Stair an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta

Is ann don aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) mar thoradh ar chomhtháthú eacnamaíoch in AE. Tá airgeadra coiteann, an euro, tugtha isteach i limistéar an euro, limistéar ina bhfuil 20 mBallstát AE faoi láthair. Ní mór do Bhallstáit uile an Aontais – seachas an Danmhairg – an euro a ghlacadh a luaithe a chomhlíonfaidh siad na critéir um chóineasú. Is iad an tEurochóras a chuimsíonn Bord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus gobharnóirí bhainc cheannais an limistéir euro a leagann síos beartas airgeadaíochta aonair.

Bunús dlí

  1. Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE); Airteagail 3, 5, 119-144, 219 agus 282-284 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE);
  2. Na prótacail atá i gceangal leis na Conarthaí: Prótacal 4 maidir le reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh; Prótacal 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach; Prótacal 13 maidir leis na critéir um chóineasú; Prótacal 14 maidir leis an nGrúpa Euro; Prótacal 16, ina bhfuil an clásal don Danmhairg um rogha gan a bheith páirteach;
  3. Is é atá sna conarthaí idir-rialtasacha ná an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (TSCG), an Comhshocrú Euro agus an Conradh ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE).

Cuspóirí

Tá AEA ceaptha chun tacú le fás inbhuanaithe eacnamaíoch agus le hardleibhéil fostaíochta trí bheartais iomchuí eacnamaíocha agus airgeadaíochta a dhéanamh. Tá trí phríomhréimse i gceist leis sin: (i) beartas airgeadaíochta a chur chun feidhme lena saothraítear an príomhchuspóir cobhsaíocht praghsanna a bhaint amach; (ii) éifeachtaí iarmharta diúltacha féideartha mar gheall ar mhaoiniú rialtais neamh-inbhuanaithe a sheachaint, míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc ar bheith ag teacht chun cinn laistigh de na Ballstáit, agus a lamháil do na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha a chomhordú go pointe áirithe; (iii) oibriú rianúil an mhargaidh inmheánach a áirithiú.

A bhfuil bainte amach

Tá an euro cheana ina chuid den saol laethúil i 20 mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá roinnt buntáistí ag baint leis an airgeadra aonair, lena n-áirítear costais idirbheart airgeadais a laghdú, taisteal a éascú, agus ról na hEorpa ar an leibhéal idirnáisiúnta a neartú. Cabhraíonn sé leis an margadh inmheánach a chur i gcrích.

Stair AEA

Ag an gcruinniú mullaigh sa Háig in 1969, rinne na Cinn Stáit nó Rialtais cuspóir nua a shainmhíniú, is é sin lánpháirtiú na hEorpa: aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA). Rinne grúpa a raibh Pierre Werner, Príomh-Aire Lucsamburg, ina cheannaire air, tuarascáil a dhréachtú inar leagadh amach aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a bhaint amach laistigh de 10 mbliana. Mar thoradh ar chliseadh chóras Bretton Woods, b’ann do bhabhta éagobhsaíochta i dtaca le malairt eachtrach agus, dá bhrí sin, bhí amhras tromchúiseach ann maidir leis na paireachtaí idir na hairgeadraí Eorpacha. Tugadh tionscadal AEA chun stad tobann.

Ag cruinniú mullaigh Pháras 1972, rinne an tAontas iarracht fuinneamh nua a thabhairt don lánpháirtiú airgeadaíochta tríd an ‘nathair sa tollán’ a chruthú: sásra le haghaidh airgeadraí a chur ar ráta comhlúthach (an ‘nathair’) ar bhealach bainistithe laistigh de chaolchorrlaigh luaineachta in aghaidh an dollair (an ‘tollán’). Agus é curtha dá threoir ag an ngéarchéim olla, ag laige an dollair agus ag difríochtaí sa bheartas eacnamaíoch, chaill an ‘nathair’ an chuid is mó dá baill laistigh de níos lú ná dhá bhliain agus, sa deireadh, ní raibh fágtha inti ach ‘limistéar mairc’, chomhdhéanta den Ghearmáin, de na tíortha Benelux agus den Danmhairg.

