Ciste um Aistriú Cóir: an t-aistriú a éascú do réigiúin na hEorpa

Dúshlán a bheidh san aistriú glas do réigiúin a bhraitheann ar thionsclaíocht agus ar charbón – éascófar an próiseas leis an gCiste um Aistriú Cóir.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Tá sé mar aidhm ag an Aontas Eorpach aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, cuspóir atá lárnach sa Chomhaontú Glas don Eoraip chun tabhairt faoin athrú aeráide. Mar chuid den sprioc uaillmhianach seo, beidh gá le haistriú chuig geilleagar ísealcharbóin – rud a bheidh dúshlánach go háirithe do réigiúin a bhíonn ag brath ar bhreoslaí iontaise agus ar thionscail ar mór a lorg carbóin.


Tuilleadh léitheoireachta: Bearta AE chun tionchar athrú na haeráide a mhaolú


Chun tabhairt faoi iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil an aistrithe, mhol an Coimisiún Eorpach an Ciste um Aistriú Cóir, mar chuid den phlean infheistíochta €1 trilliún chun an Comhaontú Glas don Eoraip a mhaoiniú.


I vóta iomlánach an 18 Bealtaine 2021, ghlac feisirí Ciste um Aistriú Cóir dar luach €17.5 billiún chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar gcúl san aistriú glas. San áireamh sa phacáiste, tá €7.5 billiún ó bhuiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021-2027 agus €10 mbilliún breise ó ionstraim téarnaimh an Aontais. Le bheith incháilithe don mhaoiniú, ní mór do thionscadail díriú ar éagsúlú eacnamaíoch, athrú eacnamaíoch nó cruthú post, nó ní mór dóibh rannchuidiú le haistriú chuig geilleagar a bheidh inbhuanaithe, aeráidneodrach agus ciorclach.


Déanfaidh an Ciste um Aistriú Cóir maoiniú ar chúnamh do lorg poist, athoiliúint agus uasoiliúint scileanna, chomh maith le cuimsiú gníomhach oibrithe agus cuardaitheoirí poist. Tacóidh sé le micrifhiontair, gorlanna gnó, ollscoileanna agus institiúidí taighde poiblí freisin, chomh maith le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí fuinnimh nua, in éifeachtúlacht fuinnimh agus i soghluaisteacht inbhuanaithe áitiúil.


Cé atá incháilithe do mhaoiniú?


Tá gach ballstát incháilithe do mhaoiniú an Chiste, ach díreofar na hacmhainní ar na réigiúin is mó a bheidh thíos leis an aistriú glas, mar shampla réigiúin ar mór a lorg carbóin agus a bhíonn ag brath ar bhreoslaí iontaise (gual, lignít, móin agus scealla ola). Cuirfear saibhreas na tíre san áireamh chomh maith.

Miners in a coal mine. ©Peruphotoart/AdobeStock
Tabharfaidh an Ciste um Aistriú Cóir aghaidh ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe go haeráidneodracht ©Bilanol/AdobeStock

Príomhghnéithe an Chiste


Tá cion na n-infheistíochtaí a chuirfear ar fáil trí mhaoiniú AE socraithe ag uasmhéid de 85% do réigiúin bheagfhorbartha, 70% do réigiúin trasdula agus 50% do réigiúin atá níos forbartha. Féadfaidh gnólachtaí a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu tacaíocht a fháil i gcomhréir le rialacha sealadacha státchabhrach an Aontais a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar chúinsí eisceachtúla.


Ina bpleananna maidir le haistriú cóir, caithfidh tíortha an Aontais a gcríocha a mbeidh an tionchar is mó ag an aistriú fuinnimh orthu a shainaithint, agus na hacmhainní a fhaigheann siad ón gCiste a dhíriú ar na ceantair sin. Ba chóir aird ar leith a thabhairt ar shainiúlachtaí oileán, ceantair oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí.


Beidh rochtain ar an gCiste um Aistriú Cóir do na ballstáit coinníollach ar ghealltanais a ghlacadh ar leibhéal náisiúnta chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi lár an chéid. Go dtí go nglacfaidh siad leis an sprioc sin, ní bheidh tíortha AE i dteideal ach leath dá leithdháileadh náisiúnta. Féadfar acmhainní a aistriú ó chistí comhtháthaithe eile ar bhonn deonach.


Ar thionscnamh na Parlaiminte, cuirfear Sásra Luaíochta Ghlais leis an gCiste má mhéadaítear acmhainní an Chiste tar éis 31 Nollaig 2024. Dáilfear na hacmhainní breise sin ar na ballstáit, agus gheobhaidh na ballstáit sin a n-éireoidh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa tionsclaíocha a laghdú níos mó maoinithe.


Ní chuirfidh an Ciste um Aistriú Cóir tacaíocht ar fáil do loscadh dramhaíola. Ní chuirfear tacaíocht ar fáil ach oiread chun stáisiúin cumhachta núicléiche a dhíchoimisiúnú nó a thógáil, ná do ghníomhaíochtaí a bhaineann le táirgí tobac agus infheistíochtaí a bhaineann le breoslaí iontaise ach oiread.

Tosaíochtaí infheistíochta an Chiste um Aistriú Cóir

  • Gnólachtaí beaga agus meánmhéide, micrifhiontair, gorlanna gnó, ollscoileanna agus institiúidí taighde poiblí
  • Nuálaíocht dhigiteach agus gníomhaíochtaí i réimsí an oideachais agus an chuimsithe shóisialta
  • Fuinneamh glan inacmhainne, laghdú astaíochtaí, éifeachtúlacht fuinnimh, fuinnimh inathnuaite
  • Athghiniúint agus i dí-éilliú láithreán, athchóiriú agus ath-phróifíliú talún
  • An geilleagar ciorclach, lena n-áirítear dramhaíl a chosc agus a laghdú, éifeachtúlacht acmhainní, deisiú, athúsáid agus athchúrsáil
  • Uas-sciliú agus athsciliú oibrithe
  • Cúnamh do chuardaitheoirí poist
  • Bonneagar ar mó a lorg carbóin a athchóiriú

Ardán um Aistriú Cóir


Sheol an Coimisiún an tArdán um Aistriú Cóir i Meitheamh 2020, d'fhonn tacaíocht a thabhairt do pháirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha ó réigiúin a bhíonn ag brath ar ghual agus ar charbón. Mar chuid de, beidh bunachar sonraí de thionscnaimh agus saineolaithe inar féidir eolas agus comhairle teicniúla a roinnt.


Cúlra


I Márta 2018, d’éiligh feisirí go mbunófaí ciste cuimsitheach chun tacú le haistriú cóir in earnáil an fhuinnimh. I mí Eanáir 2020, mhol an Coimisiún an Ciste um Aistriú Cóir chun tacú leis na réigiúin is mó a bheidh thíos leis an aistriú.


I mí Iúil 2020, tháinig ceannairí Eorpacha ar chomhaontú maidir le laghdú maoinithe don phlean téarnaimh agus do bhuiséad 2021-2027, rud a cháin feisirí go géar. Ag an seisiún iomlánach an 23 Iúil 2020, d’iarr feisirí ar an gComhairle údar a thabhairt leis na laghduithe ollmhóra a rinneadh ar bhuiséid an Chiste um Aistriú Cóir agus an Chiste InvestEU ó thaobh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip – tosaíocht fhadtéarmach de chuid an Aontais nár chóir a chur i mbaol.


An chéad chéim eile


Is é an Ciste um Aistriú Cóir an chéad cholún den Sásra um Aistriú Cóir, agus is uirlis ríthábhachtach é chun tacú le réigiúin, tionscail agus oibrithe a mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is mó a bhainfidh le cur chun feidhme an Chomhaontuithe Ghlais don Eoraip. Tháinig institiúidí an Aontais ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir leis an gCiste an 9 Nollaig 2020.


Ó bheidh an comhaontú glactha go foirmiúil ag an gComhairle, tiocfaidh sé i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.