Imeachtaí

  1.  Déantar dul chun cinn maidir le breoslaí iontaise ag COP28

    ( 30 Samhain - 12 Nollag 2023 )

    Formheastar treochlár ag Comhdháil COP28 maidir leis an Athrú Aeráide in Dubai don aistriú ó bhreoslaí iontaise. Ina theannta sin, aontaíonn lucht idirbheartaithe COP28 ar thiomantais chun úsáid fhoinsí fuinnimh inathnuaite a mhéadú faoi thrí agus chun dhá oiread na bhfeabhsúchán a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh faoin mbliain 2030. Déantar dul chun cinn maidir le bearta chun maolú ar an athrú aeráide a mhaoiniú chomh maith.

  2.  Déantar COP27 a reachtáil in Sharm el-Sheikh

    ( 6-20 Samhain 2022 )

    D'aontaigh tíortha ar chiste caillteanais agus damáiste a bhunú chun tacaíocht a thabhairt do thíortha tar éis dóibh tubaistí aeráide a fhulaingt. In ainneoin dul chun cinn mall sna hiarrachtaí chun úsáid breoslaí iontaise a laghdú agus an ghluaiseacht i dtreo theorainn teochta 1.5 céim an Chomhaontaithe Páras, níor ghlacadh le haon bearta nua.

  3.  Tionóladh COP26 i nGlaschú

    ( 1-13 Samhain 2021 )

    I rith na Comhdhála COP is faide riamh, tháinig na tíortha ar chomhaontú maidir leis an aeráideneodracht, tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do thíortha atá i mbaol forbortha, agus maoiniú i gcomhair tionscadal breosla iontaise a laghdú. Níor réitíodh an phríomhcheist, áfach, maidir le deireadh a chur le húsáid guail de réir a chéile.

  4.  Tháinig Dlí Aeráide Eorpach i bhfeidhm

    ( 29 Iúil 2021 )

    Cuireann an chéad Dhlí Aeráide Eorpach ceangal dlí leis an tiomantais polaitiúil go mbainfear aeráidneoidreacht amach faoi 2050. Tá sé mar aidhm aige astaíochtaí diúltacha a bhaint amach i nidadh 2050 freisin, agus leag sé amach sprioc idirmheánach aeráide maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030.

  5.  Tagann SAM ar ais isteach mar bhaill den Chomhaontú Pháras

    ( 19 Feabhra 2021 )

    Go gairid tar éis do Joe Biden mionn na huachtaránacha a ghlacadh, téann SAM ar ais isteach mar pháirtí de chuid an Chomhaontaithe Pháras.

  6.  Dlí Aeráide Eorpach ceadaithe ag Feisirí

    ( 7 Deireadh Fómhair 2020 )

    Ghlac feisirí na Parlaiminte leis an Dlí Aeráide chun an tAontas agus na ballstáit ar fad a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2050. Leagadh amach cuspóir níos uaillmhianaí do laghdú astaíochtaí ann, le 60% mar sprioc faoi 2030.

  7.  An tAontas le bheith aeráidneodrach faoi 2050

    ( 12 Nollaig 2019 )

    Tháinig ceannairí AE ar chomhaontú maidir leis an gcuspóir chun an tAontas a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2050 ag cruinniú na Comhairle Eorpaí sa Bhruiséil.

  8.  An Comhaontú Glas

    ( 11 Nollaig 2019 )

    Chuir an Coimisiún Eorpach an Comhaontú Glas i láthair. Tá sé mar sprioc ag an Dlí Aeráide Eorpach an tAontas a dhéanamh aeráidneodrach faoi 2050.

  9.  Tionóladh COP25 i Maidrid

    ( 2-13 Nollaig 2019 )

    Tháinig deireadh leis an gcomhdháil COP25 le comhaontú maidir le laghdú carbóin méadaithe, ach cuireadh cinntí eile siar go dtí an chéad COP eile i nGlaschú, mar shampla maidir le córas trádála astaíochtaí domhanda, soiléireacht maidir le laghdú astaíochtaí, agus córas chun maoiniú úr a dhíriú i dtreo na dtíortha is leochailí.

  10.  Éigeandáil aeráide fógartha ag Parlaimint na hEorpa

    ( 28 Samhain 2019 )

    D'fhógair Parlaimint na hEorpa éigeandáil aeráide san Eoraip agus ar fud an domhain. Ba mhaith le feisirí go gcinnteodh an Coimisiún go gcloíonn gach togra reachtach agus buiséadach leis an gcuspóir i dtaca leis an méadú domhanda sa teocht a choinneáil faoi bhun 1.5°C.

