Deireadh le truailliú na timpeallachta le málaí plaisteacha

Tá tionchar marfach ag málaí plaisteacha ar an gcomhshaol go háirithe ar éiceachórais uisceacha. De réir pleananna a faomhadh sa Pharlaimint i mí Aibreáin táthar ag iarraidh úsáid málaí éadroma plaisteacha a laghdú 50% roimh 2017 agus go mbeidh laghdú 80% ar an úsáid astu roimh dheireadh 2019 (i gcomparáid le figiúirí 2010.) Ba é téama comórtais ghrianghrafadóireachta na míosa seo caite ná málaí plaisteacha. Tá an grianghraf buaiteach le feiceáil leis an alt seo.

Guest photographer_Gábor Szellő / Nowadays_
Grianghraf a thóg Gábor Szellő, buaiteoir ár gcomórtais ghrianghrafadóireachta i mí Aibreáin

Cé chomh holc agus atá an fhadhb?


De réir figiúirí ón tSeirbhís um Thaighde i bParlaimint na hEorpa, d'úsáid gach saoránach de chuid an Aontais Eorpaigh 200 mála plaisteach aon uaire i 2010.


Reachtaíocht nua


Leis an reachtaíocht a faomhadh sa Pharlaimint le linn sheisiún an Aibreáin i Strasbourg bheadh ar bhallstáit táille a chur ar úsáid málaí siopadóireachta san earnáil bia agus mholfaí go mbeadh táille ar mhálaí in earnálacha eile chomh maith. D'fhéadfaí táillí a laghdú do mhálaí in-bhithmhillte. D'áiritheofaí go ndéanfaí málaí éadroma a hionadú le málaí in-bhithmhillte san earnáil bia roimh 2019.


Is feisire Glasach í Margrete Auken ón Danmhairg agus tá sí i gceannas ar stiúradh na reachtaíochta tríd an bParlaimint. Tar éis an vóta dúirt sí: "Inniu tá feisirí tar éis vóta a chaitheamh ar son neartaithe shuntasaigh ar dhréacht-rialacha an AE chun úsáid agus dramhaíl málaí plaisteacha a laghdú, go mórmhór chun spriocanna laghdaithe éigeantacha san Eoraip a chur san áireamh agus ceangaltas go mbainfidh costas le málaí plaisteacha. Mar a léiríodh sna tíortha ceannródaíocha is féidir laghdú suntasach ar úsáid na málaí aon uaire seo a bhaint amach go héasca le beartas atá soiléir."


Maidir leis an ngrianghraf


Tá grianghraf de chuid Gábor Szellő le feiceáil leis an alt seo. Oibríonn an tUasal Szellő mar shaorghrianghrafadóir san Ungáir. Chun tuilleadh grianghraif dá chuid a fheiceáil cliceáil ar an nasc ar dheis.


Is é téama mhí na Bealtaine ná "Ar an mbealach chuig an stáisiún vótála". Chun cur isteach ar an gcomórtas, ní mór do ghrianghraf a sheoladh chugainn roimh an 25 Bealtaine. Is féidir le gach duine idir ghrianghraf amháin agus cúig cinn de ghrianghraif a chur isteach. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.