Buiséad 2021-2027: gá le soiléireacht maidir le foinsí nua ioncaim

I ndíospóireacht iomlánach an 8 Iúil, chuir feisirí in iúl go mbeidh gá le maoiniú leordhóthanach d’fhonn go mbeidh an tAontas in ann teacht as géarchéim an choróinvíris agus é níos láidre.

Charles Michel
Uachtarán na Comhairle Eorpaí Charles Michel sa Pharlaimint an 8 Iúil 2020

I mí Bealtaine, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra ina raibh buiséad athbhreithnithe €1.1 trilliún don tréimhse 2021-2027 chomh maith le plean téarnaimh €750 billiún chun cabhrú leis na réigiúin agus na hearnálacha is mó atá buailte ag ráig an choróinvíris, agus chun dlús a chur le tionscnaimh a thacaíonn leis an téarnamh eacnamaíoch agus leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach.


‘Neart oibre fós le déanamh’


Déanfaidh comhaltaí na Comhairle Eorpaí an buiséad fadtéarmach agus an plean téarnaimh mar fhreagairt ar phaindéim Covid-19 a phlé ag cruinniú mullaigh sa Bhruiséil an 17-18 Iúil. Ag labhairt le linn na díospóireachta sa Pharlaimint an 8 Iúil, thug Uachtarán na Comhairle Charles Michel le fios go bhfuil comhchainteanna déthaobhacha ar siúl aige le ceannairí na mballstát d’fhonn go mbeifear in ann teacht ar chomhaontú ag an gcruinniú mullaigh. Dúirt sé chomh maith go bhfoilseofar moladh comhréitigh roimh dheireadh na seachtaine ach go bhfuil easaontas suntasach fós ann ar leibhéal na mballstát: “Feictear domsa, tar éis an bhabhta seo de chomhairliúcháin, nach bhfuil deireadh go fóill leis an idirbheartaíocht agus go bhfuil neart oibre fós le déanamh againn.”


Labhair an Leas-Uachtarán Maroš Šefčovič ar son an Choimisiúin agus leag sé béim ar an ngá le comhar idir institiúidí AE – an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún. Chuir sé in iúl go raibh sé ag súil go réiteofar an bealach do chomhréiteach ag cruinniú a bheidh ag Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli, Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen agus an Uachtarán Michel le Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel an 8 Iúil. (Ghlac an Ghearmáin le huachtaránacht Chomhairle AE ag tús na míosa.)


Chuir go leor feisirí i bhfáth nach n-éireoidh le comhaontú ar an mbuiséad tacaíocht na Parlaiminte a fháil muna bhfuil maoiniú leordhóthanach ann. Ag labhairt dó ar son Pháirtí an Phobail Eorpaigh, dúirt Siegfried Mureșan: “Ní féidir linn bheith ar aon intinn libh [an Chomhairle Eorpach] mar tá sibh chun buiséad níos lú a mholadh d’Aontas Eorpach a chaithfidh níos mó a bhaint amach.”


Labhair Iratxe García Pérez, cathaoirleach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe amach in aghaidh moltaí gur cheart do thíortha AE coinníollacha maicreacnamaíocha a chomhlíonadh má tá teacht le bheith acu ar chistí téarnaimh: “Tá a fhios againn go maith céard is brí le beartas déine, agus an drochthionchar a bhíonn aige ar an lucht oibre, na ciorruithe ar chaiteachas sóisialta. Níor cheart dúinn ligean do na beartais seo teacht ar ais.”


Foinsí nua ioncaim


Tá sé tugtha le fios ag feisirí Eorpacha nach dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú don bhuiséad fadtéarmach gan comhaontú a bheith ann i dtaobh chóras acmhainní dílse AE. Le linn na díospóireachta, d’iarr roinnt feisirí ar cheannairí na mballstát teacht ar chomhaontú maidir le foinsí ioncaim nua do bhuiséad AE: “Ní bheimid sásta le cáin ar phlaistigh amháin” – b’shin a bhí le rá ag Valérie Hayer de chuid an ghrúpa Renew Europe. Dúirt sí chomh maith nár cheart don phlean téarnaimh ualach breise a chur ar na glúnta atá le teacht: “Cuirimis an t-ualach ar GAFA [comhlachtaí móra thionscal na teicneolaíochta amhail Google, Apple, Facebook agus Amazon], ar chuideachtaí ilnáisiúnta a bhíonn pleanáil ionsaitheach cánach ar bun acu agus ar na truaillitheoirí móra.”


D’iarr feisirí ar cheannairí an Aontais gan dearmad a dhéanamh ar mhéid na ndúshlán atá roimh an Eoraip. Dúirt comhchathaoirleach na nGlasach Philippe Lamberts: “Cuireann méid an phacáiste scanradh ar dhaoine, ach i ndáiríre, níl ann ach thart ar 1.5% den olltáirgeacht intíre ar feadh trí bliana nuair a bhfuil cúlú eacnamaíochta suas le 9-10% den olltáirgeacht intíre romhainn.”


Neamhchinnteacht a laghdú


D’áitigh cathaoirleach an choiste um bhuiséid Johan Van Overtveldt gur cheart do na hinstitiúidí Eorpacha a ndícheall a dhéanamh chun an neamhchinnteacht atá ina scamall ar chuideachtaí agus ar mhuintir na hEorpa a laghdú: “Moltar do na hinstitiúidí ar fad gach iarracht a dhéanamh chun a chinntiú nach mbeidh bac institiúideach ann.”


Chuir Margarida Marques de chuid na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe in iúl gur cheart don Chomhairle Eorpach “tabhairt faoin obair” agus leag sí béim ar thábhacht an bhuiséid fhadtéarmaigh: “Beidh ról ríthábhachtach ag an gciste téarnaimh d’fhonn go mbeidh an Eoraip in ann teacht as an ngéarchéim, agus beidh an creat airgeadais ilbhliantúil ríthábhachtach do thodhchaí an chéad ghlúin eile.”