Covid-19: cuideachtaí a chosaint ó iarrachtaí ar tháthcheangal ón gcoigríoch

I ndíospóireacht an 17 Meitheamh, chuir feisirí a n-imní in iúl faoi fhóirdheontais atá á bhfáil ag cuideachtaí iasachta óna rialtais, rud a chuireann cuideachtaí AE faoi mhíbhuntáiste.

Companies across the EU suffer from production stoppages and risk becoming targets for foreign takeovers ©Sveta/Adobe Stock
Caithfear cur i gcoinne iomaíocht éagórach agus iompar naimhdeach ó chuideachtaí eachtracha faoi úinéireacht stáit ©Sveta/Adobe Stock

Ba cheart go mbaineann rialacha maidir le hiomaíocht chóir le gach duine – le cuideachtaí Eorpacha agus lena n-iomaitheoirí ón gcoigríoch. Mar gheall ar thionchar eacnamaíoch an choróinvíris, tá imní ar fheisirí, áfach, go ndéanfaidh cuideachtaí neamh-AE iarracht an lámh in uachtar a fháil ar chuideachtaí Eorpacha nó iarracht iad a cheannach amach fiú.


I ndíospóireacht iomlánach an 17 Meitheamh, chuir feisirí fáilte roimh chomhairliúchán poiblí atá seolta ag an gCoimisiún Eorpach maidir le conas dul i ngleic le fóirdheontais iasachta agus leis an gcaoi a chuireann siad an margadh aonair as a riocht. Chuir feisirí i bhfáth gur cheart iomaíocht chothrom a áirithiú.


Ag labhairt dó ar son Pháirtí an Phobail Eorpaigh, dúirt an feisire Christophe Hansen: “Ní hí an tSín an t-aon tír amháin atá ar bhabhta mór siopadóireachta chun cuideachtaí a cheannach atá lagaithe mar gheall ar iarmhairtí na paindéime.” Dúirt sé, áfach, gur í an tSín “an eilifint sa seomra sa díospóireacht seo”. D’fhonn a chinntiú go leanfaidh muintir na hEorpa de bheith ag tacú le beartas trádála an Aontais, dúirt an feisire Lucsamburgach go bhfuil gá le huirlisí chun a chinntiú go bhfuil iomaíocht chóir ann.


Dúirt an feisire Ísiltíreach de chuid na Sóisialaithe Agnes Jongerius: “Níor cheart leas a bhaint as iarmhairtí eacnamaíocha an choróinvíris chun buntáiste a bhaint as laigí gnólachtaí. Ní féidir linn fanacht ar an gclaí fad is atá fóirdheontais mhífhéaráilte á bhfáil ag cuideachtaí chun ár gcuideachtaí féin a cheannach.”


Labhair an feisire Francach Stéphanie Yon-Courtin ar son na Liobrálaithe: “Samhlaigh cluiche sacair ina leanann an fhoireann as baile rialacha atá i bhfad níos éasca ná na rialacha atá á leanúint ag an bhfoireann bhaile. Ní fiú amharc ar an gcluiche fiú mar beidh a fhios agat roimh ré cé aige a mbeidh an bua.”


I vóta an 18 Meitheamh, ghlac feisirí tuarascáil maidir leis an mbeartas iomaíochta a chuir an feisire Yon-Courtin le chéile. Iarrtar sa tuarascáil ar an gCoimisiún Eorpach aird níos mó a thabhairt ar chuideachtaí faoi úinéireacht stáit atá lonnaithe ar an gcoigríoch agus atá ag fáil fóirdheontais óna rialtais ar bhealaí atá toirmiscthe do chuideachtaí AE.


Cuirtear in iúl sa tuarascáil chomh maith go bhfuil cuideachtaí Eorpacha i mbaol tairiscintí eachtracha de dheasca phaindéim an choróinvíris. Chuir feisirí i bhfáth go gcaithfear cuideachtaí agus sócmhainní criticiúla AE a choimirciú ó tháthcheangail naimhdeacha arna ndéanamh ag imreoirí ceannasacha móra.


Lena chois sin, d’iarr feisirí ar an gCoimisiún uirlisí a fhorbairt chun go ndéanfar faireachán níos fearr ar infheistíocht dhíreach choigríche. Ghlac an tAontas creatlach dlíthiúil in 2019 chun mionscagadh a dhéanamh ar infheistíocht dhíreach eachtrach. Beidh feidhm ag na rialacha nua ó Dheireadh Fómhair 2020.