Ábhar dochrach nó mídhleathach ar líne: cur chuige na bhfeisirí

Tá feisirí ag iarraidh cothromaíocht a aimsiú idir dul i ngleic le hábhar ar líne atá dochrach nó mídhleathach agus saoirse tuairimíochta a chosaint.

Digital illustration of an internet cloud ©AdobeStock_vegefox.com
©AdobeStock_vegefox.com

Leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha, tá an tAontas ag iarraidh an geilleagar digiteach a mhúnlú ag leibhéal Eorpach agus go mbeidh an Eoraip ar thús cadhnaíochta maidir le caighdeáin sa réimse dhigiteach. Tá cosaint na n-úsáideoirí ar ábhar dochrach nó mídhleathach i measc thosaíochtaí na bhfeisirí. Tá tuilleadh eolais san alt thíos maidir le moltaí na bhfeisirí i dtrí thuarascáil a glacadh an 20 Deireadh Fómhair.


Idirdhealú soiléir idir ábhar mídhleathach agus ábhar dochrach


Tá feisirí ag iarraidh go ndéanfaí dealú soiléir idir ábhar mídhleathach agus ábhar dochrach. Tá cineálacha ábhair áirithe (amhail séanadh an Uileloiscthe) mídhleathach i mballstáit áirithe gan bheith mídhleathach sna ballstáit eile. Ní i gcónaí go mbíonn ábhar atá dochrach – mar shampla fuathchaint nó bréagaisnéis – mídhleathach. Tá gá le sainmhíniú dian, toisc go bhfuil cur chuige éagsúil ag teastáil don dá chineál ábhair: ba chóir ábhar mídhleathach a bhaint, ach d’fhéadfaí tabhairt faoi ábhar dochrach ar bhealaí éagsúla.


Cothromaíocht idir saoirsí a chosaint agus ábhar mídhleathach a bhaint


Deir feisirí nach leor gníomhú deonach ó na hardáin. Tá siad ag iarraidh rialacha soiléire uile-Aontais maidir le modhnóireacht ábhair, tríd an sásra fógra agus gnímh. Ba chóir go gcinnteodh na rialacha seo:

  • go mbeadh an sásra éifeachtach: ba chóir go mbeadh úsáideoirí in ann idirghabhálaithe idirlín a chur ar an eolas go furasta maidir le hábhar mídhleathach ar líne ionas gur féidir é a bhaint go tapa
  • nach rachadh an sásra thar fóir: má bhaintear ábhar, ba chóir go mbeadh na húsáideoirí ábhartha ar an eolas agus in ann achomharc a dhéanamh ar an chinneadh chuig comhlacht náisiúnta um réiteach díospóidí
  • go gcloífeadh an sásra le cearta agus saoirsí na n-úsáideoirí, amhail an saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, ionas gur féidir le hidirghabhálaithe ar líne ábhar mídhleathach a bhaint ar bhealach dúthrachtach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus ionas nach mbaintear ábhar nach bhfuil mídhleathach.


Tá feisirí ag iarraidh go mbeidh an cinneadh deiridh maidir le dleathacht ábhair ó úsáideoirí faoi chúram breithiúna neamhspleácha seachas comhlachtaí tráchtála príobháideacha. 


Ar a bharr sin, ba chóir go bhfiosródh forfheidhmiú an dlí agus breithiúna ábhar mídhleathach a bhaineann le coiriúlacht. Ba chóir don Choimisiún smaoineamh ar dhualgas a chur ar ardáin coir thromchúiseach a thuairisciú chuig an údarás cuí.

Cur chuige i leith ábhar dochrach


Chun tabhairt faoi fhadhbanna amhail fuathchaint nó bréagaisnéis, tá feisirí ag iarraidh go gcuirfeadh dualgais thrédhearcachta níos déine ar ardáin, agus inniúlacht na n-úsáideoirí sna meáin a ardú chomh maith.


Dar le feisirí, scaiptear bréagaisnéis níos gasta toisc go bhfuil an múnla gnó atá ag roinnt ardáin bunaithe ar ábhar gáifeach mealltach a thaispeáint d’úsáideoirí chun a mbrabúis a mhéadú. Chun dul i ngleic le hiarmhairtí diúltacha an chleachtais seo, tá feisirí ag iarraidh go mbeadh trédhearcacht mhéadaithe sa dóigh a saothraíonn na hardáin airgead.


Tuilleadh rogha d’úsáideoirí maidir le hábhar ar líne


Tá feisirí ag iarraidh tuilleadh smachta a thabhairt d’úsáideoirí ar an ábhar a bhfeiceann siad, agus go mbeadh an rogha acu gan bheith páirteach i gcoimeádaíocht dhigiteach ar chor ar bith.


Tá siad ag éileamh go rialófaí fógraíocht dhírithe ar bhonn níos déine:lena n-áirítear cosc a chur ar úsáid a bhaint as sonraí daoine atá faoi aois chun fógraíocht a dhíriú orthu.


D'fhoilsigh an Coimisiún togra maidir leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha agus an tAcht um Margaí Digiteacha an 15 Nollaig 2020. Ghlac an Pharlaimint lena seasamh maidir leis an dá Acht, agus tá Féisirí ar tí dul i mbun idirbheartaíochta leis na ballstáit faoi láthair.

Tuilleadh léitheoireachta: Cad iad an Ionstraim um Margaí Digiteacha agus an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha?