Vóta iomlánach: conas dul i ngleic le calaois CBL

Baineann costas de thart ar €50 billiún le calaois CBL a bhíonn le híoc ar onnmhairí ó bhallstát AE go ballstát eile. Tá an Coimisiún Eorpach tar éis plean gníomhaíochta a chur le chéile d’fhonn dul i ngleic i gceart le calaois CBL agus d’fhonn na rialacha reatha CBL a uasdátú. Nuashonraíodh iad don uair dheireanach in 1993. Déanfar an plean gníomhaíochta a phlé sa Pharlaimint an 23 Samhain agus cuirfear chun vóta é an lá dar gcionn.

Caith súil ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim

Dar leis an bhfeisire Gearmánach Werner Langen (Páirtí an Phobail Eorpaigh) atá i gceannas ar stiúradh na rialacha nua tríd an bParlaimint, baineann dhá phríomhsprioc leo: “Ar an gcéad dul síos ní mór dúinn teacht ar chomhaontú maidir le córas críochnúil CBL. Le 23 bliana anuas ní raibh ach córas idirthréimhseach againn. An sprioc eile, agus an ceann is tábhachtaí, ná dul i ngleic le calaois CBL, rud atá ag tarlú ar an mórchóir.”


I dtuarascáil Langen moltar go mbunófaí córas nua i gcomhair CBL ar an bprionsabal go n-íoctar cáin sa tír ina n-úsáidtear na hearraí nó na seirbhísí. Cuirtear in iúl chomh maith gur é an bealach is fearr le dul i ngleic le calaois cánach ná córas simplí CBL a bheith ann le ráta atá chomh íseal agus is féidir, agus le níos lú díolúintí. Tá an tUasal Langen ag éileamh ar an gCoimisiún freisin na hiarmhairtí a fhiosrú a bhainfeadh le córas ina mbeadh ar thomhaltóirí an cháin a íoc in ionad an tsoláthróra.


Déanfar an tuarascáil a phlé le linn an tseisiúin iomlánaigh thart ar 17.30 CET an 23 Samhain.

 

Tuilleadh faisnéise

infographic illustration on Taxation
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh eolais a fháil faoi chánachas ar fud AE.