Ceaptar rapóirtéir sa choiste parlaiminteach freagrach chun tuarascáil a dhréachtú ar thograí de chineál reachtach nó de chineál buiséadach, nó ar shaincheisteanna eile. Agus iad ag dréachtú a dtuarascála, is féidir le rapóirtéirí dul i gcomhairle le saineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha. Tá siad freagrach freisin as leasuithe comhréitigh a dhréachtú agus as caibidlíochtaí le scáthrapóirtéirí. Scrúdaítear na tuarascálacha a ghlactar ar leibhéal an choiste agus caitear vóta orthu sa seisiún iomlánach. Riail 55
Ainmníonn grúpaí polaitiúla scáth-rapóirtéir le haghaidh gach tuarascáil sa choiste freagrach chun súil ghéar a choinneáil ar an dul chun cinn agus téacsanna comhréitigh a chaibidliú leis an rapóirtéir. Riail 215
Féadfaidh coistí tuairim a dhréachtú ar thuarascáil den choiste freagrach ina gcumhdaítear na heilimintí a bhaineann le cúram a gcoiste. Tá rapóirtéirí na dtuairimí sin freagrach freisin as leasuithe comhréitigh a dhréachtú agus as caibidlíochtaí le scáth-rapóirtéirí don tuairim. Riail 56, Riail 57, Iarscríbhinn VI
Is féidir le coiste, grúpa polaitiúil nó 5% ar a laghad d’Fheisirí na Parlaiminte ceisteanna i gcomhair freagra ó bhéal le díospóireacht, atá dírithe chuig an gCoimisiún Eorpach, chuig an gComhairle nó chuig an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, a chur síos. Riail 136
Is féidir le Feisirí líon sonrach ceisteanna a thíolacadh d'Uachtarán na Comhairle Eorpaí, don Chomhairle, don Choimisiún agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais, i gcomhair freagra i scríbhinn. Riail 138, Iarscríbhinn III
**Níl feidhm ag an ionstraim seo a thuilleadh ón 16 Eanáir 2017**. Tionscnamh maidir le hábhar a thagadh faoi raon feidhme inniúlacht an Aontais ab ea dearbhú i scríbhinn. D’fhéadfadh Feisirí é a chomhshíniú laistigh de thréimhse 3 mhí.
Dearbhú bunaidh, é sínithe agus dátaithe, agus atá curtha sa chartlann ag Parlaimint na hEorpa.