Achoimre ar liúntais 

Sa bhreis ar a dtuarastal, tá FPEnna, amhail Feisirí de pharlaimintí náisiúnta, i dteideal liúntais a fháil a chumhdaíonn caiteachas a thabhaítear i gcomhlíonadh a ndualgas parlaiminteach, go minic agus iad lasmuigh den bhaile. Tá na figiúirí uile thíos ón 01/07/2024.

Liúntas caiteachais ghinearálta

Is suim ar ráta comhréidh é an liúntas caiteachais ghinearálta, nó GEA, (EUR 4950 in aghaidh na míosa) lenar féidir leis na Feisirí speansais amhail cíos oifige sa Bhallstát ina dtoghtar iad a chumhdach, amhail crua-earraí agus bogearraí TF, soláthairtí oifige, fóin phóca/síntiúis fóin póca agus síntiúis idirlín.

I gcás na FPEnna, tá sé tábhachtach a bheith in ann gníomhaíochtaí den sórt sin a eagrú ina dtoghcheantar, go háitiúil, agus ní hamháin sa Bhruiséil, agus in Strasbourg. Tá rialacha agus cuspóirí GEA leagtha síos i Reacht na bhFeisirí agus is é an Biúró a leagann síos rialacha cur chun feidhme.

Úsáidtear an íocaíocht chnapshuime chun neamhspleáchas an tsainordaithe a chosaint agus toisc gurb é an cineál íocaíochta sin an ceann is costéifeachtaí.

Leis an athbhreithniú deireanach, déantar trédhearcacht a mhéadú agus cuirtear ar fáil liosta simplithe de na cineálacha costais a chumhdaítear. Is féidir le FPEnna a gcuid speansas a fhoilsiú ar líne ar bhealach trédhearcach agus inrochtana.

Ní fhaigheann na Feisirí ach leath an liúntais mura bhfreastalaíonn siad, gan údar cuí, ach ar níos lú ná leath na suíonna iomlánacha in aon bhliain pharlaiminteach amháin (Meán Fómhair go Lúnasa).

Liúntas laethúil


Is éard atá sa liúntas laethúil (EUR 350 in aghaidh an lae), ar a dtugtar an liúntas cothaithe freisin, suim ar ráta comhréidh a chumhdaíonn cóiríocht, béilí agus speansais ghaolmhara gach lá a bhíonn FPEnna i mbun gnó oifigiúil.


Caithfidh na FPEnna clár tinrimh a shíniú agus tá díolúintí ann don Uachtarán agus do cheannairí na ngrúpaí parlaiminteacha.


Ní fhaigheann FPEnna ach leath an liúntais má chailleann siad níos mó ná leath na vótaí le glaoch rolla ar laethanta a dhéantar vótáil i suí iomlánach, fiú amháin má bhíonn siad i láthair agus má shíníonn siad an clár tinrimh.


I gcás cruinnithe lasmuigh den Aontas, laghdaítear an liúntas faoina leath.

Speansais taistil


Chuig Parlaimint na hEorpa agus ó Pharlaimint na hEorpa:


Cumhdaíonn Parlaimint na hEorpa an costas taistil chun deis a thabhairt do na FPEnna páirt a ghlacadh i gcruinnithe de chuid Pharlaimint na hEorpa, amhail cruinnithe iomlánacha, cruinnithe coiste agus cruinnithe grúpa. Is sa Bhruiséil nó in Strasbourg den chuid is mó a bhíonn siad ar siúl.


Déantar costas iarbhír na dticéad taistil as freastal ar na cruinnithe a aisíoc leis na FPEnna nuair a chuirtear admhálacha isteach.


Socraítear na huasteorainneacha suas go táille aeir den ghrád gnó (grád táille ‘D’ nó comhchosúil), ticéad iarnróid den chéad ghrád, nó EUR 0.58 in aghaidh an chiliméadair i gcás turais i gcarr (suas le 1000KM ar a mhéad). Eisíonn Parlaimint na hEorpa ticéid.

Ina theannta sin, socraíonn sí méideanna bunaithe ar fhad agus ar fhad ama an turais chun costais taistil ilghnéitheacha a chumhdach (dolaí mótarbhealaigh, táillí bagáiste iomarcacha, táillí áirithinte, etc.).

Taisteal breise:


D’fhéadfadh sé go mbeadh ar Fheisirí taisteal laistigh agus lasmuigh den Bhallstát ina dtoghtar iad agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu.


Taisteal oifigiúil:

Le linn dóibh a sainordú a fheidhmiú, is féidir leis na FPEnna taisteal lasmuigh d’áiteanna oibre Pharlaimint na hEorpa ar chúiseanna éagsúla agus ionadaíocht á déanamh acu ar Pharlaimint na hEorpa: i gcomhthéacs mhisin aimsithe fíoras na gcoistí nó toscaireachtaí coiste nó toscaireachtaí oifigiúla chuig tríú tíortha den chuid is mó. Eagraítear na turais sin de réir Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa agus rialacha an Bhiúró. Tagann na speansais taistil faoi bhuiséad an choiste nó na toscaireachta a eagraíonn an taisteal.

Taisteal aonair:

Ina theannta sin, is féidir le na FPEnna taisteal a eagrú thar a gceann chun dualgais oifigiúla a chomhlíonadh. Is minic a bhíonn ar Fheisirí taisteal laistigh agus lasmuigh den Bhallstát ina dtoghtar iad chun dualgais oifigiúla a chomhlíonadh agus ar chúiseanna eile (mar shampla, freastal ar chomhdháil nó páirt a ghlacadh i gcuairt oibre).

Maidir le dualgais i mBallstát an FPE, ní aisíocann an Pharlaimint speansais taistil ach suas le huasmhéid bliantúil a chinntear ar bhonn tír ar thír.


Maidir le dualgais thar lear – nach cuid de chruinnithe oifigiúla na Parlaiminte iad – féadfaidh FPEnna aisíocaíocht a lorg i leith taistil, cóiríochta agus speansais ghaolmhara i dtíortha eile suas le huasmhéid bliantúil EUR 4 886.


Speansais leighis


Tá na Feisirí i dteideal aisíocaíocht dhá thrian dá gcostais leighis. Cé is moite de chion na haisíocaíochta, is ionann rialacha agus nósanna imeachta mionsonraithe an chórais seo agus a bhfuil ann chun seirbhísigh phoiblí AE a chumhdach.


Liúntas deiridh téarma


Ag deireadh a dtéarma oifige, tá na FPEnna i dteideal liúntas idirthréimhseach, arb ionann é agus tuarastal míosa amháin in aghaidh gach bliana nuair a bhí siad in oifig, ar feadh suas le dhá bhliain ar a mhéad.


Nuair a théann iar-FPE in oifig in áit eile, déantar fritháireamh ar an tuarastal nua i gcoinne an liúntais idirthréimhsigh.


Má bhíonn FPEnna i dteideal pinsean seanaoise agus pinsean easláine ag an am céanna, ní fhéadann siad an dá cheann a fháil, agus ní mór dóibh rogha a dhéanamh eatarthu.

Liúntais eile


Féadfaidh na FPEnna úsáid a bhaint as feithiclí oifigiúla chun freastal ar chruinnithe nó ar imeachtaí sa Bhruiséil nó in Strasbourg.