  11.  Tionóladh COP24 in Katowice

    ( 3-14 Nollaig 2018 )

    Tháinig deireadh éiginnte le COP24 sa Pholainn. Tháinig na tíortha ar chomhaontú maidir le cur i ngíomh Chomhaontú Pháras – ach níor réitíodh príomhcheisteanna maidir le córas trádála astaíochtaí domhanda nó maidir leis na hiarmhairtí mura dtabharfar faoi ardú 1.5°C sa teocht.

  12.  Tuarascáil Speisialta eisithe ag an bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide

    ( Deireadh Fómhair 2018 )

    D'eisigh an Painéal Idir-Rialtasach ar Athrú Aeráide (IPCC) tuarascáil ag fiosrú an tionchair a bheadh ag ardú 1.5°C sa teocht (os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch). Ba é tátal na tuarascála ná go mbeidh níos mó laghduithe in astaíochtaí de dhíth ná mar a bhí réamh-mheasta.

  13.  Tionóladh an chomhdháil COP23 i mBonn na Gearmáine

    ( 6-17 Samhain 2017 )

    Dul chun cinn suntasach ar threoirlínte soiléire agus cuimsitheacha i dtaca le Comhaontú Pháras a chur i bhfeidhm.

  14.  Cinneadh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump an tír a tharraingt amach as comhaontú aeráide Pháras

    ( Meitheamh 2017 )
  15.  Tionóladh an chomhdháil COP22 in Marrakech

    ( 7-18 Samhain 2016 )

    Gheall na páirtithe go mbogfar ar aghaidh chun comhaontú Pháras a chur i lánfheidhm. Chuir siad fáilte roimh an "bhfuinneamh thar na bearta atá ann timpeall an domhain ó thaobh athrú aeráide de".

  16.  Tháinig comhaontú Pháras i bhfeidhm

    ( 4 Samhain 2016 )
  17.  I vóta stairiúil, thug feisirí Eorpacha a gceadú le daingniú chomhaontú Pháras um athrú aeráide

    ( 4 Deireadh Fómhair 2016 )

    Tar éis vóta na Parlaiminte, don chéad uair, tháinig comhaontú um athrú aeráide i bhfeidhm atá ceangailteach ó thaobh dlí de. Rinne gach tír san Aontas Eorpach an comhaontú a dhaingniú.

  18.  Comhdháil Pháras

    ( Nollaig 2015 )

    Bhí comhdháil Pháras maidir leis an athrú aeráide ar siúl an 30 Samhain go dtí an 11 Nollaig 2015. Tháinig na páirtithe ar chomhaontú nua domhanda maidir leis an athrú aeráide an 12 Nollaig. Le comhaontú Pháras táthar ag iarraidh an téamh domhanda a choimeád i bhfad faoi bhun 2°C agus gealltar go dtabharfar móriarracht faoina theorannú do 1.5°C, i gcomparáid le leibhéil réamhthionsclaíocha.

  19.  Eisíodh cúigiú tuarascáil an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide

    ( 2014 )

    Thug an tuarascáil achoimre ar staid an eolais maidir le heolaíocht an athraithe aeráide, ag cur béime ar thorthaí úra ó foilsíodh an tuarascáil mheasúnaithe a tháinig roimhe. Luaigh an tuarascáil tionchar daonna "soiléir agus atá ag fás" ar an aeráid, agus tugtar rabhadh ann go mbeidh éifeacht ghéar, fhorleathan agus dho-athraithe ag an athrú aeráide ar dhaoine agus ar éiceachórais mura dtabharfar faoin tionchar sin.

  20.  Comhdháil COP20 i Líoma

    ( Nollaig 2014 )

    Socraíodh go gcaithfidh na tíortha ar fad cur síos a dhéanamh ar a gcuid ionchuir do chomhaontú 2015 ar bhealach atá soiléir, trédhearcach agus sothuigthe.

  21.  Comhdháil COP19 i Vársá

    ( Samhain 2013 )

    Tháinig na páirtithe ar chomhaontú i dtaca le bealaí chun dlús a chur le hiarrachtaí roimh 2020. Bunaíodh córas chun déileáil le caillteanais agus le dochar de bharr thionchar athrú na haeráide ar thíortha leochaileacha atá i mbéal forbartha. Tháinig na páirtithe ar chomhaontú freisin i dtaca le tuairisciú ar astaíochtaí a dhéanamh níos trédhearcaí.

  22.  Comhdháil COP18 in Doha

    ( 2012 )

    D'aontaigh rialtais go n-oibreodh siad go sciobtha i dtreo comhaontú domhanda um athrú aeráide a chur i gcrích faoi 2015. Thiocfadh siad ar bhealaí freisin chun dlús a chur le hiarrachtaí roimh 2020. Ghlac siad freisin le leasú Doha ar Phrótacal Kyoto, le spriocanna i gcomhair laghdú ar astaíochtaí don tréimhse 2012-2020.

