Maidir leis na feisirí

Tá Parlaimint na hEorpa comhdhéanta de 705 Fheisire arna dtoghadh sna 27 mBallstát den Aontas Eorpach méadaithe. Ó 1979, tá na Feisirí á dtoghadh trí vótaíocht chomhchoiteann dhíreach go ceann tréimhse cúig bliana.

Grianghraf den Seomra Tionóil in Strasbourg le linn seisiún iomlánach

Cinneann gach tír di féin conas a reáchtáiltear an toghchán inti, ach caithfidh sí a an comhionannas inscne a ráthú chomh maith le ballóid rúnda. Is le hionadaíocht chionmhar a vótáiltear i dtoghcháin AE. Ocht mbliana déag é an aois vótála, taobh amuigh den Ostair áit ar 16 é.

Déantar suíocháin a leithdháileadh bunaithe ar an daonra atá i ngach Ballstát ar leith. Is mná iad beagán os cionn an trian de na Feisirí. Eagraíonn na Feisirí iad féin i ngrúpaí de réir cleamhnachta polaitiúla, seachas de réir náisiúntachta.

Roinneann na Feisirí a gcuid ama ar shlí go mbíonn siad seal ina dtoghlaigh, seal in Strasbourg - mar a dtionóltar 12 shuí iomlánach in aghaidh na bliana - agus seal sa Bhruiséil, mar a mbíonn siad ag freastal ar shuíonna iomlánacha breise, agus freisin ar chruinnithe coiste agus ar chruinnithe den ghrúpa polaitiúil lena mbaineann siad.

Tá na téamaí agus coinníollacha do na Feisirí leagtha amach i Reacht 2009.

Tuilleadh faisnéise:

Cód Iompair Feisirí de Pharlaimint na hEorpa

Tháinig an Cód Iompair i bhfeidhm an 1 Eanáir 2012. Leagann sé amach ina phrionsabail threoracha nach ngníomhóidh Feisirí ach ar mhaithe le leas an phobail agus go seolfaidh siad a gcuid oibre le neamh-fhéinchúis, ionracas, oscailteacht, dúthracht, macántacht, cuntasacht agus meas ar dhea-cháil Pharlaimint na hEorpa.

Sainmhíníonn an Cód Iompair coinbhleachtaí leasa agus conas ba cheart d'Fheisirí aghaidh a thabhairt orthu agus folaíonn sé rialacha maidir le, mar shampla, bronntanais oifigiúla d'Fheisirí agus gníomhaíochtaí gairmiúla iar-Fheisirí.

Cuireann an Cód Iompair d'oibleagáid ar Fheisirí dearbhú mionsonraithe dá leasanna airgeadais a chur isteach. Tá d'oibleagáid ar Fheisirí a dtinreamh a dhearbhú ag ócáidí arna n-eagrú ag tríú páirtithe i gcás ina gclúdóidh tríú páirtí aisíocaíocht a speansas taistil, cóiríochta, nó cothaithe, nó go n-íocfaidh tríú páirtí na speansais sin go díreach. Is léiriú na dearbhuithe sin ar na rialacha agus ar na caighdeáin éilitheacha trédhearcachta a leagtar síos sa Chód Iompair. Is féidir an fhaisnéis a sholáthraíonn Feisirí a fháil ar leathanaigh phróifíl aonair na bhFeisirí.

Ní mór d'Fheisirí bronntanais a bheidh faighte acu agus ionadaíocht á déanamh acu don Pharlaimint i gcáil oifigiúil a dhearbhú, faoi na coinníollacha a leagtar síos i mBearta Chur chun Feidhme an Chóid Iompair. Tuairisceofar na bronntanais sin i gclár na mbronntanas.

Is féidir leis an Uachtarán pionós a thabhairt d'aon Fheisire a fhionnfar go mbeidh sárú déanta aige ar an gCód Iompair. Fógróidh an tUachtarán an pionós sa suí uiomlánach agus foilseofar go suntasach é ar láithreán gréasáin na Parlaiminte don chuid eile den téarma parlaiminteach.

Féach:

An Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí

Is é an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí an comhlacht atá freagrach as treoir a thabhairt do na Feisirí maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chóid Iompair. Ar iarraidh ón Uachtarán, déanfaidh an Coiste Comhairleach freisin measúnú ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair seo agus tabharfaidh sé comhairle don Uachtarán faoin ngníomhaíocht fhéideartha a ghlacfar.

Tá an Coiste Comhairleach comhdhéanta de chúigear Feisirí. Ceapfaidh an tUachtarán iad ar bhonn a dtaithí agus na cothromaíochta polaitiúla idir grúpaí polaitiúla na Parlaiminte. Fónfaidh gach duine den chúigear Feisirí mar chathaoirleach ar feadh sé mhí ar bhonn rothlach. Ainmneoidh an tUachtarán cúlfheisire amháin leis do gach grúpa polaitiúil nach mbeidh ionadaíocht aige ar shlí eile sa Choiste Comhairleach.

