Grafaic faisnéise: an tóir ar an ngeilleagar comhoibríoch ag dul i méid

Is éard atá i gceist leis an ngeilleagar comhoibríoch ná margadh ar líne a réitíonn an bealach le hidirbhearta idir piaraí. Thug feisirí a gceadú le tuarascáil ar an ábhar an 15 Meitheamh.

infographic illustration on collaborative economy
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun tuilleadh a fhoghlaim

Tá an-bhorradh tagtha faoin ngeilleagar le blianta beaga anuas agus sa bhliain 2015 b’fhiú tuairim is €28 billiún é san Aontas Eorpach, i gcomparáid le €16 billiún sa bhliain roimhe sin.

Tá athrú as cuimse tagtha ar mhargadh an tsaothair le déanaí de bharr thionchar an gheilleagair dhigitigh. Cibé acu pizza a sheachadadh ar rothar nó strainséir a thiomáint chuig an aerfort, tá cineálacha neamhthipiciúla úrnua fostaíochta ar fáil tríd an idirlíon, agus tá aithne mhaith ag tromlach na nEorpach ar leithéidí Airbnb, Deliveroo agus Uber na laethanta seo.

Maidir leis an ngeilleagar comhoibríoch, bíonn trí pháirtí i gceist sna hidirbhearta: an tomhaltóir a íocann as an tseirbhís, an duine a chuireann an tseirbhís ar fáil agus a shaothraíonn an t-ioncam, agus an t-ardán féin a thugann an tomhaltóir agus an soláthraí seirbhíse le chéile agus a ghearrann coimisiún socraithe ar an idirbheart. Maidir leis an tóir ar an ngeilleagar comhoibríoch, tá an Fhrainc agus Éire chun tosaigh. Tuilleadh faisnéise sa ghrafaic faisnéise thuas.

I vóta an 15 Meitheamh, chuir feisirí na Parlaiminte in iúl go gcaithfear coinníollacha oibre féaráilte agus cosaint leordhóthanach a chinntiú dóibh siúd ar fad a oibríonn sa gheilleagar comhoibríoch.