Vóta iomlánach: gá le rialacha tras-Eorpacha maidir le róbait?

Tá róbait in úsáid go forleathan na laethanta seo, in earnálacha na feirmeoireachta, na tionsclaíochta agus na sláinte mar shampla. Agus cé go bhfuil thart ar 1.7 milliún róbat ann ar domhan, níl comhrialacha ann chun iad a rialú. Cuirfear tuarascáil chun vóta sa Pharlaimint an 16 Feabhra ina n-éilítear ar an gCoimisiún togra reachtach a ullmhú chun dul i ngleic le ceisteanna casta a bhaineann le róbait. Ba í an feisire Mady Delvaux de chuid na Sóisialaithe a chuir an tuarascáil le chéile.

Interview with Mady Delvaux
Chuir Mady Delvaux tuarascáil an choiste um ghnóthaí dlíthiúla maidir le róbait le chéile

Cén saghas róbat atá á phlé againn anseo? An féidir leat roinnt samplaí a thabhairt dúinn?


De réir an tsainmhínithe atá againn, is meaisíní fisiciúla iad róbait atá feistithe le braiteoirí agus atá in ann sonraí a bhailiú. Beidh an chéad ghlúin eile de róbait níos ábalta rudaí a fhoghlaim as a stuaim féin. Is iad na róbait is cáiliúla ná feithiclí féintiomána, ach chomh maith leis sin tá ladrainn agus bréagáin ann, agus róbait a úsáidtear in earnálacha an chúraim, na tionsclaíochta, na siamsaíochta agus na feirmeoireachta.


I do thuarascáil pléann tú cibé ar chóir nó nár chóir stádas dlíthiúil a thabhairt do róbait. Cén tionchar praiticiúil a bheadh aige sin?


Má thagann róbait ar an bhfód a bhfuil cumas foghlama acu, beidh gá le réitigh nua agus tá muidne ag iarraidh ar an gCoimisiún na roghanna a fhiosrú. Rogha amháin a bheidh againn ná ‘ríomhphearsantacht’ theoranta a thabhairt do róbait, ar a laghad a mhéid a bhaineann le cúiteamh. Bheadh sé cosúil leis an gcóras atá ann anois i gcás cuideachtaí, ach ní inniu ná amárach a tharlóidh seo. An rud atá ag teastáil faoi láthair ná creatlach dhlíthiúil do na róbait atá ar an margadh i láthair na huaire nó a bheidh ar fáil sna 10-15 bliain amach romhainn.


Idir an dá linn cé a bheidh freagrach má dhéantar damáiste? An t-úinéir, an monaróir, an dearthóir nó an ríomhchláraitheoir?


Tá dhá rogha ar fáil againn. Faoi phrionsabal an diandliteanais is é an monaróir a bheadh freagrach. An rogha eile ná cur chuige a bheadh bunaithe ar mheasúnú riosca, bheadh gá le tástálacha a dhéanamh roimh ré agus roinnfí cúiteamh idir na páirtithe leasmhara ar fad. Tá muidne ag moladh chomh maith go mbeadh sé éigeantach árachas a chur ar róbait, i gcás na róbat is mó ar a laghad.


Luaitear sa tuarascáil freisin go bhfuil an baol ann go n-éireodh daoine leochaileacha ceanúil ar a róbait, conas is féidir linn stop a chur leis sin?


Ní mór i gcónaí cur i gcuimhne ar dhaoine nach daoine daonna iad róbait. Fiú má tá an chuma orthu go bhfuil bá acu le duine, ní bhraitheann siad féin comhbhá. Nílimid ag iarraidh go mbeadh róbait ann a bhfuil cuma daonna orthu, cosúil le róbait atá ann sa tSeapáin.


Mholamar cairt ina leagtar amach nár chóir do róbait ligean do dhaoine a bheith ina dtuilleamaí ó thaobh na mothúchán de. Tá sé ceart go leor a bheith i dtuilleamaí róbait i gcás cúraimí fisiciúla, ach ní cóir a bheith riamh den tuairim go bhfuil róbat i ngrá leat nó go mbraitheann sé é má tá tú brónach.


Cén fáth go bhfuil ceist na róbat á plé ag an bParlaimint anois?


Den chéad uair riamh, táimid ag iarraidh prionsabail Eorpacha agus comhchreatlach dlíthiúil a shocrú sula gcuireann na ballstáit a dlíthe éagsúla féin i bhfeidhm. Má tá an Eoraip chun a bheith chun tosaigh sa róbataic, beidh gá le rialacha tras-Eorpacha.


Ó thaobh dliteanais de, tá tomhaltóirí ag iarraidh a bheith cinnte go mbeidh siad faoi árachas má dhéantar damáiste. Na nithe is tábhachtaí ná slándáil agus cosaint sonraí. Níl róbait in ann feidhmiú gan sonraí a mhalartú, mar sin caithfear a shocrú cé a bheidh rochtain acu ar na sonraí seo.


Tá eagla ag daoine áirithe go gcaillfidh siad a bpost, deirtear leo áfach go gcruthófar poist de bharr theacht na róbat. Ach tá seans ann mar sin féin gur oibrithe ar bheagán oiliúna a bheidh thíos leis. Conas is féidir é seo a réiteach?


Seo é an dúshlán is mó atá romhainn agus roimh ár gcórais oideachais, dar liom. Ní heol dúinn cén chaoi a n-oibreoidh cúrsaí amach. Measaim go mbeidh fostaíocht i gcónaí ar fáil do dhaoine ar bheagán oiliúna. Ní thiocfaidh róbait in áit daoine, beidh comhoibriú ann idir róbait agus daoine. Agus d’fhéadfadh sé a bheith go maith má úsáidtear róbait chun obair chrua nó dhainséarach a dhéanamh.


Is feisire Lucsmaburgach í Mady Delvaux de chuid na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe. Foilsíodh an t-alt seo don chéad uair an 12 Eanáir.

An féidir an locht a chur ar róbat as a ghníomhartha? Agus iad buartha faoi rioscaí dliteanais agus ceisteanna slándála, deir reachtóirí na hEorpa gur mithid breathnú níos mine ar róbait in úsáid ag sibhialtaigh.