Foilsíonn an Coiste Comhairleach tuarascáil gach bliain maidir lena chuid oibre.

Féach:
7ú téarma parlaiminteach:
8ú téarma parlaiminteach:
9ú téarma parlaiminteach:

Tuarastail agus pinsin

Tuarastal na bhFeisirí

Faoin reacht aonair, a tháinig i bhfeidhm in Iúil 2009, faigheann na Feisirí, i gcoitinne, an tuarastal céanna.

Is é EUR 9 808.67 tuarastal réamhchánach na bhFeisirí faoin reacht aonair amhail ón 1.7.2022. Tagann an tuarastal ó bhuiséad na Parlaiminte agus tá sé faoi réir cáin AE agus ranníocaíochtaí árachais, arb é tuarastal de EUR 7 647.13 is toradh dóibh. Féadfaidh na Ballstáit freisin an tuarastal a chur faoi réir cánacha náisiúnta. Tá an buntuarastal socraithe ag 38.5% de bhuntuarastal breithimh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Is ann do chúpla eisceacht: Na Feisirí a raibh tréimhse oifige sa Pharlaimint acu roimh na toghcháin in 2009, d'fhéadfaidís rogha a dhéanamh an córas náisiúnta a bhí ann cheana a choimeád le haghaidh tuarastail, le haghaidh liúntas trasnáisiúnta agus le haghaidh pinsean.

Pinsin

Faoin reacht, tá iar-Fheisirí i dteideal pinsean seanaoise a fháil ó 63 bliana d'aois. Is ionann an pinsean agus 3.5% den tuarastal do gach bliain iomlán d'fheidhmiú sainordaithe ach gan ach níos mó ná 70% san iomlán. Is é buiséad an Aontais Eorpaigh a sheasann costas na bpinsean sin.

Maidir le scéim phinsin bhreise, arna tabhairt isteach le haghaidh Feisirí i 1989, dúnadh í d'Fheisirí nua ó Iúil 2009 agus tá sí á céimniú amach.

Liúntais na bhFeisirí

Cosúil le Comhaltaí parlaimintí náisiúnta faigheann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa roinnt liúntas a bheartaítear chun an caiteachas a thabhaíonn siad i gcomhlíonadh a ndualgas parlaiminteach a chlúdach.

Liúntas caiteachais ghinearálta

Tá an liúntas beartaithe chun caiteachas sa Bhallstát toghcháin a chlúdach: amhail costais bhainistíochta oifige, theileafón agus tháillí poist na bhFeisirí, agus ceannach, oibriú agus cothabháil trealaimh ríomhaireachta agus teileamaitice. Laghdófar an liúntas faoina leath i gcás Feisirí, gan leithscéal cuí, nach bhfreastalóidh ar leath líon na suíonna iomlánacha i mbliain pharlaiminteach amháin (Meán Fómhair go Lúnasa).

Is é €4 778 sa mhí méid an liúntais seo in 2022.

Speansais taistil

Tarlaíonn formhór chruinnithe Pharlaimint na hEorpa, amhail na seisiúin iomlánacha, cruinnithe coiste nó cruinnithe de ghrúpaí polaitiúla, sa Bhruiséil nó in Strasbourg. Déantar costas iarbhír na dticéad a cheannaíonn na Feisirí chun freastal ar na cruinnithe a aisíoc leo ar dhoiciméid tacaíochta suas go dtí táille ticéid eitleáin i rang gnó "D" nó den chineál céanna, táille ticéid iarnróid rang a haon nó pacáiste € 0.56 in aghaidh an chiliméadair (teoranta do 1,000 km) do thurais i gcarr a thíolacadh i dteannta an liúntais chothromráta, a ríomhtar de réir achar agus ré an mhisin agus costais eile a bhaineann le taisteal a chlúdach (dolaí mhórbhealaigh, bagáiste breise nó táille áirithinte, mar shampla).

Costais eile taistil

Is minic a chaithfidh Feisirí taisteal taobh amuigh nó taobh istigh den Bhallstát inar toghadh iad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, ach chun críocha eile seachas cruinniú oifigiúil (mar shampla, freastal ar chomhdháil nó chun cuairt oibre a dhéanamh).

Chun na críche sin, féadfaidh na Feisirí, i gcás gníomhaíochtaí lasmuigh den Bhallstát inar toghadh iad aisíoc a speansas taistil, cóiríochta agus a speansas bainteach go huasmhéid bliantúil de € 4 716 a fháil. I gcás na ngníomhaíochtaí sna Ballstáit inar toghadh iad, ní aisíocfar ach na speansais iompair le huasmhéid bliantúil arna bhunú de réir tíre.

