Bithéagsúlacht, úsáid na talún agus foraoiseacht

Bhí ról tábhachtach ag leibhéal idirnáisiúnta ag AE i réitigh a lorg ar chailliúint na bithéagsúlachta, ar dhífhoraoisiú agus ar an athrú aeráide. Céim mhór chun tosaigh ba ea Comhdháil 1992 NA ar Chomhshaol agus Forbairt, a bhuíochas le glacadh an Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht. I gComhaontú Pháras 2015 maidir leis an athrú aeráide, tugtar faoi deara a thábhachtaí atá sé sláine na n-éiceachóras go léir agus cosaint na bithéagsúlachta a áirithiú. Mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, mhol an Coimisiún straitéis nua bithéagsúlachta a bhfuil sé mar aidhm léi bithéagsúlacht na hEorpa a chur ar bhóthar an téarnaimh faoi 2030. Áirítear leis dlí maidir le hathchóiriú an dúlra chun éiceachórais a ndearnadh damáiste dóibh a athshlánú agus an dúlra a thabhairt ar ais ar fud na hEorpa.

An bunús dlí

Airteagail 3, 11 agus 191-193 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Cúlra ginearálta

Ag eascairt ó Chomhdháil NA ar Chomhshaol agus Forbairt, a reáchtáladh in Rio de Janeiro in 1992, glacadh an Creat-Choinbhinsiún NA ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht (CBD), chomh maith le Dearbhú Rio, Ráiteas maidir le Prionsabail Foraoise agus le Clár 21. Comhlánaítear CBD le dhá phríomhphrótacal: Prótacal Cartagena maidir leis an mBithshábháilteacht, a glacadh in 2000 agus a tháinig i bhfeidhm in 2003, féachtar leis an mbithéagsúlacht a chosaint ón mbaol féideartha ó orgánaigh mhodhnaithe bheo a eascraíonn ón mbiteicneolaíocht nua-aimseartha; Prótacal Nagoya maidir le Rochtain agus Comhroinnt Sochar, a glacadh in 2010 agus a tháinig i bhfeidhm in 2014, agus arb é is aidhm dó ná deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht níos fearr a chruthú do sholáthraithe agus úsáideoirí acmhainní géiniteacha araon. Ach léiríodh, áfach, i dtuarascáil CBD dar teideal The Global Biodiversity Outlook 3 [Ionchas Domhanda Bithéagsúlachta 3], nár baineadh amach sprioc bhithéagsúlachta 2010. In Nagoya (Maoracht Aichi, an tSeapáin) in 2010, ghlac Páirtithe de CBD plean straitéiseach athbhreithnithe freisin lena n-ionchorpraítear Spriocanna Bithéagsúlachta Aichi: 20 sprioc uaillmhianach arna n-eagrú de réir cúig chuspóir straitéiseach chun cosaint don bhithéagsúlacht a bhaint amach faoi 2020, mar chuid de phlean straitéiseach don bhithéagsúlacht don tréimhse 2011-2020.

Tá AE ina pháirtí sna coinbhinsiúin seo a leanas: Coinbhinsiún Ramsar maidir le Caomhnú Bogach (Feabhra 1971); an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) (Márta 1973); Coinbhinsiún Bonn maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe Fiáine (Meitheamh 1979); Coinbhinsiún Bheirn maidir le Fiadhúlra Eorpach agus Gnáthóga Nádúrtha a Chaomhnú (1982); Coinbhinsiún Rio de Janeiro maidir leis an mBithéagsúlacht (Meitheamh 1992); agus sna coinbhinsiúin réigiúnacha seo a leanas: Coinbhinsiún Heilsincí maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt (1974); Coinbhinsiún Barcelona maidir leis an Meánmhuir (1976); agus an Choinbhinsiún maidir le Cosaint na nAlp (1991). Tá AE faoi cheangal freisin ag Coinbhinsiún Aarhus (1998), lena ndéantar foráil do rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoin gcomhshaol, do rannpháirtíocht an phobail i gcinnteoireacht agus do rochtain ar cheartas.