Rinneadh iarrachtaí in athuair ag cruinniú mullaigh na Bruiséile in 1978 limistéar cobhsaíochta airgeadais a bhunú tríd an gCóras Eorpach Airgeadaíochta (EMS) a chruthú, bunaithe ar choincheap rátaí malairte a bheadh socraithe ach inchoigeartaithe. Bhí lucht airgeadraí na mBallstát uile, ach amháin an Ríocht Aontaithe, rannpháirteach i meicníocht an ráta malairte, MRM I. Bhí rátaí malairte bunaithe ar rátaí lárnacha in aghaidh ECU (an tAonad Airgeadra Eorpach), an t-aonad cuntais Eorpach, arbh é a bhí ann ná meán ualaithe na n-airgeadraí rannpháirteacha. Thar thréimhse 10 mbliana, rinne ERM roinnt mhaith beart chun athraitheacht i ráta malairte a laghdú: trí bhíthin sholúbthacht an chórais, mar aon leis an rún polaitiúil chun cóineasú eacnamaíoch a chur ar bun, rinneadh cobhsaíocht airgeadra a bhaint amach.

Le glacadh Chlár an Mhargaidh Aonair in 1985, d’éirigh sé níos soiléire fós nárbh fhéidir leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh aonair fad arbh ann do chostais idirbhirt measartha ard maidir le comhshó airgeadra agus fad arbh ann d’éiginnteacht maidir le luaineachtaí ar an ráta malartaithe, dá laghad iad.

Sa bhliain 1988, chuir an Chomhairle Eorpach in Hanover coiste ar bun chun staidéar a dhéanamh ar AEA faoi chathaoirleacht Jacques Delors, a bhí ina Uachtarán ar an gCoimisiúin ag an am sin. Sa tuarascáil ón gcoiste (tuarascáil Delors), a tíolacadh in 1989, moladh go ndéanfaí tabhairt isteach trí chéim AEA a neartú. Go háirithe, leagadh béim ann ar an ngá a bhí le comhordú níos fearr a dhéanamh ar bheartais eacnamaíocha, le rialacha lena leagfaí síos teorainneacha le haghaidh easnaimh i mbuiséid náisiúnta, agus le hinstitiúid neamhspleách a chruthú a bheadh freagrach as beartas airgeadaíochta an Aontais: an Banc Ceannais Eorpach (BCE). Ar bhonn thuarascáil Delors, chinn an Chomhairle Eorpach i Maidrid i 1989 an chéad chéim de AEA a sheoladh: léirscaoileadh iomlán ar ghluaiseachtaí caipitil faoin 1 Iúil 1990.

I mí na Nollaig 1989, d’iarr an Chomhairle Eorpach in Strasbourg go reáchtálfaí comhdháil idir-rialtasach chun a shainaithint cé hiad na leasuithe ar ghá a dhéanamh ar an gConradh chun AEA a bhaint amach. Is as obair na comhdhála idir-rialtasaí sin a d’eascair an Conradh ar an Aontas Eorpach, a glacadh in Maastricht i mí na Nollag 1991 agus a tháinig i bhfeidhm an 1 Samhain 1993.

Rinneadh foráil sa Chonradh go ndéanfaí AEA a thabhairt isteach i dtrí chéim (rinneadh roinnt dátaí tábhachtacha ina leith sin a fhágáil ar oscailt agus dhéanfaí iad a shocrú ag cruinnithe mullaigh Eorpacha níos déanaí de réir mar a rachadh imeachtaí chun cinn):

  1. Céim 1 (ón 1 Iúil 1990 go dtí an 31 Nollaig 1993): lenar bunaíodh saorghluaiseacht caipitil idir na Ballstáit;
  2. Céim 2 (ón 1 Eanáir 1994 go dtí an 31 Nollaig 1998): lena ndearnadh beartais eacnamaíocha na mBallstát a chóineasú agus comhar idir bainc cheannais náisiúnta na mBallstát a neartú. Rinneadh comhordú na mbeartas airgeadaíochta a institiúidiú nuair a bunaíodh an Institiúid Eorpach Airgeadaíochta (EMI);
  3. Céim 3 (ar cuireadh tús léi an 1 Iúil 1999): comhbheartas airgeadaíochta a chur chun feidhme ón gcéad lá ar aghaidh faoi choimirce an Eurochórais agus nótaí agus boinn an euro a thabhairt isteach de réir a chéile i mBallstáit uile an limistéir euro. Bhí an t-aistriú go dtí an tríú céim faoi choinníoll go ndéanfaí ardleibhéal cóineasaithe mharthanaigh a bhaint amach arna dtomhas de réir roinnt critéar a leagtar síos sna Conarthaí. Bhí na rialacha buiséadacha le bheith ceangailteach agus d’fhéadfadh sé go ngearrfaí pionóis araon Bhallstát nach raibh na rialacha sin á gcomhlíonadh aige. Cuireadh an beartas airgeadaíochta don limistéar euro faoi chúram an Eurochórais, a bhí comhdhéanta de sheisear comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin BCE agus de ghobharnóirí bhainc náisiúnta an limistéir euro.

