Beo: ionadaithe údaráis Andóra, Lichtinstéin agus Mhonacó le teacht os comhair na bhfeisirí

Tiocfaidh ionadaithe ó chuideachtaí ilnáisiúnta - Apple, Google, Ikea agus McDonalds san áireamh - os comhair an choiste speisialta um rialuithe cánach an 14-15 Márta. Beidh ionadaithe údaráis Andóra, Gheansaí, Gheirsí, Lichtinstéin agus Mhonacó i láthair chomh maith. Beidh deis ag feisirí an choiste iad a cheistiú faoi na forbairtí is déanaí a mhéid a bhaineann le cáin chorparáideach.

Streaming photo - Live from the EP
Trédhearcacht an chóras cánach corparáide á plé sa Pharlaimint an tseachtain seo

Ba ar mhaithe le trédhearcacht an chóras cánach corparáide a fheabhsú a bunaíodh an coiste speisialta um rialuithe cánach anuraidh. Tar éis thart ar naoi mí d'obair chrua bhain an coiste an líne chríche amach i Samhain 2015 nuair a chaith feisirí vóta ar son a chuid moltaí. Bunaíodh coiste nua um rialuithe cánach roimh Nollag agus leanfaidh sé le hobair an tseanchoiste.


Tháinig ionadaithe údaráis Oileáin Mhuir nIocht os comhair an choiste an 14 Márta d'fhonn a nósanna imeachta cánach a mhíniú agus a gcuid tuairimí a chur in iúl i ndáil le plean gníomhaíochta an OECD (an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta) um chreimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis, chomh maith le pacáiste an Choimisiúin Eorpaigh chun dul i ngleic le seachaint cánach.


Tiocfaidh ionadaithe údaráis Andóra, Lichtinstéin agus Mhonacó os comhair an choiste chéanna an 15 Márta agus cuirfear tús leis an gcruinniú ag 09.00, Am Lár na hEorpa. Níor ghlac údaráis Oileáin Cayman agus Oileán Mhanann le tairiscint an choiste a dtuairimí a chur in iúl.


Tugadh cuireadh do chuideachtaí ilnáisiúnta teacht os comhair an choiste d'fhonn a seasamh maidir le rialuithe cánach a nochtadh freisin. Dhiúltaigh Fiat, Chrysler agus Starbucks don chuireadh, ach beidh deis ag feisirí Eorpacha ionadaithe Apple, Google, Ikea agus McDonalds a cheistiú ó 15.00 an 15 Márta.


Fiosrúcháin an Choimisiúin


An íocann cuideachtaí ilnáisiúnta a ndóthain cánach? Níl an Coimisiún Eorpach cinnte go n-íocann, agus mar sin rinneadh fiosrúcháin a chur ar bun chun socruithe cánach i roinnt ballstát a fhiosrú. D'éiligh an Coimisiún ar údaráis na Beilge i mí Eanáir na bliana seo go ndéanfaí thart ar €700 milliún i gcánacha neamhíoctha a aisghabháil ó 35 cuideachtaí ilnáisiúnta. Bhain na cuideachtaí leas as an socrú cánach "sa Bheilg amháin" agus tá sé ráite ag an gCoimisiún gur státchabhair mhídhleathach a bhí ann.


Rinne an Coimisiún socruithe cánach i Lucsamburg agus san Ísiltír a fhiosrú chomh maith agus fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair go raibh buntáistí cánacha tugtha ar bhonn roghnaitheach ag an dá thír do na comhlachtaí Fiat agus Starbucks faoi seach. Tá socrú na hÉireann leis an gcomhlacht Mheiriceánach Apple á fhiosrú ag an gCoimisiún i láthair na huaire agus tá socrú McDonalds le húdaráis Lucsamburg á iniúchadh freisin.


Tá go leor cainte ar chúrsaí cánachais sna ballstáit freisin. D'fhógair Google agus rialtas na Ríochta Aontaithe i mí Eanáir go raibh siad tar éis teacht ar chomhréiteach; ní mór don chomhlacht beagnach €170 milliún i gcánacha a íoc go cúlghabhálach.


Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi obair na gcoistí um rialuithe cánach.

infographic illustration on Taxation
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh eolais a fháil faoi chánachas ar fud AE.

Tuilleadh eolais