Is faoi UNFCCC a dhéantar iarrachtaí idirnáisiúnta chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. I mí na Nollag 2015, ghlac Páirtithe UNFCCC Comhaontú Pháras, ar comhaontú aeráide é atá ceangailteach ó thaobh dlí de a bhfuil feidhm aige maidir le gach tír agus arb é is aidhm dó an téamh domhanda a theorannú go mór faoi 2 ºC, agus leanúint d’iarrachtaí chun fanacht faoi bhun 1.5 ºC (2.5.2). Laistigh de UNFCCC, cuireann tionscnamh REDD+ ionstraimí ar fáil chun dul i ngleic le dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise sa teochrios. I gComhaontú Pháras, tugtar faoi deara a thábhachtaí atá sé sláine na n-éiceachóras go léir, lena n-áirítear aigéin, agus cosaint na bithéagsúlachta a áirithiú. Thairis sin, leis an gcomhaontú, tugtar suntas freisin don ról fíorthábhachtach a imríonn an earnáil úsáide talún chun na cuspóirí fadtéarmacha maidir le maolú ar an athrú aeráide a bhaint amach.

Cuspóirí agus a bhfuil bainte amach

A. Pleananna gníomhaíochta níos luaithe maidir leis an mBithéagsúlacht

I mí na Bealtaine 2006, ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal ‘Stad a chur le cailliúint bhithéagsúlachta faoi 2010 — agus ina dhiaidh sin:seirbhísí éiceachórais a chothú ar mhaithe le folláine an duine’. Ós rud é nach móide go raibh AE chun an sprioc a leag sé síos dó féin in 2010 chun stad a chur le meath na bithéagsúlachta a bhaint amach, ghlac an Coimisiún straitéis nua i mí an Mheithimh 2011 chun ‘stad a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus le díghrádú seirbhísí éiceachórais in AE faoi 2020, agus iad a athbhunú [...], agus, i gcomhthráth leis sin, méadú a dhéanamh ar rannchuidiú AE i leith chailliúint na bithéagsúlachta domhanda a sheachaint’. I mí na Nollag 2011, d’fhormhuinigh an Chomhairle straitéis bhithéagsúlachta AE go dtí 2020, ina raibh na sé sprioc seo a leanas: cur chun feidhme iomlán na reachtaíochta AE maidir leis an dúlra ionas go ndéanfar bithéagsúlacht a chosaint; cosaint níos fearr a thabhairt d’éiceachórais agus níos mó úsáide a bhaint as an mbonneagar glas; talmhaíocht agus foraoiseacht a bheith níos inbhuanaithe; bainistíocht níos fearr a dhéanamh ar stoic éisc; srian níos déine a chur ar speicis choimhthíocha ionracha; rannchuidiú níos fearr ó thaobh AE de chun cailliúint na bithéagsúlachta domhanda a sheachaint.

B. Caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fauna agus flora fiáine.

Faoin Treoir maidir le Gnáthóga (Treoir 92/43/CEE ón gComhairle maidir le caomhnú gnáthóg nádúrtha agus fauna agus flora fiáine, arna leasú le Treoir 97/62/CE) bunaíodh an líonra Eorpach, Natura 2000. Cuimsíonn sé sin ‘Suíomhanna chun leasa an Chomhphobail’ /‘Limistéir Chaomhantais Speisialta’ arna n-ainmniú ag na Ballstáit, agus ‘Limistéir faoi Chosaint Speisialta’ arna n-aicmiú de bhun Threoir 79/409/CEE maidir le caomhnú éan fiáin. Le hachar iomlán de bhreis is 850 000 km2, tá sé seo ar an líonra comhleanúnach is mó de shuíomhanna faoi chosaint ar domhan. Is é aidhm na Treorach maidir le Gnáthóga go príomha cur chun cinn a dhéanamh ar chaomhnú na bithéagsúlachta fad is a chuirtear san áireamh riachtanais eacnamaíochta, shóisialta, chultúrtha agus réigiúnacha. Cuimsítear sa Treoir leasaithe maidir le hÉin (2009/147/CE) cosaint, bainistiú agus rialú éan (éin fhiáine), lena n-áirítear rialacha le haghaidh sealgaireacht inbhuanaithe.

