Clár Oibre Digiteach don Eoraip

Bíonn tionchar mór ag ardáin seirbhíse digití agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail an intleacht shaorga (IS) ar thimpeallacht ár sochaí. Mar gheall ar na nuálaíochtaí sin, tá athshainiú á dhéanamh ar an gcaoi a ndéanaimid cumarsáid, siopadóireacht agus a bhfaighimid rochtain ar fhaisnéis ar líne, rud a fhágann go bhfuil siad riachtanach ó lá go lá. Leis an gclár oibre digiteach Eorpach do 2020-2030, tugtar aghaidh ar na hathruithe sin. Tugtar tús áite ann do spásanna digiteacha slána a bhunú, iomaíocht chóir a áirithiú sna margaí digiteacha agus ceannasacht dhigiteach na hEorpa a fheabhsú, i gcomhréir leis an dá aistriú glasa agus digiteacha.

An bunús dlí

Cé nach sonraítear sna Conarthaí forálacha maidir le teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFCanna), is féidir leis an Aontas gníomhú laistigh de réimsí beartais, bunaithe ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), amhail: tionsclaíocht, iomaíocht, trádáil, gréasáin thras-Eorpacha, taighde, fuinneamh, bunú an mhargaidh aonair, saorghluaiseacht earraí, saorghluaiseacht daoine agus seirbhísí, oideachas agus cultúr.

Cuspóirí

Tá sé d’aidhm ag an Aontas gnólachtaí agus daoine a chumhachtú i dtodhchaí digiteach atá dírithe ar an duine, inbhuanaithe agus níos rathúla. Tar éis straitéis Liospóin, leagadh béim i gclár oibre digiteach don Eoraip do 2010 ar thábhacht TFCanna chun cuspóirí AE a bhaint amach. In 2015, bhí sé d’aidhm ag an straitéis maidir le margadh aonair digiteach rochtain níos fearr ar earraí agus ar sheirbhísí digiteacha a áirithiú ar fud na hEorpa, na coinníollacha is fearr a chothú le haghaidh líonraí digiteacha agus seirbhísí digiteacha, agus cur le hacmhainneacht fáis an gheilleagair dhigitigh. In 2020, leis an straitéis maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú, díríodh ar theicneolaíochtaí a chuaigh chun tairbhe do dhaoine, cuireadh geilleagar iomaíoch chun cinn agus tacaíodh le sochaí oscailte dhaonlathach. In 2021, leagadh amach sa chompás digiteach spriocanna digiteacha an Aontais maidir le scileanna, rialtas, gnólachtaí agus bonneagar do 2030.

A bhfuil bainte amach

A. An chéad chlár oibre digiteach don Eoraip: 2010-2020

Leis an gcéad chlár oibre digiteach baineadh roinnt príomhchuspóirí amach:

Chun forbairt líonraí agus seirbhísí digiteacha a spreagadh, neartaigh an Pharlaimint Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC). Cothaíonn an comhlacht sin comhar idir na rialálaithe náisiúnta agus an Coimisiún, spreagann sé dea-chleachtais agus oibríonn sé chun rialacháin chumarsáide a chomhchuibhiú (Rialachán (AE) 2018/1971).

Sa chéad chlár oibre digiteach, leagadh béim ar an bhfás digiteach trí scileanna digiteacha, ríomhaireacht ardfheidhmíochta, digitiú tionscail, forbairt IS agus nuachóiriú na seirbhíse poiblí a chur chun cinn. Sa bhreis air sin, bhunaigh an tAontas rialacha maidir le geobhlocáil (Rialachán (AE) 2018/302) agus inaistritheacht na seirbhíse digití (Rialachán (AE) 2017/1128), rud a chuireann ar chumas tomhaltóirí rochtain a fháil ar ábhar ar líne ar fud an Aontais.

I dteannta an chreata rialála nua maidir le cosaint sonraí, tá roinnt dlíthe glactha ag an Aontas chun forbairt geilleagair atá solúbtha ó thaobh sonraí de a éascú, amhail na dlíthe seo a leanas:

  • an Rialachán maidir le saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta (Rialachán (AE) 2018/1807), lena gceadaítear do chuideachtaí agus do riaracháin phoiblí sonraí neamhphearsanta a stóráil agus a phróiseáil cibé áit a roghnaíonn siad;
  • an Gníomh um Chibearshlándáil (Rialachán (AE) 2019/881) lena neartaítear Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus lena mbunaítear creat um dheimhniú i ndáil le cibearshlándáil do tháirgí agus do sheirbhísí;
  • an Treoir maidir le Sonraí Oscailte (Treoir (AE) 2019/1024) lena gcuirtear rialacha comhchoiteanna ar fáil do mhargadh Eorpach le haghaidh sonraí arna sealbhú ag rialtais.