I bprionsabal, trí chloí leis na Conarthaí, chomhaontaigh Ballstáit uile an Aontais an euro a ghlacadh (Airteagal 3 CAE agus Airteagal 119 CFAE). Níl aon spriocdháta leagtha síos, áfach, agus tá roinnt Ballstát ann nach bhfuil na critéir um chóineasú comhlíonta acu go fóill. Baineann na Ballstáit sin tairbhe as maolú sealadach. Thairis sin, bhí fógra tugtha ag an Ríocht Aontaithe agus ag an Danmhairg go raibh sé ar intinn acu gan dul isteach sa tríú céim de AEA agus, dá bhrí sin, gan an euro a ghlacadh. Inniu, is í an Danmhairg amháin a bhaineann tairbhe as díolúine i ndáil lena rannpháirtíocht sa tríú céim den AEA, ach tá rogha aici fós deireadh a chur lena díolúine. Agus an méid seo á scríobh, tá an euro glactha ag 20 as 27 mBallstát.

I ndiaidh ghéarchéim fiachais cheannasaigh na hEorpa a thit amach idir 2009 agus 2012, thug ceannairí an Aontais gealltanas go ndéanfaidís AEA a neartú, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar a chreat rialachais. Le leasú ar an gConradh, lena ndéantar difear d’Airteagal 136 CFAE, ceadaíodh sásra tacaíochta buan a chruthú do na Ballstáit a bhí i nguais, ar choinníoll go mbeadh an sásra bunaithe ar chonradh idir-rialtasach, go mbeadh cobhsaíocht an limistéir euro ina iomláine faoi bhagairt agus go mbeadh an tacaíocht airgeadais nasctha le coinníollacht dhocht. Mar thoradh air sin, bunaíodh an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) i nDeireadh Fómhair 2012, agus tháinig sé in ionad roinnt sásraí ad hoc. Ina theannta sin, d’fhógair Uachtarán BCE, Mario Draghi, an méid a leanas in 2012: ‘Laistigh dár sainordú, tá BCE réidh le pé rud is gá a dhéanamh chun an euro a chaomhnú’. Chuige sin, chruthaigh sé an ionstraim maidir le hIdirbhearta Airgeadaíochta Glan Amach (OMT). Ceadaítear le OMT do BCE bannaí ceannasacha de chuid Ballstáit atá i nguais a cheannach, ar choinníoll go síníonn an tír meabhrán tuisceana le SCE agus, ar an gcaoi sin, go ndéanann sí, go hindíreach, tacaíocht BCE a chur faoi réir coinníollacht dhocht. Chun a sheachaint go mbeadh géarchéim fiachais cheannasaigh ann in athuair, rinneadh reachtaíocht thánaisteach AEA a uasghrádú. Bunaíodh an Seimeastar Eorpach, rud lena neartaíodh an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), lenar tugadh isteach an Nós Imeachta do Mhíchothromaíocht Mhaicreacnamaíoch (MIP), agus lenar féachadh le comhordú an bheartais eacnamaíoch a neartú tuilleadh. Rinneadh an creat feabhsaithe rialachais eacnamaíoch a chomhlánú le conarthaí idir-rialtasacha, amhail an Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (TSCG nó ‘Comhshocrú Fioscach’) agus an Comhshocrú EuroPlus.

In 2012, ina Threoirphlean le haghaidh fíor-AEA domhain, mhol an Coimisiún an chéad iarracht AEA a ardú tuilleadh. Is é an aidhm dheiridh a bheadh ann ná aontas polaitiúil a bhunú. Maidir le thionscnamh eile in 2012, an ‘Tuarascáil an Cheathrar Uachtarán’, nach raibh chomh huaillmhianach céanna leis an Treoirphlean, ní dhearnadh athruithe suntasacha ar chreat rialachais eacnamaíoch AEA a thionscnamh léi. In 2015, agus an Treoirphlean mar inspioráid acu, d’fhoilsigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Ghrúpa Euro, Uachtarán BCE agus Uachtarán Pharlaimint na hEorpa tuarascáil ar Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Chomhlánú (‘Tuarascáil an Chúigear Uachtarán’). Léiríodh inti plean athchóirithe arbh é ab aidhm dó fíor-Aontas eacnamaíoch, airgeadais, fioscach agus polaitiúil a bhaint amach i dtrí chéim (a bhí le cur i gcrích faoi 2025 ar a dhéanaí). Chun pleananna móra an Treoirphlean nó Thuarascáil an Chúigear Uachtarán a chur i gcrích go hiomlán, áfach, bheadh sé riachtanach Conarthaí an Aontais Eorpaigh a leasú ar bhealach suntasach. Ós rud é nach ndearnadh aon athrú ar an gConradh ó shin, níorbh fhéidir na tionscadail ab uaillmhianaí a chur i gcrích.

