Creat AE do bheartais fhioscacha

Chun cobhsaíocht an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a áirithiú, is gá creat láidir a bheith ann chun airgeadas poiblí neamh-inbhuanaithe a sheachaint a mhéid is féidir. Tháinig athchóiriú (cuid den Sé-Phaca, mar a thugtar air) lena leasaítear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), i bhfeidhm ag deireadh 2011. Tháinig athchóiriú eile sa réimse beartais sin, an Conradh idir-rialtasach ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG), lena n-áirítear an Comhshocrú Fioscach, i bhfeidhm go luath in 2013. Thairis sin, tháinig rialachán maidir le measúnú a dhéanamh ar dhréachtphleananna buiséadacha naisiúnta (cuid den ‘Dé-Phaca’, mar a thugtar air) i bhfeidhm i mí Bhealtaine 2013.

An bunús dlí

  • Airteagail 3, 119-144, 136, 219 agus 282-284 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);
  • Prótacal Uimh. 12 (maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach) agus Prótacal Uimh. 13 (maidir leis na critéir um chóineasú) a ghabhann leis na Conarthaí.

Cuspóirí

Is é is cuspóir le hailtireacht bheartas fioscach an Aontais Eorpaigh creat stóinsithe agus éifeachtach a thógáil chun comhordú agus faireachas a dhéanamh ar bheartais fhioscacha na mBallstát. Bhí athchóirithe 2011-2013 den chreat dlíthiúil mar fhreagra díreach ar ghéarchéim an fhiachais cheannasaigh, rud a léirigh an gá le rialacha níos déine, i bhfianaise éifeachtaí iarmharta ó airgeadas poiblí neamh-inbhuanaithe idir tíortha laistigh den limistéar euro. Tarraingítear sa chreat athbhreithnithe, dá bhrí sin, ar thaithí theipeanna deartha tosaigh an Aontais Airgeadaíochta Eorpaigh agus féachtar sa chreat sin le treoirphrionsabal airgeadais phoiblí fhónta atá cumhdaithe in Airteagal 119(3) CFAE a neartú.

A bhfuil bainte amach

A. An Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

Le dlí Príomha AE, soláthraítear an príomhbhunús dlíthiúil do CCF in Airteagal 121 (faireachas iltaobhach) agus Airteagal 126 (nós Imeachta um easnamh iomarcach) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach. I ndlí tánaisteach AE, leagtar amach ar bhealach níos mionsonraithe conas atá na rialacha agus na nósanna imeachta dá bhforáiltear in CFAE le cur chun feidhme. Tháinig an chéad Phacáiste Rialachais Eacnamaíoch (‘Sé Phaca’) i bhfeidhm an 13 Nollaig 2011, pacáiste lena n-athchóirítear agus lena leasaítear rialacha CCF. Sa CCF leasaithe, soláthraítear príomhionstraimí chun faireachas a dhéanamh ar bheartais fhioscacha na mBallstát (géag choisctheach) agus chun easnaimh iomarcacha a cheartú (géag cheartaitheach). Ina fhoirm reatha, is iad na bearta seo a leanas atá in CCF:

  • Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha a neartú agus le faireachas agus comhordú a dhéanamh ar na beartais eacnamaíocha, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1055/2005 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2005 agus Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 an 16 Samhain 2011. Is é an rialachán seo an ghéag choisctheach;
  • Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1056/2005 ón gComhairle an 27 Meitheamh 2005 agus Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011 ón gComhairle an 8 Samhain 2011. Is é an rialachán seo an ghéag cheartaitheach;
  • Rialachán Uimh. 1173/2011 an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro;