B. An dara clár oibre digiteach don Eoraip 2020-2030

Díríodh sa dara clár oibre digiteach ar na hathruithe a tugadh isteach le teicneolaíochtaí digiteacha, ar an ról bunriachtanach atá ag seirbhísí agus margaí digiteacha, agus ar spriocanna teicneolaíocha agus geopholaitiúla nua an Aontais. Ina theachtaireachtaí maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú agus maidir le deich mbliana digiteacha na hEorpa, rinne an Coimisiún cur síos ar ghníomhaíochtaí mionsonraithe le haghaidh seirbhísí agus margaí digiteacha slána. Thug sé tús áite don ríomhaireacht chandamach, do straitéisíblocshlabhra, don intleacht shaorga, do leathsheoltóirí (an Gníomh Eorpach um Shliseanna), don cheannasacht dhigiteach, don chibearshlándáil, do 5G/6G, do spásanna sonraí Eorpacha agus do chaighdeáin teicneolaíochta dhomhanda.

I mí an Mhárta 2021, thug an tAontas compás digiteach isteach ina leagtar amach ceithre sprioc do 2030:

  • scileanna: ba cheart bunscileanna digiteacha a bheith ag 80 % ar a laghad de na daoine fásta ar fad agus ba cheart 20 milliún saineolaí TFC a bheith fostaithe san Aontas, agus ba cheart do níos mó ban glacadh le poist den sórt sin;
  • gnólachtaí: ba cheart do 75 % de chuideachtaí seirbhísí néalríomhaireachta, mórshonraí agus IS a úsáid; ba cheart leibhéal bunúsach déine digití a bheith bainte amach ag níos mó ná 90 % d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide san Aontas; agus ba cheart líon na n-aonbheannach in AE (gnólachtaí nuathionscanta ardluacha) a dhúbailt;
  • bonneagar: ba cheart nascacht ghigighiotáin a bheith ag gach teaghlach de chuid an Aontais agus ba cheart na limistéir ar fad a bhfuil daonra orthu a bheith cumhdaithe ag 5G; ba cheart gur 20 % den táirgeadh domhanda a bheadh i dtáirgeadh leathsheoltóirí ceannródaíocha inbhuanaithe san Eoraip; ba cheart 10 000 imeall-nód aeráidneodrach a imlonnú san Aontas, agus ba cheart an chéad ríomhaire candamach a bheith ag an Eoraip;
  • seirbhísí poiblí: ba cheart gach príomhsheirbhís phoiblí a bheith ar fáil ar líne; ba cheart rochtain a bheith ag saoránaigh uile an Aontais ar a dtaifid ríomhleighis; agus ba cheart do 80 % de shaoránaigh réiteach céannachta leictreonaí a úsáid.

Is tionscnamh de chuid an Aontais é an clár don Eoraip Dhigiteach, a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2021/694, lena leithdháiltear EUR 7.5 billiún (2021-2027) ar thionscadail teicneolaíochta digití i réimsí amhail an tsár-ríomhaireacht, an intleacht shaorga, an chibearshlándáil, ardscileanna digiteacha agus comhtháthú na teicneolaíochta digití, a fhaigheann tacaíocht ó mhoil nuálaíochta digití.

1. Sonraí

Tá comhroinnt sonraí lárnach d’fhís dhigiteach na hEorpa. Ós rud é go gcuireann an tAontas nuálaíocht shonraíbhunaithe chun cinn, féachann sé le cothromaíocht a choinneáil ó thaobh príobháideachais, slándála, eitice agus sábháilteachta de, agus féachaint ag an am céanna ar úsáid agus ar chomhroinnt sonraí neamhphearsanta le haghaidh teicneolaíochtaí nua agus paraidímí gnó.

