar éagsúlacht an mhaoinithe do FBManna in Aontas na Margaí Caipitil.
  • I mí Iúil 2017, ghlac an Pharlaimint rún maidir le stráitéis tionsclaíochta uaillmhianach AE a thógáil mar thosaíocht straitéiseach don fhás, don fhostaíocht agus don nuálaíocht san Eoraip.
  • I mí Feabhra 2019, ghlac an Pharlaimint rún ar bheartas tionsclaíoch cuimsitheach Eorpach maidir le hintleacht shaorga (IS) agus róbataic.
  • I mí Aibreáin 2020, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac.
  • I mí na Samhna 2020, ghlac an Pharlaimint rún maidir le Straitéis Nua Thionsclaíoch don Eoraip, inar iarradh go mbeadh straitéis thionsclaíoch ann a mbeadh baint ag gach éiceachóras tionsclaíoch léi, lena n-áirítear FBManna.
  • Sa rún uaidh i mí Iúil 2022 maidir le Better Regulation: Joining forces to make better laws [Rialáil níos fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh], d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún a áireamhán ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ a chur ar fáil don phobal. Chuir sí i bhfios go láidir agus an cur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ á chur i bhfeidhm, gur cheart na costais chomhlíontachta uile, idir chostais riaracháin agus chostais choigeartaithe, a mheas, agus chuir sí i bhfáth go bhfuil gá ann a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha an cur chuige sin i bhfeidhm.
  • Réachtáil an Pharlaimint díospóireacht maidir le Staid FBManna an Aontais an 15 Meán Fómhair 2022.
  • Ina rún ó mhí Iúil 2023 maidir le staid Aontas na FMBanna, d’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún measúnú foriomlán a dhéanamh ar éifeacht charnach reachtaíocht AE ar FBManna in AE, agus simplithe a mholadh i gcás inar ghá. D’iarr sí freisin go nglacfaí go práinneach Treoir athbhreithnithe maidir le hÍocaíochtaí Déanacha, agus go ndéanfaí measúnú ar athbhreithniú féideartha ar na rialacha maidir le státchabhair chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar leasanna FBManna a choimirciú. Iarradh ar an gCoimisiún a chuid iarrachtaí a mhéadú maidir le haontas na margaí caipitil (CMU) agus maoiniú a chur ar fáil d’fhás na hEorpa.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach ar shuíomhanna gréasáin an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus an Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh.

 

Corinne Cordina