Ina theannta sin, sa ‘Chód Iompair’, ar tuairim é ón gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (Coiste na Comhairle um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais), tá sonraíochtaí maidir le cur chun feidhme CCF agus soláthraítear ann treoirlínte maidir le formáid agus inneachar na gClár um Chobhsaíocht agus um Chóineasú (SCPanna). Cé go bhfuil an ‘Cód Iompair’ go foirmiúil faoi bhun leibhéal rialacháin, tá sé thar a bheith tábhachtach go praiticiúil toisc go sonraítear ann conas an CCF a chur chun feidhme. Sa nuashonrú is déanaí atá déanta air, arna chomhaontú ag CEA an 15 Bealtaine 2017, áirítear ann sonraíochtaí maidir le solúbthacht laistigh de na rialacha atá ann cheana de chuid CCF (trí chlásail infheistíochta agus athchóirithe struchtúracha mar a thugtar orthu agus trí mhaitrís lena sonraítear ‘dea-thréimhsí eacnamaíocha’ agus ‘drochthréimhsí eacnamaíocha’ laistigh den ghéag choisctheach agus cibé acu iarrachtaí um choigeartú fioscach is gá don staid thimthriallach agus don chóimheas fiachais ábhartha). Tá na sonraíochtaí sin bunaithe ar ‘Sheasamh comhaontaithe maidir le solúbthacht laistigh de CCF de chuid CEA (mí na Samhna 2015), a d’fhormhuinigh Comhairle ECOFIN i mí Feabhra 2016. Ba í an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an úsáid is fearr a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de na rialacha atá ann cheana i gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis an 13 Eanáir 2015 an túsphointe don phlé. Thairis sin, sa leagan reatha den Chód Iompair, tá dhá thuairim ó CEA ann ó mhí na Samhna 2016, lena gcuirtear fócas níos láidre ar an tagarmharc caiteachais, cé go bhfanann an táscaire cothromaíochta struchtúrach de bheith ina chuid fhíor-riachtanach den chreat um fhaireachas fioscach.

1. An ghéag choisctheach de CCF

Is é aidhm na géige coiscthí ná airgeadas fónta poiblí a áirithiú trí fhaireachas iltaobhach bunaithe ar Airteagal 121 CFAE, ar Rialachán leasaithe (CE) Uimh. 1466/97 agus ar Rialachán nua (AE) Uimh. 1173/2011.

Príomhchuspóir san fhaireachas agus sa treoir is ea an cuspóir buiséadach meántéarmach atá tír-shonrach (MTO). Ní mór do MTO gach tíre a bheith laistigh de raon -1% de OTI agus d’iarmhéid nó de bharrachas, arna cheartú le haghaidh éifeachtaí timthriallacha agus le haghaidh bearta sealadacha aon uaire. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an gcuspóir seo gach trí bliana, nó nuair a chuirtear chun feidhme leasuithe struchtúracha móra a mbíonn tionchar acu ar an staid fhioscach. Is iad na huirlisí lárnacha i ngéag choisctheach CCF ná na SCPanna.

Cláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú (SCPanna)

Tíolacadh: Mar chuid den fhaireachas iltaobhach faoi Airteagal 121 CFAE, i mí Aibreáin gach bliain, ní mór do gach Ballstát clár cobhsaíochta a chur isteach (i gcás Bhallstáit an limistéir euro) nó clár um chóineasú (i gcás na mBallstát nach bhfuil sa limistéar euro) chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle. Ní mór a bheith san áireamh sa chlár cobhsaíochta, inter alia, an cuspóir meántéarmach, conair an choigeartaithe a ghabhann leis sin agus anailís ar chnámha an scéil, lena ndéanfar iniúchadh ar éifeachtaí na n-athruithe sna príomhbhoinn tuisceana eacnamaíocha maidir leis an staid fhioscach. Is é an bonn le haghaidh na ríomhanna nach mór a bheith ann na cásanna macra-fhioscacha is dóichí (nó is stuama). Is é an Coimisiún a fhoilsíonn na cláir sin.

Measúnú: Déanann an Chomhairle, ar bhonn measúnú ón gCoimisiún agus ó CEA, scrúdú ar na cláir. Go háirithe, déantar iniúchadh ar an dul chun cinn a rinneadh chun an cuspóir meántéarmach a bhaint amach. Gné nua sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis leasaithe is ea an breithniú sainráite ar fhorbairt caiteachais sa mheasúnú.