Leis an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí tugadh an smaoineamh maidir le cruthú spásanna coiteanna sonraí Eorpach isteach, lena gcumhdaítear naoi n-earnáil, lena n-áiritheofaí go mbeadh níos mó sonraí ar fáil le húsáid sa gheilleagar agus sa tsochaí, ach go mbeadh an smacht fós ag na cuideachtaí agus ag na daoine aonair a ghineann na sonraí sin. Tá an creat rialála Eorpach maidir le sonraí comhdhéanta den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679 agus de Threoir (AE) 2016/680, den Ghníomh Eorpach um Rialachas Sonraí (Rialachán (AE) 2022/868) maidir le hinfhaighteacht sonraí agus le muinín sonraí, agus den Ionstraim Eorpach um Shonraí (Rialachán (AE) 2023/2854) maidir le rochtain chothrom agus cearta úsáideoirí, agus cosaint sonraí pearsanta á háirithiú ag an am céanna.

2. An Intleacht Shaorga

Sa Pháipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga ó mhí Feabhra 2020, leagadh béim ar ról ríthábhachtach na hintleachta saorga sa tsochaí nua-aimseartha agus ar na tairbhí sochaíocha agus eacnamaíocha a bhaineann léi a bhfuiltear ag súil leo in earnálacha éagsúla. Ghlac an Pharlaimint an Gníomh um an Intleacht Shaorga i mí an Mhárta 2024. Déantar an intleacht shaorga ilchuspóireach a choimirciú leis, cuirtear teorainn le húsáid córas sainaitheanta bithmhéadraí ag lucht forfheidhmithe dlí, cuirtear cosc ar scóráil shóisialta agus ar úsáid IS chun leochaileachtaí úsáideoirí a ionramháil nó chun teacht i dtír orthu, agus ráthaítear leis ceart tomhaltóirí gearáin a chur isteach agus mínithe fóinteacha a fháil.

I mí Mheán Fómhair 2022, thug an Coimisiún togra le haghaidh treoir maidir le dliteanas IS isteach, lena n-áiritheofaí cosaint chomhionann dóibh siúd a ndearna IS díobháil dóibh. Ina theannta sin, nochtadh togra le haghaidh treoir nua maidir le dliteanas táirgí chun aghaidh a thabhairt ar tháirgí digiteacha amhail an intleacht shaorga.

3. an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha

Bunchloch den straitéis dhigiteach is ea margadh aonair digiteach atá níos sábháilte agus níos oscailte a chruthú, margadh a leagann béim ar chearta úsáideoirí agus ar iomaíocht chóir ghnó. Tá dhá cholún reachtacha i gceist leis sin: an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) agus an Gníomh um Margaí Digiteacha (DMA), lena ndéantar nuachóiriú ar na rialacháin maidir le seirbhísí digiteacha san Aontas. Agus iad glactha ag na comhreachtóirí in 2022 agus curtha i bhfeidhm amhail ó mhí na Bealtaine 2023, cuireann siad sraith aontaithe rialacha ar fáil don Aontas ar fad. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, leagtar amach na freagrachtaí atá ar sheirbhísí idirghabhálacha, go háirithe ardáin ar líne. Tá ardáin an-mhór faoi réir treoirlínte sonracha mar gheall ar na rioscaí a chothaíonn siad ó thaobh ábhar atá neamhdhleathach agus díobhálach a scaipeadh. Leagtar amach sa Ghníomh um Margaí Digiteacha rialacha do chuideachtaí a bhfuil stádas ‘geatóra’ acu, lena ndírítear ar na cuideachtaí sin is soghabhálaí i leith cleachtais éagóracha. Cuimsíonn sé sin seirbhísí ar nós idirghabháil ar líne, líonraí sóisialta agus néalríomhaireacht. Agus é ag cur leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, mhol an Coimisiún rialachán chun cuíchóiriú a dhéanamh ar bhailiú agus comhroinnt sonraí le haghaidh cóiríocht ar chíos gearrthéarmach. Tugadh an nós imeachta reachtach i gcrích go rathúil le síniú an ghnímh chríochnaithigh an 11 Aibreán 2024.

4. Ríomhrialtas, ríomhaitheantas agus an euro digiteach

Leagtar béim sa chlár oibre digiteach ar chomhar ríomhrialtais agus trasteorann san earnáil phoiblí. I mí an Mhárta 2024, tar éis an togra ón gCoimisiún i mí na Samhna 2022, ghlac an Chomhairle an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach (Rialachán (AE) 2024/903) chun seirbhísí poiblí san Aontas a fheabhsú. Bunaítear leis sin bord idir-inoibritheach don Eoraip ina mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún agus ó chomhlachtaí eile de chuid an Aontais.