Liúntas cothaithe laethúil:
  • Íocann an Pharlaimint liúntas cothromráta €338 in aghaidh an lae chun gach speansas eile a bhíonn ag na Feisirí le linn tréimhsí gníomhaíochtaí parlaiminteacha a chlúdach, ar choinníoll go léireoidh siad a láithreacht trí thaifid oifigiúla oscailte a shíniú chuige seo.
  • Laghdófar an liúntas de leath mura ndéanfaidh na Feisirí páirt a ghlacadh i níos mó ná leath de vótaí rollaghlao laethanta na vótaí sa suí iomlánach, fiú má tá siad i láthair. I gcás na gcruinnithe a thionóltar lasmuigh den Aontas Eorpach, is é €169 an cúiteamh (i gcónaí faoi réir síniú cláir), agus speansais chóiríochta á n-aisíoc ar leithligh.

Forálacha a bhaineann leis an bhfoireann

Féadfaidh na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a gcuid cúntóirí féin a roghnú, laistigh de líne bhuiséadach atá sainithe chuige sin ag an bParlaimint agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil 5 de Bhearta Cur Chun Feidhme Reacht na bhFeisirí.

In 2020, is é EUR 25 442 in aghaidh an Fheisire atá san uasmhéid mhíosúil atá ar fáil. Ní dhéantar an méid sin a leithdháileadh ar na Feisirí, ach is amhlaidh go n-íoctar é, i bpáirt, mar thuarastal leis na cúntóirí a chomhlíonann na coinníollacha agus a bhfuil conradh bailí acu agus, i bpáirt, leis na húdaráis cánach ioncaim ábhartha.

Tá cineálacha éagsúla cúntóirí ann ar féidir le Feisirí iad a fhostú.

Déanann an Pharlaimint cúntóirí creidiúnaithe, a bhíonn ag obair sa Bhruiséil, i Lucsamburg nó in Strasbourg, a fhostú go díreach. Féadfaidh Feisirí triúr cúntóirí creidiúnaithe, nó ceathrar faoi choinníollacha áirithe, a earcú. Tá 25% ar a laghad den líne bhuiséadach le haghaidh cúntóirí parlaiminteacha curtha ar leataobh do chúntóirí creidiúnaithe.

Tugann cúntóirí áitiúla cúnamh do na Feisirí sa Bhallstát inar toghadh iad. Is gníomhairí íocaíochta formheasta a dhéanann na conarthaí sin a riar agus ráthaíonn siad go gcomhlíontar na forálacha a bhaineann le slándáil shóisialta agus le rialacha cánach. Is féidir le conarthaí na gcúntóirí áitiúla a bheith ina gconarthaí fostaíochta nó ina gconarthaí soláthair seirbhíse.

Féadann oiliúnaithe seal oiliúna a dhéanamh in áitreabh na Parlaiminte nó sa Bhallstát inar toghadh an Feisire.

Ní fhéadfaidh an caiteachas iomlán le haghaidh cúntóirí áitiúla agus oiliúnaithe dul thar 75 % den líne bhuiséadach atá ann le haghaidh cúntóirí parlaiminteacha. Ní fhéadfadh an caiteachas ar sholáthraithe seirbhíse, áfach, dul thar 25 % den líne bhuiséadach sin.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise i dtaobh luach saothair, féach anseo.

Tá méideanna uasta inchomparáide leis sin leagtha síos do dhaoine dlítheanacha a sholáthraíonn seirbhísí agus go ghníomhairí íocaíochta.

Féadfaidh roinnt Feisirí dul i ngrúpáil le chéile chun duine amháin nó níos mó de chúntóirí creidiúnaithe nó de chúntóirí áitiúla a earcú. Cinneann siad eatarthu féin cén chaoi a roinntear amach na costais.

Ní fhéadfaidh Feisirí daoine atá i ndlúthghaol leo a fhostú mar chúntóirí. Ní fhéadfaidh a gcuid cúntóirí a bheith ag gabháil d’aon ghníomhaíochtaí seachtracha a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú.

Déantar ainmneacha nó ainmneacha corparáide na gcúntóirí uile a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Parlaiminte ar feadh ré a gconarthaí, mura rud é go bhfuil maolú air sin faighte acu ar chúiseanna slándála cuíréasúnaithe.

Toghcháin Eorpacha agus náisiúnta i bhfigiúirí.

Is é an foilseachán seo an bunachar sonraí is iomláine agus is cuimsithí atá ar fáil ina gcumhdaítear forbairtí polaitiúla ar fud an Aontais Eorpaigh, agus ina n-amharctar siar ar thorthaí toghcháin agus comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa go dtí an chéad thoghchán díreach a bhí aici in 1979. Ina theannta sin, tugann an tAthbhreithniú forléargas freisin ar na toghcháin náisiúnta a bhí ann le déanaí i ngach Ballstát de chuid AE.