  23.  Comhdháil COP17 in Durban

    ( 2011 )

    Ag comhdháil in Durban san Afraic Theas, léirigh rialtais a dtiomantas do chomhaontú domhanda um athrú aeráide a chur i gcrích faoi 2015 don tréimhse tar éis 2020.

  24.  Comhaontuithe Cancun

    ( 2010 )

    Tháinig rialtais ar chomhaontú maidir le cabhrú le tíortha atá i mbéal forbartha dul i ngleic le hathrú aeráide. Bunaíodh an Ciste Glas don Aeráid freisin.

  25.  Foilsíodh an ceathrú tuarascáil mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide

    ( 2007 )

    Foilsíodh an cur síos is mó agus is mionsonraithe riamh maidir le hathrú aeráide. Teideal na tuarascála: "Ní féidir a shéanadh gurbh ann don téamh domhanda."

  26.  Tháinig Prótacal Kyoto i bhfeidhm

    ( Feabhra 2005 )
  27.  Bunaíodh scéim an Aontais Eorpaigh maidir le trádáil astaíochtaí Eanáir 2005

    ( Eanáir 2005 )

    Cuireadh scéim AE maidir le trádáil astaíochtaí ar bun chun laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach a bheadh cost-éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Leis an scéim seo déantar méid na ngás ceaptha teasa is féidir le gach tionscal, táirgeoir cumhachta agus aerlíne a shrianadh.

  28.  Comhaontuithe Mharrakech

    ( Samhain 2001 )

    Glacadh le comhaontuithe Mharrakech le rialacha maidir le Prótacal Kyoto a chur i bhfeidhm.

  29.  Tharraing an tUachtarán George W. Bush na Stáit Aontaithe amach as próiseas Kyoto

    ( 11 Meitheamh 2001 )

    D'áitigh Uachtarán na Stát Aontaithe go bhfuil an iomarca den ualach maidir le hastaíochtaí a laghdú á chur ar thíortha tionsclaithe.

  30.  Glacadh le Prótacal Kyoto

    ( 1997 )

    An chéad chomhaontú domhanda maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní mór do thíortha forbartha cloí le spriocanna i dtaca le hastaíochtaí a laghdú - meánlaghdú 5% don tréimhse 2008-2012.

  31.  Tionóladh an chomhdháil COP1 i mBeirlín

    ( 1995 )

    D'aontaigh na páirtithe go bhfuil gealltanais an Choinbhinsiúin "easnamhach" má táthar chun na spriocanna a bhaint amach. Chuir siad próiseas ar bun chun idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le gealltanais níos láidre do thíortha forbartha, an tús le próiseas Kyoto.

  32.  Tháinig Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide i bhfeidhm

    ( 1994 )
  33.  Tionóladh Cruinniú Mullaigh na Cruinne in Rio de Janeiro

    ( 1992 )

    Tugadh cuireadh do rialtais an Coinbhinsiún maidir leis an Athrú Aeráide a shíniú.

  34.  Glacadh leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Athrú Aeráide

    ( Bealtaine 1992 )

    Glacadh le téacs Chreat-Choinbhinsiún na Naisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide ag cruinniú mullaigh i Nua Eabhrac. Is éard atá ann ná comhaontú idirnáisiúnta chun téamh domhanda a mhoilliú agus dul i ngleic le tionchar athrú na haeráide. Don chéad uair, socraíodh spriocanna ceangailteacha do thíortha tionsclaithe maidir le hastaíochtaí a laghdú.

  35.  Tionóladh an chéad chruinniú den Choiste Idirbheartaíochta Idir-rialtasach

    ( 1991 )
  36.  Foilsíodh an chéad tuarascáil mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide

    ( 1990 )

    Ba é tátal na tuarascála ná go bhfuil astaíochtaí an chine dhaonna ag cur le gáis cheaptha teasa nádúrtha an atmaisféir.

  37.  Bunaíodh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide

    ( 1988 )

    Bunaíodh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide faoi choimirce na Náisiún Aontaithe.

  38.  Glacadh le Prótacal Montréal

    ( 1987 )

    Le Prótacal Montréal cuireadh teorainneacha le húsáid ceimiceán a dhéanann dochar don ózónaisféar.

  39.  Tionóladh an Chomhdháil Dhomhanda Aeráide sa Ghinéiv

    ( 1979 )

    Ceann de na chéad mhórchruinnithe idirnáisiúnta maidir le hathrú aeráide, bunaíodh an Clár Domhanda Aeráide mar thoradh air.

  40.  Tionóladh comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an timpeallacht dhaonna

    ( 1972 )

    An chéad mhórchomhdháil de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le ceisteanna comhshaoil.