Tuairim: Bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le CEA, glacann an Chomhairle tuairim maidir leis an gclár. Ina thuairim, féadfaidh an Chomhairle a iarraidh ar na Ballstáit an clár a choigeartú. Is cuid dhílis í an tuairim de na moltaí tír-shonracha a ghlacann an Chomhairle ag deireadh gach Seimeastair Eorpaigh.

Faireachán: Déanann an Coimisiún agus an Chomhairle faireachán ar chur chun feidhme na SCPanna.

Luathrabhadh: I gcás mórdhiallais ó chonair an choigeartaithe chuig an gcuspóir meántéarmach, díríonn an Coimisiún foláireamh chuig an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 121(4) CFAE (Airteagail 6 agus 10 de Rialachán (CE) leasaithe Uimh. 1466/97). Tugtar an rabhadh sin i bhfoirm moladh ón gComhairle lena n-iarrtar na coigeartuithe beartais is gá ón mBallstát lena mbaineann.

Smachtbhannaí: I gcás Bhallstáit sin an limistéir euro, déanann an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis leasaithe foráil freisin don fhéidearthacht smachtbhannaí a fhorchur i bhfoirm taisce úsmhar arb ionann é agus 0.2% de OTI na bliana roimhe sin. Déantar foráil freisin maidir le fíneálacha le haghaidh ionramháil sonraí fiachais nó easnaimh.

An Seimeastar Eorpach: Is cuid den Seimeastar Eorpach é na SCPanna a chur isteach agus measúnú a dhéanamh orthu, ar próiseas níos leithne é de chomhordú beartais eacnamaíoch laistigh den Aontas Eorpach agus a bhfuil san áireamh ann géag choisctheach CCF.

2. Géag choisctheach CCF

An nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP)

Is é cuspóir an nós imeachta um easnamh iomarcach easnaimh iomarcacha a chosc agus a áirithiú go gceartófar go pras iad. Tá EDP faoi rialú ag Airteagal 126 de CFAE, ag Prótacal Uimh 12 a ghabhann leis na Conarthaí, ag Rialachán leasaithe (CE) Uimh. 1467/97 agus ag Rialachán nua (AE) Uimh. 1173/2011.

I gcomhréir leis an CCF leasaithe, déanann an critéar easnaimh nó an critéar fiachais nós imeachta um easnamh iomarcach a spreagadh.

  • Critéar easnaimh: meastar go bhfuil easnamh ginearálta rialtais iomarcach má tá sé níos airde ná luach tagartha 3% de OTI ar phraghsanna an mhargaidh;
  • Critéar fiachais: go bhfuil an fiachas níos airde ná 60% de OTI agus nár baineadh amach an sprioc bhliantúil um laghdú fiachais d’aon fhichiú den fhiachas atá os cionn thairseach 60% le trí bliana roimhe sin.

Tá forálacha freisin sa rialachán leasaithe a shoiléiríonn cén uair, más rud é go bhfuil easnamh níos airde ná an luach tagartha luaite, go measfar é a bheith eisceachtúil (mar thoradh ar ócáid neamhghnách nó géarchor chun donais eacnamaíoch, etc.) nó sealadach (nuair a léiríonn réamhaisnéisí go dtitfidh an t-easnamh faoi bhun an luacha thagartha tar éis dheireadh na hócáide neamhghnáiche nó an chora chun donais).

