Creidmheasanna tomhaltóirí: na leasuithe is gá a dhéanamh ar rialacha AE

Tá rialacha nua glactha ag feisirí i dtaca le tomhaltóirí a chosaint ar fhiachas cárta creidmheasa agus rótharraingtí bainc.

Pictiúr gar-amhairc de bhean le cártaí creidmheasa ina lámha aici agus í ag roghnú cén ceann ar chóir di a úsáid.
Pictiúr gar-amhairc de bhean le cártaí creidmheasa ina lámha aici agus í ag roghnú cén ceann ar chóir di a úsáid.

D'fhormheas Parlaimint na hEorpa rialacha nua maidir le creidmheas tomhaltóirí i mí Mheán Fómhair 2023 tar éis di teacht ar chomhaontú leis an gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2022.


Is iasachtaí iad creidmheasanna tomhaltóirí a thugtar amach chun earraí nó sheirbhísí tomhaltóra a cheannach. Is minic a úsáidtear an t-airgead ar son cairr, chun íoc as turas thar lear nó chun earraí nó fearais tí a cheannach.

Rialacha reatha an Aontais


Is é is aidhm don Treoir um Chreidmheas do Thomhaltóirí cosaint a thabhairt do dhaoine Eorpacha agus an margadh iasachta do thomhaltóirí a chothú. Faoi rialacha na treorach, cuirtear creidhmheasanna ó €200 go €75,000 san áireamh. Ina theannta sin, cuirtear ceangal ar chreidiúnaithe eolas a chur ar fáil a ligfeadh d'iasachtóirí comparáid a dhéanamh idir thairiscintí éagsúla chun gur féidir leo roghanna feasacha a dhéanamh. Tugtar coicís do thomhaltóirí éirí as comhaontú creidmheasa agus ligtear dóibh aisíocaíocht luath a dhéanamh ar an iasacht, rud a laghdódh an costas dóibh.


Leagadh síos na rialacha in 2008 agus níorbh mhór iad a chur in oiriúint do chúrsaí sa lá atá inniu ann.


Na cúiseanna a bhfuil athruithe de dhíth


Tá iasachtaí á lorg ag níos mó daoine mar gheall ar an gcaoi a bhfuil cúrsaí eacnamaíochta faoi láthair. Is de bharr digitiú a fheictear níos mó táirgí agus grúpaí, ar nós neamhbhainc, sna márgaí, cosúil le haipeanna iasachta a bhaineann le slua-mhaoiniú.

Is éard is brí leis seo ná go bhfuil sé níos fusa anois iasachtaí beaga a dhéanamh ar líne agus go ndéantar níos forleithne iad. An baol ná gur mó an tseans go mbeidh na hiasachtaí seo níos costasaí, nó nach mbeidh siad feiliúnach don chuspóir. Chomh maith leis sin, ní mór dul i ngleic le bealaí nua chun eolas a fhoilsiú go digiteach agus measúnú a dhéanamh ar chreidiúnacht an chustaiméara ag baint leas as córais intleachta saorga (AI) agus sonraí neamhthraidisiúnta.


Ní thugann na rialacha reatha dóthain cosanta do thomhaltóirí a bhfuil baol rófhiachais acu. Ina theannta sin, ní chuirtear i bhfeidhm ag an gcaighdeán céanna iad sna tíortha ar fad in AE.

Rialacha nua maidir le creidmheas tomhaltóirí


Faoi na rialacha nua, ní mór deimhin a dhéanamh de go gcuirtear eolas ginearálta ar fáil do thomhaltóirí i mbealach trédhearcach agus sothuigthe. Tá sé de cheart ag tomhaltóirí rochtain éasca a bheith acu ar eolas bunriachtanach, is cumá an bhfuil guthán nó ghléas ar bith eile in úsáid acu.


D'áitigh baill an choiste nár chóir creidmheas a fhógairt i mbealach a gcuirfeadh brú ar thomhaltóirí atá i mbaol rófhiachais. Dár leo, ní mór teachtaireachtaí soiléir a bheith sna fógraí a mhíníonn go bhfuil gcostaisí bainteach le hairgead a fháil ar iasacht.


Tá feisirí den tuairim gur chóir ceangal a chur ar dhaoine a gcostais mhaireachtála a chur in iúl roimh ré ionas gur féidir measúnú ceart a dhéanamh ar a riachtanais chreidmheasa. Níleadar den tuairim go bhfuil tábhacht ag baint lena sonraí maidir le sláinte nó le húsáid na meáin shóisialta, áfach.

Ceanglais faoi na rialacha nua:

  • Measúnú ceart ar chreidiúnacht an tomhaltóra
  • Srian ar tháillí
  • Deis aistarraingthe laistigh de choicís
  • Ceart chun aisíocaíocht luath
  • Rabhadh soiléir i bhfógraí a léirónn go bhfuil gcostaisí bainteach le hairgead a fháil ar iasacht

Cuireann na rialacha nua comhaontuithe creidmheasa suas le €100,000 san áireamh. Déanann gach tír a uasteorainn fhéin a roghnú i gcomhréir le coinníollacha áitiúla. Tá áiseanna rótharraingthe á n-éileamh ag feisirí, chomh maith le rialú ar róchaiteachas creidmheasa, rud atá tar éis teacht ar an bhfód le déanaí. Tádar den tuairim gur chóir ligean do thíortha AE a rogha féin a dhéanamh maidir leis na cineálacha iasachtaí a bheidh faoi thionchar na rialacha nua seo. Beidh cur chuige éagsúil ag gach tír maidir le hiasachtaí beaga suas le €200, iasachtaí atá saor ó ús agus iasachtaí nach mór aisíocaíocht a dhéanamh orthu laistigh de trí mhí, le táillí beaga san áireamh.


Beidh ar an gComhairle a ceadú a thabhairt leis na rialacha nua seo roimh dóibh teacht i bhfeidhm.