Bearta frithdhumpála: ‘Bealach nua le dul i ngleic le cleachtais thrádála mhíchothroma’

Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 30 Bealtaine le reachtaíocht nua chun dul i ngleic le dumpáil shóisialta agus allmhairí mífhéaráilte ó thíortha lasmuigh den Aontas Eorpach.

Caith súil ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim

Tuilleadh faisnéise faoi na rialacha nua san agallamh thíos leis an bhfeisire Christofer Fjellner (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an tSualainn).

 

Ar fud an domhain, tá claonadh tar éis a bheith ann le déanaí i dtreo níos mó caomhnaitheachta. Cén difear a dhéanfaidh na rialacha nua seo?

 

Ceann de na cuspóirí a bhí agam go pearsanta ná ár n-ionstraimí cosanta trádála a nuashonrú ach gan dul i muinín na caomhnaitheachta. Agus measaim gur éirigh linn é sin a dhéanamh. Tá bealach nua, níos comhaimseartha againn le dul i ngleic le cleachtais thrádála mhíchothroma gan a bheith cosantaíoch.

Interview with  Christofer Fjellner
Bhí an feisire Sualannach Christofer Fjellner i gceannas ar stiúradh na reachtaíochta tríd an bParlaimint

San idirbheartaíocht leis an gComhairle, d’éirigh leis an bParlaimint deasca cúnaimh a bhunú i gcomhair gnólachtaí beaga agus meánmhéide. Cén fáth a bhfuil gá leis agus céard a dhéanfaidh sé?

 

Cabhróidh sé le comhlachtaí beaga agus meánmhéide gearáin a dhéanamh i gcás cleachtais thrádála mhíchothroma. Sa lá atá inniu ann, feicimid go mbaineann cuideachtaí móra - cuideachtaí ilnáisiúnta go mór mór - úsáid as rialacha frithdhumpála go príomha chun iomaíocht ó earraí dumpáilte nó fóirdheonaithe a chosc. Is cuma cén tuairim atá agat faoi na hionstraimí seo, tá muidne sa Pharlaimint den tuairim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil an rochtain chéanna ag gach duine orthu. Mar sin, bhí sé tábhachtach cúnamh a chur ar fáil do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide d’fhonn cabhrú leo na hionstraimí casta seo a thuiscint agus úsáid a bhaint astu.

 

San Aontas Eorpach, an bhfuil sé ag éirí níos deacra an chothromaíocht cheart a aimsiú idir saorthrádáil a chur chun cinn agus comhlachtaí na hEorpa a chosaint?

 

Tá an streachailt idir saorthrádáil agus caomhnaitheacht tar éis a bheith ann san Eoraip agus timpeall an domhain leis na céadta bliain. I láthair na huaire ar bhonn domhanda, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag an gcaomhnaitheacht, ach measaim gur féidir linn a bheith bródúil san Eoraip mar níor leanamar an cúrsa sin. Bhíomar in ann an fód a sheasamh ar son trádála atá bunaithe ar rialacha agus ar son córais thrádála oscailte. Éiríonn sé níos deacra nuair nach gcloíonn leithéidí na Stát Aontaithe leis na rialacha. Measaim go bhfuil jab maith déanta againn go nuige seo, ach leanfaidh an streachailt ar aghaidh, ar feadh na gcéadta bliain is dócha.

Tuilleadh faisnéise