Leagtar síos in Airteagail 126(3) go 126(6) CFAE an nós imeachta chun an t-easnamh iomarcach a mheas agus chun cinneadh a dhéanamh faoi. Ullmhaíonn an Coimisiún tuarascáil mura gcomhlíonann Ballstát nó má tá baol ann nach gcomhlíonfaidh sé ceann amháin ar a laghad den dá chritéar. Foirmíonn CEA tuairim maidir leis an tuarascáil sin. Má mheasann an Coimisiún easnamh iomarcach a bheith ina ócáid ar leith (nó ócáid a d’fhéadfadh a bheith ann), díríonn sé a thuairim chuig an mBallstát lena mbaineann agus cuireann sé an Chomhairle ar an eolas. Bunaithe ar thogra ón gCoimisiún, tá an cinneadh deiridh ag an gComhairle i dtaobh an bhfuil easnamh iomarcach ann (Airteagal 126(6) CFAE). Ina dhiaidh sin, bunaithe ar mholadh ón gCoimisiún, glacann sí moladh arna dhíriú chuig an mBallstát lena mbaineann (Airteagal 126(7) CFAE) chun a iarraidh go ndéanfar gníomhaíocht éifeachtach chun an t-easnamh a laghdú, agus spriocdháta nach faide ná sé mhí á leagan síos aici. I gcás ina suífidh an Chomhairle nár glacadh aon ghníomhaíocht den sórt sin, féadfar a moltaí a phoibliú, (Airteagal 126(8) CFAE). Tar éis dó mainneachtain leanúnach a dhéanamh na moltaí a chomhlíonadh, féadfaidh an Chomhairle fógra a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann bearta iomchuí a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe (Airteagal 126(9) CFAE).

Smachtbhannaí: Déantar foráil sa nós imeachta um easnamh iomarcach freisin do smachtbhannaí i gcásanna neamhchomhlíonta (Airteagal 126(11) CFAE). Mar riail, is fíneáil é an smachtbhanna sin do Bhallstáit an limistéir euro, arb é atá ann comhpháirt sheasta (0.2% de OTI) agus comhpháirt athraitheach suas go dtí uasmhéid 0.5% de OTI don dá chomhpháirt le chéile).

Déantar foráil maidir le smachtbhannaí breise do Bhallstáit an limistéir euro i Rialachán Uimh. 1173/2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro. Forchuirtear na smachtbhannaí ag céimeanna éagsúla den nós imeachta um easnamh iomarcach agus is é atá i gceist leis na smachtbhannaí taiscí neamhúsmhara agus fíneáil 0.2% de OTI na mblianta roimhe sin. Faoin rialachán céanna, déantar foráil freisin maidir le smachtbhannaí le haghaidh ionramháil staidrimh.

3. Clásal éalaithe ginearálta CCF

Mar gheall ar an gcor chun donais eacnamaíoch leanúnach sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine mar thoradh ar ghéarchéim an choróinvíris, chuir an Chomhairle (ar bhonn togra ón gCoimisiún) i ngníomh clásal ginearálta éalaithe faoi SCP den chéad uair i Márta 2020, chun deis a thabhairt do na Ballstáit bearta éigeandála a ghlacadh a mbeadh iarmhairtí móra buiséadacha acu. A luaithe a chuirfear an clásal i ngníomh, ceadaítear don Bhallstát faoin ngéag choisctheach imeacht go sealadach ó chonair an choigeartaithe i dtreo an chuspóra bhuiséadaigh mheántéarmaigh, ar choinníoll nach gcuirfear an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol leis sin sa mheántéarma. Má thagann Ballstát faoin ngné cheartaitheach, tugtar le tuiscint leis an gclásal go bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a dhéanamh, ar mholadh ón gCoimisiún, conair fhioscach athbhreithnithe a ghlacadh. I mbeagán focal, ní chuireann an clásal éalaithe ginearálta nósanna imeachta CCF ar fionraí, ach ceadaítear leis don Choimisiún agus don Chomhairle imeacht ó na ceanglais bhuiséadacha a bheadh i bhfeidhm de ghnáth. I mí an Mhárta 2021, ghlac an Coimisiún teachtaireacht (‘Bliain amháin ó thosaigh COVID-19: freagairt don bheartas fioscach’), lena n-áirítear, inter alia, an ráiteas seo a leanas: ‘ba cheart an cinneadh faoin gclásal ginearálta éalaithe a dhíghníomhachtú nó leanúint leis do 2022 a ghlacadh mar mheasúnú foriomlán ar staid an gheilleagair bunaithe ar chritéir chainníochtúla. Is é an leibhéal aschuir san Aontas nó sa limistéar euro i gcomparáid leis an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim an príomhchritéar cainníochtúil. Thabharfadh na réamhfhaisnéisí reatha le tuiscint gur cheart go leanfaí den chlásal ginearálta éalaithe a chur i bhfeidhm in 2022 agus é a dhíghníomhachtú amhail ó 2023.’