Tá sé ríthábhachtach muinín a chothú ar líne ar mhaithe le fás sochaíoch agus eacnamaíoch. Le Rialachán (AE) Uimh. 910/2014maidir le ríomhaitheantas, cuirtear creat ar fáil le haghaidh idirghníomhaíochtaí digiteacha slána i measc saoránach, gnólachtaí agus údarás. Chun oibriú i dtreo na gcuspóirí sin, i mí Feabhra 2024, ghlac an Pharlaimint creat le haghaidh Céannacht Dhigiteach Eorpach a bhfuil sé mar aidhm leis cead a thabhairt do 80 % de shaoránaigh an Aontais rochtain shlán a fháil ar sheirbhísí poiblí ríthábhachtacha le céannacht dhigiteach faoi 2030. An 28 Meitheamh 2023, thíolaic an Coimisiún pacáiste reachtach chun foirm dhigiteach d’airgead bainc ceannais a bhunú chun a fhoirm fhisiciúil a chomhlánú agus leag sé amach na rialacha agus na coinníollacha maidir lena úsáid.

5. Cibearshlándáil

An 10 Samhain 2022, agus é ag tabhairt freagra ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, thug an Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála beartas cibearchosanta de chuid an Aontais agus plean gníomhaíochta maidir le soghluaisteacht mhíleata 2.0 isteach. Is é is aidhm dóibh araon infheistíochtaí cibearchosanta a mhéadú, feabhas a chur ar an gcomhar idir earnálacha míleata agus cibearearnálacha sibhialtacha, bainistiú éifeachtúil cibear-ghéarchéime a áirithiú agus seasamh an Aontais i gcibeartheicneolaíochtaí criticiúla a threisiú. Leis sin treisítear Bonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí, lena bhféachtar le tionscal cosanta comhtháite uile-Aontais a chruthú. I mí na Nollag 2022, tháinig Treoir NIS2 (Treoir (AE) 2022/2555) in ionad a réamhtheachtaí, lenar leathnaíodh a raon feidhme chun tuilleadh earnálacha agus eintiteas a chumhdach. Thairis sin, tar éis togra ón gCoimisiún, thángthas ar chomhaontú neamhfhoirmiúil i mí na Nollag 2023 maidir le Gníomh Cibear-Athléimneachta chun slándáil táirgí teicneolaíochta éagsúla a fheabhsú. I mí Aibreáin 2024, ghlac an Pharlaimint an Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht, arb é is aidhm dó an dlúthpháirtíocht a neartú ar leibhéal an Aontais agus cibearbhagairtí agus cibeartheagmhais a bhrath agus freagairt dóibh ar bhealach níos fearr. Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú freisin maidir leis an nGníomh um Chibearshlándáil a leasú.

6. Na meáin agus an daonlathas

I mí na Nollag 2020, leagadh amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún plean gníomhaíochta le haghaidh téarnamh agus claochlú earnáil meán na hEorpa. Leag sí béim ar an ngá atá le níos mó tacaíochta náisiúnta trí phleananna téarnaimh iar-COVID-19 formheasta agus leag sí béim ar thionchar suaiteach na n-ardán domhanda ar líne ar na meáin, go háirithe a gceannasacht ar shonraí agus ar mhargaí fógraíochta. Comhlánaíonn an plean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach plean na meán thuasluaite agus díríonn sé ar oiriúnú digiteach, saoirse agus iolrachas meán na hearnála a neartú, agus ar an mbréagaisnéis a chomhrac. Pléitear ann freisin an meath atá ag teacht ar shaoirse na meán mar gheall ar bhagairtí méadaitheacha i gcoinne iriseoirí.

7. Oideachas agus scileanna

Sa bhreis ar an rialáil, leagann an tAontas béim ar an oideachas digiteach. Cuidíonn an plean gníomhaíochta don oideachas digiteach 2021-2027 leis na Ballstáit a gcórais oideachais a chur in oiriúint don ré dhigiteach. Tugann sé tús áite d’éiceachóras láidir oideachais dhigitigh a chruthú agus d’fheabhsú scileanna le haghaidh an chlaochlaithe dhigitigh.

