Achoimre ar liúntais
Mar gheall ar a bhfuil i gceist le hobair na bhFeisirí, bíonn orthu go leor ama a chaitheamh ón mbaile. Dá bharr sin, cuirtear liúntais éagsúla ar fáil chun na costais a thabhaítear a chumhdach (is ó 2022 a thagann na figiúirí thíos).
Costais taistil
Bíonn an chuid is mó de chruinnithe Pharlaimint na hEorpa, amhail na seisiúin iomlánacha, cruinnithe coiste agus cruinnithe de ghrúpaí polaitiúla, ar siúl sa Bhruiséil nó in Strasbourg. Déantar costas iarbhír na dticéad taistil a cheannaíonn na Feisirí chun freastal ar na cruinnithe sin a aisíoc leo ar thaispeáint fáltas, suas go dtí, ar a mhéad, táille ticéid eitleáin de ghrád gnó (nó grád den chineál céanna), táille ticéid iarnróid den chéad ghrád nó €0.56 in aghaidh an chiliméadair (suas go dtí 1000KM ar a mhéad) do thurais i gcarr, móide liúntais shocraithe arna mbunú ar achar agus fad ama an turais chun costais eile a bhaineann le taisteal a chumhdach (amhail dolaí mótorbhealaigh, táillí ar ró-ualach bagáiste nó táille áirithinte).
Is minic a bhíonn ar Fheisirí taisteal a dhéanamh laistigh agus lasmuigh den Bhallstát inar toghadh iad chun a ndualgais oifigiúla a chur i gcrích agus ar chúiseanna eile (chun freastal ar chomhdháil nó chun cuairt oibre a dhéanamh, mar shampla). I gcás gníomhaíochtaí lasmuigh dá dtír féin, féadfaidh na Feisirí aisíocaíocht a fháil ar a speansais taistil, ar a speansais chóiríochta agus ar speansais ghaolmhara suas le huasmhéid bliantúil €4,716. I gcás gníomhaíochtaí laistigh den Bhallstát inar toghadh iad, ní aisíocfar ach na speansais taistil, suas le huasmhéid bliantúil arna bhunú ar bhonn tír ar thír.
Liúntas laethúil (nó “liúntas cothaithe”)
Íocann an Pharlaimint liúntas ar chothromráta €324 chun costas cóiríochta agus costais ghaolmhara a chumhdach do gach lá a bhíonn Feisirí i láthair sa Bhruiséil nó in Strasbourg nó i mbun gnó oifigiúil, fad a shíníonn siad clár tinrimh. Cumhdaítear leis an liúntas billí óstáin, béilte agus gach speansas eile lena mbaineann. Baintear leath den liúntas má chailleann na Feisirí níos mó na leath na vótaí le glaoch rolla ar laethanta a reáchtáiltear vótáil i suí iomlánach, fiú amháin má bhíonn siad i láthair agus má shíníonn siad an clár tinrimh.
I gcás cruinnithe lasmuigh de AE, is é €169 an liúntas (faoi réir clár tinrimh a shíniú chomh maith) agus aisíoctar billí óstáin ar bhonn ar leith.
Liúntas do chaiteachas ginearálta
Cumhdaítear leis an liúntas ar chothromráta seo na speansais a eascraíonn as gníomhaíochtaí parlaiminteacha na bhFeisirí, amhail cíos agus costais bhainistithe oifige, síntiúis idirlín, ríomhairí agus teileafóin, mar aon le comhdhálacha agus taispeántas a eagrú. Baintear leath den liúntas ó na Feisirí sin nach bhfreastalaíonn, gan bonn cirt, ar níos lú ná leath na suíonna iomlánacha in aon bhliain pharlaiminteach amháin (Meán Fómhair go Lúnasa). Tá an liuntas seo socraithe ag €4,778 sa mhí.
Costais leighis
Tá na Feisirí i dteideal aisíocaíocht dhá thrian dá gcostais leighis. Cé is moite de chion na haisíocaíochta, is ionann rialacha agus nósanna imeachta mionsonraithe an chórais seo agus a bhfuil ann chun seirbhísigh phoiblí AE a chumhdach.
Liúntas deiridh téarma
Ag deireadh a dtéarma oifige, tá na Feisirí i dteideal liúntas idirthréimhseach, arb ionann é agus a dtuarastal, ar feadh mí amháin de réir gach bliana a chaith siad in oifig. Is é uasfhad an liúntais seo ná dhá bhliain. I gcás ina nglacann iar-Fheisire le sainordú i bparlaimint eile nó in oifig phoiblí, déantar an tuarastal a íoctar as an bhfeidhm nua sin a fhritháireamh in aghaidh an liúntais idirthréimhsigh. Má bhíonn Feisire i dteideal pinsean seanaoise agus pinsean easláine ag an am céanna, ní fhéadann an duine sin an dá cheann a fháil, agus ní mór rogha a dhéanamh eatarthu.
Liúntais eile
Cuireann an Pharlaimint oifigí cóirithe ar fáil do na Feisirí sa Bhruiséil agus in Strasbourg araon. Féadann na Feisirí leas a bhaint as feithiclí oifigiúla na Parlaiminte agus iad i mbun gnó oifigiúil i gceachtar den dá chathair.