B. An Comhaontú Fioscach

Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta 2012, shínigh na Ballstáit go léir, seachas an Ríocht Aontaithe agus an tSeicia (níor shínigh an Chróit an Conradh sin ach oiread, roimh a aontachas do AE ná ina dhiadh an 1 Iúil 2013), (TSCG), arb é an Comhshocrú Fioscach a chomhpháirt fhioscach. Déantar foráil sa Chomhshocrú Fioscach do ‘riail órga’ an bhuiséid chomhardaithe ag a bhfuil teorainn níos ísle d’easnamh struchtúrach 0.5% de OTI (má tá an fiachas poiblí níos ísle ná 60% de OTI) a bheidh le cumhdach sa dlí náisiúnta, de rogha ar an leibhéal bunreachtúil (an ‘coscán fiachais’). Féadfaidh na Ballstáit imeachtaí a thionscnamh i gcoinne Ballstáit eile os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás nach bhfuil an riail sin curtha chun feidhme go cuí. Áirítear ar na forálacha breise, inter alia, an sásra ceartúcháin a spreagadh go huathoibríoch agus rialacha forfheidhmithe do thíortha faoin nós imeachta um easnamh iomarcach. Ina theannta sin, ní thabharfar cúnamh airgeadais ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach ach amháin do na Ballstáit a shínigh an Comhshocrú Fioscach.

C. Athchóirithe breise lena neartaítear rialachas eacnamaíoch sa limistéar euro.

Áirítear ar athchóirithe 2011-2013 ar rialachas eacnamaíoch an Aontais agus ar chreat na mbeartas fioscach, sa bhreis ar rialacha an CCF athbhreithnithe agus an TSCG idir-rialtasach, dhá rialachán arb é is aidhm dóibh neartú breise a dhéanamh ar an rialachas eacnamaíoch sa limistéar euro (an ‘Dé-Phaca’):

  • Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireachán agus measúnú a dhéanamh ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú; agus
  • Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais,

Is iad príomhghnéithe an chéad rialacháin foráil a dhéanamh maidir le hamlínte buiséadacha comhchoiteann do na Ballstáit go léir sa limistéar euro, agus do na rialacha maidir le faireachán agus measúnú a bheith á ndéanamh ag an gCoimisiún ar phleananna buiséid na mBallstát. I gcásanna ina mbeidh na rialacha CCF á neamh-chomhlíonadh go tromchúiseach, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh go ndéanfar na pleananna a athbhreithniú. Ina theannta sin, foráiltear sa rialachán freisin, nach mór do Bhallstáit an limistéir euro atá faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach clár comhpháirtíochta eacnamaíochta a thíolacadh lena sonrófar na bearta beartais agus na hathchóirithe struchtúracha is gá chun ceartú éifeachtach buan an easnaimh iomarcaigh a áirithiú. Déanann an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, tuairimí maidir leis na cláir chomhpháirtíochta eacnamaíochta a ghlacadh.

Baineann an dara rialachán le Ballstáit atá faoi ghreim nó faoi bhagairt diandeacrachtaí i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais. Leagtar síos ann na rialacha le haghaidh faireachas feabhsaithe, cúnamh airgeadais agus faireachas iarchláir (a fhad is nach ndearnadh aisíoc ar 75% ar a laghad den chúnamh airgeadais a fuarthas).

D. Athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an reachtaíocht is tábhachtaí

Leis na rialacháin ‘sé-phaca’ agus ‘dé-phaca’, éilítear tuarascálacha tréimhsiúla chun a gcur i bhfeidhm a mheas. Déantar na measúnuithe sin gach cúig bliana agus is é is aidhm dóibh meastóireacht a dhéanamh inter alia ar éifeachtacht na rialachán agus ar an dul chun cinn atá déanta chun comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus fhioscacha agus ar chóineasú leanúnach na feidhmíochta eacnamaíche agus fioscaí a áirithiú. I gcomhréir leis na coinníollacha sin, i mí Feabhra 2020 d’fhoilsigh an Coimisiún athbhreithniú ar an ‘athbhreithniú rialachais eacnamaíoch’ a rinne tuairisciú ar a mhéid a bhí na heilimintí éagsúla faireachais a tugadh isteach nó a leasaíodh le hathchóirithe 2011 agus 2013 éifeachtach chun a bpríomhchuspóirí a bhaint amach, eadhon: (i) airgeadas agus fás rialtais inbhuanaithe a áirithiú agus míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a sheachaint, (ii) creat comhtháite faireachais a sholáthar lena gcumasaítear comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha, go háirithe sa limistéar euro, agus (iii) cóineasú fheidhmíocht eacnamaíoch gach Ballstáit a chur chun cinn. Mar chuid den athbhreithniú, chuir an Coimisiún tús le díospóireacht phoiblí chun deis a thabhairt do gheallsealbhóirí a dtuairimí a thabhairt maidir le feidhmiú an fhaireachais go dtí seo agus maidir le bealaí a d’fhéadfadh feabhas a chur ar éifeachtacht an chreata chun a phríomhchuspóirí a bhaint amach. Iarradh ar dtús ar na saoránaigh agus ar na hinstitiúidí a bhfreagraí ar na ceisteanna a leagadh amach sa teachtaireacht a chur isteach faoin 30 Meitheamh 2020. Rinneadh difear don díospóireacht phoiblí, áfach, mar gheall ar an ngá le díriú ar dhúshláin phráinneacha ghéarchéim an choróinvíris. Dá bhrí sin, cuireadh síneadh le tréimhse an chomhairliúcháin phoiblí agus táthar ag súil go bhfillfidh an Coimisiún ar an gcleachtadh athbhreithnithe a luaithe a bheidh aghaidh tugtha ar na dúshláin phráinneacha atá nasctha leis an bpaindéim.

Ról Pharlaimint na hEorpa

Is comhreachtóir í Parlaimint na hEorpa maidir le rialacha mionsonraithe a leagan síos le haghaidh faireachas iltaobhach (Airteagal 121(6) CFAE) agus téitear i gcomhairle léi maidir le reachtaíocht tháinisteach lena gcuirtear chun feidhme EDP (Airteagal 126(14) CFAE). Tá ionstraim nua sa CCF leasaithe, an tIdirphlé Eacnamaíoch, a thugann ról suntasach don Pharlaimint sa chreat beartais fhioscaigh reatha sa mhéid go bhfuil coiste inniúil na Parlaiminte i dteideal dá barr a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle, ar an gCoimisiúin, ar Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ar Uachtarán an Ghrúpa Euro, agus más iomchuí, ar Bhallstát, malairt tuairimí a dhéanamh. Coinnítear an Pharlaimint ar an eolas go rialta freisin faoi chur i bhfeidhm na rialachán. Ina theannta sin, ní mór athnuachan a dhéanamh ar chumhachtaí an Choimisiúin ceanglais bhreise tuairiscithe a fhorchur faoi chuimsiú an rialacháin nua maidir le faireachán agus measúnú a dhéanamh ar dhréachtphleananna buiséadacha agus a áirithiú go gcaithfear anois ceartú ar easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a athnuachan gach trí bliana, agus go mbeidh an Pharlaimint nó an Chomhairle in ann na cumhachtaí sin a chúlghairm.

 

Samuel De Lemos Peixoto