Cuireadh brú suntasach ar an airgeadas poiblí mar gheall ar an ngéarchéim arb é COVID-19 ba chúis léi. I mí an Mhárta 2020, rinne an Chomhairle an clásal ginearálta éalaithe in CCF a ghníomhachtú chun tréimhse theoranta ama a thabhairt do na Ballstáit, ar tréimhse í a bhféadfaidh siad a bhfiachas poiblí a mhéadú lena linn thar na srianta atá ar rialacha fioscacha. Fágann sin, i measc nithe eile, gur féidir an cóimheas fiachais le OTI a bheith thar 60 % go sealadach gan smachtbhannaí an Aontais a chur i mbaol. Mar sin féin, i gcás Bhallstáit a bhfuil cóimheas fiachais le OTI an-ard acu cheana ach iarrtar orthu gan a bhfiachas a mhéadú ach amháin go han-chúramach. Fiú leis an gclásal éalaithe ginearálta a bheith curtha i ngníomh, is féidir smachtbhannaí a fhorchur fós faoi chuimsiú CCF. Chomh maith leis sin i Márta 2020, thionscain BCE clár ceannaithe d’éigeandáil na paindéime (PEPP), clár lena n-áirítear glacadh méideanna móra fiachais cheannasaigh ar na margaí tánaisteacha. Soláthraítear leachtacht do na margaí leis an méid sin agus tá sé ceaptha le nach dtiocfaidh raonta móra difríochta chun cinn idir Bannaí na Gearmáine agus bannaí rialtais ó roinnt Ballstát AE a bhfuil fiacha móra acu. Tá na méideanna a sholáthraítear an-mhór, ach tá teorainn ama leis an gclár.

Rinne BCE athbhreithniú ar straitéis i samhradh na bliana 2021, an chéad cheann ó 2003 i leith, agus é mar aidhm leis sprioc boilscithe 2 % a bhaint amach sa mheántéarma, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí an sprioc a shárú ar bhonn sealadach agus an t-athrú aeráide a chur san áireamh i gcinntí Chóras an Euro.

Mar thoradh ar na héifeachtaí uile a bhí ag na blianta de bheartas airgeadaíochta thar a bheith scaoilte, a géaraíodh tuilleadh mar gheall ar an staid eacnamaíoch iarphaindéime, mar aon leis na drochiarmhairtí ón gcogadh san Úcráin, tháinig méadú ar an mboilsciú sa limistéar euro de chineál nach raibh feicthe riamh, a tháinig chun solais i dtosach in 2022, i bhfoirm arduithe praghsanna fuinnimh den chuid is mó. Tháinig éifeachtaí indíreacha chun solais ansin nuair a tháinig éilimh láidre ar mhéaduithe pá mar thoradh ar chaillteanas suntasach cumhachta ceannaigh, rud a d’fhéadfadh bís phá agus phraghsanna a chruthú. Chuaigh an tEurochóras siar ar a bhí socraithe aige maidir lena bheartas airgeadaíochta, ag maolú ceannacháin sócmhainní agus ag ardú rátaí úis. Ag tabhairt aghaidh ar an bhfaitíos go mbeadh barrachas raonta difríochta i mbannaí ceannasacha do thíortha le fiachas móra acu, d’fhógair BCE ‘ionstraim neamh-ilroinnte’, an Ionstraim um Chosaint Tarchurtha, in Iúil 2022.

I samhradh na bliana 2022, cuireadh dlús le díospóireacht laistigh den Eurochórais agus i measc Ballstáit an limistéir euro maidir le hathruithe a d’fhéadfaí dhéanamh ar CCF. Bhí deighilt chomh mór sin ann idir tuairimí na mBallstát, áfach, gur tháinig éiginnteacht chun cinn maidir le hindéantacht aon athraithe shuntasaigh. Ach fós, thángthas ar chomhaontú a lamhálfadh am breise do thíortha a raibh fiacha móra acu a gcóimheas fiachais le OTI a ísliú faoi bhun uasteorainn 60%. Tá comhdhearcadh ann freisin nósanna imeachta forfheidhmiúcháin CCF a shimpliú, i gcás gur féidir, agus go gcoinneofar na tairseacha reatha 60% agus 3% d’fhiachas agus d’easnamh. Tá sé beartaithe an clásal éalaithe ginearálta a dhíghníomhachtú ag deireadh 2023.