C. Speicis choimhthíocha ionracha

Tá rialú níos déine a dhéanamh ar speicis choimhthíocha ionracha ar cheann de na sé sprioc atá i straitéis bhithéagsúlachta AE go dtí 2020. Is iad speicis choimhthíocha ionracha is cúis le díobháil a chosnaíonn na billiúin euro gach bliain in AE, ní hamháin d’éiceachórais ach do bharr agus do bheostoc, rud a chuireann isteach ar an éiceolaíocht áitiúil agus a dhéanann difear do shláinte an duine. Is príomhghné de Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 maidir le tabhairt isteach agus leathadh speiceas coimhthíoch ionrach a chosc agus a bhainistiú é an liosta de speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas. Féachtar leis an rialachán – trí chosc, luathrabhadh agus mearfhreagairt – leis an mbithéagsúlacht dhúchasach a chosaint agus íoslaghdú agus maolú a dhéanamh ar thionchar na speiceas sin ar shláinte an duine agus ar an ngeilleagar. Go háirithe, beidh ar na Ballstáit córais faireachais agus pleananna gníomhaíochta a bhunú.

D. Rochtain agus comhroinnt sochar

Tar éis ghlacadh Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain agus Comhroinnt Sochar, thíolaic an Coimisiún togra i mí Dheireadh Fómhair 2012 d’fhonn ceanglais cheangailteacha a leagan síos maidir le rochtain ar acmhainní géiniteacha sa tír thionscnaimh agus a áirithiú go ndéanfaí na sochair a d’eascródh as sin a chomhroinnt go cóir cothromasach. Mar thoradh ar chomhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle glacadh Rialachán (AE) Uimh. 511/2014. Faoin rialachán seo, ní fhéadtar acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta a bhaineann leis na hacmhainní sin a aistriú agus a úsáid ach i gcomhréir le téarmaí arna n-aontú i gcomhar idir na húsáideoirí (gnóthaí, bailitheoirí príobháideacha agus institiúidí) agus údaráis na tíre tionscnaimh.

E. Fauna agus flora fiáine a dhúshaothrú agus a thrádáil

Rialaíonn coinbhinsiún CITES trádáil idirnáisiúnta, go sonrach (ath)onnmhairiú agus allmhairiú ainmhithe beo agus marbha agus plandaí agus codanna agus díorthaigh díobhsan, ar bhonn córais ceadanna agus deimhnithe.- Déanann an bunrialachán ((CE) Uimh. 338/97) maidir le cosaint fauna agus flora fiáine trí thrádáil a rialáil cuspóirí, prionsabail agus forálacha choinbhinsiún CITES a chur i bhfeidhm ar dhlí AE. Aon uair a athraítear an liosta speiceas a liostaítear sna hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 338/97 ón gComhairle, e.g. chun na cinntí liostaithe ó Chomhdháil na bPáirtithe CITES a chur chun feidhme, déantar é sin trí rialachán cur chun feidhme ón gCoimisiún, amhail Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1587 ón gCoimisiún, lena dtoirmisctear tabhairt isteach in AE speiceas áirithe de fauna agus flora fiáine.

F. Bithéagsúlacht a bhaineann le leas ainmhithe

Sheol an Coimisiún an plean gníomhaíochta um chosaint agus leas ainmhithe 2006-2010, chun tacú leis an bprionsabal go ndéanfaí athsholáthar, laghdú agus mionchoigeartú ar úsáid ainmhithe don taighde. Tá Treoir 2010/63/AE maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críocha eolaíocha (lena n-aisghairtear Treoir 86/609/CEE) bunaithe ar an bprionsabal sin, agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013. Thairis sin, tá sé mar aidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1007/2009 a áirithiú nach bhfaighfear a thuilleadh i margadh AE táirgí ó rónta.

G. Bithéagsúlacht mhuirí

Tagann an bhithéagsúlacht mhuirí faoi raon feidhme na bpleananna gníomhaíochta bithéagsúlachta le haghaidh acmhainní nádúrtha agus iascach. Leagtar béim san athbhreithniú ar Straitéis Bhithéagsúlachta AE ar an tábhacht a bhaineann le ‘stádas maith éiceolaíoch’ na bhfarraigí agus na gcóstaí má táthar chun tacú leis an mbithéagsúlacht. Ina theannta sin, tháinig Treoir 2008/56/CE maidir leis an Straitéis Mhuirí(MSFD) maidir le cosaint agus caomhnú an chomhshaoil mhuirí i bhfeidhm i mí Iúil 2008. An aidhm a bhí léi ná a áirithiú go mbeadh stádas maith ag uiscí muirí AE faoi 2020 agus go ndéanfaí an bonn acmhainní ar a bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus sóisialta muiríbhunaithe ag brath a chosaint. Leasaíodh MSFD le Treoir (AE) 2017/845, ina ndéantar Iarscríbhinn III a ghabhann leis maidir le liostaí táscacha na ngnéithe atá le cur san áireamh agus straitéisí muirí á n-ullmhú a ionadú.

