Buiséad 2020: ‘Is í tosaíocht uileghabhálach na Parlaiminte ná an t-athrú aeráide a chomhrac’ 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

Monika Hohlmeier (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Ghearmáin)  

Chaith feisirí Eorpacha vóta an 23 Deireadh Fómhair 2019 ar a sheasamh ar bhuiséad an Aontais don bhliain 2020. Tuilleadh faisnéise san agallamh thíos leis an bhfeisire Monika Hohlmeier.

Conas a dhéanfá cur síos ar do mholadh i gcomhair bhuiséad 2020?

Is í tosaíocht uileghabhálach na Parlaiminte ná aghaidh a thabhairt ar cheist athrú na haeráide, agus ag an am céanna deiseanna a chur ar fáil chun fostaíocht nua a chruthú agus iomaíochas gheilleagar na hEorpa a neartú.


Mar a sheasann cúrsaí anois, níl an sprioc á baint amach againn maidir le 20% de chaiteachas an Aontais Eorpaigh a chaitheamh ar chúrsaí aeráide sa tréimhse 2014-2020. Tá ráiteas soiléir á thabhairt againn: le buiséad na bliana seo chugainn, is mian leis an bParlaimint cur go mór le nuálaíocht, le taighde agus le teicneolaíochtaí nua, glasa.


Táimid ag iarraidh tacú chomh maith leis an ndigitiú ar an gcúis go mbíonn uirlisí digiteacha, maithe ag teastáil chun taighde a dhéanamh ar an aeráid. Ní amháin go gcabhraíonn an digitiú linn spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, lena chois sin, cuireann sé ar ár gcumas feabhas a chur ar an taighde ar thinnis throma nó ar mhodhanna feirmeoireachta níos éifeachtúla. Ba mhaith linn airgead a thabhairt d’ollscoileanna agus d’institiúidí taighde a bhfuil an saghas seo taighde ar bun acu.


Ar an tríú dul síos, maidir le beartas forbartha, táimid ag iarraidh leanúint ar aghaidh lenár gcuid oibre chun bochtaineacht a laghdú ach chomh maith leis sin, caithfear aghaidh a thabhairt ar cheisteanna amhail fadhb an phlaistigh san aigéan agus conas fáil réidh le dramhaíl. Lenár n-ionstraimí buiséid, beimid in ann cur leis an gcomhrac i gcoinne fadhbanna aeráide, mar shampla, trí tacú le húsáid athnuaiteán.



Tá tú tar éis €2 mhilliún a chur le moladh an Choimisiúin i gcomhair chaiteachas aeráide an bhliain seo chugainn. An leor sin chun sprioc an Aontais á baint amach maidir le 20% de chaiteachas a chaitheamh ar chúrsaí aeráide sa tréimhse 2014-2020?

Ní leor. Ní bhainfear an sprioc amach mar bhí an caiteachas ar chúrsaí aeráide níos ísle ná 14% sa bhliain 2014. Mar sin féin, a mhéid a bhaineann leis an mbliain atá romhainn, is léir go ngabhann mo mholadh thar an sprioc de 20%. Ó thaobh na haeráide de, tá muidne den tuairim go bhfuil sé de cheart ag an aos óg a rá linn “Déanaigí rud éigin agus déanaigí gan mhoill é”.


Ba mhian linn chomh maith an tacaíocht airgeadais don Tionscnamh Fostaíochta don Ógra a mhéadú. Tá an ráta dífhostaíochta i measc an aosa óig ag ísliú agus tá an clár seo ag cabhrú leo fostaíocht a aimsiú. Ba mhian linn freisin maoiniú don chlár Erasmus+ a mhéadú chun deis a thabhairt do níos mó daoine óga staidéar a dhéanamh ar an gcoigríoch.



An mbeidh tú in ann cur ina luí ar an gComhairle tacú leis na tosaíochtaí a bhaineann leis an aeráid, an óige agus an todhchaí?

Measaim gan dabht go mbeimid in ann toiliú na Comhairle a fháil. Tá dúshlán ar leith romhainn mar is é 2020 an bhliain dheireanach faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha. As na tíortha a chuireann níos mó airgid isteach sa bhuiséad ná mar a fhaigheann siad ar ais, tá cuid acu ag iarraidh an buiséad a ghearradh siar fad atá ballstáit eile ag iarraidh tuilleadh airgid a chur ar fáil in earnálacha an chomhtháthaithe nó na talmhaíochta.


Ag an am céanna, tá Brexit ag tarlú agus ní fios dúinn céard a tharlóidh tar éis an 31 Deireadh Fómhair. Tá súil agam i gcónaí go dtarlóidh Brexit ar bhonn ordúil. Faoi dheireadh an chreata airgeadais ilbhliantúil reatha, ar thaobh an Aontais Eorpaigh, bhainfeadh costas €11 bhilliún le Brexit mí-ordúil, agus ba chóir go mbeimid ar fad ag iarraidh sin a sheachaint ar ais nó ar éigean.



Cén tionchar a bheadh ag Brexit gan mhargadh ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh?

Táimid ullamh. Ní bheidh an Ríocht Aontaithe in ann muid a chur faoi bhrú. Má tharlaíonn Brexit gan mhargadh, bheadh orainn an buiséad a athrú. Ar deireadh thiar thall, measaim go mbeidh ar an Ríocht Aontaithe rannchuidiú le go leor clár, mar shampla i réimsí na slándála agus na talmhaíochta. Díreach cosúil leis an Iorua, an Eilvéis, Lichtinstéin agus tíortha neamh-AE eile, is i mbuiséad an Aontais Eorpaigh a chríochnóidh an t-airgead.


Tá an Pharlaimint ag iarraidh bheith thar a bheith macánta: i gcás na Ríochta Aontaithe, ní féidir breith agus dhá rogha a bheith ann. Níor cheart go mbeadh tír in ann an tAontas Eorpach a fhágáil agus margadh níos fearr a fháil.