Grafaic faisnéise: gluaisteáin uathrialaitheacha san Aontas Eorpach

Beidh feithiclí féinrialaitheacha ar fáil in AE faoi 2020. Cén tairbhe a bhaineann leo? Cad atá ar bun ag AE chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leo? Tuilleadh san alt thíos.

A bhuí leis an dul chun cinn atá bainte amach ag saineolaithe i réimsí na teicneolaíochta digití, na róbataice agus na hintleachta saorga, beidh teacht againn gan mhoill ar fheithiclí féintiomána cosúil leo siúd atá feicthe againn sna scannáin. Mar sin, cuireadh tuarascáil fhéintionscnaimh faoin bhféintiomáint chun vóta an 15 Eanáir 2019 ina moltar go bhfuil gá le hinfheistíocht leordhóthanach chun an earnáil a chur chun cinn agus chun a chinntiú go bhfuil rialacha oiriúnacha ann maidir le dliteanas agus le sábháilteacht.


Earráidí daonna is cúis le thart ar 95% de na timpistí bóithre san Aontas Eorpach, agus sa bhliain 2017, maraíodh thart ar 25,000 duine ar bhóithre an Aontais. Le feithiclí féinrialaitheacha, d’fhéadfaí líon na mbásanna a laghdú go suntasach. Mar gheall ar theicneolaíochtaí digiteacha, d’fhéadfaí chomh maith plódú tráchta a laghdú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a ísliú. Chuirfí deiseanna ar fáil freisin do dhaoine atá faoi mhíchumas luaineachta.


Ina theannta sin, meastar go dtiocfaidh borradh as cuimse faoin margadh le haghaidh feithiclí féintiomána agus go gcruthófar fostaíocht nua san earnáil; beidh an tionscal gluaisteán in ann thart ar €620 billiún de bhrabúis a dhéanamh faoi 2025.

Infographie illustration on self-driving cars in the EU
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Na dúshláin a bhaineann leis an bhféintiomáint


  • Sábháilteacht ar bhóithre: caithfear riachtanais shábháilteachta a chur i bhfeidhm agus rialacha tráchta a chomhoiriúnú ar leibhéal Eorpach mar go mbeidh gluaisteáin fhéintiomána ag roinnt na mbóithre le gnáthghluaisteáin chomh maith le rothair agus le coisithe.
  • Ceisteanna dliteanais: caithfear dlíthe reatha AE a uasdátú chun an cheist thábhachtach seo a shoiléiriú; cé atá freagrach i gcás timpiste - an tiománaí nó an déantóir?
  • Próiseáil sonraí: tá feidhm ag rialacha AE maidir le cosaint sonraí i gcás thionscal na ngluaisteán ach go dtí seo, ní dhearnadh dul chun cinn suntasach chun cibearshlándáil a chinntiú agus chun gluaisteáin fhéintiomána a chosaint ó chibearionsaithe.
  • Ceisteanna eitice:treoirlínte maidir le hintleacht shaorga á gcur le chéile ag an Aontas faoi láthair ach tá seans go mbeidh caighdeáin uile-Eorpacha de dhíth.
  • Bonneagar: is gá infheistiú i dtaighde agus i nuálaíocht chun na teicneolaíochtaí a fhorbairt agus an bonneagar cuí a bhunú.

Céard atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?


Agus an teicneolaíocht ag dul ó neart go neart, tá obair á déanamh ar leibhéal an Aontais chun comhrialacha Eorpacha a bhunú maidir le feithiclí féintiomána. Tar éis don Choimisiún Eorpach tuarascáil maidir le huath-shoghluaisteacht a fhoilsiú, tá tuarascáil fhéintionscnaimh maidir leis an bhféintiomáint curtha le chéile ag an bhfeisire Ísiltíreach Wim van de Camp (Páirtí an Phobail Eorpaigh). Thug feisirí na Parlaiminte a gceadú leis an tuarascáil i vóta an 15 Eanáir 2019.

Infographie illustration on self-driving cars in the EU
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Leagtar béim sa tuarascáil ar na pointí seo a leanas:


  • Le polasaithe agus le dlíthe an Aontais Eorpaigh maidir le hiompar uathoibrithe agus nasctha, ba chóir na modhanna iompair ar fad a chlúdach, mar shampla loingseoireacht ghearrthurais, uiscebhealaí intíre, dróin agus iarnróid éadroma.
  • Ní foláir an caighdeánú ar leibhéal idirnáisiúnta a chomhordú tuilleadh chun sábháilteacht agus idir-inoibritheacht na bhfeithiclí a áirithiú.
  • Chun fadhb an dliteanais a réiteach agus chun cabhrú le fiosrúcháin tar éis timpistí, ba cheart go mbeadh taifeadáin sonraí (is é sin le rá, bosca dubh) éigeantach i ngluaisteáin uathoibrithe.
  • Chun muinín na saoránach a ardú, ba chóir rialacha oiriúnacha maidir le cosaint sonraí agus eitic a bhunú chomh luath agus is féidir.
  • Ba cheart aird ar leith a thabhairt d’fhorbairt feithiclí féintiomána dóibh siúd atá faoi mhíchumas.

Baineann an iomaí buntáiste le gluaisteáin fhéintiomána: ceamaraí leabaithe, ríomhairí ionsuite, córas suite domhanda ardchumasach, glacadóirí satailíte agus radair ghearr-raoin. Glacann na gnéithe uile seo páirt i dtiomáint na bhfeithiclí.


Tá feithiclí a chuidíonn leis an tiomanaí (leibhéil 1 agus 2 ó thaobh an uathoibrithe de) le fáil san Eoraip cheana féin. Tá feithiclí féintiomána (leibhéil 3 agus 4) á dtástáil agus táthar ag súil go mbeidh siad ar fáil faoi 2030. Meastar go mbeidh gluaisteáin atá go hiomlán uathoibrithe ar fáil ó 2030.