8. Dálaí oibre san obair ardáin

An 9 Nollaig 2021, mhol an Coimisiún treoir ina raibh sraith beart chun feabhas a chur ar dhálaí oibre san obair ardáin. Is é is aidhm do na rialacha nua rialáil a dhéanamh ar conas stádas fostaíochta oibrithe ardáin a chinneadh i gceart agus ar an gcaoi ar cheart d’ardáin dhigiteacha saothair algartaim agus IS a úsáid chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar oibrithe san earnáil sin.

9. Bonneagar digiteach

An 21 Feabhra 2024, thíolaic an Coimisiún tionscnaimh nua don bhonneagar digiteach san Eoraip, arb é is aidhm dóibh tús a chur le plé maidir le tograí nithiúla chun nuálaíocht, slándáil agus athléimneacht an bhonneagair dhigitigh a chothú.

Ról Pharlaimint na hEorpa

I rún uaithi an 12 Márta 2019, d’áitigh an Pharlaimint ar an gCoimisiún athmheasúnú a dhéanamh ar raon feidhme na Treorach maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise agus aghaidh a thabhairt ar bhagairtí digitithe, agus d’iarr sí go mbeadh ailíniú ann le beartas cibearshlándála feabhsaithe de chuid an Aontais agus go mbeadh ról níos mó ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil.

An 20 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Pharlaimint trí rún maidir leis an intleacht shaorga lena dtugtar aghaidh ar eitic, dliteanas sibhialta agus maoin intleachtúil, agus d’iarr sí go mbeadh creat dlíthiúil Eorpach ann don intleacht shaorga bunaithe ar eitic. Chun an margadh aonair digiteach (DSM) a chur chun cinn, ghlac an Pharlaimint rún maidir le DSA. Mhol sé go dtreisíonn an pacáiste reachtach an margadh inmheánach, go ráthaíonn sé cosaint tomhaltóirí, go n-áirithíonn sé cothromaíocht neamhdhleathachta as líne agus ar líne, go gcoinníonn sé trédhearcacht, go n-urramaíonn sé cearta agus go n-áiríonn sé eintitis neamh AE a dhéanann difear do thomhaltóirí an Aontais. D’iarr sí freisin go mbeadh cothroime, trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe ann maidir le modhnóireacht a dhéanamh ar ábhar seirbhíse digití. Bhain an rún leas as taighde, ceardlann agus sraith staidéar a choimisiúnaigh an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra. Le hailíniú thograí DSA agus DMA le rún na Parlaiminte léirítear gur féidir leis an bParlaimint tionchar a imirt ar an gclár oibre reachtach, fiú gan ceart tionscnaimh foirmiúil a bheith aici.

An 20 Bealtaine 2021, ina rún maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú, d’iarr an Pharlaimint go gcuirfí deireadh le haon bhacainní ar fheidhmiú DSM agus go bhfeabhsófaí úsáid IS do thomhaltóirí Eorpacha.

An 12 Nollaig 2023, d’iarr an Pharlaimint go gcuirfí toirmeasc ar theicnící andúile, amhail scrolláil gan stad nó seinm uathoibríoch agus seirbhísí ar líne á ndearadh. Bhí roinnt Feisirí ag iarraidh ceart digiteach ‘gan cur isteach ar dhuine’ a thabhairt isteach chomh maith le liosta de dhea-chleachtais dearaidh.

An 13 Nollaig 2023, leag na Feisirí béim ar an ngá atá le hathmheasúnú a dhéanamh ar rialacha an Aontais maidir le geobhlocáil chun deireadh a chur le haon bhacainní atá fós ann agus chun acmhainneacht iomlán an mhargaidh aonair a bhaint amach.

An 13 Márta 2024, faoin bPlean Gníomhaíochta Eorpach um an Daonlathas, d’fhormheas an Pharlaimint dlí maidir le saoirse agus iolrachas na meán, lena bhfeabhsaítear cosaint neamhspleáchas na meán, agus dlí eile maidir le trédhearcacht na bpróiseas daonlathach, lena rialaítear fógraíocht pholaitiúil.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach ar shuíomhanna gréasáin an Choiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus an Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh.

 

Alyssia Petit / Zuzanna Wala / Matteo Ciucci / Barbara Martinello