Coróinvíreas: feisirí le vóta a chaitheamh ar chúnamh airgeadais de €37 billiún

Caithfidh feisirí Eorpacha vóta an 26 Márta ar thogra an Choimisiúin Eorpaigh i dtaca le €37 billiún ó chistí struchtúracha an Aontais a chur ar fáil chun an ráig de Covid-19 a chomhrac.

A sign on a windows shop: "Closed for coronavirus" ©Antic/AdobeStock
Tá an Pharlaimint ag tacú le bearta AE chun cabhrú le ballstáit dul i ngleic leis an ráig den choróinvíreas Covid-19 ©Antic/AdobeStock

Tionólfar seisiún urghnách de chuid Pharlaimint na hEorpa an 26 Márta d’fhonn go mbeidh feisirí Eorpacha in ann bearta a ghlacadh chun dul i ngleic le hiarmhairtí na ráige den choróinvíreas. Ar cheann de na bearta sin tá moladh maidir le €37 billiún ó chistí comhtháite AE a chur ar fáil chun cabhrú le tíortha atá buailte ag an bpaindéim. Mar gheall ar a thromchuisí atá an ghéarchéim reatha, baineadh úsáid as nós imeachta mear sa Pharlaimint.


Is éard atá i gceist le cistí struchtúracha agus infheistíochta ná maoiniú a chuirtear ar fáil chun tacú le réigiúin, le hiascach, agus le beartas sóisialta amhail oibrithe a scaoiltear chun bealaigh a athoiliúint.


Gach bliain, faigheann ballstáit an Aontais airgead ó na cistí seo chun tionscadail a reamh-mhaoiniú. Ag deireadh na bliana, i gcás nár úsáideadh cuid den airgead seo, caithfear é a chur ar ais chuig buiséad AE. I gcás 2019, caithfidh ballstáit an Aontais beagnach €8 billiún de na cistí réamh-mhaoinithe seo a thabhairt ar ais. Tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh go gcoinneoidh na ballstáit an t-airgead seo chun dul i ngleic le hiarmhairtí na ráige den choróinvíreas.


I gcás tionscadal arna maoiniú ag an Aontas Eorpach, tagann cuid den airgead ó chistí na mballstát agus tagann an chuid eile ó bhuiséad an Aontais Eorpaigh. Braitheann ranníocaíochtaí an Aontais: má bhaineann an tionscadal le réigiún beagfhorbartha, clúdaítear suas le 85% den chostas iomlán.


Sa chás seo, de réir mheastacháin an Choimisiúin Eorpaigh, cuirfear thart ar €29 billiún de chómhaoiniú AE leis an €8 billiún de na cistí réamh-mhaoinithe. Mar sin, bheadh thart ar €37 billiún ar fáil chun an comhrac i gcoinne Covid-19 a mhaoiniú.


Fógraíodh togra an Choimisiúin an 13 Márta. Tar éis nós imeachta mear sa choiste parlaiminteach um fhorbairt réigiúnach, caithfidh feisirí na Parlaiminte ar fad vóta ar an togra ag an seisiún iomlánach an 26 Márta. Faoi rialacha na Parlaiminte, féadfar vóta práinneach a sheoladh d’uireasa tuarascála nó ar bhonn tuarascála ó bhéal ón gcoiste freagrach.


Ag labhairt dó faoi thogra an Choimisiúin an 17 Márta, dúirt cathaoirleach an choiste um fhorbairt réigiúnach Younous Omarjee: “Caithfear gníomhú chomh luath agus is féidir, trí na hacmhainní comhtháite ar fad atá ar fáil a úsáid chun iarmhairtí uafásacha na heipidéime den choróinvíreas a mhaolú. Bheadh moill ar bith ina cúis le tuilleadh básanna, agus le deacrachtaí breise do réigiúin, do chuideachtaí agus do shaoránaigh AE.”


Ag an seisiún iomlánach an 26 Márta, caithfidh feisirí vóta chomh maith ar bhearta eile chun an ráig den choróinvíreas a chomhrac. Cuirfear togra reachtach chun vóta maidir le héigeandálaí sláinte poiblí a chlúdach faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, agus togra eile chun deireadh a chur le heitiltí folmha mar gheall ar an ráig de Covid-19.

Tuilleadh faisnéise