Geilleagar
Tosaíochtaí
Táirgí don chatagóir seo

Réitíonn teicneolaíochtaí spáis an bealach do go leor gníomhaíochtaí, i réimsí na cumarsáide, na talmhaíochta, chun monatóireacht a dhéanamh ar thubaistí agus araile.

Céard atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach chun dlús a chur leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach? Cén tionchar a bheidh ag an aistriú ar an gcomhshaol, ar an ngeilleagar agus ort féin?

Tá feisirí ag iarraidh cothromaíocht a aimsiú idir dul i ngleic le hábhar ar líne atá dochrach nó mídhleathach agus saoirse tuairimíochta a chosaint.

Baineann buntáistí leis an gheilleagar ardán ach baineann rioscaí leis chomh maith. Caith súil ar an alt thíos chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na bearta atá á moladh ag feisirí Eorpacha.

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta croílár phlean téarnaimh an Aontais. Táthar ag súil leis go dtacóidh sí leis na ballstáit aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí na paindéime.

Dúshlán a bheidh san aistriú glas do réigiúin a bhraitheann ar thionsclaíocht agus ar charbón – éascófar an próiseas leis an Chiste um Aistriú Cóir.

Mar gheall ar iarmhairtí ghéarchéim an choróinvíris ar an earnáil, tá feisirí Eorpacha den tuairim gur ceart riachtanais mhaorlathacha a laghdú agus tacú le hathléimneacht gnólachtaí beaga.

Chuir feisirí Eorpacha in iúl arís an 16 Meán Fómhair go dteastaíonn féilire a bhfuil ceangal dlí leis maidir le foinsí nua ioncaim a thabhairt isteach chun buiséad an Aontais a mhaoiniú.

Caithfidh an straitéis AE úr maidir le tionsclaíocht cabhrú le gnólachtaí teacht slán ón ghéarchéim Covid-19 agus na deiseanna a ghabhann leis na haistrithe digiteacha agus aeráide a thapú.

Agus borradh ag teacht faoin tsiopadóireacht ar líne san Eoraip, tá feisirí i mbun oibre chun leibhéal ard cosanta a chur ar fáil do thomhaltóirí beag beann ar an tír AE ina bhfuil siad.

Thug feisirí a gceadú an 25 Samhain 2020 le rún i dtaca le cultúr deisithe agus athúsáide a chur chun cinn, agus muinín tomhaltóirí i dtáirgí athláimhe a chothú.

Tá plean infheistíochta ollmhór á ullmhú ag an Aontas Eorpach chun tacú le hEorpaigh agus le gnólachtaí an ceann is fearr a fháil ar iarmhairtí eacnamaíocha an choróinvíris.