Faomhadh na bhfeisirí faighte ag Christine Lagarde le bheith mar uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

I vóta iomlánach an 17 Meán Fómhair 2019, thug feisirí Eorpacha a gceadú le hiarrthóireacht Christine Lagarde d’uachtaránacht an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

MEPs to hold hearing with Christine Lagarde for ECB president post
I mí Iúil, rinne ceannairí rialtais na mballstát Lagarde a ainmniú le teacht i gcomharbacht ar uachtarán reatha an Bhainc Mario Draghi

Roimh an vóta in Strasbourg ar a hiarrthóireacht, tháinig uachtarán ainmnithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh Christine Lagarde os comhair an choiste um ghnóthaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta an 4 Meán Fómhair. Le linn an chruinnithe bhí deis ag feisirí an choiste measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht Lagarde d’uachtaránacht na heagraíochta a dhéanann an euro a bhainistiú, praghsanna a choimeád cobhsaí agus beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm.


Tar éis do Christine Lagarde faomhadh na bhfeisirí a fháil sa vóta iomlánach an 17 Meán Fómhair, anois ní mór don Chomhairle Eorpach cinneadh foirmiúil a dhéanamh faoin gceapachán. Sainordú ocht mbliana atá ann d'uachtarán an Bhainc, agus cuirfear tús leis an tréimhse oifige an 1 Samhain. Má éiríonn le Lagarde ceadú foirmiúil na Comhairle a fháil, beidh sí ar an gcéad bhean riamh dár tugadh an cúram sin.


I mí Iúil, rinne ceannairí rialtais na mballstát Lagarde a ainmniú le teacht i gcomharbacht ar uachtarán reatha an Bhainc Mario Draghi. Tá Lagarde ina stiúrthóir bainistíochta ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ó 2011, agus roimhe sin bhí sí ina haire i rialtas na Fraince.


Déanann an Chomhairle Eorpach uachtaráin an Bhainc Ceannais Eorpaigh a ainmniú ar feadh téarma neamh-inathnuaite ocht mbliana, ach caithfear dul i gcomhairle leis an bParlaimint roimhe sin. Níl seasamh na Parlaiminte ina ceangal ach mar gur í an Pharlaimint an t-aon institiúid Eorpach atá tofa go díreach, baineann tábhacht le seasamh na bhfeisirí a mhéid a bhaineann le dlisteanacht an iarrthóra.


Tá Parlaimint na hEorpa ag iarraidh níos mó ban a fheiceáil sna leibhéil is airde sna hearnálacha eacnamaíocha agus airgeadaíochta.


Caidreamh na Parlaiminte leis an mBanc Ceannais Eorpach


Is é an Banc Ceannais Eorpach a bhainistíonn an euro agus a cheapann agus a chuireann i bhfeidhm beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta an Aontais Eorpaigh. Is é an phríomhaidhm atá aige praghsanna a choimeád cobhsaí, ag tacú le fás eacnamaíoch agus cruthú post ar an gcaoi sin.


Gné tábhachtach d’obair an Bhainc ná a neamhspleáchas polaitiúil. Mar sin féin, ar mhaithe le cuntasacht daonlathach, tagann uachtarán an Bhainc os comhair an choiste um gnóthaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta go ráithiúil chun beartas agus cinntí an Bhainc a mhíniú d’ionadaithe tofa na nEorpach. Glaoitear idirphlé airgeadaíochta ar na cruinnithe seo.


Chomh maith leis sin, déanann an t-uachtarán tuarascáil bhliantúil an Bhainc a chur faoi bhráid na bhfeisirí ag an seisiún iomlánach. Féadfaidh aon fheisire ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn a chur ar an uachtarán freisin.