H. Foraoisí

Déanann foraoisí suas beagnach 30 % d’achar dromchla líonra Natura 2000. Tá thart ar 182 mhilliún heictéar foraoise ag AE, a chlúdaíonn 43 % dá limistéar talún agus, dá bhrí sin, tá sé mar aidhm le roinnt beart AE na foraoisí a chosaint. I Rialachán ((AE) Uimh 995/2010) maidir le hAllmhairí Adhmaid, leagtar síos na hoibleagáidí atá ar oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar mhargadh AE. Cuireann sé i gcoinne trádáil in adhmad arna lománú go neamhdhleathach agus i dtáirgí adhmaid trí oibleagáidí fíorthábhachtacha agus toirmeascann sé den chéad uair adhmad agus táirgí adhmaid arna lománú go neamhdhleathach a chur ar mhargadh AE. Rinneadh Teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A new EU Forest Strategy: for forests and the forest-based sector [Straitéis Foraoise AE nua: d’fhoraoisí agus don earnáil fhoraois-bhunaithe] a ghlacadh i mí Mheán Fómhair 2013. Chinn tuarascáil mheántéarma maidir le cur chun feidhme Straitéis Foraoise AE gur rinneadh dul chun cinn suntasach i dtreo chuspóirí 2020.

I. Úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht (LULUCF)

Cumhdaíonn earnáil LULUCF úsáid a bhaint as ithreacha, crainn, plandaí, bithmhais agus adhmad agus tá tréith ar leith aici, is é sin, ní hamháin gur féidir léi gáis ceaptha teasa a astú ach is féidir léi freisin CO2 a ionsú ón atmaisféar. Go dtí 2020, bhí na Ballstáit tiomanta faoi Phrótacal Kyoto a áirithiú go ndéanfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa ó úsáid talún a chúiteamh le hionsú coibhéiseach CO2, rud ab fhéidir a dhéanamh trí bhíthin tuilleadh gníomhaíochta san earnáil. (2.5.2) Anois, tá sé mar aidhm ag AE an prionsabal sin (an ‘riail do thoradh neodrach nó dearfach’ mar a thugtar air) a chumhdach i ndlí AE don tréimhse 2021-2030, trí LULUCF a ionchorprú den chéad uair riamh in iarrachtaí AE chun astaíochtaí a laghdú. Faoi Rialachán (AE) 2018/841 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó LULUCF a chur san áireamh i gcreat aeráide agus fuinnimh 2030, a tháinig i bhfeidhm an 9 Iúil 2018, ba cheart astaíochtaí gás ceaptha teasa ó LULUCF a fhritháireamh ar a laghad le hasbhaint choibhéiseach CO2 ón atmaisféar le linn na tréimhse 2021-2030. Leasaíodh Rialachán LULUCF i mí Aibreáin 2023 chun sprioc nua 2030 a chinneadh i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Go háirithe, is é an cuspóir atá ann linnte carbóin an Aontais a mhéadú 15 %, arb ionann sin agus 310 milliún tona de choibhéis CO2. I mí na Bealtaine 2023, chuidigh doiciméad treorach ón gCoimisiún leis na Ballstáit úsáid talún, foraoiseacht agus talmhaíocht a ailíniú le pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide nuashonraithe, lena n-áirithítear comhlíontacht le rialacháin athbhreithnithe.