In Aibreán 2023, rinne an Coimisiún tograí reachtacha chun CCF a leasú, inar áitíodh go dtabharfaí an nós imeachta reachtach chun críche faoi dheireadh 2023. Leis na tograí, dá nglacfaí iad mar atá siad, d’aistreofaí cumhachtaí substaintiúla cinnteoireachta ón gComhairle chun an Choimisiúin (nach bhfuil, de réir na gConarthaí, go bunúsach aon cheann acu sa réimse seo), lena lamhálfaí don Choimisiún tionchar díreach a imirt ar chonair choigeartaithe fhioscaigh Bhallstáit aonair an limistéir euro. Lamhálfadh sé don Choimisiúin freisin tionchar a bheith aige de facto ar bheartais eacnamaíocha gach Ballstáit sa limistéar euro trí athchóirithe agus infheistíochtaí náisiúnta a sheiceáil. Caitheann seasaimh atá an-éagsúil óna chéile sa Chomhairle agus sa Pharlaimint araon amhras ar insroichteacht dul chun cinn tapa.

In 2023, tar éis 11 bhabhta d’arduithe ar rátaí úis, thosaigh boilsciú i limistéar an euro ar chúlú, ach tá sé fós i bhfad os cionn na sprice de 2%.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Ó tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm, tá Parlaimint na hEorpa rannpháirteach mar chomhreachtóir i mbunú an chuid is mó de na rialacha mionsonraithe lena múnlaítear an creat rialachais eacnamaíoch (bunaithe, i measc nithe eile, ar Airteagail 121, 126 agus 136 CFAE). I gcás roinnt sainchomhad, áfach, ní dhéantar foráil sa Chonradh ach do ról comhairleach don Pharlaimint, lena n-áirítear, inter alia, an chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta, chomh maith le faireachas maicreacnamaíoch. Sa bhreis air sin, téitear i gcomhairle leis an bParlaimint maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:

  1. comhaontuithe maidir le rátaí malairte idir an euro agus airgeadraí neamh-AE;
  2. tíortha atá incháilithe chun dul isteach san airgeadra aonair;
  3. an tUachtarán, an Leasuachtarán agus an ceathrar comhaltaí eile de Bhord Feidhmiúcháin BCE a cheapadh;
  4. Codanna den reachtaíocht lena ndéantar an nós imeachta um easnamh iomarcach a chur chun feidhme.

Gach bliain, déanann BCE a thuarascáil bhliantúil a thíolacadh agus déanann Uachtarán BCE í a thíolacadh ina dhiaidh sin sa suí iomlánach. De ghnáth, freagraíonn an Pharlaimint don tuarascáil trí thuarascáil féintionscnaimh a ghlacadh. Níl aon chumhachtaí cinnteoireachta ag an bParlaimint maidir le céimeanna éagsúla an tSeimeastair Eorpaigh, ach déanann an Coimisiún agus an Chomhairle, a bhfuil na cumhachtaí feidhmiúcháin acu, an t-eolas is déanaí ina leith sin a thabhairt di go rialta. Rinneadh ról na Parlaiminte i rialachas eacnamaíoch an Aontais a neartú beagán leis an Seimeastar Eorpach, go háirithe trí ‘Idirphlé Eacnamaíoch’ a chur ar bun, a raibh an Pharlaimint, foirmíochtaí ábhartha de chuid na Comhairle agus an Coimisiún páirteach ann. Féadfaidh an Pharlaimint gabháil i dteannta an tSeimeastair trí thuarascálacha féintionscnaimh a ghlacadh.

De bharr a cineáil, níl an Pharlaimint rannpháirteach ar bhonn foirmiúil i mbunú conarthaí idir-rialtasacha (e.g. Conradh ar chobhsaíocht, ar chomhordú agus ar rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta), ná i mbunú agus i reáchtáil sásraí idir-rialtasacha (e.g. SCE), cé go bhfuil teagmhálacha éagsúla ag an bParlaimint agus go bhfuil baint aici le malartú tuairimí mar sin féin.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ábhar seo, féach suíomh gréasáin an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta.

 

Christian Scheinert