Cuairt Alexis Tsipras ar Pharlaimint na hEorpa
Thug príomh-aire úrthofa na Gréige Alexis Tsipras cuairt ar Pharlaimint na hEorpa an 4 Feabhra. Ag labhairt dó tar éis fáilte a chur roimh an bpríomh-aire nua, dúirt uachtarán na Parlaiminte Martin Schulz go raibh gá le creatlach oibre chun "comhphlé cuiditheach agus réitigh" a bhaint amach. Léirigh an t-uachtarán Schulz a chuid tacaíochta don phríomh-aire Gréagach agus dúirt sé go mbeadh a dhoras i gcónaí oscailte dó.
Chuir an tUasal Tsipras in iúl go raibh sé dóchasach go mbeifí in ann teacht ar réiteach inbhuanaithe.
Tuilleadh eolais
- (oscail i gclib nua) Físeán den phreasócáid
- (oscail i gclib nua) Grianghraif
- (oscail i gclib nua) Alt Mhartin Schulz ar LinkedIn