J. Ionstraimí airgeadais

Ó 1992 i leith, ba é clár LIFE ionstraim thiomnaithe chistiúcháin AE don chomhshaol. Áiríodh caomhnú an dúlra agus na bithéagsúlachta i measc na bhfochlár le haghaidh na chéad cheithre chéim a cuireadh i gcrích cheana féin. Is é a bhí sa chúigiú céim (a tugadh isteach le Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 agus ina gcumhdaítear an tréimhse 2014-2020 i gcás LIFE) ná dhá fhochlár maidir leis an athrú aeráide agus leis an gcomhshaol. Tá buiséad de EUR 1.155 billiún ar fáil don dúlra agus don bhithéagsúlacht, mar chuid den fhochlár comhshaoil. - Tá cistiú eile chun tacú leis an mbithéagsúlacht ar áireamh i mbeartais talmhaíochta agus iascaigh, i gCistí Comhtháthaithe agus Struchtúracha, agus sna cláir taighde ilbhliantúla. Tá an chéim is déanaí de chlár LIFE (2021-2027) struchtúraithe ar an gcaoi chéanna leis an gceann roimhe sin, agus tá an dá réimse gníomhaíochta chéanna agus ceithre fhochlár ann. Is é EUR 2.15 billiún an buiséad don fhochlár dúlra agus bithéagsúlachta.

K. Na straitéisí bithéagsúlachta agus foraoise do 2030

An 11 Nollaig 2019, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip, pacáiste uaillmhianach de bhearta beartaithe chun go gcuirfear ar chumas AE a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, soláthraítear plean gníomhaíochta chun AE a chlaochlú ina gheilleagar inbhuanaithe agus iomaíoch. I measc na ngníomhaíochtaí a moladh ná straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 (a foilsíodh an 20 Bealtaine 2020) ina bhfuil bearta chun dul i ngleic le príomhspreagthaí do chailliúint na bithéagsúlachta, mar aon le straitéis nua foraoise AE le haghaidh 2030 (a foilsíodh an 14 Iúil) ina bhfuil bearta chun tacú le slabhraí luacha nach mbeidh dífhoraoisiú mar thoradh orthu. Le Straitéis na Bithéagsúlachta do 2030, tugtar aghaidh ar na cúig phríomhspreagadh do chailliúint na bithéagsúlachta (athruithe ar úsáid talún agus farraige, róshaothrú, an t-athrú aeráide, truailliú agus speicis choimhthíocha ionracha), leagtar amach creat rialachais feabhsaithe chun bearnaí atá fós ann a líonadh, áirithítear cur chun feidhme iomlán reachtaíocht AE, agus tugtar le chéile na hiarrachtaí go léir atá ann cheana. Is é is aidhm don Straitéis Foraoise do 2030 foraoisí na hEorpa a chur in oiriúint do na dálaí nua, d’fhíor-dhrochaimsir agus don éiginnteacht mhór a eascraíonn as an athrú aeráide. Is réamhchoinníoll é sin chun go leanfaidh foraoisí dá bhfeidhmeanna socheacnamaíocha a chomhlíonadh agus chun ceantair thuaithe bhríomhara ina bhfuil pobail faoi bhláth a áirithiú.

Mar chuid de straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, ghlac an Coimisiún togra an 22 Meitheamh 2022 maidir le dlí athchóirithe an dúlra, ar mhaithe le ‘héiceachórais a ndearnadh damáiste dóibh a athshlánú agus an dúlra a thabhairt ar ais ar fud na hEorpa, ó thalamh talmhaíochta agus farraigí, go foraoisí agus timpeallachtaí uirbeacha’. Leis an dlí, cheanglófaí ar na Ballstáit pleananna náisiúnta athbhunaithe a fhorbairt chun na spriocanna a shaothrú agus, ag an am céanna, an tsolúbthacht a cheadú dóibh a gcúinsí náisiúnta a chur san áireamh.

An 24 Eanáir 2023, d’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht dar teideal ‘Athbhreithniú ar Thionscnamh Pailneoirí AE — Margadh nua do phailneoirí’, arb é is aidhm dó athbhreithniú a dhéanamh ar thionscnamh 2018 an Aontais maidir le pailneoirí, mar chuid de straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030. Ba é tionscnamh 2018 an chéad chreat riamh de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar mheath na bpailneoirí fiáine. Leagtar amach cuspóirí do 2030 agus gníomhaíochtaí faoi thrí thosaíocht i dtionscnamh athbhreithnithe an Aontais maidir le pailneoirí: caomhnú pailneoirí a fheabhsú agus dul i ngleic le cúiseanna a meatha; eolas a fheabhsú; agus an tsochaí a shlógadh agus pleanáil straitéiseach agus comhar a chur chun cinn.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Mar chomhreachtóir, tá an Pharlaimint le fada an lá ag tacú le cosaint AE don bhithéagsúlacht agus le beartais AE maidir leis an athrú aeráide. I mí Mheán Fómhair 2010, ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta a bhfuil mar aidhm leis an bhithéagsúlacht a chaomhnú, d’fhonn an sprioc ó 2010 ar aghaidh a bhaint amach. Chuir sí a cúiseanna imní in iúl go bhfuil easpa práinne ann sa chlár oibre polaitiúil idirnáisiúnta i ndáil le stad a chur le cailliúint na bithéagsúlachta, agus d’iarr sí go gcuirfí feabhas ar rialachas na bithéagsúlachta sna caidrimh inmheánacha agus sheachtracha araon.

I mí na Samhna 2016, ghlac Parlaimint na hEorpa rún mar fhreagairt don phlean gníomhaíochta maidir le gainneáil ar fhiadhúlra, a bhfuil sé mar aidhm leis srian a chur leis an gcoir eagraithe dhíobhálach sin, ar baol í don bhithéagsúlacht mar go gcuirtear, dá barr, a lán speiceas i mbaol a ndíothaithe. Tá trí thosaíocht sa phlean gníomhaíochta: cosc, forfheidhmiú agus comhar. Leagadh béim ar thábhacht an chomhair dhomhanda idir tíortha tionscnaimh, tíortha idirthurais agus tíortha cinn scríbe. I mí Dheireadh Fómhair 2016 agus i mí Dheireadh Fómhair 2017, ghlac Parlaimint na hEorpa rúin, i neamhchead d’údarú ón gCoimisiúin, maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe (OGManna) – grán buí, pónaire shoighe etc. – agus maidir le hiarrachtaí chun éascú a dhéanamh ar thoirmeasc saothrú OGManna ag na Ballstáit i gcomhréir leis an gcuspóir chun an bhithéagsúlacht, an dúlra agus an ithir a chosaint.

Ina rún an 14 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal ‘I dtreo comhaontú aeráide idirnáisiúnta nua i bPáras, mheabhraigh Parlaimint na hEorpa go bhfuil an t-athrú aeráide ag géarú ar chailliúint na bithéagsúlachta, d’iarr sí go mbeadh comhaontú ann lena mbainfeadh ‘iarracht chuimsitheach gach earnála’ agus thug sí dá haire go bhfuil ag roinnt le húsáid talún ‘acmhainneacht chostéifeachtach shuntasach a mhéid a bhaineann le maolú agus le teacht aniar a fheabhsú’.

Chuir rún an 16 Eanáir 2020 maidir leis an 15ú cruinniú de Chomhdháil na Páirtithe (COP15) chuig an gCoinbhinsiún maidir le hÉagsúlacht Bhitheolaíochta’ ó Pharlaimint na hEorpa i bhfios go láidir an gá atá le huaillmhian agus cuimsitheacht a mhéadú, agus an gá atá le feidhmiú an Chreata Bithéagsúlachta Domhanda tar éis 2020 a fheabhsú.

Chuir Parlaimint na hEorpa i bhfios go láidir i rún uaithi an 8 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéis nua foraoise AE an ról ríthábhachtach a bhí ag Straitéis Foraoise AE tar éis 2020 agus ag an gComhaontú Glas don Eoraip ó thaobh chuspóirí Chomhaontú Pháras agus cuspóirí Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach.

Leagadh béim le rún an 22 Deireadh Fómhair 2020 ó Pharlaimint na hEorpa le moltaí don Choimisiún maidir le creat dlíthiúil de chuid AE chun dífhoraoisiú domhanda faoi thionchar AE a stopadh agus a aisiompú gur gá beartas trádála agus infheistíochta a athbhreithniú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an dífhoraoisithe dhomhanda ar bhealach níos éifeachtúla, trí mhachaire comhréidh domhanda a chruthú agus an nasc idir comhaontuithe trádála agus an bhithéagsúlacht dhomhanda, mar aon le héiceachórais foraoise, a chur san áireamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, téigh chuig suíomh gréasáin an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (ENVI).

 

Georgios Amanatidis / Maria-Mirela Curmei